Help Print this page 

Document 32013R1293

Title and reference
Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
  • In force
OJ L 347, 20.12.2013, p. 185–208 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1293/oj
Languages, formats and link to OJ
BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
HTML html BG html ES html CS html DA html DE html ET html EL html EN html FR html GA html HR html IT html LV html LT html HU html MT html NL html PL html PT html RO html SK html SL html FI html SV
PDF pdf BG pdf ES pdf CS pdf DA pdf DE pdf ET pdf EL pdf EN pdf FR pdf GA pdf HR pdf IT pdf LV pdf LT pdf HU pdf MT pdf NL pdf PL pdf PT pdf RO pdf SK pdf SL pdf FI pdf SV
Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal
 To see if this document has been published in an e-OJ with legal value, click on the icon above (For OJs published before 1st July 2013, only the paper version has legal value).
Multilingual display
Text

20.12.2013   

GA FR

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

185


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1293/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá beartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann, agus mura rachfar i ngleic leo beidh iarmhairtí suntasacha i ndán don Aontas.

(2)

Ba cheart dul i ngleic na ndúshlán comhshaoil agus aeráide sin, i ngeall ar a méid agus a gcastacht, a chistiú go príomha trí mhórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais. Ina Theachtaireacht an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020" inar aithníodh dúshlán an athraithe aeráide, luaigh an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an cion de bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go dtí 20 % ar a laghad le ranníocaíochtaí ó bheartais éagsúla. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

(3)

Ní féidir dul i ngleic leis na riachtanais shonracha uile maidir leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide sna cláir chistiúcháin sin de chuid an Aontais. Maidir leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide, tá gá le cineálacha sonracha cur chuige chun déileáil le comhtháthú míchothrom a gcuspóirí i gcleachtais na mBallstát, le cur chun feidhme míchothrom agus neamhleor na reachtaíochta sna Ballstáit, agus le scaipeadh neamhdhóthanach faisnéise faoi spriocanna beartais agus cur chun cinn neamhdhóthanach spriocanna beartais. Is iomchuí beart leantach a sholáthar don chlár a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán nua a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo Clár cistiúcháin tiomnaithe don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide ("Clár LIFE"). Ionas go mbainfear amach tionchar substaintiúil le cistiúchán an Aontais, ba cheart dlúthshineirgí agus comhlántacht a fhorbairt idir Clár LIFE agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais.

(4)

Tá sócmhainní comhshaoil leithdháilte go míchothrom ar fud an Aontais, ach baineann a dtairbhí leis an Aontas ina iomláine agus téann a dtairbhí i gcion ar an Aontas ina iomláine. I bhfianaise oibleagáid an Aontais na sócmhainní sin a chosaint, tá gá le cur i bhfeidhm comhsheasmhach phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, lena gceanglaítear go dtugtar aghaidh ar roinnt fadhbanna comhshaoil agus aeráide san Aontas ar bhealach níos fearr ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Ó 1992, tá ról fíor-riachtanach ag cláir LIFE maidir le dáileadh níos fearr na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta chun leas coiteann chomhshaoil an Aontais agus na haeráide a chaomhnú. Ba cheart go leanfadh Clár LIFE den ról seo a bheith aige.

(5)

I bhfianaise a shaintréithe agus a mhéide, ní féidir le Clár LIFE gach fadhb chomhshaoil agus aeráide a réiteach. Ina ionad sin, ba cheart go mbeadh sé ina phríomhchuspóir aige gníomhú mar chatalaíoch maidir le hathruithe i bhforbairt agus i gcur chun cinn beartas trí réitigh agus na cleachtais is fearr a sholáthar agus a scaipeadh chun spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus trí theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann leis an gcomhshaoil agus leis an athrú aeráide a chur chun cinn. Sa mhéid sin, ba cheart do Chlár LIFE tacú le cur chun feidhme Chlár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal "Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid" mar a bunaíodh le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ("7ú Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais").

(6)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais de EUR 3 456,655 milliún i bpraghsanna reatha, rud is fiú 0,318 % de mhéid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (6), do thréimhse iomlán Chlár LIFE arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(7)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí i Lucsamburg i Nollaig 1997, agus na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki i Meitheamh 2003, ba cheart go mbeadh na tíortha is iarrthóirí agus tíortha na mBalcán Thiar atá rannpháirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, mar aon le tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa, incháilithe chun a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha arna gcur i gcrích leis na tíortha sin.

(8)

De bhun Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (8) (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear), tá daoine aonair ó thír nó ó chríoch thar lear (TCTL) agus, i gcás inarb infheidhme, na comhlachtaí ábhartha poiblí agus/nó príobháideacha agus institiúidí in TCTL incháilithe chun páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais, faoi réir rialacha agus cuspóirí an chláir atá i gceist, chomh maith leis na socruithe is infheidhme maidir leis an mBallstát lena bhfuil TCTL nasctha.

(9)

Le go mbeidh infheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide laistigh den Aontas éifeachtach, ní mór roinnt gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lasmuigh dá theorainneacha. D'fhéadfadh sé nach ndéanfaí na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú faoi ionstraimí airgeadais gníomhaíochta seachtraí an Aontais i gcónaí. Ba cheart go bhféadfaí idirghabhálacha a dhéanamh i dtíortha nach bhfuil rannpháirteach go díreach in Clár LIFE, agus ba cheart go bhféadfadh daoine dlítheanacha atá bunaithe sna tíortha sin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE go heisceachtúil, ar choinníoll go gcomhlíonfaí coinníollacha sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(10)

Ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo chomh maith creat le haghaidh comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus chun tacaíocht a sholáthar dóibh, d'fhonn freagairt do riachtanais bheartais chomhshaoil agus aeráide nach dtagann faoi raon feidhme ionstraimí airgeadais gníomhaíochta seachtraí, amhail staidéir áirithe.

(11)

Ba cheart ceanglais chomhshaoil agus aeráide a chomhtháthú isteach i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Clár LIFE comhlántach le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (9), Ciste Sóisialta na hEorpa (10), an Ciste Comhtháthaithe (11), an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (12), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (13), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, agus Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (14) ("Fís 2020").

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlántacht den sórt sin a áirithiú ar gach leibhéal. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart comhlántacht a áirithiú trí chomhar struchtúrtha a bhunú idir Clár LIFE agus na cláir chistiúcháin de chuid an Aontais ar a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach sa Chomhchreat Straitéiseach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) ("Rialachán na bhForálacha Coiteanna"), go háirithe d'fhonn cistiú gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear tionscadail chomhtháite a chur chun cinn nó chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige arna bhforbairt faoi Chlár LIFE. Ba cheart do Chlár LIFE roghnú torthaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ó Fís 2020 a spreagadh. Sa chomhthéacs sin ba cheart dó deiseanna cómhaoinithe a chur ar fáil le haghaidh tionscadal a mbaineann tairbhí soiléire comhshaoil agus aeráide leo d'fhonn sineirgí idir Clár LIFE agus Fís 2020 a áirithiú. Ní mór comhordú a dhéanamh chun cistiúchán dúbailte a chosc. Ba cheart don Choimisiún bearta a dhéanamh chun forluí agus ualach riaracháin breise ar thairbhithe tionscadail a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí airgeadais éagsúla a chosc. Chun soiléireacht agus indéantacht phraiticiúil tionscadal comhtháite faoi chlár LIFE a áirithiú, ba cheart socruithe féideartha le haghaidh comhair a leagan amach ag céim luath. Ba cheart do na Ballstáit tagairt do shocruithe den sórt sin a shamhlú ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta chun a áirithiú gur féidir buntáistí na dtionscadal comhtháite a chur san áireamh le linn cláir oibríochtúla nó forbartha tuaithe a dhréachtú.

(12)

Tá stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, mar aon le dul i ngleic le himní comhshaoil agus sláinte, fós ina bpríomhdhúshláin don Aontas. Tá iarrachtaí méadaithe ar leibhéal an Aontais riachtanach i leith na ndúshlán sin chun réitigh agus na cleachtais is fearr a sholáthar a chabhróidh le baint amach spriocanna na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal "Eoraip 2020: straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020"). Ina theannta sin, tá rialachas feabhsaithe, go háirithe trí mhúscailt feasachta agus trí rannpháirtíocht geallsealbhóirí, fíor-riachtanach chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh trí réimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol: an Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní, an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht, agus Rialachas Comhshaoil agus Faisnéis Chomhshaoil. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

(13)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní", moladh na garspriocanna agus na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun an tAontas a chur ar an mbealach ceart chun fás inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní tacú le cur chun feidhme éifeachtach bheartas comhshaoil an Aontais ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, go háirithe sna hearnálacha comhshaoil arna gcumhdach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní, trí fhorbairt agus comhroinnt réiteach nua agus na gcleachtas is fearr a éascú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht a áirithiú agus forluí a sheachaint le Fís 2020.

(14)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2011 dar teideal "Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta an AE go dtí 2020" ("Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020"), bunaíodh spriocanna chun stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus chun í a aisiompú. Áirítear leis na spriocanna sin, inter alia, cur chun feidhme iomlán Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (16) agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), mar aon le héiceachórais agus a gcuid seirbhísí a chothabháil agus a athchóiriú. Ba cheart do Chlár LIFE rannchuidiú leis na spriocanna sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta díriú ar chur chun feidhme agus ar bhainistíocht líonra Natura 2000, a cuireadh ar bun faoi Threoir 92/43/CEE, go háirithe i ndáil leis an gcreat gníomhaíochta tosaíochta arna ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin, ar fhorbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr i leith na bithéagsúlachta agus Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE, agus ar na dúshláin bhithéagsúlachta níos leithne freisin atá sainaitheanta i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020.

(15)

Ba cheart rannchuidiú Chlár LIFE le riachtanais bhliantúla chistiúcháin líonra Natura 2000 a mheas i gcomhthéacs na speansas daingnithe bithéagsúlachta ó chistí eile de chuid an Aontais. Ba cheart tábhacht ar leith a thabhairt do thionscadail chomhtháite faoi chlár LIFE mar shásra cistiúcháin comhordaithe le haghaidh líonra Natura 2000, de bharr an chumais atá iontu cistí a ghiaráil agus acmhainn ionsúcháin a mhéadú do chaiteachas dúlra agus bithéagsúlachta laistigh de chistí eile de chuid an Aontais.

(16)

Tá ról suntasach ag foraoisí i ndáil leis an gcomhshaol agus an aeráid maidir le bithéagsúlacht, uisce, ithir agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i measc nithe eile. Cabhraíonn foraoisí agus ithreacha leis an aeráid a rialú trí dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghlacadh ón atmaisféar agus déanann siad méideanna ollmhóra carbóin a stóráil. Chun an ról sin a bharrfheabhsú, is gá sonraí agus faisnéis atá ábhartha agus comhoiriúnach a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo creat a léiriú freisin chun tacú le sineirgí idir gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide a bhaineann le foraoisí agus le hithreacha, lena n-áirítear maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin. I measc na réimsí eile le haghaidh sineirgí méadaithe, tá ganntanas uisce agus triomaigh, mar aon le rioscaí tuile a bhainistiú.

(17)

D'fhonn úsáid acmhainní Chlár LIFE a bharrfheabhsú, ba cheart go gcothófaí sineirgí idir gníomhaíochtaí faoin bhfochlár don Chomhshaol, go háirithe chun an bhithéagsúlacht a chosaint, agus bearta maolaithe ar an athrú aeráide agus oiriúnaithe don athrú aeráide faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

(18)

Admhaíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2011 dar teideal "Treochlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin faoi 2050" ("Treochlár 2050") go mbeadh tástáil cineálacha nua cur chuige i leith an mhaolaithe ar an athrú aeráide fós fíor-riachtanach chun bogadh i dtreo geilleagair ísealcharbóin. Ní mór oiriúnú don athrú aeráide mar thosaíocht trasnaí an Aontais a áirithiú chomh maith. Ina theannta sin, tá cur chun cinn an rialachais agus múscailt feasachta bunriachtanach d'fhonn torthaí cuiditheacha a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht geallsealbhóirí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don fhochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le hiarrachtaí lena rannchuideofar le trí réimse tosaíochta: Maolú ar an Athrú Aeráide, Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

(19)

Ba cheart don réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide rannchuidiú le forbairt agus cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an aeráid, go háirithe maidir le faireachán ar ghás ceaptha teasa agus tuairisciú a dhéanamh ina leith, beartais a bhaineann le húsáid na talún, athruithe in úsáid na talún agus foraoiseacht, caomhnú linnte carbóin nádúrtha, an córas um thrádáil astaíochtaí, iarracht na mBallstát chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, gabháil agus stóráil charbóin, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar agus breoslaí, cosaint an chisil ózóin agus gáis fhluairínithe. Meastar go bhfuil tógáil an bhonneagair chun carbón a ghabháil agus a stóráil thar raon feidhme Chlár LIFE agus, dá bhrí sin, ní thacófar léi.

(20)

Is féidir na chéad iarmhairtí den athrú aeráide a fheiceáil san Eoraip agus ar fud an domhain cheana féin, amhail adhaimsir as a dtagann tuilte agus triomaigh, agus teochtaí agus leibhéil mara atá ag ardú. Dá bhrí sin, ba cheart don réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide cabhair a thabhairt do dhaonraí, d'earnálacha eacnamaíocha agus do réigiúin dul in oiriúint le tionchair den sórt sin trí straitéisí oiriúnaithe sonracha agus trí bhearta oiriúnaithe sonracha, d'fhonn Aontas níos athléimní a áirithiú. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí sa réimse seo comhlántach le gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin ionstraim airgeadais um chosaint shibhialta mar a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Meastar go bhfuil tógáil an mhórbhonneagair thar raon feidhme Chlár LIFE agus, dá bhrí sin, ní thacófar léi.

(21)

Tá cur chun feidhme iomlán an bheartais chomhshaoil agus aeráide agus na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide nasctha go dlúth le rialachas níos fearr a bhaint amach, rannpháirtíocht geallsealbhóirí a fheabhsú agus faisnéis a scaipeadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na réimsí tosaíochta maidir le Rialachas agus le Faisnéis, sa dá fhochlár araon, tacú le forbairt ardán comhair agus le comhroinnt na gcleachtas is fearr le haghaidh comhlíonta agus forghníomhaithe níos éifeachtaí, lena n-áirítear cláir oiliúna do bhreithiúna agus d'ionchúisitheoirí poiblí, agus chun tacaíocht a ghiniúint ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí i gcomhair iarrachtaí ceaptha beartas an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide. Go háirithe, ba cheart dóibh tacú le feabhsuithe ar scaipeadh an bhoinn eolais agus na gcleachtas is fearr i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, ar mhúscailt feasachta, agus ar rannpháirtíocht phoiblí, rochtain ar fhaisnéis agus rochtain ar cheartas maidir le cúrsaí comhshaoil.

(22)

Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ba cheart do thionscadail arna maoiniú faoi Chlár LIFE critéir incháilitheachta agus dámhachtana a chomhlíonadh lena áirithiú go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as cistí de chuid an Aontais agus chun breisluach an Aontais a áirithiú. Agus measúnú á dhéanamh ar bhreisluach an Aontais, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt, de réir mar is infheidhme maidir leis na réimsí tosaíochta, ar an acmhainn atá ann go macasamhlófaí agus go n-aistreofaí torthaí na dtionscadal, ar inbhuanaitheacht a dtorthaí agus ar an rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha na réimsí tosaíochta a bhaint amach, agus ar na tosaíochtaí téamacha a chuirtear chun feidhme trí na topaicí tionscadail freisin. Ba cheart tionscadail a mbeidh iarmhairtí trasearnálacha acu a spreagadh. Ba cheart don Choimisiún freisin úsáid soláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe agus tionscadail á gcur chun feidhme.

(23)

D'fhonn cothrom iomaíochta a chothú le haghaidh gach gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach agus chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht a sheachaint, ba cheart cistiúchán arna sholáthar faoi Chlár LIFE a dhíriú chuig clistí margaidh, i gcás inarb iomchuí. Ina theannta sin, i gcásanna inarb ionann an cistiúchán sin agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart é a cheapadh ar shlí atá ag teacht leis na rialacha maidir le státchabhair sa chaoi is go ndéanfaí saobhadh ar an margadh a chosc, amhail cistiúchán príobháideach a bhrú amach, struchtúir mhargaidh neamhéifeachtacha a chruthú nó cuideachtaí neamhéifeachtúlacha a bhuanú, agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle (20).

(24)

D'fhonn cur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide a fheabhsú agus comhtháthú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid i mbeartais eile a fheabhsú, ba cheart do Chlár LIFE tionscadail a chur chun cinn lena dtacaítear le cineálacha cur chuige comhtháite i leith chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide agus an bheartais chomhshaoil agus aeráide. Ba cheart tionscadail chomhtháite den sórt sin a úsáid mar uirlisí nithiúla chun comhtháthú chuspóirí an chomhshaoil agus na haeráide i mbeartais eile de chuid an Aontais agus i gcaiteachas iomlán an Aontais a fheabhsú i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020. Ba cheart dóibh samplaí de dhea-chleachtas a sholáthar do chur i bhfeidhm éifeachtach agus dea-chomhordaithe bheartas aeráide agus comhshaoil an Aontais sna Ballstáit agus i réigiúin. Le haghaidh an fhochláir don Chomhshaol, ba cheart do na tionscadail chomhtháite díriú go príomha ar chur chun feidhme Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, go háirithe maidir le bainistíocht agus comhdhlúthú éifeachtach líonra Natura 2000 arna bhunú le Treoir 92/43/CEE trí chur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin, trí chur chun feidhme Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (21), agus trí chur chun feidhme reachtaíochta dramhaíola agus aeir.

(25)

Ba cheart go mbeadh sásraí seachadta ilchuspóireacha (e.g. a bheidh dírithe ar thairbhí comhshaoil agus ar fhorbairt acmhainní) i gceist le tionscadail chomhtháite, a fhágann gur féidir torthaí a bhaint amach i réimsí beartais eile, go háirithe an comhshaol muirí i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). D'fhéadfadh tionscadail chomhtháite chomh maith a bheith beartaithe i réimsí comhshaoil eile. I gcás an fhochláir don Ghníomhú ar son na hAeráide, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin go háirithe le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

(26)

Ba cheart do thionscadail chomhtháite tacú le sraith gníomhaíochtaí agus beart sonracha amháin, agus ba cheart gníomhaíochtaí eile lena gcomhlánaítear na cinn arna gcur san áireamh sa tionscadal a chistiú ó chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus ó chistí náisiúnta, cistí réigiúnacha agus cistí de chuid na hearnála príobháidí. Ba cheart do chistiúchán arna sholáthar trí bhíthin Chlár LIFE leas a bhaint as sineirgí agus ba cheart dó comhsheasmhacht idir foinsí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais a áirithiú trí fhócas straitéiseach comhshaoil agus aeráide a sholáthar fad a áirithítear go ndéantar nósanna imeachta a shimpliú.

(27)

Maidir le tionscadail chomhtháite, a dhíríonn go láidir ar chur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide agus bheartas comhshaoil agus aeráide an Aontais, trí chur chuige comhtháite, ceanglaítear leo gníomhaíocht i ngach cuid den Aontas agus i ngach earnáil ar ar díríodh sa Rialachán seo. Beidh gá le gné dáileacháin a thabhairt isteach sa phróiseas roghnúcháin chun cothromaíocht gheografach a éascú agus chun go ndéanfaidh na Ballstáit iarracht, más gá tacaithe ag tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid LIFE, ar thionscadail chomhtháite amháin ar a laghad a ullmhú agus a mholadh i rith chlárthréimhse LIFE.

(28)

I bhfianaise úrnuacht chur chuige an tionscadail chomhtháite, ba cheart geallsealbhóirí a thacú, nuair is gá, le cúnamh teicniúil. Ba cheart go maolódh nós imeachta iarratais dhá chéim ar an gcéim iarratais. Sa chéad chéim, ba cheart go gcuirfí in iúl le plean airgeadais cé acu foinsí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha eile de chistiúchán atá le slógadh agus a mhéid a shlógfar iad. Sa dara céim amháin ba cheart litreacha intinne ó fhoinse cistiúcháin eile amháin ar a laghad a cheangal chun a áirithiú go bhfuil an ceanglas maidir le slógadh foinse cistiúcháin breise comhlíonta. A mhéid a shlógtar cistí eile de chuid an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh le linn na céime dámhachtana.

(29)

Tá rath na dtionscadal comhtháite ag brath ar dhlúthchomhar idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus na gníomhaithe neamhstáit a bhfuil imní orthu i dtaobh chuspóirí Chlár LIFE. Ba cheart prionsabail maidir le trédhearcacht agus nochtadh cinntí a bhaineann le forbairt, cur chun feidhme, measúnú agus faireachán tionscadal a chur i bhfeidhm dá bhrí sin.

(30)

I gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, i gcás tionscadal faoin bhfochlár don Chomhshaol, seachas tionscadail chomhtháite, ba cheart roinnt chomhréireach de chistí i measc na mBallstát uile ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil a dhéanamh trí leithdháiltí náisiúnta táscacha a bhunú.

(31)

D'fhonn cur le hacmhainn Bhallstát a bheith rannpháirteach in Clár LIFE, ba cheart cistiúchán a ráthaítear do thionscadail forbartha acmhainní a chur ar fáil d'aon Bhallstát a chomhlíonann na ceanglais ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfí cistiúchán den sórt sin ar fáil ar bhonn plean forbartha acmhainní comhaontaithe a thabharfaidh breac-chuntas ar na hidirghabhálacha agus ar an gcistiúchán atá riachtanach.

(32)

Ba cheart go mbeadh cáilíocht ina critéar uileghabhálach a rialaíonn meastóireacht an tionscadail agus próiseas na dámhachtana in Clár LIFE. Is de chineál táscach na gnéithe dáileacháin arna dtabhairt isteach chun cothromaíocht gheografach a léiriú agus níor cheart go dtabharfaidís cistí daingnithe nó leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit le tuiscint.

(33)

Tá an tAontas ina pháirtí de Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Rochtain ar Cheartas i gcúrsaí Comhshaoil ("Coinbhinsiún Aarhus"). Dá bhrí sin, ba cheart tacú le hobair eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus le líonraí na n-eintiteas neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, ós rud é go bhfuil siad éifeachtach i dtacú le haidhmeanna Choinbhinsiún Aarhus trí ábhair imní agus dearcthaí shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn mar chuid den phróiseas forbartha beartas agus i dtacú lena chur chun feidhme, agus i múscailt feasachta ar fhadhbanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus freagraí beartais. Is iomchuí do Chlár LIFE tacú le raon leathan ENRanna agus líonraí na n-eintiteas neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide, trí dheontais oibriúcháin a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach, d'fhonn cabhrú leo rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais, agus le cur chun feidhme agus forfheidhmiú chuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun cinn agus a neartú, mar aon lena n-acmhainn a bheith ina bpáirtithe níos éifeachtaí a fhorbairt agus a neartú.

(34)

D'fhonn a ról a fheidhmiú i dtionscnamh fhorbairt agus chur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as acmhainní ó Chlár LIFE chun tacú le hullmhú, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí agus earraí a cheannach. Ba cheart freisin go gcuimseofar sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialacháin seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, i dtaobh stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh mhór-reachtaíocht uile chomhshaoil agus aeráide an Aontais chomh maith.

(35)

Is cosúil go leanfaidh an bhearna reatha atá sa mhargadh idir éileamh agus soláthar i dtaca le hiasachtaí, cothromas agus caipiteal riosca de bheith ann i gcomhthéacs géarchéime airgeadais agus, dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ionstraimí airgeadais a cheadú chun tacú le tionscadail a bhfuil sé de chumas acu ioncam a ghiniúint i réimse an chomhshaoil nó i réimse na haeráide. Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó Chlár LIFE a úsáid chun dul i ngleic le riachtanais mhargaidh ar leith ar bhealach costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a bhrú amach. Ba cheart go bhféadfaí ionstraimí airgeadais a chur le chéile le deontais arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear deontais arna gcistiú faoin Rialachán seo.

(36)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chláir LIFE roimhe seo, tarraingítear aird ar an ngá le hiarrachtaí a dhíriú ar thosaíochtaí nithiúla beartais chomhshaoil agus aeráide agus ar réimsí le haghaidh gníomhaíochta. Níor cheart go mbeadh na tosaíochtaí téamacha seo uileghabhálach chun a cheadú d'iarratasóirí tograí a thíolacadh i réimsí eile agus chun smaointe nua a ionchorprú chun freagairt do dhúshláin nua. Ba cheart freisin do na cláir oibre ilbhliantúla sin a bheith solúbtha chun spriocanna agus cuspóirí Chlár LIFE a bhaint amach, fad is a sholáthrófar an chobhsaíocht is gá de thopaicí tionscadal a chuireann na tosaíochtaí téamacha chun feidhme le go mbeadh iarratasóirí féideartha in ann tograí a phleanáil, a ullmhú agus a chur isteach. Ba cheart go mbeadh an chéad chlár oibre ilbhliantúil sin bailí ar feadh ceithre bliana a bheidh dara clár oibre trí bliana á leanúint. Ba cheart go mbeadh sa dá chlár oibre liosta neamh-uileghabhálach de thopaicí tionscadail a chuireann na tosaíochtaí téamacha chun feidhme.

(37)

Leag an taithí ar chláir LIFE roimhe seo béim ar an tábhacht a bhaineann le pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE, go háirithe chun tacaíocht a sholáthar d'iarratasóirí agus do thairbhithe agus leis sin go rannchuideofar le cur chun feidhme rathúil na gclár. Ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de chóras pointí teagmhála náisiúnta agus réigiúnacha de chuid LIFE agus, nuair is féidir, ba cheart iad a neartú, go háirithe sna Ballstáit ag a bhfuil glacadh tionscadal íseal, agus ba cheart comhoibriú idir an Coimisiún agus pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE agus comhoibriú i measc pointí teagmhála náisiúnta agus réigiúnacha de chuid LIFE a threisiú. Leag an taithí ar chláir LIFE roimhe seo béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le scaipeadh éifeachtach torthaí tionscadail agus gníomhaíochtaí líonraithe a áirithiú chun éifeacht ghiarála agus breisluach Chlár LIFE an Aontais a mhéadú, go háirithe trí sheimineáir, ceardlanna agus gníomhaíochtaí eile a eagrú, a dhíríonn ar an malartú taithí, eolais agus dea-chleachtas laistigh den Aontas. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, leanúint de ghníomhaíochtaí scaipthe spriocdhírithe agus iad a neartú, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhíríonn go sonrach ar thionscadail chomhtháite, go háirithe sna Ballstáit ag a bhfuil glacadh tionscadal íseal, agus i ndáil le hearnálacha ar leith, agus chun an comhar agus an malartú taithí a éascú idir tairbhithe LIFE agus daoine eile. Ba cheart don Choimisiún leanúint freisin do liosta na dtionscadal a maoiníodh trí Chlár LIFE a fhoilsiú, lena n-áirítear tuairisc ghairid ar na cuspóirí agus ar na torthaí a gnóthaíodh agus achoimre ar na cistí a gealladh trí úsáid a bhaint as meán agus teicneolaíochtaí iomchuí.

(38)

D'fhonn simpliú a dhéanamh ar Chlár LIFE agus an t-ualach riaracháin a laghdú d'iarratasóirí agus do thairbhithe, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna gan cur as d'incháilitheacht CBL agus costas foirne buaine faoi na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. De réir cleachtais reatha, ba cheart go sáródh suim ranníocaíochtaí na n-eagraíochtaí poiblí (mar thairbhí comhordaithe agus/nó tairbhí comhlachaithe) leis an tionscadal le 2 % ar a laghad suim chostas tuarastail na foirne riaracháin náisiúnta a ghearrtar ar an tionscadal. Níor cheart cistí de chuid an Aontais a úsáid chun buiséid náisiúnta a fhóirdheonú, mar shampla, chun costais CBL a chlúdach. Níl ach faisnéis theoranta ar fáil, áfach, ar mhéideanna cistí de chuid an Aontais a úsáideadh chun CBL a chlúdach. Ba cheart don Coimisiún, dá bhrí sin, forléargas a sholáthar, sna meastóireachtaí meántéarma agus ex-post de Chlár LIFE, ar aisíocaíochtaí CBL in aghaidh an Bhallstáit a bheidh iarrtha ag tairbhithe tionscadal faoi Chlár LIFE ag an gcéim dheireanach íocaíochta.

(39)

Ba cheart na huasrátaí cómhaoinithe a shocrú ag cibé leibhéil is gá d'fhonn an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag Clár LIFE a choinneáil.

(40)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar Chlár LIFE agus ar a fhochláir bunaithe ar tháscairí feidhmíochta comhfhreagracha d'fhonn coigeartuithe a chumasú, lena n-áirítear aon athbhreithniú is gá ar na tosaíochtaí téamacha. Nuair a bheidh na táscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar chláir agus ar thionscnaimh á sainiú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún béim a leagan ar fhaireachán cáilíochta ar bhonn táscairí feidhmíochta agus torthaí agus tionchar measta. Ba cheart don Choimisiún modh a mholadh chomh maith chun faireachán a dhéanamh ar rath fadtéarmach tionscadal, go háirithe i réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta. D'fhonn fianaise a sholáthar i dtaobh na gcomhthairbhí a fhéadfaidh an dá fhochlár a thabhairt do ghníomhú ar son na haeráide agus don bhithéagsúlacht, agus d'fhonn faisnéis a sholáthar ar an leibhéal caiteachais, ba cheart rianú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht san fhaireachán ar Chlár LIFE, mar a shainítear in "Buiséad don Eoraip 2020". Ba cheart go mbeadh rianú den sórt sin bunaithe ar mhodheolaíocht shimplí tríd an gcaiteachas a chur i gceann de thrí chatagóir: caiteachas a bhaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht amháin (le bheith ríofa mar 100 %), caiteachas a bhaineann go suntasach leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 40 %), agus caiteachas nach mbaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 0 %). Níor cheart úsáid mhodheolaíochtaí níos beaichte a eisiamh as an modheolaíocht sin, i gcás inarb iomchuí.

(41)

Ó rud é go bhfuil taithí le fada an lá ag an gCoimisiún ar bhainistiú Chlár LIFE agus thionscadail LIFE, agus go bhfuil taithí dhearfach ag tairbhithe LIFE le Foirne Faireacháin seachtracha, ba cheart bainistiú Chlár LIFE fanacht laistigh den Choimisiún. Ba cheart aon athrú ar struchtúr bainistithe Chlár LIFE agus ar na tionscadail a bheith faoi réir anailíse costais/sochair ex-ante agus aird ar leith a thabhairt ar shaineolas leordhóthanach agus cuimsitheach a áirithiú, go háirithe i réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta.

(42)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus imscrúdú a dhéanamh orthu, cistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis.

(43)

Chun an mheastóireacht is fearr is féidir ar úsáid cistí de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí feidhmíochta is infheidhme maidir le tosaíochtaí téamacha don fhochlár don Comhshaol agus na réimsí tosaíochta don fhochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide, i dtaca le modhnú ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus i dtaca le céatadán an bhuiséid a leithdháiltear ar dheontais do thionscadail a thacaíonn le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta a mhéadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(44)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(45)

I gcás nach dtugann Coiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus le Gníomhú ar son na hAeráide aon tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme, níor cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Ba cheart dul i muinín an nós imeachta seo a dhlisteanú, inter alia, leis an ngá le measúnú a dhéanamh ar dháileadh comhréireach na gcistí idir tionscadail chomhtháite, go háirithe an t-uasmhéid a fhéadfaidh tionscadail chomhtháite aonair a fháil.

(46)

Chun trasdul éifeachtúil idir na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus faoi Chlár LIFE a áirithiú, is gá leanúint d'fhaireachán, d'iniúchóireacht agus de mheasúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán sin tar éis dó dul in éag.

(47)

Is ó shainiúlacht a chur chuige agus a fhócais a thagann breisluach Chlár LIFE, rud a chuireann a chuid idirghabhálacha in oiriúint go sonrach do riachtanais chomhshaoil agus aeráide. Féadfaidh Clár LIFE rannchuidiú le cur chun feidhme níos éifeachtaí beartas comhshaoil ná Ballstáit ag gníomhú dóibh féin mar gheall ar chomhthiomsú méadaithe acmhainní agus saineolais. Ina theannta sin, soláthraítear leis an gclár an t-ardán chun na cleachtais is fearr agus eolas a fhorbairt agus a mhalartú, athruithe a fheabhsú, a chatalú agus a luathú i gcur chun feidhme an acquis, agus chun acmhainneacht a fhorbairt, chun tacú le gníomhaithe príobháideacha, go háirithe ag FBManna, i dtástáil réiteach agus teicneolaíochtaí ar mhionscála agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí foghlaim óna chéile. Ina theannta sin, cruthaítear sineirgí thar chistí de chuid an Aontais agus thar chistí náisiúnta trí Chlár LIFE, fad is a dhéantar giaráil ar chistí breise na hearnála príobháidí, agus mar sin méadaítear comhleanúnachas idirghabháil an Aontais agus cuirtear cur chun feidhme níos aonchineálaí an acquis chun cinn.

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le cur chun feidhme agus forbairt bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear comhtháthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide isteach i mbeartais eile, agus rialachas níos fearr a chothú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(49)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

AN CLÁR DON CHOMHSHAOL AGUS DO GHNÍOMHÚ AR SON NA hAERÁIDE (LIFE)

Airteagal 1

Bunú

Bunaítear leis seo Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 ("Clár LIFE").

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "treoirthionscadail" tionscadail lena gcuirtear i bhfeidhm teicníocht nó modh nár cuireadh i bhfeidhm nó nár tástáladh roimhe seo, nó in aon áit eile, lena gcuirtear buntáistí comhshaoil nó aeráide féideartha ar fáil i gcomparáid leis an gcleachtas is fearr reatha agus is féidir a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar scála níos mó maidir le cásanna comhchosúla;

(b)

ciallaíonn "tionscadail taispeántais" tionscadail lena ndéantar gníomhaíochtaí, modheolaíochtaí nó cineálacha cur chuige éagsúla, atá úrnua nó anaithnid i gcomhthéacs sainiúil an tionscadail amhail comhthéacs geografach, éiceolaíoch nó socheacnamaíoch, a chur i gcleachtas, a thástáil, a scaipeadh, agus lena ndéantar meastóireacht orthu, ar féidir iad a chur i bhfeidhm in áiteanna eile in imthosca comhchosúla;

(c)

ciallaíonn "tionscadail na gcleachtas is fearr" tionscadail lena gcuirtear teicnící, modhanna agus cineálacha cur chuige iomchuí, costéifeachtúla agus úrscothacha i bhfeidhm agus comhthéacs sonrach an tionscadail á chur san áireamh;

(d)

ciallaíonn "tionscadail chomhtháite" tionscadail lena ndéantar pleananna nó straitéisí maidir leis an gcomhshaol nó leis an aeráid a cheanglaítear le reachtaíocht shonrach chomhshaoil nó aeráide an Aontais, arna bhforbairt de bhun ghníomhartha eile an Aontais nó arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát a chur chun feidhme, ar mhórscála críochach, go háirithe ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta, go príomha i réimsí an dúlra, lena n-áirítear, inter alia, bainistíocht líonra Natura 2000, uisce, dramhaíl, aer agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, fad a áirithítear rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus fad a chuirtear chun cinn comhordú le foinse ábhartha Aontais, náisiúnta nó phríobháideach amháin ar a laghad eile de chistiúchán, agus í a shlógadh;

(e)

ciallaíonn "tionscadail cúnaimh theicniúil" tionscadail lena soláthraítear, ar mhodh deontas gníomhaíochta, tacaíocht airgeadais chun cabhrú le hiarratasóirí tionscadail chomhtháite a ullmhú, agus go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonann na tionscadail sin ceanglais tráthúlachta, theicniúla agus airgeadais Chlár LIFE i gcomhordú le cistí dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

ciallaíonn "tionscadail forbartha acmhainní" tionscadail lena soláthraítear, ar mhodh deontas gníomhaíochta, tacaíocht airgeadais leis na gníomhaíochtaí is gá chun acmhainn na mBallstát a fhorbairt, lena n-áirítear pointí teagmhála náisiúnta nó réigiúnacha de chuid LIFE, d'fhonn na Ballstáit a chumasú chun a bheith rannpháirteach níos éifeachtaí in Clár LIFE;

(g)

ciallaíonn "tionscadail ullmhúcháin" tionscadail arna sainaithint go príomha ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun tacú le riachtanais shonracha maidir le beartas comhshaoil nó aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil nó aeráide an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(h)

ciallaíonn "tionscadail faisnéise, feasachta agus scaipthe" tionscadail atá dírithe ar thacú le cumarsáid, le scaipeadh faisnéise agus le múscailt feasachta i réimsí na bhfochlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta agus táscairí feidhmíochta

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas go háirithe ag Clár LIFE:

(a)

rannchuidiú leis an athrú i dtreo geilleagair ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní agus athléimneach ó thaobh na haeráide de, le cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú agus le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú, lena n-áirítear tacú le líonra Natura 2000 agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras;

(b)

feabhas a chur ar fhorbairt, ar chur chun feidhme agus ar fhorghníomhú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus gníomhú mar chatalaíoch chun cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chomhtháthú agus a phríomhshruthú isteach i mbeartais eile de chuid an Aontais agus isteach i gcleachtas na hearnála poiblí agus príobháidí, agus chun an méid sin a chur chun cinn freisin, lena n-áirítear trí acmhainn na hearnála poiblí agus príobháidí a mhéadú;

(c)

tacú le rialachas comhshaoil agus aeráide níos fearr ar gach leibhéal, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos fearr na sochaí sibhialta, ENRanna agus gníomhaithe áitiúla;

(d)

tacú le cur chun feidhme an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil.

Agus na cuspóirí sin á saothrú, rannchuideoidh Clár LIFE le forbairt inbhuanaithe agus le baint amach chuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 agus straitéisí agus phleananna comhshaoil agus aeráide ábhartha an Aontais.

2.   Déanfar na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1 a shaothrú trí bhíthin na bhfochlár seo a leanas:

(a)

an fochlár don Chomhshaol;

(b)

an fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

3.   Déanfar measúnú ar fheidhmíocht Chlár LIFE de réir na dtáscairí seo a leanas go háirithe:

(a)

maidir leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, feabhsuithe comhshaoil agus aeráide atá inchurtha. I ndáil leis an gcuspóir chun rannchuidiú le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú, déanfar na feabhsuithe comhshaoil atá inchurtha a thomhas trí bhíthin an chéatadáin de líonra Natura 2000 atá athchóirithe nó curtha faoi réir ag bainistíocht imleor, dromchla agus cineál na n-éiceachóras arna n-athchóiriú; agus líon agus cineál na ngnáthóg agus na speiceas a ndírítear orthu chun a stádas caomhnaithe a fheabhsú;

(b)

maidir leis na cuspóirí ginearálta atá nasctha leis an bhforbairt agus leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha arna bhforbairt nó arna ndéanamh lena ndéantar pleananna, cláir nó straitéisí a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus líon na n-idirghabhálacha atá oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe nó a n-aistrithe;

(c)

maidir leis na cuspóirí ginearálta atá nasctha leis an gcomhtháthú agus leis an bpríomhshruthú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha lena mbaintear sineirgí amach le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, nó a ndéantar iad a phríomhshruthú iontu, nó a chomhtháthú isteach i gcleachtas na hearnála poiblí nó príobháidí;

(d)

maidir leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha chun rialachas, scaipeadh faisnéise agus feasacht ar ghnéithe comhshaoil agus aeráide níos fearr a áirithiú.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun na táscairí feidhmíochta a shainiú tuilleadh i bhfianaise a gcur i bhfeidhm maidir le réimsí tosaíochta agus le tosaíochtaí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Iarscríbhinn III faoi seach i dtaca leis an bhfochlár don Chomhshaol, agus in Airteagal 13 maidir leis an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 4

An Buiséad

1.   Déantar leis seo an t-imchlúdach airgeadais chun Clár LIFE a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go dtí 2020 a shocrú mar EUR 3 456 655 000 i bpraghsanna reatha, arb ionann é agus 0,318 % de mhéid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Is mar seo a leanas a bheidh an miondealú buiséadach le haghaidh na bhfochlár:

(a)

leithdháilfear EUR 2 592 491 250 den imchlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfochlár don Chomhshaol;

(b)

leithdháilfear EUR 864 163 750 den imchlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht tríú tíortha in Clár LIFE

Féadfaidh na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh in Clár LIFE:

(a)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE);

(b)

tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí ionchasacha agus tíortha aontacha leis an Aontas;

(c)

tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa;

(d)

tíortha ar comhaltaí iad den Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle (24).

Saothrófar rannpháirtíocht den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha faoi seach lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta maidir le rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin i gcláir an Aontais.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas nó i dtíortha agus i gcríocha thar lear

1.   Gan dochar d'Airteagal 5, féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas agus i dtíortha agus i gcríocha thar lear (TCTLanna) i gcomhréir le Cinneadh 2001/822/CE (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) a mhaoiniú trí Chlár LIFE, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo a áirithiú.

2.   Féadfaidh duine dlítheanach atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach sna tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18, ar choinníoll go bhfuil an tairbhí a chomhordaíonn an tionscadal bunaithe san Aontas agus go gcomhlíonann an ghníomhaíocht atá le tabhairt chun críche lasmuigh den Aontas na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Comhar idirnáisiúnta

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí, indéanta de réir mar is gá ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 8

Comhlántacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó Chlár LIFE comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais fad a áiritheoidh siad freisin go gcuirfear chun feidhme bearta simplithe.

2.   Comhlíonfaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE dlí an Aontais agus dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit cistiúchán faoi Chlár LIFE arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a chur in iúl don Choimisiún agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(1) agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 994/98.

3.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir Clár LIFE agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, d'fhonn sineirgí a chruthú, go háirithe i gcomhthéacs tionscadal comhtháite, agus chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige éagsúla arna bhforbairt mar chuid de Chlár LIFE. Déanfar an comhordú sin laistigh den chreat a bhunaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus tríd an gComhchreat Straitéiseach agus na sásraí a leagtar amach sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta mar a cheanglaítear leis an Rialachán sin.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus sineirgí freisin, agus seachnóidh sé forluí idir Clár LIFE agus beartais agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, go háirithe Fís 2020 agus na cinn sin atá faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

TEIDEAL II

NA FOCHLÁIR

CAIBIDIL 1

An fochlár don Chomhshaol

Airteagal 9

Réimsí tosaíochta den fhochlár don Chomhshaol

1.   Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol:

(a)

an Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní;

(b)

an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht:

(c)

Rialachas Comhshaoil agus Faisnéis Chomhshaoil.

2.   Cuimsíonn na réimsí tosaíochta dá dtagraítear i mír 1 na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 29 chun cur le tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, iad a scriosadh nó a leasú, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

na tosaíochtaí a leagtar amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil;

(b)

na cuspóirí sonracha a leagtar amach do gach réimse tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 11 agus in Airteagal 12;

(c)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an chláir oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 24;

(d)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme na dtionscadal comhtháite;

(e)

na tosaíochtaí a thagann ó reachtaíocht nua chomhshaoil an Aontais a ghlactar tar éis 23 Nollaig 2013; nó

(f)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil agus bheartas comhshaoil an Aontais atá ann cheana.

Déanfaidh an Coimisiún athmheas agus, más gá, athbhreithniú ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III tráth nach déanaí ná faoin meastóireacht mheántéarma ar Chlár LIFE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(2).

3.   Déanfar ar a laghad 55 % de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontas gníomhaíochta faoin bhfochlár don Chomhshaol a thiomnú do thionscadail a thacaíonn le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 d'fhonn cur leis an gcéatadán dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo d'uasmhéid 10 %, ar choinníoll go bhfuil na cistí iomlána a iarrtar thar dhá bhliain i ndiaidh a chéile trí thograí a thagann faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta agus a chomhlíonann íoscheanglais cháilíochta níos mó ná 20 % den mhéid comhfhreagrach arna ríomh don dá bhliain roimh na blianta sin.

Airteagal 10

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní

Is iad seo a leanas, go háirithe, cuspóirí sonracha an fhochláir don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní:

(a)

cineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh, lena n-áirítear forbairt agus léiriú teicneolaíochtaí nuálacha, ar dhúshláin chomhshaoil a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint, a bheidh oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe, lena n-áirítear maidir leis an nasc idir an comhshaol agus sláinte, agus mar thaca le beartas agus le reachtaíocht a bhaineann le bheith tíosach ar acmhainní, lena n-áirítear an Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní;

(b)

tacú le feidhmiú, le forbairt, le tástáil agus le taispeáint cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh pleananna agus clár a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go príomha i réimsí an uisce, na dramhaíola agus an aeir;

(c)

feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a mheasúnú agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na tosca, na brúnna agus na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 11

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an bhfochlár don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta:

(a)

rannchuidiú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, agus Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, go háirithe trí chineálacha cur chuige, na cleachtais is fearr agus réitigh a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(b)

tacú le forbairt bhreise agus le cur chun feidhme líonra Natura 2000 arna chur ar bun faoi Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, agus tacú le bainistiú a dhéanamh air, go háirithe cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh chur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(c)

feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus maidir leis an mbithéagsúlacht a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na tosca, na brúnna agus na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 12

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an bhfochlár don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil:

(a)

múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear tacaíocht ón bpobal agus tacaíocht gheallsealbhóra a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil, agus eolas maidir le forbairt inbhuanaithe agus patrúin nua maidir le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú le cumarsáid, le bainistiú, agus le scaipeadh faisnéise i réimse an chomhshaoil, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh rathúla chomhshaoil agus cleachtas rathúil comhshaoil a éascú, lena n-áirítear trí ardáin chomhair i measc geallsealbhóirí a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

(c)

comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, mar aon le cur chun feidhme na reachtaíochta sin, a chur chun cinn agus rannchuidiú leis, go háirithe trí bhíthin forbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus na gcineálacha cur chuige maidir le beartas a chur chun cinn;

(d)

rialachas comhshaoil níos fearr a chur chun cinn trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, a leathnú sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

CAIBIDIL 2

An fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide

Airteagal 13

Réimsí tosaíochta den fhochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide

Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide:

(a)

Maolú ar an Athrú Aeráide;

(b)

Oiriúnú don Athrú Aeráide;

(c)

Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide.

Airteagal 14

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide

D'fhonn rannchuidiú le laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa, is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide:

(a)

rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí chineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh maidir le maolú ar an athrú aeráide a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(b)

feabhas a chur ar an mbonn eolais i ndáil le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha maidir le maolú ar an athrú aeráide a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus feabhas a chur ar an acmhainn an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

(d)

rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le maolú ar an athrú aeráide atá nuálaíoch agus oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide

D'fhonn rannchuidiú le tacú le hiarrachtaí as a leanfaidh athléimneacht mhéadaithe in aghaidh an athraithe aeráide, is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide:

(a)

rannchuidiú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí chineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige bunaithe ar an éiceachóras;

(b)

feabhas a chur ar an mbonn eolais i ndáil le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus tosaíocht á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, dóibh siúd a bhfuil cur chuige bunaithe ar an éiceachóras á chur i bhfeidhm acu, agus feabhas a chur ar an acmhainn an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus tosaíocht á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, do chineálacha cur chuige bunaithe ar an éiceachóras;

(d)

rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide atá nuálaíoch agus atá oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

Airteagal 16

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide:

(a)

múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí aeráide, lena n-áirítear tacaíocht ón bpobal agus tacaíocht gheallsealbhóra a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse na haeráide, agus eolas maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú le cumarsáid, le bainistiú, agus le scaipeadh faisnéise i réimse na haeráide, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh aeráide rathúla agus cleachtas aeráide rathúil a éascú, lena n-áirítear trí bhíthin ardáin chomhair i measc geallsealbhóirí a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

(c)

comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht aeráide an Aontais, mar aon le cur chun feidhme na reachtaíochta sin, a chur chun cinn agus rannchuidiú leis, go háirithe trí bhíthin fhorbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus na gcineálacha cur chuige maidir le beartas;

(d)

rialachas aeráide níos fearr a chur chun cinn trí chur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

TEIDEAL III

FORÁLACHA COITEANNA CUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

Cistiúchán

Airteagal 17

Cineálacha cistiúcháin

1.   Féadfaidh cistiúchán an Aontais a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais i gcomhréir leis na forálacha maidir le hionstraimí airgeadais faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe Airteagal 139 agus Airteagal 140 de, agus le ceanglais oibríochtúla a leagtar amach i ngníomhartha sonracha an Aontais;

(d)

idirghabháil ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Déanfar cistiúchán faoin Rialachán seo arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a chur chun feidhme ar dhóigh is comhchuí le rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

4.   Déanfar 81 % ar a laghad de na hacmhainní buiséadacha do Chlár LIFE a leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontas gníomhaíochta nó, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin ionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir meastóireachta ex-ante mar a thagraítear di i bpointe (f) d'Airteagal 140(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, na hionstraimí airgeadais sin a áireamh mar chuid den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 24.

5.   Féadfar uasmhéid 30 % de na hacmhainní buiséadacha, a leithdháiltear ar na deontais ghníomhaíochta i gcomhréir le mír 4 a leithdháileadh ar thionscadail chomhtháite. Déanfar an t-uaschéatadán a athmheas faoi chuimsiú na meastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(2) agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis.

Airteagal 18

Tionscadail

Féadfar na tionscadail seo a leanas a mhaoiniú le deontais ghníomhaíochta:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

tionscadail taispeántais;

(c)

tionscadail na gcleachtas is fearr;

(d)

tionscadail chomhtháite;

(e)

tionscadail cúnaimh theicniúil;

(f)

tionscadail forbartha acmhainní

(g)

tionscadail ullmhúcháin;

(h)

tionscadail faisnéise, feasachta agus scaipthe;

(i)

tionscadail ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 19

Critéir incháilitheachta agus dámhachtana agus roghnú tionscadal

1.   Comhlíonfaidh tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18 na critéir incháilitheachta bunaithe ar na sainmhínithe a leatar amach in Airteagal 2 agus na critéir dámhachtana seo a leanas:

(a)

is ar leas an Aontais a bheidh siad trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun ceann amháin de chuspóirí ginearálta Chlár LIFE a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, chomh maith leis na cuspóirí sonracha do na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 9, na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, nó do na cuspóirí sonracha le haghaidh na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 13;

(b)

áiritheofar leo cur chuige costéifeachtach agus beidh siad comhtháite ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de; agus

(c)

beidh siad fónta maidir leis an gcur chun feidhme arna bheartú.

2.   Beidh dámhachtain na dtionscadal faoi réir íoscheanglas cáilíochta a bheith á gcomhlíonadh ag na tionscadail i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Seachnófar leis na tionscadail a bheidh á maoiniú le Clár LIFE faoi réimse tosaíochta amháin an bonn a bhaint de chuspóirí comhshaoil nó aeráide i réimse tosaíochta eile agus, i gcásanna inar féidir, cuirfear sineirgí chun cinn leo idir na cuspóirí éagsúla chomh maith le húsáid an tsoláthair phoiblí ghlais.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún cothromaíocht gheografach do thionscadail chomhtháite trí thrí thionscadal comhtháite ar a laghad a leithdháileadh go táscach ar gach Ballstát, lena n-áiritheofar tionscadal comhtháite amháin ar a laghad faoin bhfochlár don Chomhshaol agus tionscadal comhtháite amháin ar a laghad faoin bhfochlár do Ghníomhaíocht Aeráide le linn chlárthréimhse LIFE dá dtagraítear in Airteagal 1.

Déanfar tionscadail chomhtháite a dháileadh d'fhonn na spriocanna a shocraítear i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 24(2) a chomhlíonadh do gach réimse dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2.

Chun a mheas an bhfuil soláthar shlógadh cistí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2 á chomhlíonadh, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le tograí le haghaidh tionscadal comhtháite:

(a)

ag an gcéad chéim den phróiseas iarratais: plean airgeadais; agus

(b)

ag an dara céim den phróiseas iarratais: litir intinne amháin ar a laghad, ar litir í lena léireofar a mhéid a shlógfar foinsí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha ábhartha eile de chistiúchán, agus lena sonrófar foinsí cistiúcháin den sórt sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil, cothromaíocht gheografach a áirithiú do thionscadail eile seachas tionscadail chomhtháite a chuirtear isteach faoin bhfochlár don Chomhshaol, trí chistí a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát go léir de réir leithdháiltí náisiúnta táscacha arna mbunú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Sa chás nach bhfuil leithdháiltí náisiúnta táscacha infheidhme, is ar bhonn tuillteanais go heisiach a roghnófar tionscadail.

6.   Maidir leis an tsuim chómhaoinithe is gá chun tionscadail, seachas tionscadail chomhtháite, arna gcur isteach ag Ballstát a chistiú, agus gur tionscadail iad atá ar an liosta a bheidh tiomsaithe ag an gCoimisiún ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin, más lú í ná an leithdháileadh táscach don Bhallstát sin, úsáidfidh an Coimisiún, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a bheith á gcomhlíonadh, iarmhéid an leithdháilte náisiúnta tháscaigh sin chun na tionscadail sin arna gcur isteach ag Ballstáit eile, seachas tionscadail in TCTLanna, is mó a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a chómhaoiniú.

Le linn dó an liosta tionscadal a bheidh le cómhaoiniú a thíolacadh, tuairisceoidh an Coimisiún do Choiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus le Gníomhú ar son na hAeráide i ndáil leis an gcaoi ar chuir sé na critéir leithdháiliúcháin a bunaíodh i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 san áireamh.

7.   Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar thionscadail thrasnáisiúnta nuair a bhíonn comhar trasnáisiúnta fíor-riachtanach le cosaint an chomhshaoil agus cuspóirí aeráide a ráthú, agus déanfaidh sé a dhícheall lena áirithiú go leithdháilfear 15 %, ar a laghad, de na hacmhainní buiséadacha atá tiomnaithe do thionscadail ar thionscadail thrasnáisiúnta. Breithneoidh an Coimisiún an ndéanfar cistiúchán a dhámhachtain do thionscadail thrasnáisiúnta fiú amháin i gcásanna inar sáraíodh iarmhéid leithdháilte náisiúnta tháscaigh Ballstáit amháin nó níos mó atá rannpháirteach sna tionscadail thrasnáisiúnta sin.

8.   Le linn an chéad chláir oibre ilbhliantúil, beidh Ballstát incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadal amháin forbartha acmhainní suas go dtí méid EUR 1 000 000, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit don bhliain 2010, don bhliain 2011 agus don bhliain 2012 dá leithdháileadh náisiúnta táscach, arna bhunú faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, faoi bhun 70 %;

(b)

go raibh OTI per capita an Bhallstáit in 2012 faoi bhun 90 % de mheán an Aontais; nó

(c)

gur aontaigh an Ballstát don Aontas i ndiaidh an 1 Eanáir 2013.

Le linn an dara clár oibre ilbhliantúil, beidh Ballstát incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadal amháin forbartha acmhainní suas go dtí méid EUR 750 000, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit dá leithdháileadh náisiúnta táscach don bhliain 2014, don bhliain 2015 agus don bhliain 2016, dá dtagraítear i mír 5, faoi bhun 70 %; agus

(b)

go mbeidh meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit dá leithdháileadh náisiúnta táscach don bhliain 2014, don bhliain 2015 agus don bhliain 2016 méadaithe i gcomparáid leis an meánleibhéal ionsúcháin don bhliain 2010, don bhliain 2011 agus don bhliain 2012.

Chun bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadail forbartha acmhainní, geallfaidh an Ballstát acmhainní atá tiomnaithe do Chlár Life, lena n-áirítear inter alia leibhéil foirne, a choinneáil ar leibhéil nach bhfuil níos lú ná na leibhéil a bhí i bhfeidhm in 2012, ar feadh ré an chláir oibre ilbhliantúil. Beidh an gealltanas sin leagtha amach sa phlean forbartha acmhainní dá dtagraítear i mír 9.

D'eisceacht ar fhorálacha incháilitheachta na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus ar feadh ré iomlán Chlár LIFE, beidh Ballstát neamh-incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadail forbartha acmhainní má bhí OTI per capita in 2012 os cionn 105 % de mheán an Aontais. Déanfar cistiúchán do thionscadail forbartha acmhainní a theorannú do thionscadal amháin an Ballstát in aghaidh an chláir oibre ilbhliantúil.

9.   Bunóidh an Coimisiún nós imeachta dámhachtana mear do na tionscadail forbartha acmhainní go léir. Féadfar iarratais le haghaidh tionscadal forbartha acmhainní den sórt sin a chur isteach amhail ón 23 Nollaig 2013. Beidh iarratais bunaithe ar phlean forbartha acmhainní a bheidh le comhaontú idir an Ballstát agus an Coimisiún ina dtabharfar cuntas ar na hidirghabhálacha a bheidh le cistiú ag Clár LIFE chun go bhforbrófar acmhainn an Bhallstáit iarratais rathúla ar chistiúchán do thionscadail faoi na fochláir don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide a chur isteach. Féadfar na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna hidirghabhálacha sin, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

pearsanra nua a earcú agus oiliúint do phointí teagmhála náisiúnta nó réigiúnacha de chuid LIFE;

(b)

malartuithe taithí agus na gcleachtas is fearr a éascú agus scaipeadh agus úsáid torthaí tionscadal faoi Chlár LIFE a chur chun cinn;

(c)

cineálacha cur chuige i leith 'oiliúint don oiliúnóir';

(d)

cláir mhalartaithe agus iasachta idir na húdaráis phoiblí sna Ballstáit, go háirithe gníomhaíochtaí malartaithe maidir leis 'na daoine is fearr sa rang'.

Maidir leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear leis an bplean forbartha acmhainní, féadfaidh a bheith ar áireamh iontu saineolaithe a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí ad hoc san inniúlacht theicniúil agus próisis, ach ní fhéadfar a áireamh iontu saineolaithe a sholáthar, arb é a bpríomhfheidhm tograí a dhréachtadh lena gcur isteach faoi na glaonna bliantúla le haghaidh tograí.

Tabharfar cuntas freisin sa phlean forbartha acmhainní ar mheastacháin do chostais na n-idirghabhálacha sin.

Airteagal 20

Rátaí cómhaoinithe agus incháilitheacht costas le haghaidh tionscadal

1.   Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)

ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil, suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do na tionscadail go léir, seachas na tionscadail a shonraítear i bpointe (c), arna gcistiú faoin bhfochlár don Chomhshaol agus faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide araon;

(b)

ar feadh ré an dara clár oibre ilbhliantúil, suas go dtí 55 % de na costais incháilithe do na tionscadail go léir, seachas na tionscadail a shonraítear i bpointe (c), arna gcistiú faoin bhfochlár don Chomhshaol agus faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide araon;

(c)

ar feadh ré iomlán Chlár LIFE:

(i)

suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (g) d'Airteagal 18;

(ii)

faoi réir phointe (iii), suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do thionscadail arna gcistiú faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta san fhochlár don Chomhshaol;

(iii)

suas go dtí 75 % de na costais incháilithe do thionscadail arna gcistiú faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta san fhochlár don Chomhshaol a bhaineann le gnáthóga tosaíochta nó speicis thosaíochta le haghaidh chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE nó leis na speicis éan, a measann an Coiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Teicniúil agus Eolaíoch a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE tosaíocht i dtaca le cistiúchán a bheith ag baint leo, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhnaithe a bhaint amach;

(iv)

suas go dtí 100 % de na costais incháilithe do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 18.

2.   Leagtar síos na coinníollacha maidir le hincháilitheacht costas in Airteagal 126 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áireofar CBL agus costais foirne le costais den sórt sin.

Sna meastóireachtaí meántéarma agus ex-post ar Chlár LIFE, soláthróidh an Coimisiún forléargas ar aisíocaíochtaí CBL in aghaidh an Bhallstáit a bheidh iarrtha ag tairbhithe tionscadal faoi Chlár LIFE ag an gcéim dheireanach íocaíochta.

3.   Measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe do mhaoiniú ón Aontas le haghaidh tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18 ar choinníoll:

(a)

go rannchuideoidh an ceannachán le feabhsú, le cothabháil agus le hathchóiriú shláine líonra Natura 2000 atá curtha ar bun faoi Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena n-áirítear trí nascthacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú.

(b)

gurb é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is costéifeachtaí chun an toradh is inmhianaithe i dtaobh caomhnú de a ghnóthú;

(c)

go gcuirfear an talamh arna ceannach in áirithe go fadtéarmach d'úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11, in Airteagal 14 nó in Airteagal 15; agus

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 21

Deontais oibriúcháin

1.   Beidh deontais oibriúcháin ina dtacaíocht do chostais oibríochtúla agus riaracháin áirithe d'eintitis neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, atá gníomhach den chuid is mó i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide agus atá bainteach le beartas agus reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

2.   70 % de na costais incháilithe a bheidh in uasráta cómhaoinithe an Aontais le haghaidh deontas oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 22

Cineálacha eile gníomhaíochtaí

Féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú trí Chlár LIFE chun tacú le tionscnamh, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le gníomhaíochtaí den sórt sin:

(a)

faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais mhúscailte feasachta. Cuimseofar freisin sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide de bhun an Rialacháin seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus freisin maidir le stádas chur chun feidhme agus trasuíomh mhór-reachtaíocht uile chomhshaoil agus aeráide an Aontais;

(b)

staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)

ullmhú, cur chun feidhme, faireachán, seiceáil agus meastóireacht ar thionscadail, ar bheartais, ar chláir agus ar reachtaíocht;

(d)

ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)

líonrú agus ardáin na gcleachtas is fearr;

(f)

gníomhaíocht ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 23

Tairbhithe

Féadfar comhlachtaí poiblí agus príobháideacha a chistiú le Clár LIFE.

D'fhonn feiceálacht Chlár LIFE a áirithiú, foilseoidh na tairbhithe Clár LIFE agus torthaí a dtionscadal, agus tacaíocht an Aontais a fhaightear i gcónaí á lua. Maidir le lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn II, úsáidfear é do na gníomhaíochtaí cumarsáide go léir agus beidh sé ar chláir fógraí agus in áiteanna straitéiseacha inar féidir leis an bpobal é a fheiceáil. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár Life, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL 2

Bearta cur chun feidhme

Airteagal 24

Cláir oibre ilbhliantúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh do Chlár LIFE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Ceithre bliana a bheidh i ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil agus trí bliana a bheidh i ré an dara clár oibre ilbhliantúil.

2.   Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

leithdháileadh cistí idir na réimsí tosaíochta agus idir na cineálacha éagsúla cistiúcháin faoi chuimsiú gach fochláir i gcomhréir le hAirteagal 9(3), le hAirteagal 17(4) agus le hAirteagal 17(5). Ní dhéanfar aon réamh-leithdháileadh breise maidir le deontais ghníomhaíochta tionscadail idir gach réimse tosaíochta nó lasmuigh díobh, cé is moite de thionscadail cúnaimh theicniúil agus de thionscadail forbartha acmhainní;

(b)

na topaicí tionscadail lena gcuirfear chun feidhme na tosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le tionscadail a mhaoineofar le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(c)

torthaí, táscairí agus spriocanna atá cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh gach réimse tosaíochta agus cineáil tionscadal le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil i gcomhréir leis na táscairí feidhmíochta de bhun Airteagal 3(3) agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach le haghaidh gach réimse tacaíochta in Airteagail 10, 11, 12, 14, 15 agus 16;

(d)

an mhodheolaíocht theicniúil don nós imeachta roghnúcháin agus critéir roghnúcháin agus dámhachtana maidir le deontais i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(e)

tráthchláir tháscacha le haghaidh na nglaonna ar thograí le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimse na gclár oibre ilbhliantúil, glaonna bliantúla le haghaidh tograí a fhoilsiú do na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 13. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na cistí nár úsáideadh i nglao ar thograí ar leith a leithdháileadh idir na cineálacha éagsúla tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, an clár oibre ilbhliantúil a athbhreithniú faoi thráth na meastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE ar a dhéanaí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 25

Modhanna cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo á saothrú aige de réir mhodhanna chur chun feidhme an bhuiséid a leagtar amach in Airteagal 58 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe bainistiú díreach nó indíreach ag an gCoimisiún ar bhonn láraithe, nó comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 26

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

D'fhéadfadh sé go gcumhdódh leithdháileadh airgeadais Chlár LIFE caiteachas riachtanach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar Chlár LIFE agus chun a chuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn rialta agus i gcomhar leis na pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoi Chlár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile chun malartuithe taithí, eolais agus na gcleachtas is fearr maidir leis na tionscadail go léir agus macasamhlú agus aistriú torthaí ar fud an Aontais a éascú. Chun na críche sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi ghníomhaíochtaí a spriocdhíreoidh ar scaipeadh torthaí tionscadail i measc thairbhithe LIFE agus daoine eile, a dhíríonn go sonrach, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal de chistí LIFE agus déanfaidh sé an chumarsáid agus an comhar idir tionscadail chríochnaithe nó tionscadail atá ar siúl fós a éascú le tairbhithe tionscadail nua, le hiarratasóirí nó le geallsealbhóirí sa réimse céanna.

Déanfaidh an Coimisiún seimineáir, ceardlanna ar leith nó, i gcás inarb iomchuí, cineálacha eile gníomhaíochtaí a eagrú gach dhá bhliain ar a laghad chun malartuithe taithí, eolais agus na gcleachtas is fearr a éascú maidir le dearadh, ullmhú agus cur chun feidhme tionscadal comhtháite chomh maith le héifeachtacht an chúnaimh a sholáthraítear trí thionscadail cúnaimh theicniúil. Is é a bheidh i gceist leis na gníomhaíochtaí sin cistí eile de chuid an Aontais agus geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith á mbainistiú ag riaracháin náisiúnta nó réigiúnacha.

Airteagal 27

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme Chlár LIFE (agus a fhochlár), lena n-áirítear méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Déanfaidh sé measúnú freisin ar shineirgí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus go háirithe idir a fhochláir. Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí náisiúnta táscacha a ríomh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar feadh ré an dara clár oibre ilbhliantúil go heisiach ar mhaithe le tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

(a)

tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí na mbeart, tuarascáil sheachtrach neamhspleách mheastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE (agus a fhochláir), lena n-áirítear gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla dá chur chun feidhme, méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a mhéid a baineadh amach na sineirgí idir na cuspóirí, agus a chomhlántacht le cláir ábhartha eile an Aontais, baint amach chuspóirí na mbeart uile (ar leibhéal na dtorthaí agus na dtionchar, nuair is féidir), éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach Aontais an Chláir. Áireofar freisin sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma sin anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil maidir le rannchuidiú Chlár LIFE le stádas caomhnúcháin na speiceas agus na ngnáthóg a liostaítear faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE. Sa bhreis air sin díreoidh an mheastóireacht ar dheiseanna simpliúcháin, comhleanúnachas inmheánach agus sheachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta faoi Chlár LIFE le cuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 agus le forbairt inbhuanaithe. Cuirfear torthaí na meastóireachta maidir le hiarmhairt fhadtéarmach LIFE+ san áireamh ann. Beidh ráitis ón gCoimisiún in éineacht leis an tuarascáil mheastóireachta meántéarma lena n-áirítear an bealach ina gcuirfear torthaí na meastóireachta meántéarma ar áireamh agus Clár LIFE á chur chun feidhme, agus, go háirithe, a mhéid is gá na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a mhodhnú.

Beidh measúnú críochnúil sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma maidir le méid agus cáilíocht an éilimh ar thionscadail chomhtháite, agus maidir le pleanáil agus chur chun feidhme na dtionscadal sin, nó beidh an measúnú sin ag gabháil leis an tuarascáil. Díreofar go sonrach ar an rath a fíoraíodh maidir le tionscadail chomhtháite, nó an rath a bhfuiltear ag súil leis ina dtaobh, i ngiaráil cistí eile de chuid an Aontais, ag cur san áireamh go háirithe tairbhí an chomhleanúnachais mhéadaithe le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, a mhéid a bhí na geallsealbhóirí rannpháirteach, nó a mhéid a clúdaíodh tionscadail faoi LIFE+ a bhí ann roimhe sin le tionscadail chomhtháite nó a bhfuiltear ag súil leis go gclúdófar leo iad.

(b)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, tuarascáil sheachtrach neamhspleách mheastóireachta ex-post ina gcumhdófar cur chun feidhme agus torthaí Chlár LIFE (agus a fhochlár), lena n-áirítear méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a mhéid atá Clár LIFE ina iomláine, agus gach ceann dá fhochlár, tar éis a chuspóirí a bhaint amach, a mhéid a fíoraíodh na sineirgí idir na cuspóirí éagsúla, agus rannchuidiú Chlár LIFE le cuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Scrúdófar freisin sa tuarascáil mheastóireachta ex-post a mhéid a baineadh amach comhtháthú chuspóirí an chomhshaoil agus na haeráide i mbeartais eile an Aontais agus, a mhéid is féidir, an tairbhe eacnamaíoch a baineadh amach trí Chlár LIFE chomh maith leis an tionchar agus leis an mbreisluach do na pobail atá rannpháirteach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo ar fáil go poiblí.

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleacha a ghearradh.

2.   Ar bhonn doiciméad agus ar bhonn seiceálacha ar an láthair, beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar gach tairbhí, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoi Chlár LIFE.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiúchán den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (25) d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiúchán an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, déanfaidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhacht shainráite a thabhairt don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

3.   Coimeádfaidh tairbhithe chistí an Aontais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas ar aon tionscadal, ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin, agus beidh siad ar fáil don Choimisiún.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar ann chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), in Airteagal 9(1a) agus in Airteagal 9(2a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 23 Nollaig 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), in Airteagal 9(1a) agus in Airteagal 9(2a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), Airteagal 9(1a) agus Airteagal 9(2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh Coiste Chlár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 32

Bearta idirthréimhseacha

1.   D'ainneoin na chéad mhíre d'Airteagal 31, i gcás beart a tosaíodh roimh an 31 Eanáir 2014 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, leanfaidh siad de bheith faoi rialú an Rialacháin sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus comhlíonfaidh siad na forálacha teicniúla arna sainiú ann. Glacfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Rialachán seo ionad an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 amhail ón 23 Nollaig 2013.

2.   D'fhéadfadh sé go gcumhdódh an leithdháileadh airgeadais do Chlár LIFE speansais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin freisin, lena n-áirítear aon fhaireachán, cumarsáid agus meastóireacht éigeantach is gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 i ndiaidh dó dul in éag, chun an trasdul idir na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus Clár LIFE a áirithiú.

3.   Na méideanna a theastóidh laistigh den imchlúdach airgeadais chun foráil a dhéanamh do bhearta faireacháin, cumarsáide agus iniúchóireachta sa tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020, ní mheasfar iad a bheith deimhnithe ach amháin má bhíonn siad ag luí leis an gcreat airgeadais a bheidh infheidhme ón 1 Eanáir 2021.

4.   Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, chun Clár LIFE a mhaoiniú.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh éifeacht aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 111.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 61.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).

(5)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal "Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid"

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú sa Chomhphobal Eorpach ("Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear") (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 (Féach leathanach 281 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (IO L 209, 11.8.2005, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(16)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(17)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(18)  Cinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Féach leathanach 924 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (IO L 142, 14.5.1998, lch. 1).

(21)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(22)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 lena leasaítear Rialachán (CCE) Uimh. 1210/90 maidir le bunú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus an líonra Eorpaigh um fhaisnéis agus breathnóireacht ar an gcomhshaol (IO L 117, 5.5.1999, lch. 1).

(25)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Critéir chun leithdháiltí náisiúnta táscacha a bhunú do thionscadail, seachas tionscadail chomhtháite, arna gcur isteach faoin bhfochlár don Chomhshaol.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, cistí a leithdháileadh i measc na mBallstát go léir don chlárthréimhse LIFE dá dtagraítear in Airteagal 1 do thionscadail seachas tionscadail chomhtháite, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

an Daonra

(i)

daonra iomlán gach Ballstáit (ualú 50 %); agus

(ii)

dlús daonra gach Ballstáit, suas go dtí teorainn dhá oiread mheándlús daonra an Aontais (ualú 5 %).

(b)

an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht

(i)

limistéar iomlán láithreáin Natura 2000 do gach Ballstát arna shloinneadh mar chion de limistéar iomlán Natura 2000 (ualú 25 %); agus

(ii)

cion de chríoch Ballstáit arna chumhdach ag láithreáin Natura 2000 (ualú 20 %).


ANNEXE II

Logo du programme LIFE

Image

IARSCRÍBHINN III

Tosaíochtaí téamacha don fhochlár don Chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 9(2)

A.

Réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní:

(a)

Tosaíochtaí téamacha don Uisce, lena n-áirítear an mhuirthimpeallacht: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don uisce a leagtar amach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite chun Treoir 2000/60/CE a chur chun feidhme;

(ii)

gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(iii)

gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme chlár bhearta Threoir 2008/56/CE d'fhonn dea-stádas comhshaoil d'uiscí muirí a bhaint amach;

(iv)

gníomhaíochtaí chun úsáid shábháilte agus éifeachtúil acmhainní uisce a áirithiú, feabhas a chur ar bhainistiú cainníochtúil uisce, ardleibhéal cáilíochta uisce a choinneáil agus mí-úsáid agus meath acmhainní uisce a sheachaint.

(b)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh Dramhaíola: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don dramhaíl a leagtar amach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh clár agus pleananna dramhaíola a chur chun feidhme;

(ii)

gníomhaíochtaí le haghaidh reachtaíocht dramhaíola an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt, agus béim ar leith ar chéad chéimeanna ord réitigh dramhaíola an Aontais (cosc, athúsáid agus athchúrsáil);

(iii)

gníomhaíochtaí le haghaidh éifeachtúlachta acmhainní agus thionchar shaolré na dtáirgí, patrún tomhaltais agus dhí-ábharú an gheilleagair.

(c)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh Éifeachtúlachta Acmhainní, lena n-áirítear an ithir agus foraoiseacha, agus an geilleagar glas agus ciorclach: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme an Treochláir maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus le haghaidh an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ar gníomhaíochtaí iad nach cumhdaítear le tosaíochtaí téamacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí le haghaidh siombóise tionsclaíche agus aistriú eolais, agus samhlacha nua a fhorbairt don aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh agus ghlais;

(ii)

gníomhaíochtaí don Straitéis Théamach Ithreach (Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2006 dar teideal "Straitéis Théamach do Chosaint Ithreach") le béim ar leith ar mhaolú agus ar chúiteamh séalú ithreach agus ar úsáid níos fearr talún;

(iii)

gníomhaíochtaí le haghaidh córas faireachán agus faisnéise maidir le foraoiseacha agus chun tinte foraoiseacha a chosc.

(d)

Tosaíochtaí téamacha don Chomhshaol agus don tSláinte, lena n-áirítear ceimiceáin agus torann: gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don chomhshaol agus don tsláinte a leagtar amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (REACH) agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha) chun úsáid níos sábháilte, níos inbhuanaithe nó níos tíosaí de cheimiceáin a áirithiú (lena n-áirítear nana-ábhair);

(ii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun cur chun feidhme Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (an Treoir maidir le Torann) a éascú chun leibhéil torann a shroicheadh nach n-eascraíonn tionchair dhiúltacha shuntasacha agus rioscaí do shláinte an duine acu;

(iii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun mórthionóiscí a sheachaint, go háirithe cur chun feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (Treoir Seveso III).

(e)

Tosaíochtaí téamacha do Cháilíocht agus Astaíochtaí Aeir, lena n-áirítear an timpeallacht uirbeach: gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don aer agus d'astaíochtaí sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta um Cháilíocht Aeir;

(ii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun comhlíonadh a éascú maidir le cáilíocht aeir agus astaíochtaí gaolmhara aeir, lena n-áirítear Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta);

(iii)

gníomhaíochtaí tacaíochta i ndáil le cur chun feidhme feabhsaithe Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha) agus béim speisialta ar fheabhas a chur ar an bpróiseas na teicnící is fearr atá ar fáil a shainiú agus a chur chun feidhme, rochtain phoiblí shaoráideach ar fhaisnéis a áirithiú agus rannchuidiú na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha leis an nuálaíocht a fheabhsú.

B.

Réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta:

(a)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh an Dúlra: gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheabhas a chur ar stádas caomhnaithe gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear gnáthóga agus speicis mhara, agus speicis éan, a bhaineann le leas an Aontais.

(ii)

gníomhaíochtaí a thacaíonn le seimineáir bhith-gheografacha líonra Natura 2000;

(iii)

cineálacha cur chuige comhtháite maidir le creataí gníomhaíochta tosaíochta a chur chun feidhme.

(b)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh na Bithéagsúlachta: gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar rannchuidiú le Sprioc 2 a chur i gcrích;

(ii)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar rannchuidiú le Sprioc 3, le Sprioc 4 agus le Sprioc 5 a chur i gcrích.

C.

Réimse Tosaíochta an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil

(a)

faisnéis, cumarsáid agus feachtais múscailte feasachta i gcomhréir le tosaíochtaí an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol;

(b)

gníomhaíochtaí a thacaíonn le próiseas rialaithe éifeachtach chomh maith le bearta chun comhlíonadh a chur chun cinn i ndáil le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, agus a thacaíonn le córais faisnéise agus uirlisí faisnéise maidir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme.


(1)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baoil tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 27).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(5)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22).

(7)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).


Ráitis ón gCoimisiún

An t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháil

Is ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.

Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear

Is ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.

Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.

Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.


Top