EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R1952

Rialachán (AE) 2017/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena n-aisghairtear, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

OJ L 284, 31.10.2017, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1952/oj

31.10.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

12


RIALACHÁN (AE) 2017/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

lena n-aisghairtear, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá dearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún araon i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (3) go bhfuil siad tiomanta don reachtaíocht a nuashonrú agus a shimpliú.

(2)

Chun líon an acquis a laghdú agus chun slacht a chur air, ní mór é a scrúdú go rialta le reachtaíocht atá imithe i léig a shainaithint. Is maith mar a fhónann sé reachtaíocht atá imithe i léig a aisghairm d'fhonn an creat dlíthiúil a choinneáil trédhearcach, soiléir agus so-inúsáidte do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, agus sa chás seo, d'earnálacha na n-uiscebhealaí intíre agus na dtarlaithe de bhóthar.

(3)

In 1989, ghlac an Chomhairle Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 (4)..Deich mbliana dá éis sin, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 (5), chun a áirithiú go mbeadh fáil ar feadh an ama ag earnáil iompair na n-uiscebhealaí intíre ar na huirlisí iomchuí agus chun acmhainneacht cabhlaigh a bhainistiú. Is ionann ábhar do Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 agus do Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89, cé nár aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 leis.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród agus de bhóthar (6), tá díolúine, ón 1 Eanáir 2005 i leith, i ndáil le socruithe cuóta nó údarúcháin ag gach feithicil a shásaíonn na caighdeáin theicniúla a leagtar amach i dTreoir 96/53/CE (7) ón gComhairle. Dá bhrí sin, is ceart a mheas go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le ceadanna a dháileadh ar fheithiclí earraí troma agus iad ag taisteal san Eilvéis, go bhfuil sé imithe i léig.

(5)

Tar éis aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine don Aontas an 1 Eanáir 2007, níl gá a thuilleadh le Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) mar nach gá do na Ballstáit sin údarú a fháil chun earraí a iompar de bhóthar ná chun an t-iompar comhcheangailte a chur chun cinn.

(6)

Mar thoradh air sin, ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 ón gComhairle a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 685/2001.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 58.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle an 27 Aibreán 1989 maidir le leasuithe struchtúrtha a chur ar an iompar ar uiscebhealaí intíre (IO L 116, 28.4.1989, lch. 25).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 90, 2.4.1999, lch. 1).

(6)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 91.

(7)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 2888/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le ceadanna a dháileadh ar fheithiclí earraí troma agus iad ag taisteal san Eilvéis (IO L 336, 30.12.2000, lch. 9).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le húdaruithe arna bhfáil sna Ballstáit de bhun na gComhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Bulgáire agus idir an Comhphobal Eorpach agus an Rómáin — lenar bunaíodh coinníollacha áirithe i dtaca le hearraí a iompar de bhóthar agus an t-iompar comhcheangailte a chur chun cinn — a dháileadh (IO L 108, 18.4.2001, lch. 1).


Top