EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1139

Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle

OJ L 191, 15.7.2016, p. 1–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1139/oj

15.7.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/1


RIALACHÁN (AE) 2016/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2016

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige (3), a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear líon na speiceas saothraithe a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais go leibhéil is féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

(2)

Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe in Johannesburg in 2002, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís i gcoinne an mheatha leanúnaigh atá ag teacht ar go leor stoc éisc. Dá bhrí sin, is gá rátaí saothraithe troisc, scadáin agus scaláin i Muir Bhailt a oiriúnú lena áirithiú go ndéanann saothrú na stoc sin iad a athbhunú agus a chothabháil os cionn na leibhéal ar ar féidir UTI a tháirgeadh.

(3)

Rannchuideoidh an comhbheartas iascaigh (CBI) le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaítear rialacha CBI i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú go bhfuil iascaireacht agus dobharshaothrú inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, an cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a chur i bhfeidhm, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme.

(5)

Thug comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) le fios go bhfuil an saothrú atá á dhéanamh ar roinnt stoc troisc, saláin agus scadáin os cionn an leibhéil a bheadh ag teastáil chun UTI a bhaint amach.

(6)

Tá plean bainistíochta do na stoic troisc i bhfeidhm ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (6) in 2007 ach níl na stoic scadáin ná saláin faoi réir pleananna comhchosúla go fóill. Ó tá idirghníomhaíochtaí láidre bitheolaíocha ann idir na stoic troisc agus pheiligeacha, is féidir le méid an stoic troisc difear a dhéanamh do mhéid na stoc scadáin agus saláin, agus a mhalairt. Ina theannta sin, tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara go dtacaíonn siad le forbairt agus cur chun feidhme pleananna bainistíochta do na príomhstoic i Muir Bhailt.

(7)

Ba cheart an plean ilbhliantúil a bhunaítear leis an Rialachán seo (“an plean”) a bheith bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh.1380/2013, ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch agus ba cheart cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe le tráthchláir shoiléire, pointí tagartha caomhnaithe agus coimircí a bheith ann.

(8)

Is iomchuí plean iascaigh ilspeiceas a bhunú ina gcuirfear i gcuntas na dinimicí idir na stoic troisc, scadáin agus saláin, agus ina gcuirfear san áireamh freisin speicis fo-ghabhála an iascaigh i gcás na stoc sin, eadhon stoic leathóige, leithe, turbaird agus broite i Muir Bhailt.

(9)

Ba cheart gurb é cuspóir an phlean rannchuidiú le baint amach chuspóirí CBI, go háirithe UTI a shroicheadh agus a choinneáil i gcás na stoc lena mbaineann.

(10)

Thairis sin, de bhrí gur tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear i gcás gach gabhála de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála, ba cheart don phlean rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás troisc, scadáin, saláin agus leathóige.

(11)

Ag teacht le cur chuige bunaithe ar éiceachóras agus sa bhreis ar an tuairisceoir a bhaineann leis an iascach ó Threoir 2008/56/CE, tá tuairisceoir 1, tuairisceoir 4 agus tuairisceoir 6 ábhartha do bhainistiú iascaigh.

(12)

Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla.

(13)

Is iomchuí an spriocbhásmhaireachta iascaireachta (F) a bhunú a chomhfhreagraíonn don chuspóir UTI a shroicheadh agus a choinneáil mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le huastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach (FUTI). Is gá na raonta sin, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, chun solúbthacht a chur ar fáil chun forbairtí sa chomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus chun saintréithe an iascaigh mheasctha a chur san áireamh. Ríomh ICES raonta FUTI ar bhonn líon áirithe cúinsí. Díorthaítear na raonta chun laghdú nach mó ná 5 % i dtáirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid le hUTI a thabhairt. Caidhpeáiltear uasteorainn an raoin, ionas nach mó an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Blim) ná 5 %. Cloíonn an uasteorainn sin freisin le riail chomhairle ó ICES mar a thugtar air, rud a léiríonn nuair is lú an bhithmhais stoic sceite ná an pointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite (UTI Btruicear), go laghdófar F go luach nach mó ná uasteorainn is ionann agus luach phointe FUTI arna iolrú faoin mbithmhais stoic sceite i mbliain TAC, arna roinnt faoi UTI Btruicear. Úsáideann ICES na breithnithe sin agus an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á soláthar aige maidir le básmhaireacht iascaireachta agus roghanna gabhála.

(14)

Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart uasteorainn a bheith ann do raonta FUTI i ngnáthúsáid agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil an stoc lena mbaineann faoi dhea-bhail (os cionn UTI Btruicear), uasteorainn do chásanna áirithe. Níor cheart é a bheith indéanta deiseanna iascaireachta a shocrú le bheith teoranta leis an uasteorainn ach amháin más rud é, ar bhonn comhairle eolaíche nó fianaise eolaíche, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo in iascach measctha a bhaint amach nó más gá chun díobháil a dhéantar do stoc de bharr dinimic stoic laistigh den speiceas céanna nó idir-speiceas a sheachaint, nó chun éagsúlachtaí bliain go bliain i ndeiseanna iascaireachta a theorannú. Chun an uasteorainn a chur i bhfeidhm, is gá na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mheabhrú go mbainfear amach ráta saothraithe UTI in aon chás faoi 2020.

(15)

I gcás stoic dá bhfuil siad ar fáil, chun críocha bearta coimirce a chur i bhfeidhm, is gá pointí tagartha caomhnaithe a bhunú arna léiriú mar UTI Btruicear agus Blim. Ba cheart bearta iomchuí coimirce a bheartú i gcás ina dtitfidh méid an stoic faoi leibhéil chriticiúla stoic bhithmhaise sceite den sórt sin.

(16)

Ba cheart a áireamh i mbearta coimirce laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnaithe sonracha nuair a léiríonn comhairle eolaíoch go bhfuil stoc i mbaol. Ba cheart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart iomchuí eile.

(17)

I gcás stoc nach bhfuil na pointí tagartha ar fáil dóibh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige réamhchúraim.

(18)

Nuair a thíolacann an Coimisiún togra chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a ndícheall chun a áirithiú go nglacfar go mear é.

(19)

I gcás stoic a ghabhtar mar fho-ghabhálacha, in éagmais comhairle eolaíoch maidir le leibhéil bhithmhaise sceite íosta stoc den sórt sin, ba cheart bearta caomhnaithe sonracha a ghlacadh i gcás ina léirítear le comhairle eolaíoch go bhfuil gá le bearta feabhais.

(20)

Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta bainistíochta breise. Ba cheart bearta den sórt sin a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(21)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean freisin go ndéanfar bearta teicniúla tionlacain áirithe a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun rannchuidiú le cuspóirí an phlean a bhaint amach, go háirithe maidir le héisc sceite agus éisc óga a chosaint nó chun roghnaíocht a fheabhsú.

(22)

Chun dul in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach tráthúil agus comhréireach agus chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áiritithe forbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le bearta feabhais maidir le leathóg, leith, turbard agus broit, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus le bearta teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(23)

An sprioc-am chun moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit lena mbaineann a thíolacadh, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(24)

D'fhonn comhlíonadh na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart bearta rialaithe sonracha a ghlacadh chun na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8) a chomhlánú.

(25)

I bhfianaise gur limistéar iascaireachta measartha beag í Muir Bhailt agus gur soithí beaga a dhéanann turais ghearra iascaireachta is mó atá ann, ba cheart úsáid an réamhfhógra mar a cheanglaítear faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a shíneadh chun gach soitheach iascaireachta arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán a chumhdach, agus ba cheart na réamhfhógraí sin a chur isteach uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach. I bhfianaise na héifeachta teoranta a bhíonn ag turais iascaireachta nach ngabhann ach méideanna an-bheaga éisc ar na stoic lena mbaineann agus ualach riaracháin na réamhfhógraí a bhaineann le turais iascaireachta den sórt sin, áfach, is iomchuí tairseach a leagan síos do réamhfhógraí den sórt sin, i gcás ina gcoimeádann na soithí sin ar a laghad 300 kg de throsc nó dhá thona de speicis pheiligeacha ar bord.

(26)

Mar an gcéanna, ba cheart úsáid logleabhar iascaireachta mar a cheanglaítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a shíneadh chun soithí iascaireachta arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán.

(27)

Is iomchuí freisin, a mhéid a bhaineann le soithí a thugann a ngabhálacha i dtír neamhshórtáilte, an corrlach lamháltais a oiriúnú i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de na cainníochtaí a choimeádtar ar bord.

(28)

Ba cheart tairseacha a bhunú i gcomhair gabhálacha troisc, scadáin agus saláin a bhfuil ceangal ar shoitheach iascaireachta iad a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, nuair atá na calafoirt sin nó na háiteanna sin gar don chladach á n-ainmniú, ba cheart do na Ballstáit na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 43(5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go n-áiritheofar rialú éifeachtach ghabhálacha na stoc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú don mheasúnú tréimhsiúil a dhéanfaidh an Coimisiún ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht an phlean. Ba cheart measúnú den sórt sin a dhéanamh tar éis d'ICES meastóireacht tagarmharcála a dhéanamh ar na stoic lena mbaineann agus í a bheith bunaithe ar an meastóireacht tagarmharcála sin.

(30)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir bearta sealadacha scoir atá glactha chun cuspóirí an phlean a bhaint amach a mheas mar incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(31)

I bhfianaise na mbeart arna nglacadh ag an Rialachán seo, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (10) a leasú. Is gá na srianta limistéir ar iascaireacht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 a chothabháil chun éisc sceite agus éisc óga a chosaint. Is gá freisin an gaol idir an plean agus Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 maidir le bearta teicniúla a shoiléiriú agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun bearta teicniúla i gcomhthéacs pleananna ilbhliantúla a ghlacadh. Ina theannta sin, ba cheart na rialacha sonracha maidir le trealamh arna choimeád ar bord i gcás soithí a dhíríonn ar throsc a scriosadh.

(32)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 a aisghairm.

(33)

Ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1396/2014 ón gCoimisiún (11) mar thoradh ar ghlacadh an phlean,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil (“an plean”) do na stoic seo a leanas (“na stoic lena mbaineann”) in uiscí an Aontais i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic lena mbaineann:

(a)

trosc (Gadus morhua) i bhForanna 22-24 d'ICES (trosc Mhuir Bhailt Thiar);

(b)

trosc (Gadus morhua) i bhForanna 25-32 d'ICES (trosc Mhuir Bhailt Thoir);

(c)

scadán (Clupea harengus) i bhForanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus 32 d'ICES (scadán Mhuir Bhailt Láir);

(d)

scadán (Clupea harengus) i bhForoinn 28.1 d'ICES (scadán Mhurascaill Ríge);

(e)

scadán (Clupea harengus) i bhForoinn 30 d'ICES (scadán Mhuir na Boitnia);

(f)

scadán (Clupea harengus) i bhForoinn 31 d'ICES (scadán Bhá na Boitnia);

(g)

scadán (Clupea harengus) i bhForanna 22-24 d'ICES (scadán Mhuir Bhailt Thiar);

(h)

salán (Sprattus sprattus) i bhForanna 22-32 d'ICES (salán Mhuir Bhailt).

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le fo-ghabhálacha leathóige (Pleuronectes platessa), leithe (Platichthys flesus), turbaird (Scophthalmus maximus) agus broite (Scophthalmus rhombus) i bhForanna 22-32 d'ICES a ghabhtar agus na stoic lena mbaineann á n-iascaireacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “stoic pheiligeacha” na stoic a liostaítear i bpointe (c) go pointe (h) d'Airteagal 1(1) den Rialachán seo agus aon mheascán díobh sin;

(2)

ciallaíonn “raon FUTI” raon luachanna ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) ann san fhadtéarma faoi mheánchoinníollacha comhshaoil atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas síolraithe do na stoic lena mbaineann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh de theorainneacha an raoin sin, ar teorainneacha iad a luaitear go heolaíoch, i gcásanna iascaigh mheasctha agus i gcomhréir le comhairle eolaíoch;

(3)

ciallaíonn “UTI Físeal” agus “UTI Fuachtair” an luach is ísle agus an luach is airde laistigh de raon FUTI, faoi seach;

(4)

ciallaíonn “UTI Btruicear” an pointe tagartha bithmhaise stoc sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a atógáil thar leibhéil is féidir UTI a tháirgeadh san fhadtéarma;

(5)

ciallaíonn “na Ballstáit lena mbaineann” na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta, eadhon an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Rannchuideoidh an plean le cuspóirí an chomhbheartais iscaigh (CBI) a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil is féidir UTI a tháirgeadh.

2.   Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

3.   Cuirfidh an plean an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe an cuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

Go háirithe, beidh sé mar aidhm ag an bplean:

(a)

a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)

rannchuidiú le baint amach na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin i gcomhréir leis an ról atá ag iascach ina mbaint amach.

4.   Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil.

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Déanfar an spriocbhásmhaireacht iascaireachta a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar bhonn forásach, de réir a chéile, faoi 2020 do na stoic lena mbaineann, agus cothabhálfar í dá éis sin laistigh de na raonta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3(1).

2.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna an phlean agus comhlíonfaidh siad na spriocraonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a chomhfhreagraíonn do leibhéil is ísle bhásmhaireachta iascaireachta ná iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún A.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta do stoc ar leith a shocrú i gcomhréir leis na raonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún B, ar choinníoll go bhfuil an stoc lena mbaineann os cionn an phointe tagartha íosta bithmhaise stoic sceite a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A:

(a)

más rud é, ar bhonn comhairle eolaíche nó fianaise eolaíche, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 in iascach measctha a bhaint amach;

(b)

más rud é, ar bhonn comhairle eolaíche nó fianaise eolaíche, gur gá sin chun díobháil do stoc a sheachaint de bharr dinimic stoic laistigh den speiceas céanna nó idir-speiceas; nó

(c)

chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go líon nach mó ná 20 %.

Míneofar cur i bhfeidhm na míre seo le tagairt do cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) den chéad fhomhír.

5.   I gcás, de réir comhairle eolaíoch, ina mbaintear amach ráta saothraithe UTI don stoc lena mbaineann faoi 2020, féadfar deiseanna iascaireachta don stoc sin a shocrú i gcomhréir le mír 4 dá éis sin.

6.   I gcás, ar bhonn comhairle eolaíoch, ina measann an Coimisiún nach léiríonn na raonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I cuspóirí an phlean sin i gceart a thuilleadh, féadfaidh an Coimisiún mar ábhar práinne togra a thíolacadh le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na raonta sin.

7.   In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtifidh an bhithmhais stoic sceite faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Blim) a leagtar amach go háirithe in Iarscríbhinn II, colún B.

CAIBIDIL III

POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE

Airteagal 5

Coimircí

1.   Déanfar na pointí tagartha caomhnaithe atá léirithe mar leibhéil íosta agus teorann do bhithmhais stoic sceite atá le cur i bhfeidhm chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc lena mbaineann a chosaint a leagan amach in Iarscríbhinn II.

2.   Nuair a léiríonn comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic lena mbaineann faoi bhun an phointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo, glacfar gach beart feabhais iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach go tapa arís leibhéil an stoic lena mbaineann os cionn an leibhéil atá ábalta UTI a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(2) agus (4) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun leibhéil den sórt sin a bhaint amach, socrófar deiseanna iascaireachta don stoc lena mbaineann ar leibhéal i gcomhréir le básmhaireacht iascaireachta arna laghdú faoin raon a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún B, a ghabhann leis an Rialachán seo, agus an laghdú ar bhithmhais an stoic sin á chur san áireamh.

3.   Nuair a léiríonn comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic lena mbaineann faoi bhun an phointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún B, a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar bearta feabhais breise chun a áirithiú go mbainfear amach go tapa arís leibhéil an stoic lena mbaineann os cionn an leibhéil atá ábalta UTI a tháirgeadh, lena bhféadfar a áireamh, de mhaolú ar Airteagal 4(2) agus (4) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, iascach spriocdhírithe an stoic lena mbaineann agus laghdú leordhóthanach ar dheiseanna iascaireachta a fhionraí.

4.   Féadfar a áireamh i mbearta feabhais dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bearta an Choimisiúin i gcás bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

bearta éigeandála na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

bearta de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.

5.   Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear i mír 1.

6.   I gcás, ar bhonn comhairle eolaíoch, ina measann an Coimisiún nach léiríonn na pointí tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II cuspóirí an phlean i gceart a thuilleadh, féadfaidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, togra a thíolacadh leis na pointí tagartha caomhnaithe sin a athbhreithniú.

CAIBIDIL IV

BEARTA CAOMHNAITHE SONRACHA LE hAGHAIDH LEATHÓIGE, LEITHE, TURBAIRD AGUS BROITE

Airteagal 6

Bearta le haghaidh leathóg, leith, turbard agus broit a ghabhtar mar fho-ghabháil

1.   Nuair a léiríonn comhairle eolaíoch gur gá bearta feabhais chun a áirithiú go mbainistítear stoic Mhuir Bhailt leathóige, leithe, turbaird nó broite, a ghabhtar mar fho-ghabháil nuair a bhítear ag iascaireacht na stoc lena mbaineann, i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 3 den Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

saintréithe trealamh iascaireachta, go háirithe méid mhogaill, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b)

úsáid an trealaimh iascaireachta, go háirithe am tumtha agus an doimhneacht ag a n-úsáidtear é, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht i limistéir ar leith, chun éisc sceite agus óga nó éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(d)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama áirithe, chun éisc sceite nó éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint;

(f)

saintréithe eile atá nasctha le roghnaíocht.

2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 7

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta seo a leanas:

(a)

díolúintí ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh, chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú;

(b)

díolúintí de minimis chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú; forálfar díolúintí de minimis den sórt sin do chásanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus beidh siad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa phointe sin;

(c)

forálacha sonracha maidir le doiciméadú gabhálacha, go háirithe chun na críche faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(d)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.

2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 8

Bearta teicniúla

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a n-úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)

teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.

2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL VII

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 9

Comhar réigiúnach

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Rialachán seo.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a thíolacadh den chéad uair tráth nach déanaí ná an 21 Iúil 2017 agus ina dhiaidh sin 12 mhí tar éis an mheastóireacht ar an bplean a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15. Féadfaidh siad moltaí den sórt sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Déanfar moltaí comhpháirteacha i leith bearta a bhaineann le bliain féilire áirithe a thíolacadh tráth nach déanaí ná 1 Iúil na bliana roimhe sin.

3.   Beidh an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 6, faoi Airteagal 7 agus faoi Airteagal 8 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VIII

RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 10

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Beidh feidhm ag na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 11

Réamhfhógraí

1.   De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag oibleagáid an réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus a choimeádann ar bord ar a laghad 300 kg de throisc nó dhá thona de stoic pheiligeacha.

2.   De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cósta, ar bhonn cás ar chás, cead a thabhairt d'iontráil níos luaithe i gcalafort.

Airteagal 12

Logleabhair

De mhaolú ar Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, coimeádfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus atá ag gabháil d'iascaireacht spriocdhírithe trosc logleabhar iascaireachta a n-oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin.

Airteagal 13

Corrlach lamháltais sa logleabhar

De mhaolú ar Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás gabhálacha a thugtar i dtír agus iad neamhshórtáilte 10 % den mhéid iomlán a choimeádtar ar bord a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí na n-iasc a choimeádtar ar bord i gcileagraim.

Airteagal 14

Calafoirt ainmnithe

Seo a leanas an tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan speiceas atá faoi réir an phlean, os a cionn sin ní mór do shoitheach iascaireachta a ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

(a)

750 cileagram de throisc;

(b)

5 thona de stoic pheiligeacha.

CAIBIDIL IX

ATHLEANÚINT

Airteagal 15

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 21 Iúil 2019, agus gach cúig bliana dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhéanamh ag dáta níos luaithe má mheasann gach Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún féin gur gá.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 20 Iúil 2016. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a shroicheadh mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 13(3).

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 16a

Srian limistéir ar iascaireacht

1.   Toirmiscfear aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na hionaid seo a leanas, a thomhaisfear i gcomhréir le córas comhordanáide WGS84:

(a)

Limistéar 1:

55 ° 45′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir

55 ° 45′ Thuaidh, 16 ° 30′ Thoir

55 ° 00′ Thuaidh, 16 ° 30′ Thoir

55 ° 00′ Thuaidh, 16 ° 00′ Thoir

55 ° 15′ Thuaidh, 16 ° 00′ Thoir

55 ° 15′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir

55 ° 45′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir

(b)

Limistéar 2:

55 ° 00′ Thuaidh, 19 ° 14′ Thoir

54 ° 48′ Thuaidh, 19 ° 20′ Thoir

54 ° 45′ Thuaidh, 19 ° 19′ Thoir

54 ° 45′ Thuaidh, 18 ° 55′ Thoir

55 ° 00′ Thuaidh, 19 ° 14′ Thoir

(c)

Limistéar 3:

56 ° 13′ Thuaidh, 18 ° 27′ Thoir

56 ° 13′ Thuaidh, 19 ° 31′ Thoir

55 ° 59′ Thuaidh, 19 ° 13′ Thoir

56 ° 03′ Thuaidh, 19 ° 06′ Thoir

56 ° 00′ Thuaidh, 18 ° 51′ Thoir

55 ° 47′ Thuaidh, 18 ° 57′ Thoir

55 ° 30′ Thuaidh, 18 ° 34′ Thoir

56 ° 13′ Thuaidh, 18 ° 27′ Thoir.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht le líonta geolbhaigh, líonta sáinneacha agus líonta traimle a bhfuil méid mhogaill comhionann le 157 mm nó níos mó ná sin acu nó le línte aistreacha. Ní choimeádfar aon trealamh eile ar bord.”;

(3)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28aa

Nós imeachta chun bearta teicniúla a ghlacadh i gcomhthéacs pleananna ilbhliantúla

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) a ghlacadh agus ar feadh a ré, chun bearta teicniúla a ghlacadh. Déanfar bearta teicniúla den sórt sin a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, maolú ón méid seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí spriocspeiceas, méideanna mogaill agus íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 14 (1) den Rialachán seo;

(b)

struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid trealamh gníomhach a leagtar síos in Airteagal 5(2), (3) agus (4) agus in Airteagal 6 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid trealamh éighníomhach a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo;

(d)

liosta/liostaí chomhordanáidí na limistéar agus na dtréimhsí ina bhfuil feidhm ag toirmisc iascaireachta nó srianta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 16a den Rialachán seo;

(e)

na speicis a bhfuil feidhm ag Airteagal 18a(1) den Rialachán seo maidir leo, mar aon leis na limistéir gheografacha agus tréimhsí chur i bhfeidhm na srianta ar iascaireacht stoc áirithe a leagtar síos sa mhír sin, mar aon le sonraí teicniúla an mhaolaithe a leagtar síos in Airteagal 18a(2) den Rialachán seo.

(*)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).”;"

(4)

In Airteagal 28b(2), (3) agus (5), cuirtear na focail “Airteagal 14a, Airteagal 28a agus Airteagal 28aa” in ionad na bhfocal “Airteagal 14a agus Airteagal 28a”.

Airteagal 19

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 230, 14.7.2015, lch. 120.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat-Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh.639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007, lch. 1).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund a chaomhnú trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1396/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha i Muir Bhailt (IO L 370, 30.12.2014, lch. 40).


IARSCRÍBHINN I

SPRIOCBHÁSMHAIREACHT IASCAIREACHTA

(amhail dá dtagraítear in Airteagal 4)

Stoc

Spriocraonta básmhaireachta iascaireachta i gcomhréir le huastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach (FUTI)

 

Colún A

(Cuid de raon FUTI amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3))

Colún B

(Cuid de raon FUTI amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(4))

Trosc Mhuir Bhailt Thiar

0,15 — 0,26

0,26 — 0,45

Trosc Mhuir Bhailt Thoir

Gan sainiú

Gan sainiú

Scadán Mhuir Bhailt Láir

0,16 — 0,22

0,22 — 0,28

Scadán Mhurascaill Ríge

0,24 — 0,32

0,32 — 0,38

Scadán Mhuir na Boitnia

0,11 — 0,15

0,15 — 0,18

Scadán Bhá na Boitnia

Gan sainiú

Gan sainiú

Scadán Mhuir Bhailt Thiar

0,23 — 0,32

0,32 — 0,41

Salán Mhuir Bhailt

0,19 — 0,26

0,26 — 0,27


IARSCRÍBHINN II

POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE DO BHITHMHAIS STOIC SCEITE

(amhail dá dtagraítear in Airteagal 5)

Stoc

Pointí tagartha caomhnaithe

 

Colún A

Pointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite (i dtonaí) dá dtagraítear in Airteagal 5(2) (UTI Btruicear)

Colún B

Pointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (i dtonaí) dá dtagraítear in Airteagal 5(3) (Blim)

Trosc Mhuir Bhailt Thiar

38 400

27 400

Trosc Mhuir Bhailt Thoir

Gan sainiú

Gan sainiú

Scadán Mhuir Bhailt Láir

600 000

430 000

Scadán Mhurascaill Ríge

60 000

Gan sainiú

Scadán Mhuir na Boitnia

316 000

Gan sainiú

Scadán Bhá na Boitnia

Gan sainiú

Gan sainiú

Scadán Mhuir Bhailt Thiar

110 000

90 000

Salán Mhuir Bhailt

570 000

410 000


Top