EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0302

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE ((Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) )

OJ L 60I, 2.3.2018, p. 1–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/302/oj

2.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/302 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2018

maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun acmhainneacht iomlán an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, mar limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, inter alia, ní leor, idir na Ballstáit, deireadh a chur le bacainní Stáit amháin. Mura ndéanfaí ach deireadh a chur leis na bacainní sin, d'fhéadfadh páirtithe príobháideacha an bonn a bhaint den ghníomhaíocht sin trí bhacainní eile a chur ann nach mbeadh ag teacht le saoirsí an mhargaidh inmheánaigh. Tarlaíonn sé sin i gcásanna ina ndéanann trádálaithe atá ag oibriú i mBallstát amháin rochtain ag custaiméirí ó Bhallstáit eile ar mian leo páirt a ghlacadh in idirbhearta trasteorann ar chomhéadain ar líne, amhail suíomhanna gréasáin agus aipeanna, a bhlocáil nó a theorannú (cleachtas a dtugtar “geobhlocáil” air). Tarlaíonn sé freisin nuair a dhéanann trádálaithe áirithe coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana ar a gcuid earraí agus seirbhísí a chur i bhfeidhm do na custaiméirí sin ó Bhallstáit eile, idir rochtain ar líne agus as líne. Cé go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, go mbeadh údar oibiachtúil leis an gcóir éagsúil sin, i gcásanna eile, le cleachtais trádálaithe áirithe diúltaítear rochtain a thabhairt, nó teorannaítear rochtain, ar earraí nó ar sheirbhísí ag custaiméirí ar mian leo páirt a ghlacadh in idirbhearta trasteorann, nó déanann trádálaithe áirithe coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana a chur i bhfeidhm, coinníollacha nach bhfuil údar oibiachtúil leo.

(2)

Is ar bhunchúiseanna éagsúla a dhéanann cuideachtaí, agus go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana a chur i bhfeidhm. Ina lán cásanna, rannchuidíonn timpeallachtaí dlíthiúla dibhéirseacha, an éiginnteacht dhlíthiúil lena mbaineann, na rioscaí a bhaineann leis na dlíthe is infheidhme maidir le cosaint an tomhaltóra, na dlíthe maidir leis an gcomhshaol nó le lipéadú, cánachas agus saincheisteanna fioscacha, costais seachadta nó ceanglais teanga, le drogall trádálaithe caidreamh tráchtála a bhunú le custaiméirí ó Bhallstáit eile. I gcásanna eile, tá deighilt shaorga á déanamh ar an margadh inmheánach ag trádálaithe áirithe ar feadh na dteorainneacha inmheánacha agus bac á chur acu ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus leis sin, srian á chur, dá réir sin, ar na cearta atá ag custaiméirí agus iad á gcosc ón sochar a d'fhéadfaidís a bhaint as rogha níos leithne agus as na coinníollacha is fearr is féidir. Is imthoisc thábhachtach iad cleachtais idirdhealaitheacha den sórt sin a rannchuidíonn le leibhéal réasúnta íseal d'idirbhearta trasteorann laistigh den Aontas, lena n-áirítear in earnáil na tráchtála leictreonaí, rud a fhágann go bhfuil cosc á chur ar acmhainneacht iomlán fáis an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo na cásanna nach bhfuil aon údar le cóir éagsúil den sórt sin iontu a shoiléiriú, agus leis sin ba cheart gurbh fhearrde an tsoiléire agus an deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ag na rannpháirtithe uile in idirbhearta trasteorann agus ba cheart a áirithiú go bhféadfaí rialacha maidir le neamh-idirdhealú a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá gcuirfí deireadh le geobhlocáil nach bhfuil údar léi agus le cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí d'fhéadfaí an fás a chothú agus an rogha do thomhaltóirí a mhéadú ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(3)

Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi trí dheireadh a chur le bacainní áirithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ní mór a chur san áireamh, áfach, gur bacainní suntasacha ar thrádáil trasteorann go fóill iad na hiléagsúlachtaí i reachtaíocht na mBallstát, amhail na héagsúlachtaí óna n-eascraíonn caighdeáin náisiúnta éagsúla nó easpa aitheantais fhrithpháirtigh nó comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Leanann na bacainní sin de bheith ina gcúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, rud a thugann ar thrádálaithe dul i mbun cleachtais gheobhlocála go minic. Dá bhrí sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún leanúint d'aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin d'fhonn ilroinnt an mhargaidh a laghdú agus an margadh inmheánach a chomhlánú.

(4)

De bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá na Ballstáit lena áirithiú nach gcuirfidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas cóir ar lucht faighte seirbhísí ar bhealaí éagsúla ar bhonn a náisiúntachta nó a n-áite cónaithe. Mar sin féin, ní raibh an fhoráil sin iomlán éifeachtach go dtí seo ó thaobh cur i gcoinne an idirdhealaithe agus níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú ar bhealach leordhóthanach. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo soiléiriú breise a thabhairt ar Airteagal 20 de Threoir 2006/123/CE trí chásanna áirithe a shainmhíniú nach féidir a bheith ina n-údar le cóir éagsúil bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe faoin bhforáil sin a bheith iontu. A mhéid a bheidh an Rialachán seo ar neamhréir le forálacha Threoir 2006/123/CE, áfach, ba cheart forlámhas a bheith ag an Rialachán seo. Anuas air sin, is féidir le geobhlocáil nach bhfuil údar léi agus cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe tarlú freisin de bharr gníomhaíochtaí a dhéanann trádálaithe atá bunaithe i dtríú tíortha agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

(5)

Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus a saorghluaiseacht ar fud an Aontais a chothú gan idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe ná áit bhunaithe, teastaíonn na bearta spriocdhírithe a leagtar amach sa Rialachán seo, lena bhforáiltear do thacar soiléir, aonfhoirmeach agus éifeachtach rialacha i ndáil le líon roghnaithe saincheisteanna. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na bearta sin an rogha do chustaiméirí agus an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí a leathnú, agus aird chuí á tabhairt ar shaoirse trádálaithe a mbeartas tráchtála a eagrú i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta.

(6)

Is é is aidhm don Rialachán seo cosc a chur ar idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí, lena n-áirítear geobhlocáil nach bhfuil údar léi, in idirbhearta trasteorann idir trádálaí agus custaiméir i ndáil le díolacháin earraí agus soláthar seirbhísí laistigh den Aontas. Féachtar leis an rialachán le haghaidh a thabhairt ar idirdhealú dhíreach, chomh maith le hidirdhealú indíreach. Ar an mbealach sin féachtar leis le haghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí nach bhfuil údar leo sa chóir ar bhonn critéir shainiúla eile freisin, agus arb é an toradh céanna a eascraíonn astu agus a bheadh ann dá mbeadh critéir á gcur i bhfeidhm a bheadh bunaithe go díreach ar náisiúntacht nó áit chónaithe na gcustaiméirí, gan beann ar an áit ina bhfuil an custaiméir lena mbaineann i láthair, go buan nó ar bhonn sealadach, i mBallstát eile, nó an áit bhunaithe. Is féidir critéir eile den sórt sin a úsáid, go háirithe, ar bhonn faisnéise a léiríonn an suíomh fisiciúil ina bhfuil na custaiméirí, amhail an seoladh IP a úsáidtear chun teacht ar chomhéadan ar líne, an seoladh a chuirtear isteach le go seachadfar earraí chuig an gcustaiméir, an rogha teanga a rinneadh nó an Ballstát inar eisíodh ionstraim íocaíochta an chustaiméara.

(7)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cásanna nach mbaineann ach go hinmheánach amháin le Ballstát, ar cásanna iad ina bhfuil na heilimintí ábhartha uile a bhaineann leis an idirbheart teoranta d'aon Bhallstát amháin, go háirithe náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara nó an trádálaí, áit an fhorghníomhaithe, an modh íocaíochta a úsáidtear san idirbheart nó sa tairiscint, chomh maith le comhéadan ar líne a úsáid.

(8)

Baineadh roinnt bacainní rialála agus riaracháin do thrádálaithe ar fud an Aontais in earnálacha áirithe seirbhísí cheana féin de thoradh cur chun feidhme Threoir 2006/123/CE. Dá thoradh sin, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú, i dtéarmaí raon feidhme ábhartha, idir an Rialachán seo agus Treoir 2006/123/CE. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo inter alia maidir le seirbhísí neamh-chlosamhairc a sholáthraítear go leictreonach arb é is príomhthréith dóibh rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, faoi réir an eisiaimh shonraigh agus na meastóireachta ar an eisiamh sin a dhéanfar níos déanaí agus dá bhforáiltear sa Rialachán seo, áfach. Déantar seirbhísí closamhairc, lena n-áirítear seirbhísí arb é is príomhchuspóir dóibh rochtain ar chraoltaí imeachtaí spóirt a sholáthar agus a chuirtear ar fáil ar bhonn ceadúnais chríche eisiacha, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart freisin, dá bhrí sin, rochtain ar sheirbhísí airgeadais miondíola, lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta, a eisiamh, d'ainneoin fhorálacha an Rialacháin seo maidir le neamh-idirdhealú in íocaíochtaí.

(9)

Is féidir le hidirdhealú tarlú freisin i ndáil le seirbhísí i réimse an iompair, go háirithe i ndáil le díolachán ticéad d'iompar paisinéirí. I ndáil leis sin, áfach, tá toirmisc leathana ar an idirdhealú, lena gcumhdaítear gach cleachtas idirdhealaitheach a bhféachann an Rialachán seo le haghaidh a thabhairt air, ann cheana féin i Rialacháin (CE) Uimh. 1008/2008 (4), (AE) Uimh. 1177/2010 (5) agus (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Thairis sin, tá sé beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú chun na críche sin go luath amach anseo. Dá bhrí sin, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2006/123/CE, ba cheart do sheirbhísí i réimse an iompair leanúint de bheith lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

(10)

I gcás ina dtairgeann trádálaí beart lena gcomhcheanglaítear seirbhísí éagsúla le chéile nó beart earraí atá comhcheangailte le seirbhísí, agus ina dtiocfadh ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí sin, dá dtairgfí ar bhonn aonair iad, faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus nach dtiocfadh seirbhís nó seirbhísí eile faoin raon feidhme sin, ba cheart don trádálaí sin na toirmisc a shocraítear sa Rialachán seo maidir leis an mbeart iomlán a chomhlíonadh, nó ar a laghad seirbhísí a thairiscint ar bhonn aonair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, má thairgeann an trádálaí céanna na seirbhísí sin do chustaiméirí, ar bhonn aonair. I gcás ina dtairgeann trádálaí seirbhís nó earra ar bhonn aonair lasmuigh de bheart, ba cheart an tsaoirse a bheith ag an trádálaí cinneadh a dhéanamh faoin bpraghas a chuirfidh sé nó sí ar sheirbhís nó earra den sórt sin lasmuigh de bheart a mhéid nach gcuirfidh an trádálaí praghsáil éagsúil i bhfeidhm ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe.

(11)

Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do na rialacha is infheidhme i réimse an chánachais, ós rud é go bhforáiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do bhunús sonrach gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais maidir le cúrsaí cánachais.

(12)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an dlí a roghnaítear mar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí idir tomhaltóir agus gairmí a shaothraíonn gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir nó a threoraíonn, trí mhodh ar bith, na gníomhaíochtaí sin chuig an tír sin, nó chuig líon tíortha lena n-áirítear an tír sin, ní fhéadfaidh bheith mar thoradh air go bhfágfaí an tomhaltóir gan an chosaint a thugtar le forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú de bhua dhlí na tíre a bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir inti. De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), in ábhair a bhaineann le conradh idir tomhaltóir agus duine a shaothraíonn a ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i mBallstát shainchónaí an tomhaltóra nó a threoraíonn, trí mhodh ar bith, na gníomhaíochtaí sin chuig an mBallstát sin, nó chuig líon Stát lena n-áirítear an Ballstát sin, féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt i gcoinne an pháirtí eile i gcúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir inti agus ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an tomhaltóra ach sna cúirteanna sin.

(13)

Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, agus go háirithe na forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus maidir le dlínse cúirteanna a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialachán (AE) 1215/2012. Go háirithe, díreach mar go gcomhlíonann trádálaí an Rialachán seo, níor cheart a fhorléiriú leis sin ann féin go dtuigtear go bhfuil gníomhaíochtaí á dtreorú ag trádálaí chuig Ballstát an tomhaltóra de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, agus de réir bhrí phointe (c) d'Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012. Dá bhrí sin, díreach mar nach ndéanann an trádálaí rochtain ar chomhéadan ar líne a bhlocáil ná a theorannú do thomhaltóirí ó Bhallstát eile, nach gcuireann sé coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana i bhfeidhm sna cásanna a leagtar síos sa Rialachán seo nó nach gcuireann sé coinníollacha éagsúla i bhfeidhm maidir le hidirbhearta íocaíochta faoi raon feidhme na modhanna íocaíochta a nglactar leo, níor cheart a mheas gurb ionann sin ann féin agus “gníomhaíochtaí an trádálaí a threorú chuig Ballstát an tomhaltóra”, chun an dlí agus an dlínse is infheidhme a chinneadh. Ná níor cheart a mheas, ar na forais sin amháin, go bhfuil gníomhaíochtaí á dtreorú ag trádálaí ar an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí ar an tomhaltóir, i gcás ina gcuireann an trádálaí faisnéis agus cúnamh ar fáil don tomhaltóir tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, ar nithe iad a d'eascair as an trádálaí do chomhlíonadh an Rialachán seo.

(14)

Maidir le brí agus cur i bhfeidhm an choincheapa “seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach” mar a shainmhínítear é sa Rialachán seo, tá sé tábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt agus comhsheasmhacht a áirithiú le dlí an Aontais a bhaineann le cáin bhreisluacha (CBL), lenar féidir leis an trádálaí CBL a dhearbhú agus a íoc ar bhealach simplithe trí mhion-ionad ilfhreastail CBL (MOSS) i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an scéim speisialta le haghaidh daoine inchánacha neamhbhunaithe a leagtar amach i dTreoir 2006/112/CE (10) ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 (11) ón gComhairle. Mar gheall ar na forbairtí teicneolaíochta agus tráchtála atá tarlaithe go tapa, ba cheart coincheap na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach a shainmhíniú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, trí thagairt a dhéanamh do phríomh-shaintréithe na seirbhísí sin, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011. Dá réir sin, agus an sainmhíniú sin á léirmhíniú agus á chur i bhfeidhm, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na sonraíochtaí breise atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/112/CE agus in Airteagal 7(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a mhéid a thagann na seirbhísí a liostaítear sna forálacha sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)

Na cleachtais idirdhealaitheacha a bhféachtar le haghaidh a thabhairt orthu sa Rialachán seo, tarlaíonn siad de ghnáth trí mheán téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus trí fhaisnéis eile a shocraíonn an trádálaí lena mbaineann, nó a shocraítear thar ceann an trádálaí lena mbaineann mar réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar na hearraí nó na seirbhísí i dtrácht, a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne. Áirítear leis na coinníollacha ginearálta rochtana sin, inter alia, praghsanna, coinníollacha íocaíochta agus coinníollacha seachadta. D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh an trádálaí ar fáil don phobal i gcoitinne iad nó go ndéanfaí iad a chur ar fáil don phobal i gcoitinne an trádálaí, trí mhodhanna éagsúla, amhail faisnéis a fhoilsiú i bhfógráin, ar shuíomhanna gréasáin nó i ndoiciméid chonarthacha nó réamhchonarthacha. Bíonn feidhm ag na coinníollacha ginearálta rochtana sin i gcás nach mbíonn aon chomhaontú dá mhalairt ann arna chaibidliú ar leithligh go díreach idir an trádálaí agus an custaiméir. Téarmaí agus coinníollacha a chaibidlítear ar leithligh idir an trádálaí agus na custaiméirí, níor cheart a mheas gur coinníollacha ginearálta rochtana iad chun críocha an Rialacháin seo.

(16)

Agus earraí nó seirbhísí á gceannach acu mar úsáideoirí deiridh faoi choinníollacha ginearálta rochtana, is minic go mbíonn cás tomhaltóirí agus cás gnólachtaí cosúil lena chéile, go háirithe micrifhiontair agus FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí agus gnólachtaí araon a chosaint ar idirdhealú ar chúiseanna a bhaineann lena náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a n-áit bhunaithe agus iad ag gníomhú mar chustaiméirí chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, don chosaint sin baint le custaiméirí a cheannaíonn earra nó seirbhís lena n-athdhíol, lena gclaochlú, lena bpróiseáil, lena ligean ar cíos nó lena ligean ar fochonradh ina dhiaidh sin, toisc go mbeadh tionchar aige sin ar scéimeanna dáiliúcháin a úsáidtear go forleathan idir gnóthais i gcomhthéacs teagmháil dhíreach idir gnó amháin agus gnó eile, agus ar minic a dhéantar iad a chaibidliú go déthaobhach agus ar minic baint dhíreach acu le straitéisí tráchtála ar leibhéal réamhtheachtach agus iartheachtach. Ar na samplaí de na scéimeanna sin áirítear dáileadh roghnaitheach agus eisiach, lena gceadaítear go hiondúil do mhonaróirí a gcuid miondíoltóirí a roghnú ach faoi réir a bheith i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le hiomaíocht. Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo, dá bhrí sin, do chleachtais neamh-idirdhealaitheacha trádálaithe lena dteorannaítear idirbhearta nó idirbhearta atriallacha, chun cosc a chur ar ghnóthais cainníochtaí a cheannach a sháraíonn a gcuid riachtanas inmheánach, agus ar choinníoll go ndéantar aird chuí a thabhairt ar mhéid na ngnóthas, d'fhonn a shainaithint an don úsáid deiridh amháin an ceannachán.

(17)

Is ionann na héifeachtaí a bhíonn ag cóir idirdhealaitheach i ndáil le hidirbhearta a bhaineann le díolachán earraí nó soláthar seirbhísí laistigh den Aontas ar chustaiméirí agus ar an margadh inmheánach, is cuma cé acu an bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá trádálaí. Dá bhrí sin, agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh trádálaithe atá san iomaíocht le chéile faoi réir na gceanglas céanna i ndáil leis an méid sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go comhionann maidir leis na trádálaithe uile, lena n-áirítear sna margaí ar líne, atá ag feidhmiú laistigh den Aontas.

(18)

Chun cur leis an gcumas a bhíonn ag custaiméirí rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le díolachán earraí agus soláthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach agus chun trédhearcacht a mhéadú, lena n-áirítear i ndáil le praghsanna, níor cheart do thrádálaithe cosc a chur, trí bhearta teicneolaíochta nó eile, ar chustaiméirí, bunaithe ar a náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a n-áit bhunaithe, ó rochtain iomlán agus chomhionann a bheith acu ar chomhéadain ar líne, lena n-áirítear i bhfoirm feidhmchláir mhóibíleacha. Is é a d'fhéadfadh bheith i gceist le bearta teicneolaíochta chun an rochtain sin a chosc ná aon teicneolaíochtaí a úsáidtear chun suíomh fisiciúil an chustaiméara a chinneadh, lena n-áirítear an suíomh sin a rianú trí bhíthin an tseolta IP, nó comhordanáidí a fhaightear trí chóras domhanda loingseoireachta satailíte. Níor cheart, áfach, a thuiscint de bharr an toirmisc ar idirdhealú i dtaobh rochtain ar chomhéadain ar líne, go gcuirtear oibleagáid ar an trádálaí páirt a ghlacadh in idirbhearta le custaiméirí.

(19)

Chun cóir chomhionann a áirithiú do chustaiméirí agus chun idirdhealú a sheachaint, de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, níor cheart do thrádálaithe a gcomhéadan ar líne a dhearadh nó modhanna teicneolaíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach a chiallódh, i gcleachtas, nach féidir le custaiméirí ó Bhallstáit eile a gcuid orduithe a thabhairt i gcrích go héasca.

(20)

Déanann trádálaithe áirithe leaganacha éagsúla dá gcomhéadain ar líne a oibriú, lena spriocdhírítear ar chustaiméirí ó Bhallstáit éagsúla. Cé gur cheart go bhféadfaí leanúint leis sin, ba cheart toirmeasc a chur ar chustaiméirí a atreorú ó leagan amháin den chomhéadan go leagan eile de gan a dtoiliú sainráite. Níor cheart oibleagáid a bheith ar thrádálaithe toiliú sainráite a fháil ó na custaiméirí gach uair a thugann an custaiméir sin cuairt ar an gcomhéadan ar líne céanna. A luaithe a bheidh toiliú sainráite an chustaiméara tugtha, lena n-áirítear trí rogha a chur in iúl a bhfuil feidhm aige ar chuntas pearsanta, ba cheart an toiliú sainráite sin a mheas mar thoiliú bailí le haghaidh chuairteanna uile an chustaiméara chéanna sin ina dhiaidh sin ar an gcomhéadan ar líne céanna. Ba cheart don chustaiméir a bheith in ann toiliú den chineál sin a tharraingt siar tráth ar bith. Ba cheart gach leagan den chomhéadan ar líne a bheith inrochtana go héasca ag an gcustaiméir i gcónaí.

(21)

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé gur ghá rochtain a bhlocáil nó a theorannú, nó an rochtain a atreorú gan toiliú sainráite ón gcustaiméir chuig leagan malartach de chomhéadan ar líne, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, chun a áirithiú go ndéantar ceanglas dlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais, nó i ndlíthe Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, a bhfuil an trádálaí faoina réir mar thoradh ar é a bheith ag oibriú sa Bhallstát sin a chomhlíonadh. D'fhéadfadh na dlíthe sin rochtain custaiméirí ar earraí nó seirbhísí áirithe a theorannú, mar shampla trí thoirmeasc a chur ar ábhar sonrach a thaispeáint i mBallstáit áirithe. Níor cheart cosc a chur ar thrádálaithe na ceanglais sin a chomhlíonadh agus ba cheart, dá réir, go mbeadh siad in ann rochtain a bhlocáil nó a theorannú, nó custaiméirí áirithe nó custaiméirí i gcríocha áirithe a atreorú chuig comhéadan ar líne, a mhéid a d'fhéadfadh sé gur gá sin ar an gcúis sin. Níl sé beartaithe go gcuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian le saoirse cainte ná le saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear saoirse an phreasa, a mhéid faoi mar a ráthaítear iad san Aontas agus sna Ballstáit, agus go háirithe faoi Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt).

(22)

I roinnt cásanna sonracha, ní féidir údar oibiachtúil a thabhairt d'aon difríochtaí sa chóir a chuirtear ar chustaiméirí trí choinníollacha ginearálta rochtana a úsáid, lena n-áirítear diúltú glan earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí. Sna cásanna sin, ba cheart gach cineál idirdhealaithe den sórt sin a thoirmeasc agus ba cheart, dá thoradh sin, do chustaiméirí a bheith i dteideal, faoi na coinníollacha sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, páirt a ghlacadh in idirbhearta faoi na coinníollacha céanna a bhainfeadh le custaiméir áitiúil agus ba cheart rochtain iomlán agus chomhionann a bheith acu ar aon cheann de na hearraí nó na seirbhísí éagsúla atá á dtairiscint, gan beann ar a náisiúntacht, a n-áit chónaithe ná a n-áit bhunaithe. Dá bhrí sin, i gcás inar gá, ba cheart do thrádálaithe bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an toirmeasc sin ar idirdhealú más rud é go mbeadh bac ar na custaiméirí sin an rochtain iomlán agus chomhionann sin a bheith acu, murach sin.

(23)

Is é an chéad cheann de na cásanna sin an cás ina ndíolann an trádálaí earraí agus go ndéantar na hearraí sin a sheachadadh chuig Ballstát a dtairgeann an trádálaí seachadadh chuige faoi choinníollacha ginearálta rochtana an trádálaí, nó go ndéantar na hearraí a bhailiú ó shuíomh arna aontú ag an trádálaí agus ag an gcustaiméir i mBallstát ina dtairgeann an trádálaí an rogha sin sna coinníollacha ginearálta rochtana sin. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an custaiméir in ann earraí a cheannach faoi na coinníollacha ceannann céanna, lena n-áirítear an praghas agus na coinníollacha seachadta, atá ag a macasamhail de chustaiméirí a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát a ndéantar na hearraí a sheachadadh chuige nó a bhailiú ann. D'fhéadfadh sé go gciallódh an méid sin go mbeadh ar chustaiméirí eachtracha na hearraí a bhailiú sa Bhallstát sin, nó i mBallstát eile a ndéanann an trádálaí earraí a sheachadadh chuige, nó seachadadh trasteorann na n-earraí a shocrú ar a mbealach príobháideach féin. Sa chás sin, i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE, ní gá clárú do CBL i mBallstát an chustaiméara.

(24)

Is é an dara cás an cás ina soláthraíonn an trádálaí seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach. Sa chás sin, níl gá le haon seachadadh fisiceach, ós rud é go ndéantar na seirbhísí a sholáthar go leictreonach. Is féidir leis an trádálaí CBL a dhearbhú agus a íoc ar bhealach simplithe i gcomhréir leis na rialacha maidir le CBL MOSS a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011. Ar na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach áirítear, mar shampla, seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí stórála sonraí, seirbhísí óstála suíomhanna gréasáin agus seirbhísí ballaí dóiteáin a sholáthar, mar aon le hinnill chuardaigh agus eolairí idirlín a úsáid.

(25)

Ar deireadh, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí seirbhísí agus ina bhfaigheann an custaiméir na seirbhísí sin i suíomh fisiceach, amhail áitreabh an trádálaí nó i suíomh sonrach eile ina dtairgeann an trádálaí seirbhísí a sholáthar laistigh den chríoch ina n-oibríonn an trádálaí, ní bheadh údar le cur i bhfeidhm coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara ach oiread. Baineann na cásanna sin le soláthar seirbhísí, cé is moite de sheirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, amhail cóiríocht óstáin, imeachtaí spóirt, fruiliú carranna, agus ticéid iontrála d'fhéilte ceoil nó do pháirceanna áineasa. Sna cásanna sin, ní gá don trádálaí clárú do CBL i mBallstát eile ná ní gá socrú a dhéanamh do sheachadadh trasteorann earraí.

(26)

I ngach ceann de na cásanna sin, de bhua na bhforálacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus maidir le dlínse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcás nach saothraíonn trádálaí gníomhaíochtaí i mBallstát an tomhaltóra nó nach dtreoraíonn an trádálaí gníomhaíochtaí chuig an mBallstát, níl aon chostas breise i gceist don trádálaí i ndáil le dlínse nó le difríochtaí sa dlí is infheidhme. Más rud é, i gcodarsnacht leis sin, go saothraíonn trádálaí gníomhaíochtaí i mBallstát an tomhaltóra nó gur chuig an mBallstát sin a threoraíonn an trádálaí iad, tá sé léirithe ag an trádálaí go raibh rún aige caidreamh tráchtála a bhunú le tomhaltóirí ón mBallstát sin agus go raibh sé in ann aon chostais den sórt sin a chur san áireamh ar an gcaoi sin.

(27)

Maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú a dhéanamh ar chustaiméirí de bhun an Rialacháin seo, níor cheart a thuiscint uaidh go gcuirtear cosc ar thrádálaithe earraí nó seirbhísí a thairiscint i mBallstáit éagsúla nó do ghrúpaí áirithe custaiméirí, trí mhéan tairiscintí spriocdhírithe agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana, lena n-áirítear trí chomhéadain thírshonracha ar líne a bhunú. Sna cásanna sin, áfach, ba cheart trádálaithe cóir a chur ar a gcuid custaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i gcónaí, gan beann ar a náisiúntacht, nó ar an áit chónaithe nó an áit bhunaithe, i gcás inar mian le custaiméir tairbhiú de na tairiscintí sin agus de na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta rochtana sin. Níor cheart a thuiscint ón toirmeasc go gcuirfear bac ar théarmaí agus coinníollacha ginearálta rochtana a chur i bhfeidhm atá éagsúil ar fhorais eile, mar shampla ballraíocht i gcumann áirithe nó rannchuidithe a dhéanamh leis an trádálaí, i gcás nach mbaineann na cúiseanna sin le náisiúntacht, áit chónaithe ná áit bhunaithe. Ná níor cheart a thuiscint ón toirmeasc sin ach oiread go gcuirfear bac ar an tsaoirse atá ag trádálaithe coinníollacha éagsúla, lena n-áirítear praghsanna éagsúla, a thairiscint ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ag pointí éagsúla díolacháin, amhail siopaí agus suíomhanna gréasáin nó gan tairiscintí sonracha a dhéanamh ach do chríoch ar leith laistigh de Bhallstát.

(28)

Thairis sin, níor cheart a thuiscint go ndéanann an toirmeasc sin difear do chur i bhfeidhm aon teorannaithe chríochaigh nó eile ar an gcúnamh iardhíola nó seirbhísí iardhíola do chustaiméirí a thairgeann an trádálaí don chustaiméir. Dá bhrí sin, níor cheart a thuiscint go bhforchuirtear leis an Rialachán seo oibleagáid earraí a sheachadadh trasna teorann chuig Ballstát eile i gcás nach dtairgfeadh an trádálaí an deis seachadta sin dá chuid custaiméirí murach sin. Níor cheart a thuiscint ach oiread go ndéantar foráil ann maidir le haon chostais postais agus iompair agus costais chóimeála agus dhíchóimeála a iompar thar an méid a comhaontaíodh go conarthach i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus do Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(29)

Níor cheart gur leor comhlíonadh an Rialacháin seo ann féin chun oibleagáid a chur ar thrádálaí ceanglais neamhchonarthacha sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh a bhaineann leis na hearraí agus na seirbhísí faoi seach ó Bhallstát an chustaiméara, amhail ceanglais lipéadaithe nó earnáilsonracha, nó custaiméirí a chur ar an eolas faoi na ceanglais sin.

(30)

Trádálaithe a chumhdaítear faoin scéim speisialta dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE, ní bheidh de cheangal orthu CBL a íoc sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Maidir leis na trádálaithe sin, agus seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach á soláthar acu, chiallódh an toirmeasc ar choinníollacha ginearálta éagsúla rochtana ar bhonn náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí a chur i bhfeidhm go mbeadh ceanglas air clárú chun CBL i mBallstáit eile a chur san áireamh agus go bhféadfadh sé go mbainfeadh costais bhreise leis sin, rud a bheadh ina ualach míréireach i bhfianaise mhéid agus shaintréithe na dtrádálaithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart na trádálaithe sin a dhíolmhú ón toirmeasc sin fad agus a bheidh scéim den sórt sin infheidhme.

(31)

Sna cásanna sin go léir, d'fhéadfadh sé go gcoiscfí uaireanta ar thrádálaithe earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí áirithe nó do chustaiméirí i gcríocha ar leith, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, mar thoradh ar thoirmeasc sonrach nó ar cheanglas sonrach a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais. Ina theannta sin, féadfaidh dlíthe na mBallstát a cheangal ar thrádálaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais, rialacha áirithe maidir le praghsáil leabhar a urramú. Níor cheart trádálaithe a chosc ó dhlíthe den sórt sin a chomhlíonadh, a mhéid is gá.

(32)

Faoi dhlí an Aontais, tá saoirse, i bprionsabal, ag trádálaithe cé na modhanna íocaíochta is mian leo a ghlacadh a chinneadh. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), trádálaithe a ghlacann le hionstraim íocaíochta cártabhunaithe de bhranda sonrach agus de chatagóir shonrach, níl oibleagáid orthu glacadh le cártaí den chatagóir chéanna sin ó bhrandaí eile d'ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe, ná glacadh le catagóirí eile cártaí ón mbranda céanna sin. Mar sin, trádálaithe a ghlacann le cártaí dochair de bhranda áirithe, níl oibleagáid orthu glacadh le cárta creidmheasa den bhranda sin, ná, nuair a ghlacann siad le cártaí creidmheasa tomhaltóra de bhranda áirithe, níl oibleagáid orthu glacadh le cártaí creidmheasa tráchtála den bhranda ceánna freisin. Ar an gcuma chéanna, trádálaí a úsáideann seirbhísí tionscanta íocaíochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366, níl aon oibleagáid air glacadh leis an íocaíocht, má cheanglaítear leis sin conradh nua nó conradh modhnaithe a dhéanamh le soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta. Agus an rogha sin déanta, áfach, níor cheart go ndéanfadh trádálaithe idirdhealú idir chustaiméirí laistigh den Aontas trí dhiúltú d'idirbhearta áirithe tráchtála, nó trí choinníollacha éagsúla íocaíochta a chur i bhfeidhm i ndáil leis na hidirbhearta sin, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí. Sa chomhthéacs áirithe sin, ba cheart ar an gcaoi chéanna cóir neamhionann den sórt sin nach bhfuil údar léi ar chúiseanna a bhaineann leis an suíomh ina bhfuil an cuntas íocaíochta, áit bhunaithe sholáthraí na seirbhíse íocaíochta nó an áit ina n-eisítear an ionstraim íocaíochta laistigh den Aontas a thoirmeasc go sainráite. Chomh maith leis sin, ba cheart a mheabhrú go ndéantar cheana féin, le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), toirmeasc a chur ar gach íocaí, lena n-áirítear trádálaithe, a cheangal go mbeadh cuntais bhainc suite i mBallstát áirithe le go nglacfaí le híocaíocht in euro. Ba cheart don tradálaí leanúint den tsaoirse a bheith aige muirir neamh-idirdhealaitheacha a iarraidh as ionstraim íocaíochta a úsáid, faoi réir dhlí an Aontais. Ina theannta sin, tá an ceart sin faoi réir na srianta a thug na Ballstáit isteach faoi Airteagal 62(5) de Threoir (AE) 2015/2366.

(33)

Le Treoir (AE) 2015/2366 tugadh isteach diancheanglais slándála i dtaca le tionscnamh agus próiseáil íocaíochtaí leictreonacha. Laghdaigh na ceanglais sin an riosca calaoise i dtaca leis na modhanna íocaíochta nua agus traidisiúnta uile, íocaíochtaí ar líne go háirithe. Tá sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta fíordheimhniú láidir custaiméara, mar a thugtar air, a chur i bhfeidhm, próiseas fíordheimhnithe lena mbailíochtaítear céannacht úsáideora seirbhíse íocaíochta nó idirbhirt íocaíochta. Maidir le cian-idirbhearta, amhail íocaíochtaí ar líne, is déine fós na ceanglais slándála, lena n-éilítear nasc dinimiciúil chuig méid an idirbhirt agus chuig cuntas an íocaí, chun an t-úsáideoir a chosaint tuilleadh trí na rioscaí i gcás botún nó ionsaithe calaoiseacha a íoslaghdú. Mar thoradh ar na ceanglais sin, tá laghdú suntasach déanta ar an riosca go ndéanfar calaois íocaíochta i gcás ceannacháin náisiúnta agus trasteorann. I staideanna, áfach, nach bhfuil aon mhodhanna eile ar fáil don trádálaí chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go mainneoidh custaiméirí, lena n-áirítear go háirithe deacrachtaí a bhaineann le hacmhainneacht chreidmheasa an chustaiméara a mheas, ba cheart a cheadú do na trádálaithe seachadadh na n-earraí nó soláthar na seirbhíse a choinneáil siar go dtí go bhfaighidís deimhniú go ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh i gceart. I gcás dochar díreach, ba cheart cead a bheith ag trádálaithe réamhíocaíocht a iarraidh trí aistriú creidmheasa sula seolfar na hearraí nó sula soláthrófar an tseirbhís. Níor cheart cóir éagsúil, áfach, a bheith bunaithe ach amháin ar chúiseanna atá oibiachtúil agus a bhfuil údar maith leo.

(34)

Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, agus go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Go háirithe, níor cheart don Rialachán seo, agus go sonrach na forálacha atá ann maidir le rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí, difear a dhéanamh do chomhaontuithe lena sriantar díolacháin ghníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún (17). Comhaontuithe lena bhforchuirtear oibleagáidí ar thrádálaithe gan dul i mbun díolacháin éighníomhacha i ndáil le custaiméirí áirithe nó le grúpaí custaiméirí i gcríocha áirithe, meastar go ginearálta go ndéantar an iomaíocht a shrianadh leo agus ní féidir iad a dhíolmhú go hiondúil ón toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE. I gcás ina bhfuil feidhm ag díolúine den sórt sin, áfach, nó i gcás srianta conarthacha nach gcumhdaítear le hAirteagal 101 CFAE, tá riosca ann go mbainfí úsáid astu chun dul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin a bheith ar neamhní go huathoibríoch, i gcásanna ina gcuireann siad oibleagáidí ar thrádálaithe gníomhú de shárú ar na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le rochtain ar chomhéadain ar líne, ar earraí nó seirbhísí agus íocaíocht. Baineann na forálacha sin, mar shampla, le srianta conarthacha a chuireann cosc ar thrádálaí freagairt d'iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair maidir le díol earraí, gan seachadadh, lasmuigh den chríoch a leithdháileadh ar an trádálaí go conarthach, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú le bheith freagrach as gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Na comhlachtaí sin, a bhféadfadh cúirteanna nó údaráis riaracháin a bheith ar áireamh iontu, ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a bheith acu chun a ordú don trádálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhféadfar bearta éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a ghlacadh i gcoinne trádálaithe i gcás ina ndéanfar aon sárú ar an Rialachán seo.

(36)

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann cúnamh a fháil ó údaráis fhreagracha lena n-éascófar díospóidí le trádálaithe a réiteach, a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(37)

Ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar an Rialachán seo, d'fhonn leasuithe a mholadh nuair atá gá leo. Ba cheart a chur san áireamh sna meastóireachtaí sin tionchar foriomlán an Rialacháin seo ar an margadh inmheánach agus ar an ríomhthráchtáil trasteorann. Ba cheart go ndíreofaí sa chéad mheastóireacht ar a mheasúnú an féidir leathnú a dhéanamh ar an toirmeasc ar choinníollacha ginearálta éagsúla rochtana ar sheirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, lena n-áirítear seirbhísí arb í a bpríomhthréith rochtain a chur ar fáil ar shaothair atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile, agus iad a úsáid, ar choinníoll go bhfuil na cearta is gá ag an trádálaí do na críocha ábhartha. Ba cheart freisin go ndéanfaí anailís ar cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig seirbhísí atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2006/123/CE, agus aird chuí á tabhairt ar shonraíochtaí gach ceann de na seirbhísí sin.

(38)

D'fhonn forghníomhú éifeachtach na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, ba cheart na sásraí chun comhar trasteorann a áirithiú i measc na n-údarás inniúil dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a bheith ar fáil freisin i ndáil leis na rialacha sin. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ach i leith dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, áfach, níor cheart na sásraí sin a bheith ar fáil ach nuair is tomhaltóir an custaiméir. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a leasú dá réir sin. Ós rud é go leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) le héifeacht ón 17 Eanáir 2020, ba cheart an Rialachán sin a leasú freisin chun cosaint leasanna tomhaltóirí a choimeád ar bun.

(39)

Chun go bhféadfaí caingne a thabhairt i leith urghairí a bhfuil sé mar aidhm leo comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i leith gníomhartha atá contrártha don Rialachán seo i gcomhréir le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ba cheart an Treoir sin a leasú freisin, ionas go n-áireofaí tagairt don Rialachán seo in Iarscríbhinn I a ghabhann léi. Ba cheart tomhaltóirí a spreagadh chun úsáid mhaith a bhaint as sásraí le haghaidh díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt freisin, ar díospóidí iad a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha a eascraíonn as díolacháin ar líne nó as conarthaí seirbhíse arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 524/2013.

(40)

Ba cheart dóthain ama a bheith ag trádálaithe, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile chun oiriúnú d'fhorálacha an Rialacháin seo agus chun comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú.

(41)

Chun go mbainfear amach an cuspóir a bhaineann le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar idirdhealú díreach agus indíreach atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, is iomchuí Rialachán a ghlacadh, a mbeidh feidhm dhíreach aige sna Ballstáit go léir. Tá gá leis sin chun a ráthú go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha maidir le neamh-idirdhealú go haonfhoirmeach ar fud an Aontais mar aon lena dteacht i bhfeidhm ag an am céanna. Is le Rialachán amháin is féidir a áirithiú go mbeidh an méid soiléireachta, aonfhoirmeachta agus deimhneachta dlíthiúla ann atá riachtanach chun é a chur ar chumas na gcustaiméirí tairbhe iomlán a bhaint as na rialacha sin.

(42)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cosc a chur le hidirdhealú díreach agus indíreach bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, lena n-áirítear geobhlocáil nach bhfuil údar léi, in idirbhearta le trádálaithe laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, mar gheall ar chineál trasteorann na faidhbe agus mar nach bhfuil an creat dlíthiúil atá ann cheana soiléir go leor, agus, de bharr a fhairsinge agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil sa mhargadh inmheánach, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(43)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt. Féachtar leis an Rialachán seo lena áirithiú go háirithe go n-urramófar go hiomlán Airteagail 11, 16, 17 agus 38 di,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chosc a chur le geobhlocáil nach bhfuil údar léi agus le cineálacha eile idirdhealaithe atá bunaithe, go díreach nó go hindíreach, ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, lena n-áirítear trí shoiléiriú breise a thabhairt maidir le staideanna áirithe nach bhféadfar údar a thabhairt do chóir éagsúil ina leith faoi Airteagal 20(2) de Threoir 2006/123/CE.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le staideanna ar staideanna inmheánacha go huile agus go hiomlán iad, agus ina bhfuil eilimintí ábhartha uile an idirbhirt teoranta laistigh d'aon Bhallstát aonair amháin.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2006/123/CE.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha is infheidhme maidir le réimse an chánachais.

5.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na rialacha is infheidhme i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

6.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta. Ní fhorléireofar le comhlíonadh an Rialacháin seo go dtugtar le tuiscint go dtreoraíonn trádálaí a chuid gníomhaíochtaí chuig an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí ar an tomhaltóir de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus phointe (c) d'Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 1215/2012. Go háirithe, maidir le trádálaí, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 3, le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 den Rialachán seo, nach mblocálann ná nach dteorannaíonn rochtain na dtomhaltóirí ar chomhéadan ar líne, nach ndéanann tomhaltóirí a atreorú chuig leagan dá chomhéadan ar líne bunaithe ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe na dtomhaltóirí, atá éagsúil ón gcomhéadan ar líne ar lorg na tomhaltóirí rochtain den chéad uair air, nach gcuireann coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana i bhfeidhm agus earraí á ndíol nó seirbhísí á soláthar aige i gcásanna a leagtar síos sa Rialachán seo, nó a ghlacann le hionstraimí íocaíochta arna n-eisiúint i mBallstát eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ní mheasfar go bhfuil gníomhaíochtaí á dtreorú aige chuig an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí ar an tomhaltóir, ar na forais sin amháin. Ná ní mheasfar go bhfuil gníomhaíochtaí á dtreorú ag an trádálaí sin chuig an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí ar an tomhaltóir, ar na forais sin amháin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí faisnéis agus cúnamh don tomhaltóir tar éis conradh a thabhairt i gcrích atá mar thoradh ar an trádálaí do chomhlíonadh an Rialacháin seo.

7.   Beidh feidhm ag Airteagal 20(2) de Threoir 2006/123/CE a mhéid is nach leagtar síos forálacha níos sonraí sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach” seirbhísí a sheachadtar tríd an Idirlíon nó trí ghréasán leictreonach agus a fhágann, i ngeall ar a gcineál, a soláthar uathoibrithe, go bunúsach, agus a bhfuil a laghad idirghabhála ón duine i gceist leo, agus nach féidir iad a áirithiú in éagmais teicneolaíochta faisnéise;

(2)

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille idirmhalartaithe mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/751;

(3)

ciallaíonn “ionstraim íocaíochta cártabhunaithe” ionstraim íocaíochta cártabhunaithe mar a shainmhínítear í i bpointe (20) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/751;

(4)

ciallaíonn “branda íocaíochta” branda íocaíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (30) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/751;

(5)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (5) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(6)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (3) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(7)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” soláthraí seirbhíse íocaíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(8)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(9)

ciallaíonn “ionstraim íocaíochta” ionstraim íocaíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(10)

ciallaíonn “dochar díreach” dochar díreach mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(11)

ciallaíonn “aistriú creidmheasa” aistriú creidmheasa mar a shainmhínítear é i bpointe (24) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(12)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó, dá cheird nó dá ceird nó dá ghairm nó dá gairm;

(13)

ciallaíonn “custaiméir” tomhaltóir ar náisiúnach de Bhallstát é nó í nó a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe aige nó aici, nó gnóthas a bhfuil a áit bhunaithe aige, i mBallstát, agus a fhaigheann seirbhís nó a cheannaíonn earra, nó a fhéachann le déanamh amhlaidh, laistigh den Aontas, le haghaidh críoch na húsáide deiridh agus na críche sin amháin;

(14)

ciallaíonn “coinníollacha ginearálta rochtana” gach téarma, coinníoll agus faisnéis eile, lena n-áirítear glanphraghsanna díola, lena rialaíiltear rochtain custaiméirí ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann trádálaí lena ndíol, arna socrú, arna gcur i bhfeidhm nó arna gcur ar fáil don phobal i gcoitinne ag an trádálaí nó thar a cheann, agus a bhfuil feidhm acu d'uireasa comhaontú arna chaibidliú go leithleach idir an trádálaí agus an custaiméir;

(15)

ciallaíonn “earraí” aon ítim shochorraithe inláimhsithe, cé is moite d'ítimí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí;

(16)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, arna n-oibriú ag trádálaí nó thar a cheann, a fhónann chun rochtain a thabhairt do chustaiméirí ar earraí nó ar sheirbhísí an trádálaí d'fhonn dul i mbun idirbheart i leith na n-earraí nó na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a thugtar de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 57 CFAE;

(18)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, is cuma cibé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí é, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú in ainm an trádálaí nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an trádálaí.

Airteagal 3

Rochtain ar chomhéadain ar líne

1.   Ní dhéanfaidh trádálaí, trí bhearta teicneolaíochta a úsáid nó ar dhóigh eile, rochtain custaiméara ar chomhéadan ar líne an trádálaí a bhlocáil ná a theorannú ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara.

2.   Ní dhéanfaidh trádálaí, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméara, an custaiméirí sin a atreorú chuig leagan de chomhéadan ar líne an trádálaí atá éagsúil leis an gcomhéadan ar líne ar lorg an custaiméir rochtain a fháil den chéad uair air, de bhua a leagan amach, na teanga a úsáidtear nó saintréithe eile a fhágann go mbaineann sé go sonrach le custaiméirí a bhfuil náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe ar leith acu, mura rud é go mbeidh toiliú sainráite tugtha ag an gcustaiméir don atreorú sin.

I gcás ina ndéantar atreorú den sórt sin le toiliú sainráite an chustaiméara, beidh rochtain éasca ag an gcustaiméir sin go fóill féin ar an leagan de chomhéadan ar líne an trádálaí ar lorg an custaiméir rochtain den chéad uair air.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 i gcás inar gá an bhlocáil nó an teorannú ar rochtain, nó an t-atreorú a bheith ann d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglas dlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais, nó i ndlíthe Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, a bhfuil gníomhaíochtaí an trádálaí faoina réir.

I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an trádálaí míniú soiléir sonrach do chustaiméirí maidir leis na cúiseanna inar gá an bhlocáil nó an teorannú ar rochtain nó an t-atreorú a bheith ann chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Tabharfar an míniú sin i dteanga an chomhéadain ar líne ar lorg an custaiméir rochtain den chéad uair air.

Airteagal 4

Rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí

1.   Ní chuirfidh trádálaí coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana i bhfeidhm ar earraí nó seirbhísí, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméara, i gcás ina bhféachann an custaiméir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

earraí a cheannach ó thrádálaí agus go ndéantar na hearraí sin a sheachadadh chuig suíomh i mBallstát a dtairgeann an trádálaí seachadadh chuige sna coinníollacha ginearálta rochtana nó go ndéantar na hearraí sin a bhailiú i suíomh atá comhaontaithe ag an trádálaí agus ag an gcustaiméir i mBallstát ina dtairgeann an trádálaí an rogha sin sna coinníollacha ginearálta rochtana;

(b)

seirbhísí arna soláthar go leictreonach a fháil ón trádálaí, seachas seirbhísí arb í a bpríomhthréith rochtain a sholáthar ar shaothair atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile agus iad a úsáid, lena n-áirítear saothair atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ábhar cosanta, a dhíol i bhfoirm dholáimhsithe;

(c)

seirbhísí a fháil ó thrádálaí, seachas seirbhísí arna soláthar go leictreonach, i suíomh fisiciúil laistigh de chríoch Bhallstáit ina n-oibríonn an trádálaí.

2.   An toirmeasc a leagtar amach i mír 1, ní choiscfidh sé ar thrádálaithe coinníollacha ginearálta rochtana a thairiscint, lena n-áirítear glanphraghsanna díola, atá éagsúil ó Bhallstát go Ballstát nó laistigh de Bhallstát agus a thairgtear do chustaiméirí ar chríoch shonrach nó do ghrúpa sonrach custaiméirí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

3.   Ní chiallaíonn comhlíonadh an toirmisc a leagtar amach i mír 1, ann féin, go bhfuil oibleagáid ar thrádálaí ceanglais dhlíthiúla náisiúnta neamhchonarthacha a bhaineann le hearraí agus le seirbhísí faoi seach Bhallstát an chustaiméara a chomhlíonadh nó custaiméirí a chur ar an eolas faoi na ceanglais sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 maidir le trádálaithe a bhfuil díolúine ó CBL acu ar bhonn fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE.

5.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 a mhéid a choisctear ar an trádálaí, le foráil shonrach a leagtar síos i ndlí an Aontais, nó i ndlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais, na hearraí a dhíol nó na seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí áirithe nó do chustaiméirí i gcríocha áirithe.

Maidir le díolachán leabhar, ní fhágfaidh an toirmeasc arna leagan amach i mír 1 go gcoiscfear ar thrádálaithe praghsanna éagsúla a chur i bhfeidhm do chustaiméirí i gcríocha áirithe a mhéid atá ceangal orthu déanamh amhlaidh faoi dhlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 5

Neamh-idirdhealú ar chúiseanna a bhaineann le híocaíocht

1.   Laistigh de raon na modhanna íocaíochta a nglacann an trádálaí leo, ní dhéanfaidh an trádálaí, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméara, suíomh an chuntais íocaíochta, áit bhunaithe an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta nó áit eisiúna na hionstraime íocaíochta laistigh den Aontas, coinníollacha éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh idirbheart íocaíochta, más rud é:

(a)

go ndéantar an t-idirbheart íocaíochta trí bhíthin idirbheart leictreonach trí aistriú creidmheasa, trí dhochar díreach nó trí ionstraim íocaíochta cártabhunaithe laistigh den bhranda agus den chatagóir íocaíochta céanna;

(b)

go gcomhlíontar riachtanais maidir le fíordheimhniúchán de bhun Threoir (AE) 2015/2366; agus

(c)

go bhfuil na hidirbhearta íocaíochta in airgeadra a nglacann an trádálaí leis.

2.   I gcás ina mbeidh údar leis ar chúiseanna oibiachtúla, ní chuirfear cosc, leis an toirmeasc a leagtar amach i mír 1, ar cheart an trádálaí seachadadh na n-earraí nó soláthar na seirbhíse a choinneáil siar go dtí go bhfaighidh an trádálaí deimhniú go ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh i gceart.

3.   Leis an toirmeasc a leagtar amach i mír 1, ní chuirfear cosc ar an trádálaí muirir a iarraidh as ionstraim íocaíochta cártabhunaithe a úsáid nach rialáiltear táillí idirmhalartuithe ina leith faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 2015/751 ná le haghaidh na seirbhísí íocaíochta sin nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ina leith, mura rud é go ndearnadh an toirmeasc nó an teorannú sin ar an gceart muirir a iarraidh as ionstraimí íocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62(5) de Threoir (AE) 2015/2366 a thabhairt isteach i ndlí an Bhallstáit a bhfuil oibríocht an trádálaí faoina réir. Ní rachaidh na muirir sin thar na costais dhíreacha a íocann an trádálaí as an ionstraim íocaíochta a úsáid.

Airteagal 6

Comhaontuithe maidir le díolacháin éighníomhacha

1.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 agus Airteagal 101 CFAE, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chomhaontuithe lena sriantar díolacháin ghníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ná do chomhaontuithe lena sriantar díolacháin éighníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 a bhaineann le hidirbhearta a thagann lasmuigh de raon feidhme na dtoirmeasc a leagtar síos in Airteagal 3, Airteagal 4, agus Airteagal 5 den Rialachán seo.

2.   Forálacha de chomhaontuithe lena bhforchuirtear oibleagáidí ar thrádálaithe, i dtaca le díolacháin éighníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010, gníomhú de shárú ar na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3, Airteagal 4, agus Airteagal 5 den Rialachán seo, beidh siad ar neamhní go huathoibríoch.

Airteagal 7

Forfheidhmiú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit síos na rialacha ina leagtar amach na bearta is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus áiritheoidh siad go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Na bearta dá dtagraítear i mír 2, cuirfear in iúl don Choimisiún iad agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 8

Cúnamh do thomhaltóirí

Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as cúnamh praiticiúil a sholáthar do thomhaltóirí i gcás díospóide idir tomhaltóir agus trádálaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 9

Clásal athbhreithnithe

1.   Faoin 23 Márta 2020 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin meastóireacht ar an Rialachán seo. Le linn dó déanamh amhlaidh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar foriomlán an Rialacháin ar an margadh inmheánach agus ar an ríomhthráchtáil trasteorann, lena n-áirítear go háirithe, an t-ualach riaracháin agus airgeadais breise a d'fhéadfadh a bheith ar thrádálaithe, ar ualach é a eascraíonn as réimis éagsúla is infheidhme sa dlí conarthach do thomhaltóirí a bheith ann. Beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá, i bhfianaise forbairtí dlíthiúla, teicniúla agus eacnamaíocha.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, d'fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a mheasúnú mar aon le méid an toirmisc a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) agus cibé ar cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seirbhísí arb í a bpríomhthréith rochtain a thabhairt ar shaothair atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile agus iad a úsáid, lena n-áirítear saothair atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de, nó ábhar cosanta eile, a dhíol i bhfoirm dholáimhsithe, ar choinníoll go bhfuil na cearta is gá ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann.

Airteagal 10

Leasuithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus ar Threoir 2009/22/CE

1.   San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“22.

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1), i gcás inar tomhaltóir, faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 den Rialachán sin é an custaiméir, agus sa chás sin amháin.”.

2.   San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“27.

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1), i gcás inar tomhaltóir, faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 den Rialachán sin é an custaiméir, agus sa chás sin amháin.”.

3.   In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/AE, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“16.

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).”

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 3 Nollaig 2018.

2.   Maidir le hAirteagal 6, áfach, beidh feidhm aige i ndáil le forálacha comhaontuithe a thugtar i gcrích roimh an 2 Márta 2018 a chomhlíonann Airteagal 101 CFAE agus aon rialacha coibhéiseacha sa dlí iomaíochta náisiúnta ón 23 Márta 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

L. PAVLOVA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. TAJANI


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 93.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.

(3)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(4)  Rialachán (CE) Uimh.1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(10)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11. 12.2006, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).

(12)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(13)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(14)  Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(21)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Ich. 30).

(22)  Treoir 2001/29/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Tugann an Coimisiún dá aire an téacs atá in Airteagal 9 arna chomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Gan dochar dá cheart tionscnaimh de bhun an Chonartha, is mian leis an gCoimisiún sa chomhthéacs seo a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 9, ina chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, atá dlite laistigh de 2 bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin, go ndéanfaidh sé measúnú críochnúil ar an gcaoi ar cuireadh an Rialachán chun feidhme agus ar an gcaoi ar chuir sé le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé san áireamh an fás atá ag teacht ar ionchais na dtomhaltóirí, go háirithe ina gcás siúd nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí atá faoi chosaint cóipchirt.

Mar chuid den mheastóireacht sin, déanfaidh sé anailís shubstainteach freisin ar indéantacht agus ar chostais agus buntáistí féideartha gach athrú a chuirfí ar raon feidhme an Rialacháin, go háirithe go bhféadfaí an t-eisiamh maidir le seirbhísí arna soláthar go leictreonach a scriosadh as Airteagal 4(1)(b) — arb é is príomhghné dó rochtain agus cead úsáide a thabhairt ar shaothair atá faoi chosaint cóipchirt nó ar ábhair eile atá faoi chosaint i gcás ina bhfuil na cearta is gá ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann — agus aird chuí á tabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh aon leathnú ar raon feidhme an Rialacháin a imirt ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí, agus ar na hearnálacha lena mbaineann, ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún anailís chúramach ar cé acu is ceart in earnálacha eile — lena n-áirítear earnálacha nach gcumhdaítear le Treoir 2006/123/CE agus a eisiatar freisin ó raon feidhme an Rialacháin de bhun Airteagal 1(3) ann, amhail seirbhísí i réimse an iompair agus na seirbhísí closamhairc — deireadh a chur le haon srianta gan údar arna mbunú ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe.

Más í an chonclúid a bheidh ag an gCoimisiún ar an meastóireacht gur gá raon feidhme an Rialacháin a leasú, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach i dteannta leis dá réir.


Top