EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0510

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO 2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 145, 31.5.2011, p. 1–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 15 Volume 007 P. 436 - 453

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2019; Arna aisghairm le 32019R0631

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/510/oj

31.5.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 510/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2011

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, a formheasadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle (3), féachtar le tiúchana gás ceaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ar leibhéal a choiscfeadh trasnaíocht chontúirteach antrapaigineach ar an gcóras aeráide. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, níor cheart go rachadh an méadú ar mheánteocht fhoriomlán bhliantúil dhromchla an domhain thar 2 chéim Celsius os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Léirítear sa cheathrú Tuarascáil Measúnaithe ón bPainéal Idir-rialtasach um Athrú Aeráide (IPCC) nach mór go sroichfidh astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa buaicphointe faoin mbliain 2020 má táthar chun an cuspóir sin a bhaint amach. Le linn a cruinnithe ar an 8-9 Márta 2007, rinne an Chomhairle Eorpach gealltanas daingean go ndéanfaí astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa an Chomhphobail a laghdú 20 % ar a laghad faoin mbliain 2020 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus gur 30 % a bheadh sa laghdú sin ar choinníoll go ndéanfadh tíortha forbartha eile gealltanas a ghlacadh orthu féin laghduithe inchomparáide a dhéanamh ar astaíochtaí agus go rannchuideodh na tíortha is mó dul chun cinn eacnamaíoch de réir a n-acmhainní faoi seach.

(2)

Sa bhliain 2009 thug an Coimisiún athbhreithniú chun críche ar Straitéis an Aontais um Fhorbairt Inbhuanaithe, inar díríodh ar na fadhbanna is práinní don fhorbairt inbhuanaithe amhail iompar, athrú aeráide, an tsláinte phoiblí agus caomhnú fuinnimh.

(3)

Ba cheart beartais agus bearta a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais i ngach uile earnáil de gheilleagar an Aontais, agus ní hamháin sna hearnálacha tionscail agus fuinnimh, chun na laghduithe is gá ar astaíochtaí a bhaint amach. Le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarracht Ballstát a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais an Chomhphobail a chomhlíonadh maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa suas go dtí 2020 (4), déantar foráil maidir le meánlaghdú 10 % i gcomparáid le leibhéil 2005 sna hearnálacha nach bhfuil clúdaithe faoi Scéim Trádála Astaíochtaí an AE, arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (5), lena n-áirítear iompar de bhóthar. Tá iompar de bhóthar ar an dara hearnáil is mó san Aontas i dtaca le hastú gás ceaptha teasa agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar líon a astaíochtaí, lena n-áirítear astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma. Má leantar den mhéadú ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar, bainfear an bonn go suntasach d'iarrachtaí arna ndéanamh ag earnálacha eile chun athrú aeráide a chomhrac.

(4)

Le spriocanna an Aontais d'fheithiclí bóthair nua, cruthaítear níos mó cinnteachta do mhonaróirí maidir le pleanáil, mar aon le níos mó solúbthachta a chruthú chun na ceanglais a chomhlíonadh maidir le laghdú CO2, ná mar a chruthófaí le spriocanna náisiúnta ar leith maidir le laghdú. Le linn caighdeáin feidhmíochta astaíochta a shocrú, tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar na himpleachtaí a bheidh ann do na margaí agus d'iomaíochas monaróirí, ar na costais dhíreacha agus ar na costais neamhdhíreacha a fhorchuirfear ar ghnóthaí agus ar na sochair a bheidh ann ó thaobh spreagadh na nuálaíochta de agus ó thaobh laghdú a dhéanamh ar an méid fuinnimh a úsáidtear agus ar chostais bhreosla.

(5)

Chun iomaíochas thionscal na ngluaisteán san Eoraip a fheabhsú, ba cheart go mbainfí úsáid as scéimeanna dreasachta, amhail éicea-nuálaíochtaí a fhritháireamh agus sárchreidmheasanna a dhámhachtain.

(6)

Ina Theachtaireachtaí an 7 Feabhra 2007 dar teideal “Torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú” agus “Creat Rialála do Thionscal Gluaisteán Iomaíoch don 21ú hAois (CARS 21)”, thug an Coimisiún le fios go tréan nach ndéanfaí cuspóir an Chomhphobail maidir le meánastaíochtaí 120 g CO2/km don fhlít ghluaisteán paisinéirí nua a chomhlíonadh faoin mbliain 2012 in éagmais beart breise.

(7)

Moladh cur chuige comhtháite sna Teachtaireachtaí sin, d'fhonn sprioc an Chomhphobail a bhaint amach faoin mbliain 2012, is é sin, meánastaíochtaí 120 g CO2/km ó ghluaisteáin phaisinéirí nua agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a chláraítear sa Chomhphobal trí dhíriú ar laghduithe sainordaitheacha ar astaíochtaí CO2 chun cuspóir 130 g CO2/km a bhaint amach ar an meán i bhflít na ngluaisteán nua trí fheabhsuithe a dhéanamh ar theicneolaíocht mhótarfheithicle, agus laghdú breise 10 g CO2/km, nó a choibhéis má tá gá teicniúil leis, a bhaint amach trí fheabhsuithe eile teicneolaíochta, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht bhreosla i bhfeithiclí tráchtála éadroma.

(8)

Ba cheart go mbeadh na forálacha lena ndéantar an cuspóir maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat reachtach lena ndéantar na cuspóirí maidir le hastaíochtaí ón bhflít gluaisteán paisinéirí nua a chur chun feidhme, ar creat é atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (6).

(9)

Leis an gcreat reachtach lena mbainfear amach an sprioc maidir le meánastaíochtaí ó fhlít na bhfeithiclí tráchtála éadroma, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil na spriocanna laghdúcháin neodrach ó thaobh iomaíochta de, cothrom ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe, agus go gcuireann siad i gcuntas an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus go seachnaíonn siad aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil údar maith leis eatarthu. Ba cheart go mbeadh an creat reachtach comhoiriúnach don chuspóir foriomlán maidir le spriocanna laghdúcháin astaíochtaí an Aontais a bhaint amach agus ba cheart go gcomhlánófaí é le hionstraimí eile a bheadh níos baintí le húsáid, amhail cánacha difreáilte do ghluaisteáin agus d'fhuinneamh nó bearta chun luas feithiclí tráchtála éadroma a theorannú.

(10)

Chun go ndéanfar éagsúlacht mhargadh na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla na dtomhaltóirí a choimeád ar bun, ba cheart spriocanna astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tráchtála éadroma a shainiú de réir fhóntas na feithicle ar bhonn líneach. Chun tuairisciú a dhéanamh ar an bhfóntas seo, is iomchuí an paraiméadar í an mhais mar go soláthraíonn sí comhghaol leis na hastaíochtaí reatha agus gurb é a leanann aisti, dá bhrí sin, ná spriocanna níos réadúla agus níos neodraí ó thaobh iomaíochta de. Thairis sin, tá sonraí maidir le mais le fáil go héasca. Ba cheart sonraí maidir le paraiméadair ailtéarnacha fóntais, amhail an lorg (meánleithead an riain arna iolrú faoin rothfhad) agus an pálasta, a bhailiú d'fhonn meastóireachtaí níos fadtéarmaí ar an gcur chuige fóntas-bhunaithe a éascú.

(11)

Leis an Rialachán seo, cuirtear éicea-nuálaíocht chun cinn go gníomhach agus cuirtear forbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo san áireamh ar forbairtí iad ar féidir leo iomaíochas fadtéarmach thionscal gluaisteán na hEorpa a fheabhsú agus breis post ardcháilíochta a chruthú. Mar mhodh chun measúnú córasach a dhéanamh ar na feabhsuithe a chuireann éicea-nuálaíochtaí ar astaíochtaí, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí bearta éicea-nuálaíochta a áireamh san athbhreithniú ar nósanna imeachta tástála de bhun Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (7), agus aird á tabhairt ar an tionchar teicniúil agus ar an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag gabháil le háireamh na mbeart sin.

(12)

Le Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (8), ceanglaítear cheana féin go ndéanfar na sonraí oifigiúla faoi astaíochtaí CO2, mar aon le léiriú oifigiúil ar an méid breosla a úsáideann an fheithicil, a sholáthar d’úsáideoirí deiridh sa litríocht bholscaireachta a bhaineann le gluaisteáin. I Moladh 2003/217/CE ón gCoimisiún an 26 Márta 2003 maidir le forálacha Threoir 1999/94/CE, a bhaineann le litríocht bholscaireachta, a chur i bhfeidhm maidir le meáin eile (9), thug sé léirmhíniú á rá go bhfolaíonn an ceanglas sin fógraíocht. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme Threoir 1999/94/CE a leathnú, faoin mbliain 2014 ar a dhéanaí, chuig feithiclí tráchtála éadroma, ionas gur cheart go gceanglófaí go ndéanfaí sonraí oifigiúla faoi astaíochtaí CO2 agus léiriú oifigiúil ar an méid breosla a úsáideann an fheithicil, i gcás ina ndéantar faisnéis a bhaineann le fuinneamh nó le praghas a nochtadh, a sholáthar d'úsáideoirí deiridh i bhfógráin le haghaidh aon fheithiclí tráchtála éadroma.

(13)

Mar aitheantas do na costais an-ard ar thaighde agus ar fhorbairt, agus ar tháirgeadh an aonaid, i ndáil le glúine tosaigh de theicneolaíochtaí feithiclí carbóin an-íseal atá le tabhairt isteach sa mhargadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féachtar trí bhíthin an Rialacháin seo, leis an bpróiseas trína dtabharfar feithiclí carbóin shár-ísil isteach i margadh an Aontais, ag na céimeanna tosaigh dá ré thráchtála, a luathú agus a éascú ar bhonn eatramhach.

(14)

I dtéarmaí “ón tobar go dtí an roth”, féadfar laghduithe suntasacha CO2 a fháil ach breoslaí ailtéarnacha áirithe a úsáid. Ionchorpraítear leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, forálacha sonracha arb é is aidhm dóibh úsáid mhéadaithe feithiclí áirithe a thiomáintear le breosla ailtéarnach a chur chun cinn i margadh an Aontais.

(15)

Faoin 1 Eanáir 2012 ar a dhéanaí, agus d'fhonn feabhas a chur ar bhailiú sonraí ar an méid breosla a úsáidtear, agus ar tomhas an méid breosla a úsáidtear, ba cheart don Choimisiún breithniú i dtaobh an leasófar an reachtaíocht ábhartha chun go mbeidh oibleagáid inti á rá nach mór do mhonaróirí a lorgann cineál-cheadú d'fheithiclí chatagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin (10), gach feithicil a threalmhú le méadar a thaispeánann an méid breosla a úsáidtear.

(16)

Chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a áirithiú agus chun droch-úsáid a sheachaint, ba cheart an sprioc a chur i bhfeidhm ar fheithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nach raibh cláraithe roimhe sin lasmuigh den Aontas ach ar feadh tréimhse teoranta.

(17)

Le Treoir 2007/46/CE, bunaítear creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir leis na feithiclí nua go léir atá faoina raon feidhme a fhormheas. Maidir leis an eintiteas atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart gurb é an t-eintiteas céanna é atá freagrach as gach gné den phróiseas cineál-cheadaithe i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú.

(18)

Ba cheart solúbthacht a bheith ag na monaróirí cinneadh a dhéanamh faoi conas a bhainfidh siad a spriocanna amach faoin Rialachán seo agus ba cheart ligean dóibh astaíochtaí a mheánú thar fhlít a bhfeithiclí nua seachas dualgas a bheith orthu na spriocanna CO2 a urramú i gcás gach feithicle ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, go gceanglófaí ar mhonaróirí a áirithiú nach dtéann an mheánastaíocht shonrach a bhaineann leis na feithiclí tráchtála éadroma nua uile a chláraítear san Aontas agus a bhfuil freagracht orthu ina leith thar mheán na spriocanna astaíochta do na feithiclí sin. Ba cheart an ceanglas sin a chéimniú isteach idir 2014 agus 2017 chun tabhairt isteach an cheanglais a éascú. Tá sé sin comhsheasmhach leis na hagaí tionscanta a thugtar, agus le ré na tréimhse don chéimniú isteach atá socruithe, i Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

(19)

Chun a áirithiú go léiríonn spriocanna sainiúlachtaí mionmhonaróirí agus monaróirí nideoige agus go bhfuil siad comhsheasmhach le cumas laghdúcháin an mhonaróra, ba cheart spriocanna ailtéarnacha laghdaithe astaíochtaí a shocrú do na monaróirí sin i gcomhréir le saintréithe na dteascán sin den mhargadh lena mbaineann agus aird á tabhairt ar chumas teicneolaíoch feithiclí monaróra áirithe chun a n-astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú. Maidir leis an maolú sin, ba cheart go gcumhdófaí é san athbhreithniú ar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha atá in Iarscríbhinn I, ar athbhreithniú é atá le críochnú faoi thosach na bliana 2013 ar a dhéanaí.

(20)

Le Straitéis an Aontais maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú, bunaíodh cur chuige comhtháite, d'fhonn sprioc 120 g CO2/km an Aontais a bhaint amach faoi 2012, agus léiríodh freisin fís fhadtéarmach maidir le tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí. Le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, tugtar bunús don dearcadh fadtéarmach sin trí sprioc 95 g CO2/km a shocrú mar mheánastaíochtaí don fhlít gluaisteán nua. Chun comhsheasmhacht leis an gcur chuige sin a áirithiú agus chun cinnteacht pleanála a sholáthar don tionscal, ba cheart sprioc fhadtéarmach a shocrú i leith astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma sa bhliain 2020.

(21)

Chun solúbthacht a sholáthar do mhonaróirí maidir lena spriocanna astaíochtaí faoin Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh monaróirí teacht ar chomhaontú maidir le linn a chur ar bun ar bhonn oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina gcuirfear linn ar bun, ba cheart comhsprioc don linn a chur in ionad spriocanna na monaróirí aonair, ar comhsprioc í a bheadh le sroicheadh ag comhaltaí na linne i dteannta a chéile.

(22)

Ba cheart astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí críochnaithe a leithdháileadh chuig monaróir na bonnfheithicle.

(23)

Chun a áirithiú go mbeidh luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus na barainneachta breosla a ghabhann le feithiclí críochnaithe ionadaíoch, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún nós imeachta sainiúil ar aghaidh agus go ndéanfadh sé breithniú, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht um chineál-cheadú.

(24)

Tá gá le sásra láidir um chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna faoin Rialachán seo.

(25)

Tomhaistear na hastaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua ar bhonn comhchuibhithe san Aontas de réir na modheolaíochta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Chun ualach riaracháin na scéime a íoslaghdú, ba cheart go dtomhaisfí comhlíonadh faoi threoir sonraí maidir le clárú feithiclí nua san Aontas, ar sonraí iad a bhailíonn na Ballstáit agus a thuairiscítear don Choimisiún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh, ba cheart na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí sin a chomhchuibhiú a mhéid is féidir.

(26)

Ceanglaítear le Treoir 2007/46/CE go n-eiseoidh monaróirí deimhniú comhréireachta i leith gach feithicle tráchtála éadroime nua agus nach gceadóidh na Ballstáit feithicil tráchtála éadrom nua a chlárú, ná í a chur i seirbhís, mura ngabhann deimhniú comhréireachta bailí leis an bhfeithicil sin. Maidir leis na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis an deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag monaróir na feithicle tráchtála éadroime, agus ba cheart go mbeidís bunaithe ar an doiciméad sin amháin. Ba cheart bunachar sonraí caighdeánach Aontais a bheith ann do shonraí a bhaineann le deimhnithe comhréireachta. Ba cheart go n-úsáidfí é mar thagairt aonair le gur fusa do na Ballstáit a sonraí clárúcháin a chothabháil nuair a chláraítear feithiclí as an nua.

(27)

Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Ba cheart an phréimh a mhodhnú mar fheidhm den mhéid a mhainníonn monaróirí a sprioc a chomhlíonadh. Chun comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart go mbeadh an sásra préimhe comhchosúil leis an sásra préimhe atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 443/2009. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(28)

Ag féachaint do chuspóir an Rialacháin seo agus do na nósanna imeachta arna mbunú sa Rialachán seo, níor cheart, mar gheall ar aon bheart náisiúnta arna choimeád ar bun nó arna thabhairt isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhforchuirfí pionóis bhreise nó pionóis níos déine ar mhonaróirí a mhainníonn a spriocanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(29)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm iomlán rialacha iomaíochta an Aontais.

(30)

Ba cheart breithniú a dhéanamh ar mhodúlachtaí nua leis an sprioc fhadtéarma a bhaint amach, go háirithe claonadh an chuair, paraiméadar an fhóntais agus scéim na préimhe astaíochtaí iomarcacha.

(31)

Imríonn luas feithiclí bóthair tionchar mór ar an méid breosla a úsáideann siad agus ar a n-astaíochtaí CO2. De bhreis air sin, in éagmais teorannú luais le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma, d'fhéadfadh sé go bhfuil iomaíocht áirithe i gceist maidir le luas uasta, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le gléasraí cumhachta atá rómhór agus le neamhbharainneachtaí gaolmhara faoi dhálaí oibrithe níos moille. Is iomchuí, dá bhrí sin, imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé indéanta leathnú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (11), d'fhonn feithiclí éadroma tráchtála atá clúdaithe sa Rialachán seo a áireamh.

(32)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe chun go nglacfaí rialacha mionsonraithe maidir le faireachán agus tuairisciú na meánastaíochtaí, eadhon na sonraí faoi mheánastaíoctaí a bhailiú, a chlárú, a thíolacadh, a tharchur, a ríomh agus a chur in iúl agus maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm, mar aon le glacadh socruithe mionsonraithe chun na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú agus le glacadh forálacha mionsonraithe don nós imeachta chun teicneolaíochtaí nuálacha a fhormheas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (12).

(33)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise na taithí atá faighte agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, chun an figiúr M0 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a choigeartú chuig meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua do na 3 bliana féilire roimhe sin, chun rialacha a bhunú maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta i gcomhair maoluithe, inneachar na n-iarratas ar mhaolú agus inneachar na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus measúnú na gclár sin, chomh maith leis na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar aon athrú ar an nós imeachta rialála tástála i gcomhair astaíochtaí sonracha CO2 a thomhas. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a bhunú, a bhaint amach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais fheidhmíochta astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. Leis an Rialachán seo, socraítear gurb é 175 g CO2/km an mheánastaíocht CO2 d'fheithiclí tráchtála éadroma nua, ar ráta é a bhainfear amach trí fheabhsuithe ar theicneolaíocht feithicle arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena bhearta cur chun feidhme, agus i gcomhréir le teicneolaíochtaí nuálacha.

2.   Ón mbliain 2020 ar aghaidh, socraítear leis an Rialachán seo sprioc 147 g CO2/km le haghaidh meánastaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas ach sin faoi réir indéantacht na sprice sin a dhaingniú, de réir mar a shonraítear in Airteagal 13(1).

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí chatagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineál-cheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”) agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”).

2.   Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná 3 mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí sainchuspóra mar a shainmhínítear iad i bpointe 5 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “na meánastaíochtaí sonracha CO2”, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na feithiclí tráchtála éadroma uile arb é an monaróir sin a monaróir;

(b)

ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2007/46/CE;

(c)

ciallaíonn “feithicil chríochnaithe” feithicil a bhfuil cineál-cheadú tugtha ina leith tar éis próisis cineál-cheadaithe ilchéime a chríochnú i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE;

(d)

ciallaíonn “feithicil iomlán” aon fheithicil nach gá a chríochnú chun ceanglais theicniúla ábhartha Threoir 2007/46/CE a chomhlíonadh;

(e)

ciallaíonn “bonnfheithicil” aon fheithicil a úsáidtear ag an gcéim thosaigh de phróiseas cineál-cheadaithe ilchéime;

(f)

ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasa as gach gné de nós imeachta cineál-cheadaithe an CE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(g)

ciallaíonn “mais” mais na feithicle, lena n-áirítear an chabhail, agus í i riocht feidhmithe mar atá sonraithe ar an deimhniú comhréireachta agus mar atá sainmhínithe i Roinn 2.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(h)

ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 ó fheithicil tráchtála éadrom arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus arna sonrú mar oll-astaíochtaí CO2 (comhcheangailte) ar dheimhniú comhréireachta na feithicle iomláine nó na feithicle críochnaithe;

(i)

ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha”, i ndáil leis an monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha táscacha CO2 arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I maidir le gach feithicil tráchtála éadrom nua arb é an monaróir sin a monaróir nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir i gcomhréir le hAirteagal 11, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh de réir an mhaolaithe sin;

(j)

ciallaíonn “lorg” meánleithead an riain arna iolrú faoin rothfhad de réir mar a shonraítear sa deimhniú comhréireachta agus de réir mar a shainmhínítear i Roinn 2.1 agus i Roinn 2.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(k)

ciallaíonn “pálasta” an difríocht idir an mhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus mais na feithicle.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn “gnóthais bhainteacha”, i ndáil le monaróir:

(a)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:

(i)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó

(ii)

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh; nó

(iii)

an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(b)

gnóthais a shealbhaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cearta nó cumhachtaí ar an monaróir arb iad na cearta nó na cumhachtaí iad atá liostaithe i bpointe (a);

(c)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(d)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), go comhpháirteach na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(e)

gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 4

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha

I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2014 agus gach bliana féilire ina diaidh sin, áiritheoidh gach monaróir feithiclí tráchtála éadroma nach rachaidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 11, i gcomhréir leis an maolú sin.

I gcás nach bhfuil astaíochtaí sonracha na feithicle críochnaithe ar fáil, úsáidfidh monaróir na bonnfheithicle astaíochtaí sonracha na bonnfheithicle chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh.

Chun meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas d'fheithiclí tráchtála éadroma nua gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

70 % sa bhliain 2014,

75 % sa bhliain 2015,

80 % sa bhliain 2016,

100 % ón mbliain 2017 ar aghaidh.

Airteagal 5

Sárchreidmheasanna

Le linn na meánastaíochtaí sonracha CO2 a ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach feithicil tráchtála éadrom nua ar lú ná 50 g CO2/km a hastaíochtaí sonracha CO2:

3,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2014,

3,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2015,

2,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2016,

1,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2017,

1 fheithicil tráchtála éadrom ón mbliain 2018 ar aghaidh.

Fad a mhairfidh an scéim shárchreidmheasanna, ní rachaidh líon uasta na bhfeithiclí tráchtála éadroma, ar lú ná 50 g CO2/km a gcuid astaíochtaí sonracha CO2 agus a bheidh le cur san áireamh le linn na hiolraitheoirí atá leagtha amach sa chéad mhír, thar 25 000 feithicil tráchtála éadrom in aghaidh an mhonaróra.

Airteagal 6

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair feithiclí tráchtála éadroma breosla ailtéarnaigh

Chun a chinneadh an bhfuil monaróir ag comhlíonadh a sprice i leith astaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle tráchtála éadroime atá ceaptha le bheith in ann rith ar mheascán peitril ina bhfuil 85 % bith-eatánól (“E85”), agus a chomhlíonann reachtaíocht ábhartha an Aontais nó na caighdeáin theicniúla Eorpacha, a laghdú 5 % faoin 31 Nollaig 2015 mar aitheantas don acmhainn theicniúil níos mó agus don acmhainn laghdaithe astaíochta le linn í a bheith ag rith ar bhithbhreoslaí. Ní bheidh feidhm ag an laghdú seo ach amháin i gcás ina soláthraíonn 30 % ar a laghad de na stáisiúin peitril sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil tráchtála éadrom cláraithe an cineál seo breosla ailtéarnaigh a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta do bhithbhreoslaí atá leagtha amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Airteagal 7

Linn a dhéanamh

1.   Féadfaidh monaróirí feithiclí tráchtála éadroma nua, seachas monaróirí a mbeidh maolú deonaithe dóibh faoi Airteagal 11, linn a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh comhaontú chun linn a dhéanamh baint a bheith aige le 1 bhliain féilire nó níos mó ar choinníoll nach faide ná 5 bliana féilire ré fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith agus ní mór é a dhéanamh an 31 Nollaig nó roimhe sa chéad bhliain féilire a bhfuil linn astaíochtaí le déanamh ina leith. Maidir le monaróirí a dhéanann linn, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a)

na monaróirí a áireofar sa linn;

(b)

an monaróir a bheidh ainmnithe mar bhainisteoir na linne agus a bheidh mar phointe teagmhála don linn agus a bheidh freagrach as aon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc;

(c)

fianaise go mbeidh bainisteoir na linne in ann na hoibleagáidí faoi phointe (b) a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina mainneoidh bainisteoir beartaithe na linne an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do na monaróirí.

4.   Déanfaidh na monaróirí a áirítear i linn fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún maidir le haon athrú bainisteora linne nó maidir le haon athrú ar a stádas airgeadais, a mhéid a dhéanfaidh sé sin difear dá cumas an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc, agus maidir le haon athruithe ar chomhaltas na linne nó maidir le díscaoileadh na linne.

5.   Féadfaidh monaróirí socruithe linne a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE agus go gceadófar leis na comhaontuithe sin rannpháirtíocht oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann a bheith ina chomhalta den linn. Gan dochar d'infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir le linnte den sórt sin, áiritheoidh comhaltaí uile de chuid linne, go háirithe, nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise tarlú i gcomhthéacs a socraithe linne, ach amháin i leith na faisnéise seo a leanas:

(a)

na meánastaíochtaí sonracha CO2;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;

(c)

líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás inar cuid den ghrúpa céanna monaróirí bainteacha iad na monaróirí go léir a áirítear sa linn.

7.   Ach amháin i gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 3, measfar, maidir leis na monaróirí atá i linn a ndéantar faisnéis ina leith a chomhdú leis an gCoimisiún, gur monaróir amháin iad chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4. Déanfar an fhaisnéis fhaireacháin agus tuairiscithe i leith monaróirí aonair, agus i leith aon linnte chomh maith, a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

Airteagal 8

Faireachán agus tuairisciú ar na meánastaíochtaí

1.   I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2012 agus gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar mhodh trédhearcach.

2.   Faoin 28 Feabhra gach bliain, ag tosú sa bhliain 2013, cinnfidh gach Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún í. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát an tsraith iomlán sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1 a tharchur freisin.

4.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach de na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit faoin Airteagal seo agus beidh an clár sin ar fáil go poiblí. Faoin 30 Meitheamh 2013, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:

(a)

na meánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire roimhe sin;

(c)

an difríocht idir a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir faoina ríomh sealadach i gcomhair an mhonaróra sin. Áireofar san fhógra sonraí in aghaidh gach Ballstáit maidir le líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh agus maidir lena n-astaíochtaí sonracha CO2.

5.   Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad ina leith gur tharla an earráid ann.

6.   Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a gheofar ó mhonaróirí a bhreithniú agus déanfaidh sé, faoin 31 Deireadh Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú.

7.   Más rud é, maidir leis na blianta féilire 2012 agus 2013 agus ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh de bhun mhír 5, go ndealraíonn sé don Choimisiún go dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra sa bhliain sin thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don mhonaróir.

8.   I ngach Ballstát, is é an t-údarás inniúil chun na sonraí faireacháin a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

9.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le faireachán agus tuairisciú ar na sonraí faoin Airteagal seo agus maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 14(2).

Chun an taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17.

10.   Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an Airteagal seo, sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le clárú feithiclí i gcatagóirí M2 agus N2, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar feithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí a leathnaítear cineál-cheadú chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Airteagal 9

Préimh astaíochtaí iomarcacha

1.   Maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2014 agus maidir le gach bliain féilire ina dhiaidh sin, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar mhonaróir nó ar bhainisteoir linne, de réir mar is iomchuí, i gcás ina dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha.

2.   Maidir leis an bpréimh astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1, ríomhfar í de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

(a)

ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2018:

(i)

i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 3 g CO2/km) × EUR 95 + EUR 45) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(ii)

i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 2 g CO2/km ach nach mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 2 g CO2/km) × EUR 25 + EUR 20) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(iii)

i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 1 g CO2/km ach nach mó ná 2 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 1 g CO2/km) × EUR 15 + EUR 5) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(iv)

i gcás astaíochtaí iomarcacha nach mó ná 1 g CO2/km:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 5) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(b)

ón mbliain 2019 ar aghaidh:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 95) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn “astaíochtaí iomarcacha” an líon deimhneach gram in aghaidh an chiliméadair ar dá réir a chuaigh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, agus laghduithe astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí nuálacha formheasta i gcomhréir le hAirteagal 12 á gcur san áireamh, thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire nó sa chuid di a bhfuil feidhm ag an oibleagáid faoi Airteagal 4 maidir léi, agus an líon sin á chothromú go dtí na trí hionad dheachúla is gaire, agus

ciallaíonn “líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua” líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arb é an monaróir sin a monaróir agus a cláraíodh sa tréimhse sin de réir na gcritéar maidir le céimniú isteach a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Déanfaidh an Coimisiún socruithe mionsonraithe a ghlacadh maidir le bailiú préimheanna astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Feidhmíocht na monaróirí a fhoilsiú

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2013, agus faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta ina dtabharfar na mionsonraí seo a leanas i leith gach monaróra:

(a)

a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

(b)

a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(c)

an difríocht idir a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin;

(d)

meánastaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin;

(e)

meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.

2.   Ón 31 Deireadh Fómhair 2015 ar aghaidh, tabharfar le fios freisin sa liosta a fhoilseofar faoi mhír 1 cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 4 i leith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 11

Maoluithe do mhonaróirí áirithe

1.   Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar monaróir é atá freagrach as líon níos lú ná 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus ar monaróir é:

(a)

nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é; nó

(b)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é atá freagrach as líon is lú ná 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua san iomlán arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire; nó

(c)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é ach a oibríonn a shaoráidí táirgeachta féin agus a ionad dearthóireachta féin.

2.   Féadfar maolú a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 a dheonú ar feadh tréimhse uasta 5 bliana féilire. Déanfar iarratas chuig an gCoimisiún agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

ainm an mhonaróra agus ainm an duine teagmhála don mhonaróir;

(b)

fianaise go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a bheith aige faoi mhír 1;

(c)

mionsonraí na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mhonaraíonn sé, lena n-áirítear mais agus astaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí tráchtála éadroma sin; agus

(d)

sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh.

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. Beidh feidhm ag an maolú ón 1 Eanáir sa bhliain i ndiaidh an dáta a ndeonófar an maolú.

4.   Maidir le monaróir atá faoi réir maolaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, dá cháilitheacht chun maolú a bheith aige.

5.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, cibé acu ar bhonn fógra faoi mhír 4 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir cáilithe a thuilleadh chun an maolú a bheith aige, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir sa chéad bhliain féilire eile agus tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoin méid sin.

6.   I gcás nach ndéanann monaróir a sprioc i leith astaíochtaí sonracha a bhaint amach, forchuirfidh an Coimisiún an phréimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 9.

7.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go mír 6 den Airteagal seo, ar rialacha iad, inter alia, maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta i ndáil le maoluithe, maidir le hinneachar na n-iarratas agus maidir le hinneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus glacfar na rialacha sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17.

8.   Déanfar iarratais ar mhaolú, lena n-áirítear an fhaisnéis a thacaíonn leis, fógraí faoi mhír 4, cúlghairm faoi mhír 5 agus aon fhorchur préimhe astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 6 agus gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír 7, a chur ar fáil go poiblí, ach sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (13).

Airteagal 12

Éicea-nuálaíocht

1.   Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid. Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin le laghdú a dhéanamh ar sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

2.   Déanfaidh an Coimisiún forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha den sórt sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2012. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo. Beidh na forálacha mionsonraithe sin i gcomhréir leis na forálacha arna mbunú le hAirteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, agus beidh siad bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:

(a)

ní mór don soláthróir nó don mhonaróir a bheith cuntasach as coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid;

(b)

ní mór rannchuidiú fíoraithe maidir le laghdú CO2 a bheith ann mar thoradh ar na teicneolaíochtaí nuálacha;

(c)

ní mór nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí nuálacha leis an timthriall caighdeánach tástála chun CO2 a thomhas nó le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

3.   Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanann iarratas go bhformheasfar beart mar theicneolaíocht nuálach, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin arna dréachtú ag comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás idirghníomhaíocht ionchasach a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile atá formheasta cheana féin, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an laghdú a bhaintear amach a fhianú ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 2.

Airteagal 13

Athbhreithniú agus tuarascáil

1.   Faoin 1 Eanáir 2013, críochnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in Iarscríbhinn I agus ar na maoluithe in Airteagal 11 d'fhonn na nithe seo a leanas a shainiú:

na modulachtaí lena ndéanfar sprioc fhadtéarma 147 g CO2/km a bhaint amach ar mhodh costéifeachtach faoin mbliain 2020, ach sin faoi réir indéantacht na sprice sin a dhaingniú ar bhonn na dtorthaí nuashonraithe ó mheasúnú tionchair, agus

gnéithe chur chun feidhme na sprice sin, lena n-áirítear an phréimh astaíochtaí iomarcacha.

Ar bhonn athbhreithnithe den sórt sin agus an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis, ina n-áirítear measúnú foriomlán ar an tionchar ar thionscal na ngluaisteán agus ar na tionscail eile atá spleách air, déanfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ar shlí a bheidh chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, agus a bheidh cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus a bheidh inbhuanaithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin mbliain 2014 chun feithiclí chatagóirí N2 agus M2, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar feithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus feithiclí ar leathnaíodh cineál-cheadú chucu leo i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a áireamh sa Rialachán seo, d'fhonn an sprioc fhadtéarma a bhaint amach ón mbliain 2020 ar aghaidh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin mbliain 2014, tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, tuarascáil a fhoilsiú maidir le hinfhaighteacht na sonraí i leith an loirg agus an phálasta, agus maidir lena n-úsáid mar pharaiméadair fhóntais chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a chinneadh agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

4.   Faoin 31 Nollaig 2011, cuirfidh an Coimisiún nós imeachta ar bun chun luachanna ionadaíocha astaíochtaí CO2, barainneachta breosla agus mhais na bhfeithiclí críochnaithe a fháil, agus á áirithiú ag an am céanna go bhfuil rochtain thráthúil ag monaróir na bonnfheithicle ar mhais agus ar astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe.

5.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2016, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, chun an figiúr M0, dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin, a choigeartú do mheánmhais feithiclí tráchtála éadroma nua sna 3 bliana féilire roimhe sin.

Beidh éifeacht leis na coigeartuithe sin den chéad uair an 1 Eanáir 2018 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún feithiclí tráchtála éadroma a áireamh san athbhreithniú ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

Ó dháta chur i bhfeidhm an nós imeachta athbhreithnithe chun astaíochtaí CO2 a thomhas, ní dhéanfar teicneolaíochtaí nuálacha a fhormheas a thuilleadh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 12.

Déanfaidh an Coimisiún feithiclí tráchtála éadroma a áireamh san athbhreithniú ar Threoir 2007/46/CE i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

Chun go léireofar aon athrú ar an nós imeachta tástála rialála i gcomhair astaíochtaí sonracha CO2 a thomhas, déanfaidh an Coimisiún na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17.

Airteagal 14

An nós imeachta Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, arna bhunú le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (14), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(9), in Airteagal 11(7), in Airteagal 13(5) agus sa cheathrú fomhír d'Airteagal 13(6) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse 5 bliana ón 3 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 16

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(9), in Airteagal 11(7), in Airteagal 13(5) agus sa cheathrú fomhír d'Airteagal 13(6) a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean cumhachta le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir a cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 17

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a thugtar an fógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Bealtaine 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 157.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 31 Márta 2011.

(3)  IO L 33, 7.2.1994, lch. 11.

(4)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 136.

(5)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(6)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 1.

(7)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 1.

(8)  IO L 12, 18.1.2000, lch. 16.

(9)  IO L 82, 29.3.2003, lch. 33.

(10)  IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

(11)  IO L 57, 2.3.1992, lch. 27.

(12)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(13)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(14)  IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

SPRIOCANNA I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2

1.

Maidir le hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime, arna dtomhas i ngraim in aghaidh an chiliméadair, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:

(a)

ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2017:

Na hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 = 175 + a × (M – M0)

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

1 706,0

a

=

0,093;

(b)

ón mbliain 2018 ar aghaidh:

Na hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 = 175 + a × (M – M0)

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach a ghlacfar de bhun Airteagal 13(5)

a

=

0,093.

2.

Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir i mbliain féilire ar leith a ríomh mar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime nua arna clárú sa bhliain féilire sin arb é an monaróir sin a monaróir.


IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ

A.   Sonraí a bhailiú maidir le feithiclí tráchtála éadroma nua agus faisnéis fhaireacháin CO2 a chinneadh

1.

I gcás na bliana dar tús 1 Eanáir 2012 agus i gcás gach bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit na mionsonraí seo a leanas a thaifeadadh i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime nua a chlárófar ar a chríoch:

(a)

an monaróir;

(b)

a cineál, a athraitheach agus a leagan;

(c)

a hastaíochtaí sonracha CO2 (g/km);

(d)

a mais (kg);

(e)

a rothfhad (mm);

(f)

leithid riain an acastóra stiúrtha (mm) agus an acastóra eile (mm);

(g)

a mais uasta ualaithe atá ceadaithe go teicniúil (i kg) de bhun Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

2.

Maidir leis na mionsonraí dá dtagraítear i bpointe 1, gheofar iad ó dheimhniú comhréireachta na feithicle ábhartha tráchtála éadroime. I gcás ina ndéantar mais íosta agus mais uasta araon d'fheithicil tráchtála éadrom a shonrú ar an deimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr uasta amháin chun críche an Rialacháin seo. I gcás feithiclí débhreoslaithe (peitreal/gás), a bhfuil figiúirí i leith astaíochtaí sonracha CO2 le haghaidh an dá chineál breosla ar a ndeimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr arna thomhas don ghás.

3.

I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2012 agus i gcás gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas a chinneadh, i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear i gCuid B den Iarscríbhinn seo, maidir le gach aon mhonaróir:

(a)

líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear ar a chríoch;

(b)

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2, mar atá sonraithe i bpointe 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(c)

an mheánmhais, mar atá sonraithe i bpointe 3 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(d)

maidir le gach aon leagan de gach aon athraitheach de gach aon chineál feithicle tráchtála éadroime nua:

(i)

líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear ar a chríoch, mar atá sonraithe i bpointe 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(ii)

na hastaíochtaí sonracha CO2;

(iii)

an mhais;

(iv)

lorg na feithicle, mar atá sonraithe i bpointe 5 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(v)

an pálasta.

B.   Modheolaíocht chun faisnéis fhaireacháin CO2 a chinneadh d'fheithiclí tráchtála éadroma nua

Maidir leis an bhfaisnéis fhaireacháin a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a chinneadh i gcomhréir le pointe 3 de Chuid A den Iarscríbhinn seo, cinnfear í i gcomhréir leis an modheolaíocht a shonraítear sa Chuid seo.

1.   Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear (N)

Cinnfidh na Ballstáit líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear ar a gcríoch sa bhliain faireacháin lena mbaineann (N).

2.   Meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua (Save)

Déantar meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 do gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear de chéad uair ar chríoch Ballstáit sa bhliain faireacháin (Save) a ríomh trí shuim na n-astaíochtaí sonracha CO2 do gach aon fheithicil nua ar leith, S, a roinnt ar líon na bhfeithiclí nua, N.

Save = (1/N) × Σ S

3.   Meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua

Déantar meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a chláraítear ar chríoch Ballstáit sa bhliain fhaireacháin (Mave) a ríomh trí shuim mhais gach aon fheithicle nua ar leith, M, a roinnt ar líon na bhfeithiclí nua, N.

Mave = (1/N) × Σ M

4.   Feithiclí tráchtála éadroma nua a dháileadh de réir leagain

Maidir le gach aon leagan de gach aon athraitheach de gach aon chineál feithicle tráchtála éadroime nua, tá líon na bhfeithiclí nuachláraithe, mais na bhfeithiclí, na hastaíochtaí sonracha CO2, rothfhad, leithid riain agus mais uasta ualaithe na feithicle atá ceadaithe go teicniúil le taifeadadh.

5.   Lorg

Déanfar lorg na feithicle a ríomh trí rothfhad na feithicle a iolrú faoi mheánleithead riain na feithicle.

6.   Pálasta

Saineofar pálasta na feithicle mar an difríocht idir an mhais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil, de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, agus mais na feithicle.

7.   Feithiclí críochnaithe

I gcás feithiclí ilchéime, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 fheithiclí críochnaithe a leithdháileadh chuig monaróir na bonnfheithicle.

Chun a áirithiú go mbeidh luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus na barainneachta fuinnimh agus mais na bhfeithiclí críochnaithe ionadaíoch, gan ualach iomarcach a chur ar mhonaróir na bonnfheithicle, déanfaidh an Coimisiún nós imeachta faireacháin sainiúil a chur ar aghaidh agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha um chineál-cheadú agus déanfaidh sé na leasuithe is gá ina thaobh sin faoin 31 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.

Nuair atá nós imeachta den sórt sin á shainiú aige, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, an tslí a ndéanfar faireachán ar an luach maise agus ar an luach CO2 a chinneadh, agus beidh sé sin bunaithe ar thábla luachanna CO2 atá comhfhreagrach le haicmí éagsúla meáchain táimhe chríochnaithigh nó ar aon luach CO2 amháin a dhíorthaítear ó mhais na bonnfheithicle móide mais bhreise réamhshocraithe arna difreálú de réir aicme N1. Sa chás deireanach sin, d'úsáidfí an mhais sin le haghaidh Chuid C den Iarscríbhinn seo.

Áiritheoidh an Coimisiún freisin go mbeidh rochtain thráthúil ag monaróir na bonnfheithicle ar mhais agus astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe.

C.   An fhormáid chun na sonraí a tharchur

I gcás gach bliana, déanfaidh na Ballstáit tuairisc a thabhairt sna formáidí seo a leanas faoi na sonraí a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A den Iarscríbhinn seo do gach aon mhonaróir:

Roinn 1 —   Sonraí faireacháin comhiomlánaithe

Ballstát (1):

 

Bliain:

 

Foinse sonraí:

 


Monaróir

Líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear

Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua ag a bhfuil luach astaíochta

Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua ag a bhfuil luach maise

Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua ag a bhfuil luach rothfhaid

Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua ag a bhfuil luach leithid riain acastóra stiúrtha

Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua ag a bhfuil luach leithid riain acastóra eile

(Monaróir 1)

(Monaróir 2)

Iomlán na monaróirí go léir

Roinn 2 —   Sonraí faireacháin mionsonraithe

Ainm monaróra

Aicmiú caighdeánach AE

Ainm monaróra

Aicmiú caighdeánach náisiúnta

Ainm monaróra

Aicmiú na Clárlainne Náisiúnta

Cineál

Athraitheach

Leagan

Déanamh

Ainm tráchtála

Catagóir an chineáil feithicle fhormheasta

Catagóir na feithicle cláraithe

Líon iomlán na gclárúchán nua

Astaíochtaí sonracha CO2

(g/km)

Mais

(kg)

Mais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil

(Kg)

Rothfhad

(mm)

Leithead riain acastóra stiúrtha

(mm)

Leithead riain acastóra eile

(mm)

Cineál breosla

Modh breosla

Toilleadh

(cm3)

Ídiú fuinnimh leictrigh

(Wh/km)

Teicneolaíocht nuálach nó cód grúpa teicneolaíochtaí nuálacha

Laghdú astaíochtaí trí theicneolaíochtaí nuálacha

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 1

Athraitheach 1

Leagan 1

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 1

Athraitheach 1

Leagan 2

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 1

Athraitheach 2

Leagan 1

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 1

Athraitheach 2

Leagan 2

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 2

Athraitheach 1

Leagan 1

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 2

Athraitheach 1

Leagan 2

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 2

Athraitheach 2

Leagan 1

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

Cineál 2

Athraitheach 2

Leagan 2

 

Mon. 1

Mon. 1

Mon. 1

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 1

Athraitheach 1

Leagan 1

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 1

Athraitheach 1

Leagan 2

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 1

Athraitheach 2

Leagan 1

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 1

Athraitheach 2

Leagan 2

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 2

Athraitheach 1

Leagan 1

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 2

Athraitheach 1

Leagan 2

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 2

Athraitheach 2

Leagan 1

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

Cineál 2

Athraitheach 2

Leagan 2

 

Mon. 2

Mon. 2

Mon. 2

 


(1)  Cóid ISO 3166 alpha-2, cé is moite den Ghréig agus den Ríocht Aontaithe ar ina leith a úsáidtear na cóid “EL” agus “UK” faoi seach.


Top