EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1337

Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 ón gComhairle agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 347, 30.12.2011, p. 7–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 03 Volume 037 P. 243 - 256

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm le 32018R1091

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1337/oj

30.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/7


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1337/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 ón gComhairle agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh roinnt uaireanta Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 ón gComhairle an 5 Feabhra 1979 maidir le suirbhéanna staidrimh ar limistéir faoi fhíniúnacha (2) agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú (3) a leasú roinnt uaireanta. Ós rud é gur gá anois simplithe agus leasuithe breise a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le soiléire agus i gcomhréir leis an gcur chuige nua atá ann maidir le reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus maidir le rialáil níos fearr, aon ghníomh amháin a chur in ionad na ngníomhartha sin.

(2)

D’fhonn an cúram a thugtar dó leis an gConradh ar Fheidhmiú na Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le reachtaíocht an Aontais lena rialaítear comheagrú na margaí talmhaíochta a dhéanamh, is gá an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de bharra buana san Aontas, agus is gá an t-eolas sin a bheith cruinn. D’fhonn a áirithiú go ndéantar an comhbheartas talmhaíochta a riar i gceart, ceanglaíonn an Coimisiún go soláthrófar sonraí maidir le barra buana gach cúig bliana.

(3)

Tá creat tagartha le haghaidh staidrimh Eorpaigh ar bharra buana le fáil i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (4). Ceanglaítear leis an Rialachán sin, go háirithe, go gcomhlíonfar na prionsabail maidir le neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

(4)

Tá gá leis an gcomhar a threisiú idir na húdaráis atá rannpháirteach i dtarraingt suas agus i bhfoilsiú staidrimh Eorpaigh.

(5)

Ba cheart moltaí idirnáisiúnta agus sár-chleachtais idirnáisiúnta a chur san áireamh agus staidreamh Eorpach á ullmhú agus á tharraingt suas.

(6)

Ba cheart go mbeadh staidreamh struchtúrach ar bharra buana ar fáil d’fhonn a áirithiú go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar an acmhainn táirgthe agus ar staid an mhargaidh. Mar aon leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhthéacs an Chomheagraithe Mhargaidh aonair, tá faisnéis maidir leis an miondealú réigiúnach staidrimh sár-riachtanach. Ba cheart, dá bhrí sin, ceangal a bheith ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú agus í a chur chuig an gCoimisiún ar dhátaí áirithe socraithe.

(7)

Tá staidreamh struchtúrach ar bharra buana sár-riachtanach i gcomhair bhainistiú margaí ar leibhéal an Aontais. Tá sé sár-riachtanach freisin, go ndéanfaí staidreamh struchtúrach ar bharra buana a chuimsiú mar aon leis an staidreamh bliantúil ar limistéir agus ar tháirgeadh atá á rialú ag reachtaíocht eile de chuid an Aontais i ndáil le staidreamh.

(8)

Ionas nach gcuirfear ualach nach bhfuil gá leis ar lucht feirme ná ar lucht riaracháin, ba cheart tairseacha a bhunú lena ndéantar eintitis nach bhfuil ábhartha a eisiamh ó na buneintitis i dtaca le cad é an staidreamh ar bharra buana atá le bailiú.

(9)

D’fhonn a ráthú go ndéantar na sonraí a chomhchuibhiú, is gá na sainithe is tábhachtaí, na tréimhsí tagartha agus na ceanglais bheachtais a bheidh le cur i bhfeidhm in ullmhú an staidrimh ar bharra buana a shonrú go soiléir.

(10)

D’fhonn a ráthú go mbeidh an staidreamh sin ar fáil d’úsáideoirí in am agus i dtráth, ba cheart amchlár a bhunú maidir lena tharchur chuig an gCoimisiún.

(11)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (5), ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún, ar staidreamh é a mhiondealaítear de réir aonaid chríochaigh. Dá bhrí sin, chun staidreamh réigiúnach inchomparáide ar bharra buana a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainiú i gcomhréir le haicmiú NUTS. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil gá le miondealuithe réigiúnacha eile chun earnáil na bhfíonta agus na bhfíniúnacha a bhainistiú i gceart, is féidir aonaid chríochacha eile a shonrú i gcás na hearnála sin.

(12)

Tá tuarascálacha ar mhodheolaíocht agus ar cháilíocht sár-riachtanach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí agus anailís a dhéanamh ar na torthaí, agus ba cheart tuarascálacha den sórt sin a sholáthar dá bhrí sin go tráthrialta.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann a bhunú chun staidreamh Eorpach ar bharra buana a sholáthar go córasach, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

Chun trasdul réidh ón gcóras is infheidhme faoi Threoir 2001/109/CE a áirithiú, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo go dtabharfaí maolú do na Ballstáit sa chás go n-éileofaí móroiriúnuithe le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a gcórais náisiúnta staidrimh agus sa chás gur dócha go gcúiseofaí leis fadhbanna suntasacha praiticiúla.

(15)

Chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar mhiondealuithe speiceas de réir grúpaí, aicmí dlúis agus aicmí aoise a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar athróga/tréithe, aicmí méide, leibhéil speisialtóireachta agus cineálacha fíniúnacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ach amháin maidir le nádúr roghnach na faisnéise is gá. Tá tábhacht ar leith ag baint leis go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfaí na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(16)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (6).

(17)

Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 agus Treoir 2001/109/CE a aisghairm.

(18)

Chun comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chreat um staidreamh Eorpach ar bharra buana a áirithiú, ba cheart do dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear creat coiteann chun staidreamh Eorpach ar na barra buana seo a leanas a ullmhú go córasach:

(a)

crainn úll milseoige;

(b)

crainn úll atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch;

(c)

crainn phiorraí milseoige;

(d)

crainn phiorraí atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch;

(e)

crainn aibreog;

(f)

crainn phéitseog milseoige;

(g)

crainn phiorraí atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch;

(h)

crainn oráistí;

(i)

crainn torthaí beaga citris;

(j)

crainn líomóidí;

(k)

crainn ológ;

(l)

fíniúnacha atá ceaptha do shaothrú fíonchaor boird;

(m)

fíniúnacha atá ceaptha do chríocha eile.

2.   Beidh táirgeadh an staidrimh Eorpaigh maidir le barra buana dá dtagraítear i bpointí (b), (d), (g) agus (l) de mhír 1 roghnach do na Ballstáit.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “barr buan” barr nach saothraítear in uainíocht, amach ó fhéarthailte buana, ar barr é a áitíonn talamh ar feadh tréimhse fada agus a thugann barra thar roinnt blianta;

(2)

ciallaíonn “dáileacht faoi bharr” dáileacht talmhaíochta, mar atá sainmhínithe i bpointe (1) den dara mír d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona (7), a bhfuil ceann de na barra buana dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo curtha inti;

(3)

ciallaíonn “limistéar faoi bharr” limistéar na ndáileachtaí atá curtha faoi phlandáil aonchineálach den bharr buan ábhartha arna shlánú go dtí an 0,1 heicteár (ha) is gaire;

(4)

ciallaíonn “bliain buainte” an bhliain féilire ina gcuirtear tús leis an mbuaint;

(5)

ciallaíonn “dlús” líon na bplandaí in aghaidh an heicteáir;

(6)

ciallaíonn “gnáth-thréimhse cuir” an tréimhse den bhliain ina gcuirtear barra buana de ghnáth, ag tosú i lár an fhómhair agus ag críochnú i lár an earraigh an bhliain ina dhiaidh sin;

(7)

ciallaíonn “bliain an chuir” an chéad bhliain ina dtagann forás fásmhar ar an bplanda tar éis an lae ina ndéantar é a chur sa láthair táirgthe dheifnídeach;

(8)

ciallaíonn “aois” líon na mblianta ó bhliain an chuir a measfar gurb é bliain 1 é;

(9)

ciallaíonn “crann úll milseoige, crann piorraí milseoige agus crann péitseog milseoige” plandálacha crann úll, plandálacha crann piorraí agus plandálacha crann péitseog, seachas na plandálacha sin atá ceaptha go sonrach do phróiseáil thionsclaíoch. Sa chás nach féidir na plandálacha atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch a aithint, déanfar na limistéir chomhfhreagracha a áireamh faoi gcatagóir seo;

(10)

ciallaíonn “fíniúnacha atá ceaptha chun críocha eile” gach limistéar faoi fhíniúnacha atá le háireamh i gclár na bhfíonghort faoi mar a bhunaítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle a fhad a bhaineann le clár na bhfíonghort, dearbhuithe éigeantacha agus bailiú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar mhargadh na bhfíonta, na doiciméid a ghabhann le coinsíneachtaí táirgí fíona agus na cláir in earnáil na bhfíonta nach mór a choinneáil (8);

(11)

ciallaíonn “fionchaora dhá fheidhm” fíonchaora a shaothraítear ó chineálacha fíniúna atá liostaithe in aicmiú na gcineálacha fíniúna arna dhéanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 120a(2) go (6) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán CEM Aonair) (9), agus, i dtaca leis an aonad riaracháin céanna, go ndéantar iad a shaothrú mar chineálacha fíonchaor fíona agus, de réir mar a bheidh, mar chineálacha fíona bord, mar chineálacha a bhaineann le táirgeadh fíona triomaithe nó mar chineálacha a bhaineann le táirgeadh biotáille fíona;

(12)

ciallaíonn “barra comhchuraíochta” comhcheangal de bharra a áitíonn dáileacht ag an am céanna.

Airteagal 3

Cuimsiú

1.   Maidir le staidreamh atá le soláthar ar na barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1), beidh sé ionadaíoch do 95 % d’iomlán an limistéir faoi bharr a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh atá ann i ngach barr buan dá dtagraítear i ngach Ballstát.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chur as an áireamh gabháltais faoi thairseach de 0,2 ha de gach barr buan ar leith a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh i ngach Ballstát. Má tá an limistéar a chumhdaítear le gabháltais den sórt sin níos lú ná 5 % d’iomlán an limistéir faoin mbarr i dtrácht, féadfaidh na Ballstáit an tairseach sin a ardú fad agus nach é an toradh a bheidh air sin go gcuirfí níos mó ná 5 % breise den limistéar iomlán faoin mbarr i dtrácht as an áireamh.

3.   Déanfar limistéar na mbarr comhchuraíochta a roinnt idir na barra éagsúla i gcomhréir leis an achar talún a áitíonn gach barr.

4.   Soláthrófar an staidreamh ar an mbarr buan dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo ag úsáid na sonraí atá le fáil i gclár na bhfíonghort arna chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 185a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 i leith gach gabháltais sa chlár sin mar atá sainithe i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 436/2009.

Airteagal 4

Táirgeadh sonraí

1.   Ach amháin i gcás ina mbaintear feidhm as an rogha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh na Ballstáit a bhfuil íosmhéid limistéir faoi bharr acu de 1 000 ha i gcás gach ceann de na barra ar leith dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1) na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh i rith 2012, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

2.   I rith 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, táirgfidh na Ballstáit a bhfuil íosmhéid limistéir faoi bharr acu de 500 ha den bharr dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 1(1) na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

3.   Chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 maidir le leasú a dhéanamh ar:

na miondealuithe speiceas de réir grúpaí, aicmí dlúis agus aicmí aoise a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus

na hathróga/na tréithe, na haicmí méide, na leibhéil speisialtóireachta agus na cineálacha fíniúna a leagtar amach in Iarscríbhinn II,

ach amháin i ndáil le nádúr roghnach na faisnéise is gá.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht seo á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach riaracháin breise ar na Ballstáit agus ar na freagróirí.

Airteagal 5

An bhliain tagartha

1.   Is é 2012 a bheidh ina chéad bhliain tagartha i gcás na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leis an staidreamh ar na barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1).

2.   Is é 2015 a bheidh ina chéad bhliain tagartha i gcás na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II maidir leis an staidreamh ar an mbarr buan dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 1(1).

3.   Is don limistéar faoi bharr tar éis na gnáth-thréimhse cuir a thagróidh an staidreamh ar na barra buana a sholáthrófar.

Airteagal 6

Ceanglais bheachtais

1.   Déanfaidh na Ballstáit a mbeidh suirbhéanna samplacha á ndéanamh acu d’fhonn an staidreamh ar na barra buana a fháil gach beart is gá chun a áirithiú nach sáróidh comhéifeacht chomhathrúcháin na sonraí, ar leibhéal náisiúnta, 3 % don limistéir faoi bharr i gcás gach ceann de na barra dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

2.   Maidir le Ballstáit a chinneann ar fhoinsí faisnéise staidrimh nach suirbhéanna iad a úsáid, áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis a fhaightear ar an tslí sin ar chomhcháilíocht, ar a laghad, leis an bhfaisnéis a fhaightear ó shuirbhéanna staidrimh.

3.   Maidir leis na Ballstáit a chinnfidh ar fhoinse riaracháin a úsáid chun an staidreamh ar na barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1) a chur ar fáil, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún roimh ré agus soláthróidh siad na mionsonraí maidir leis an modh a úsáidfear agus maidir le cáilíocht na sonraí a fhaightear ón bhfoinse riaracháin sin.

Airteagal 7

Staidreamh réigiúnach

1.   Maidir leis na sonraí i ndáil leis an staidreamh ar na barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo, agus atá sonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a mhiondealú de réir na n-aonad críochach NUTS 1 mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ach amháin i gcás ina ndéantar miondealú nach bhfuil chomh mionsonraithe a shonrú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Maidir leis na sonraí i ndáil leis an staidreamh ar an mbarr buan dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo, agus atá sonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a mhiondealú de réir na n-aonad críochach NUTS 2 mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ach amháin i gcás ina ndéantar miondealú nach bhfuil chomh mionsonraithe a shonrú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 30 Meán Fómhair den bhliain i ndiaidh na tréimhse tagartha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an bhformáid iomchuí theicniúil chun na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a tharchur. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Airteagal 9

Tuarascáil ar mhodheolaíochtaí agus ar cháilíochtaí

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.

2.   Faoin 30 Meán Fómhair 2013, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus ar na modhanna arna n-úsáid don staidreamh maidir le barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

3.   Faoin 30 Meán Fómhair 2016, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus ar na modhanna arna n-úsáid don staidreamh ar an mbarr buan dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

4.   Déanfar tuairisc sna tuarascálacha ar an méid seo a leanas:

(a)

eagrú na suirbhéanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm;

(b)

an leibhéal beachtais agus an cuimsiú a bhaintear amach sna suirbhéanna samplacha dá dtagraítear sa Rialachán seo; agus

(c)

cáilíocht na bhfoinsí, seachas suirbhéanna, a úsáidtear, agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú modheolaíochta nó faoi aon athrú eile a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar cháilíocht an staidrimh ar na barra buana, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don athrú sin teacht i bhfeidhm.

6.   Cuirfear san áireamh an prionsabal nach sáróidh costais bhreise agus ualaí breise teorainneacha réasúnta.

Airteagal 10

Maolú

1.   I gcás inar gá móroiriúnuithe a dhéanamh ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit de bharr chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus i gcás inar dócha don chur i bhfeidhm sin a bheith ina chúis le fadhbanna suntasacha praiticiúla i ndáil le barra buana dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (l) d’Airteagal 1(1), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maolú óna chur i bhfeidhm don Bhallstát sin go dtí an 31 Nollaig 2012. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh an Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra 2012.

3.   Maidir leis na Ballstáit sin a thairbheoidh de mhaolú, leanfaidh siad de Threoir 2001/109/CE a chur i bhfeidhm.

Airteagal 11

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 31 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 13 a chúlghairm tráth aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Nós Imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna bhunú le hAirteagal 1 de Chinneadh 72/279/CEE ón gComhairle an 31 Iúil 1972 lena gcuirtear Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta ar bun (10), cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2018, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo. I gcomhthéacs an athbhreithnithe sin, measúnóidh an Coimisiún an bhfuil sé riachtanach na sonraí go léir dá dtagraítear in Airteagal 4 a tháirgeadh. Más rud é go measann an Coimisiún nach bhfuil cuid de na sonraí sin riachtanach a thuilleadh, cumhachtófar dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, lena ndéanfar sonraí áirithe a scrios ó Iarscríbhinn I agus ó Iarscríbhinn II.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 agus Treoir 2001/109/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2012.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe agus don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 15

Forálacha Idirthréimhseacha

De mhaolú ar Airteagal 14 den Rialachán seo, beidh Treoir 2001/109/CE fós infheidhme faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Rialachán seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. SZPUNAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2011.

(2)  IO L 54, 5.3.1979, lch. 124.

(3)  IO L 13, 16.1.2002, lch. 21.

(4)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(5)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

(6)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(7)  IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

(8)  IO L 128, 27.5.2009, lch. 15.

(9)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(10)  IO L 179, 7.8.1972, lch. 1. (Eagrán speisialta Béarla, Sraith I Caibidil 1972(III) lch. 838.)


IARSCRÍBHINN I

Sonraí staidrimh ar phlandálacha torthaí agus ológ

1.   Miondealú ar an speiceas de réir “Grúpaí”

Speiceas

Miondealú

Crainn úll milseoige

Grúpa Boskoop rouge

Grúpa Braeburn

Grúpa Cox Orange

Grúpa Cripps Pink

Grúpa Elstar

Grúpa Fuji

Grúpa Gala

Grúpa Golden Delicious

Grúpa Granny Smith

Grúpa Idared

Grúpa Jonagold/Jonagored

Grúpa Morgenduft

Grúpa Red Delicious

Grúpa Reinette blanche du Canada

Grúpa Shampion

Grúpa Lobo

Grúpa Pinova

Grúpaí eile

Crainn úll atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (roghnach)

Crainn phiorraí milseoige

Grúpa Conference

Grúpa William

Grúpa Abate

Grúpa Rocha

Grúpa Coscia-Ercolini

Grúpa Guyot

Grúpa Blanquilla

Grúpa Decana

Grúpa Kaiser

Grúpaí eile

Crainn phiorraí atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (roghnach)

Crainn phéitseog milseoige

Péitseoga seachas neachtairíní agus péitseoga atá ceaptha do phróiseáil

Bia buí

An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa

Déanach: an bhuaint tar éis 15 Lúnasa

Bia geal

An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa

Déanach: an bhuaint tar éis 15 Lúnasa

Péitseog taoschnó

Neachtairíní

Bia buí

An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa

Déanach: an bhuaint tar éis 15 Lúnasa

Bia geal

An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa

Déanach: an bhuaint tar éis 15 Lúnasa

Crainn phéitseog atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (lena n-áirítear grúpa Pavie) (roghnach)

Crainn aibreog

An-luath: an bhuaint go dtí 31 Bealtaine

Luath: an bhuaint idir 1 agus 30 Meitheamh

Meánach: an bhuaint idir 1 agus 31 Iúil

Déanach: an bhuaint tar éis 1 Lúnasa

Crainn oráistí

Oráistí imleacáin

Luath: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Eanáir

Meánach: an bhuaint idir Nollaig agus Márta

Déanach: an bhuaint idir Eanáir agus Bealtaine

Oráistí blanca

Luath: an bhuaint idir Nollaig agus Márta

Déanach: an bhuaint idir Márta agus Bealtaine

Oráistí craoraga

Cineálacha eile

Crainn torthaí beaga citris

Satsúmaí

Satsúmaí rí-luath: an bhuaint idir Meán Fómhair agus Samhain

Satsúmaí eile: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Nollaig

Cleimintíní

Cleimintíní luath: an bhuaint idir Meán Fómhair agus Nollaig

Cleimintíní meánacha: an bhuaint idir Samhain agus Eanáir

Cleimintíní déanacha: an bhuaint idir Eanáir agus Márta

Citris bheaga eile lena n-áirítear hibridí

Crainn líomóidí

Cineálacha geimhridh: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Aibreán

Cineálacha samhraidh: an bhuaint idir Feabhra agus Meán Fómhair

Crainn ológ

D’ológa boird, d’ológa ola nó d’ológa dhá fhéidhm

Fíniúnacha fíonchaor boird (roghnach)

 

Geal

Gan síolta

Gnáthchineál

Dearg

Gan síolta

Gnáthchineál

2.   Aicmí dlúis

 

Aicmí dlúis

Crainn úll agus phiorraí

Crainn phéitseog, neachtairíní, agus aibreog

Crainn oráistí, citreas beag agus líomóidí

Crainn ológ

Fíniúnacha fíonchaor boird

Dlús (líon na gcrann/heicteár)

1

< 400

< 600

< 250

< 140

< 1 000

2

400-1 599

600-1 199

250-499

140-399

1 000-1 499

3

1 600-3 199

≥ 1 200

500-749

≥ 400

≥ 1 500

4

≥ 3 200

 

≥ 750

 

 

3.   Aicmí aoise

 

Aicmí aoise

Crainn úll agus phiorraí

Crainn phéitseog, neachtairíní, agus aibreog

Crainn oráistí, citreas beag agus líomóidí

Crainn ológ

Fíniúnacha fíonchaor boird

Aois (blianta ó bhliain an chuir)

1

0-4

0-4

0-4

0-4

0-3

2

5-14

5-14

5-14

5-11

3-9

3

15-24

15 agus níos mó

15-24

12-49

9-19

4

25 agus níos mó

 

25 agus níos mó

50 agus níos mó

20 agus níos mó

4.   Achoimre

4.1.   Achar de réir aicmí aoise agus de réir aicmí dlúis i gcomhair gach speiceas ar an leibhéal náisiúnta

Ballstát:

Speiceas:

 

Iomlán

Aicme aoise 1

Aicme aoise 2

Aicme aoise 3

Aicme aoise 4

Iomlán

 

 

 

 

 

Aicme dlúis 1

 

 

 

 

 

Aicme dlúis 2

 

 

 

 

 

Aicme dlúis 3

 

 

 

 

 

Aicme dlúis 4

 

 

 

 

 


4.2.   Achar de réir aicmí aoise agus de réir réigiún i gcomhair gach speiceas agus grúpa (gan aon mhiondealú de réir aicme dlúis)

Ballstát:

Speiceas:

Grúpa:

 

Iomlán

Aicme aoise 1

Aicme aoise 2

Aicme aoise 3

Aicme aoise 4

Iomlán

 

 

 

 

 

Réigiún (NUTS 1)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


4.3.   Achar de réir aicmí dlúis agus de réir réigiún i gcomhair gach speiceas agus grúpa (gan aon mhiondealú de réir aicme aoise)

Ballstát:

Speiceas:

Grúpa:

 

Iomlán

Aicme dlúis 1

Aicme dlúis 2

Aicme dlúis 3

Aicme dlúis 4

Iomlán

 

 

 

 

 

Réigiún (NUTS 1)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

Sonraí staidrimh ar fhíniúnacha

Míniú ar na giorrúcháin:

—   Líon— líon

—   Gabh. nó gabh.— gabháltas

—   Ha nó ha— heicteár

—   Dearg— dearg/rosé

—   Wht nó wht— geal

—   g.a.á.e— gan aicmiú in áit ar bith eile

—   STFC— sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

—   TGFC— tásc geografach faoi chosaint

Tábla 1:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir cineáil táirgthe  (1)

Athróga/Tréithe

Líon gabháltas

Achar

(ha)

Limistéir faoi fhíniúnacha, iomlán (atá á saothrú nó nach bhfuil á saothrú go fóill)

Iomlán

 

 

Limistéir faoi fhíniúnacha atá á saothrú agus atá curtha faoi na fíniúnacha seo:

cineálacha fíonchaor fíona

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil TGFC ná STFC acu

 

 

ar “fíonchaora dhá fheidhm” iad

 

 

fíonchaora triomaithe

 

 

Iomlán

 

 

Limistéir faoi fhíniúnacha nach bhfuil á saothrú go fóill agus atá curtha faoi na fíniúnacha seo:

fíonchaora fíona (lena n-áirítear “fíonchaora dhá fheidhm”)

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu

 

 

atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil TGFC ná STFC acu

 

 

ar “fíonchaora dhá fheidhm” iad

 

 

fíonchaora triomaithe

 

 

Iomlán

 

 

Fíniúnacha (atá á saothrú nó nach bhfuil á saothrú go fóill) atá ceaptha chun na nithe seo a tháirgeadh:

ábhar a úsáidtear ar mhaithe le hiomadú fásúil na bhfíniúnacha

 

 

fíniúnacha eile nach bhfuil aicmithe in aon áit eile (g.a.á.e)

 

 

Tábla 2:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide ar leibhéal náisiúnta

Tábla 2.1:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, iomlán an fhíonghoirt

Aicme méide

(ha)

Líon gabh.

Achar

(ha)

< 0,10 (2)

 

 

0,10 - < 0,50

 

 

0,50 - < 1

 

 

1 - < 3

 

 

3 - < 5

 

 

5 - < 10

 

 

≥ 10

 

 

Tábla 2.2:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d’fhíonchaora fíona — Iomlán

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.2.1:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d’fhíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.2.2:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d’fhíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.2.3:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d’fhíonchaora fíona “dhá fheidhm”

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.2.4:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC agus/nó TGFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.3:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d’fíonchaora atá le triomú

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 2.4:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha gan aicmiú in áit ar bith eile (g.a.á.e)

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1.

Tábla 3:   Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir leibhéil speisialtóireachta agus aicme méide ar leibhéal náisiúnta

Aicmí méide (sa cholún): féach na línte i dTábla 2 (< 0,1 ha/0,10 - < 0,50 ha/etc.).

Leibhéal speisialtóireachta

< 0,10 ha

Líon gabh.

Achar

(ha)

Líon gabh.

Achar

(ha)

Gabháltais faoi fhíniúnacha

 

 

 

 

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíona

 

 

 

 

ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC agus/nó TGFC acu

 

 

 

 

ar fíonta iad nach bhfuil ach STFC acu

 

 

 

 

ar fíonta iad nach bhfuil ach TGFC acu

 

 

 

 

ar fíonta iad a bhfuil STFC agus TGFC acu

 

 

 

 

ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíonta neamh-STFC agus/nó neamh-TGFC

 

 

 

 

ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha do tháirgeadh roinnt cineálacha fíonta

 

 

 

 

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do shaothrú fíonchaor tirim

 

 

 

 

Gabháltais ar a bhfuil limistéir eile faoi fhíniúnacha

 

 

 

 

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha do roinnt cineálacha táirgthe

 

 

 

 

Tábla 4:   Príomhchineálacha fíniúnacha  (3)

Níor cheart an miondealú ar na sonraí a sholáthar ach amháin más 500 ha ar a laghad achar iomlán an chineáil.

Is iad na cineálacha fíniúnacha atá ar liosta na bpríomhchineálacha agus na limistéar comhfhreagrach faoi Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le comheagrú an fhíonmhargaidh a mhéid a bhaineann le cláir thacaíochta, le trádáil le tríú tíortha, le hacmhainneacht táirgthe agus le rialuithe in earnáil an fhíona (4) (Iarscríbhinn XIII, Tábla 16) na cineálacha atá le lua sna táblaí.

Aicmí aoise atá le húsáid:

 

< 3 bliana

 

3-9 mbliana

 

10-29 mbliana

 

≥ 30 bliain

Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir aicme aoise

Cineál fíniúna

< 3 bliana

Líon gabh.

Achar

(ha)

Líon gabh.

Achar

(ha)

Gabháltais faoi fhíniúnacha

 

 

 

 

1.

ar de chineálacha dearga iad, iomlán

 

 

 

 

1.1.

ar de chineál 1 iad

 

 

 

 

1.2.

ar de chineál 2 iad

 

 

 

 

1.3.

ar de chineál … iad

 

 

 

 

 

 

 

 

1.N. ar de chineálacha measctha dearga eile iad

 

 

 

 

2.

ar de chineálacha geala iad, iomlán

 

 

 

 

2.1.

ar de chineál 1 iad

 

 

 

 

2.2.

ar de chineál 2 iad

 

 

 

 

2.3.

ar de chineál … iad

 

 

 

 

 

 

 

 

2.N. ar de chineálacha measctha geala eile iad

 

 

 

 

3.

ar de chineálacha éagsúla datha iad, iomlán

 

 

 

 

3.1.

ar de chineál 1 iad

 

 

 

 

3.2.

ar de chineál 2 iad

 

 

 

 

3.3.

ar de chineál … iad

 

 

 

 

 

 

 

 

3.N. ar de chineálacha measctha eile de dhathanna measctha eile iad

 

 

 

 

4.

ar de chineálacha gan aon sonraíocht datha iad

 

 

 

 


(1)  Na Ballstáit lena mbaineann miondealú réigiúnach: BG, CZ, DE, IT, EL, ES, FR, HU, AT, PT, RO, SI agus SK.

(2)  Do na Ballstáit lena mbaineann amháin.

(3)  Na Ballstáit lena mbaineann miondealú réigiúnach: BG, CZ, DE, IT, EL, ES, FR, HU, AT, PT, RO, SI agus SK.

(4)  IO L 170, 30.6.2008, lch. 1.


Top