EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R2424

Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

OJ L 341, 24.12.2015, p. 21–94 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/09/2017; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32017R1001 ? 32017R1430

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2424/oj

24.12.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 341/21


RIALACHÁN (AE) 2015/2424 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2015

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 118 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle (2) a códaíodh in 2009 mar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (3), bunaíodh córas de chosaint trádmharcanna a bhaineann go sonrach leis an Aontas Eorpach, ar córas é a rinne foráil do chosaint ar thrádmharcanna ar leibhéal an Aontais, i gcomhthráth leis an gcosaint ar thrádmharcanna a bhí ar fáil ar leibhéal na mBallstát i gcomhréir leis na córais trádmharcanna náisiúnta, a comhchuibhíodh le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle (4), ar Treoir í a códaíodh mar Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(2)

De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart téarmaíocht Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a nuashonrú. Is éard atá i gceist leis sin go gcuirfear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh” (“trádmharc de chuid AE”) in ionad “trádmharc Comhphobail”. Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an obair atá ar bun i bhfírinne ag an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí), ba cheart “Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh” (“an Oifig”) a chur in ionad a hainm.

(3)

Anuas ar theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 maidir le straitéis um chearta maoine tionsclaíochta don Eoraip, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar fheidhmiú foriomlán an chórais trádmharcanna san Eoraip ina iomláine, lenar cumhdaíodh leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta agus idirghaol an dá leibhéal.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 25 Bealtaine 2010 maidir leis an athbhreithniú amach anseo ar an gcóras trádmharcanna san Aontas Eorpach, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus ar Threoir 2008/95/CE a thíolacadh.

(5)

Léirigh an taithí a fuarthas ó bunaíodh córas na dtrádmharcanna Comhphobail gur ghlac gnóthais ón Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras, ar córas é atá ina chomhlánú agus ina mhalairt rathúil agus inmharthana ar an gcosaint a thugtar do thrádmharcanna ar leibhéal na mBallstát.

(6)

Dá ainneoin sin, tá trádmharcanna náisiúnta fós riachtanach do na gnóthais sin nach mian leo a gcuid trádmharcanna a chosaint ar leibhéal an Aontais nó do na gnóthais sin nach féidir leo cosaint ar fud an Aontais a fháil cé nach bhfuil aon bhacainní ag baint le cosaint náisiúnta. Ba cheart é a fhágáil faoi gach duine a bhfuil cosaint trádmhairc á lorg aige nó aici cinneadh a dhéanamh cé acu an cosaint mar thrádmharc náisiúnta amháin i mBallstát amháin nó níos mó, nó mar thrádmharc de chuid AE amháin, nó iad araon, atá á lorg aige nó aici.

(7)

Cé gur dearbhaíodh leis an meastóireacht ar fheidhmiú foriomlán chóras na dtrádmharcanna Comhphobail go bhfuil a lán gnéithe den chóras sin, lena n-áirítear na bunphrionsabail ar a bhfuil sé fothaithe, fós iontaofa le himeacht aimsire agus go bhfuil siad ag freastal i gcónaí ar riachtanais agus ar ionchais ghnó, ba é an tátal a bhain an Coimisiún as ina theachtaireacht “Margadh aonair le haghaidh cearta maoine intleachtúla” an 24 Bealtaine 2011 gur gá an córas trádmharcanna san Aontas a nuachóiriú trína dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí ina iomláine agus trí é a oiriúnú do ré an idirlín.

(8)

I gcomhthráth leis na feabhsuithe agus leis na leasuithe ar chóras trádmharcanna AE, ba cheart dlíthe agus cleachtais trádmharcanna náisiúnta a chomhchuibhiú tuilleadh agus a thabhairt i gcomhréir le córas trádmharcanna AE de réir mar is iomchuí d'fhonn coinníollacha comhionanna a chruthú a oiread agus is féidir maidir le trádmharcanna a chlárú agus a chosaint ar fud an Aontais.

(9)

Chun níos mó solúbthachta a cheadú, agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú ag an am céanna maidir leis na modhanna le trádmharcanna a léiriú, ba cheart an ceanglas maidir le hinléiritheacht ghrafach a scriosadh ón sainmhíniú ar thrádmharc de chuid AE. Ba cheart go gceadófaí comhartha a léiriú in aon fhoirm iomchuí agus teicneolaíocht atá ar fáil go forleathan á húsáid, agus nár ghá dá bhrí sin go gcaithfí é a dhéanamh trí mhodh grafach, a fhad agus atá an léiriú soiléir, cruinn, neamhspleách, so-inrochtana, intuigthe, buan agus oibiachtúil.

(10)

Faoi láthair, ní théann Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 chomh fada leis an gcosaint chéanna a thabhairt d'ainmniúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha agus a thugtar in ionstraimí eile de chuid dhlí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, na dearbhfhorais le diúltú a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a shoiléiriú agus is gá a áirithiú go bhfuil forais den sórt sin le diúltú go hiomlán comhsheasmhach le reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus le dlí ábhartha náisiúnta lena bhforáiltear do chosaint na dteideal maoine intleachtúla sin. Ar mhaithe le comhleanúnachas le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ba cheart raon feidhme na ndearbhfhoras sin a shíneadh chun téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chumhdach freisin.

(11)

D'fhonn cosaint láidir na gceart in ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chothabháil, is gá a shoiléiriú go bhfuil aon duine a údaraítear faoin dlí ábhartha i dteideal, leis na cearta sin, cur i gcoinne iarratas níos déanaí ar thrádmharc de chuid AE a chlárú, is cuma cé acu an forais le diúltú freisin na cearta sin a bheidh le cur san áireamh ex officio ag an scrúdaitheoir nó nach ea.

(12)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar prionsabal é ina dtugtar tosaíocht do thrádmharc níos luaithe cláraithe ar thrádmharcanna a cláraíodh níos déanaí, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh forghníomhú na gceart a thugann trádmharc de chuid AE gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh sular comhdaíodh an trádmharc de chuid AE nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE. Is i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil an 15 Aibreán 1994 é seo.

(13)

D'fhéadfadh sé go mbeadh mearbhall ann maidir leis an bhfoinse tráchtála as a n-eascraíonn na hearraí nó na seirbhísí nuair a bhaineann cuideachta úsáid as an gcomhartha céanna nó comhartha comhchosúil mar thrádainm ar dhóigh a mbunaítear nasc idir an chuideachta lena ngabhann an t-ainm agus na hearraí nó seirbhísí a thagann ón gcuideachta sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuimseofaí i sárú ar thrádmharc de chuid AE freisin úsáid an chomhartha mar thrádainm nó mar ainmniúchán comhchosúil, a mhéid a bhaintear úsáid as an gcomhartha chun earraí nó seirbhísí a idirdhealú.

(14)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach i gcás go mbeadh fógraíocht chomparáideach den sórt sin contrártha le Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(15)

D'fhonn cosaint trádmharcanna a neartú agus góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí agus ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chreat na hEagraíochta Trádála Domhanda (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) a bhaineann le saoirse idirthurais agus, i ndáil le cógais chineálacha, faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus sláinte phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí EDT in Doha an 14 Samhain 2001, ba cheart go mbeadh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina dtagann earraí den sórt sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin.

(16)

Chuige sin, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe do dhílseánaigh trádmharcanna de chuid AE cosc a chur ar theacht isteach earraí sáraitheacha agus cosc a chur ar earraí sáraitheacha a chur i ngach cás custaim, lena n-áirítear idirthuras, athlastáil, trádstóráil, saorchriosanna, stóráil shealadach, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach, agus nuair nach bhfuil sé beartaithe earraí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna iarraidh sin do shealbhóirí an chirt freisin. Ba cheart do na húdaráis chustaim, go háirithe, na rialuithe iomchuí a chur i gcrích ar bhonn critéir anailíse riosca.

(17)

Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart trádmharcanna a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála in earraí dlisteanacha a réiteach, ba cheart go rachadh teidlíocht dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE as feidhm i gcás, le linn imeachtaí ina dhiaidh sin arna dtionscnamh os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí in ann a chruthú nach bhfuil dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar earraí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(18)

Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, foráiltear go bhfuil sealbhóir cirt le bheith faoi dhliteanas as damáistí i leith shealbhóir na n-earraí i gcás ina bhfaighfear ina dhiaidh sin, inter alia, nach sáraíonn na hearraí i gceist ceart maoine intleachtúla.

(19)

Ba cheart bearta iomchuí a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go dtarlóidh idirthuras rianúil cógas cineálach. Maidir le hainmneacha neamhdhílseánacha idirnáisiúnta (ANI) ina gcáil mar ainmneacha cineálacha arna n-aithint ar fud an domhain le haghaidh substaintí gníomhacha in ullmhóidí cógaisíochta, tá sé ríthábhachtach aird chuí a thabhairt ar na srianta atá ann cheana ar an tionchar ar chearta trádmhairc de chuid AE. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, bunaithe ar chosúlachtaí idir ANI don chomhábhar gníomhach sna cógais agus an trádmharc.

(20)

D'fhonn dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a chumasú chun an góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart go mbeidís i dteideal greamú mairc sháraithigh d'earraí agus gníomhartha ullmhúcháin arna ndéanamh roimh an ngreamú a thoirmeasc.

(21)

Níor cheart, leis na cearta eisiacha a thugtar le trádmharc de chuid AE, go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe úsáid a bhaint as comharthaí ná sonrúcháin a úsáidtear go macánta agus mar sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. D'fhonn coinníollacha comhionanna a chruthú maidir le trádainmneacha agus trádmharcanna de chuid AE i gcás coinbhleachtaí, toisc go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i gcoinne trádmharcanna níos déanaí, ba cheart a mheas nach n-áirítear le húsáid den sórt sin ach amháin úsáid ainm pearsanta an tríú páirtí. De bhreis air sin, ba cheart go gceadófaí leis úsáid a bhaint as comharthaí tuairisciúla nó neamhshainiúla nó úsáid a bhaint as sonrúcháin thuairisciúla nó neamhshainiúla i gcoitinne. Thairis sin, níor cheart go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar úsáid chothrom agus mhacánta an trádmhairc de chuid AE chun críche na hearraí nó na seirbhísí a shainaithint, nó tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí an dílseánaigh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun aird an tomhaltóra a tharraingt ar athdhíol fíorearraí a rinne dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE a dhíol nó a díoladh le toiliú an dílseánaigh sin san Aontas, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun críche léiriú ealaíne, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

(22)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a gnóthaíodh go dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan dochar don phrionsabal nach féidir an trádmharc níos déanaí a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid trádmhairc níos déanaí más rud é gur gnóthaíodh an trádmharc níos déanaí tráth nárbh fhéidir an trádmharc níos luaithe a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos déanaí.

(23)

Ar chúiseanna cothromais agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gur leor é trádmharc de chuid AE a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc sin san fhoirm inar cláraíodh é chun na cearta a thugtar a chaomhnú is cuma cé acu an bhfuil an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear é cláraithe nó nach bhfuil.

(24)

Ag féachaint do mhionlíon na n-iarratas ar thrádmharcanna de chuid AE a chomhdaítear ag oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus ag Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus ó tharla go bhfuil an líon sin ag meathlú de réir a chéile, níor cheart go gceadófaí iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú ach amháin ag an Oifig.

(25)

Deonaítear cosaint trádmhairc de chuid AE, i ndáil le hearraí nó seirbhísí sonracha a socraíonn a gcineál agus a líon méid na cosanta a thugtar do dhílseánach an trádmhairc. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rialacha maidir le hainmniúchán agus le haicmiúchán na n-earraí agus na seirbhísí a bhunú i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus deimhneacht dhlíthiúil agus dea-rialachas a áirithiú trína cheangal go sainaithneodh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a n-iarrtar cosaint trádmhairc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíochta in ann, ar bhonn an iarratais amháin, méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh. Ba cheart úsáid téarmaí ginearálta a léirmhíniú sa chaoi is nach n-áireofaí ach gach earra agus seirbhís a chuimsítear go soiléir le brí liteartha an téarma. Ba cheart go dtabharfaí an deis do dhílseánaigh thrádmharcanna de chuid AE, ar trádmharcanna iad a chláraítear i leith ceannteideal iomlán aicme de chuid Aicmiúchán Nice mar gheall ar iarchleachtas na hOifige, a gcuid liostaí d'earraí agus seirbhísí a oiriúnú d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann inneachar an Chláir caighdeán riachtanach na soiléireachta agus an bheachtais i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(26)

Is iomchuí an córas de chuardaigh trádmharcanna de chuid AE agus de chuardaigh trádmharcanna náisiúnta a shruthlíniú trí mhoilleanna neamhriachtanacha i gclárú trádmhairc de chuid AE a sheachaint agus an córas a dhéanamh níos solúbtha i dtéarmaí riachtanais agus fhabhair an úsáideora tríd an gcuardach a dhéantar ar thrádmharcanna de chuid AE a dhéanamh roghnach. Ba cheart na cuardaigh roghnacha trádmharcanna de chuid AE agus na cuardaigh roghnacha trádmharcanna náisiúnta a chomhlánú trí innill chuardaigh ghasta agus chumhachtacha atá uilechuimsitheach a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcomhthéacs an chomhair idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil.

(27)

Mar chomhlánú ar na forálacha atá ann cheana maidir le cómharcanna Comhphobail agus chun an mhíchothromaíocht atá ann faoi láthair idir na córais náisiúnta agus córas trádmharcanna AE a leigheas, tá sé riachtanach sraith forálacha sonracha a chur leo chun cosaint a thabhairt do mharcanna deimhniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh (“marcanna deimhniúcháin de chuid AE”) a chuireann ar chumas institiúide nó eagraíochta deimhniúcháin cead a thabhairt do rannpháirtithe sa chóras deimhniúcháin úsáid a bhaint as an marc mar chomhartha le haghaidh earraí nó seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais deimhniúcháin.

(28)

Is léir ón taithí a fuarthas agus an córas reatha trádmharcanna de chuid AE á chur i bhfeidhm go bhféadfaí gnéithe áirithe den nós imeachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart bearta áirithe a ghlacadh chun nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, más iomchuí, agus chun feabhas a chur ar dheimhneacht agus intuarthacht dhlíthiúil, más gá sin.

(29)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus d'fhonn trédhearcacht níos fearr a chur ar fáil, is iomchuí cúraimí uile na hOifige a shainiú go soiléir, lena n-áirítear na cúraimí sin nach mbaineann le córas trádmharcanna de chuid AE a bhainistiú.

(30)

Ar mhaithe le coinbhéirseacht cleachtas a chur chun cinn agus comhuirlisí a fhorbairt, tá sé riachtanach creat iomchuí a bhunú le haghaidh comhair idir an Oifig agus oifigí maoine tionsclaíche na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, lena sainítear príomhréimsí an chomhair agus lena chur ar chumas na hOifige tionscadail chomhchoiteanna ábhartha a bhfuil leas ag an Aontas agus ag na Ballstáit iontu a chomhordú agus na tionscadail sin a mhaoiniú, suas go huasmhéid. Ba cheart go rachadh na gníomhartha comhair sin chun tairbhe do ghnóthais a bhaineann úsáid as córais trádmharcanna san Eoraip. Maidir le húsáideoirí chóras an Aontais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí ar fáil leis na tionscadail, go háirithe na bunachair shonraí le haghaidh cuardaigh agus comhairliúcháin, uirlisí breise, cuimsitheacha agus éifeachtúla atá saor in aisce chun na ceanglais shonracha a thagann as saintréith aonadach an trádmhairc de chuid AE a chomhlíonadh.

(31)

A mhéid is iomchuí, ba cheart prionsabail áirithe maidir le rialachas na hOifige a athchóiriú don Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe AE a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí Iúil 2012.

(32)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr, tá sé riachtanach roinnt forálacha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú na hOifige a nuashonrú.

(33)

Is inmhianaithe réiteach díospóidí atá cairdiúil, gasta agus éifeachtúil a éascú trí chúram a chur ar an Oifig lárionad idirghabhála a bhunú a bhféadfadh duine ar bith a cuid seirbhísí a úsáid d'fhonn teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE agus le dearaí de chuid an Chomhphobail.

(34)

Mar thoradh ar chóras trádmharcanna AE a bhunú, tá ualaí méadaithe airgeadais ar oifigí lárnacha maoine tionscail agus ar údaráis eile na mBallstát. Baineann na costais bhreise le líon níos airde imeachtaí freasúra agus neamhbhailíochta a láimhseáil, ar imeachtaí iad a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE nó a thionscain dílseánaigh trádmharcanna den sórt sin; le gníomhaíochtaí múscailte feasachta atá nasctha le córas trádmharcanna AE; mar aon le gníomhaíochtaí atá beartaithe chun forghníomhú ceart trádmharcanna de chuid AE a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, a áirithiú gurb í an Oifig a fhritháireoidh cuid de na costais a thabhaíonn na Ballstáit as an ról a ghabhann siad orthu féin chun feidhmiú rianúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú. Ba cheart go mbeadh íocaíocht fritháirimh den sórt sin faoi réir sonraí staidrimh ábhartha a thíolacfaidh na Ballstáit. Maidir le méid fritháirimh costas den sórt sin, níor cheart go mbeadh easnamh buiséadach ag an Oifig mar thoradh air.

(35)

Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart carnadh barrachas mór buiséadach ag an Oifig a sheachaint. Ba cheart go mbeadh sin gan dochar don Oifig cúlchiste airgeadais a chuimsíonn bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil a chothabháil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí agus comhlíonadh a cuid cúraimí a áirithiú. Níor cheart an cúlchiste sin a úsáid ach amháin chun a áirithiú go leanfar leis na cúraimí atá ar an Oifig mar a shonraítear sa Rialachán seo iad.

(36)

I bhfianaise fhíorthábhachtacht mhéideanna na dtáillí is iníoctha leis an Oifig ar mhaithe le dea-fheidhmiú chóras trádmharcanna AE agus i bhfianaise an ghaoil chomhlántaigh atá aige i dtaca le córais trádmharcanna náisiúnta, is gá méideanna na dtáillí sin a leagan síos go díreach i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 i bhfoirm iarscríbhinne. Ba cheart méideanna na dtáillí a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear: sa chéad áit, go bhfuil an t-ioncam a ghnóthaíonn siad leordhóthanach i bprionsabal chun go gcomhardófar buiséad na hOifige; sa dara háit, go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir córas trádmharcanna AE agus na córais trádmharcanna náisiúnta, agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid AE agus riachtanais fiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh freisin; agus sa tríú háit, go ndéantar cearta dílseánach trádmhairc de chuid AE a fhorghníomhú go héifeachtúil sna Ballstáit.

(37)

Le Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun rialacha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a ghlacadh. Mar gheall ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Mar thoradh air sin, tá sé riachtanach freisin rialacha áirithe a ionchorprú i dtéacs Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ar rialacha iad atá i Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 (8), Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 216/96 (10) ón gCoimisiún faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 a leasú dá réir sin, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 a aisghairm.

(38)

A mhéid is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(39)

D'fhonn scrúdú agus clárú éifeachtach, éifeachtúil agus gasta a áirithiú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE ag an Oifig trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú maidir leis na nósanna imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú agus maidir leis na nósanna imeachta sin lena rialaítear leasú an iarratais.

(40)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfar trádmharc de chuid AE a chúlghairm nó a dhearbhú neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nósanna imeachta trédhearcacha, cuimsitheacha, cothroma agus cothromasacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nósanna imeachta maidir le cúlghairm agus dearbhú neamhbhailíochta a shonrú.

(41)

Chun foráil a dhéanamh d'athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ag na Boird Achomhairc ar chinntí na hOifige trí nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach lena gcuirtear san áireamh na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinneachar foirmiúil an fhógra achomhairc, leis an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú, le hinneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc agus leis na táillí achomhairc a chúiteamh a shonrú.

(42)

Chun feidhmiú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na ceanglais a shonrú maidir leis na mionsonraí ar imeachtaí ó bhéal agus na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thógáil, leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le fógra a thabhairt, leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha le húsáid ag na páirtithe sna himeachtaí, leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na dteorainneacha ama, leis na nósanna imeachta chun cinneadh a chúlghairm nó chun iontráil sa Chlár a chealú, leis na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú, agus leis na mionsonraí i ndáil le hionadaíocht os comhair na hOifige.

(43)

D'fhonn eagrúchán éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir le heagrúchán na mBord Achomhairc a shonrú.

(44)

D'fhonn clárú éifeachtach agus éifeachtúil na dtrádmharcanna idirnáisiúnta ar bhealach atá go hiomlán i gcomhréir le rialacha an Phrótacail a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le clárú idirnáisiúnta marcanna a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta a shonrú i dtaobh cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear na cumarsáidí riachtanacha le déanamh leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), agus na mionsonraí maidir leis an nós imeachta i dtaobh cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta.

(45)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na huasrátaí i leith na gcostas riachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na rannáin chur i gcoinne nó chealúcháin, mionsonraí na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Phrótacal Mhaidrid, agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh clárú idirnáisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (11)

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 11 Iúil 2013.

(48)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 mar a leanas:

(1)

Sa teideal, cuirtear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh” in ionad “trádmharc Comhphobail”.

(2)

In Airteagal 1(1), cuirtear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (‘trádmharc de chuid AE’)” in ionad an téarma “trádmharc Comhphobail”; agus in aon áit eile sa Rialachán, cuirtear “trádmharc de chuid AE” ina ionad agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(3)

Ar fud an Rialacháin, cuirtear “cúirt um thrádmharcanna de chuid AE” in ionad an téarma “cúirt um thrádmharcanna de chuid an Chomhphobail” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(4)

In Airteagal 66(1), cuirtear “cómharc de chuid an Aontais Eorpaigh (‘cómharc de chuid AE’)” in ionad na bhfocal “cómharc de chuid an Comhphobail”; agus in aon áit eile sa Rialachán, cuirtear “cómharc de chuid AE” ina ionad agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(5)

Ar fud an Rialacháin, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (2), i bpointe (3) agus i bpointe (4), cuirtear “Aontas” in ionad na bhfocal “Comhphobal”, “Comhphobal Eorpach” agus “Comhphobail Eorpacha” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(6)

Ar fud an Rialacháin, cuirtear “Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige” nó “Stiúrthóir Feidhmiúcháin”, de réir mar is iomchuí, in ionad an téarma “Uachtarán na hOifige” agus na dtagairtí uile don Uachtarán sin, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Oifig

1.   Bunaítear leis seo Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpach (‘an Oifig’).

2.   Léifear gach tagairt i ndlí an Aontais don Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí) mar thagairtí don Oifig.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Comharthaí a fhéadfar a bheith i dtrádmharc de chuid AE

Is éard a fhéadfaidh a bheith i dtrádmharc de chuid AE comharthaí ar bith, go háirithe focail, lena n-áirítear ainmneacha pearsanta, nó dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna, cruth earraí nó pacáistíochta earraí, nó fuaimeanna, ar choinníoll gur féidir le comharthaí den sórt sin:

(a)

earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais amháin a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthas eile; agus

(b)

a bheith léirithe ar Chlár trádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (‘an Clár’), ar dhóigh a thugann cumas do na húdaráis inniúla agus don phobal ábhar cruinn agus soiléir na cosanta a thugtar dá dhílseánach a chinneadh.”;

(9)

Leasaítear Airteagal 7(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

comharthaí nach bhfuil iontu ach an méid seo a leanas amháin:

(i)

an cruth, nó saintréith eile, a thagann ó nádúr na n-earraí iad féin;

(ii)

an cruth, nó saintréith eile, na n-earraí atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil;

(iii)

an cruth, nó saintréith eile, a thugann luach substaintiúil do na hearraí;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (j) agus phointe (k):

“(j)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú, de bhun reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ainmniúchán tionscnaimh agus tásc geografach;

(k)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú de bhun reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas, lena bhforáiltear do chosaint téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona;”;

(c)

cuirtear an pointí seo a leanas leis:

“(l)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú de bhun reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas, lena bhforáiltear do chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

(m)

trádmharcanna ina bhfuil, nó a atáirgteann ina ngnéithe bunriachtanacha, ainmníocht chineáil phlanda a bhí ann cheana agus a cláraíodh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ceart maidir le cineálacha plandaí, agus a bhaineann le cineálacha plandaí den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar.”.

(10)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Má chuireann duine ar bith a údaraítear faoin dlí ábhartha chun na cearta a thagann as ainmniúchán tionscnaimh nó as tásc geografach a fheidhmiú ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin, de bhun reachtaíocht an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chosaint na n-ainmniúchán tionscnaimh nó na dtásc geografach:

(i)

cuireadh iarratas ar ainmniúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach isteach cheana, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta roimh an dáta iarratais do chlárú an trádmhairc sin de chuid AE nó roimh dháta na tosaíochta a éilíodh don iarratas, faoi réir a chláraithe ina dhiaidh sin;

(ii)

leis an ainmniúchán tionscnaimh sin nó leis an tásc geografach sin, tabharfar an ceart chun cosc a chur ar úsáid trádmhairc ina dhiaidh sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Má chuireann dílseánach trádmhairc níos luaithe chláraithe de réir bhrí mhír 2 ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás ina bhfuil sé comhionann le nó cosúil le trádmharc níos luaithe, is cuma cé acu an bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a ndearnadh iarratas ina leith comhionann leis, cosúil leis nó neamhchosúil leis na hearraí nó na seirbhísí ar chucu a chláraítear an trádmharc níos luaithe, más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc san Aontas, i gcás trádmhairc níos luaithe de chuid AE, nó más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás trádmharc níos luaithe náisiúnta, agus más rud é go mbainfeadh úsáid an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith, gan chúis chuí, buntáiste éagórach as saintréith nó cáil an trádmhairc níos luaithe, nó go ndéanfadh sé dochar dóibh.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Cearta a thugann trádmharc de chuid AE

1.   Le clárú trádmhairc de chuid AE, tabharfar cearta eisiacha don dílseánach ann.

2.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí nach bhfuil toiliú an dílseánaigh aige nó aici úsáid a bhaint as aon chomhartha i gcúrsa trádála, maidir le hearraí nó seirbhísí, más rud é:

(a)

go bhfuil an comhartha comhionann leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc de chuid AE cláraithe ina leith;

(b)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann le nó cosúil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill dóchúlacht chomhcheangail idir an comhartha agus an trádmharc;

(c)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE is cuma cé acu an mbaintear úsáid as nó nach mbaintear maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd, cosúil leo siúd nó neamhchosúil leo siúd ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é go bhfuil clú ar an gceann deireanach san Aontas agus más rud é go mbaineann úsáid an chomhartha sin gan chúis chuí buntáiste éagórach as saintréith nó clú an trádmhairc de chuid AE, nó go ndéanann sé dochar dóibh.

3.   Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 2:

(a)

an comhartha a ghreamú de na hearraí nó de phacáistíocht na n-earraí;

(b)

na hearraí a thairiscint, a chur ar an margadh, nó a stocáil chun na gcríoch sin faoin gcomhartha, nó seirbhísí a thairiscint nó a sholáthar faoi;

(c)

na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú faoin gcomhartha;

(d)

an comhartha a úsáid mar thrádainm nó ainm cuideachta nó mar chuid de thrádainm nó d'ainm cuideachta;

(e)

an comhartha a úsáid ar pháipéir ghnó agus i bhfógraíocht;

(f)

an comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach ar bhealach atá contrártha do Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

4.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal freisin cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, más rud é go dtagann earraí den sórt sin, lena n-áirítear pacáistíocht, ó thríú tíortha agus go mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a shainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin.

Rachaidh teidlíocht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE de bhun na chéad fhomhíre in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(13)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21)."

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).”."

(12)

Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Ceart chun gníomhartha ullmhúcháin a thoirmeasc maidir le húsáid a bhaint as pacáistíocht nó modhanna eile

Má tá baol ann go bhféadfaí úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, as lipéid, as gnéithe slándála nó barántúlachta nó as uirlisí slándála nó barántúlachta nó as modhanna eile dá ngreamaítear an marc maidir le hearraí nó seirbhísí agus go mbeadh úsáid den sórt sin ina sárú ar chearta dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE faoi Airteagal 9(2) agus (3), beidh sé de cheart ag dílseánach an trádmhairc sin na gníomhartha seo a leanas a thoirmeasc má dhéantar iad i gcúrsa na trádála:

(a)

comhartha atá comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE a ghreamú de phacáistíocht, de lipéid, de chlibeanna, de ghnéithe slándála nó barántúlachta nó uirlisí slándála nó barántúlachta nó aon mhodhanna eile dá bhféadfaí an marc a ghreamú;

(b)

pacáistíocht, lipéid, clibeanna, gnéithe slándála nó barántúlachta nó uirlisí slándála nó barántúlachta nó aon mhodhanna eile dá ngreamaítear an marc a thairiscint nó a chur ar an margadh, nó a stocáil chun na gcríoch sin, nó a allmhairiú nó a onnmhairiú.

Airteagal 9b

Dáta óna mbeidh na cearta i gcoinne tríú páirtithe i réim

1.   Beidh na cearta a thugann trádmharc de chuid AE i réim i gcoinne tríú páirtithe ó dháta foilsithe chlárú an trádmhairc.

2.   Féadfar cúiteamh réasúnach a éileamh i leith gníomhartha a tharlaíonn i ndiaidh dháta foilsithe an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, más rud é go dtoirmiscfí na gníomhartha sin, tar éis clárú an trádmhairc a fhoilsiú, de bhua an fhoilseacháin sin.

3.   Ní dhéanfaidh cúirt a mbeidh an cás os a comhair cinneadh ar thuillteanais an cháis sin go dtí go bhfoilseofar an clárú.”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Teorainn a chur le héifeachtaí trádmhairc de chuid AE

1.   Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas i gcúrsa trádála:

(a)

ainm nó seoladh an tríú páirtí, más duine nádúrtha an tríú páirtí;

(b)

comharthaí nó sonrúcháin nach bhfuil sainiúil nó a bhaineann le cineál, cáilíocht, cainníocht, cuspóir beartaithe, luach, tionscnamh geografach, am táirgeachta na n-earraí nó sholáthar na seirbhíse, nó tréithe eile na n-earraí nó na seirbhísí;

(c)

an trádmharc de chuid AE chun earraí nó seirbhísí a shainaithint, nó chun tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí de chuid dhílseánach an trádmhairc sin, go háirithe, más rud é go bhfuil úsáid an trádmhairc sin riachtanach chun cuspóir beartaithe an earra nó na seirbhíse a shonrú, go háirithe mar ghabhálais nó páirteanna spártha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin más rud é go bhfuil an úsáid a bhaineann an tríú páirtí as i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha nó thráchtála.”.

(14)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1):

“1.   Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar a úsáid an trádmhairc sin i ndáil le hearraí a chuir an dílseánach ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin nó ar cuireadh iad ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin le toiliú ón dílseánach sin.”.

(15)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Ceart idirghabhála dílseánaigh thrádmhairc a cláraíodh níos déanaí mar chosaint le linn imeachtaí um shárú

1.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc de chuid AE a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc níos déanaí sin neamhbhailí de bhun Airteagal 53(1), (3) nó (4), Airteagal 54(1) nó (2), nó Airteagal 57(2) den Rialachán seo.

2.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc sin a cláraíodh níos déanaí neamhbhailí de bhun Airteagal 8, nó Airteagal 9(1) nó (2), nó Airteagal 46(3) de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

3.   I gcás nach bhfuil dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc a cláraíodh níos déanaí de bhun mhír 1 nó mhír 2 a thoirmeasc, ní bheidh dílseánach an trádmhairc sin a cláraíodh níos déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc níos luaithe sin de chuid AE a thoirmeasc le linn imeachtaí um shárú.

(15)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).” ."

(16)

In Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh úsáid de réir bhrí na chéad fhomhíre i gceist freisin leis an méid seo a leanas:

(a)

an trádmharc de chuid AE a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc san fhoirm inar cláraíodh é, is cuma cé acu an bhfuil an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear é cláraithe freisin in ainm an dílseánaigh nó nach bhfuil;

(b)

an trádmharc de chuid AE a ghreamú d'earraí nó de phacáistíocht na n-earraí sin san Aontas chun críoch onnmhairithe amháin.”.

(17)

In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“1.   Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 17 go hAirteagal 24, déileálfar le trádmharc de chuid AE mar réad maoine ina iomláine, agus le haghaidh limistéar iomlán an Aontais, mar thrádmharc náisiúnta a cláraíodh sa Bhallstát inar fíor an méid seo a leanas ina leith, de réir an Chláir:”.

(18)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 4;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5a.   Beidh faisnéis in iarratas ar chlárú aistrithe lena sainaithneofar an trádmharc de chuid AE, an dílseánach nua, na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann an t-aistriú, mar aon le doiciméid lena mbunaítear an t-aistriú go cuí i gcomhréir le mír 2 agus mír 3. Féadfar faisnéis a chur san iarratas freisin, i gcás inarb infheidhme, chun ionadaí an dílseánaigh nua a shainaithint.

5b.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith san iarratas ar chlárú aistrithe;

(b)

an cineál doiciméadachta atá ag teastáil chun aistriú a bhunú, agus aird á tabhairt ar na comhaontuithe arna dtabhairt ag an dílseánach cláraithe agus an comharba i dteideal;

(c)

na mionsonraí faoi conas iarratais a phróiseáil le haghaidh aistrithe páirteacha, lena n-áirithítear nach bhfuil forluí i gceist leis na hearraí agus na seirbhísí sa chlárú atá fágtha agus sa chlárú nua agus go mbunaítear comhad ar leithligh, lena n-áirítear cláruimhir nua, don chlárú nua.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

5c.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú aistrithe, mar a leagtar síos i mír 1 go mír 3 iad, nó sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5b, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas chun an t-aistriú a chlárú.

5d.   Féadfar iarratas amháin ar chlárú aistrithe a chur isteach i dtaca le dhá thrádmharc nó níos mó, ar choinníoll gurb ionann i ngach cás an dílseánach cláraithe agus an comharba i dteideal.

5e.   Beidh feidhm ag mír 5a go mír 5d freisin maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.

5f.   I gcás aistriú páirteach, aon iarratas ar chlárú aistrithe a dhéanann an dílseánach bunaidh agus atá ar feitheamh maidir leis an gclárú bunaidh, measfar é sin a bheith ar feitheamh maidir leis an gclárú atá fágtha agus leis an gclárú nua. I gcás ina bhfuil iarratas den sórt sin faoi réir táillí a íoc agus gur íoc an dílseánach bunaidh na táillí sin, ní bheidh an dílseánach nua faoi dhliteanas aon táillí breise a íoc maidir le hiarratas den sórt sin.”.

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Trádmharc a chláraítear in ainm gníomhaire a aistriú

1.   I gcás ina gcláraítear trádmharc de chuid AE in ainm ghníomhaire nó ionadaí an duine atá ina dhílseánach nó ina dílseánach ar an trádmharc sin, gan údarú an dílseánaigh, beidh an duine deireanach sin i dteideal a éileamh go sannfaí i bhfabhar dó féin nó di féin an trádmharc sin de chuid AE, mura dtugann gníomhaire nó ionadaí den sórt sin údar maith lena ghníomh nó lena gníomh.

2.   Féadfaidh an dílseánach iarraidh ar shannadh a chur faoina mbráid siúd a leanas de bhun mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

an Oifig, de bhun Airteagal 53(1)(b), seachas iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta;

(b)

cúirt um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (‘cúirt um thrádmharcanna de chuid AE’) amhail dá dtagraítear in Airteagal 95, seachas frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta bunaithe ar Airteagal 100(1).”.

(20)

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, cuirfear na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó aistriú na gceart sin isteach sa Chlár agus foilseofar iad.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 2 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.”.

(21)

In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 3 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.”.

(22)

In Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 5 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.”.

(23)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 22a

Nós imeachta maidir le ceadúnais agus cearta eile a chur isteach sa Chlár

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17(5a) agus (5b) agus na rialacha arna nglacadh dá bhun, agus Airteagal 17(5d) maidir le ceart in rem a chlárú nó ceart in rem a aistriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2), le tobhach forghníomhaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(3), leis an mbaint le linn imeachtaí dócmhainneachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 21(3), agus le ceadúnas a chlárú nó ceadúnas a aistriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 22(5), faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann le sainaithint earraí agus seirbhísí lena mbaineann an t-aistriú i dtaca le hiarraidh ar cheart in rem, tobhach forghníomhaithe nó imeachtaí dócmhainneachta a chlárú;

(b)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann leis na doiciméid a chruthaíonn an t-aistriú i gcás ina ndéanann dílseánach an trádmhairc de chuid AE an iarraidh.

2.   Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar chlárú na gceart dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha.

3.   Féadfar iarraidh ar cheadúnas a thaifeadadh sa Chlár mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san iarratas ar cheadúnas a chlárú:

(a)

ceadúnas eisiach;

(b)

focheadúnas i gcás ina ndéanann ceadúnaí an ceadúnas a dheonú, ar ceadúnaí é nó í a bhfuil a cheadúnas nó a ceadúnas taifeadta sa Chlár;

(c)

ceadúnas atá teoranta do chuid de na hearraí nó seirbhísí a gcláraítear an marc ina leith amháin;

(d)

ceadúnas atá teoranta do chuid den Aontas;

(e)

ceadúnas sealadach.

I gcás ina ndéantar iarraidh chun an ceadúnas a thaifeadadh mar cheadúnas a liostaítear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír, sonrófar leis an iarratas ar cheadúnas a chlárú na hearraí agus na seirbhísí, an chuid sin den Aontas agus an tréimhse ama a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú, mar a leagtar síos in Airteagal 19 go hAirteagal 22, i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo, agus sna rialacha infheidhme eile arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse arna sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 3 maidir leis na hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.”.

(24)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 24a

Nós imeachta maidir le hiontráil sa Chlár a bhaineann le ceadúnais agus cearta eile a chur ar ceal nó a mhodhnú

1.   Déanfar clárú arna dhéanamh faoi Airteagal 22a(1) a chur ar ceal nó a mhodhnú arna iarraidh sin do cheann amháin de na daoine lena mbaineann.

2.   Beidh cláruimhir an trádmhairc lena mbaineann de chuid AE agus sonraí an chirt a n-iarrtar cealú nó modhnú ina leith san iarratas.

3.   Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar cheadúnas, ceart in rem nó beart forghníomhaithe a chealú curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha.

4.   In éineacht leis an iarratas, beidh doiciméid a léiríonn nach bhfuil an ceart cláraithe ann a thuilleadh nó go dtoilíonn an ceadúnaí nó an sealbhóir cirt eile leis an gclárú a chealú nó a mhodhnú.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le clárú a chealú nó a mhodhnú, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh sé don iarratas chun an clárú a chealú nó a mhodhnú.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le hiontrálacha a rinneadh sna comhaid de bhun Airteagal 22a(5).”

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Iarratais a chomhdú

1.   Comhdófar iarratas ar thrádmharc de chuid AE ag an Oifig.

2.   Déanfaidh an Oifig fáltas a eisiúint don iarratasóir gan mhoill ina n-áireofar, ar a laghad, uimhir an chomhaid, ionadaíocht, tuairisc nó sainaithint eile an mhairc, cineál agus uimhir na ndoiciméad agus an dáta a bhfuarthas iad. Féadfar an fáltas sin a eisiúint go leictreonach.”.

(26)

Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

léiriú ar an marc, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(b).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Beidh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE faoi réir an táille iarratais a chumhdaíonn aicme amháin earraí nó seirbhísí a íoc agus, i gcás inarb iomchuí, faoi réir táille aicme amháin nó níos mó a íoc maidir le gach aicme earraí agus seirbhísí a théann thar an gcéad aicme agus, nuair is infheidhme, faoi réir an táille cuardaigh a íoc.

3.   Le cois na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, comhlíonfaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE na coinníollacha foirmiúla a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun. Más rud é go bhforáiltear leis na coinníollacha sin go bhfuil an trádmharc le léiriú go leictreonach, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin formáidí agus uasmhéid comhaid leictreonaigh den sórt sin a shocrú.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”,

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Dáta comhdaithe

Is é an dáta a ndéanann an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 26(1) a chomhdú leis an Oifig dáta comhdaithe iarratais ar thrádmharc de chuid AE, faoi réir an táille iarratais a íoc laistigh de mhí amháin ó na doiciméid sin a chomhdú.”.

(28)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus a aicmiú

1.   Aicmeofar earraí agus seirbhísí a gcuirtear iarratas ar chlárú trádmhairc isteach ina leith i gcomhréir leis an gcóras aicmiúcháin a bunaíodh le Comhaontú Nice a Bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957 (‘Aicmiúchán Nice’).

2.   Sainaithneoidh an t-iarratasóir na hearraí agus seirbhísí a n-iarrtar an chosaint ar an trádmharc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha, ar an mbonn sin amháin, in ann méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh.

3.   Chun críocha mhír 2, féadfar úsáid a bhaint as na sonraí ginearálta a áiríodh i gceannteidil Aicmiúchán Nice nó téarmaí ginearálta eile, ar choinníoll go gcomhlíontar leo caighdeáin riachtanacha na soiléireachta agus an bheachtais a leagtar amach san Airteagal seo.

4.   Diúltóidh an Oifig d'iarratas maidir le sonraí nó téarmaí atá neamhshoiléir nó neamhbheacht, i gcás nach molann an t-iarratasóir foclaíocht inghlactha laistigh de thréimhse arna leagan síos ag an Oifig chuige sin.

5.   Le húsáid téarmaí ginearálta, lena n-áirítear sonraí ginearálta cheannteidil Aicmiúchán Nice, tuigfear go n-áireofar iontu gach earra nó seirbhís ar soiléir é bheith cuimsithe le brí liteartha an tsonra nó an téarma. Le húsáid téarmaí nó tásca den sórt sin, ní thuigfear gur éileamh é ar earraí nó seirbhísí nach féidir a thuiscint amhlaidh.

6.   I gcás ina ndéanann an t-iarratasóir iarraidh ar chlárú le haghaidh níos mó ná aicme amháin, déanfaidh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a ghrúpáil de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus beidh uimhir na haicme lena mbaineann an grúpa sin d'earraí nó de sheirbhísí roimh gach grúpa, agus déanfaidh an t-iarratasóir iad a chur i láthair in ord aicme.

7.   Ní mheasfar earraí agus seirbhísí a bheith cosúil le chéile ar na forais go bhfuil siad san aicme chéanna faoi Aicmiúchán Nice. Ní mheasfar earraí agus seirbhísí gan a bheith cosúil le chéile ar an bhforas go bhfuil siad in aicmí difriúla faoi Aicmiúchán Nice.

8.   Dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a ndearnadh iarratas orthu roimh an 22 Meitheamh 2012, agus atá cláraithe i leith ceannteideal iomlán d'aicme de chuid Nice, féadfaidh siad dearbhú go raibh sé ar intinn acu ar an dáta comhdaithe cosaint a lorg i leith earraí nó seirbhísí tharstu siúd a chuimsítear le brí liteartha cheannteideal na haicme sin, ar choinníoll go bhfuil na hearraí nó seirbhísí arna n-ainmniú amhlaidh ar áireamh sa liosta aibítreach don aicme sin in eagrán Aicmiúchán Nice atá i bhfeidhm ar an dáta comhdaithe.

Comhdófar an dearbhú ag an Oifig faoin 24 Meán Fómhair 2016, agus léireofar ann, ar mhodh soiléir, beacht agus sonrach, na hearraí agus na seirbhísí a bhí cuimsithe i dtosach le rún an dílseánaigh, seachas iad siúd ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha thásca an cheannteidil. Déanfaidh an Oifig bearta iomchuí chun an Clár a leasú dá réir sin. Beidh an deis dearbhú a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 15, Airteagal 42(2), Airteagal 51(1)(a), agus Airteagal 57(2).

Trádmharcanna de chuid AE nár comhdaíodh aon dearbhú ina leith laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, measfar, amhail ó dheireadh na tréimhse sin, nach mbaineann siad ach amháin le hearraí agus seirbhísí ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha na dtásc a áirítear i gceannteideal na haicme ábhartha.

9.   I gcás ina leasaítear an clár, ní chuirfidh na cearta eisiacha, a thugtar leis an trádmharc de chuid AE faoi Airteagal 9, cosc ar thríú páirtí leanúint de thrádmharc a úsáid i ndáil le hearraí nó le seirbhísí i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin, maidir le húsáid an trádmhairc do na hearraí nó do na seirbhísí sin:

(a)

cuireadh tús léi sular leasaíodh an clár; agus

(b)

níor sáraíodh leis an úsáid sin cearta an dílseánaigh bunaithe ar bhrí litriúil thaifead na n-earraí agus na seirbhísí sa chlár ag an am sin.

Ina theannta sin, leis an leasú ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí a taifeadadh sa chlár, ní thabharfar an ceart do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE cur i gcoinne dearbhú neamhbhailíochta trádmhairc níos déanaí ná iarratas a dhéanamh air, i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin:

(a)

bhí an trádmharc níos déanaí in úsáid, nó rinneadh iarratas ar an trádmharc a chlárú, d'earraí nó do sheirbhísí sular leasaíodh an clár; agus

(b)

le húsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí nó leis na seirbhísí sin, níor sáraíodh cearta an dílseánaigh bunaithe ar bhrí litriúil thaifead na n-earraí agus na seirbhísí sa chlár ag an am sin, ná ní shárófaí na cearta sin.”.

(29)

Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

i mír 5, cuirtear na habairtí seo a leanas léi:

“Iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún, de réir mar is gá, féachaint ar a fhiosrú an dtugann Stát, de réir bhrí na chéad abairte, an chóireáil chómhalartach sin nó nach dtugann. Má chinneann an Coimisiún go dtugtar cóireáil chómhalartach i gcomhréir leis an gcéad abairt, foilseoidh sé teachtaireacht chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“6.   Beidh feidhm ag mír 5 ón dáta a fhoilseofar an teachtaireacht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcinntear go dtugtar cóireáil chómhalartach, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aici. Ní bheidh feidhm aici ón dáta a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luaitear nach dtugtar cóireáil chómhalartach a thuilleadh, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aici.

7.   Foilseofar teachtaireachtaí amhail dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 in Iris Oifigiúil na hOifige freisin.”.

(30)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Tosaíocht a éileamh

1.   Comhdófar éilimh thosaíochta in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE agus áireofar orthu dáta, uimhir agus tír an iarratais roimhe sin. Déanfar an doiciméadacht chun tacú le héilimh thosaíochta a chomhdú laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun tosaíocht iarratais roimhe sin a éileamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh tosaíochta ná mar a cheanglaítear faoi na sonrúcháin arna nglacadh i gcomhréir le mír 2, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.”.

(31)

Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Comhdófar an t-éileamh tosaíochta in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Comhdóidh iarratasóir ar mian leis nó léi tosaíocht a éileamh de bhun mhír 1 fianaise maidir le taispeáint na n-earraí nó na seirbhísí faoin marc a bhfuiltear ag cur isteach air laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál fianaise agus mionsonraí na fianaise sin atá le comhdú chun tosaíocht taispeántais a éileamh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(32)

Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfar éilimh shinsearachta a chomhdú in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó laistigh de dhá mhí ó dháta comhdaithe an iarratais, agus áireofar orthu sin an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, agus na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith. I gcás ina n-éilítear san iarratas an tsinsearacht de cheann amháin nó níos mó de na trádmharcanna níos luaithe cláraithe, comhdófar an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe. I gcás inar mian leis an iarratasóir an tsinsearacht a éileamh i ndiaidh don iarratas a bheith comhdaithe, cuirfear an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta faoi bhráid na hOifige laistigh de thrí mhí ón éileamh sinsearachta a fháil.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Rachaidh an tsinsearacht arna héileamh don trádmharc de chuid AE as feidhm más rud é go ndearbhaítear go bhfuil an trádmharc níos luaithe arna éileamh an tsinsearacht ina leith neamhbhailí nó cúlghairthe. Más rud é go gcúlghairtear an trádmharc níos luaithe, rachaidh an tsinsearacht as feidhm ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag an gcúlghairm roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc sin de chuid AE.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Cuirfidh an Oifig Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó lároifig maoine tionsclaíche an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoin éileamh iarbhír sinsearachta.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun sinsearacht trádmhairc náisiúnta nó trádmhairc atá cláraithe faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát a éileamh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

6.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh sinsearachta ná mar a cheanglaítear faoi na sonrúcháin arna nglacadh i gcomhréir le mír 5, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.”.

(33)

Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Éilimh shinsearachta a chomhdaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh cláruimhir an trádmhairc de chuid AE, ainm agus seoladh a dhílseánaigh, an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith agus a n-éilítear sinsearacht ina leith, agus doiciméadacht tacaíochta mar a fhoráiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 34(5).”

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an éileamh sinsearachta, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don éileamh.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 34(2), (3), (4) agus (6).”.

(34)

Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 1:

“(b)

an gcomhlíonann an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE na coinníollacha agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26(3).”;

(b)

i mír 2 cuirtear “laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil” in ionad na bhfocal “laistigh den tréimhse a leagtar síos”;

(c)

i mír 5, cuirtear na habairtí seo a leanas léi:

“In éagmais critéir eile chun a chinneadh cé na haicmí a bheartaítear a chumhdach, tógfaidh an Oifig na haicmí in ordú an aicmiúcháin. Measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar maidir leis na haicmí sin nár íocadh na táillí aicme ina leith nó nár íocadh go hiomlán iad.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1(b) agus (c), agus i gcás nach mbaineann sin ach le cuid de na hearraí nó na seirbhísí, diúltóidh an Oifig an t-iarratas, nó caillfear an ceart tosaíochta nó an ceart sinsearachta, a mhéid agus a bhaineann sé leis na hearraí agus na seirbhísí sin amháin.”.

(35)

Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“(3)   Ní dhiúltófar don iarratas sula mbeidh deis ag an iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar nó a leasú nó a thuairimí nó a tuairimí a thíolacadh. Chuige sin, cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir na forais ar diúltaíodh clárú ina leith agus sonróidh sí tréimhse ina bhféadfadh an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar nó a leasú nó a thuairimí nó a tuairimí a thíolacadh. Nuair a mhainníonn an t-iarratasóir na forais ar diúltaíodh don chlárú a shárú, diúltóidh an Oifig don chlárú go hiomlán nó go páirteach.”.

(36)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

“Airteagal 38

Tuarascáil chuardaigh

1.   Dréachtóidh an Oifig, arna iarraidh sin don iarratasóir ar an trádmharc de chuid AE agus iarratas á chomhdú aige, tuarascáil chuardaigh an Aontais Eorpaigh (‘tuarascáil chuardaigh AE’) ina luafar na trádmharcanna níos luaithe sin de chuid AE nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú trádmhairc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith.

2.   I gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir, tráth a gcomhdaítear iarratas ar thrádmharc de chuid AE, go ndéanfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát tuarascáil chuardaigh a ullmhú agus i gcás ina n-íoctar an táille chuardaigh iomchuí laistigh den teorainn ama chun táille comhdaithe a íoc, déanfaidh an Oifig gan mhoill cóip den iarratas ar thrádmharc de chuid AE a tharchur chuig lároifig maoine tionsclaíche gach Ballstáit a chuir a cinneadh in iúl don Oifig go ndéanfaidh sí cuardach ina clár féin de thrádmharcanna i ndáil le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE.

3.   Déanfaidh gach ceann d'oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tuarascáil chuardaigh a thíolacadh ina luafar aon trádmharcanna náisiúnta níos luaithe, iarratais ar thrádmharcanna náisiúnta nó trádmharcanna a cláraíodh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc sin de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith, nó ina luafar nár léirigh an cuardach aon cheart den chineál sin.

4.   Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistithe dá bhforáiltear in Airteagal 124 (‘an Bord Bainistithe’), leagfaidh an Oifig síos inneachar agus socruithe mionsonraithe na dtuarascálacha.

5.   Íocfaidh an Oifig suim le gach lároifig maoine tionsclaíche le haghaidh gach tuarascáil chuardaigh a sholáthraíonn an oifig i gcomhréir le mír 3. Socróidh an Coiste um an mBuiséad an tsuim, a bheidh mar an gcéanna do gach oifig, trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh ag tromlach trí cheathrú d'ionadaithe na mBallstát.

6.   Cuirfidh an Oifig tuarascáil chuardaigh AE a iarradh agus aon tuarascáil chuardaigh náisiúnta a iarradh agus a fuarthas chuig an iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE.

7.   Ar fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, cuirfidh an Oifig in iúl do dhílseánaigh trádmharcanna níos luaithe ar bith de chuid AE, nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a luadh i dtuarascáil chuardaigh AE gur foilsíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh feidhm aige sin beag beann ar chibé acu ar iarr an t-iarratasóir tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach um chlárú níos luaithe nó dílseánach iarratais níos luaithe gan an fógra sin a fháil.”.

(37)

Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Más rud é gur comhlíonadh na coinníollacha a cheanglaítear ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhlíonadh, foilseofar an t-iarratas chun críocha Airteagail 41 sa mhéid nár diúltaíodh dó de bhun Airteagail 37. Beidh foilsiú an iarratais gan dochar d'fhaisnéis a cuireadh ar fáil cheana don phobal ar dhóigh eile i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha a glacadh de bhun an Rialacháin seo.”

(b)

déantar na míreanna seo a leanas a chur isteach:

“3.   I gcás ina bhfuil earráid, atá inchurtha i leith na hOifige, san iarratas, déanfaidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, an earráid a cheartú agus foilseoidh sí an ceartúchán.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 43(3) i gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir ceartúchán.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 41(2) freisin nuair a bhaineann an ceartúchán leis an liosta earraí nó seirbhísí nó le léiriú ar an marc.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na mionsonraí atá le bheith san iarratas a fhoilseofar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(38)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

“Airteagal 40

Tuairimí ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus aon ghrúpa nó comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí, ar tháirgeoirí, ar sholáthraithe seirbhísí, ar thrádálaithe nó ar thomhaltóirí tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid na hOifige, lena mínítear na forais, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 7, nár cheart an trádmharc a chlárú ex officio.

Ní bheidh daoine agus grúpaí nó comhlachtaí amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bpáirtithe sna himeachtaí atá faoi bhráid na hOifige.

2.   Tíolacfar tuairimí ó thríú páirtí roimh dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás nár comhdaíodh freasúra i gcoinne an trádmhairc, sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra.

3.   Beidh an aighneacht dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin tráth ar bith roimh chlárú, más iomchuí sin.

4.   Cuirfear na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl don iarratasóir agus beidh sé in ann ráiteas a thabhairt orthu.”.

(39)

Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

na daoine a údaraítear faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 8(4a) a fheidhmiú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfear freasúra i scríbhinn, agus sonrófar na forais ar a ndearnadh é. Ní mheasfar go mbeidh sé curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille freasúra.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Laistigh de thréimhse atá le socrú ag an Oifig, féadfaidh an freasúróir fíricí, fianaise agus argóintí mar thaca lena chás nó lena cás a chur isteach.”.

(40)

In Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, déanfaidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE atá tar éis fógra freasúra a thabhairt, cruthúnas a chur ar fáil, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta comhdaithe nó dáta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid an AE, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann sé nó sí mar bhonn cirt lena fhreasúra nó lena freasúra, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid an AE cláraithe ar an dáta sin le tréimhse nach lú ná cúig bliana. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don fhreasúra. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe agus don chuid sin amháin, measfar, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an bhfreasúra, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus don chuid sin amháin.”.

(41)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas leis:

“Airteagal 42a

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na mionsonraí i ndáil leis an nós imeachta maidir le freasúra a chomhdú agus a scrúdú, a leagtar amach in Airteagal 41 agus in Airteagal 42.”.

(42)

In Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear mionsonraí an nós imeachta lena rialaítear leasú ar an iarratas.”.

(43)

Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

sula dtugann an Oifig an dáta comhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 27 agus le linn na tréimhse freasúra dá bhforáiltear in Airteagal 41(1).”;

(b)

scriostar mír 3;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   I gcás ina gcinneann an Oifig nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus sna rialacha a ghlactar de bhun mhír 9(a) á gcomhlíonadh, iarrfaidh sé ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an teorainn ama in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“8.   Nuair a bhaineann dearbhú roinnte le hiarratas a foilsíodh cheana de bhun Airteagal 39, foilseofar an roinnt. Foilseofar an roinn den iarratas. Ní osclófar tréimhse nua chun freasúraí a chomhdú leis an bhfoilsiú sin.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú maidir le roinnt iarratais arna dhéanamh de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí i ndáil leis an mbealach chun dearbhú maidir le roinnt iarratais a phróiseáil, lena n-áirithítear go mbunófar comhad ar leith, lena n-áirítear uimhir iarratais nua i gcomhair na roinne den iarratas;

(c)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na roinne den iarratas de bhun mhír 8.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”

(44)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

“Airteagal 45

Clárú

1.   I gcás ina gcomhlíonann iarratas na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus nár tugadh fógra freasúra le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 41(1) nó i gcás ina ndearnadh aon fhreasúra a cuireadh isteach a dhiúscairt go críochnaitheach trí aistarraingt, trí dhiúltú nó trí dhiúscairt eile, déanfar an trádmharc agus na sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 87(2), a chlárú sa Chlár. Foilseofar an clárú.

2.   Eiseoidh an Oifig deimhniú um chlárú. Féadfar an deimhniú sin a eisiúint go leictreonach. Soláthróidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den deimhniú faoi réir táille a íoc, i gcás ina n-eiseofar na cóipeanna sin trí mheán éigin seachas go leictreonach.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sa deimhniú um chlárú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus foirm an deimhnithe sin um chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(45)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

“Airteagal 47

Athnuachan

1.   Déanfar athnuachan ar chlárú an trádmhairc de chuid AE arna iarraidh sin do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE nó d'aon duine arna údarú go sainráite aige nó aici, ar choinníoll gur íocadh na táillí.

2.   Cuirfidh an Oifig dílseánach an trádmhairc de chuid AE, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici maidir leis an trádmharc de chuid AE, ar an eolas mar gheall ar dhul in éag an chláraithe ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin. Ní bheidh an Oifig freagrach as mainneachtain eolas den sórt sin a thabhairt agus ní dhéanfaidh sé difear do dhul in éag an chláraithe.

3.   Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan le linn na tréimhse sé mhí roimh dhul in éag an chláraithe. Íocfar an táille bhunúsach maidir leis an athnuachan agus, i gcás inarb iomchuí, íocfar táille aicme amháin nó níos mó maidir le gach aicme earraí agus seirbhísí a théann thar an gcéad aicme le linn na tréimhse sin. Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a chur isteach agus na táillí a íoc laistigh de thréimhse eile sé mhí tar éis dhul in éag an chláraithe, ar choinníoll go n-íocfar táille bhreise a ghearrtar ar íocaíocht dhéanach na táille athnuachana nó ar chur isteach déanach na hiarrata ar athnuachan laistigh den tréimhse bhreise sin.

4.   Áireofar san iarraidh ar athnuachan an méid seo a leanas:

(a)

ainm an duine a iarrann an athnuachan;

(b)

cláruimhir an trádmhairc sin de chuid AE atá le hathnuachan;

(c)

más rud é nach n-iarrtar an athnuachan ach le haghaidh cuid de na hearraí agus na seirbhísí atá cláraithe, sonrú ar na haicmí sin nó na hearraí agus na seirbhísí sin a n-iarrtar athnuachan ina leith, nó na haicmí sin nó na hearraí agus na seirbhísí sin nach n-iarrtar athnuachan ina leith, iad grúpáilte de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus uimhir aicme an aicmiúcháin sin lena mbaineann an grúpa sin d'earraí nó de sheirbhísí ag teacht roimh gach grúpa, agus curtha i láthair in ord aicmí an aicmiúcháin sin.

Má íoctar an íocaíocht dá dtagraítear i mír 3, measfar gur iarraidh ar athnuachan é ar choinníoll go bhfuil gach léiriú riachtanach ann chun cuspóir na híocaíochta a fháil amach.

5.   I gcás ina dtíolactar an iarraidh nó ina n-íoctar na táillí maidir le roinnt de na hearraí nó na seirbhísí a gcláraítear an trádmharc de chuid AE i dtaca leo, agus do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin, déanfar an clárú a athnuachan do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin. Nuair nach bhfuil na táillí a íoctar leordhóthanach chun na haicmí earraí agus seirbhísí go léir a n-iarrtar athnuachan lena n-aghaidh a chumhdach, déanfar clárú a athnuachan más léir an aicme nó na haicmí atá le cumhdach. In éagmais critéir eile, cuirfidh an Oifig na haicmí san áireamh in ord a n-aicmiúcháin.

6.   Beidh éifeacht ag athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chláraithe atá ann cheana. Clárófar an athnuachan.

7.   I gcás ina gcomhdaítear an iarraidh ar athnuachan laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 3, ach nach gcomhlíontar na coinníollacha eile don athnuachan dá bhforáiltear san Airteagal seo, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas i ndáil leis na heasnaimh a aimsíodh.

8.   Nuair nach gcuirtear isteach iarraidh ar athnuachan nó nuair a chuirtear isteach é tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3 dul in éag, nó nuair nach n-íoctar na táillí nó nach n-íoctar iad go dtí tar éis don tréimhse sin dul in éag, nó nuair nach ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 7 a leigheas laistigh den tréimhse sin, cinnfidh an Oifig go bhfuil an clárú imithe in éag agus cuirfidh sí an méid sin in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE dá réir sin. Nuair atá cinneadh críochnaitheach tugtha, cealóidh an Oifig an marc ón gclár. Beidh feidhm ag an gcealú ón lá tar éis an lá a rachaidh an clárú atá ann in éag. Nuair nach ndéantar an clárú a athnuachan ach go bhfuil na táillí ar athnuachan íoctha cheana féin, aisíocfar na táillí sin.

9.   Féadfar iarratas amháin ar athnuachan a chur isteach maidir le dhá cheann nó níos mó de mhairc, ar na táillí riachtanacha a íoc do gach ceann de na mairc sin, ar choinníoll gurb ionann na dílseánaigh nó na hionadaithe i ngach cás.”.

(46)

Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Leis an iarraidh ar athrú, áireofar gné an mhairc atá le hathrú agus leagan athraithe na gné sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. Mura n-íocfar an táille, nó mura n-íocfar go hiomlán í, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don iarratasóir. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú na gné céanna in dhá chlárú nó níos mó de chuid an dílseánaigh chéanna. Íocfar an táille riachtanach i ndáil le gach clárú atá le hathrú. Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an gclarú a athrú, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh.

5.   Beidh léiriú den trádmharc de chuid AE mar a athraíodh é sa chlárú ar athrú a fhoilseofar. Féadfaidh tríú páirtithe a bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag an athrú ar a gcearta cur i gcoinne an chláraithe laistigh den tréimhse trí mhí tar éis a fhoilsithe. Beidh feidhm ag Airteagal 41 agus Airteagal 42, agus ag rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 42a maidir le foilsiú chlárú an athraithe.”.

(47)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 48a

Athrú ar ainm nó seoladh

1.   Athrú ar ainm nó seoladh dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE nach athrú é ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 48(2) agus nach toradh é ar aistriú iomlán nó aistriú páirteach an trádmhairc sin de chuid AE, déanfar é, arna iarraidh sin don dílseánach, a thaifeadadh sa chlár.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú ar ainm nó seoladh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

2.   Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú ar ainm nó seoladh i ndáil le dhá cheann de chláruithe nó níos mó de chuid an dílseánaigh chéanna.

3.   I gcás nach mbeidh na ceanglais maidir le hathrú a thaifeadadh comhlíonta, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh.

4.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 3 freisin maidir le hathrú ainm nó seoladh an ionadaí chláraithe.

5.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE. Déanfar an t-athrú a thaifeadadh sna comhaid a choinníonn an Oifig i ndáil leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE.”.

(48)

Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, nó i gcás ina bhfuil forluí idir an liosta earraí agus seirbhísí ar a bhfuil an clárú roinnte bunaithe agus na hearraí agus na seirbhísí a choimeádtar sa chlárú bunaidh, iarrfaidh an Oifig ar dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE na heasnaimh a leigheas laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an tréimhse ama sin in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú maidir le roinnt cláruithe de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí i ndáil leis an mbealach chun dearbhú maidir le roinnt cláruithe a phróiseáil, agus é á áirithiú go mbunófar comhad ar leith, lena n-áirítear cláruimhir nua, don roinn den chlárú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(49)

Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Is i scríbhinn a chuirfidh dílseánach an trádmhairc in iúl don Oifig go bhfuil an trádmharc á thabhairt suas aige. Ní bheidh éifeacht aige go dtí go gcuirfear isteach sa Chlár é. An bhailíocht maidir le tabhairt suas trádmhairc de chuid AE a chuirtear in iúl don Oifig tar éis an t-iarratas chun an trádmharc sin a chúlghairm de bhun Airteagal 56(1) a chur isteach, beidh sé coinníollach ar dhiúltú nó tarraingt siar deiridh an iarratais chúlghairme sin.

3.   Ní iontrálfar an tabhairt suas ach amháin le comhaontú ó dhílseánach cirt, ar ceart é a bhaineann leis an trádmharc de chuid AE agus atá iontráilte sa Chlár. Más ceadúnas cláraithe atá ann, ní chuirfear an tabhairt suas isteach sa Chlár ach amháin i gcás go gcruthaíonn dílseánach an trádmhairc de chuid AE go bhfuil an ceadúnaí curtha ar an eolas aige nó aici maidir lena rún chun tabhairt suas. Déanfar iontráil an tabhairt suas tar éis na tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a shásóidh an dílseánach an Oifig gur chuir sé nó sí a rún maidir le tabhairt suas in iúl don cheadúnaí, nó roimh dhul in éag na tréimhse sin, a luaithe a chruthóidh sé nó sí go bhfuil toiliú tugtha ag an gceadúnaí chuige sin.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir le tabhairt suas, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don dearbhóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don tabhairt suas a chur isteach sa Chlár.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú i ndáil le tabhairt suas de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an cineál doiciméadachta atá riachtanach chun comhaontú tríú páirtí a bhunú de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”

(50)

In Airteagal 53, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(d)

i gcás inarb ann d'ainmniúchán tionscnaimh níos luaithe nó tásc geografach níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(4a) agus i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh ar dháta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE.”.

(51)

In Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   I gcás inar thoiligh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid san Aontas agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.

2.   I gcás inar thoiligh dílseánach trádmhairc is túisce amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó dílseánach comhartha eile is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc níos luaithe nó an comhartha níos luaithe faoi chosaint, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe nó an comhartha eile níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.”.

(52)

Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (c), cuirtear an frása “faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann” in ionad an fhrása “faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh iarratas ar chúlghairm nó iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta neamh-inghlactha más rud é go bhfuil an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE, amhail dá dtagraítear in Airteagal 95, i ndiaidh iarratas maidir leis an ábhar agus leis an gcúis chéanna caingne, agus lena mbaineann na páirtithe céanna, a bhreithniú de réir a thuillteanais féin agus go bhfuil údarás an chinnidh chríochnaithigh faighte ag cinneadh na hOifige nó ag cinneadh na cúirte sin i dtaca leis an iarratas sin.”.

(53)

In Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Má iarrann dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE amhlaidh, cuirfidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE, ar páirtí é sna himeachtaí neamhbhailíochta, cruthúnas ar fáil go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid AE, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann dílseánach an trádmhairc níos luaithe sin mar bhonn cirt lena iarratas nó lena hiarratas, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar an dáta sin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Más rud é, ar an dáta ar a comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar dháta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go raibh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana, cuirfidh dílseánach an trádmhairc níos luaithe de chuid AE cruthúnas ar fáil, ina theannta sin, go raibh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 42(2) á gcomhlíonadh ar an dáta sin. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, agus don chuid sin amháin, measfar, chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus i leith na coda sin amháin.”.

(54)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 57a

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar mionsonraí na nósanna imeachta lena rialaítear cúlghairm agus dearbhú neambhailíochta trádmhairc de chuid AE amhail dá dtagraítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57, chomh maith le haistriú trádmhairc atá cláraithe in ainm gníomhaire amhail dá dtagraítear in Airteagal 18.”

(55)

In Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne aon cheann de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 130 agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe (f) den Airteagal sin. Ní bheidh feidhm ag na cinntí sin ach amháin ó dháta éagtha thréimhse an achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 60. Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú an achomhairc.”.

(56)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60:

“Airteagal 60

Teorainn ama agus foirm an achomhairc

1.   Déanfar Fógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh. Measfar nach mbeidh an fógra comhdaithe go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha. Déanfar an fógra a chomhdú i dteanga na n-imeachtaí inar glacadh an cinneadh faoi réir achomhairc. Laistigh de cheithre mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh, déanfar ráiteas a chomhdú i scríbhinn ina leagfar amach na forais maidir le hachomharc.

2.   In imeachtaí inter partes, féadfaidh an cosantóir cinneadh a lorg ina fhreagra nó ina freagra lena neamhnítear nó lena n-athraítear an cinneadh atá á chonspóid maidir le pointe nár ardaíodh san achomharc. Ní bheidh aon éifeacht le haighneachtaí den sórt sin i gcás ina gcuireann an t-achomharcóir deireadh leis na himeachtaí.”.

(57)

Scriostar Airteagal 62.

(58)

In Airteagal 64, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ní bheidh éifeacht ag cinntí ón mBord Achomhairc ach amháin ó dháta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 65(5) a bheith caite nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, amhail ón dáta a dhífear caingean den sórt sin nó ó dháta aon achomhairc a chomhdaítear leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne an chinnidh ón gCúirt Ghinearálta.”.

(59)

Leasaítear Airteagal 65 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfar caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne chinntí na mBord Achomhairc maidir le hachomhairc.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Tabharfar an chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh ón mBord Achomhairc.

6.   Glacfaidh an Oifig gach beart is gá chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.”.

(60)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 65a

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 163a lena sonrófar:

(a)

inneachar foirmiúil an fhógra achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 60 agus an nós imeachta i ndáil leis an achomharc a chomhdú agus a scrúdú;

(b)

inneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc amhail dá dtagraítear in Airteagal 64;

(c)

aisíocaíocht tháillí an achomhairc amhail dá dtagraítear in Airteagal 60.”;

(61)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal VIII:

“FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE CÓMHARCANNA AGUS MARCANNA DEIMHNIÚCHÁIN DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH”.

(62)

Cuirtear an ceannteideal roinne seo a leanas isteach roimh Airteagal 66:

“ROINN 1

Cómharcanna de chuid AE”.

(63)

In Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh feidhm ag Teidil I go dtí Teideal VII agus ag Teideal IX go dtí Teideal XIV maidir le cómharcanna de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo.”;

(64)

Leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh iarratasóir ar chómharc de chuid AE rialacháin isteach lena rialófar úsáid an chómhairc, laistigh de dhá mhí ón dáta comhdaithe.”;

(b)

cuirtear an mhír seo leanas isteach:

“3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sna rialacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(65)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 69:

“Airteagal 69

Tuairimí ó thríú páirtithe

I gcás ina gcuirtear tuairimí maidir le cómharc de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 40, féadfar na tuairimí sin a bhunú freisin ar na forais áirithe ar ar cheart an t-iarratas ar chómharc de chuid AE a dhiúltú de bhun Airteagal 68.”.

(66)

In Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfar tuairimí i scríbhinn a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 69 a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid.”.

(67)

I dTeideal VIII, cuirtear an roinn seo a leanas leis:

“ROINN 2

Marcanna deimhniúcháin de chuid AE

Airteagal 74a

Marcanna deimhniúcháin de chuid AE

1.   Is éard a bheidh i marc deimhniúcháin de chuid AE trádmharc de chuid AE a thuairiscítear sa chéill sin nuair a dhéantar iarratas ar an marc agus lena bhféadfar earraí nó seirbhísí, arna ndeimhniú ag dílseánach an mhairc, a idirdhealú i ndáil le hábhar, le modh monaraíochta na n-earraí nó feidhmíocht na seirbhísí, le cáilíocht, le cruinneas nó le saintréithe eile, seachas an tionscnamh geografach, ó earraí agus seirbhísí nach ndeimhnítear amhlaidh.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear institiúidí, údaráis agus comhlachtaí a rialaítear le dlí poiblí, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mharcanna deimhniúcháin de chuid AE ar choinníoll nach bhfuil gnó á dhéanamh ag duine den sórt sin lena ndéantar earraí nó seirbhísí den chineál atá le deimhniú a sholáthar.

3.   Beidh feidhm ag Teidil I go dtí Teideal VII agus ag Teideal IX go dtí Teideal XIV maidir le marcanna deimhniúcháin de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an Roinn seo.

Airteagal 74b

Rialacháin lena rialaítear úsáid mharc deimhniúcháin de chuid AE

1.   Cuirfidh iarratasóir ar mharc deimhniúcháin de chuid AE rialacháin isteach laistigh de dhá mhí ón dáta comhdaithe, ar rialacháin iad lena rialaítear úsáid an mhairc dheimhniúcháin.

2.   Sonrófar sna rialacháin, lena rialaítear úsáid, na daoine a údaraítear chun an marc a úsáid, na saintréithe a dheimhneofar leis an marc, an chaoi a dtástálfaidh an comhlacht deimhniúcháin na saintréithe sin agus an chaoi a maoirseoidh an comhlacht úsáid an mhairc. Sonrófar freisin sna rialacháin sin coinníollacha úsáide an mhairc, lena n-áirítear smachtbhannaí.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sna rialacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

Airteagal 74c

Diúltú don iarratas

1.   De bhreis ar na forais le haghaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE a dhiúltú, dá bhforáiltear in Airteagal 36 agus Airteagal 37, diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i gcás nach gcomhalltar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 74a agus Airteagal 74b, nó i gcás ina bhfuil na rialacháin lena rialaítear úsáid ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

2.   Diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE freisin más rud é go bhféadfaí an pobal a chur amú maidir le saintréith nó sainbhrí an mhairc, go háirithe más dócha go samhlófaí rud leis seachas marc deimhniúcháin.

3.   Ní dhiúltófar d'iarratas má chomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais mhír 1 agus mhír 2, de thoradh ar leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid.

Airteagal 74d

Tuairimí ó thríú páirtithe

I gcás ina gcuirtear tuairimí ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 40, féadfar na tuairimí sin a bheith bunaithe freisin ar na forais áirithe ar ar cheart go ndiúltófaí d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE de bhun Airteagal 74c.

Airteagal 74e

Úsáid an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE

Aon duine a úsáidfidh marc deimhniúcháin de chuid AE a bhfuil údarás aige lena úsáid i gcomhréir leis na rialacháin lena rialaítear úsáid dá dtagraítear in Airteagal 74b, sásóidh sé ceanglais an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le húsáid trádmharcanna de chuid AE.

Airteagal 74f

Leasú a dhéanamh ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc

1.   Cuirfidh dílseánach an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE aon rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid faoi bhráid na hOifige.

2.   Ní dhéanfar tagairt do leasuithe sa Chlár i gcás nach gcomhlíonann na rialacháin arna leasú ceanglais Airteagal 74b nó i gcás a bhfuil ceann d'fhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 74c ag baint leis.

3.   Féadfar tuairimí i scríbhinn i gcomhréir le Airteagal 74d a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh éifeacht ag leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid ach amháin amhail ón dáta a gcuirfear an tagairt don leasú isteach sa Chlár.

Airteagal 74g

Aistriú

De mhaolú ar Airteagal 17(1), ní fhéadfar marc deimhniúcháin de chuid AE a aistriú chuig duine dlítheanach ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh sé ceanglais Airteagal 74a(2).

Airteagal 74h

Daoine atá i dteideal caingean um shárú a thabhairt

1.   Ní bheidh i dteideal caingean um shárú a thabhairt ach dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE nó aon duine a bheidh údaraithe go sonrach aige nó aici chuige sin.

2.   Beidh dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE i dteideal cúiteamh a éileamh ar son daoine a mbeidh an t-údarás acu chun an marc a úsáid i gcás go bhfuil damáiste fulaingthe acu de dhroim úsáid neamhúdaraithe an mhairc.

Airteagal 74i

Forais le cúlghairm a dhéanamh

De bhreis ar fhorais na cúlghairme dá bhforáiltear in Airteagal 51, cúlghairfear na cearta atá ag dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE, ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann an dílseánach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 74a(2) a thuilleadh;

(b)

ní ghlacann an dílseánach bearta réasúnacha chun cosc a chur ar an marc a bheith á úsáid ar bhealach atá ar neamhréir le coinníollacha na húsáide a leagtar síos sna rialacháin lena rialaítear úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil leasuithe ina leith luaite sa Chlár;

(c)

mar gheall ar an mbealach ar bhain an dílseánach úsáid as an marc, tharlódh go gcuirfí an pobal amú sa bhealach dá dtagraítear in Airteagal 74c(2);

(d)

luadh sa Chlár leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc de shárú ar Airteagal 74f(2), mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc ceanglais an Airteagail sin, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú tuilleadh.

Airteagal 74j

Forais neamhbhailíochta

De bhreis ar na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear in Airteagal 52 agus in Airteagal 53, dearbhófar go bhfuil marc deimhniúcháin de chuid AE a chláraítear de shárú ar Airteagal 74c neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc ceanglais Airteagal 74c, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú.

Airteagal 74k

Tiontú

Gan dochar d'Airteagal 112(2), ní dhéanfar iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE ná marc deimhniúcháin de chuid AE atá cláraithe a thiontú i gcás nach bhforáiltear le dlí náisiúnta an Bhallstáit do chlárú marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin de bhun Airteagal 28 de Threoir (AE) 2015/2436.”.

(68)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

“Airteagal 75

Cinntí agus teachtaireachtaí na hOifige

1.   Luafar i gcinntí na hOifige na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Is ar chúiseanna agus fianaise amháin ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna a chur i láthair a bhunófar iad beag beann ar aon rud eile. I gcás ina dtionólfar imeachtaí béil os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh in iúl i scríbhinn do na páirtithe.

2.   Léireofar roinn nó rannóg na hOifige in aon chinneadh, aon teachtaireacht nó aon fhógra ón Oifig mar aon le hainm an oifigigh nó ainmneacha na n-oifigeach atá ina gcúram. Beidh síniú an oifigigh sin nó na n-oifigeach sin orthu, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun roinn nó rannóg na hOifige agus ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as sainaithint seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí, teachtaireachtaí nó fógraí ón Oifig le facs nó le haon mhodhanna teicniúla cumarsáide eile.

3.   Cinntí de chuid na hOifige ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo le cur in iúl go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn leis an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Tarraingeofar aird na bpáirtithe freisin, sa teachtaireacht sin, ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 58, in Airteagal 59 agus in Airteagal 60. Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.”.

(69)

In Airteagal 76(1), cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Le linn imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnaítear de bhun Airteagal 52, cloífidh an Oifig ina scrúdú leis na forais agus leis na hargóintí a thíolacann na páirtithe.”.

(70)

In Airteagal 77, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le teangacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 119.”

(71)

Leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Aon mhí amháin ar a laghad a sholáthrófar mar thréimhse fógra i dtoghairm den sórt sin ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn siad ar thréimhse níos giorra.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“5.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin méideanna na gcostas a bheidh le híoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, maidir leis na costais a bhaineann le glacadh fianaise amhail dá dtagraítear san Airteagal seo.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thabhairt.”

(72)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

“Airteagal 79

Fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh an Oifig, mar chuid den ghnáthchleachtas, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith.

2.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cé acu doiciméid a dtabharfar fógra ina leith trí litir chláraithe a mbeidh cruthúnas seachadta léi, cé is moite de na cinntí sin atá faoi réir teorann ama le haghaidh achomhairc agus toghairmeacha.

3.   Féadfar an fógra a thabhairt ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán leictreonach. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach.

4.   I gcás ina bhfuil an fógra le tabhairt mar fhógra poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a dtosóidh an tréimhse míosa agus ar dhul in éag na tréimhse sin measfar go mbeidh fógra tugtha maidir leis an doiciméad.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt.”.

(73)

Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 79a

Caillteanas ceart a fhógairt

I gcás ina gcinnfidh an Oifig go gcailltear aon chearta de dheasca an Rialacháin seo nó de dheasca gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo, gan aon chinneadh a bheith glactha, déanfaidh sí é sin a chur in iúl don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 79. Féadfaidh an duine sin cinneadh a iarraidh maidir leis an ábhar laistigh de dhá mhí tar éis fhógairt na teachtaireachta, má mheastar don duine sin gur cinneadh mícheart é cinneadh na hOifige. Ní ghlacfaidh an Oifig cinneadh den sórt sin ach amháin i gcás nach n-aontaíonn sé leis an duine a bhíonn á iarraidh; murach sin déanfaidh an Oifig a cinneadh a leasú agus cuirfidh sí an duine a iarrann an cinneadh ar an eolas faoi.

Airteagal 79b

Teachtaireachtaí chuig an Oifig

1.   Féadfar teachtaireachtaí a dhírítear ar an Oifig a sheoladh go leictreonach. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir lena mhéid agus is féidir na teachtaireachtaí sin a thaisceadh go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina dtaiscfear iad.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163(a) lena sonraítear na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil.

Airteagal 79c

Teorainneacha ama

1.   Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná aon mhí amháin agus ní bheidh sé níos mó ná sé mhí.

2.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil an Oifig suite.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil an Oifig suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha.

4.   Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear cumarsáid chuí nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát lena mbaineann nó a bhfuil a n-oifig cláraithe suite sa Bhallstát sin, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu agus áit ghnó aige sa Bhallstát lena mbaineann, go cuirfear fadú go dtí dáta a shocróidh sé féin le gach teorainn ama a rachadh in éag murach sin an lá a dtosaíonn tarlú den sórt sin nó ina dhiaidh sin, ar teorainneacha ama iad a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Agus an dáta sin á chinneadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an té sin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Más rud é go dtéann an tarlú i bhfeidhm ar cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm aige i ndáil le gach páirtí sna himeachtaí.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na mionsonraí maidir le ríomh agus le fad na dteorainneacha ama.

Airteagal 79d

Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú

1.   Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, aon earráidí teanga nó aon earráidí tras-scríofa agus aon dearmaid fhollasacha i gcinntí na hOifige, nó earráidí teicniúla is inchurtha ina leith agus an trádmharc á chlárú aici nó agus an clárú á fhoilsiú aici.

2.   I gcás inarb é an dílseánach a iarrann go ndéanfar earráidí i gclárú trádmhairc nó i bhfoilsiú an chláraithe a cheartú, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 48a.

3.   Foilseoidh an Oifig na ceartúcháin a dhéantar ar earráidí i gclárú trádmhairc agus i bhfoilsiú an chláraithe.”.

(74)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80:

“Airteagal 80

Cinntí a chúlghairm

1.   I gcás ina mbeidh iontráil sa Chlár déanta ag an Oifig nó i gcás ina mbeidh cinneadh glactha aici ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. I gcás nach mbeidh ach páirtí amháin sna himeachtaí agus go ndéanfaidh an iontráil nó an gníomh difear dá chearta, cinnfear cealú nó cúlghairm fiú mura raibh an earráid soiléir don pháirtí.

2.   Déanfaidh an roinn a rinne an iontráil nó a ghlac an cinneadh cealú nó cúlghairm amhail dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh ex officio nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sna himeachtaí. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an trádmharc de chuid AE i dtrácht a chuirtear isteach sa Chlár. Coimeádfaidh an Oifig taifead d'aon chealú nó d'aon chúlghairm den sórt sin.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear an nós imeachta maidir le cinneadh a chúlghairm nó maidir le hiontráil sa Chlár a chealú.

4.   Beidh an tAirteagal sin gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a chur isteach faoi Airteagal 58 agus faoi Airteagal 65, nó don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú faoi Airteagal 79d. I gcás ina bhfuil achomharc curtha i gcomhad i gcoinne cinneadh ón Oifig a bhfuil earráid ann, beidh na himeachtaí achomhairc in éagmais aon chuspóra tráth a ndéanfaidh an Oifig a cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Sa chás deireanach sin, cúiteofar táille an achomhairc leis an achomharcóir.”.

(75)

Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 27, Airteagail 29(1), 33(1), 36(2), 41(1) agus (3), 47(3), Airteagal 60, Airteagal 65(5) agus Airteagal 81(2), agus Airteagal 112, ná maidir leis na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo ná maidir leis an teorainn ama chun sinsearacht a éileamh de bhun Airteagal 34 tar éis don iarratas a bheith curtha isteach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina nglacfaidh an Oifig leis an iarratas, measfar nár tharla na hiarmhairtí ar mhainneachtain cloí leis an teorainn ama. I gcás inar glacadh cinneadh sa tréimhse idir éag na teorann ama sin agus an iarraidh ar leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí, déanfaidh an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh a fágadh ar lár athbhreithniú ar an gcinneadh agus, i gcás inar leor comhlíonadh an ghnímh sin féin a fágadh ar lár, glacfaidh sí cinneadh difriúil. Má chinneann an Oifig, tar éis an athbhreithnithe, nach n-éilítear an cinneadh bunaidh a athrú, dearbhóidh sí an cinneadh sin i scríbhinn.”.

(76)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 82a

Na himeachtaí a bhriseadh

1.   Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige:

(a)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an iarratasóra ar thrádmharc de chuid AE nó dhílseánaigh thrádmhairc de chuid AE nó an duine a údaraítear de réir an dlí náisiúnta gníomhú thar a cheann nó thar a ceann. Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas difear d'údarú ionadaí a cheaptar faoi Airteagal 93, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin ar iarraidh ón ionadaí sin;

(b)

i gcás ina mbeidh cosc ar an iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó ar dhílseánach trádmhairc de chuid AE, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingne in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige;

(c)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil ionadaí iarratasóra ar thrádmharc de chuid AE, nó dílseánaigh trádmhairc de chuid AE, nó i gcás ina mbeidh cosc ar an ionadaí sin, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingne in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige.

2.   Athchromfar ar imeachtaí os comhair na hOifige a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear socruithe mionsonraithe maidir leis na himeachtaí a atosú os comhair na hOifige.”.

(77)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 83:

“Airteagal 83

Tagairt do phrionsabail ghinearálta

In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo nó i ngníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go ginearálta sna Ballstáit.”.

(78)

Leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é an páirtí a chaillfidh in imeachtaí freasúra, in imeachtaí cúlghairme, in imeachtaí le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta nó in imeachtaí achomhairc a fhulaingeoidh na táillí a íocann an páirtí eile. Gan dochar d'Airteagal 119(6), fulaingeoidh an páirtí a chaillfidh na costais go léir a thabhaíonn an páirtí eile, ar costais iad atá bunriachtanach do na himeachtaí, lena n-áirítear taisteal agus cothú agus luach saothair d'ionadaí de réir bhrí Airteagal 93(1), laistigh de theorainneacha na scálaí a leagtar síos do gach catagóir costais sa ghníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo. Beidh na táillí a fhulaingeoidh an páirtí a chaillfidh teoranta do na táillí sin a íocann an páirtí eile i ndáil le cur i gcoinne, le hiarraidh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE agus i ndáil le hachomharc.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).

Agus méid mar sin á shonrú aige maidir le taisteal agus le costais chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí nó an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionólfar na himeachtaí béil, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid agus a bheidh costais na hionadaíochta de réir bhrí Airteagal 93(1) bainteach, an gá lena áirithiú nach mbainfidh an páirtí eile mí-úsáid as an oibleagáid atá ann na costais a fhulaingt ar chúiseanna oirbheartaíochta. Déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (16).

Ní fhulaingeoidh an páirtí a chaillfidh na costais ach d'aon pháirtí freasúra amháin agus, i gcás inarb infheidhme, ach d'aon ionadaí amháin.

(16)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.”."

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Socróidh an Rannán Freasúra nó an Rannán Cealúcháin nó an Bord Achomhairc méid na gcostas a bheidh le híoc de bhun mhír 1 go mír 5 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is iad clárlann an Bhoird Achomhairc nó ball foirne de chuid an Rannáin Fhreasúra nó de chuid an Rannáin Chealúcháin a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas a bheidh le híoc ar ais. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh tréimhse dhá mhí tar éis an dáta a mbeidh an cinneadh críochnaitheach, ar chinneadh é ar taisceadh iarratas lena aghaidh chun na costais a shocrú, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta de bhun Airteagal 93(1), beidh dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais leordhóthanach. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí. I gcás ina socrófar méid na gcostas de bhun na chéad abairte den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh a ghlacfar de bhun mhír 1a den Airteagal seo, beag beann ar cé acu ar tabhaíodh na costais go hiarbhír nó nár tabhaíodh.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Maidir leis an gcinneadh i ndáil le costais a shocrú, ar chinneadh é ina sonrófar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, is féidir athbhreithniú a dhéanamh air le cinneadh ón Rannán Freasúra nó ón Rannán Cealúcháin nó ón mBord Achomhairc ar iarraidh a chomhdófar laistigh de mhí amháin ón dáta a dtugtar fógra faoi chostais a dhámhachtain. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go mbeidh an táille le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na gcostas íoctha. Déanfaidh an Rannán Freasúra, an Rannán Cealúcháin nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.”.

(79)

In Airteagal 86(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Cuirfidh an t-údarás sin an t-ordú maidir leis an gcinneadh a fhorghníomhú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh.”.

(80)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 87:

“Airteagal 87

Clár de Thrádmharcanna AE

1.   Coimeádfaidh an Oifig Clár de thrádmharcanna AE a choimeádfaidh sí cothrom le dáta.

2.   Cuimseofar leis an gClár na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE agus le cláruithe trádmhairc de chuid AE:

(a)

dáta comhdaithe an iarratais;

(b)

uimhir chomhaid an iarratais;

(c)

dáta foilsithe an iarratais;

(d)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(e)

ainm agus seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí amhail dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 92(3);

(f)

léiriú ar an marc, maille le tásca faoina chineál; agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an marc;

(g)

tásc ar na hearraí agus ar na seirbhísí trí bhíthin a n-ainmneacha;

(h)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht de bhun Airteagal 30;

(i)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht taispeántais de bhun Airteagal 33;

(j)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 34;

(k)

ráiteas á rá go bhfuil an marc éirithe ina mharc leithleach mar gheall ar an úsáid a baineadh as, de bhun Airteagal 7(3);

(l)

tásc á léiriú gur cómharc é an marc;

(m)

tásc á léiriú gur marc deimhniúcháin é an marc;

(n)

an teanga ina ndearnadh an t-iarratas a chomhdú agus an dara teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir ina iarratas nó ina hiarratas, de bhun Airteagal 119(3);

(o)

an dáta inar cláraíodh an marc sa Chlár agus an chláruimhir;

(p)

ráiteas á rá gur eascair an t-iarratas as trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, de bhun Airteagal 161 den Rialachán seo, mar aon le dáta an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó an dáta ar taifeadadh síneadh críche an Aontais a rinneadh i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3b(2) de Phrótacal Mhaidrid agus, i gcás inarb iomchuí, dáta tosaíochta an chláraithe idirnáisiúnta.

3.   Beidh na hiontrálacha seo a leanas freisin sa Chlár, agus an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin ag gabháil le gach iontráil:

(a)

athruithe ar ainm, ar sheoladh nó ar náisiúntacht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE nó athrú ar an Stát ina bhfuil sainchónaí air nó uirthi nó ina bhfuil ceanncheathrú nó bunaíocht an dílseánaigh sin;

(b)

athruithe ar ainm nó ar sheoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí amhail dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 92(3);

(c)

i gcás ina gceaptar ionadaí nua, ainm agus seoladh gnó an ionadaí sin;

(d)

leasuithe agus athruithe ar an marc, de bhun Airteagal 43 agus de bhun Airteagal 48, agus ceartuithe ar earráidí;

(e)

fógra maidir le leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear an úsáid a bhaintear as an gcómharc de bhun Airteagal 71;

(f)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 34, de bhun Airteagal 35;

(g)

aistrithe iomlána nó páirteacha de bhun Airteagal 17;

(h)

ceart in rem a chruthú nó a aistriú de bhun Airteagal 19, agus cineál an chirt sin in rem;

(i)

tobhach ar fhorghníomhú de bhun Airteagal 20 agus imeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 21;

(j)

ceadúnas a dheonú nó a aistriú de bhun Airteagal 22 agus, i gcás inarb infheidhme, cineál an cheadúnais;

(k)

clárú a athnuachan de bhun Airteagal 47, an dáta a mbeidh éifeacht aige agus aon srianta de bhun Airteagal 47(4);

(l)

taifead ar chinneadh maidir le dul in éag cláraithe de bhun Airteagal 47;

(m)

dearbhuithe aistarraingthe nó dearbhuithe géillte ó dhílseánach an mhairc de bhun Airteagal 43 agus Airteagal 50 faoi seach;

(n)

dáta taiscthe agus sonraí maidir le cur i gcoinne de bhun Airteagal 41, maidir le hiarratas de bhun Airteagal 56, nó maidir le frithéileamh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 100(4), nó sonraí maidir le hachomharc de bhun Airteagal 60;

(o)

dáta agus inneachar cinnidh maidir le cur i gcoinne, maidir le hiarratas nó le frithéileamh de bhun Airteagal 57(6) nó an tríú habairt d'Airteagal 100(6), nó maidir le hachomharc de bhun Airteagal 64;

(p)

taifead go bhfuarthas iarraidh ar thiontú de bhun Airteagal 113(2);

(q)

an t-ionadaí arna thaifeadadh de bhun phointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo a chealú;

(r)

sinsearacht mairc náisiúnta a chealú;

(s)

na nithe dá dtagraítear i bpointe (h), i bpointe (i) agus i bpointe (j) den mhír seo a mhodhnú nó a chealú ón gClár;

(t)

clárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 157 a chur in ionad an trádmhairc sin de chuid AE;

(u)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an iarratas ar thrádmharc de chuid AE a cláraíodh mar thrádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 148(1);

(v)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 148(2);

(w)

iarratas a roinnt de bhun Airteagal 44 agus clárú a roinnt de bhun Airteagal 49, mar aon leis na nithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i dtaca leis an roinn de chlárú, mar aon le liosta earraí agus sheirbhísí an bhunchláraithe mar a leasaíodh é;

(x)

cinneadh nó iontráil sa Chlár a chúlghairm de bhun Airteagal 80, i gcás ina mbaineann an chúlghairm le cinneadh nó le hiontráil a foilsíodh;

(y)

fógra maidir le leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc dheimhniúcháin de bhun Airteagal 74f.

4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhfuil nithe seachas na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo le cur isteach sa Chlár, faoi réir Airteagal 123(4).

5.   Féadfar an Clár a choimeád i bhfoirm leictreonach. Déanfaidh an Oifig na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 9. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh.

6.   Cuirfear dílseánach trádmhairc de chuid AE ar an eolas maidir le haon athrú sa Chlár.

7.   Soláthróidh an Oifig sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe ón gClár arna iarraidh sin agus tar éis táille a íoc.

8.   Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais agus/nó na cláruithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus gníomhartha a ghlacfar dá bhun a riaradh;

(b)

clár poiblí a choinneáil le go bhféadfaidh na húdaráis phoiblí agus na hoibreoirí eacnamaíocha é a iniúchadh agus le go mbeidh sé mar eolas dóibh, d'fhonn é a chur ar a gcumas na cearta a bhronntar orthu leis an Rialachán seo a fheidhmiú agus le go mbeidh siad ar an eolas maidir le réamhchearta tríú páirtithe; agus

(c)

tuarascálacha agus staidreamh a sholáthar lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.

9.   Is chun leas an phobail a mheasfar gurb iad na sonraí go léir, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha i mír 2 agus le mír 3 agus beidh teacht ag gach tríú páirtí orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, coinneofar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.”.

(81)

Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 87a

Bunachar sonraí

1.   De bhreis ar an oibleagáid Clár de réir bhrí Airteagal 87 a choinneáil, baileoidh an Oifig na sonraí go léir a sholáthair iarratasóirí nó aon pháirtí eile sna himeachtaí faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun agus coinneoidh sí i mbunachar leictreonach sonraí iad.

2.   Féadfar go n-gcuimseofar sonraí pearsanta leis an mbunachar sonraí, thar na sonraí a chuimsítear leis an gClár de bhun Airteagal 87, sa mhéid go mbíonn gá le sonraí den sórt sin faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais agus/nó na cláruithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus gníomhartha a ghlacfar dá bhun a riaradh;

(b)

teacht ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun na himeachtaí ábhartha a láimhseáil ar shlí níos fusa agus níos éifeachtúla;

(c)

teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus leis na páirtithe eile sna himeachtaí;

(d)

tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí leictreonach agus maidir leis an dóigh a ndéanfar a inneachar, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 87, a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín-inléite, lena n-áirítear an táille ar rochtain den sórt sin.

4.   Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar sonraí den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite an pháirtí lena mbaineann.

5.   Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí sonraí pearsanta ar bith den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an trádmhairc nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith.

Airteagal 87b

Rochtain ar líne ar chinntí

1.   Cuirfear cinntí na hOifige ar fáil ar líne mar fhaisnéis agus mar chomhairle don phobal i gcoitinne ar mhaithe le trédhearcacht agus le hintuarthacht. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí, ar glacadh an cinneadh dá mbarr, a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an gcinneadh.

2.   Féadfaidh an Oifig breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil ar líne, ar breithiúnais iad a bhaineann lena cúraimí chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ábhar maidir le maoin intleachtúil agus coinbhéirseacht chleachtas a chur chun cinn. Urramóidh an Oifig coinníollacha an fhoilsithe thosaigh i ndáil le sonraí pearsanta.”

(82)

Leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina ndéanfar na comhaid a iniúchadh de bhun mhír 2 nó mhír 3 den Airteagal seo, maidir le doiciméid a bhaineann le heisiamh nó le hagóid de bhun Airteagal 137, maidir le dréachtchinntí agus le dréacht-tuairimí, agus maidir le gach doiciméad inmheánach eile a mbaintear úsáid as chun cinntí agus tuairimí a ullmhú, mar aon le codanna den chomhad ar léirigh an páirtí lena mbaineann spéis ar leith iad a choinneáil faoi rún sula ndearnadh an iarraidh ar na comhaid a iniúchadh, mura bhfuil bonn cirt le hiniúchadh a dhéanamh ar cheann de na codanna sin den chomhad trí leasanna sáraitheacha, dlisteanacha an pháirtí lena mbaineann a shárú, féadfar iad a choinneáil siar ó iniúchadh.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“5.   Is ar bhonn an doiciméid bhunaidh, nó cóipeanna de, nó ar bhonn modh teicniúil stórála, i gcás ina ndearnadh na comhaid a stóráil ar an mbealach sin, a dhéanfar iniúchadh ar chomhaid d'iarratais ar thrádmharc de chuid AE agus ar chomhaid de thrádmharcanna de chuid AE atá cláraithe. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin modh imscrúdaithe.

6.   I gcás ina ndéanfar na comhaid a iniúchadh mar a fhoráiltear i mír 7, measfar nach mbeidh an iarraidh ar na comhaid a iniúchadh déanta go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. Ní bheidh táille iníoctha más ar líne a dhéantar iniúchadh ar mhodhanna teicniúla stórála.

7.   Déanfar na comhaid a iniúchadh ar áitreabh na hOifige. Arna iarraidh sin, déanfar na comhaid a iniúchadh trí chóipeanna de na doiciméid chomhaid a eisiúint. Beidh eisiúint cóipeanna den sórt sin coinníollach ar tháille a íoc. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin, eiseoidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den iarratas ar thrádmharc de chuid AE ar an táille a íoc.

8.   Féadfar na comhaid a choinníonn an Oifig a bhaineann le cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a iniúchadh arna iarraidh sin amhail ón dáta foilseacháin dá dtagraítear in Airteagal 152(1) i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo.

9.   Faoi réir na srianta dá bhforáiltear i mír 4, féadfaidh an Oifig, arna iarraidh sin, faisnéis a sheoladh ó aon chomhad de thrádmharc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith nó de thrádmharc cláraithe de chuid AE, faoi réir táille a íoc. Mar sin féin, féadfaidh an Oifig a cheangal go ndéanfaí an comhad féin a iniúchadh má mheasann sí gurb iomchuí sin i bhfianaise chainníocht na faisnéise atá le soláthar.”.

(83)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 88a

Coimeád comhad

1.   Coimeádfaidh an Oifig comhaid aon nós imeachta a bhaineann le hiarratas ar thrádmharc nó clárú trádmhairc de chuid AE. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm a gcoimeádfar na comhaid sin inti.

2.   I gcás ina gcoimeádfar na comhaid i bhformáid leictreonach, coimeádfar na comhaid leictreonacha, nó na cóipeanna cúltaca díobh, thar thréimhse éiginnte. Déanfar na doiciméid bhunaidh a chuireann na páirtithe sna himeachtaí i gcomhad, agus atá mar bhonn do na comhaid leictreonacha sin, a dhiúscairt i ndiaidh tréimhse tar éis a ghlacfaidh an Oifig iad, agus saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tréimhse sin.

3.   I gcás ina gcoimeádfar, agus a mhéid a choimeádfar, comhaid nó codanna de na comhaid sin i bhfoirm nach foirm leictreonach í, coinneofar doiciméid nó ítimí fianaise ar cuid de na comhaid sin iad ar feadh cúig bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana ina ndiúltaítear an t-iarratas nó ina ndéanfar é a aistarraingt nó ina meastar an t-iarratas a bheith aistarraingthe, rachaidh clárú an trádmhairc sin de chuid AE in éag go hiomlán de bhun Airteagal 47, cláraítear an tabhairt suas iomlán den trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 50, nó bainfear an trádmharc sin de chuid AE go hiomlán den Chlár de bhun Airteagal 57(6) nó Airteagal 100(6).”.

(84)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 89:

“Airteagal 89

Foilseacháin thréimhsiúla

1.   Seo a leanas a fhoilseoidh an Oifig go tréimhsiúil:

(a)

feasachán faoi Thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh ina mbeidh foilseacháin de na hiarratais agus de na hiontrálacha a dhéantar sa Chlár chomh maith le sonraí eile maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE nó cláruithe díobh a gceanglaítear a bhfoilsiú faoin an Rialachán seo nó ag gníomhartha a ghlactar dá bhun;

(b)

Iris Oifigiúil de chuid na hOifige ina mbeidh fógraí agus faisnéis de chineál ginearálta a eiseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith le haon fhaisnéis eile atá ábhartha don Rialachán seo nó dá chur i bhfeidhm.

Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a thabhairt i gcrích trí mhodhanna leictreonacha.

2.   Is ar bhealach agus ar mhinicíocht a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhoilseofar Feasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh.

3.   Foilseofar an Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha na hOifige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, áfach, go bhfoilseofar míreanna áirithe in Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

an dáta atá le glacadh mar an dáta foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh;

(b)

an tslí a ndéanfar na hiontrálacha maidir le clárú trádmharcanna a fhoilsiú, ar iontrálacha iad nach mbeidh athruithe iontu le hais fhoilsiú an iarratais;

(c)

na bealaí a bhféadfar eagráin d'Iris Oifigiúil na hOifige a chur ar fáil don phobal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(85)

Leasaítear Airteagal 90 mar a leanas:

(a)

cuirtear an uimhir “1” isteach roimh an gcéad mhír;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis;

“2.   Ní ghearrfaidh an Oifig táillí as faisnéis a chur in iúl nó as tús a chur le comhaid le haghaidh iniúchta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe i dtaobh conas atá an Oifig agus údaráis na mBallstát le faisnéis a mhalartú eatarthu agus le comhaid a oscailt le haghaidh iniúchta, agus aird á tabhairt ar na srianta a bhfuil iniúchadh na gcomhad a bhaineann le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE nó le clárú trádmharc de chuid AE faoina réir, de bhun Airteagal 88, nuair a dhéanfar é a oscailt do thríú páirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(86)

In Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 go mír 4:

“2.   Gan dochar don dara habairt de mhír 3 den Airteagal seo, déanfar ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch os comhair na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 93(1) sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, seachas maidir le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú.

3.   Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Féadfaidh fostaí duine dhlítheanaigh lena mbaineann an mhír seo ionadaíocht a dhéanamh freisin ar dhaoine dlítheanacha eile a bhfuil naisc eacnamaíocha acu leis an gcéad duine dlítheanach, fiú mura bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha sin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine, de réir bhrí na míre seo, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú léi, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid.

4.   I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt, ceapfar ionadaí coiteann.”.

(87)

Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Ní fhéadfaidh ach na daoine seo a leanas tabhairt faoi ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair na hOifige:

(a)

cleachtóirí dlí atá cáilithe i gceann de Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus a bhfuil a n-áiteanna gnó laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid is go bhfuil sé de theideal acu, laistigh den Bhallstát sin, gníomhú mar ionadaí i gcúrsaí trádmhairc;

(b)

ionadaithe gairmiúla a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta atá á choimeád ag an Oifig don chuspóir sin.

Déanfaidh ionadaithe ag gníomhú dóibh os comhair na hOifige, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú leis a chuirfear isteach sna comhaid.;

2.   Aon duine nádúrtha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, féadfar é nó í a chur ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla:

(a)

más náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch an duine sin;

(b)

má tá áit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ag an duine sin nó má tá an duine sin fostaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(c)

má tá an duine sin i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na lároifige maoine tionsclaíche de chuid Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. I gcás, sa Stát lena mbaineann, nach bhfuil an teidlíocht coinníollach ar na ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí speisialta gairmiúla, na daoine a rinne iarratas lena bheith ar an liosta agus a ghníomhaíonn in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na n-oifigí lárnacha maoine tionscail sin, beidh siad ag gníomhú amhlaidh le cúig bliana anuas ar a laghad. Mar sin féin, daoine a bhfuil a gcáilíochtaí gairmiúla chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na n-oifigí lárnacha maoine tionscail sin sainaithinte go hoifigiúil i gcomhréir leis na rialacháin atá leagtha síos ag an Stát lena mbaineann, ní chuirfear de cheangal orthu bheith tar éis an ghairm a fheidhmiú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

“4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin díolúine a dheonú ón méid a leanas:

(a)

an ceanglas sa dara habairt de mhír 2(c), má thugann an t-iarratasóir cruthúnas gur bhain sé nó sí amach an cháilíocht riachtanach ar bhealach eile;

(b)

an ceanglas atá leagtha amach i mír 2(a) i gcás gairmithe ardcháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach i mír 2(b) agus (c).

5.   Féadfar duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla arna iarraidh sin don duine sin nó nuair nach bhfuil sé ar chumas an duine sin a thuilleadh ionadaíocht a dhéanamh. Foilseofar na leasuithe a rinneadh ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla in Iris Oifigiúil na hOifige.”.

(88)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 93a

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a agus an méid seo a leanas á shonrú aige:

(a)

na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le ceapachán ionadaí choitinn amhail dá dtagraítear in Airteagal 92(4);

(b)

na coinníollacha faoina gcuirfidh na fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(3) agus na hionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(1) údarú sínithe i gcomhad leis an Oifig chun glacadh le hábhar an údaraithe sin agus ionadaíocht a dhéanamh air;

(c)

na himthosca faoina bhféadfar duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(5).”.

(89)

I dTeideal X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 1:

“Cur i bhfeidhm rialacha Aontais ar dhlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála”.

(90)

Leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú na mbreithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála”;

(b)

i mír 1, cuirtear “rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála” in ionad “Rialachán (CE) Uimh. 44/2001” agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Áireofar le tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, nuair is iomchuí, an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála a rinneadh ar an 19 Deireadh Fómhair 2005.”.

(91)

In Airteagal 96(c), cuirtear “Airteagal 9b(2)” in ionad “Airteagal 9(3), an dara habairt”.

(92)

In Airteagal 99, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Sna gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 96, beidh pléadáil a bhaineann le cúlghairm an trádmhairc sin de chuid AE arna cur isteach ar bhealach eile seachas trí fhrithéileamh inghlactha i gcás ina maíonn an cosantóir go bhféadfaí an trádmharc sin de chuid AE a aisghairm mar thoradh ar easpa fíorúsáide ag an am nuair a tógadh an chaingean um shárú.”.

(93)

Leasaítear Airteagal 100 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní rachaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE ar cuireadh frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE i gcomhad léi ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh, seachas i gcás gurb amhlaidh gur chuir an páirtí leasmhar nó an chúirt an Oifig ar an eolas faoin dáta ar ar cuireadh an frithéileamh i gcomhad. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa Chlár. Más rud é gur comhdaíodh iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE os comhair na hOifige sular comhdaíodh an frithéileamh, cuirfidh an Oifig an chúirt ar an eolas ina leith sin agus déanfaidh sí na himeachtaí a bhac i gcomhréir le hAirteagal 104(1) go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach faoin iarratas nó go ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Áit a bhfuil breithiúnas críochnaitheach tugtha ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE faoi fhrithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta trádmhairc de chuid AE, seolfaidh an chúirt nó aon pháirtí eile sna himeachtaí náisiúnta cóip den bhreithiúnas chuig an Oifig gan mhoill. Féadfaidh an Oifig nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a iarraidh faoi tharchur den sórt sin. Luafaidh an Oifig an breithiúnas sa Chlár agus glacfaidh sí na bearta is gá chun cloí lena chuid oibríochtúil.”.

(94)

In Airteagal 101, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cuirfidh an chúirt ábhartha um thrádmharcanna de chuid AE an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir le gach ábhar trádmhairc nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo.”.

(95)

In Airteagal 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chomh maith leis sin, féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE bearta nó orduithe atá ar fáil faoin dlí is infheidhme agus a mheasann sí a bheith iomchuí i gcúinsí an cháis a chur i bhfeidhm.”.

(96)

Scriostar an teideal “Roinn 4. Forálacha idirthréimhseacha” agus Airteagal 108.

(97)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 113:

“Airteagal 113

Iarraidh ar thiontú a chur isteach, a fhoilsiú agus a tharchur

1.   Déanfar iarraidh ar thiontú a chomhdú leis an Oifig laistigh den tréimhse iomchuí de bhun Airteagal 112(4), (5) nó (6), agus áireofar air léiriú ar na forais leis an tiontú i gcomhréir le hAirteagal 112(1)(a) nó (b), na Ballstáit a n-iarrtar an tiontú ina leith, agus na hearraí agus na seirbhísí atá faoi réir tiontaithe. Nuair a dhéantar iarraidh ar thiontú tar éis a mhainnítear an clárú a athnuachan, cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 112(5) an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfaí an iarraidh ar athnuachan a chur i láthair de bhun Airteagal 47(3). Measfar nach mbeidh an iarraidh ar thiontú comhdaithe go dtí go mbeidh an táille tiontaithe íoctha.

2.   I gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe cheana nó i gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le trádmharc de chuid AE, déanfar aon iarraidh mar sin a fhaightear a thaifeadadh sa Chlár agus déanfar an iarraidh ar thiontú a fhoilsiú.

3.   Seiceálfaidh an Oifig an gcomhlíonann an tiontú a iarradh na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe Airteagal 112(1), (2), (4), (5) agus (6), agus mír 1 den Airteagal seo, in éineacht leis na coinníollacha foirmiúla a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Mura gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear an iarraidh, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 112(2), diúltóidh an Oifig an iarraidh ar thiontú ar an mbonn go bhfuil sí neamh-inghlactha i ngach cás seachas maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil tiontú eisiata ina leith faoin bhforáil sin. I gcás nár íocadh an táille thiontaithe laistigh den tréimhse ábhartha trí mhí de bhun Airteagal 112(4), (5) nó (6), cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir nach meastar go ndearnadh an iarraidh ar thiontú a chomhdú.

4.   Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais trí thagairt do theanga Bhallstáit, eisiafar tiontú faoi Airteagal 112(2) i gcás na mBallstát uile a bhfuil an teanga sin mar cheann de na teangacha oifigiúla acu. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad atá i bhfeidhm ar fud an Aontais nó mar gheall ar thrádmharc níos luaithe de chuid AE nó ceart maoine intleachtúla eile de chuid an Aontais, eisiafar tiontú faoi Airteagal 112(2) i gcás na mBallstát uile.

5.   I gcás ina gcomhlíonann an iarraidh ar thiontú na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tarchuirfidh an Oifig an iarraidh ar thiontú agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 84(2) chuig lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, a measadh an iarraidh a bheith inghlactha ina leith. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas maidir le dáta an tarchurtha.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar thrádmharc cláraithe de chuid AE a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na hiarrata ar thiontú de bhun mhír 2.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(98)

In Airteagal 114, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE ná trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 113 faoi réir cheanglais fhoirmiúla an dlí náisiúnta atá éagsúil ó na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo nó atá sa bhreis ar na ceanglais sin.”.

(99)

In Airteagal 115(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Is gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh san Oifig.”.

(100)

In Airteagal 116, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta iasachta nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Oifig. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Oifig.”.

(101)

In Airteagal 117, cuirtear “don Oifig agus dá baill foirne” in ionad na bhfocal “don Oifig”.

(102)

Leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Déanfar an fógra freasúra agus iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú i dteanga amháin de theangacha na hOifige.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Gan dochar do mhír 5:

(a)

féadfar aon iarratas nó deimhniú maidir le trádmharc de chuid AE a chomhdú sa teanga a úsáidfear chun an t-iarratas ar an trádmharc sin de chuid AE a chomhdú nó sa dara teanga a chuireann an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas;

(b)

féadfar aon iarratas nó deimhniú maidir le trádmharc cláraithe de chuid AE a chomhdú i gceann de theangacha na hOifige.

Mar sin féin, nuair a bheidh an t-iarratas á chomhdú trí úsáid a bhaint as aon fhoirm a chuireann an Oifig ar fáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 79b(2), féadfar úsáid a bhaint as foirmeacha den sórt sin in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, ar choinníoll go bhfuil an fhoirm a cuireadh isteach i gceann amháin de theangacha na hOifige, a mhéid a bhaineann le gnéithe téacsúla.”;

(c)

sa dara fomhír de mhír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Déanfar an t-aistriúchán laistigh de mhí amháin ó dhul in éag na tréimhse freasúra nó ó dháta comhdaithe an iarratais ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“8.   Gan dochar do mhír 4 agus do mhír 7, agus mura bhforáiltear a mhalairt, féadfaidh aon pháirtí aon cheann de theangacha na hOifige a úsáid sna himeachtaí i scríbhinn os comhair na hOifige. Más rud é nach ionann an teanga a roghnaítear agus teanga na n-imeachtaí, cuirfidh an páirtí aistriúchán isteach sa teanga sin ar fáil laistigh de mhí amháin ón dáta a dtíolacfar an bundoiciméad. I gcás gurb é an t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE an t-aon pháirtí sna himeachtaí atá os comhair na hOifige agus nach ceann de theangacha na hOifige í an teanga a úsáidtear leis an iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chomhdú, féadfar an t-aistriúchán a chomhdú sa dara teanga a chuir an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas freisin.

9.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an bealach ina ndeimhneofar aistriúcháin.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

a mhéid a fhéadfar doiciméid tacaíochta a bheidh le húsáid sna himeachtaí i scríbhinn a bheidh os comhair na hOifige a chomhdú i dteanga ar bith de chuid an Aontais agus an gá atá ann aistriúchán a chur ar fáil;

(b)

caighdeáin riachtanacha na n-aistriúchán atá le comhdú leis an Oifig.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(103)

In Airteagal 120(1), cuirtear “gníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo” in ionad na bhfocal “an Rialachán Cur Chun Feidhme”.

(104)

Scriostar Airteagal 122.

(105)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 123:

“Airteagal 123

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le doiciméid a choimeádann an Oifig.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Oifig faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 tríd an Ombudsman Eorpach nó féadfaidh siad bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 faoi seach den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig faoi réir Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43)."

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”."

(106)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 123a

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Cuirfidh an Oifig na prionsabail slándála i bhfeidhm a chuimsítear i rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (19) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (20). Clúdóidh na prionsabail slándála, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

(19)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41)."

(20)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).”."

(107)

I dTeideal XII, cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

“ROINN 1(a)

Cúraimí na hOifige agus comhar chun coinbhéirseacht a chur chun cinn

Airteagal 123b

Cúraimí na hOifige

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Oifig:

(a)

córas trádmharcanna AE a bhunaítear leis an Rialachán seo a riar agus a chur chun cinn;

(b)

córas deartha an Aontais Eorpaigh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh 6/2002 (21) a riar agus a chur chun cinn;

(c)

coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn, i gcomhar leis na hoifigí lárnacha maoine tionscail sna Ballstáit, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil;

(d)

na cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(e)

na cúraimí a thugtar dó faoi Threoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

2.   Oibreoidh an Oifig i gcomhar le hinstitiúidí, le húdaráis, le comhlachtaí, le hoifigí maoine tionsclaíche, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtais maidir leis na cúraimí a thugtar dó i mír 1.

3.   Féadfaidh an Oifig seirbhísí idirghabhála a chur ar fáil ar bhonn deonach chun cabhrú le páirtithe teacht ar réiteach cairdiúil.

Airteagal 123c

Comhar chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn

1.   Oibreoidh an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar lena chéile chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn.

Gan dochar do mhír 3, clúdófar go háirithe na réimsí gníomhaíochta seo a leanas leis an gcomhar sin:

(a)

caighdeáin scrúdaithe choiteanna a fhorbairt;

(b)

bunachair shonraí choiteanna nó chomhcheangailte agus tairseacha coiteanna nó comhcheangailte a chruthú chun críocha comhairliúcháin, cuardaigh agus aicmithe ar fud an Aontais;

(c)

soláthar agus malartú leanúnach sonraí agus faisnéise, lena n-áirítear chun críocha na bunachair shonraí agus na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (b) a fhothú;

(d)

caighdeáin agus cleachtais choiteanna a bhunú, agus é mar aidhm idir-inoibritheacht a áirithiú idir nósanna imeachta agus córais ar fud an Aontais agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach;

(e)

comhroinnt faisnéise faoi chearta agus nósanna imeachta maoine tionsclaíche, lena n-áirítear tacaíocht fhrithpháirteach do dheasca cabhracha agus d'ionaid faisnéise;

(f)

saineolas agus cúnamh teicniúil a mhalartú maidir leis na réimsí amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e).

2.   Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta tionscadail a shainiú agus a chomhordú, ar spéis leis an Aontas agus na Ballstáit iad maidir leis na réimsí amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6 agus iarrfaidh sé ar oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil páirt a ghlacadh sna tionscadail sin.

Cuimseoidh an sainmhíniú ar an tionscadal oibleagáidí agus freagrachtaí sonracha gach oifig maoine tionsclaíche rannpháirteach de chuid na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus na hOifige. Rachaidh an Oifig i gcomhairle le hionadaithe na n-úsáideoirí go háirithe sna céimeanna a bhaineann le sainmhíniú na dtionscadal agus leis an meastóireacht ar a dtorthaí.

3.   Féadfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil diúltú a bheith páirteach ina gcomhar sna tionscadail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, nó an comhar sin a theorannú nó a chur ar fionraí go sealadach.

Agus úsáid á baint acu as na deiseanna dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, tabharfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil ráiteas i scríbhinn don Oifig ina míneofar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin uathu.

4.   Agus iad meáite ar a bheith rannpháirteach i dtionscadail áirithe, glacfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, gan dochar do mhír 3, ról éifeachtach sna tionscadail dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn a áirithiú go ndéantar iad a fhorbairt, go bhfeidhmíonn siad agus go bhfuil siad idir-inoibritheach agus go gcoimeádfar cothrom le dáta iad.

5.   Cuirfidh an Oifig tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail dá dtagraítear i mír 2 a mhéid is gá chun rannpháirtíocht éifeachtach oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil sna tionscadail sin a áirithiú, chun críocha mhír 4. Féadfaidh an tacaíocht airgeadais a bheith i bhfoirm deontas agus ina ranníocaíochtaí comhchineáil. Ní sháróidh méid iomlán an mhaoiniúcháin 15 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Is iad oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil tairbhithe na ndeontas. Féadfar deontais a bhronnadh gan ghlaonna ar thograí i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme don Oifig agus i gcomhréir le prionsabail na nósanna imeachta deontais atá i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (25).

6.   Comhoibreoidh an Oifig agus údaráis ábhartha inniúla na mBallstáit le chéile ar bhonn deonach chun múscailt feasachta a chur chun cinn maidir leis an gcóras trádmhairc agus an comhrac i gcoinne an ghóchumtha. Aireofar i gcomhar den sórt sin tionscadail a dhíríonn, go háirithe, ar chur chun feidhme caighdeán agus cleachtas seanbhunaithe agus ar ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a eagrú. Beidh an tacaíocht airgeadais do na tionscadail sin ina cuid den mhéid iomlán maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 5.

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1)."

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1)."

(23)  Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothar dílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5)."

(24)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)."

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).”."

(108)

I dTeideal XII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2 agus Roinn 3:

“ROINN 2

Bord Bainistíochta

Airteagal 124

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar d'fheidhmeanna an Choiste um an mBuiséad i Roinn 5, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Bainistíochta:

(a)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Uachtarán i gcomhréir le hAirteagal 128(4)(c), clár oibre bliantúil na hOifige don bhliain dar gcionn a ghlacadh, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus clár oibre bliantúil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(b)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 128(4)(e) agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, clár straitéiseach ilbhliantúil don Oifig, lena n-áirítear straitéis na hOifige don chomhar idirnáisiúnta, a ghlacadh, tar éis malartaithe thuairimí idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an coiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa, agus an clár straitéiseach ilbhliantúil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(c)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 128(4)(g), an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh agus an tuarascáil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(d)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagal 128(4)(h), an plean beartais ilbhliantúil foirne a ghlacadh;

(e)

na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 123c(2) a fheidhmiú;

(f)

na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 139(5) a fheidhmiú;

(g)

rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa na hOifige a chosc agus a bhainistiú a ghlacadh;

(h)

de réir mhír 2, i ndáil le baill foirne na hOifige, na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne maidir leis an Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conarthaí Fostaíochta a Thabhairt i gCrích (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’) a fheidhmiú;

(i)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(j)

liosta na n-iarrthóirí dá bhforáiltear in Airteagal 129(2) a tharraingt suas;

(k)

áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus ar na moltaí a eascraíonn as tuarascálacha agus as meastóireachtaí iniúchóireachta seachtracha nó inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 165a, agus as imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

(l)

ní mór dul i gcomhairle leis sula nglacfar na treoirlínte maidir le scrúdú san Oifig agus sna cásanna eile a bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo;

(m)

tuairimí agus iarrataí ar fhaisnéis a sholáthar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Choimisiún má mheasann sé gur gá sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne agus le hAirteagal 142 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, chun cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí údaráis cheapacháin sin a chur ar fionraí.

Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 125

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát, de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus d'ionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena gcomhaltaí malartacha faoi seach.

2.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Airteagal 126

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an leaschathaoirleach ionad an chathaoirligh ex officio más rud é nach féidir leis an gcathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarmaí oifige an chathaoirligh agus an leaschathaoirligh. Féadfar na tréimhsí oifige a athnuachan aon uair amháin. Más amhlaidh, áfach, go dtagann deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta aon uair le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathrialach ar an dáta sin freisin.

Airteagal 127

Cruinnithe

1.   Is é cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a thionólfaidh a chuid cruinnithe.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna díospóireachtaí, ach amháin i gcás ina gcinneann an Bord Bainistíochta a mhalairt.

3.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta ar a laghad uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh a chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d'aon trian de na Ballstáit.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta.

5.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a chumhachtófar an Bord Bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 124(1)(a) agus (b), Airteagal 126(1) agus Airteagal 129(2) agus (4). Sá dá chás sin beidh aon vóta amháin ag ceachtar comhalta.

6.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe.

7.   Is í an Oifig a sholáthróidh an rúnaíocht don Bhord Bainistíochta.

ROINN 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 128

Feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bainistíocht ar an Oifig. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Choiste um an mBuiséad, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas agus ní iarrfaidh ná ní thógfaidh sé nó sí treoracha ó rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil na hOifige.

4.   Beidh na feidhmeanna seo a leanas ach go háirithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bhféadfaí iad a tharmligean:

(a)

na céimeanna go léir is gá a ghlacadh, lena n-áirítear treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun feidhmiú na hOifige a áirithiú;

(b)

na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

dréachtchlár oibre bliantúil lena léirítear acmhainní daonna agus airgeadais measta le haghaidh gach gníomhaíochta a ullmhú, agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

tograí a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta de bhun Airteagal 123c(2);

(e)

dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú, lena n-áirítear straitéis na hOifige um chomhar idirnáisiúnta, agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus i ndiaidh malartaithe thuairimí leis an gcoiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa;

(f)

an clár oibre bliantúil agus an clár straitéiseach ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta le faomhadh;

(h)

dréachtphlean ilbhliantúil beartais foirne a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(i)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le hobair leantach ar imscrúduithe OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta;

(j)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, dhíréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;

(k)

straitéis frithchalaoise don Oifig a ullmhú agus í a chur i láthair an Choiste um an mBuiséad le faomhadh;

(l)

chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin a chinntiú, ceisteanna ar phointe dlí a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc mhéadaithe (‘an tArd-Bhord’), nuair is cuí, go háirithe má tá cinntí dibhéirseacha eisithe ag na Boird Achomhairc faoin bpointe;

(m)

meastacháin a tharraingt suas faoi ioncam agus faoi chaiteachas na hOifige agus an buiséad a chur chun feidhme;

(n)

na cumhachtaí a fheidhmiú a bheidh curtha ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh maidir le baill foirne an Bhoird Bainistíochta faoi Airteagal 124(1)(h);

(o)

na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar dó nó di faoi Airteagail 26(3), 29(5), 30(3), 75(2), 78(5), Airteagal 79, Airteagal 79b, Airteagal 79c, Airteagal 87(4), Airteagal 87a(3), Airteagal 88(5), Airteagal 88a, Airteagal 89, Airteagal 93(4), Airteagal 119(9), Airteagal 144, Airteagal 144a(1) agus Airteagal 144b(2), agus Airteagal 144c i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.

5.   Cabhróidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, rachaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó duine amháin de na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ina ionad nó ina hionad i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta.

Airteagal 129

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a chur as oifig agus tréimhse oifige a shíneadh

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Bord Bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula gceapfar é, féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh roimh aon choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt. Chun críocha an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an Oifig.

Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón gComhairle ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Bainistíochta.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Bord Bainistíochta faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar aon le cúraimí agus dúshláin na hOifige amach anseo.

4.   Féadfaidh an Chomhairle tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh aon uair amháin agus go ceann cúig bliana ar a mhéad, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh aici.

5.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh an téarma oifige fhoriomláin atá aige nó aici.

6.   Ceapfar nó cuirfear as oifig an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin mar a fhoráiltear dó i mír 2, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, nuair is infheidhme, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa. Cúig bliana a bheidh i dtréimhse oifige an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle an téarma a shíneadh aon uair amháin go cúig bliana ar a mhéad, tar éis dul i gcomhairle leis an Leas-Stiúrthóir.”;

(109)

Leasaítear Airteagal 130 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

aon roinn atá i bhfeighil ar an gClár;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

aon aonad nó duine eile arna cheapadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá réir sin.”.

(110)

In Airteagal 131, cuirtear “Airteagail 36, 37, 68 agus 74c” in ionad na tagartha do “Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 68”.

(111)

In Airteagal 132, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

“Déanfaidh comhalta aonair cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na cineálacha beachta cinntí a ghlacfaidh comhalta aonair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(112)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 133:

“Airteagal 133

Roinn atá i bhfeighil ar an gClár a choimeád

1.   Beidh an Roinn atá i bhfeighil ar an gClár freagrach as cinntí a ghlacadh i dtaobh iontrálacha sa Chlár.

2.   Beidh sí freagrach freisin as an liosta d'ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(2) a choimeád.

3.   Glacfaidh comhalta aonair cinntí na Roinne.”.

(113)

Leasaítear Airteagal 134 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh Rannán Cealúcháin freagrach as cinntí a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratais ar aisghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta maidir le trádmharc de chuid AE;

(b)

iarrataí go sannfar trádmharc de chuid AE mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Déanfaidh comhalta aonair cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta de réir mar a shonraítear sna gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 132(2).”.

(114)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 134a

Inniúlacht Ghinearálta

Maidir le cinntí atá ina gceangal faoin Rialachán seo agus nach dtagann faoi inniúlacht scrúdaitheora, Rannáin Fhreasúra, Rannáin Chealúcháin nó na Roinne a bheidh i bhfeighil ar an gClár, glacfaidh aon oifigeach nó aon aonad atá ceaptha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na críche sin iad.”.

(115)

Leasaítear Airteagal 135 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh na Boird Achomhairc freagrach as cinneadh faoi achomhairc ó chinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 131 go hAirteagal 134a.”;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail “an tArd-Bhord” in ionad na bhfocal “an Bord méadaithe”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   D'fhonn na cásanna speisialta a chinneadh a thagann faoi dhlínse an Ard-Bhoird, ba cheart an deacracht dhlíthiúil nó tábhacht an cháis nó na n-imthoscaí speisialta a thugann údar maith leis a chur san áireamh. Féadfaidh na heintitis seo a leanas cásanna den sórt sin a tharchur chuig an Ard-Bhord:

(a)

údarás na mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 136(4)(a); nó

(b)

an Bord atá ag láimhseáil an cháis”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an tArd-Bhord freagrach freisin as tuairimí réasúnaithe a thabhairt faoi cheisteanna dlí a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid de bhun Airteagal 128(4)(l).”;

(e)

i mír 5, scriostar an abairt dheireanach.

(116)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136:

“Airteagal 136

Neamhspleáchas chomhaltaí na mBord Achomhairc

1.   Ceapfar Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 129 um cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ar feadh téarma cúig bliana. Ní chuirfear as oifig iad le linn an téarma sin, ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha ann le déanamh amhlaidh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón institiúid a cheap iad, cinneadh chuige sin.

2.   Féadfar téarma oifige Uachtarán na mBord Achomhairc a shíneadh uair amháin ar feadh aon tréimhse bhreise amháin de chúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó ar a feidhmíocht roimhe sin.

3.   Féadfar téarma oifige chathaoirligh na mBord a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc.

4.   Beidh na feidhmeanna bainistithe agus eagrúcháin seo a leanas ag Uachtarán na mBord Achomhairc:

(a)

cathaoirleacht a dhéanamh ar Praesidium na mBord Achomhairc (‘an Praesidium’), atá freagrach as na rialacha a leagan síos agus as obair na mBord a eagrú;

(b)

cur chun feidhme chinntí an Praesidium a áirithiú;

(c)

cásanna a leithdháileadh don Bhord ar bhonn critéar oibiachtúil arna gcinneadh ag an Praesidium;

(d)

riachtanais chaiteachais an Bhoird a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na meastacháin chaiteachais a cheapadh.

Is é Uachtarán na mBord Achomhairc a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Ard-Bhord.

5.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí na mBord Achomhairc ar feadh téarma cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc.

6.   Ní chuirfear comhaltaí na mBord Achomhairc as oifig ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha lena dhéanamh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin tar éis don Bhord Bainistíochta an cás a chur faoina bráid ar mholadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc, agus tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird a bhfuil an comhalta lena mbaineann air.

7.   Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh siad faoi réir treoracha ar bith agus cinntí á nglacadh acu.

8.   Beidh cinntí a ghlacfaidh an tArd-Bhord maidir le hachomhairc nó tuairimí faoi cheisteanna dlí a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid de bhun Airteagal 135 ina gceangal ar chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige dá dtagraítear in Airteagal 130.

9.   Ní bheidh Uachtarán na mBord Achomhairc ná cathaoirligh ná comhaltaí na mBord Achomhairc ina scrúdaitheoirí ná ina gcomhaltaí de na Rannáin Fhreasúra, den Roinn atá i bhfeighil ar an gClár ná de na Rannáin Chealúcháin.”.

(117)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 136a

Praesidium na mBord Achomhairc agus Praesidium an Ard-Bhoird

1.   Is iad a bheidh sa Praesidium Uachtarán na mBord Achomhairc, a dhéanfaidh cathaoirleacht air, cathaoirligh na mBord agus comhaltaí an Bhoird a thoghfaidh comhaltaí go léir na mBord as measc na gcomhaltaí sin, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, do gach bliain féilire. Aon cheathrú de líon na gcomhaltaí Boird, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, a thoghfar mar chomhaltaí ar an mBord ar an mbealach sin, agus déanfar an líon sin a shlánú suas más gá.

2.   Naonúr comhaltaí a bheidh ar an Ard-Bhord dá dtagraítear in Airteagal 135(2), lena n-áirítear Uachtarán na mBord Achomhairc, cathaoirligh na mBord, an rapóirtéir a ainmníodh sula ndearnadh é a tharchur chuig an Ard-Bhord, más infheidhme, agus comhaltaí a thógfar trí rothlú ó liosta ar a bhfuil ainmneacha chomhaltaí uile na mBord Achomhairc seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord.”.

(118)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 136b

Cumhachtaí a tharmligean

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar na mionsonraí a bhaineann le heagrú na mBord Achomharc, lena n-áirítear bunú agus ról an Praesidium, comhdhéanamh an Ard-Bhoird agus na rialacha faoi chásanna a tharchur chuige, agus na coinníollacha faoina bhfuil comhalta aonair le cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 135(2) agus (5).”

(119)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 137a

Lárionad idirghabhála

1.   Chun críocha Airteagal 123b(3), féadfaidh an Oifig Lárionad Idirghabhála a bhunú (‘an Lárionad’).

2.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach úsáid a bhaint as seirbhísí an Lárionaid ar bhonn deonach agus é mar aidhm aige nó aici teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí, bunaithe ar an Rialachán seo nó ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

3.   Beidh na páirtithe in ann dul ar iontaoibh idirghabhála trí bhíthin iarraidh chomhpháirteach a chur isteach. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille chomhfhreagrach íoctha. Socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid atá le gearradh i gcomhréir le hAirteagal 144(1).

4.   I gcás díospóidí atá faoi réir na n-imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Rannán Freasúra, na Rannán Cealúcháin nó os comhair Bhoird Achomhairc na hOifige, féadfar iarraidh chomhpháirteach ar idirghabháil a thíolacadh am ar bith tar éis d'fhógra freasúra, d'iarratas ar aisghairm nó d'iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó d'fhógra achomhairc i gcoinne chinntí na Rannán Freasúra nó Cealúcháin a bheith curtha isteach.

5.   Cuirfear na himeachtaí i dtrácht ar fionraí agus brisfear na tréimhsí ama, seachas na tréimhsí ama maidir le híocaíocht na táille is infheidhme, amhail ó dháta comhdaithe na hiarrata comhpháirtí ar idirghabháil. Leanfaidh na tréimhsí ama ar aghaidh arís amhail ón lá a gcuirfear tús leis na himeachtaí an athuair.

6.   Iarrfar ar na páirtithe idirghabhálaí a cheapadh i gcomhpháirt lena chéile, ón liosta dá dtagraítear i mír 12, agus é dearbhaithe aige nó aici go bhfuil máistreacht aige nó aici ar theanga na hidirghabhála i dtrácht. I gcás nach gceapann na páirtithe idirghabhálaí laistigh de 20 lá ó iarradh sin orthu, measfar gur theip ar an idirghabháil.

7.   Comhaontóidh na páirtithe agus an t-idirghabhálaí lena chéile i gcomhaontú idirghabhála socruithe mionsonraithe na hidirghabhála.

8.   Cuirfidh an t-idirghabhálaí deireadh leis na himeachtaí idirghabhála a luaithe a thiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach, nó a luaithe a dhearbhóidh ceann de na páirtithe gur mian leis nó léi deireadh a chur leis an idirghabháil nó a luaithe a chinnfidh an t-idirghabhálaí gur theip ar na páirtithe teacht ar chomhaontú den sórt sin.

9.   A luaithe a bheidh deireadh curtha leis na himeachtaí idirghabhála, cuirfidh an t-idirghabhálaí na páirtithe agus comhlacht ábhartha na hOifige ar an eolas faoi.

10.   Beidh an plé agus an chaibidlíocht a dhéantar faoi chuimsiú na hidirghabhála faoi rún i gcás na ndaoine go léir atá páirteach san idirghabháil, go háirithe i gcás an idirghabhálaí, na bpáirtithe agus a n-ionadaithe. Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a thíolactar le linn na hidirghabhála, coimeádfar leo féin iad, agus ní bheidh siad ina gcuid de chomhad imeachtaí eile ar bith atá os comhair na hOifige.

11.   Déanfar an idirghabháil i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais atá le comhaontú ag na páirtithe. I gcás ina mbaineann an idirghabháil le díospóidí atá ar feitheamh os comhair na hOifige, déanfar an idirghabháil i dteanga imeachtaí na hOifige, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt.

12.   Bunóidh an Oifig liosta d'idirghabhálaithe a thacóidh le páirtithe agus díospóidí á réiteach acu. Beidh na hidirghabhálaithe neamhspleách agus beidh na scileanna agus an taithí ábhartha acu. Ar an liosta, féadfar a áireamh idirghabhálaithe atá fostaithe ag an Oifig agus idirghabhálaithe nach bhfuil fostaithe amhlaidh.

13.   Beidh idirghabhálaithe neamhchlaonta agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu agus dearbhóidh siad aon choinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, tar éis iad a ainmniú. Comhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 130, ní ghlacfaidh siad páirt in idirghabháil a bhaineann le cás:

(a)

ina raibh siad rannpháirteach cheana féin sna himeachtaí arna dtarchur chun idirghabhála;

(b)

ina bhfuil leas pearsanta acu sna himeachtaí sin; nó

(c)

lena raibh baint acu cheana féin mar ionadaí ar cheann amháin de na páirtithe.

14.   Ní ghlacfaidh idirghabhálaithe páirt, mar chomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 130, in imeachtaí a athosclaítear toisc gur theip ar idirghabháil.

15.   Féadfaidh an Oifig oibriú i gcomhar le comhlachtaí aitheanta eile, bíodh siad naisiúnta nó idirnáisiúnta, a phléann le hidirghabháil.”.

(120)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 138:

“Airteagal 138

An Coiste um an mBuiséad

1.   Beidh na feidhmeanna a shanntar dó sa Roinn seo ag an gCoiste um an mBuiséad.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 125 agus Airteagal 126, Airteagal 127(1) go (4) agus (5), a mhéid a bhaineann sé leis an gcathaoirleach agus an leaschathaoirleach a thoghadh, (6) agus (7) maidir leis an gCoiste um an mBuiséad.

3.   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoiste um an mBuiséad a ghlacadh faoi Airteagal 140(3) agus Airteagal 143. Sá dá chás beidh aon vóta amháin ag gach comhalta.”.

(121)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 139:

“Airteagal 139

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige do gach bliain airgeadais agus léireofar iad i mbuiséad na hOifige. Beidh gach bliain airgeadais ar aon dul leis an mbliain féilire.

2.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad ar comhardú.

3.   Is é a bheidh san ioncam, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, na táillí iomlána is iníoctha faoi Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo, na táillí iomlána dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Phrótacal Mhaidrid dá dtagraítear in Airteagal 145 den Rialachán seo, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i bPrótacal Mhaidrid, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Ghníomh na Ginéive dá dtagraítear in Airteagal 106c de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i nGníomh na Ginéive, agus, a mhéid is gá, fóirdheontas a chuirtear isteach i gcoinne ceannteideal áirithe de roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Gach bliain fritháireoidh an Oifig na costais a thabhaíonn oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus aon údarás ábhartha eile a ainmneoidh Ballstát, ar costais iad ar thoradh iad ar na cúraimí sonracha a chuireann siad i gcrích mar chodanna feidhmiúla de chóras trádmharcanna AE i gcomhthéacs na nósanna imeachta agus na seirbhísí seo a leanas:

(a)

imeachtaí freasúrachta agus neamhbhailíochta os comhair oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus lena mbaineann trádmharcanna de chuid AE;

(b)

faisnéis faoi fheidhmiú chóras trádmharcanna AE a sholáthar trí dheasca cabhrach agus ionaid faisnéise;

(c)

trádmharcanna de chuid AE a fhorghníomhú, lena n-áirítear gníomhaíocht a dhéantar de bhun Airteagal 9(4).

5.   Comhfhreagróidh fritháireamh foriomlán na gcostas a shainaithnítear i mír 4 do 5 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Gan dochar don tríú fomhír den mhír seo, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, cinnfidh an Bord Bainistíochta an eochair dháilte ar bhonn na dtásc córa, cothromasacha agus ábhartha seo a leanas:

(a)

líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc de chuid AE arna dtionscnamh ag iarratasóirí i ngach Ballstát;

(b)

líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc náisiúnta i ngach Ballstát;

(c)

líon bliantúil na bhfreasúraí agus na n-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chuir dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE isteach i ngach Ballstát;

(d)

líon bliantúil na gcásanna a tugadh os comhair na gcúirteanna um thrádmharcanna de chuid AE a d'ainmnigh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 95.

Chun críche bunús a thabhairt i ndáil leis na costais dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh faoi bhráid na hOifige faoin 31 Márta gach bliain lena léireofar na figiúirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír den mhír seo don bhliain roimhe sin, agus áireofar iad sa togra atá le cur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin.

Ar chúiseanna cothromais, na costais arna dtabhú ag na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4 i ngach Ballstát, measfar go bhfuil siad ag freagairt do 2 % ar a laghad d'iomlán an fhritháirimh dá bhforáiltear faoin mír seo.

6.   An oibleagáid atá ar an Oifig na costais a fhritháireamh dá dtagraítear i mír 4 agus a tabhaíodh i mbliain ar leith, ní bheidh feidhm aici ach amháin a mhéid nach mbeidh easnamh buiséadach sa bhliain sin.

7.   I gcás barrachas buiséadach, agus gan dochar do mhír 10, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Bord Bainistíochta cur leis an gcéatadán a leagtar síos i mír 5 go dtí uasmhéid de 10 % d'ioncam bliantúil na hOifige.

8.   Gan dochar do mhír 4 go mír 7 agus do mhír 10 den Airteagal seo ná d'Airteagal 123b ná d'Airteagal 123c, i gcás barrachas substainteach a ghinfear thar chúig bliana as a chéile, déanfaidh an Coiste um an mBuiséad, ar thogra ón Oifig agus i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 124(1)(a) agus (b), cinneadh le tromlach dhá thrian barrachas a ghinfear ón 23 Márta 2016 a aistriú chuig buiséad an Aontais.

9.   Ullmhóidh an Oifig, ar bhonn débhliantúil, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena staid airgeadais, lena n-áirítear maidir leis na hoibríochtaí airgeadais a dhéanfar faoi Airteagal 123c(5) agus (6), agus Airteagal 139(5) agus (7). Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid airgeadais na hOifige.

10.   Forálfaidh an Oifig do chúlchiste lena gcuimseofar bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil chun leanúnachas a hoibríochtaí agus cur i bhfeidhm a cúraimí a áirithiú.”.

(122)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 141a

Calaois a chomhrac

1.   Chun comhrac na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), aontóidh an Oifig do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 i ndáil le himscrúduithe inmheánacha ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus glacfaidh sí na forálacha cuí is infheidhme d'fhostaithe uile na hOifige agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhunús doiciméad agus ar an toirt, thar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón Oifig.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, de réir na bhforálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (27) agus é mar aidhm a shocrú an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a théann i bhfeidhm ar leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh a mhaoiníonn an Oifig.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, cuimseoidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na hOifige forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

5.   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad straitéis frithchalaoise atá i gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas-tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme.

(26)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)."

(27)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair arna seoladh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”."

(123)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 144:

“Airteagal 144

Táillí agus muirir agus dáta dlite

1.   Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an méid atá le gearradh le haghaidh seirbhísí ar bith a thugann an Oifig seachas na seirbhísí sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, mar aon leis an méid a ghearrfar le haghaidh Feasacháin Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh, Iris Oifigiúil na hOifige agus aon fhoilseacháin eile a eisíonn an Oifig. Socrófar méideanna na muirear in euro agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Ní sháróidh méid gach muirir an méid atá riachtanach chun na costais as seirbhís shonrach a thabharfaidh an Oifig a chlúdach.

2.   Beidh na táillí agus na muirir, nach sonraítear an dáta dlite a bhaineann leo sa Rialachán seo, le híoc an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar an tseirbhís a ngearrfar an táille nó an muirear ina leith.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cén cheann de na seirbhísí a luaitear sa chéad fhomhír nach bhfuil le bheith ag brath ar réamhíocaíocht na dtáillí nó na muirear atá comhfhreagrach.”.

(124)

Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 144a

Táillí agus muirir a íoc

1.   Déanfar táillí agus muirir atá dlite don Oifig a íoc trí íocaíocht nó trí aistriú chuig cuntas bainc atá i seilbh na hOifige.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shuíomh cé hiad na modhanna sonracha íocaíochta a fhéadfar a úsáid, seachas iad siúd a leagtar amach sa chéad fhomhír, go háirithe trí mheán taiscí i gcuntais reatha atá i seilbh na hOifige.

Maidir le cinntí a dhéanfar de bhun an dara fomhír, foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige.

I gcás na n-íocaíochtaí go léir, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanfar trí aon mhodh eile a bhunófar de bhun an dara fomhír, déanfar iad in euro.

2.   Léireofar le gach íocaíocht ainm an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus beidh an fhaisnéis is gá ag gabháil léi le cur ar chumas na hOifige críoch na híocaíochta a shuíomh láithreach. Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

(a)

nuair a íocfar an táille iarratais, cuspóir na híocaíochta, is é sin le rá ‘táille iarratais’;

(b)

nuair a íocfar an táille freasúra, uimhir chomhaid an iarratais agus ainm an iarratasóra ar an trádmharc de chuid AE ar cuireadh an freasúra isteach ina choinne, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon ‘táille freasúra’;

(c)

nuair a íocfar an táille cúlghairm agus an táille neamhbhailíochta, cláruimhir agus ainm dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE a bhfuil an t-iarratas dírithe air, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon ‘táille chúlghairm’ nó ‘táille neamhbhailíochta’.

3.   Murar féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a shuíomh láithreach bonn, cuirfidh an Oifig de cheangal ar an duine atá i mbun na híocaíochta fógra i scríbhinn a thabhairt faoin gcuspóir sin laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú. Más rud é nach gcomhlíonann an duine an iarraidh sin in am trátha, measfar nach mbeidh an íocaíocht déanta. Déanfar an méid a íocadh a aisíoc.

Airteagal 144b

Dáta measta íocaíochta

1.   Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 144a(1), is ionann an dáta a measfar an íocaíocht a bheith déanta leis an Oifig agus an dáta a gcuirfear méid na híocaíochta nó an aistrithe isteach, go hiarbhír, i gcuntas bainc atá i seilbh na hOifige.

2.   Áit a bhféadfar na modhanna íocaíochta a bhfuil tagairt dóibh sa dara fomhír d'Airteagal 144a(1) a úsáid, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dáta a measfar go mbeidh na híocaíochtaí sin déanta a shuíomh.

3.   I gcás nach measfar, faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, go ndearnadh íocaíocht táille go dtí tar éis dhul in éag na tréimhse ina raibh sí dlite, measfar go mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse sin má thugtar fianaise don Oifig go mbeidh na daoine a rinne an íocaíocht i mBallstát, laistigh den tréimhse inar cheart go mbeadh an íocaíocht déanta, tar éis ordú a thabhairt go cuí do bhunaíocht bhaincéireachta méid na híocaíochta a aistriú, agus gur íoc siad formhuirear 10 % den táille nó de na táillí, ach nach mó ná EUR 200 an méid i dtrácht. Ní bheidh aon fhormhuirear iníoctha más rud é go mbeidh an t-ordú iomchuí tugtha don bhunaíocht bhaincéireachta tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dhul in éag na tréimhse le haghaidh íocaíochta.

4.   Féadfaidh an Oifig a iarraidh ar an duine a rinne an íocaíocht fianaise a thabhairt i dtaobh an dáta ar ar tugadh an t-ordú don bhunaíocht bhaincéireachta amhail dá dtagraítear i mír 3 agus, i gcás inar gá, an formhuirear ábhartha a íoc laistigh de thréimhse atá le sonrú aici. Má mhainníonn an duine an iarraidh sin a chomhlíonadh, nó mura bhfuil an fhianaise leordhóthanach, nó más rud é nach n-íocfar an formhuirear is gá in am cuí, measfar nach mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse le haghaidh íocaíochta.

Airteagal 144c

Íocaíochtaí neamhleora agus suimeanna neamhshuntasacha a aisíoc

1.   Ní mheasfar, i bprionsabal, teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille íoctha in am trátha. Más rud é nach n-íocfar an táille go hiomlán, déanfar an méid a bheidh íoctha a aisíoc, tar éis don tréimhse le haghaidh íocaíochta dul in éag.

2.   Féadfaidh an Oifig, áfach, a mhéid is féidir é a dhéanamh laistigh den mhéid ama atá fágtha roimh dheireadh na tréimhse, an deis a thabhairt don duine a dhéanfaidh an íocaíocht an méid atá in easnamh a íoc nó, i gcás ina meastar go bhfuil údar maith leis sin, neamhaird a thabhairt ar mhéideanna beaga ar bith atá in easnamh, gan dochar do chearta an duine a dhéanfaidh an íocaíocht.

3.   Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin caingean le haghaidh aisghabháil fhorghníomhaithe aon suime a tharscaoileadh áit ar suim íosta í atá le haisghabháil nó áit a bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte.

4.   I gcás ina n-íocfar suim iomarcach chun táille nó muirear a chlúdach, ní aisíocfar an bhreis más méid neamhshuntasach é agus murar iarr an páirtí lena mbaineann aisíocaíocht ar bhealach sainráite.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid a chinneadh nach n-aisíocfar suim iomarcach a íocadh chun táille nó muirear a chlúdach faoina mbun.

Na cinntí de bhun an dara fomhír, déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige.”.

(125)

In Airteagal 145, cuirtear na focail “na gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo” in ionad na bhfocal “a chuid Rialachán Cur chun Feidhme”.

(126)

Leasaítear Airteagal 147 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte:

“Cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir a dhéanann an t-iarratas idirnáisiúnta a chomhdú an dáta a gheobhaidh an Oifig doiciméid an iarratais idirnáisiúnta.”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 go mír 6:

“3.   I gcás ina gcomhdaítear an t-iarratas idirnáisiúnta i dteanga seachas ceann de na teangacha a cheadaítear faoi Phrótacal Mhaidrid chun iarratais idirnáisiúnta a chomhdú, féadfaidh an t-iarratasóir aistriúchán a sholáthar ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí agus aon ghnéithe téacsúla ar codanna iad den iarratas idirnáisiúnta sa teanga ina bhfuiltear chun an t-iarratas idirnáisiúnta a chur faoi bhráid an Bhiúró Idirnáisiúnta de bhun mhír 2. Mura bhfuil an t-aistriúchán sin ag gabháil leis an iarratas, údaróidh an t-iarratasóir an Oifig an t-aistriúchán sin a chur leis an iarratas idirnáisiúnta. I gcás nár suíodh an t-aistriúchán fós le linn an nós imeachta maidir le clárú don iarratas ar thrádmharc de chuid AE ar a mbeidh an t-iarratas idirnáisiúnta bunaithe, déanfaidh an Oifig socrú gan mhoill le go ndéanfar an t-aistriúchán.

4.   Beidh comhdú iarratais idirnáisiúnta faoi réir táille a íoc leis an Oifig. Áit a mbeidh an clárú idirnáisiúnta le bunú ar thrádmharc de chuid AE nuair a bheidh sé cláraithe, beidh an táille dlite ar an dáta ar a gclárófar an trádmharc sin de chuid AE. Measfar nach mbeidh an t-iarratas comhdaithe go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. I gcás nár íocadh an táille, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don iarratasóir dá réir. I gcás go ndéanfar an t-iarratas a chomhdú trí mheán leictreonach, féadfaidh an Oifig an Biúró Idirnáisiúnta a údarú an táille a bhailiú thar a ceann.

5.   I gcás ina léirítear aon cheann de na heasnaimh seo a leanas leis an scrúdú a dhéanfar ar an iarratas idirnáisiúnta, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh sin a leigheas laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú:

(a)

nár comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta tríd úsáid a bhaint as an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1, agus nach bhfuil na tásca agus an fhaisnéis ar fad a theastaíonn don fhoirm sin ann;

(b)

nach bhfuil an liosta d'earraí agus de sheirbhísí atá san iarratas idirnáisiúnta cumhdaithe leis an liosta earraí agus seirbhísí atá sa bhuniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(c)

nach bhfuil an marc is ábhar don iarratas idirnáisiúnta comhionann leis an marc mar atá sé sa bhuniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(d)

go bhfuil tásc san iarratas idirnáisiúnta maidir leis an trádmharc, seachas séanadh ná éileamh ó thaobh datha, nach bhfuil sa bhun-iarratas ar thrádmharc de chuid AE ná sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(e)

i gcás ina n-éilítear gur gné ar leith den mharc é an dath, nach sa dath nó sna dathanna céanna atá an buniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó an bun-trádmharc de chuid AE; nó

(f)

de réir na dtásc a cuireadh san fhoirm idirnáisiúnta, nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal iarratas idirnáisiúnta a chomhdú tríd an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(ii) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   I gcás ar mhainnigh an t-iarratasóir an Oifig a údarú le haistriúchán a áireamh mar a fhoráiltear dó i mír 3, nó i gcás nach soiléir ar chúis eile cén liosta earraí agus seirbhísí ar a bhfuil an t-iarratas idirnáisiúnta le bunú, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na tásca riachtanacha a chur isteach laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“7.   Mura ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 5 a leigheas nó mura dtugtar na tásca is gá dá dtagraítear i mír 6 laistigh den tréimhse arna socrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas idirnáisiúnta a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

8.   Cuirfidh an Oifig an t-iarratas idirnáisiúnta ar aghaidh chuig an mBiuró Idirnáisiúnta mar aon leis an deimhniú dá bhforáiltear faoi Airteagal 3(1) de Phrótacal Mhaidrid a luaithe a bheidh na ceanglais atá leagtha síos san Airteagal seo, sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 9 den Airteagal seo, agus in Airteagal 146 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an iarratas idirnáisiúnta.;

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhoirm chruinn, lena n-áirítear na heilimintí di, a bheidh le húsáid chun iarratas idirnáisiúnta a chomhdú de bhun mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(127)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 148a

Fógra faoi neamhbhailíocht an bhuniarratais nó an bhunchláraithe

1.   Laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an chláraithe idirnáisiúnta, tabharfaidh an Oifig fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi aon fhíricí agus aon chinntí a bhfuil éifeacht acu ar bhailíocht an iarratais ar thrádmharc de chuid AE nó ar chlárú an trádmhairc sin de chuid AE, a raibh an clárú idirnáisiúnta bunaithe orthu.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na fíricí agus na cinntí aonair atá faoi réir na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Phrótacal Mhaidrid mar aon le pointe ábhartha ama na bhfógraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2) den Rialachán seo.”.

(128)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 149:

“Airteagal 149

Iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta

1.   Féadfar iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh clárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid a chomhdú trí idirmheánaí na hOifige. Déanfar an iarraidh a chomhdú sa teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta de bhun Airteagal 147 den Rialachán seo. Áireofar leis tásca chun bunús cuí a thabhairt don teidlíocht chun ainmniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(ii) agus le hAirteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir a iarrann an síneadh críche ar an eolas faoin dáta ar a bhfuarthas an iarraidh ar shíneadh críche.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2) den Rialachán seo.

3.   I gcás nach gcomhlíonann iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta na ceanglais sin a leagtar amach i mír 1 agus sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 2, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a aimsíodh a cheartú laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sí. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den tréimhse arna socrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Ní dhiúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta sula mbeidh an deis ag an iarratasóir aon easnamh a bhraitear san iarraidh a leigheas.

4.   Cuirfidh an Oifig an iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta ar aghaidh go dtí an Biúró Idirnáisiúnta a luaithe agus a gcomhlíonfar na ceanglais sin dá dtagraítear i mír 3.”.

(129)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 153:

“Airteagal 153

Sinsearacht a éilítear in iarratas idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, san iarratas idirnáisiúnta, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 34.

2.   Déanfar an doiciméadacht, mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 34(5), chun tacú leis an éileamh sinsearachta a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón dáta ar a dtabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Oifig faoin gclárú idirnáisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh feidhm ag Airteagal 34(6).

3.   I gcás ina mbeidh sé d'oibleagáid ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta ionadaíocht a bheith aige os comhair na hOifige de bhun Airteagal 92(2), beidh ceapachán ionadaí de réir bhrí Airteagal 93(1) sa teachtaireacht amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   I gcás go dtuigtear don Oifig nach gcomhlíonann an t-éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo le hAirteagal 34, nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais eile a leagtar amach san Airteagal seo, iarrfaidh sí ar an iarratasóir na heasnaimh sin a leigheas. Mura gcloítear leis na ceanglais sin dá dtagraítear sa chéad abairt laistigh den thréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart chun sinsearachta i ndáil leis an gclárú idirnáisiúnta sin. Mura mbaineann na heasnaimh ach le roinnt earraí agus seirbhísí, ní chaillfear an ceart chun sinsearachta ach amháin sa mhéid agus go mbaineann sé leis na hearraí agus na seirbhísí sin.

5.   Tabharfaidh an Oifig eolas don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le haon dearbhú i ndáil le cailliúint an chirt chun sinsearachta de bhun mhír 4. Cuirfidh sí aon aistarraingt ar an éileamh sinsearachta nó srian ar bith air in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta freisin.

6.   Beidh feidhm ag Airteagal 34(4), seachas i gcás go ndearbhaítear an ceart chun sinsearachta a bheith caillte de bhun mhír 4 den Airteagal seo.”.

(130)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 153a

Sinsearacht a éilítear os comhair na hOifige

1.   Féadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh ag an Oifig do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 35, ón dáta a bhfoilseofar éifeachtaí an chláraithe sin de bhun Airteagal 152(2).

2.   Nuair a éilítear an tsinsearacht roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuair an Oifig an t-éileamh sinsearachta ar an dáta sin.

3.   Le héileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 35 agus beidh faisnéis ann lena gcumasófar scrúdú a dhéanamh air i ndáil leis na ceanglais sin.

4.   Mura gcomhlíonfar na ceanglais sin a rialaíonn éileamh ar shinsearacht dá dtagraítear i mír 3 agus a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 6, iarrfaidh an Oifig ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta na heasnaimh sin a leigheas. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don éileamh.

5.   I gcás ina nglacfaidh an Oifig an t-éileamh sinsearachta, nó i gcás ina ndéanfaidh an Oifig éileamh sinsearachta a aistarraingt nó a chealú, cuirfidh an Oifig an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas dá réir.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo agus mionsonraí na faisnéise atá le cur in iúl de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(131)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 154:

“Airteagal 154

Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus scrúdú i dtaca le dearbhfhorais le diúltú

1.   Beidh cláruithe inmheánacha lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir scrúdú i ndáil le bheith ag cloí le hAirteagal 28(2) go (4) agus le dearbhfhorais le diúltú ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.

2.   I gcás ina meastar go bhfuil clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamh-incháilithe chun na hearraí agus na seirbhísí go léir nó cuid díobh, ar ina leith a rinneadh an clárú leis an mBiúró Idirnáisiúnta, a chosaint de bhun Airteagal 28(4) nó Airteagal 37(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú a eisiúint don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid.

3.   I gcás ina bhfuil sé d'oibleagáid ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta ionadaí a chur os comhair na hOifige de bhun Airteagal 92(2), beidh cuireadh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun ionadaí a cheapadh de réir bhrí Airteagal 93(1).

4.   Luafar san fhógra faoi dhiúltú sealadach na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus sonrófar ann tréimhse ama ina bhféadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta a thuairimí nó a tuairimí a chur isteach agus, más iomchuí, ionadaí a cheapadh. Cuirfear tús leis an tréimhse ama ar an lá a n-eiseoidh an Oifig an diúltú sealadach.

5.   I gcás inar léir don Oifig nach bhfuil an tásc maidir leis an dara teanga de bhun Airteagal 161b den Rialachán seo san iarratas idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, tabharfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú don Bhiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   I gcás nach n-éireoidh le sealbhóir cláraithe idirnáisiúnta an foras ar diúltaíodh don chosaint a shárú laistigh den teorainn ama nó, más iomchuí, ionadaí a cheapadh nó an dara teanga a chur in iúl, diúltóidh an Oifig don chosaint ar an iomlán nó do na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí a bhfuil an clárú idirnáisiúnta cláraithe dóibh. Cuirfear an diúltú do chosaint in ionad diúltú d'iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh an cinneadh faoi réir achomhairc i gcomhréir le hAirteagail 58 go dtí 65.

7.   I gcás nach bhfuil fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú tugtha ag an Oifig de bhun mhír 2 den Airteagal seo roimh thús na tréimhse don chur i gcoinne dá dtagraítear in Airteagal 156(2), seolfaidh an Oifig ráiteas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, lena gcuirfear in iúl gur cuireadh bailchríoch leis an scrúdú ar dhearbhfhorais do dhiúltú de bhur Airteagal 37 ach go bhfuil an clárú idirnáisiúnta fós faoi réir freasúraí nó tuairimí tríú páirtithe. Beidh an raiteas eatramhach sin gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin sula n-eiseofar an ráiteas deiridh maidir le cosaint a dheonú.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra maidir le diúltú sealadach ex officio ar chosaint le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, agus sna teachtaireachtaí deiridh le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta ar an deonadh nó diúltú deiridh ar chosaint. Glacfar Déanfar an na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”

(132)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 154a

Cómharcanna agus marcanna deimhniúcháin

1.   I gcás ina bhfuil clárú idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta, pléifear leis an gclárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas mar chómharc de chuid AE nó mar mharc deimhniúcháin de chuid AE, cibé ceann is infheidhme.

2.   Déanfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta na rialacháin i dtaca le húsáid an mhairc, dá bhforáiltear in Airteagal 67 agus in Airteagal 74b, a chur go díreach chuig an Oifig laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra faoin gclárú idirnáisiúnta don Oifig.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar mionsonraí an nós imeachta a bhaineann le cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta.”.

(133)

Leasaítear Airteagal 155 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an clásal seo a leanas léi:

“ar choinníoll go gcuirfear iarraidh ar thuarascáil chuardaigh, de bhun Airteagal 38(1), faoi bhráid na hOifige laistigh de mhí amháin ón dáta ar tugadh an fógra.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an clásal seo a leanas léi:

“ar choinníoll go gcuirfear iarraidh ar thuarascáil chuardaigh, de bhun Airteagal 38(2), faoi bhráid na hOifige laistigh de mhí amháin amhail ón dáta ar tugadh an fógra agus go n-íocfar an táille chuardaigh laistigh den tréimhse chéanna.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Beidh feidhm aige sin cé acu ar iarr sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta tuarascáil chuardaigh AE a fháil nó nár iarr, mura n-iarrann dílseánach um chlárú nó um iarratas níos luaithe gan an fógra a fháil.”.

(134)

Leasaítear Airteagal 156 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar fógra faoi chur i gcoinne a chomhdú laistigh de thréimhse trí mhí a gcuirfear tús léi mí amháin tar éis dháta an fhoilsithe de bhun Airteagal 152(1). Ní mheasfar go mbeidh an cur i gcoinne curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille don chur i gcoinne.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfar de chumhacht an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear an nós imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear aon chumarsáid is gá a dhéanamh leis an mBiúró Idirnáisiúnta.”.

(135)

Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 158:

“3.   I gcás inar dearbhaíodh, trí bhíthin cinneadh deiridh, go bhfuil éifeachtaí cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamhbhailí, de bhun Airteagal 57 nó Airteagal 100 den Rialachán seo agus an Airteagail seo, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Phrótacal Mhaidrid.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra atá le tabhairt chuig an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(136)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 158a

An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú aistrithe

Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh athraithe ar úinéireacht cláraithe idirnáisiúnta ar an gClár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag iontráil aistrithe sa Chlár de bhun Airteagal 17.

Airteagal 158b

An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú ceadúnas agus ceart eile

Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh ceadúnais nó sriain ar cheart diúscartha an tsealbhóra i dtaobh clárú idirnáisiúnta sa Chlár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag clárú ceart in rem, tobhaigh forghníomhaithe, imeachtaí dócmhainneachta nó ceadúnais sa Chlár de bhun Airteagail 19, 20, 21 agus 22 faoi seach.

Airteagal 158c

Scrúdú ar iarrataí ar aistrithe, ceadúnais nó srianta ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú

Iarrataí a chuirfear i gcomhad leis an Oifig chun athrú ar úinéireacht a chlárú, chun ceadúnas nó srian ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, chun leasú nó cealú ceadúnais a chlárú nó chun srian a baineadh maidir le ceart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, tarchuirfidh an Oifig chuig an mBiúró Idirnáisiúnta iad, má tá cruthúnas iomchuí faoin aistriú, faoin gceadúnas, nó faoi shrian ar cheart diúscartha ag gabháil leo, nó cruthúnas nach ann don cheadúnas a thuilleadh nó gur leasaíodh é, nó gur baineadh an srian ar cheart diúscartha.”.

(137)

Leasaítear Airteagal 159 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

isteach in ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid, ar an gcoinníoll gurbh fhéidir, ar an dáta ar iarradh tiontú, an Ballstát sin a ainmniú go díreach faoi Phrótacal Mhaidrid. Beidh feidhm ag Airteagal 112, ag Airteagal 113 agus ag Airteagal 114 den Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tairbheoidh an t-iarratas ar thrádmharc náisiúnta nó ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid a bheidh mar thoradh ar thiontú ainmniú an Aontais trí chlárú idirnáisiúnta, i leith an Bhallstáit i dtrácht, de dháta an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó de dháta an tsínidh don Aontas de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid, más rud é go ndearnadh an dara ceann i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta, nó de dháta tosaíochta an chláraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, de shinsearacht trádmhairc de chuid an Stáit sin a éilítear faoi Airteagal 153 den Rialachán seo.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Leis an iarraidh ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta, áireofar an fhaisnéis agus na tásca dá dtagraítear in Airteagal 113(1).

5.   Nuair a iarrtar tiontú de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 112(5) den Rialachán seo tar éis teip an clárú idirnáisiúnta a athnuachan, beidh tásc san iarraidh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo leis an méid sin a léiriú agus léireofar ann freisin an dáta a ndeachaigh an chosaint in éag. Cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 112(5) den Rialachán seo an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfar an athnuachan a chur i gcrích fós de bhun Airteagal 7(4) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 113(3) agus (5) maidir leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

7.   Leis an iarraidh chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a thiontú ina ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid, áireofar na tásca agus na gnéithe dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5.

8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 113(3) maidir leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo. Diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú freisin i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha chun an Ballstát is páirtí i bPrótacal Mhaidrid nó i gComhaontú Mhaidrid a ainmniú ar an dáta ar ainmníodh an tAontas ná ar an dáta a fuarthas an t-iarratas ar thiontú araon nó, de bhun na habairte deireanaí d'Airteagal 113 (1), ar an dáta a mheasfar é a bheith faighte ag an Oifig.

9.   I gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin agus na rialacha a glacadh dá bhun leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 7, cuirfidh an Oifig an iarraidh ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta gan mhoill. Cuirfidh an Oifig sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta ar an eolas maidir le dáta an tarchurtha.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith sna hiarrataí ar thiontú dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 7;

(b)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na n-iarrataí ar thiontú de bhun mhír 3.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”.

(138)

Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 161:

“3.   D'fhonn a mheas gur trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta é iarratas ar thrádmharc de chuid AE, ar clárú é a chuir an Biúró Idirnáisiúnta ar ceal arna iarraidh sin don oifig tionscnaimh de bhun Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid, beidh tásc chuige sin san iarratas sin. Cuirfear an tásc sin isteach nuair a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

4.   I gcás go bhfeictear don Oifig, agus iad i mbun scrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(b), nár cuireadh isteach an t-iarratas laistigh de thrí mhí ón dáta ar chuir an Biúró Idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta ar ceal; nó nach bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil an trádmharc de chuid AE le clárú dóibh san áireamh sa liosta d'earraí agus de sheirbhísí ar cláraíodh an clárú idirnáisiúnta dóibh i dtaca leis an Aontas, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas.

5.   Mura ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 4 a leigheas laistigh den tréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart ar dháta an chláraithe idirnáisiúnta nó an tsínidh críche agus ar thosaíocht an chláraithe idirnáisiúnta, más ann d'aon tosaíocht.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarratas ar thiontú de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”

(139)

Cuirtear na hairteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 161a

Cumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta

Maidir leis an gcumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta, beidh comhaontú idir an Biúró agus an Oifig faoin mbealach a ndéanfar an chumarsáid agus faoi fhormáid na cumarsáide sin, agus is fearr í a dhéanamh trí mhodh leictreonach. Tagairtí ar bith d'fhoirmeacha, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí d'fhoirmeacha a chuirfear ar fáil i bhformáid leictreonach chomh maith céanna.

Airteagal 161b

Úsáid teangacha

Chun críche an Rialachán seo, agus na rialacha a ghlacfar dá bhun, a chur i bhfeidhm maidir le clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, is í an teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta teanga na n-imeachtaí de réir bhrí Airteagal 119(4), agus is í an dara teanga a léireofar san iarratas idirnáisiúnta an dara teanga de réir bhrí Airteagal 119(3).”.

(140)

Scriostar Airteagal 162.

(141)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:

“Airteagal 163

Nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste maidir le Rialacha Cur Chun Feidhme de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”"

(142)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 163a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42a, Airteagal 43(3), Airteagal 57a agus Airteagal 65a, Airteagail 77(4), 78(6), 79(5), 79b(2), 79c(5), 80(3) agus 82a(3), Airteagal 93a agus Airteagal 136b, agus Airteagal 154a (3) agus Airteagal 156 (4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama ón 23 Márta 2016. Tá tábhacht ar leith ag baint leis go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe Ballstát, roimh dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 42a, Airteagal 43(3), Airteagal 57a agus Airteagal 65a, Airteagail 77(4), 78(6), 79(5), 79b(2), 79c(5), 80(3) agus 82a(3), Airteagal 93a agus Airteagal 136b, agus Airteagal 154a(3) agus Airteagal 156(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Sínfear an tréimhse sin ag 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(143)

Scriostar Airteagal 164.

(144)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 165a

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 24 Márta 2021, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Leis an meastóireacht, déanfar athbhreithniú ar an gcreat dlí um chomhar idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus aird faoi leith á tabhairt don sásra maoiniúcháin a leagtar síos in Airteagal 123c. Sa mheastóireacht déanfar tuilleadh measúnaithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na hOifige agus a cuid cleachtas oibre. Sa mheastóireacht, féachfar, go háirithe, ar gá sainordú na hOifige a mhodhnú, agus féachfar ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta agus a chonclúidí a dtiocfar orthu ar bhonn na tuarascála sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta ar fáil don phobal.

4.   Tráth gach dara meastóireachta, déanfar measúnú ar na torthaí a bhainfidh an Oifig amach, ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí.”.

(145)

Cuirtear isteach an Iarscríbhinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 mar a leanas:

(1)

Scriostar Riail 1(3)

(2)

Scriostar Riail 2;

(3)

Scriostar Riail 4;

(4)

Scriostar Riail 5;

(5)

Scriostar Riail 5a;

(6)

Leasaítear Riail 9(3) mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear na focail “Riail 1 agus Riail 3 agus Airteagal 28 den Rialachán” in ionad na bhfocal “Riail 1, Riail 2 agus Riail 3”;

(b)

i bpointe (b), cuirtear tagairt do “Airteagal 26(2) den Rialachán”; in ionad na tagartha do “Riail 4 (b)”;

(7)

Scriostar Riail 11(2);

(8)

Scriostar Riail 12(k);

(9)

Scriostar Teideal IV;

(10)

I mír 2 de Riail 62, cuirtear “sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “sa Chomhphobal”;

(11)

I mír 1 de Riail 71, cuirtear “laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “laistigh den Chomhphobal”;

(12)

Scriostar Riail 76(2);

(13)

Leasaítear Riail 78 mar a leanas:

(a)

i bpointe (c) de mhír 2, cuirtear “sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “sa Chomhphobal”;

(b)

i míreanna (2)(b), (3) agus (5), cuirtear “Ballstát an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch” agus “Ballstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “Ballstát” agus “Ballstáit” faoi seach;

(14)

Scriostar Riail 84;

(15)

Scriostar Riail 87;

(16)

I dTeideal XI, scriostar Cuid K;

(17)

Scriostar Riail 112(2).

Airteagal 3

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 23 Márta 2016.

Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2017:

 

pointí (8), (18), (19), (20), (21), (22), (23), (24), (26) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, pointe (d), agus le mír 3 d'Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (29), (30) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus le mír 3 d'Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (31) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (32) a mhéid a bhaineann sé le mír 1a, le mír 4 agus le mír 6 d'Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (33), (34), (35) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (37) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, an dara habairt, agus le mír 3 agus le mír 4 d'Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (43) a mhéid a bhaineann sé le míreanna 2, 3, 4a agus 8 d'Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (46) a mhéid a bhaineann sé le mír 5, an tríú habairt d'Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (47) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, an chéad fhomhír, agus mír 2 go mír 5 d'Airteagal 48a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (48) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 49 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (49) a mhéid a bhaineann sé le mír 2, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (61), (62), (63), (64) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 d'Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (67) seachas mír 3 d'Airteagal 74b de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (68), (71) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 agus le mír 5 d'Airteagal 78 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (72) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 go mír 4 d'Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (73) seachas mír 2 d'Airteagal 79b de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, agus mír 5 d'Airteagal 79c de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (74) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 2 agus mír 4 d'Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (75) a mhéid a bhaineann sé le mír 2 d'Airteagal 82 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (76) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 82a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (77), (78) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 6 agus mír 7 d'Airteagal 85 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (80) a mhéid a bhaineann sé le pointe (m) de mhír 2 agus le pointe (y) de mhír 3 d'Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (84) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (97) seachas mír 6 d'Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (98), (102) a mhéid a bhaineann sé le míreanna 5, 5a, 6, 8 agus 9 d'Airteagal 119 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (103), (108) a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 128(4)(o) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (111), a mhéid a bhaineann sé leis an tríú habairt i mír 2 d'Airteagal 132 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (113), (125), (126) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 3 go mír 8 d'Airteagal 147 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (127) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 d'Airteagal 148a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (128) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 149 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (129) a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 153 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (130) a mhéid a bhaineann sé le agus mír 1 go mír 5 d'Airteagal 153a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (132), (135) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 158 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (136), (137) a mhéid a bhaineann sé le mír 4 go mír 9 d'Airteagal 159 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (138) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 go mír 5 d'Airteagal 161 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, agus (139).

Beidh feidhm ag pointe (108) d'Airteagal 1 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 124(1)(f) agus Airteagal 128(4)(n) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ón dáta ar a dtiocfaidh an cinneadh dá bhforáiltear in Airteagal 124(2) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 i bhfeidhm, nó 12 mhí tar éis an dáta a shonraítear sa dara mír den Airteagal seo, cibé acu is túisce. Go dtí an dáta sin, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 124(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go hiomlán agus beidh feidhm dhíreach aige i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).

(4)  An Chéad Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 40, 11.2.1989, lch. 1).

(5)  Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 299, 8.11.2008, lch. 25).

(6)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 303, 15.12.1995, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995 maidir leis na táillí is iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 303, 15.12.1995, lch. 33).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 216/96 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1996 lena leagtar síos rialacha nós imeachta Bhoird Achomhairc na hOifige um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 28, 6.2.1996, lch. 11).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN -I

MÉID NA DTÁILLÍ

A.

Is iad seo a leanas na táillí atá le híoc leis an Oifig faoin Rialachán seo (in EUR):

1.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh ar thrádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 26(2)):

EUR 1 000

2.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh go leictreonach ar thrádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 26(2)):

EUR 850

3.

Táille i gcás an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 26(2)):

EUR 50

4.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn dhá aicme le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 26(2)):

EUR 150

5.

Táille bhunúsach don iarratas ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 26(2) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 1 800

6.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh go leictreonach ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 26(2) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 1 500

7.

Táille i gcás an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE: (Airteagal 26(2) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 50

8.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn trí aicme le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 26(2) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 150

9.

Táille chuardaigh i gcás iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 38(2)) nó i gcás clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas (Airteagal 38(2) agus Airteagal 155(2)): EUR 12 iolraithe faoi líon na n-oifigí lárnacha maoine tionscail dá dtagraítear in Airteagal 38(2); déanfaidh an Oifig an méid sin, agus na hathruithe ina dhiaidh sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige.

10.

Táille fhreasúra (Airteagal 41(3)):

EUR 320

11.

Táille bhunúsach chun trádmharc aonair de chuid AE a athnuachan (Airteagal 47(3)):

EUR 1 000

12.

Táille bhunúsach chun trádmharc aonair de chuid AE a athnuachan go leictreonach (Airteagal 47(3)):

EUR 850

13.

Táille chun an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 47(3)):

EUR 50

14.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan os cionn dhá aicme le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 47(3)):

EUR 150

15.

Táille bhunúsach maidir leis an athnuachan ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 47(3) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 1 800

16.

Táille bhunúsach chun cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE a athnuachan go leictreonach (Airteagal 47(3) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3))

EUR 1 500

17.

Táille chun an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 47(3) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 50

18.

Táille chun gach aicme, os cionn dhá ceann d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 47(3) agus Airteagal 66(3) nó Airteagal 74a(3)):

EUR 150

19.

Táille bhreise chun an táille athnuachana a íoc go déanach nó chun an iarraidh ar athnuachan a thíolacadh go déanach (Airteagal 47(3)): 25 % den táille athnuachana dhéanach, faoi réir uasmhéid EUR 1 500

20.

Táille i gcás iarratais ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta (Airteagal 56(2)):

EUR 630

21.

Táille achomhairc (Airteagal 60(1)):

EUR 720

22.

Táille chun restitutio in integrum a chur i bhfeidhm (Airteagal 81(3))

EUR 200

23.

Táille chun iarratas ar thrádmharc de chuid AE a thiontú ina gceann acu seo a leanas nó chun trádmharc de chuid AE a thiontú ina gceann acu seo a leanas (Airteagal 113(1), i gcomhar freisin le hAirteagal 159(1)):

(a)

ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta;

(b)

ina ainmniúchán Ballstát faoi Phrótacal Mhaidrid:

200 EUR

24.

Táille chun leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí (Airteagal 82(1)):

EUR 400

25.

Táille i gcás dearbhú roinnte i dtaca le trádmharc cláraithe de chuid AE (Airteagal 49(4) nó iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 44(4)):

EUR 250

26.

Táille i gcás an iarratais ar cheadúnas nó ceart eile a chlárú maidir le trádmharc cláraithe de chuid AE (roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017, Riail 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2868/95; agus ón dáta sin, Airteagal 22a(2)) nó iarratas ar thrádmharc de chuid AE (roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017, Riail 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2868/95; agus ón dáta sin, Airteagal 22a(2)):

(a)

ceadúnas a dheonú;

(b)

ceadúnas a aistriú;

(c)

ceart in rem a chruthú;

(d)

ceart in rem a aistriú;

(e)

tobhach forghníomhaithe:

EUR 200 in aghaidh an chláraithe, ach má thíolactar iarrataí iolracha san iarratas céanna nó ag an am céanna, gan dul thar EUR 1 000 ar an iomlán

27.

Táille chun clárú ceadúnais nó cirt eile a chealú (roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017, Riail 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 agus ón dáta sin Airteagal 24a(3)): EUR 200 in aghaidh an chealaithe, ach má thíolactar iarrataí iolracha san iarratas céanna nó ag an am céanna, gan dul thar EUR 1 000 ar an iomlán

28.

Táille chun trádmharc cláraithe de chuid AE (Airteagal 48(4)) a athrú:

200 EUR

29.

Táille chun an tsaincheist a bhaineann le cóip den iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 88(7)), cóip den deimhniú cláraithe (Airteagal (45(2)), nó sliocht as an gclár (Airteagal 87(7)):

(a)

cóip nó sliocht neamhdheimhnithe:

EUR 10

(b)

cóip nó sliocht dheimhnithe/deimhnithe:

EUR 30

30.

Táille chun na comhaid a iniúchadh (Airteagal 88(6)):

30 EUR

31.

Táille chun cóipeanna de dhoiciméid chomhaid a eisiúint (Airteagal 88(7)):

(a)

cóip neamhdheimhnithe:

EUR 10

(b)

cóip dheimhnithe:

EUR 30

agus in aghaidh an leathanaigh, ar mó é ná 10

EUR 1

32.

Táille chun faisnéis i gcomhad a chur in iúl (Airteagal 88(9)):

EUR 10

33.

Táille má dhéantar athbhreithniú ar na costais nós imeachta atá le haisíoc (roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017, Riail 94(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2838/95 agus ón dáta sin Airteagal 85(7)):

100 EUR

34.

Táille chun iarratas idirnáisiúnta a chomhdú san Oifig (roimh an 1 Deireadh Fómhair 2017, Airteagal 147(5) agus ón dáta sin Airteagal 147(4)):

300 EUR

B.

Táillí le híoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta

I.   Táille aonair i gcás clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

1.

Éileofar ar an iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

2.

Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta a chomhdaíonn iarraidh ar shíneadh críche lena n-ainmnítear an tAontas, a cuireadh isteach i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta, táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

3.

Is é a bheidh i méid na táille faoi B.I.1 nó B.I.2 méid coibhéiseach i bhFrancanna na hEilvéise, mar a bhunaigh Ard-Stiúrthóir EDMI de bhun Riail 35(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Mhaidrid agus faoi Phrótacal Mhaidrid, leis na méideanna seo a leanas:

(a)

as trádmharc aonair: EUR 820 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme;

(b)

as cómharc nó marc deimhniúcháin: EUR 1 400 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn trí aicme.

II.   Táille aonair chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a athnuachan

1.

Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair, mar chuid de na táillí chun clárú idirnáisiúnta a athnuachan, a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

2.

Is é a bheidh i méid na táille dá dtagraítear in B.II.1 méid coibhéiseach i bhFrancanna na hEilvéise, mar a bhunaigh Ard-Stiúrthóir EDMI de bhun Riail 35(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Mhaidrid agus faoi Phrótacal Mhaidrid, leis na méideanna seo a leanas:

(a)

as trádmharc aonair: EUR 820 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme;

(b)

as cómharc nó marc deimhniúcháin: EUR 1 400 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme.”


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 2869/95

Rialachán (CE) Uimh. 207/2009

Airteagal 1

Airteagal 2

Iarscríbhinn -I, Cuid A, pointe 1 go pointe 34

Airteagal 3

Airteagal 144(1)

Airteagal 4

Airteagal 144(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 144a(1), an chéad fhomhír

Airteagal 5(2)

Airteagal 144a(1), an dara fomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 144a(1), an tríú fomhír

Airteagal 6

Airteagal 144a(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 7(1)

Airteagal 144a(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 144a(3)

Airteagal 8

Airteagal 144b

Airteagal 9

Airteagal 144c(1) agus (2)

Airteagal 10

Airteagal 144c(4)

Airteagal 11

Iarscríbhinn -I, Cuid B(I), pointe 1 go pointe 3

Airteagal 12

Iarscríbhinn -I, Cuid B(II), pointe 1 agus pointe 2

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15


Top