EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017L0541

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

OJ L 88, 31.3.2017, p. 6–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/541/oj

31.3.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


TREOIR (AE) 2017/541 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2017

maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus ar an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha. Tá sé bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta, ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit.

(2)

Tá gníomhartha sceimhlitheoireachta ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar luachanna uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus leas a bhaint as cearta an duine agus as saoirsí bunúsacha, luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Tá siad ar cheann de na hionsaithe is tromchúisí ar an daonlathas agus ar an smachta reachta freisin, ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit agus ar prionsabail iad ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe.

(3)

Is é Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle (3) bunchloch fhreagairt an cheartais choiriúil ó thaobh na mBallstát chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Le creat dlíthiúil coiteann, agus go háirithe, sainmhíniú comhchuibhithe ar chionta sceimhlitheoireachta, a bheith coiteann do na Ballstáit uile, bíonn tagarmharc ann le haghaidh malartú faisnéise agus le haghaidh comhar idir na húdaráis náisiúnta inniúla faoi Chinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (4), faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle (5) agus faoi Chinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (6), faoi Rialachán (AE) Uimh 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus faoi Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (8) agus faoi Chinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle (9).

(4)

Tá méadú tagtha ar an mbagairt sceimhlitheoireachta le blianta beaga anuas agus tá forbairt tagtha uirthi go pras. Daoine aonair ar a dtugtar “trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta”, téann siad thar lear chun críche sceimhlitheoireachta. Bíonn bagairt mhéadaithe slándála ar na Ballstáit uile mar thoradh ar throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a bheith ag filleadh. Luadh trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta le hionsaithe agus le comhchealga le déanaí i roinnt Ballstát. Ina theannta sin, tá bagairtí méadaithe ar an Aontas agus ar a chuid Ballstát ó dhaoine aonair a fhanann laistigh den Eoraip ach a mbíonn grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear á spreagadh nó a fhaigheann treoir ó na grúpaí sin.

(5)

Ina Rún 2178 (2014), chuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in iúl gur cúis imní di an bhagairt mheádaitheach a bhaineann le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus d’éiligh sí ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe a áirithiú go bhfuil cionta a bhaineann leis an bhfeiniméan seo inphionóis faoin dlí náisiúnta. In 2015, ghlac An Chomhairle Eorpach, i ndáil leis an méid sin, an Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sceimhlitheoireacht a Chosc.

(6)

Agus aird á tabhairt ar fhorbairt na mbagairtí sceimhlitheoireachta atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit agus ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu siúd faoin dlí idirnáisiúnta, ba cheart an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta, ar chionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta agus ar chionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chomhfhogasú tuilleadh sna Ballstáit uile, ionas go gcumhdaítear leis iompar a bhaineann go háirithe le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, ar bhealach níos cuimsithí. Ba cheart a bheith in ann na foirmeacha iompair sin a phionósú freisin má dhéantar tríd an idirlíon iad, lena n-áirítear trí na meáin shóisialta.

(7)

Ina theannta sin, i bhfianaise chineál trasteorann na sceimhlitheoireachta, ní mór freagairt láidir chomhordaithe agus comhar a bheith ann laistigh de gach Ballstát féin agus idir na Ballstáit freisin, agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí inniúla an Aontais, agus idir na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí sin, lena n-áirítear Eurojust agus Europol, sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Chun na críche sin, ba cheart úsáid éifeachtúil a bhaint as na huirlisí agus na hacmhainní comhair atá ar fáil, amhail na foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus cruinnithe comhordúcháin arna n-éascú ag Eurojust. I bhfianaise chineál domhanda na sceimhlitheoireachta, is gá freagra idirnáisiúnta a thabhairt uirthi, rud a fhágann go gcaithfidh an tAontas agus a chuid Ballstát an comhar a dhéanann siad le tríú tíortha ábhartha a neartú. Caithfear freagairt láidir chomhordaithe agus comhar a bheith ann freisin ar mhaithe le fianaise leictreonach a áirithiú agus a fháil.

(8)

Sa Treoir seo, liostaítear líon uileghabhálach de choireanna tromchúiseacha, amhail ionsaithe a chuireann beatha duine i mbaol, mar ghníomhartha a dhéantar d’aon ghnó agus ar féidir leo cáiliú mar chionta sceimhlitheoireachta nuair a dhéantar iad, agus a mhéid a dhéantar iad, ar mhaithe le haidhm shonrach sceimhlitheoireachta, eadhon imeaglú tromchúiseach a dhéanamh ar dhaonra, nó iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh, nó struchtúir bhunúsacha pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíochta nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a scriosadh. Maidir leis an mbagairt go ndéanfaí gníomhartha den sórt sin d’aon ghnó, ba cheart í a mheas freisin mar chion sceimhlitheoireachta nuair a shuítear, ar bhonn imthosca oibiachtúla, go ndearnadh bagairt den sórt sin ar mhaithe le haon aidhm sceimhlitheoireachta den sórt sin. Os a choinne sin thall, gníomhartha atá dírithe, mar shampla, ar iallach a chur ar rialtas aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh ach nach bhfuil áirithe i liosta uileghabhálach na gcoireanna tromchúiseacha, áfach, ní mheastar iad a bheith ina gcionta sceimhlitheoireachta i gcomhréir leis an Treoir seo.

(9)

Na cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, is de chineál fíorthromchúiseach iad ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh cionta sceimhlitheoireachta mar thoradh orthu agus go bhféadfadh sé go mbeadh sceimhlitheoirí agus grúpaí sceimhlitheoireachta in ann a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh, rud a thugann bonn cirt leis an iompar sin a choiriúlú.

(10)

Sa chion arb é atá ann briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, tá, inter alia, sceimhlitheoireacht a ghlóiriú agus bonn cirt a thabairt di nó teachtaireachtaí nó íomhánna ar líne agus as líne a scaipeadh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le híospartaigh na sceimhlitheoireachta, mar bhealach chun tacaíocht a fháil do chúiseanna sceimhlitheoirí nó chun an daonra a imeaglú go tromchúiseach. Ba cheart iompar den sórt sin a bheith inphionóis nuair is cúis é le baol go bhféadfaí gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh. I ngach cás nithiúil, agus breithniú á dhéanamh féachaint an cúis le baol é, ba cheart imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh, amhail údar agus seolaí na teachtaireachta, chomh maith leis an gcomhthéacs ina ndéantar an gníomh. Ba cheart suntas agus inchreidteacht an bhaoil a chur san áireamh freisin nuair a bheidh an fhoráil maidir le briogadh poiblí á cur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(11)

Is cion atá ann cheana é oiliúint a sholáthar agus, le coir a dhéanamh as oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta, comhlánaítear an cion sin agus tugtar aghaidh go sonrach ar na bagairtí a eascraíonn as daoine atá ag ullmhú go gníomhach chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, lena n-áirítear iad siúd atá ag gníomhú ar a gconlán féin. Le hoiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta, áirítear eolas, doiciméadacht nó scileanna praiticiúla a fháil. Ba cheart an staidéar aonair, lena n-áirítear trí mheán an idirlín nó trí ábhar foghlama eile a cheadú, a mheas freisin mar oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta nuair is toradh iompair ghníomhaigh é agus nuair a dhéantar é d’intinn cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó d’intinn rannchuidiú lena dhéanamh. I gcomhthéacs imthosca sonracha uile an cháis, is féidir an intinn sin a bhaint de thátal, mar shampla, ón gcineál ábhar agus ó mhinicíocht na tagartha. Mar sin, dá ndéanfaí lámhleabhar a íoslódáil chun pléascáin a dhéanamh chun críoch cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, d’fhéadfaí sin a mheas mar oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta. Os a choinne sin thall, maidir le féachaint ar shuíomhanna gréasáin nó ábhair a bhailiú chun críocha dlisteanacha, amhail críocha acadúla nó taighde, ní mheastar gurb ionann an méid sin amháin agus oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta faoin Treoir seo.

(12)

I bhfianaise a thromchúisí atá an bhagairt agus an gá atá, go háirithe, le bac a chur ar shreabh na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, is gá taisteal thar tír amach chun críche sceimhlitheoireachta a choiriúlú, eadhon ní hamháin chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil, ach bheith páirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta freisin. Níl sé fíor-riachtanach an gníomh taistil féin a choiriúlú. Ina theannta sin, baineann bagairt slándála le taisteal chuig críoch an Aontais chun críche sceimhlitheoireachta, bagairt slándála atá ag méadú in imeacht aimsire. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sceimhlitheoireachta a thagann as taisteal chuig an mBallstát lena mbaineann chun críche sceimhlitheoireachta trí ghníomhartha ullmhúcháin a choiriúlú, lena bhféadfaí pleanáil nó comhchealg a áireamh, d’fhonn cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó d’fhonn rannchuidiú lena dhéanamh. Ba cheart aon ghníomh a dhéantar chun an taisteal sin a éascú a choiriúlú freisin.

(13)

Tá trádáil aindleathach in airm thine, ola, drugaí, toitíní, earraí góchumtha agus nithe cultúrtha, chomh maith le gáinneáil ar dhaoine, cambheartaíocht agus sracaireacht ina mbealaí mórbhrabúis maoiniúcháin do ghrúpaí sceimhlitheoireachta anois. Sa chomhthéacs sin, is bagairt mhéadaitheach iad na naisc idir an choireacht eagraithe agus grúpaí sceimhlitheoireachta don Aontas agus ba cheart d’údaráis na mBallstát a bhfuil páirt á glacadh acu in imeachtaí coiriúla iad a chur san áireamh.

(14)

Le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cosc a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Chomh maith leis an gcur chuige coisctheach sin, ba cheart an maoiniú sceimhlitheoireachta a bheith inphionóis sna Ballstáit. Le coiriúlú, ní hamháin gur cheart maoiniú gníomhartha sceimhlitheoireachta a chumhdach ach ba cheart maoiniú grúpa sceimhlitheoirí a chumhdach freisin, mar aon le cionta eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, amhail an earcaíocht agus an oiliúint, nó an taisteal chun críche sceimhlitheoireachta, d’fhonn cur isteach ar na struchtúir tacaíochta lena n-éascaítear cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

(15)

Soláthar tacaíochta ábhartha don sceimhlitheoireacht trí dhaoine a bheith rannpháirteach i seirbhísí, sócmhainní agus earraí a sholáthar nó a ghluaiseacht, nó a bheith ag gníomhú mar idirghabhálaithe sa soláthar nó sa ghluaiseacht sin, lena n-áirítear idirbhearta trádála a mbíonn dul isteach san Aontas nó imeacht ón Aontas i gceist leo, amhail ní cultúrtha a dhíol, a fháil nó a mhalartú, ar ní é atá ina ábhar suime ó thaobh na seandálaíochta, na healaíne, na staire nó na heolaíochta agus a thógtar go neamhdhleathach ó limistéar atá faoi rialú ag grúpa sceimhlitheoireachta an tráth a dtógtar é, ba cheart an soláthar sin a bheith inphionóis sna Ballstáit mar bheith ag cabhrú agus ag neartú leis an sceimhlitheoireacht nó mar bheith ag maoiniú na sceimhlitheoireachta má dhéantar é san eolas go mbeartaítear na hoibríochtaí sin nó na fáltais a thagann astu a úsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun críche sceimhlitheoireachta nó go rachaidh siad chun tairbhe grúpaí sceimhlitheoireachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta breise d’fhonn an trádáil aindleathach i nithe cultúrtha mar fhoinse ioncaim do ghrúpaí sceimhlitheoireachta a chomhrac go héifeachtach.

(16)

Maidir leis an iarracht a dhéantar chun taisteal thar lear chun críche sceimhlitheoireachta agus an iarracht a dhéantar chun oiliúint a sholáthar agus earcaíocht a dhéanamh le haghaidh na sceimhlitheoireachta, ba cheart an dá cheann acu a bheith inphionóis.

(17)

Maidir leis na cionta coiriúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, ní mór feidhm a bheith ag coincheap na hintinne maidir leis na heilimintí uile de na cionta sin. Féadfar cineál intinniúil gnímh nó neamhghnímh a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla.

(18)

Ba cheart foráil a dhéanamh do phionóis agus do smachtbhannaí do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi dhliteanas i leith na gcionta sin, lena léireofar a thromchúisí atá na cionta sin.

(19)

Nuair atá earcaíocht agus oiliúint le haghaidh na sceimhlitheoireachta dírithe ar leanbh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh breithimh in ann an imthoisc seo a chur san áireamh nuair a bheidh pianbhreith á cur ar chiontóirí, cé nár cheart oibleagáid a bheith ar bhreithimh an phianbhreith a mhéadú. Is faoi rogha an bhreithimh atá sé an imthoisc sin a mheasúnú, mar aon le fíorais eile an cháis ar leith.

(20)

Ba cheart rialacha dlínsiúla a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar na cionta a leagtar síos sa Treoir seo a ionchúiseamh go héifeachtach. Go háirithe, dealraíonn sé gurb iomchuí é dlínse a bhunú maidir leis na cionta a dhéanann soláthraithe na hoiliúna le haghaidh na sceimhlitheoireachta, is cuma cén náisiúntacht atá acu, i ngeall ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag iompar den sórt sin ar chríoch an Aontais agus i ngeall ar an dlúthnasc ábhartha atá ann idir na cionta oiliúint a sholáthar agus a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta.

(21)

Chun a áirithiú go mbeidh rath ar imscrúduithe agus ar ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, ba cheart an deis a bheith acu siúd atá freagrach as na cionta sin a imscrúdú nó a ionchúiseamh leas a bhaint as uirlisí imscrúdúcháin éifeachtacha amhail na cinn sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac. Ba cheart úsáid uirlisí den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith spriocdhírithe agus ba cheart, agus iad á n-úsáid, prionsabal na comhréireachta agus cineál agus tromchúis na gcionta atá faoi imscrúdú a chur san áireamh agus ba cheart an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a urramú. Ba cheart a áireamh ar uirlisí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, an cuardach a dhéantar ar aon mhaoin phearsanta, idircheapadh cumarsáidí, faireachas ceilte, lena n-áirítear faireachas leictreonach, taifid fuaime a thógáil agus a choimeád, i bhfeithiclí príobháideacha nó poiblí nó in áiteanna príobháideacha nó poiblí, mar aon le hamharcíomhánna daoine i bhfeithiclí poiblí agus in áiteanna poiblí, agus imscrúduithe airgeadais.

(22)

Is modh éifeachtach é chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar an idirlíon ábhar ar líne, ar briogadh poiblí é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, a bhaint ag an bhfoinse. Ba cheart do na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun oibriú i gcomhar le tríú tíortha chun a áirithiú go mbainfí ó fhreastalaithe laistigh dá gcríoch an t-ábhar ar líne atá ina bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Mar sin féin, nuair nach indéanta ábhar den sórt sin a bhaint ag an bhfoinse, is féidir sásraí a chur ar bun chun an rochtain ar ábhar den sórt sin a bhlocáil i gcríoch an Aontais. Na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir seo d’fhonn ábhar ar líne atá ina bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh a bhaint nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, rochtain ar ábhar den sórt sin a bhlocáil, d’fhéadfaí iad a dhéanamh ar bhonn gníomhaíochta poiblí, amhail gníomhaíocht reachtach, gníomhaíocht neamhreachtach nó gníomhaíocht bhreithiúnach. Sa chomhthéacs sin, ní dochar an Treoir seo do ghníomhaíocht dheonach arna glacadh ag tionscal an idirlín chun cosc a chur ar mhí-úsáid a sheirbhísí nó d’aon tacaíocht a thabharfadh na Ballstáit do ghníomhaíocht den sórt sin, amhail ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus a mharcáil. Cibé bonn don ghníomh nó cibé modh a roghnaítear, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraíonn sé leibhéal leordhóthanach deimhneachta dlíthiúla agus intuarthachta d’úsáideoirí agus do sholáthraithe seirbhíse agus go bhféadfaí sásamh breithiúnach a chur ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Le haon bhearta den sórt sin, ba cheart cearta na n-úsáideoirí deiridh a chur san áireamh agus ba cheart dóibh na nósanna imeachta dlíthiúla agus breithiúnacha atá ann cheana agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) a chomhlíonadh.

(23)

Má dhéantar ábhar ar líne atá ina bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh a bhaint nó, i gcás nach indéanta sin, má dhéantar rochtain ar ábhar den sórt sin a bhlocáil, i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart nár dhochar an méid sin do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Go háirithe, níor cheart aon oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léireofaí gníomhaíocht neamhdhleathach. Ina theannta sin, níor cheart soláthraithe seirbhíse óstála a bheith faoi dhliteanas a fhad is nach bhfuil eolas iarmhír acu faoi ghníomhaíocht nó faisnéis neamhdhleathach agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi na fíorais nó na himthosca lena léirítear an ghníomhaíocht nó an fhaisnéis neamhdhleathach.

(24)

Chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar bhealach éifeachtach, is den tábhacht é maidir le faisnéis a measann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha chun cionta sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go ndéanfaí í a mhalartú ar bhealach éifeachtúil tráthúil idir na húdaráis inniúla agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin á malartú ar bhealach éifeachtach tráthúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana, amhail Cinneadh 2005/671/CGB, Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle (12) agus Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Agus é á bhreithniú acu ar cheart faisnéis ábhartha a mhalartú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta an bhagairt thromchúiseach a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta a chur san áireamh.

(25)

Chun an creat atá ann cheana a neartú maidir le faisnéis a mhalartú chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, mar a leagtar amach i gCinneadh 2005/671/CGB, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i ndáil le faisnéis ábhartha a bhailíonn a n-údaráis inniúla i gcreat imeachtaí coiriúla, mar shampla údaráis fhorfheidhmithe dlí, ionchúisitheoirí nó breithiúna imscrúdaitheacha, go gcuirfí ar fáil í d’údaráis inniúla Ballstáit eile a measann siad í a bheith ábhartha dóibh. Ar a laghad, ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis ábhartha sin, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis sin a tharchuirtear chuig Europol nó chuig Eurojust i gcomhréir le Cinneadh 2005/671/CGB. Tá sé sin faoi réir rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus ní dochar é do rialacha an Aontais maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta inniúla i gcreat imeachtaí coiriúla, amhail iad sin a leagtar síos i dTreoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó Cinneadh Réime 2006/960/CGB.

(26)

Faisnéis ábhartha a bhailíonn údaráis inniúla na mBallstát i gcreat imeachtaí coiriúla i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta, ba cheart í a mhalartú. Tuigtear go gcumhdaíonn an téarma “imeachtaí coiriúla” gach céim de na himeachtaí, ón tráth a bhfuil drochamhras ann go ndearna duine cion coiriúil nó ina ndéantar duine a chúisiú faoi chion coiriúil a bheith déanta aige nó aici go dtí go ndéanfar an cinneadh deiridh cinntitheach cibé acu a rinne nó nach ndearna an duine sin an cion coiriúil lena mbaineann.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit bearta cosanta, tacaíochta agus cúnaimh a ghlacadh lena bhfreagrófar do riachtanais shonracha íospartaigh na sceimhlitheoireachta, i gcomhréir le Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus mar a cháilítear tuilleadh leis an Treoir seo. Is íospartach na sceimhlitheoireachta an méid sin a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2012/29/AE, eadhon duine nádúrtha a d’fhulaing díobháil, lena n-áirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch, a mhéid is de bharr cion sceimhlitheoireachta go díreach é nó í, nó duine de theaghlach duine a fuair bás de bharr cion sceimhlitheoireachta go díreach agus a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar bhás an duine sin. Tá rochtain ag daoine de theaghlach íospartach marthanach na sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear iad san Airteagal sin, ar sheirbhísí tacaíochta íospartach agus ar bhearta cosanta íospartach i gcomhréir leis an Treoir sin.

(28)

Maidir leis an gcúnamh a thugtar d’íospartaigh cúiteamh a éileamh, ní dochar é don chúnamh a fhaigheann íospartaigh na sceimhlitheoireachta ó na húdaráis chuiditheacha i gcomhréir le Treoir 2004/80/CE ón gComhairle (17), agus is de bhreis ar an gcúnamh sin é. Ní dochar an méid sin do rialacha náisiúnta maidir le hionadaíocht dhlíthiúil chun cúiteamh a éileamh, lena n-áirítear trí shocruithe cúnaimh dhlíthiúil, ná d’aon rialacha ábhartha náisiúnta eile maidir le cúiteamh.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil freagairt chuimsitheach do riachtanais shonracha íospartaigh na sceimhlitheoireachta á cur ar fáil, díreach tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta agus fad is gá ina dhiaidh sin, mar chuid den bhonneagar freagartha náisiúnta éigeandála. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit suíomh gréasáin aonair, a choinnítear cothrom le dáta, a bhunú a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fad ann, chomh maith le hionad tacaíochta éigeandála a chur ar fáil d’íospartaigh agus a dteaghlach ina gcuirfear garchabhair shíceolaíoch agus tacaíocht mhothúchánach ar fáil. Ba cheart tacú le tionscnaimh na mBallstát ina leith sin trí leas iomlán a bhaint as na sásraí comhchoiteanna cúnaimh agus na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal an Aontais. Ba cheart a chur san áireamh sna seirbhísí tacaíochta sin, go bhféadfadh athrú teacht ar riachtanais shonracha íospartaigh na sceimhlitheoireachta le himeacht aimsire. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh seirbhísí tacaíochta aghaidh ar an gcéad dul síos ar riachtanais mhothúchánacha agus síceolaíochta na n-íospartach sceimhlitheoireachta is leochailí, agus ba cheart dóibh íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta a chur ar an eolas faoi thuilleadh tacaíochta mothúchánaí agus síceolaíche a bheith ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht tráma agus comhairleoireacht tráma.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta ar fhaisnéis faoi chearta na n-íospartach, seirbhísí tacaíochta atá ar fáil agus scéimeanna cúitimh sa Bhallstát ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun comhar a éascú lena chéile d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ar fhaisnéis den sórt sin ag íospartaigh sceimhlitheoireachta a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile seachas an Ballstát ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh sceimhlitheoireachta ar sheirbhísí tacaíochta fadtéarmacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, fiú má tharla an cion sceimhlitheoireachta i mBallstát eile.

(31)

Mar a léirítear i Straitéis athbhreithnithe AE maidir leis an Radacú agus an Earcaíocht don Sceimhlitheoireacht a Chomhrac in 2014 agus sna Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó na Ballstáit, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle in 2015, maidir le feabhas a chur ar fhreagairt an cheartais choiriúil ar an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, teastaíonn cur chuige fadtéarmach, réamhghníomhach agus cuimsitheach chun cosc a chur ar an radacú agus ar an earcaíocht don sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear an radacú ar líne. Le cur chuige den sórt sin, ba cheart bearta i réimse an cheartais choiriúil a chomhcheangal le beartais i réimsí an oideachais, an chuimsithe shóisialta agus an chomhtháthaithe, chomh maith le cláir éifeachtacha don díradacú nó don dícheangal agus imeacht nó don athshlánú, lena n-áirítear i gcomhthéacs an phríosúin agus an phromhaidh. Ba cheart do na Ballstáit dea-chleachtais maidir le bearta agus tionscadail éifeachtacha sa réimse seo a chomhroinnt, go háirithe maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, chomh maith le teifigh fillte, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

(32)

Ba cheart do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a shaothrú chun an radacú as a n-eascraíonn an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac trí bheartais náisiúnta coisc a chomhordú, trí fhaisnéis agus taithí a chomhroinnt maidir leis na beartais sin, agus trí bheartais náisiúnta coisc a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a thabhairt cothrom le dáta, agus aird á tabhairt ar na riachtanais, na cuspóirí, agus na cumais atá acu féin ag cur lena dtaithí féin. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus beartais coisc á bhforbairt aige.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit, ag brath ar na riachtanais ábhartha agus ar na himthosca ar leith i ngach Ballstát, tacaíocht a chur ar fáil do ghairmithe, lena n-áirítear comhpháirtithe na sochaí sibhialta ar dóigh dóibh teacht i dteagmháil le daoine a bheadh leochaileach do bheith radacaithe. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta den sórt sin, go háirithe, bearta oiliúna agus bearta ardaithe feasachta lena mbeadh sé mar aidhm iad a chumasú chun comharthaí an radacaithe a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt ar na comharthaí sin. Ba cheart bearta den sórt sin a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le cuideachtaí príobháideacha, le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, le pobail áitiúla agus le geallsealbhóirí eile.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an ghá atá le rialacha comhchuibhithe uile-Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(35)

Leis an Treoir seo, urramaítear na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 2 CAE, urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt, lena n-áirítear na cinn sin a leagtar amach i dTeidil II, III, V agus VI inti lena gcuimsítear, inter alia, an ceart chun saoirse agus slándála, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú a dhéanamh, go háirithe ar fhorais maidir le cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, lena gcumhdaítear freisin an ceanglas maidir le cruinneas, soiléireacht agus intuarthacht sa dlí coiriúil, toimhde na neamhchiontachta mar aon le saoirse ghluaiseachta mar a leagtar amach in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Caithfear an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin agus aird á tabhairt freisin ar an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus ar oibleagáidí eile maidir le cearta an duine faoin dlí idirnáisiúnta.

(36)

Ní dochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla.

(37)

Leis an Treoir seo, níor cheart cearta, oibleagáidí ná freagrachtaí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, a athrú. Ní rialaítear leis an Treoir seo gníomhaíochtaí fórsaí armtha le linn tréimhsí coinbhleachta armtha, atá faoi rialú leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta de réir bhrí na dtéarmaí sin faoin dlí sin, agus, a mhéid atá siad faoi rialú ag rialacha eile den dlí idirnáisiúnta, gníomhaíochtaí a dhéanann fórsaí míleata Stáit i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil.

(38)

Gníomhaíochtaí daonnúla a bheith á soláthar ag eagraíochtaí daonnúla neamhchlaonta a aithnítear sa dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, ní thagann an soláthar sin laistigh de raon feidhme na Treorach seo, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh san am céanna.

(39)

Ba cheart cur chun feidhme na mbeart dlí choiriúil arna nglacadh faoin Treoir seo a bheith comhréireach le cineál agus le himthosca an chiona, i ndáil leis na haidhmeanna dlisteanacha a shaothraítear agus i ndáil lena riachtanaí atá siad i sochaí dhaonlathach, agus níor cheart aon treallachas, ciníochas nó idirdhealú de chineál ar bith a bheith i gceist.

(40)

Níor cheart aon ní sa Treoir seo a léiriú amhail go mbeartaítear go ndéanfar scaipeadh faisnéise chun críocha eolaíocha, acadúla nó tuairiscithe a laghdú ná a shrianadh. Maidir le tuairimí radacacha, poileimiciúla nó conspóideacha a léiriú sa díospóireacht phoiblí maidir le ceisteanna polaitiúla íogaire, ní thagann sin laistigh de raon feidhme na Treorach seo ná, go háirithe, faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar bhriogadh poiblí chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(42)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(43)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Réime 2002/475/CGB a ionadú leis an Treoir seo i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal na Treorach seo, agus ba cheart Cinneadh 2005/671/CGB a leasú leis an Treoir seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le sainmhíniú cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla i réimse na gcionta sceimhlitheoireachta, na gcionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta agus na gcionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar aon le bearta maidir le híospartaigh na sceimhlitheoireachta a chosaint, agus tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cistí” sócmhainní de gach cineál, cibé acu inláimhsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, beag beann ar an mbealach a bhfaightear iad, agus doiciméid dhlíthiúla nó ionstraimí dlíthiúla i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear leictreonach nó digiteach, lena bhfianaítear teideal chun sócmhainní den sórt sin, nó leas iontu, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, creidmheasanna bainc, seiceanna taistil, seiceanna bainc, orduithe airgid, scaireanna, urrúis, bannaí, dréachtaí, litreacha creidmheasa,

(2)

ciallaíonn “duine dlíthiúil” aon eintiteas dlíthiúil a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, seachas Stáit nó comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus seachas eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta,

(3)

ciallaíonn “grúpa sceimhlitheoireachta” grúpa struchtúrtha ina bhfuil níos mó ná beirt, a bhunaítear ar feadh tréimhse ama agus a ghníomhaíonn de chomhbheart chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh; ciallaíonn “grúpa struchtúrtha” grúpa nach gcuirtear le chéile go randamach chun cion a dhéanamh láithreach agus nach gá dó róil fhoirmiúla a shainiú dá chuid comhaltaí ná nach gá leanúnachas dó maidir lena bhallraíocht ná struchtúr forbartha.

TEIDEAL II

CIONTA SCEIMHLITHEOIREACHTAAGUS CIONTA A BHAINEANN LE GRÚPA SCEIMHLITHEOIREACHTA

Airteagal 3

Cionta sceimhlitheoireachta

1.   Maidir leis na gníomhartha intinniúla seo a leanas, a shainítear mar chionta faoin dlí náisiúnta agus a d’fhéadfadh, i bhfianaise a gcineáil nó a gcomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a shainiú mar chionta sceimhlitheoireachta i gcás ina ndéanfar iad agus ceann amháin de na haidhmeanna a liostaítear i mír 2 a bheith mar aidhm acu:

(a)

ionsaithe ar shaol duine a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás;

(b)

ionsaithe ar iomláine choirp duine;

(c)

fuadach nó gabháil giall;

(d)

scrios mór a dhéanamh ar shaoráid rialtais nó ar shaoráid phoiblí, ar chóras iompair, ar shaoráid bhonneagair, lena n-áirítear córas faisnéise, ardán seasta atá suite ar an scairbh ilchríochach, áit phoiblí nó maoin phríobháideach ar dócha go gcuirfí saol an duine i mbaol dá bharr nó go mbeadh caillteanas mór eacnamaíoch mar thoradh air;

(e)

aerárthaigh, longa nó modhanna eile iompair phoiblí nó iompair earraí a urghabháil;

(f)

pléascáin nó airm, lena n-áirítear airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha, a mhonarú, a shealbhú, a fháil, a iompar, a sholáthar nó a úsáid, mar aon le taighde agus forbairt ar airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha;

(g)

substaintí contúirteacha a scaoileadh, nó dóiteáin, tuilte, nó pléascthaí a chur faoi deara arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;

(h)

cur isteach ar an soláthar uisce, ar an soláthar cumhachta nó ar sholáthar aon acmhainne nádúrtha bunúsaí eile arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;

(i)

cur isteach neamhdhleathach ar an gcóras, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(3) nó ag pointe (b) nó ag pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Treoir sin, agus cur isteach neamhdhleathach sonraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir sin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Treoir sin;

(j)

bagairt a dhéanamh aon cheann de na gníomhartha a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) a dhéanamh.

2.   Is iad seo a leanas na haidhmeanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

daonra a imeaglú go tromchúiseach;

(b)

iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh;

(c)

bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a dhíothú.

Airteagal 4

Cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na gníomhartha seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil i gcás ina ndéantar go hintinniúil iad:

(a)

grúpa sceimhlitheoireachta a threorú;

(b)

páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí fhaisnéis nó acmhainní ábhartha a sholáthar, nó trína chuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar bhealach ar bith, agus fios a bheith ann go mbeidh an rannpháirtíocht sin ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa sceimhlitheoireachta.

TEIDEAL III

CIONTA A BHAINEANN LE GRÚPA SCEIMHLITHEOIREACHTA

Airteagal 5

Briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, teachtaireacht a dháileadh, nó a chur ar fáil ar shlí eile ar mhodh ar bith, bíodh sé ar líne nó as líne, agus é mar aidhm gríosú a dhéanamh go ndéanfar ceann de na cionta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 3(1), i gcás ina moltar go díreach nó go hindíreach leis an iompar sin, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú, cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil an baol ann dá bharr sin go bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de na cionta sin a dhéanamh.

Airteagal 6

Earcaíocht le haghaidh na sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, a iarraidh ar dhuine eile ceann amháin de na cionta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 3(1) a dhéanamh nó a iarraidh air rannchuidiú lena dhéanamh.

Airteagal 7

Oiliúint a sholáthar le haghaidh na sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, teagasc a thabhairt maidir le pléascáin, airm thine nó airm eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicníochtaí sonracha eile, chun ceann amháin de na cionta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 3(1) a dhéanamh, nó rannchuidiú leis an gcion sin a dhéanamh, agus é ar eolas go bhfuil sé beartaithe na scileanna a sholáthraítear a úsáid chun na críche sin.

Airteagal 8

Oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, teagasc a fháil maidir le pléascáin, airm thine nó airm eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicníochtaí sonracha eile, chun ceann amháin de na cionta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 3(1) a dhéanamh, nó rannchuidiú lena dhéanamh.

Airteagal 9

Taisteal a dhéanamh chun críche sceimhlitheoireachta

1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, taisteal chuig tír seachas an Ballstát sin chun cion sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta agus fios a bheith ann go rannchuideofar, tríd an rannpháirtíocht sin, le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanfaidh grúpa den sórt sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8.

2.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ceann amháin de na hiompraíochtaí seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil má dhéantar go hintinniúil é:

(a)

taisteal chuig an mBallstát sin chun cion sceimhlitheoireachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta agus fios a bheith ann go rannchuideofar, tríd an rannpháirtíocht sin, le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanfaidh grúpa den sórt sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil le haghaidh sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8; nó

(b)

gníomhartha ullmhúcháin arna ndéanamh ag duine atá ag dul isteach sa Bhallstát sin agus é ar intinn ag an duine sin cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú lena dhéanamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 10

Taisteal a eagrú, nó a éascú ar shlí eile chun críche sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh aon ghníomh eagrúcháin nó éascaithe, lena dtugtar cúnamh do dhuine ar bith taisteal a dhéanamh chun críche sceimhlitheoireachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 9(2), agus é ar eolas go dtugtar an cúnamh sin chun na críche sin, inphionóis mar chion coiriúil i gcás ina ndéantar go hintinniúil é.

Airteagal 11

Maoiniú sceimhlitheoireachta

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil é, cistí a bhailiú nó a chur ar fáil, trí mhodh ar bith, go díreach nó go hindíreach, agus é mar aidhm go n-úsáidfear iad, nó é ar eolas go n-úsáidfear iad, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 10 a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh.

2.   I gcás ina mbaineann maoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le ceann ar bith de na cionta a leagtar síos in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 9, ní bheidh sé riachtanach go n-úsáidfear na cistí, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta sin a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, agus ní éileofar gurb eol don chiontóir an cion nó na cionta a n-úsáidfear na cistí ina leith.

Airteagal 12

Cionta eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar ar chionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta na gníomhartha intinniúla seo a leanas:

(a)

tromghoid d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear in Airteagal 3 a dhéanamh;

(b)

sracadh d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear in Airteagal 3 a dhéanamh;

(c)

doiciméid riaracháin atá bréagach a tharraingt suas nó a úsáid d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 3(1), i bpointe (b) d’Airteagal 4, agus in Airteagal 9 a dhéanamh.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA A BHAINEANN LE CIONTA SCEIMHLITHEOIREACHTA, CIONTA A BHAINEANN LE GRÚPA SCEIMHLITHEOIREACHTA AGUS CIONTA A BHAINEANN LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ SCEIMHLITHEOIREACHTA

Airteagal 13

Gaol le cionta sceimhlitheoireachta

Chun go mbeidh cion dá dtagraítear in Airteagal 4 nó i dTeideal III inphionóis, ní gá cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh iarbhír, ná ní gá, a mhéid a bhaineann na cionta dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 10 agus in Airteagal 12, nasc a bhunú le cion sonrach eile a leagtar síos sa Treoir seo.

Airteagal 14

Cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis cabhrú agus neartú le cion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8, in Airteagal 11 agus in Airteagal 12.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis cion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 a ghríosú.

3.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis iarracht a dhéanamh cion dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 6, in Airteagal 7, in Airteagal 9(1), i bpointe (a) d’Airteagal 9(2), agus in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 a dhéanamh, cé is moite den seilbh dá bhforáiltear i bpointe (f) d’Airteagal 3(1) agus den chion dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 3(1).

Airteagal 15

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 inphionóis trí phionóis choiriúla éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha, a bhféadfadh tabhairt suas nó eiseachadadh a bheith i gceist leo.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus na cionta dá dtagraítear in Airteagal 14, a mhéid a bhaineann siad le cionta sceimhlitheoireachta, inphionóis le pianbhreitheanna choimeádta a bheidh níos troime ná na cinn atá infhorchurtha faoin dlí náisiúnta le haghaidh na gcionta sin in éagmais an intinn speisialta a éilítear de bhun Airteagal 3, ach amháin i gcás inarb ionann na pianbhreitheanna infhorchurtha agus na pianbhreitheanna uasta is féidir faoin dlí náisiúnta cheana.

3.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta a liostaítear in Airteagal 4 inphionóis le pianbhreitheanna coimeádta, agus go bhforchuirfear pianbhreith uasta nach lú ná cúig bliana déag i leith an chiona dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4, agus do na cionta a liostaítear i bpointe (b) d’Airteagal 4, go bhforchuirfear pianbhreith uasta nach lú ná ocht mbliana. I gcás inarb é duine, a bhfuil grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4 á stiúradh aige nó aici, a dhéanann an cion sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 3(1), ní bheidh an phianbhreith uasta níos lú ná ocht mbliana.

4.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, más ar leanbh a dhírítear cion choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7, go bhféadfar é sin a chur san áireamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nuair a bheidh pianbhreith á cur.

Airteagal 16

Imthosca maolaitheacha

Féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 15 a laghdú má dhéanann an ciontóir an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a thréigean, agus

(b)

faisnéis a sholáthar do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

éifeachtaí an chiona a chosc nó a mhaolú;

(ii)

ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt os comhair na cúirte;

(iii)

fianaise a fháil; nó

(iv)

tuilleadh ciontaí, dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14, a chosc.

Airteagal 17

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 a rinne aon duine chun a dtairbhe, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta ag an duine sin laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cumhacht chun ionadaíoch a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c)

údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, aon cheann de na chionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.

3.   Le dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo, ní eisiafar imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha a dhéanann nó a ghríosaíonn aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 18

Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach, a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 17, inphionóis le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, agus áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus d’fhéadfadh smachtbhannaí eile a bheith ar áireamh orthu freisin, amhail an méid seo a leanas:

(a)

eisiamh ón teideal chun sochar poiblí nó cúnaimh;

(b)

dícháiliú sealadach nó buan chun gníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(c)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(d)

ordú foirceanta breithiúnach;

(e)

bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

Airteagal 19

Dlínse agus ionchúiseamh

1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 a bhunú i gcás:

(a)

ina ndéantar an cion ina iomláine nó go páirteach ar a chríoch;

(b)

ina ndéantar an cion ar bord soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain aige nó ar bord aerárthaigh atá cláraithe ann;

(c)

inar duine de náisiúnaithe nó de chónaitheoirí de chuid an Bhallstáit é an ciontóir;

(d)

ina ndéantar an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ar a chríoch;

(e)

ina ndéantar an cion i gcoinne institiúidí nó daoine an Bhallstáit atá i dtrácht nó i gcoinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais atá bunaithe sa Bhallstát sin.

Féadfaidh gach Ballstát a dhlínse a leathnú más rud é go ndéantar an cion ar chríoch Ballstáit eile.

2.   Féadfaidh gach Ballstát a dhlínse a leathnú ionas go gcumhdófar oiliúint a sholáthar le haghaidh na sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an ciontóir oiliúint ar náisiúnaigh nó ar chónaitheoirí an Bhallstáit, i gcásanna nach bhfuil feidhm ag mír 1 den Airteagal seo ina leith. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

3.   I gcás ina mbainfidh cion le dlínse Ballstáit amháin nó níos mó, agus i gcás ina bhféadfaidh aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann ionchúiseamh a dhéanamh go bailí ar bhonn na bhfíoras céanna, comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun a chinneadh cé acu a dhéanfaidh na ciontóirí a ionchúiseamh agus é mar aidhm, más féidir, imeachtaí a lárú in aon Bhallstát amháin. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as Eurojust d’fhonn comhar a éascú idir a n-údaráis bhreithiúnacha agus comhordú a ngníomhaíochta a éascú.

Tabharfar aird ar an méid seo a leanas:

(a)

is é an Ballstát an Ballstát sin ar ar a chríoch a rinneadh an cion,

(b)

is é an Ballstát an Ballstát sin dar náisiúnach nó cónaitheoir an ciontóir,

(c)

is é an Ballstát tír tionscnaimh na n-íospartach,

(d)

is é an Ballstát an Ballstát sin ar ar a chríoch a thángthas ar an gciontóir.

4.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá freisin chun a dhlínse ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 a bhunú i gcásanna ina ndiúltaíonn sé duine a bhfuil drochamhras ann go ndearna sé nó sí an cion sin nó a ciontaíodh sa chion sin a thabhairt suas do Bhallstát eile nó do thríú tír nó a eiseachadadh chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, lena dhlínse, cásanna ina ndearnadh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 14 go hiomlán nó go páirteach laistigh dá chríoch, beag beann ar an áit a mbeidh an grúpa sceimhlitheoireachta bunaithe nó ina saothraíonn sé a chuid gníomhaíochtaí coiriúla.

6.   Ní eisiafar, leis an Airteagal seo, dlínse a fheidhmiú in ábhair choiriúla mar a leagann Ballstát síos i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

Airteagal 20

Uirlisí imscrúdaitheacha agus coigistiú

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail na cinn sin a úsáidtear sa choireacht eagraithe nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí, ar fáil do dhaoine, d’aonaid nó do sheirbhísí a bheidh freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na fáltais a thagann ó aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo agus na hionstraimeachtaí a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, a chalcadh nó a choigistiú, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

Airteagal 21

Bearta in aghaidh inneachar ar líne ar briogadh poiblí é

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbainfear láithreach aon inneachar ar líne is briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, agus a óstáiltear ar a gcríoch. Déanfaidh siad a ndícheall freisin inneachar den sórt sin a óstáiltear lasmuigh dá gcríoch a chur á bhaint.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, nuair nach mbeidh sé indéanta an t-inneachar dá dtagraítear i mír 1 a bhaint ag an bhfoinse, bearta a ghlacadh chun rochtain ar inneachar den sórt sin a bhlocáil ar úsáideoirí idirlín laistigh dá gcríoch féin.

3.   Ní mór na bearta sin a bhaineann le baint agus le blocáil a shocrú agus nósanna imeachta trédhearcacha á leanúint agus cosaintí leordhóthanacha a chur ar fáil, go háirithe lena áirithiú go mbeidh na bearta sin teoranta go dtí an méid atá riachtanach agus comhréireach agus go dtabharfar fógra d’úsáideoirí maidir leis an gcúis atá leis na bearta sin. Áireofar leis na coimircí a bhaineann le baint nó blocáil go bhféadfar sásamh breithiúnach a fháil.

Airteagal 22

Leasuithe ar Chinneadh 2005/671/CGB

Leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

‘cionta sceimhlitheoireachta’: na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

(*1)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a bhailíonn a údaráis inniúla i gcreat imeachtaí coiriúla i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta a chur ar fáil a luaithe is féidir d’údaráis inniúla Ballstáit eile, i gcás ina bhféadfaí an fhaisnéis a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 a chomhrac, a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, arna iarraidh sin nó go spontáineach, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hionstraimí dlíthiúla ábhartha idirnáisiúnta.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“7.   Níl mír 6 infheidhme i gcás ina ndéanfaí imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol dá ndéanfaí faisnéis a roinnt, ná i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann faisnéis a roinnt.

8.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil, tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, bearta tráthúla a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, de réir mar is iomchuí.”.

Airteagal 23

Cearta agus saoirsí bunúsacha

1.   Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Treoir seo go modhnófar na hoibleagáidí atá ann cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha dlí, mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE iad, a urramú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a bhunú a éileofar agus a bheidh i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a bhaineann le saoirse an phreasa agus meán eile, lena rialaítear cearta agus freagrachtaí an phreasa nó meán eile agus na ráthaíochtaí nós imeachta don phreas agus do mheáin eile, i gcás ina mbainfidh coinníollacha den sórt sin le dliteanas a chinneadh nó a theorannú.

TEIDEAL V

FORÁLACHA MAIDIR LE hÍOSPARTAIGH NA SCEIMHLITHEOIREACHTA A CHOSAINT, MAIDIR LENA gCEARTA AGUS MAIDIR LE TACAÍOCHT DÓIBH

Airteagal 24

Cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeifear ag brath, le himscrúduithe ar chionta a chumhdaítear leis an Treoir seo, nó leis na cionta sin a ionchúiseamh, ar thuarascáil nó ar chúiseamh a dhéanann íospartach sceimhlitheoireachta nó duine eile atá faoi réir an chiona, ar a laghad má rinneadh na gníomhartha ar chríoch an Bhallstáit.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh seirbhísí tacaíochta ann, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha íospartaigh na sceimhlitheoireachta, i gcomhréir le Treoir 2012/29/AE agus go mbeidh siad ar fáil d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta díreach tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta agus ar feadh chomh fada agus is gá. Soláthrófar seirbhísí den sórt sin de bhreis ar sheirbhísí ginearálta tacaíochta íospartach nó mar chuid de na seirbhísí tacaíochta sin, a d’fhéadfadh leas a bhaint as eintitis atá ann cheana lena soláthraítear tacaíocht speisialaithe.

3.   Beidh ar chumas na seirbhísí tacaíochta cúnamh agus tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta i gcomhréir lena riachtanais shonracha. Beidh na seirbhísí sin rúnda agus saor in aisce agus beidh rochtain éasca ag íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta orthu. Áireofar orthu an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tacaíocht mhothúchánach agus shíceolaíoch, amhail tacaíocht tráma agus comhairleoireacht;

(b)

comhairle agus faisnéis a sholáthar maidir le hábhair dhlíthiúla, phraiticiúla nó airgeadais ábhartha, lena n-áirítear feidhmiú cirt íospartach chun faisnéise a éascú, mar a leagtar síos in Airteagal 26;

(c)

cúnamh le héilimh, maidir leis an gcúiteamh atá le fáil d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sásraí agus na prótacail ann lena gceadaítear seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta a ghníomhachtú laistigh de chreat a mbonneagar freagartha náisiúnta éigeandála. Cuirfear san áireamh i sásraí nó i bprótacail den sórt sin go mbeidh comhordú á dhéanamh ar na húdaráis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha le go mbeifear in ann freagairt chuimsitheach a chur ar fáil do riachtanais na n-íospartach agus riachtanais daoine dá dteaghlaigh, díreach tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta agus go ceann a fhad is gá, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun íospartaigh agus a dteaghlaigh a shainaithint agus chun cumarsáid a dhéanamh leo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cóireáil leighis leordhóthanach ar fáil d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta, díreach tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta agus ar feadh chomh fada agus is gá. Coimeádfaidh na Ballstáit an ceart chun soláthar cóireála leighis d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta a eagrú i gcomhréir lena gcóras cúraim sláinte náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh na sceimhlitheoireachta ar chúnamh dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2012/29/AE, i gcás ina mbeidh stádas páirtithe in imeachtaí coiriúla acu. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tromchúis agus imthosca an chiona á léiriú go cuí sna coinníollacha agus sna rialacha nós imeachta faoina bhféadfaidh íospartaigh na sceimhlitheoireachta rochtain a bheith acu ar chúnamh dlíthiúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

7.   Beidh feidhm ag an Treoir seo sa bhreis ar bhearta a leagtar síos i dTreoir 2012/29/AE, agus ní dochar an Treoir seo do na bearta sin.

Airteagal 25

Íospartaigh sceimhlitheoireachta a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta ar fáil chun íospartaigh na sceimhlitheoireachta agus daoine dá dteaghlach a chosaint, i gcomhréir le Treoir 2012/29/AE. Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart go dtairbheoidís de bhearta cosanta le linn imeachtaí coiriúla agus maidir le méid na tairbhe sin, tabharfar aird ar leith ar riosca an imeaglaithe agus an fhrithbhirt agus ar an ngá atá le dínit agus iomláine choirp íospartaigh na sceimhlitheoireachta a chosaint, lena n-áirítear le linn an cheistithe agus nuair a bheidh fianaise á tabhairt.

Airteagal 26

Cearta íospartaigh sceimhlitheoireachta a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh sceimhlitheoireachta, ar cónaitheoirí iad de chuid Ballstáit seachas an Ballstát ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta, ar fhaisnéis maidir lena gcearta agus maidir leis na seirbhísí tacaíochta agus na scéimeanna cúitimh atá ar fáil sa Bhallstát ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta. I ndáil leis an méid sin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí chun comhar a éascú idir a gcuid údarás inniúil nó a gcuid eintiteas a sholáthraíonn tacaíocht speisialaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag íospartaigh na sceimhlitheoireachta ar an bhfaisnéis sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta ar an gcúnamh agus ar na seirbhísí tacaíochta, mar a leagtar síos iad i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 24(3), ar chríoch an Bhallstáit sin ina bhfuil cónaí orthu, fiú má rinneadh an cion sceimhlitheoireachta i mBallstát eile.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Cinneadh Réime 2002/475/CGB a ionadú

Déantar Cinneadh Réime 2002/475/CGB a ionadú i dtaca leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2002/475/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 28

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 8 Meán Fómhair 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 29

Tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 8 Márta 2020, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a ghlac na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 8 Meán Fómhair 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar luach breise na Treorach seo i dtaca le sceimhlitheoireacht a chomhrac. Cumhdóidh an tuarascáil freisin tionchar na Treorach seo ar chearta agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear an neamh-idirdhealú, an smacht reachta, agus an leibhéal cosanta agus cúnaimh a sholáthraítear d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil faoi Chinneadh 2005/671/CGB a chur san áireamh agus cuirfidh sé san áireamh freisin aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le cumhachtaí a fheidhmiú faoi dhlíthe frithsceimhlitheoireachta a bhaineann leis an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún, más gá, cinneadh faoi ghníomhaíochtaí iomchuí leantacha a dhéanamh.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 31

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. BORG


(1)  IO C 177, 18.5.2016, lch. 51.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2017.

(3)  Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).

(4)  Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir údaráis fhorfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).

(5)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lch. 22).

(7)  Rialachán (AE) Uimh 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír nó duine gan stát i gceann de na Ballstáit; agus chun go bhféadfaidh údaráis fhorfheidhmithe dlí na mBallstát agus Europol comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh chun críocha forfheidhmithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(8)  Treoirchinneadh 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um ghéilleadh idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(9)  Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).

(13)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

(14)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(15)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(16)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

(17)  Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 15).

(18)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(19)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

(20)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).


Top