EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0767

Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 229, 1.9.2009, p. 1–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 03 Volume 035 P. 181 - 208

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 26/12/2018

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/767/oj

1.9.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé ar cheann de chuspóirí bunúsacha dhlí an bhia féachaint le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaint amach, ar cuspóir é a leagtar síos i ialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (3). Bunaíodh freisin, leis an Rialachán sin, an cur chuige feirm-go-forc lena n-aithnítear an bheatha mar chéim íogair ag tús an bhiashlabhra. Is é ceann de chuspóirí bunúsacha an Rialacháin seo ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a áirithiú.

(2)

Is críoch thábhachtach do tháirgí talmhaíochta Eorpacha é táirgeadh beatha, ó tharla gur táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Chonradh iad formhór na n-ábhar a úsáidtear le haghaidh beatha a tháirgeadh. Ina theannta sin, tá beatha fíorthábhachtach don 5 mhilliún feirmeoir beostoic sa Chomhphobal de bhrí gurb í an bheatha an costas is mó.

(3)

D’fhéadfadh beatha a bheith i bhfoirm ábhar beatha, beatha cumaisc, breiseán beatha, réamh-mheascáin nó ábhar íocleasaithe beathúcháin. Leagtar amach na rialacha a bhaineann le breiseáin bheatha a chur ar an margadh i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a úsáidtear i gcothú ainmhithe (4) agus leagtar amach na rialacha a bhaineann le hábhair íocleasaithe beathúcháin i dTreoir 90/167/CEE ón gComhairle an 26 Márta 1990 lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear ábhair íocleasaithe beathúcháin a ullmhú, a chur ar an margadh agus a úsáid sa Chomhphobal (5).

(4)

Ní mór an reachtaíocht atá ann maidir le hábhair bheatha agus le beatha chumaisc, lena n-áirítear bia peataí, a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid, eadhon Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le hábhair chumaisc beathúcháin a chur i gcúrsaíocht (6), Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha atá beartaithe chun críocha cothaitheacha áirithe (7) (‘beatha dhiaitéiteach’), Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le hábhair bheatha a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid (8) agus Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (9) (bithphróitéiní), a thabhairt cothrom le dáta agus rialachán amháin a chur ina hionad. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart go n-aisghairfí Treoir 83/228/CEE ón gComhairle an 18 Aibreán 1983 maidir le treoirlínte a shocrú le haghaidh measúnú a dhéanamh ar tháirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (10) agus Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 1980 lena n-údaraítear, i gcásanna áirithe, ábhair chumaisc beathúcháin a chur ar an margadh i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe (11).

(5)

Mar thoradh ar aisghairm Threoir 79/373/CEE leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaí Treoir 93/113/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1993 maidir le húsáid agus margú einsímí, miocrorgánach agus a n-ullmhóidí i gcothú ainmhithe (12) a aisghairm freisin. Chomh maith leis sin, i bhfianaise aisghairm Threoir 79/373/CEE, agus ós rud é go n-áirítear rialacha maidir le lipéadú ábhar beathúcháin ina bhfuil breiseáin sa Rialachán seo, ba cheart Airteagal 16 de Threoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheathúcháin (13), a bhí fós i bhfeidhm i ndiaidh aisghairm Threoir 70/524/CEE le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, a aisghairm.

(6)

Murab ionann agus bia, faoi mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní áirítear uisce sa sainmhíniú ar bheatha. Thairis sin, ós rud é nach ndéantar uisce a mhargú chun críocha cothaithe ainmhithe, níor cheart go n-áireofaí faoin Rialachán seo coinníollacha maidir le huisce a úsáid i gcothú ainmhithe. Ba cheart, áfach, go mbeadh feidhm aige maidir le beatha a dhéantar a riar in uisce. Tagann úsáid uisce ag gnóthais beatha faoi Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinteachas beatha (14), lena sonraítear gur cheart uisce glan a úsáid cibé uair is gá chun cosc a chur ar éilliú a d’fhéadfadh a bheith guaiseach agus gur cheart gur de cháilíocht oiriúnach a bheadh an t-uisce a úsáidtear i monarú beatha.

(7)

I bhfianaise bhaol éillithe an tslabhra beatha agus an bia, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le beatha do bhia-ainmhithe agus d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad araon, lena n-áirítear ainmhithe fiáine.

(8)

Maidir le freagrachtaí na n-oibreoirí gnóthais bheatha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ba cheart go mbeadh feidhm acu, mutatis mutandis, maidir le beatha d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

(9)

D’fhonn a cheangal go ndéanfaí de réir an Rialacháin seo, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit seiceálacha oifigiúla i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú seiceálacha oifigiúla chun comhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (15). Ba cheart go n-áireodh na seiceálacha sin na sonraí sainordaitheacha lipéadaithe agus na sonraí deonacha lipéadaithe. D’fhonn go bhféadfar seiceáil a dhéanamh ar na sonraí comhdhéanaimh, ba cheart lamháltais inghlactha a leagan amach do na luachanna lipéadaithe.

(10)

Le go mbeifear in ann bainisteoireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le sábháilteacht beatha, ba cheart go gcoimeádfaí liosta d’ábhair a bhfuil toirmeasc ar a gcur ar an margadh chun críocha cothaithe ainmhithe, dá bhforáiltear faoi láthair i gCinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (16) an 1 Márta 2004, mar aon le liosta ábhar a bhfuil srian ar a gcur ar an margadh chun críocha cothaithe ainmhithe, agus an liosta sin a áireamh in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Níor cheart an chiall a bhaint as an Iarscríbhinn sin a bheith ar marthain, áfach, go bhféadfar a mheas go bhfuil na táirgí go léir nach bhfuil liostaithe sábháilte iontu féin.

(11)

Bíonn impleachtaí ag an idirdhealú a dhéantar idir ábhair bheatha, breiseáin bheatha agus táirgí eile amhail drugaí tréidliachta do na coinníollacha le haghaidh táirgí den sórt sin a chur ar an margadh. Úsáidtear ábhair bheatha go príomha chun riachtanais ainmhithe a chomhlíonadh, mar shampla chun fuinneamh, cothaithigh, mianraí nó snáithíní cothaitheacha a sholáthar. Ní gnách dóibh a bheith dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de seachas i gcás na mbun-chomhábhar cothaitheach. Na héifeachtaí ar féidir iad a chosaint de réir measúnaithe eolaíoch agus a bhaineann go heisiach le breiseáin bheatha nó le drugaí tréidliachta, ba cheart iad a eisiamh ó úsáidí oibiachtúla na n-ábhar beatha. Is oiriúnach, dá bhrí sin, treoirlínte neamhcheangailteacha a tharraingt suas chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha sin táirgí. I gcásanna ina mbeidh údar cuí leo, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún a shoiléiriú cibé an beatha chun críocha an Rialacháin seo atá i dtáirge.

(12)

Chruthaigh an sainmhíniú ar ábhair chomhlántacha beathúcháin atá i dTreoir 79/373/CEE fadhbanna don chur i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla. Is iomchuí an t-idirdhealú a shoiléiriú idir ábhair chomhlántacha beathúcháin agus réamh-mheascáin chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 a chur i bhfeidhm.

(13)

D’fhonn go mbeifear in ann an reachtaíocht a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, níor cheart go rachadh breiseáin in ábhair bheatha agus i mbeatha chomhlántach thar leibhéal áirithe. Mar sin féin, féadfar beatha ard-tiubhaithe, amhail buicéid líreacáin ina bhfuil mianraí, a úsáid le haghaidh beathú díreach má chomhlíonann a comhdhéanamh an chríoch cothaithe áirithe i ndáil leis an úsáid ábhartha atá beartaithe. Ba cheart go mbeadh na coinníollacha úsáide lena rialaítear beatha den sórt sin luaite ar an lipéadú lena áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le breiseáin bheatha a bheith sa chandam laethúil.

(14)

Tá sé mar aidhm ag Treoir 82/471/CEE feabhas a chur ar an soláthar beatha a úsáidtear mar fhoinsí díreacha agus mar fhoinsí indíreacha próitéine sa Chomhphobal. Ceanglaítear, leis an Treoir sin, nós imeachta um údarú réamh-mhargaíochta do gach bithphróitéin a d’fhéadfadh a bheith ann. Níor eisíodh ach fíorbheagán údaruithe nua go dtí seo, áfach, agus is léir go bhfuil ganntanas beatha ar mhórán próitéine ann fós. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil éifeacht dhiúltach ag an gceanglas ginearálta um údarú réamh-mhargaíochta, agus go bhféadfaí ina ionad sin dul i ngleic le rioscaí don tsábháilteacht trí thoirmeasc a chur, trí bhíthin an fhaireachais mhargaidh, ar tháirgí a mbeadh riosca ag gabháil leo. I gcásanna ina bhfuil toradh diúltach ar an measúnú riosca ar bhithphróitéin, ba cheart toirmeasc a chur ar a cúrsaíocht nó ar a húsáid. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí deireadh leis an gceanglas speisialta i leith nós imeachta ginearálta um údarú réamh-mhargaíochta do na bithphróitéiní agus go mbeadh an córas sábháilteachta céanna ann do tháirgí den sórt sin agus atá ann do na hábhair bheatha eile go léir. Níor cheart go ndéanfaí difear do na srianta nó don toirmeasc atá ann cheana ar bhithphróitéiní áirithe.

(15)

Is léir go bhfuil forálacha Threoir 93/74/CEE, arna gcur chun feidhme le Treoir 2008/38/CE ón gCoimisiún an 5 Márta 2008 lena mbunaítear liosta d’úsáidí atá beartaithe d’ábhair beathúcháin ainmhithe chun críocha cothaitheacha áirithe (17), ag feidhmiú go maith. Ba cheart, dá bhrí sin, an liosta d’úsáidí atá beartaithe arna bhunú amhlaidh a choimeád agus ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo lena uasdátú. Ba cheart, go háirithe, go rachfaí i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht beatha den sórt sin nuair atá cúiseanna ann lena chreidiúint, bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch atá ar fáil, go mb’fhéidir nach gcomhlíonfadh úsáid a bhaint as an mbeatha faoi chaibidil an cuspóir cothaitheach áirithe atá beartaithe di nó go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aici ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol nó ar leas ainmhithe.

(16)

Ba cheart go mbeadh bunús eolaíoch a thabhairt ar an bpríomhthoisc a chuirfí san áireamh chun maíomh a dhéanamh i leith beatha, agus ba cheart go mbeadh oibreoirí ghnóthais bheatha in ann bunús a thabhairt do na maímh sin. Féadfar bunús eolaíoch a thabhairt do mhaímh trí iomlán na sonraí eolaíocha atá ar fáil a chur san áireamh agus tríd an bhfianaise a mheas.

(17)

Is chun críocha an fhorghníomhaithe, an inrianaitheachta agus an rialaithe a fhónann an lipéadú. Lena chois sin, ba cheart go dtabharfadh an lipéadú an fhaisnéis is gá do cheannaitheoirí le go mbeidh siad in ann an rogha is fearr a dhéanamh de réir a riachtanas féin, agus ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sin comhsheasmhach, soiléir, trédhearcach agus intuigthe. Ós rud é nach é ag an díolphointe amháin, áit inar féidir leo pacáistiú na beatha a scrúdú, a dhéanann na ceannaitheoirí, go háirithe feirmeoirí beostoic, a roghanna, caithfidh feidhm a bheith ag na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis ar an lipéadú maidir leis na lipéid atá ar na táirgí, ach ní amháin sin, caithfidh feidhm a bheith acu freisin maidir le cineálacha eile cumarsáide idir an díoltóir agus an ceannaitheoir. Thairis sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na prionsabail sin freisin maidir le cur i láthair agus fógraíocht bheatha.

(18)

Cuirtear faisnéis shainordaitheach agus faisnéis dheonach ar fáil leis an lipéadú. Ba cheart go mbeadh na ceanglais ghinearálta um lipéadú agus na ceanglais shonracha d’ábhair bheatha nó do bheatha chumaisc, faoi seach, mar aon le ceanglais bhreise i gcás beatha diaitéití, ábhar éillithe agus bia peataí tugtha le chéile san fhaisnéis shainordaitheach.

(19)

Níl an cás mar atá faoi láthair sásúil a mhéid a bhaineann le heisíontais cheimiceacha de thoradh phróiseas monaraíochta na n-ábhar bia agus de thoradh na n-áiseanna próiseála. D’fhonn ardleibhéal sábháilteachta beatha, agus ar an tslí sin ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a áirithiú, agus d’fhonn feabhas a chur ar thrédhearcacht, ba cheart forálacha a ghlacadh lena leagtar síos leibhéil inghlactha eisíontas ceimiceach den sórt sin i comhréir leis an dea-chleachtas dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005.

(20)

Tá ag éirí go maith leis an bprionsabal nach gá ach breiseáin bheatha áirithe a lipéadú a luaithe a mbíonn siad in úsáid in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc. Caithfear uasdátú agus nuachóiriú a dhéanamh ar an gcatagóiriú a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, toisc freisin go bhféadfadh cuid den lipéadú ar bhreiseáin mearbhall a chur ar úinéirí peataí, go háirithe.

(21)

Mar thoradh ar an ngéarchéim maidir le heinceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB) agus ar an ngéarchéim dé-ocsaine, tugadh isteach in 2002 le Treoir 2002/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanair 2002 lena leasaítear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle maidir le hábhair chumaisc beathúcháin a chur i gcúrsaíocht (18), ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa, an oibleagáid go sonrófaí céatadán de réir meáchain na n-ábhar beatha uile a ionchorpraítear i mbeatha chumaisc. Thairis sin, tá feabhas mór tagtha ar an leibhéal sábháilteachta bia agus beatha mar thoradh ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 agus a mbearta cur chun feidhme, go háirithe mar thoradh ar an mbéim a leagtar ar fhreagracht na n-oibreoirí gnóthais bheatha agus bia, an córas feabhsaithe inrianaitheachta, an prionsabal ainilíse guaise agus pointí criticiúla rialaithe (HACCP) a bheith tugtha isteach i ngnóthais bheatha, agus treoirleabhair i leith dea-chleachtais shláinteachais i ngnóthais bheatha a chruthú. I bhfianaise an dul chun cinn dearfach seo, arna léiriú sna fógraí chuig an gCóras Mear-Fholáirimh um Bia agus Beatha (RASFF), níl gá a thuilleadh leis an oibleagáid céatadán de réir meáchain na n-ábhar beatha uile a ionchorpraítear i mbeatha chumaisc a shonrú ar an lipéadú chun ardleibhéal sábháilteachta beatha, agus ar an tslí sin ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí, a áirithiú. Féadfar na céatadáin chruinne a chur ar fáil, áfach, ar bhonn deonach chun faisnéis dhóthanach a thabhairt do cheannaitheoirí. Sa bhreis air sin, ós rud é go bhfuil rochtain ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis i dtaobh chéatadáin chruinne de réir meáchain na n-ábhar beatha uile a ionchorpraítear i mbeatha chumaisc, ba cheart go bhféadfaidís, ar fhoras aon phráinne a bhaineann le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe nó a bhaineann leis an gcomhshaol, agus i gcomhréir le Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (19), tuilleadh faisnéise a thabhairt do cheannaitheoirí.

(22)

Lena áirithiú go dtugtar an fhaisnéis iomchuí don cheannaitheoir, agus ionas nach gcuirfear amú é, ba cheart a cheangal, áfach, go gcaithfí an céatadán cruinn de réir meáchain a shonrú sna cásanna sin ina leagtar béim, ar lipéadú bheatha chumaisc, ar an ábhar beatha lena mbaineann.

(23)

Tá faisnéis thábhachtach maidir le sonraí comhdhéanaimh á soláthar cheana féin nuair a shonraítear, in ord íslitheach de réir meáchain, na hábhair bheatha a ionchorpraítear i mbeatha chumaisc. I réimsí áirithe, nach bhfuil oibleagáid ar an táirgeoir sonraí a lipéadú iontu, ba cheart go mbeadh an custaiméir in ann faisnéis bhreise a iarraidh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart corrlach de ± 15 % den luach fógartha a choimeád.

(24)

Ba cheart cearta maoine intleachtúla na dtáirgeoirí a chosaint. Maidir le forfheidhmiú na gceart maoine intleachtúla sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir 2004/48/CE. Ba cheart a aithint freisin gur féidir comhdhéanamh cainníochtúil beatha chumaisc, murab ionann agus ainmneacha na n-ábhar beatha atá iontu, a mheas, faoi choinníollacha áirithe, mar fhaisnéis faoi rún nach mór a chosaint.

(25)

Níl feidhm ag Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (20) maidir le lipéadú beatha ina bhfuil leibhéil iomarcacha de shubstaintí neamh-inmhianaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos d’fhonn lipéadú leordhóthanach a áirithiú, mar aon le cur chun feidhme cuí an toirmisc chaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Treoir sin, go dtí go ndéanfaidh bunaíocht díthocsainithe, arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ábhair éillithe den sórt sin a dhíthocsainiú, nó go mbeidh na hábhair éillithe sin glanta.

(26)

Ba cheart foráil do mhaoluithe ó na ceanglais ghinearálta um lipéadú a mhéid is nach gá cur i bhfeidhm na gceanglas sin chun sláinte an duine nó sláinte ainmhithe nó leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus gur ualach mhíchuí a bheadh iontu ar an táirgeoir nó ar na hoibreoirí gnóthais bheatha atá freagrach as an lipéadú. Ar bhonn na taithí atá faighte, ba cheart foráil do mhaoluithe den sórt sin, go háirithe i ndáil le beatha a sheachadann feirmeoir amháin go feirmeoir eile lena húsáid ar a fheirm, maidir le cainníochtaí beaga, maidir le beatha chumaisc nach bhfuil níos mó ná trí ábhar beatha inti agus maidir le meascáin de lánghráin phlandaí, síolta agus torthaí.

(27)

Mar riail ghinearálta, ba cheart beatha chumaisc a mhargú i gcoimeádáin shéalaithe, ach ba cheart foráil do mhaoluithe iomchuí a mhéid nach mbeidh cur i bhfeidhm an cheanglais sin riachtanach chun sláinte an duine nó sláinte ainmhithe nó chun leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus gur ualach iomarcach a bheadh iontu ar oibreoirí gnóthais bheatha.

(28)

Tá liostaí i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/25/CE agus i gcolún 2 go colún 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 82/471/CEE ina bhfuil ainmníochtaí, tuairiscí agus forálacha um lipéadú maidir le hábhair beatha áirithe. Cabhraíonn na liostaí sin leis an táirgeoir agus leis an gceannaitheoir faisnéis a mhalartú maidir le hairíonna na dtáirgí. Cleachtadh dearfach a bhí ann tríd is tríd páirtithe leasmhara a spreagadh chun caighdeáin dheonacha a shocrú trí bhíthin treoirlínte Comhphobail i réimse an tsláinteachais bheatha. D’fhéadfadh na páirtithe leasmhara liostú níos leithne, a bheadh níos solúbtha agus níos oiriúnaí maidir le riachtanais faisnéise an úsáideora, a chur i gcrích ná dá mbeadh an liostú sin á dhéanamh ag an reachtóir. Féadfaidh na geallsealbhóirí a chinneadh cén dua a chaithfidh siad leis seo ag brath ar fhiúntas liosta na n-ábhar beatha dóibh. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, go mbunófaí Catalóg neamh-uileghabhálach d’ábhair bheatha a bheidh in úsáid ag na hoibreoirí gnóthais bheatha ar bhonn deonach, ach amháin maidir leis an úsáid a bhaintear as ainm an ábhair beatha.

(29)

Ba cheart gurb iad na liostaí atá ann faoi láthair d’ábhair bheatha atá i gcuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/25/CE agus i gcolún 2 go colún 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 82/471/CEE a bheadh mar chéad leagan de Chatalóg Chomhphobail na n-ábhar beatha. Ba cheart go ndéanfaí an chéad leagan sin a fhorlíonadh ina dhiaidh sin ar thionsncamh na ngeallsealbhóirí i gcomhréir lena leasanna féin, lena n-áirítear trí ábhair bheatha nua a bheidh ag teacht chun cinn a chur leis.

(30)

Ar mhaithe leis an trédhearcacht, is iomchuí go dtabharfaí fógra d’ionadaithe na ngeallsealbhóirí faoi ábhar beatha nach bhfuil liostaithe sa chatalóg a luaithe a chuirtear ábhar beatha den sórt sin ar an margadh den chéad uair.

(31)

Tríd an lipéadú nua-aimseartha, éascaítear timpeallacht iomaíoch margaidh a chruthú inar féidir le hoibreoirí fuinniúla, éifeachtúla, nuálacha úsáid iomlán a bhaint as an lipéadú chun a dtáirgí a dhíol. Ag féachaint don chaidreamh gnóthas-le-gnóthas a bhíonn ann agus beatha beostoic á cur ar an margadh, agus ag féachaint don chaidreamh idir an táirgeoir agus an ceannaitheoir bia peataí, d’fhéadfadh Cóid um dhea-lipéadú sa dá réimse sin a bheith úsáideach mar mheán chun cuspóirí an lipéadaithe nua-aimseartha a bhaint amach. Ba cheart go leagfaí forálacha síos leis na Cóid sin a chuirfeadh ar chumas an cheannaitheora roghanna láneolais a dhéanamh. Ba cheart go dtabharfaí iontu, freisin, treoir thábhachtach ar na gnéithe difriúla den lipéadú don duine atá freagrach as an lipéadú. Féadfaidh na forálacha sin a bheith mar chabhair i léirmhíniú an chreata don lipéadú deonach nó mar a chuirtear lipéadú sainordaitheach i láthair. Ba cheart na Cóid a úsáid ar bhonn deonach, ach amháin i gcásanna ina mbeidh úsáid na gCód sonraithe sa lipéadú.

(32)

Tá sé ríthábhachtach, chun cáilíocht agus oiriúnacht na Catalóige agus na gCód um dhea-lipéadú a áirithiú, go mbeadh na páirtithe uile rannpháirteach ann. D’fhonn an ceart atá ag úsáideoirí chun faisnéise iomchuí a neartú, caithfear a leasanna a chur san áireamh. Is féidir é sin a áirithiú tríd an gCatalóg agus na Cóid a fhormheas ag an gCoimisiún, ar an gcuntar go mbeidh inneachar na Catalóige agus na gCód praticiúil agus go mbeidh siad oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(34)

Is gá idirthréimhse, go háirithe i ndáil le beatha a fhónann do chríoch chothaithe ar leithligh agus i ndáil leis an leibhéal inghlactha d’eisíontais cheimiceacha a eascraíonn as an bpróiseas monaróireachta agus as áiseanna próiseála. Ba cheart go gceadófaí freisin an stoc atá ann a mhargú go dtí go mbeidh an stoc sin ídithe. Thairis sin, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí coinníollacha a shonrú faoina bhféadfar beatha a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo roimh dháta a fheidhmithe.

(35)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhchuibhiú na gcoinníollacha chun beatha a chur ar an margadh agus a úsáid d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta beatha a áirithiú, agus ar an tslí sin ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a áirithiú, chomh maith le faisnéis dhóthanach d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí a sholáthar mar aon le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a neartú, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (21).

(37)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta d’ábhair a sriantar nó a dtoirmisctear a n-úsáid mar bheatha a leasú, beatha atá beartaithe chun críocha cothaitheacha áirithe a údarú, liosta catagóirí um lipéadú le haghaidh ábhar beatha d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, seachas ainmhithe fionnaidh, a bhunú, leasuithe a ghlacadh ar an gCatalóg lena socraítear inneachar uasta na n-eisíontas ceimiceach nó na leibhéal d’íontais luibheacha nó na leibhéal taise nó na sonraí a chuirtear in ionad an dearbhaithe éigeantaigh d’fhonn go ndéanfaí na hIarscríbhinní a chur in oiriúint i bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha agus bearta idirthréimhseacha a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí neamhriachtanacha nua, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(38)

Ar fhorais éifeachtúlachta, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun nuashonruithe ar an liosta d’úsáidí atá beartaithe a ghlacadh. Más rud é, ar mhórfhorais phráinne, nach féidir gnáth-theorainneacha ama an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe a ghlacadh ar an liosta d’ábhair a bhfuil srian nó toirmeasc ar a gcur ar an margadh nó ar a n-úsáid chun críocha cothaitheacha ainmhithe.

(39)

Le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 leagtar síos forálacha um lipéadú agus pacáistiú breiseán beatha agus réamh-mheascáin beatha. Chothaigh cur chun feidhme na rialacha maidir le réamh-mheascáin, go háirithe, fadhbanna praiticiúla don tionscal agus do na húdaráis inniúla. D’fhonn go mbeifear in ann lipéadú níos comhsheasmhaí a dhéanamh ar réamh-mheascáin, ba cheart an tAirteagal sin a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Cuspóir

I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, is é cuspóir an Rialacháin seo comhchuibhiú a dhéanamh ar na coinníollacha chun beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta beatha a áirithiú, agus ar an tslí sin ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a áirithiú, mar aon le faisnéis leordhóthanach a sholáthar d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a neartú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha chun beatha do bhia-ainmhithe agus d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad araon a chur ar an margadh agus a úsáid laistigh den Chomhphobal, lena n-áirítear ceanglais maidir le lipéadú, le pacáistiú agus le cur i láthair.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha eile Comhphobail is infheidhme maidir le cothú ainmhithe, go háirithe:

(a)

Treoir 90/167/CEE;

(b)

Treoir 2002/32/CE;

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos na rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (22);

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte a bhaineann le fotháirgí ainmhíocha nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine (23);

(e)

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (24);

(f)

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (25);

(g)

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003; agus

(h)

Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus le lipéadú táirgí orgánacha (26).

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le huisce a ólfaidh na hainmhithe go díreach nó uisce a ionchorprófar sa bheatha d’aon ghnó. Beidh feidhm aige, áfach, le beatha atá ceaptha a riar in uisce.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas

(a)

na sainmhínithe ar ‘beatha’, ‘gnóthas beatha’, agus ‘a chur ar an margadh’ faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 iad;

(b)

na sainmhínithe ar ‘breiseán bia’, ‘réamh-mheascán’, ‘áiseanna próiseála’ agus ‘candam laethúil’ faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 iad; agus

(c)

na sainmhínithe ar ‘bunaíocht’ agus ar ‘údarás inniúil’ faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 iad.

2.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn ‘oibreoir gnóthais bheatha’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo laistigh den ghnóthas beatha faoina rialú;

(b)

ciallaíonn ‘beathú ainmhithe trína mbéil’ beatha a chur isteach i gconair ghastraistéigeach ainmhí, trína bhéal, agus é mar aidhm leis sin riachtanais chothaitheacha an ainmhí a chomhlíonadh agus/nó táirgiúlacht ghnáthainmhithe sláintiúla a chothabháil;

(c)

ciallaíonn ‘bia-ainmhí’ aon ainmhí a bheathaítear, a phóraítear nó a choinnítear chun bia a tháirgeadh lena chaitheamh ag an duine, lena n-áirítear ainmhithe nach n-úsáidtear i gcomhair bia lena chaitheamh ag an duine ach gur de speiceas iad a usáidtear i gcomhair bia don duine sa Chomhphobal de ghnáth;

(d)

ciallaíonn ‘ainmhithe nach bia-ainmhithe iad’ aon ainmhí a bheathaítear, a phóraítear nó a choinnítear ach nach n-úsáidtear le haghaidh bia don duine é, amhail ainmhithe fionnaidh, peataí agus ainmhithe a choimeádtar i saotharlanna, i zúnna nó i sorcais;

(e)

ciallaíonn ‘ainmhithe fionnaidh’ aon ainmhí nach bia-ainmhí é agus a bheathaítear, a phóraítear nó a choinnítear chun fionnadh a tháirgeadh, agus nach n-úsáidtear i comhair bia don duine;

(f)

ciallaíonn ‘peata’ nó ‘ainmhí peata’ aon ainmhí nach bia-ainmhí é a bhaineann le speiceas a bheathaítear, a phóraítear nó a choinnítear, ach nach n-úsáidtear i gcomhair bia donduine sa Chomhphobal de ghnáth;

(g)

ciallaíonn ‘ábhair bheatha’ táirgí de thionscnamh planda nó ainmhíoch, ar chun críche riachtanais chothaithe ainmhithe a chomhlíonadh go príomha iad, bíodh siad ina staid nádúrtha, úr nó leasaithe, agus táirgí a fhaightear óna bpróiseáil thionsclaíoch, agus substaintí orgánacha nó neamhorgánacha, bíodh breiseáin iontu nó ná bíodh, a mbeartaítear iad a úsáid i mbeathú ainmhithe trína mbéil, go díreach iontu féin, nó tar éis a bpróiseála, nó in ullmhú beatha chumaisc nó mar iompróir réamh-mheascán;

(h)

ciallaíonn ‘beatha chumaisc’ meascán de dhá ábhar beatha ar a laghad, bíodh breiseáin bheatha ann nó ná bíodh, chun críche bheathú ainmhithe trína mbéil agus é i bhfoirm bheatha iomláine nó mar beatha chomhlántaí;

(i)

ciallaíonn ‘beatha iomlán’ beatha chumaisc ar leor í, de bharr a comhdhéanaimh, mar chandam laethúil;

(j)

ciallaíonn ‘beatha chomhlántach’ beatha chumaisc a bhfuil ardleibhéal substaintí áirithe inti ach nach leor í, de bharr a comhdhéanaimh, mar chandam laethúil ach amháin má úsáidtear in éineacht le beatha eile í;

(k)

ciallaíonn ‘beatha mianraí’ beatha chomhlántach ina bhfuil ar a laghad 40 % d’amhluaith;

(l)

ciallaíonn ‘bainne púdrach’ beatha chumaisc a riartar i bhfoirm thirim nó chaolaithe a dháiltear amach mar leacht bia d’ainmhithe óga mar chomhlánú ar bhainne iarmhaothail, nó ina ionad, nó mar bhia d’ainmhithe óga amhail laonna, uain nó meannáin a mbeartaítear iad a mharú;

(m)

ciallaíonn ‘iompróir’ substaint a úsáidtear chun breiseán bia a thuaslagadh, a chaolú, a scaipeadh nó a mhodhnú go fisiceach ar bhealach eile, lena láimhseáil, lena riar nó lena úsáid a éascú ach gan a fheidhm theicneolaíoch a athrú agus gan aon éifeacht theicneolaíoch dá cuid féin a imirt;

(n)

ciallaíonn ‘críoch chothaitheach áirithe’ an chríoch riachtanais chothaitheacha na n-ainmhithe a chomhlíonadh, a bhfuil a bpróiseas asamhlaithe, ionsúite nó meitibileachta lagaithe go sealadach nó ar bhealach doleigheasta agus ar féidir leo, dá bharr sin, tairbhe a bhaint as beatha a ionghabháil atá oiriúnach dá riocht;

(o)

ciallaíonn ‘beatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha áirithe’ beatha ar féidir léi críoch chothaitheach áirithe a chomhlíonadh de bhua a comhdhéanaimh áirithe nó a modh monaraithe, ar gnéithe iad a dhéanann í a idirdhealú go soiléir ó ghnáthbheatha. Ní áirítear ábhair íocleasaithe beathúcháin mar bheatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha áirithe de réir bhrí Threoir 90/167/CEE;

(p)

ciallaíonn ‘ábhair éillithe’ beatha a bhfuil leibhéal de shubstaintí neamh-inmhianaithe inti de bhreis ar an leibhéal is inghlactha faoi Threoir 2002/32/CE;

(q)

ciallaíonn ‘tréimhse stórála íosta’ an tréimhse ar lena linn a ráthaíonn an duine atá freagrach as an lipéadú go gcoimeádfaidh beatha, faoi choinníollacha stórála cuí, na hairíonna a fhógraítear a bheith aici; ní fhéadfar ach aon tréimhse stórála íosta amháin a thabhairt i ndáil leis an mbeatha ina hiomláine, agus socraítear an tréimhse stórála íosta sin bunaithe ar thréimhse stórála íosta gach ceann dá comhábhair;

(r)

ciallaíonn ‘baisc’ nó ‘luchtóg’ cainníocht inaitheanta beatha a gcinntear saintréithe i gcoitinne a bheith ag gabháil léi, amhail tionscnamh, cineál, cineál an phacáistithe, pacálaí, coinsíneoir nó lipéadú agus, i gcás próisis táirgthe, aonad de tháirgeacht aon mhonarchan amháin ina n-úsáidtear paraiméadair aonfhoirmeacha táirgthe nó roinnt de na haonaid sin, nuair a tháirgtear in ord leanúnach iad agus nuair a stóráiltear le chéile iad;

(s)

ciallaíonn ‘lipéadú’ focail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a shannadh do bheatha tríd an bhfaisnéis sin a chur ar fáil ar aon mheán a thagraíonn don bheatha sin nó a ghabhann léi, amhail pacáistiú, coimeádán, fógra, lipéad, doiciméad, fáinne, coiléar nó an t-idirlíon, lena n-áirítear chun críocha fógraíochta;

(t)

ciallaíonn ‘lipéad’ aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile, atá scríofa, clóite, stionsalaithe, marcáilte, cabhraithe nó múnlaithe ar phacáistiú nó ar choimeádán beatha nó atá ceangailte leis;

(u)

ciallaíonn ‘cur i láthair’ an cruth, an chuma nó an pacáistiú agus na hábhair pacáistithe a úsáidtear le haghaidh beatha, agus an bealach ina gcóirítear í agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint í.

CAIBIDIL 2

CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Airteagal 4

Ceanglais sabháilteachta agus mhargaíochta

1.   Ní fhéadfar beatha a chur ar an margadh agus a úsáid ach amháin:

(a)

má tá sí sábháilte; agus

(b)

mura mbeidh tionchar díobhálach díreach aici ar an gcomhshaol nó ar leas ainmhithe.

Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, mutatis mutandis, i leith beatha le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

2.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh oibreoirí gnóthais bheatha a chuireann beatha ar an margadh go mbeidh an bheatha:

(a)

slán, dílis, gan athrú, oiriúnach dona feidhm agus de cháilíocht inmhargaidh; agus

(b)

lipéadaithe, pacáistithe agus curtha i láthair i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme eile an Chomhphobail.

Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, mutatis mutandis, i leith beatha le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

3.   Comhlíonfaidh beatha na forálacha teicniúla maidir le heisíontais agus maidir le deitéarmanaint cheimiceacha eile a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Freagrachtaí agus oibleagáidí na ngnóthas beatha

1.   Comhlíonfaidh oibreoirí gnóthais bheatha, mutatis mutandis, na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18 agus in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus in Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 i ndáil le hainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

2.   Aon fhaisnéis maidir le comhdhéanamh nó maidir leis na hairíonna a mhaítear a bheith ag an mbeatha a chuirtear ar an margadh, cuirfidh an duine atá freagrach as lipéadú na beatha ar fáil í do na húdaráis inniúla, ionas go bhféadfar beachtas na faisnéise a sholáthrófar sa lipéadú a dheimhniú, lena n-áirítear céatadáin chruinne de réir meáchain na n-ábhar bia a úsáidtear i mbeatha chumaisc.

3.   I gcás aon phráinne a bhaineann le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe nó a bhaineann leis an gcomhshaol agus gan dochar d’fhorálacha Threoir 2004/48/CE, féadfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis atá ar fáil dó faoi mhír 2 den Airteagal seo a thabhairt don cheannaitheoir ar chuntar, tar éis dó leasanna dlisteanacha na monaróirí agus na gceannaitheoirí a mheá, go dtagann sé ar an tátal go bhfuil údar maith ann an fhaisnéis sin a sholáthar. Más iomchuí, tabharfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin faoi réir clásál rúndachta a bheith sínithe ag an gceannaitheoir.

Airteagal 6

Srianadh agus toirmeasc

1.   Maidir le hábhair a bhfuil srian nó toirmeasc ar a gcur ar an margadh nó ar a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe, ní bheidh siad i mbeatha ná ní beatha iad. Leagtar amach liosta de na hábhair sin in Iarscríbhinn III.

2.   Agus aird á tabhairt, go háirithe, ar fhianaise eolaíoch, ar fhorbairtí teicneolaíochta, ar fhógraí faoin gCóras Mear-Fholáirimh um Bia agus Beatha (RASFF) nó ar thorthaí rialuithe oifigiúla de bhun Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, leasóidh an Coimisiún an liosta d’ábhair a bhfuil srian nó toirmeasc ar a gcur ar an margadh nó ar a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 28(5) d’fhonn na leasuithe sin a ghlacadh.

CAIBIDIL 3

SAINCHINEALACHA BEATHA A CHUR AR AN MARGADH

Airteagal 7

Saintréithe na gcineálacha beatha

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(3), féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh lena soiléireofar an t-idirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin bheatha agus táirgí eile amhail drugaí tréidliachta.

2.   I gcás inar gá sin, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh d’fhonn a shoiléiriú cibé an beatha chun críocha an Rialacháin seo é i táirge áirithe.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Airteagal 8

Inneachar na mbreiseán beatha

1.   Gan dochar do na coinníollacha úsáide dá bhforáiltear san ionstraim dhlíthiúil ábhartha lena n-údaraítear an breiseán beatha lena mbaineann, ní bheidh leibhéil de bhreiseáin bheatha in ábhair bheatha ná i mbeatha chomhlántach a bheidh níos mó ná 100 uair an inneachair uasta seasta ábhartha do bheatha iomlán nó cúig huaire an inneachair uasta seasta ábhartha i gcás coiciodiostat agus histeamostat.

2.   Ní fhéadfar dul thar an leibhéil de bhreis is 100 uair an inneachair uasta seasta ábhartha i mbeatha iomlán dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar leis na táirgí i dtrácht an chríoch chothaitheach áirithe i ndáil leis an úsáid ábhartha atá beartaithe faoi Airteagal 10 den Rialachán seo. Déanfar na coinníollacha úsáide do bheatha den sórt sin a shonrú tuilleadh sa liosta d’úsáidí atá beartaithe. Ní mór bunaíochtaí atá faoi rialú táirgeora beatha den sórt sin agus a úsáideann na breiseáin bheatha dá dtagraítear i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, a fhormheas i gcomhréir le pointe 1(b) d’Airteagal 10 den Rialachán sin.

Airteagal 9

Beatha atá beartaithe chun críocha cothaitheacha ar leith a mhargú

Ní fhéadfar beatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha ar leith a chur ar an margadh sa cháil sin ach amháin má áirítear an úsáid atá ceaptha di ar an liosta d’úsáidí atá beartaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus go gcomhlíonann sí ceanglais chothaitheacha fíor-riachtanacha i leith na críche cothaithí ar leith a leagtar amach sa liosta sin.

Airteagal 10

An liosta d’úsáidí atá beartaithe do bheatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha ar leith

1.   Féadfaidh an Coimisiún uasdátú a dhéanamh ar an liosta d’úsáidí atá beartaithe a leagtar amach i dTreoir 2008/38/CE trí úsáid atá beartaithe a chur leis an liosta, trí úsáid atá beartaithe a bhaint den liosta nó trí chur leis na coinníollacha a bhaineann le húsáid faoi leith atá beartaithe, nó trí coinníollacha den sórt sin a bhaint nó iad a athrú.

2.   Féadfar tús a chur leis an nós imeachta chun nuashonrú a dhéanamh ar an liosta d’úsáidí atá beartaithe ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó ó dhuine dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal nó ar iarratas ó Bhallstát a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Le go mbeidh iarratas bailí, beidh sainchomhad istigh leis a thaispeánfaidh go bhfuil críoch chothaitheach faoi leith atá beartaithe á comhlíonadh ag comhdhéanamh sonrach na beatha agus nach bhfuil aon éifeachtaí díobhálacha aici ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol ná ar leas ainmhithe.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas, lena n-áirítear an sainchomhad, ar fáil do na Ballstáit gan mhoill.

4.   Má bhíonn cúis ag an gCoimisiún lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise eolaíche nó teicneolaíche atá ar fáil, nach gcomhlíonfaidh beatha shonrach an críoch chothaitheach faoi leith atá ceaptha di nó go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aici ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol nó ar leas ainmhithe, lorgóidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis dó iarratas bailí a fháil, tuairim ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta). Tabharfaidh an tÚdarás tuairim uaidh laistigh de shé mhí tar éis dó an t-iarratas a fháil. Cuirfear síneadh leis an teorainn ama sin cibé uair a iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir.

5.   Laistigh de shé mhí tar éis dó iarratas bailí a fháil nó, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó tuairim a fháil ón Údarás, glacfaidh an Coimisiún Rialachán lena nuashonrófar an liosta d’úsáidí atá beartaithe, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(6).

6.   De mhaolú ar mhír 5, laistigh de shé mhí tar éis dó iarratas bailí a fháil nó, i gcás inarb iomchuí tar éis dó tuairim an Údaráis a fháil, tabharfaidh an Coimisiún, an nós imeachta chun críche agus cinnfidh sé gan leanúint ar aghaidh leis an uasdátú, ag aon chéim den nós imeachta, má mheasann sé nach bhfuil údar maith leis an nuashonrú sin. Déanfaidh an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

I gcásanna den sórt sin, más infheidhme, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas go díreach agus sonróidh sé ina litir na cúiseanna nár measadh údar maith a bheith leis an nuashonrú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28(3), bearta cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hullmhú agus le tíolacadh an iarratais.

CAIBIDIL 4

LIPEADU, CUR I LATHAIR AGUS PACAISTIU

Airteagal 11

Prionsabail do lipéadú agus do chur i láthair

1.   Ní chuirfidh lipéadú agus cur i láthair na beatha an t-úsáideoir amú, go háirithe:

(a)

maidir leis an úsáid atá ceaptha don bheatha nó maidir lena saintréithe, go háirithe a cineál, a modh monaraithe nó táirgthe, a hairíonna, a comhdhéanamh, a cainníocht, a marthanacht, a speicis nó catagóirí na n-ainmhithe a bhfuil an bheatha ceaptha dóibh,

(b)

trí éifeachtaí nó tréithe nach ngabhann léi a shannadh don bheatha nó trína mhaíomh go bhfuil saintréithe speisialta aici nuair a bhíonn saintréithe den sórt sin ag gach saghas beatha den chineál sin, nó

(c)

maidir le comhréireacht an lipéadaithe leis an gCatalóg Chomhphobail agus leis na Cóid Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25.

2.   Ábhair beatha nó beatha chumaisc a chuirtear ar an margadh ar an mórchóir nó i bpacáistí neamhshéalaithe nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 23(2), beidh doiciméad ag gabháil leo ina mbeidh na sonraí sainordaitheacha lipéadaithe uile a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

3.   I gcás ina mbeidh beatha ar díol trí bhíthin na cianchumarsáide faoi mar a shainmhínítear í in Airteagal 2 de Threoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí (27), beidh na sonraí sainordaitheacha lipédaithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo, seachas na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 15(b), (d), (e), agus in Airteagal 16(2)(c) nó in Airteagal 17(1)(d), beidh siad le feiceáil ar an ábhar a thacaíonn leis an gciandíol nó cuirfear ar fáil iad trí mheáin iomchuí eile sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích. Na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 15(b), (d) agus (e), agus in Airteagal 16(2)(c) nó in Airteagal 17(1)(d), cuirfear ar fáil iad ar a dhéanaí tráth seachadta na beatha.

4.   Leagtar síos forálacha lipéadaithe in Iarscríbhinn II sa bhreis orthu sin a leagtar amach sa Chaibidil seo.

5.   Maidir leis na lamháltais a cheadaítear do neamhréireachtaí idir na luachanna comhdhéanaimh ar lipéadaithe i gcás ábhar beatha nó beatha cumaisc agus na luachanna a aimsítear san anailís sna rialuithe oifigiúla a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, tá siad liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Freagracht

1.   Áiritheoidh an duine a bheidh freagrach as an lipéadú gur ann dó na sonraí lipéadaithe agus áiritheoidh sé a gcruinneas substaintiúil.

2.   Is é an t-oibreoir gnóthais bheatha a chuireann an bheatha ar an margadh den chéad uair nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir gnóthais bheatha a gcuirtear an bheatha ar an margadh faoina ainm nó faoi ainm a ghnóthais a bheidh freagrach as an lipéadú.

3.   A mhéid a mbeidh tionchar ag a ngníomhaíochtaí ar lipéadú sa ghnóthas atá faoina rialú, áiritheoidh oibreoirí gnóthas beatha go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear trí cibé meán ceanglais an Rialacháin seo.

4.   Oibreoirí gnóthais bheatha atá freagrach as gníomhaíochtaí miondíola nó dáileacháin nach bhfuil tionchar acu ar lipéadú, feidhmeoidh siad go cuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais um lipéadú, go háirithe trí staonadh ó bheatha a sholáthar ar feasach dóibh, nó ar cheart dóibh a thoimhdiú ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu agus mar ghairmithe, í a bheith neamhréireach leis na ceanglais sin.

5.   Sna bunaíochtaí atá faoina rialú, áiritheoidh oibreoirí gnóthais bheatha go dtarchuirtear na sonraí sainordaitheacha lipéadaithe tríd an mbiashlabhra le go mbeifear in ann an fhaisnéis a chur ar fáil d’úsáideoir deiridh na beatha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

Maímh

1.   Féadfaidh lipéadú agus cur i láthair na n-ábhar beatha agus beatha chumaisc aird a tharraingt ar shubstaint áirithe a bheith sa bheatha nó gan a bheith ann, ar shaintréith chothaitheach ar leith nó ar phróiseas nó ar shainfheidhm a bhaineann le haon cheann díobh sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur maíomh oibiachtúil é, infhíoraithe ag na húdaráis inniúla agus intuigthe ag an duine a úsáideann an bheatha; agus

(b)

go soláthróidh an duine atá freagrach as an lipéadú, arna iarraidh sin ón údarás inniúil, bunús eolaíoch maidir leis an maíomh, trí thagairt d’fhianaise eolaíoch atá ar fáil go poiblí nó trí thaighde doiciméadaithe de chuid cuideachta. Beidh an bunús eolaíoch ar fáil ag an am a chuirfear an bheatha ar an margadh. Beidh an ceart ag ceannaitheoirí aird an údaráis inniúil a tharraingt ar a n-amhrais i leith fhírinneacht an mhaímh. I gcás inarb í an chonclúid nach bhfuil bunús sách maith ag an maíomh, measfar go mbeidh an lipéadú i leith an mhaímh sin míthreorach chun críocha Airteagal 11. I gcás ina mbeidh amhras a bheith ar an údarás inniúl faoi bhunús eolaíoch an mhaímh lena mbaineann, féadfaidh sé an tsaincheist a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí tar éis tuairim a fháil ón Údarás, i gcomhréir leis an nós imeachta comharlúcháin a leagtar síos in Airteagal 28(2).

2.   Gan dochar do mhír 1, ceadaítear maímh i dtaca le barrfheabhsú an chothaithe agus maidir le tacú nó le cosaint na riochtaí fiseolaíocha, mura bhfuil maíomh ina measc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3.

3.   Ní dhéanfaidh lipéadú ná cur i láthair na n-ábhar beatha agus na beatha cumaisc a mhaíomh

(a)

go ndéanfaidh sé galar a chosc, a chóiréail ná a leigheas, seachas i gcás coiciodiostat agus histeamostat faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003; ní bheidh an pointe seo infheidhme, áfach, maidir le maímh i ndáil le neamhchothromaíochtaí cothaitheacha ar choinníoll nach bhfuil aon chomhartha phaiteolaíoch ag gabháil leo;

(b)

go bhfuil críoch ar leith cothaitheach aige, faoi mar a fhoráiltear sa liosta de na húsáidí atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 9, mura gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos ann.

4.   Féadfar sonraíochtaí a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a áireamh sna Cóid Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 14

Cur i láthair sonraí lipéadaithe

1.   Cuirfear na sonraí sainordaitheacha lipéadaithe ina n-iomláine in áit shuntasach ar an bpacáistiú, ar an gcoimeádán, ar lipéad atá ceangailte leis sin nó ar an doiciméad a ghabhann leis faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2), ar bhealach feiceálach, inléite agus doscriosta, sa teanga oifigiúil nó i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit nó an réigiúin ina gcuirtear ar an margadh í.

2.   Beidh na sonraí sainordaitheacha lipéid so-aitheanta go furasta agus ní dhéanfaidh aon fhaisnéis eile doiléir iad. Úsáidfear dath, cló agus clómhéid nach ndéanfaidh doiléir aon chuid den fhaisnéis ná nach gcuirfidh béim uirthi, ach amháin más chun aird a tharraingt ar ráitis réamhchúraime a dhéantar amhlaidh.

3.   Féadfar sonraíochtaí a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 agus i leith chur i láthair an lipéadaithe dheonaigh dá dtagraítear in Airteagal 22 a áireamh sna Cóid Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 15

Ceanglais shainordaitheacha ghinearálta lipéadaithe

Ní chuirfear ábhair bheatha nó beatha chumaisc ar an margadh ach amháin má léirítear na sonraí seo a leanas ar an lipéadú:

(a)

an cineál beatha: ‘ábhar beatha’, ‘beatha iomlán’ nó ‘beatha chomhlántach’, de réir mar is iomchuí;

féadfar an ainmníocht ‘beatha iomlán de bhainne púdrach’ a úsáid le haghaidh ‘beatha iomlán’, más iomchuí,

féadfar na hainmníochtaí seo a leanas a úsáid, más iomchuí, le haghaidh ‘beatha chomhlántach’: ‘beatha mianraí’ nó ‘bainne púdrach comhlántach’,

féadfar ‘beatha chumaisc’ a úsáid in ionad ‘beatha iomlán’ nó ‘beatha chomhlántach’ le haghaidh peataí seachas madraí agus cait;

(b)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora gnóthais bheatha atá freagrach as na sonraí lipéadaithe;

(c)

má bhíonn sí ar fáil, uimhir fhormheasta bunaíochta an duine atá freagrach as an lipéadú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 do bhunaíochtaí arna gceadú i gcomhréir le hAirteagal 23(2)(a), (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) 1774/2002 nó le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. Má bhíonn roinnt uimhreacha formheasta éagsúla ag an duine atá freagrach as an lipéadú, úsáidfidh sé an uimhir a fuair sé faoi Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(d)

uimhir thagartha na baisce nó na luchtóige;

(e)

an chainníocht ghlan agus í á sonrú mar aonaid mhaise i gcás táirgí soladacha, agus mar aonaid mhaise nó mar aonaid toirte i gcás táirgí leachtacha;

(f)

liosta na mbreiseán beatha, agus an ceannteideal ‘breiseáin’ chun tosaigh air i gcomhréir le Caibidil I a ghabhann le hIarscríbhinn VI nó le hIarscríbhinn VII, de réir mar is infheidhme, agus gan dochar do na forálacha lipéadaithe a leagtar síos san ionstraim dhlíthiúil lena n-údaraítear an breiseán beatha lena mbaineann; agus

(g)

an cion taise i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 16

Ceanglais shainordaitheacha shonracha lipéadaithe le haghaidh ábhar beatha

1.   Le cois na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 15, áireofar sa lipéadú ar ábhair beatha an méid seo a leanas:

(a)

ainm an ábhair bheatha; úsáidfear an t-ainm i gcomhréir le hAirteagal 24(5); agus

(b)

fógairt éigeantach ag freagairt don chatagóir lena mbaineann a leagtar amach sa liosta in Iarscríbhinn V; féadfar na sonraí a leagtar síos sa Chatalóg Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 24 a chur in áit na fógartha éigeantaí do gach ábhar beatha sa chatagóir lena mbaineann.

2.   Le cois na gceanglas dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, áireofar na sonraí seo a leanas ar lipéadú na n-ábhar beatha nuair a ionchorprófar breiseáin:

(a)

na speicis nó catagóirí na n-ainmhithe a bhfuil an t-ábhar beatha ceaptha dóibh i gcás nach bhfuil na breiseáin atá i gceist údaraithe do gach speiceas ainmhithe nó i gcás ina bhfuil siad údaraithe le teorainn uasta do roinnt speiceas;

(b)

treoracha d’úsáid chuí i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn II, i gcás ina leagtar síos cainníocht uasta do na breiseáin atá i gceist; agus

(c)

an tréimhse íosta stórála do bhreiseáin seachas breiseáin theicneolaíocha.

Airteagal 17

Ceanglais shainordaitheacha shonracha lipéadaithe le haghaidh beatha chumaisc

1.   Le cois na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 15, áireofar na sonraí seo a leanas ar an lipéadú ar bheatha chumaisc:

(a)

speicis nó catagóirí na n-ainmhithe a bhfuil an bheatha chumaisc ceaptha dóibh;

(b)

treoracha d’úsáid chuí na beatha cumaisc, lena n-áirítear an chríoch dá bhfuil an bheatha ceaptha; beidh na treoracha sin, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn II;

(c)

i gcásanna nach é an táirgeoir an duine atá freagrach as an lipéadú, soláthrófar na sonraí seo a leanas:

ainm nó ainm gnó agus seoladh an táirgeora, nó

uimhir fhormheasta an táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 15(c) nó uimhir aitheantais i gcomhréir le hAirteagal 9, le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005; mura bhfuil an uimhir sin ar fáil, beidh uimhir aitheantais arna leithdháileadh ar iarraidh ó na táirgeoirí nó ón oibreoir gnóthais bheatha allmhairithe i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar síos i gCaibidil II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(d)

an tréimhse íosta stórála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

‘úsáid roimh …’ agus dáta ina dhiaidh sin lena léireofar lá áirithe, i gcás beatha atá an-mheatach de bharr próiseas díghrádaithe,

‘b’fhearr roimh …’ agus dáta ina dhiaidh sin lena léireofar mí áirithe i gcás beatha eile.

Má chuirtear dáta an mhonaraithe in iúl ar an lipéad, féadfar an dáta a chuireann an tréimhse íosta stórála in iúl a chur ar fáil chomh maith mar ‘… (tréimhse ama i laethanta nó míonna) tar éis dháta an mhonaraithe’;

(e)

liosta na n-ábhar as a ndéantar an bheatha, faoin gceannteideal ‘comhdhéanamh’ agus lena sonrófar ainm gach ábhair bheatha i gcomhréir le hAirteagal 16(1)(a) agus iad á liostú in ord íslitheach de réir meáchain arna ríomh de réir an chion taise sa bheatha chumaisc; féadfar an céatadán de réir meáchain a áireamh sa liosta sin; agus

(f)

na fógairtí éigeantacha dá bhforáiltear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn VI nó d’Iarscríbhinn VII, de réir mar is infheidhme.

2.   Maidir leis an liosta dá bhforáiltear i mír 1(e), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

má leagtar béim sa lipéadú, trí fhocail, trí phictiúir nó trí ghrafaic, ar ábhar beatha a bheith sa chumasc, sonrófar ainm agus céatadán an ábhair bheatha sin de réir meacháin;

(b)

mura sonraítear ar an lipéadú céatadáin de réir meacháin na n-ábhar beatha a ionchorpraítear i mbeatha chumaisc le haghaidh bia-ainmhithe, cuirfidh an duine atá freagrach as an lipéadú, gan dochar do Threoir 2004/48/CE, faisnéis ar fáil don táirgeoir, arna iarraidh sin de, maidir le sonraí an chomhdhéanaimh chainníochtúil laistigh de raon +/– 15 % den luach de réir fhoirmiú na beatha; agus

(c)

i gcás beatha cumaisc atá ceaptha le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, seachas ainmhithe fionnaidh, féadfar an chatagóir lena mbaineann na hábhair bheatha a léiriú in ionad ainm an ábhair bheatha.

3.   I gcás aon phráinne a bhaineann le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe nó a bhaineann leis an gcomhshaol agus gan dochar do Threoir 2004/48/CE, féadfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis atá ar fáil dó faoi Airteagal 5(2) a thabhairt don cheannaitheoir ar choinníoll, tar éis dó leasanna dlisteanacha na monaróirí agus na gceannaitheoirí a mheá, go dtagann sé ar an tátal go bhfuil údar maith ann le an fhaisnéis sin a sholáthar. Más iomchuí, tabharfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin faoi réir clásál rúndachta a bheith sínithe ag an gceannaitheoir.

4.   Chun críocha mhír 2(c), leagfaidh an Coimisiún amach liosta de chatagóirí d’ábhair bheatha ar féidir iad a shonrú ar an lipéadú in ionad na n-ábhar leithleach beatha i gcás lipéadú na beatha le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe, iad seachas ainmhithe fionnaidh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Airteagal 18

Ceanglais bhreise shainordaitheacha lipéadaithe le haghaidh beatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha faoi leith

Le cois na gceanglas ginearálta sainordaitheach a leagtar síos in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, de réir mar is infheidhme, áireofar na sonraí seo a leanas ar lipéadú beatha a bheartaítear chun críocha áirithe cothaitheacha:

(a)

an téarma cáilitheach ‘diaitéiteach’, i gcás, go heisiach, beatha atá ceaptha chun críocha cothaitheacha faoi leith ag taobh ainmníocht na beatha a leagtar síos in Airteagal 15(a);

(b)

na sonraí a fhorordaítear don úsáid ar leith atá beartaithe i gcolún 1 go colún 6 de liosta na n-úsáidí atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 9; agus

(c)

taispeánadh gur gá comhairle a lorg ó shaineolaí ar chothú sula n-úsáidtear an bheatha nó sula gcuirtear síneadh lena tréimhse úsáide.

Airteagal 19

Ceanglais bhreise shainordaitheacha um lipéadú le haghaidh bia peataí

Sonrófar saoruimhir ghutháin nó meán cumarsáide eile nó meáin eile iomchuí cumarsáide ar lipéad bia peataí le go mbeidh an ceannaitheoir in ann faisnéis a fháil sa bhreis ar na sonraí sainordaitheacha maidir leo seo a leanas:

(a)

na breiseáin bheatha atá sa bhia peataí, agus

(b)

na hábhair bheatha atá ann agus atá sonraithe de réir catagóire faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 17(2)(c).

Airteagal 20

Ceanglais bhreise shainordaitheacha um lipéadú le haghaidh beatha neamhchomhlíontaí

1.   Le cois na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 15, 16, 17 agus 18, maidir le beatha nach gcomhlíonann na ceanglais faoi dhlí an Chomhphobail a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, amhail ábhair éillithe, beidh na sonraí lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn sin ar an mbeatha sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn VIII a leasú chun go mbeadh sé ag teacht leis an dul chun cinn reachtach i dtreo caighdeáin a fhorbairt.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Airteagal 21

Maoluithe

1.   Ní bheidh gá leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d), (e) agus (g) agus in Airteagal 16(1)(b) i gcás ina sonróidh an ceannaitheoir i scríbhinn, roimh gach idirbheart, nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh. D’fhéadfaí roinnt coinsíneachtaí éagsúla a chuimsiú le haon idirbheart amháin.

2.   I gcás beatha pacáistithe, féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d) agus (e) agus in Airteagal 16(2)(c) nó in Airteagal 17(1)(c), (d) agus (e) a bheith in áit eile ar an bpacáistiú seachas áit an lipéid féin, dá dtagraítear in Airteagal 14(1). I gcásanna den sórt sin, díreofar aird ar an áit ina mbeidh na sonraí sin le feiceáil.

3.   Gan dochar d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ní bheidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(c), (d), (e) agus (g) agus in Airteagal 16(1)(b) den Rialachán seo sainordaitheach d’ábhair bheatha nach bhfuil breiseáin bheatha iontu, seachas leasaithigh nó breiseáin sadhlais, a tháirgeann agus a sheachadann oibreoir gnóthais bheatha i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, d’úsáideoir beatha atá bainteach leis an táirgeadh príomhúil, chun í a úsáid ar a ghabháltas féin.

4.   Maidir leis na fógairtí éigeantacha dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(f), ní bheidh gá leo i dtaca le meascáin de lánghráin plandaí, síolraí agus glasraí.

5.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(a) agus (b), ní bheidh gá leo i gcás beatha cumaisc a chomhdhéantar as, ar a mhéid, trí ábhar beatha, i gcás na n-ábhar beatha a bheith sonraithe go soiléir sa tuairisc.

6.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, is féidir aird an cheannaitheora a tharraingt orthu trí fhógra iomchuí a thaispeáint ag an díolphointe, i gcás cainníochtaí nach mó ná 20 kg d’ábhair bheatha nó de bheatha chumaisc atá ceaptha don úsáideoir deiridh agus a dhíolfar ar an mórchóir. Sna cásanna sin, maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(a) agus in Airteagal 16(1) nó in Airteagal 17(1)(a) agus (b), de réir mar is iomchuí, cuirfear ar fáil don cheannaitheoir iad, ar a dhéanaí ar an sonrasc nó leis.

7.   Féadfaidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(b), (c), (f) agus (g) agus in Airteagal 17(1)(b),(c), (e) agus (f) a sholáthar ar an bpacáistiú seachtrach amháin seachas ar gach coimeádán, ar choinníoll nach mó ná 10 kg meachán comhiomlán an phacáiste.

8.   De mhaolú ar fhorálacha an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm le haghaidh beatha atá ceaptha d’ainmhithe a choimeádtar chun críocha eolaíocha nó turgnamhacha, ar choinníoll go léirítear an chríoch sin go soiléir ar an lipéad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin gan mhoill.

Airteagal 22

Lipéadú deonach

1.   Le cois na gceanglas sainordaitheach lipéadaithe, féadfaidh lipéadú ábhar beatha agus beatha cumaisc sonraí deonacha lipéadaithe a chuimsiú freisin, ar choinníoll go gcomhlíontar na prionsabail ghinéaralta a leagtar síos sa Rialacháin seo.

2.   Féadfar coinníollacha breise maidir le lipéadú deonach a sholáthar sna Cóid Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 23

Pacáistiú

1.   Is i bpacáistí séalaithe nó i gcoimeádáin shéalaithe amháin a fhéadfar ábhair bheatha agus beatha chumaisc a chur ar an margadh. Déanfar pacáistí nó coimeádáin a shéalú sa chaoi go ndéanfar damáiste don séala nuair a osclófar an pacáiste nó an coimeádán agus nach bhféadfar é a úsáid arís.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar na beathaí seo a leanas a chur ar an margadh ar an mórchóir nó i bpacáistí neamhshéalaithe nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe:

(a)

ábhar beatha;

(b)

beatha chumaisc a dhéantar go heisiach trí ghrán nó slántorthaí a mheascadh;

(c)

beatha chumaisc a sheachadtar idir tairgeoirí;

(d)

beatha chumaisc a sheachadtar go díreach ón táirgeoir chuig úsáideoir na beatha;

(e)

beatha chumaisc a sheachadann tairgeoirí chuig gnóthais phacáistithe;

(f)

cainníochtaí nach mó ná 50 cileagram de bheatha chumaisc atá ceaptha don úsáideoir deiridh agus a thógtar go díreach ó phacáiste nó ó choimeádán séalaithe; agus

(g)

bloic nó líreacáin.

CAIBIDIL 5

CATALÓG CHOMHPHOBAIL NA N-ÁBHAR BEATHA AGUS CÓID CHOMHPHOBAIL NA NDEA-CHLEACHTAS UM LIPÉADÚ

Airteagal 24

Catalóg Chomhphobail na n-ábhar beatha.

1.   Cruthaítear leis seo Catalóg Chomhphobail na n-ábhar beatha (dá ngairfear ‘an Chatalóg’ anseo feasta) mar uirlis chun feabhas a chur ar lipéadú na n-ábhar beatha agus beatha cumaisc. Cabhróidh an Chatalóg le malartú faisnéise ar airíonna na dtáirgí agus liostóidh sé na hábhair bheatha ar bhealach neamh-uileghabhálach. Áireofar inti na sonraí seo a leanas ar a laghad do gach ábhar beatha a liostaítear:

(a)

an t-ainm;

(b)

an uimhir aitheantais;

(c)

tuairisc ar an ábhar beatha lena n-áirítear faisnéis ar an bpróiseas monaraithe, más iomchuí;

(d)

sonraí a chuirfear in ionad na fógartha éigeantaí chun críche Airteagal 16(1)(b); agus

(e)

gluais ina mbeidh sainiú ar na próisis dhifriúla agus ar na téarmaí teicniúla a luaitear.

2.   Glacfar an chéad leagan den Chatalóg Chomhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 28(2) faoin 21 Márta 2010 ar a dhéanaí agus is iad na hiontrálacha atá liostaithe i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/25/CE agus colún 2 go colún 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 82/471/CEE a bheidh mar iontrálacha aige. Is é Pointe IV de Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le 96/25/CE a bheidh ina ghluais.

3.   Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 maidir leis na leasuithe ar an gCatalóg.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do na ceanglais sábháilteachta a leagtar síos in Airteagal 4.

5.   Maidir le hon úsáid a bhainfidh na hoibreoirí gnóthais bhia as an gCatalóg is úsáid dheonach a bheidh inti. Ní fhéadfar ainm ábhair bheatha arna liostú sa Chatalóg a úsáid, áfach, ach ar choinníoll go gcomhlíontar forálacha uile ábhartha na Catalóige.

6.   Cuirfidh an duine a chéadchuirfidh ábhar beatha nach bhfuil liostaithe sa Chatalóig ar an margadh an úsáid a bhaintear as in iúl d’ionadaithe na n-earnálacha gnóthas beatha Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 26(1). Foilseoidh ionadaithe na n-earnálacha gnóthas beatha Eorpacha clár de na fógraí sin ar an Idirlíon agus déanfaidh siad uasdátú ar an gclár ar bhonn rialta.

Airteagal 25

Cóid Chomhphobail na ndea-chleachtas um lipéadú

1.   Déanfaidh an Coimisiún forbairt dhá Chód Chomhphobail maidir le dea-chleachtais um lipéadú (dá ngairfear ‘na Cóid’ anseo feasta) a spreagadh, cód amháin do bhia peataí agus ceann eile do bheatha chumaisc le haghaidh bia-ainmhithe, a bhféadfadh roinn a bheith ann maidir le beatha chumaisc d’ainmhithe fionnaidh.

2.   Is é a bheidh mar aidhm ag na Cóid oiriúnacht an lipéadaithe a fheabhsú. Cuirfidh siad san áireamh, go háirithe, forálacha maidir le cur i láthair sonraí lipéadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 14, lipéadú deonach dá bhforáiltear in Airteagal 22 agus an úsáid a bhaintear as maímh dá bhforáiltear in Airteagal 13.

3.   Beidh an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 infheidhme maidir leis na Cóid a bhunú agus aon leasú a dhéanfar air sin.

4.   Aon úsáid a bhainfidh na hoibreoirí gnóthais bheatha as na Cóid, is úsáid dheonach a bheidh ann. Ní fhéadfar, áfach, an úsáid a bhaintear as aon cheann de na Cóid a léiriú ar an lipéadú ach ar choinníoll go gcomhlíontar forálacha uile ábhartha an Chóid sin.

Airteagal 26

Bunú na gCód agus leasuithe ar an gCatalóg Chomhphobail agus ar na Cóid Chomhphobail

1.   Na dréachtleasuithe ar an gCatalóg Chomhphobail agus ar na dréachtChóid, maraon le haon dréachtleasuithe orthu, is iad na hionadaithe iomchuí uile ó earnálacha gnóthas beatha Eorpacha a dhéanfaidh iad a fhorbairt agus a leasú:

(a)

i gcomhairle le páirtithe leasmhara eile, amhail úsáideoirí beatha;

(b)

i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, leis an Údarás; agus

(c)

agus an taithí ábhartha ó thuairimí a d’eisigh an tÚdarás agus forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do mhír 3, déanfaidh an Coimisiún bearta chun críocha an Airteagail seo a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

3.   Glacfar leasuithe ar an gCatalóg Chomhphobail lena socraítear inneachar uasta na n-eisíontas ceimiceach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I nó na leibhéil d’íontais luibheacha dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I nó na leibhéil taise dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I nó na sonraí a chuirtear in ionad na fógartha éigeantaí dá dtagraítear in Airteagail 16(1)(b). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

4.   Ní ghlacfar bearta faoin Airteagal seo ach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur forbraíodh iad i gcomhréir le mír 1;

(b)

gur féidir a bhfuil iontu a chur chun feidhme ar fud an Chomhphobail sna hearnálacha a dtagraíonn siad dóibh; agus

(c)

go bhfuil siad oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Foilseofar an Chatalóg i Sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar teidil agus tagairtí na gCód i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL 6

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Bearta cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú d’fhonn iad a oiriúnú i bhfianaise forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

2.   Maidir leis na bearta eile is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(3), mura bhforáiltear a mhalairt go sonrach.

Airteagal 28

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, (dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

6.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go(4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, aon mhí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 29

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003

Leasaítear Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar a leanas:

1.

leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

i gcás inarb iomchuí, uimhir fhormheasta na bunaíochta a mhonaraíonn agus a chuireann an breiseán beatha nó an réamh-mheascán ar an margadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le sláinteachas bia-ainmhithe (*) nó, de réir mar is infheidhme, d’Airteagal 5 de Threoir 95/69/CE;

(*)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.’"

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach ag deireadh mhír 1:

‘I gcás réamh-mheascán, ní bheidh feidhm ag pointí (b), (d), (e) agus (g) maidir leis na breiseáin bheatha atá ionchorpraithe.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Le cois na faisnéise a shonraítear i mír 1, taispeánfar an fhaisnéis a léirítear in Iarscríbhinn III ar bhealach atá feiceálach, inléite agus doscriosta ar phacáistiú nó ar choimeádán breiseáin bheatha a bhaineann le feidhmghrúpa a shonraítear in Iarscríbhinn III nó ar phacáistiú réamh-mheascán ina bhfuil breiseán a bhaineann le feidhmghrúpa a shonraítear in Iarscríbhinn III.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás réamh-mheascán, beidh an focal ‘réamh-mheascán’ ar an lipéad. Fógrófar na hiompróirí, i gcás ábhar beatha, i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid (**), agus, i gcás ina n-úsáidtear uisce mar iompróir, forgófar cainníocht taise an réamh-mheascáin. Ní fhéadfar ach aon tréimhse íosta stórála amháin a thabhairt i ndáil le gach réamh-mheascáin ina iomláine; socraítear an tréimhse stórála íosta sin bunaithe ar thréimhse íosta stórála gach ceann dá chomhábhair.

(**)  IO L 229, 1.9.2009, Ich 1.’."

Airteagal 30

Aisghairm

Déantar Airteagal 16 de Threoir 70/524/CEE agus Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE mar aon le Cinneadh 2004/217/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2010 .

Déanfar tagairtí do na Treoracha a aisghairtear agus don Chinneadh a aisghairtear a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 31

Pionóis

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Na pionóis dá bhforáiltear, ní mór dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 1 Meán Fómhair 2010 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin a mbeidh tionchar acu orthu.

Airteagal 32

Bearta Idirthréimhseacha

1.   De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 33, féadfaidh beatha arna cur ar an margadh nó arna lipéadú i gcomhréir le Treoracha 79/373/CEE, 82/471/CEE, 93/74/CEE agus 96/25/CE roimh 1 Meán Fómhair 2010 fanacht ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic nó féadfar beatha den sórt sin a chur ar an margadh.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8(2), féadfaidh na cineálacha beatha dá dtagraítear san Airteagal sin a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh 1 Meán Fómhair 2010 fanacht ar an margadh go dtí go ndéantar cinneadh maidir leis an iarratas chun an liosta d’úsáidí atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 nó féadfar beatha den sórt sin a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas curtha isteach roimh an 1 Meán Fómhair 2010.

3.   De mhaolú ar phointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar ábhair bheatha a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go socraítear uasmhéid shonrach na n-eisíontais cheimiceacha a eascraíonn as an bpróiseas monaróireachta agus as áiseanna próiseála, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ar a laghad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 1, Cuid A, Teideal II den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/25/CE. Ní bheidh feidhm ag an maolú a thuilleadh, áfach, an 1 Meán Fómhair 2012.

4.   Féadfar bearta a ghlacadh chun go n-éascófaí an t-aistriú go feidhmiú an Rialacháin seo. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaí beatha a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo roimh dháta a fheidhmithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2010.

Beidh feidhm ag Airteagal 31 agus ag Airteagal 32, áfach, ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Júil 2009

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. ERLANDSSON


(1)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 84.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 22 Meitheamh 2009.

(3)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(4)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(5)  IO L 92, 7.4.1990, lch. 42.

(6)  IO L 86, 6.4.1979, lch. 30.

(7)  IO L 237, 22.9.1993, lch. 23.

(8)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 35.

(9)  IO L 213, 21.7.1982, lch. 8.

(10)  IO L 126, 13.5.1983, lch. 23.

(11)  IO L 126, 21.5.1980, lch. 14.

(12)  IO L 334, 31.12.1993, lch. 17.

(13)  IO L 270, 14.12.1970, lch. 1.

(14)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.

(15)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(16)  IO L 67, 5.3.2004, lch. 31.

(17)  IO L 62, 6.3.2008, lch. 9.

(18)  IO L 63, 6.3.2002, lch. 23.

(19)  IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.

(20)  IO L 140, 30.5.2002, lch. 10.

(21)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(22)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

(23)  IO L 273, 10.10.2002, lch. 1.

(24)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(25)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(26)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(27)  IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.


IARSCRÍBHINN I

Forálacha teicniúla maidir le heisíontais, maidir le bainne púdrach, maidir le hábhair bheatha chun críocha táthú nó dínádúrú, maidir leis an leibhéal luatha agus maidir leis an gcion taise dá dtagraitear in Airteagal 4

1.

I gcomhréir leis an dea-chleachtas dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, beidh ábhair bheatha saor ó eisíontais cheimiceacha a bhaineann lena bpróiseas monaraithe agus le háiseanna próiseála, mura socraítear uasmhéid shonrach sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24.

2.

Ní lú ná 95 % a bheidh íonacht luibheolaíoch na n-ábhar beatha, mura leagtar síos leibhéal éagsúil sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24. Is éard atá in eisíontais luibheolaíocha eisíontais in ábhar plandaí nach bhfuil tionchair dhíobhálacha acu ar ainmhithe e.g. tuí agus síolta speiceas saothraithe eile nó fiailí. Ní rachaidh eisíontais luibheolaíocha amhail iarmhair olashíolta nó olathorthaí eile a díorthaíodh ó phróiseas monaraithe roimhe sin thar 0,5 % i gcás gach aon chineál olashíl nó toraidh.

3.

Beidh leibhéal iarainn 30 milleagram ar a laghad in aghaidh an chileagraim bheatha iomláin ag cion taise de 12 % i mbeatha bainne púdrach do laonna ar 70 cileagram nó níos lú a mbeomheáchan.

4.

I gcás ina n-úsáidtear ábhair bheatha chun ábhair bheatha eile a dhínádúrú nó a tháthú, féadfar a mheas gur ábhar beatha an táirge i gcónaí. Beidh an t-ábhar beatha a úsáidtear chun an táirge a tháthú nó a dhínádúrú, a nádúr agus a chainníocht sonraithe ar an lipéad. Má dhéantar ábhar beatha a tháthú le hábhar beatha eile ní rachaidh an t-ábhar beatha eile sin thar 3 % den mheáchan iomlán.

5.

Ní rachaidh an leibhéal luatha dothuaslagtha in aigéad hidreaclórach thar 2,2 % den ábhar tirim. Féadfar dul thar leibhéal an 2,2 %, áfach, i gcás:

ábhar beatha,

beatha cumaisc agus oibreáin údaraithe um tháthú mianraí inti,

beatha mianraí,

beatha cumaisc agus breis agus 50 % d’fhotháirgí ríse nó biatas siúcra inti;

beatha chumaisc atá beartaithe d’éisc shaothraithe agus a bhfuil breis is 15 % de mhin éisc ann,

ar choinníoll go bhfógraítear an leibhéal ar an lipéad.

6.

Ar choinníoll nach leagtar síos aon leibhéal eile in Iarscríbhinn IV nó sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24, caithfear cion taise an chomhábhair bheatha a lua má théann sé:

thar 5 % i gcás beatha mianraí nach bhfuil substaintí orgánacha inti,

thar 7 % i gcás beathaí bainne púdraigh agus beatha eile cumaisc a bhfuil breis is 40 % de tháirge bainne iontu,

thar 10 % i gcás beatha mianraí a bhfuil substaintí orgánacha inti, agus

thar 14 % i gcás beatha eile.


IARSCRÍBHINN II

Forálacha ginearálta um lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 11(4)

1.

Baineann na hábhair nó na leibhéil a léirítear nó atá le fógairt le meáchan na beatha, mura sonraítear a mhalairt.

2.

Is é lá, mí agus bliain an t-ord a leanfar i sonrú uimhriúil an dáta, agus sonrófar an fhormáid ar an lipéad tríd an ngiorrúchán seo a leanas: ‘LL/MM/BB’.

3.

Téarmaí comhchiallacha i dteangacha áirithe:

(a)

féadfar ‘produkty ke krmení’ a chur in ionad ‘krmiva’ san aimniú Seicise; féadfar ‘Futtermittel-Ausgangserzeugnis’ a úsáid in ionad ‘Einzelfuttermittel’ san aimniú Gearmáinise; féadfar ‘απλή ζωοτροφή’ a úsáid in ionad ‘πρώτη ύλη ζωοτροφών’ san ainmniú Gréigise; féadfar ‘mangime semplice’ a chur in ionad ‘materia prima per mangimi’ san ainmiú Iodáilise;

(b)

ceadaítear na téarmaí seo a leanas a úsáid chun beatha pheataí a ainmniú: i Bulgáiris ‘храна’; i Spáinnis ‘alimento’; féadfar ‘kompletní krmivo’ a chur in ionad ‘kompletní krmná směs’ agus féadfar ‘doplňkové krmivo’ a chur in ionad ‘doplňková krmná směs’ san ainmniú Seicise; i mBéarla ‘pet food’; in Iodáilis ‘alimento’; in Ongáiris ‘állateledel’; in Ollainnis ‘samengesteld voeder’; i bPolainnis ‘karma’; i Slóivéinis ‘hrana za hišne živali’; i bhFionlainnis ‘lemmikkieläinten ruoka’.

4.

Maidir leis na treoracha le haghaidh úsáide cuí na beatha comhlántaí agus ábhar beatha ina bhfuil breiseáin a sháraíonn na huasleibhéil socraithe do bhreiseán i dtaca le beatha iomlán, luafar an uaschainníocht beatha chumaisc laethúil:

in aghaidh an ainmhí i ngraim nó i gcileagraim nó in aonaid toirte de bheatha chomhlántach agus d’ábhair bheatha in aghaidh an lae, nó

céatadán an chandaim laethúil, nó

in aghaidh an chileagraim de bheatha iomlán nó an céatadán i mbeatha iomlán,

lena áirithiú go gcomhlíontar cainníochtaí uasta breiseán beatha faoi seach atá sa chandam laethúil.

5.

Gan difear a dhéanamh do na modhanna anailíseacha, do bhia peata, féadfar an téarma ‘próitéin’ a chur in ionad ‘amhphróitéin’, ‘méid saille’ a chur in ionad ‘amholaí agus amhshaillte’ agus féadfar ‘fuíoll loiscthe’ nó ‘ábhar neamhorgánach’ a chur in ionad ‘amhluaith’.


IARSCRÍBHINN III

Liosta d’ábhair a bhfuil srian nó toirmeasc ar a gcur ar an margadh nó ar a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe, dá dtagraítear in Airteagal 6

 

Caibidil 1: Ábhair thoirmiscthe

1.

Faecas, fual agus ábhar deighilte ó chonair an díleá mar thoradh ar chonair an díleá a fholmhú nó a bhaint amach, is cuma cén cineál cóireála nó breismheasctha a dhéantar.

2.

Seithe cóirithe le substaintí súdaireachta, lena n-áirítear fuíollábhair ón gcóireáil sin.

3.

Síolta agus ábhair phlanda-iomadaithe eile a ndéantar cóireáil shainiúil orthu, tar éis a mbuainte, le táirgí cosanta plandaí chun críche a n-úsáide faoi mar atá beartaithe (iomadú), agus aon fhotháirgí a eascraíonn as sin.

4.

Adhmad, lena n-áirítear min sáibh nó ábhair eile a dhíorthaítear as adhmad, arna chóiriú le leasaithigh adhmaid faoi mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn V de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (1).

5.

An dramhaíl go léir a fhaightear ó na céimeanna éagsúla de chóireáil fuíolluisce uirbigh, bhaile agus thionsclaíoch faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (2), is cuma má dhéantar aon phróiseáil ile ar na huiscí sin agus is cuma freisin cá as ar tháinig na huiscí ar dtús.

6.

Dramhaíl sholadach uirbeach, amhail dramhaíl tí.

7.

Pacáistiú a eascraíonn as táirgí ón tionscal agraibhia a úsáid, agus codanna den phacáistiú sin.

 

Caibidil 2: Ábhair shrianta


(1)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(2)  IO L 135, 30.5.1991, lch. 40.


IARSCRÍBHINN IV

Lamháltais cheadaithe ar lipéadú maidir le comhdhéanaimh ábhar beatha nó maidir le beatha chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 11(5)

1.

Áirítear ar na lamháltais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo dialltaí teicniúla agus anailíseacha. Ón uair a mbeidh lamháltais anailíseacha i leith neamhchinnteachtaí tomhais agus i leith athruithe sa nós imeachta socraithe ar leibhéal an Chomhphobail, ba cheart na luachanna a leagtar síos i mír 2 a oiriúnú dá réir, le nach mbainfidh siad ach leis na lamháltais theicniúla amháin.

2.

I gcás inar léir nach gcloíonn comhdhéanamh ábhair bheatha nó comhdhéanamh beatha cumaisc leis an gcomhdhéanamh lipéadaithe, ar bhealach gur lúide an luach dá bharr, ceadaítear na lamháltais seo a leanas:

(a)

i dtaca le hamhphróitéin, siúcraí, stáirse agus ionúilin:

3 aonad le haghaidh cainníocht fógartha de 30 % nó níos mó ná 30 %,

10 % den chainníocht fhógartha le haghaidh cainníocht fógartha is lú ná 30 % ach nach lú ná 10 %,

1 aonad amháin le haghaidh cainníocht fógartha is lú ná 10 %;

(b)

i dtaca le hamhshnáithín, le hamhola agus le hamhshaillte:

2,2 aonad le haghaidh cainníocht fógartha de 15 % nó níos mó ná 15 %,

15 % den chainníocht fhógartha le haghaidh cainníocht fógartha is lú ná 15 % ach nach lú ná 5 %,

0,8 aonad le haghaidh cainníocht fógartha is lú ná 5 %;

(c)

i dtaca le taise, amhluaith, luaith atá dothuaslagtha in aigéad hidreaclórach agus clóirídí arna sloinneadh mar NaCl, fosfar iomlán, sóidiam, carbónáit chailciam, cailciam, maignéisiam, innéacs aigéid agus ábhar atá dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom:

1,5 aonad le haghaidh cainníocht fógartha (luachanna) de 15 % (15) nó níos mó, de réir mar is iomchuí,

10 % den chainníocht fhógartha (luach) le haghaidh cainníochtaí fógartha (luachanna) is lú ná 15 % (15), ach nach lú ná 2 % (2), de réir mar is iomchuí,

0,2 aonad le haghaidh cainníochtaí fógartha (luachanna) is lú ná 2 % (2), de réir mar is iomchuí;

(d)

5 % i dtaca leis an luach fuinnimh agus 10 % i dtaca leis an luach próitéine;

(e)

i dtaca le breiseáin bheatha (1):

10 % más 1 000 aonad nó níos mó an chainníocht fógartha,

100 aonad le haghaidh cainníocht fógartha is lú ná 1 000 aonad ach nach lú ná 500 aonad,

20 % den chainníocht fhógartha más lú ná 500 aonad ach nach lú ná aon aonad amháin,

0,2 aonad den chainníocht fhógartha más lú ná aon aonad amháin ach nach lú ná 0,5 aonad,

40 % den chainníocht fhógartha más lú ná 0,5 aonad.

Beidh feidhm ag na lamháltais seo freisin maidir le huasleibhéil na mbreiseán beatha i mbeatha chumaisc.

3.

Chomh fada agus nach dtéitear thar an leibhéal uasta a shocraítear do bhreiseán beatha, féadfaidh an t-athrú ón gcainníocht fhógartha a bheith suas go dtí trí oiread an lamháltais iomchuí a leagtar síos i mír 2.

4.

Do bhreiseáin bheatha a bhaineann leis an ngrúpa miocrorgánach, comhfhreagróidh an uasteorainn inghlactha leis an leibhéal uasta socraithe.


(1)  Ciallaíonn aon aonad amháin sa mhír seo 1 mg, 1 000 AI, 1 × 109 ADC nó 100 aonad de ghníomhaíocht einsímeach den bhreiseán beatha lena mbaineann.


IARSCRÍBHINN V

Fógairt éigeantach le haghaidh ábhar beatha dá dtagraítear in Airteagal 16(1)(b)

 

Ábhar beatha arb éard atá ann

Fógairt éigeantach de

1.

Foráistí agus gairbhseach

Amhphróitéin, más > 10 %

Amhshnáithín

2.

Gráin arbhair

 

3.

Táirgí agus fotháirgí grán arbhair

Stáirse, más > 20 %

Amhphróitéin, más > 10 %

Amholaí agus amhshaillte, más > 5 %

Amhshnáithín

4.

Olashíolta, olathorthaí

 

5.

Táirgí agus fotháirgí olashíolta, olathorthaí

Amhphróitéin, más > 10 %

Amholaí agus amhshaillte, más > 5 %

Amhshnáithín

6.

Síolta léagúim

 

7.

Táirgí agus fotháirgí síolta léagúim

Amhphróitéin, más > 10 %

Amhshnáithín

8.

Tiúbair, fréamhacha

 

9.

Táirgí agus fotháirgí tiúbar agus fréamhacha

Stáirse

Amhshnáithín

Luaith atá dothuaslagtha in HCl, más > 3,5 % d’ábhar tirim

10.

Táirgí agus fotháirgí thionscal phróiseála an bhiatais siúcra

Amhshnáithín, más > 15 %

Siúcra iomlán, arna ríomh mar shiúcrós

Luaith atá dothuaslagtha in HCl, más > 3,5 % d’ábhar tirim

11.

Táirgí agus fotháirgí thionscal phróiseála an chána siúcra

Amhshnáithín, más > 15 %

Siúcra iomlán, arna ríomh mar shiúcrós

12.

Síolta eile agus torthaí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí, seachas iad sin a luaitear in 2-7

Amhphróitéin

Amhshnáithín

Amholaí agus amhshaillte, más > 10 %

13.

Plandaí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí, seachas iad sin a luaitear in 8-11

Amhphróitéin, más > 10 %

Amhshnáithín

14.

Táirgí agus fotháirgí bainne

Amhphróitéin

Taise, más > 5 %

Lachtós, más > 10 %

15.

Táirgí agus fotháirgí ainmhithe tíre

Amhphróitéin, más > 10 %

Amholaí agus amhshaillte, más > 5 %

Taise, más > 8 %

16.

Éisc, ainmhithe muirí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí

Amhphróitéin, más > 10 %

Amholaí agus amhshaillte, más > 5 %

Taise, más > 8 %

17.

Mianraí

Cailciam

Sóidiam

Fosfar

Mianraí ábhartha eile

18.

Ilghnéitheach

Amhphróitéin, más > 10 %

Amhshnáithín

Amholaí agus amhshaillte, más > 10 %

Stáirse, más > 30 %

Siúcra iomlán, mar shiúcrós, más > 10 %

Luaith atá dothuaslagtha in HCl, más > 3,5 % d’ábhar tirim


IARSCRÍBHINN VI

Sonraí lipéadaithe le haghaidh ábhar beatha agus beatha cumaisc d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad

Caibidil I:   Breiseáin bheatha a lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 15(f) agus Airteagal 22(1)

1.

Liostófar na breiseáin seo a leanas lena n-ainmneacha sonracha, faoi mar a shainítear iad san ionstraim dhlíthiúil ábhartha lena n-údaraítear an breiseán bia lena mbaineann, an chainníocht inarb ann dóibh, a n-uimhir aitheantais agus ainm an fheidhmghrúpa faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó an chatagóir dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán sin.

(a)

breiseáin a bhfuil cainníocht uasta leagtha síos dóibh i gcomhair aon chineál sprioc-speicis;

(b)

breiseáin a bhaineann leis na catagóirí ‘breiseáin zútheicniúla’ agus ‘coiciodiostait agus histeamostait’;

(c)

breiseáin a bhaineann le feidhmghrúpa ‘úiré agus a díorthaigh’ den chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

2.

Tabharfar an t-ainm a leagtar síos san ionstraim dhlíthiúil ábhartha lena n-údaraítear an breiseán bia atá i gceist agus an chainníocht inarb ann don bhreiseán beatha má chuirtear béim sa lipéadú, trí fhocail, trí phictiúir nó trí ghrafaic, gur ann dó.

3.

An duine atá freagrach as an lipéadú, nochtfaidh sé, arna iarraidh sin ag an gceannaitheoir, ainmneacha, uimhir aitheantais agus feidhmghrúpa na mbreiseán beatha nach luaitear i mír 1.

4.

Féadfar breiseáin bheatha nach luaitear i mír 1 a shonrú go deonach, go hiomlán nó go páirteach san fhoirm a leagtar síos i mír 1.

5.

Má dhéantar breiseán beatha cothaitheach nó céadfaíoch dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a lipéadú go deonach, sonrófar an chainníocht inarb ann dó.

6.

Má bhaineann breiseán le breis agus feidhmghrúpa amháin, sonrófar an feidhmghrúpa nó an chatagóir is iomchuí dá phríomhfheidhm sa bheatha áirithe sin.

Caibidil II:   Comhábhair anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(f) agus in Airteagal 22(1) a lipéadú

1.

Déanfar comhábhair anailíseacha beatha cumaisc le haghaidh bia-ainmhithe a lipéadú mar seo a leanas:

Beatha

Comhábhair anailíseacha agus leibhéil

Sprioc-speiceas

Beatha iomlán

Amhphróitéin

Gach speiceas

Amhshnáithín

Gach speiceas

Amholaí & amhshaillte

Gach speiceas

Amhluaith

Gach speiceas

Lísín

Muca agus éanlaith

Meitiainín

Muca agus éanlaith

Cailciam

Gach speiceas

Sóidiam

Gach speiceas

Fosfar

Gach speiceas

Beatha chomhlántach – Mianrach

Lísín

Muca agus éanlaith

Meitiainín

Muca agus éanlaith

Cailciam

Gach speiceas

Sóidiam

Gach speiceas

Fosfar

Gach speiceas

Maignéisiam

Athchogantaigh

Beatha chomhlántach – Eile

Amhphróitéin

Gach speiceas

Amhshnáithín

Gach speiceas

Amholaí & amhshaillte

Gach speiceas

Amhluaith

Gach speiceas

Lísín

Muca agus éanlaith

Meitiainín

Muca agus éanlaith

Cailciam ≥ 5 %

Gach speiceas

Sóidiam

Gach speiceas

Fosfar ≥ 2 %

Gach speiceas

Maignéisiam ≥ 0.5 %

Athchogantaigh

2.

Má shonraítear aimínaigéid, vitimíní agus/nó riandúile faoin gceannteideal comhábhair anailíseacha, déanfar an méid iomlán díobh a fhógairt.

3.

Má shonraítear an luach fuinnimh agus/nó an luach próitéine, déanfar an sonrú sin i gcomhréir leis an modh-CE, má bhíonn sé ar fáil nó i gcomhréir le modh náisiúnta oifigiúil an Bhallstáit ina gcuirtear an bheatha ar an margadh, má tá sé ar fáil.


IARSCRÍBHINN VII

Sonraí lipéadaithe le haghaidh ábhar beatha agus beatha cumaisc d’ainmhithe nach bia-ainmhithe iad

Caibidil I:   Breiseáin bheatha a lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 15(f) agus Airteagal 22(1)

1.

Liostófar na breiseáin seo a leanas, mar aon lena n–ainmneacha sonracha, arna sainiú san ionstraim dhlíthiúil ábhartha lena n-údaraítear an breiseán bia lena mbaineann agus/nó a n-uimhireacha aitheantais, an chainníocht inarb ann dóibh agus ainm an fheidhmghrúpa faoi mar a leagtar síos é in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó an chatagóir dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán sin:

(a)

breiseáin a bhfuil cainníocht uasta a leagtar síos dóibh i gcomhair aon chineál sprioc-speicis;

(b)

breiseáin a bhaineann leis na catagóirí ‘breiseáin zútheicniúla’ agus ‘coiciodiostait agus histeamostait’; agus

(c)

breiseáin a bhaineann le feidhmghrúpa ‘úiré agus a díorthaigh’ den chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

2.

De mhaolú ar mhír 1, maidir le breiseáin a bhaineann leis na feidhmghrúpaí ‘leasaithigh’, ‘frithocsaídeoirí’ agus ‘dathúcháin’ a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is é an feidhmghrúpa lena mbaineann amháin a chaithfear a shonrú.

Sa chás seo, cuirfidh an duine atá freagrach as an lipéadú an fhaisnéis de bhun mhír 1 in iúl don cheannaitheoir arna iarraidh sin dó.

3.

Tabharfar an t-ainm a leagtar síos san ionstraim dhlíthiúil ábhartha lena n-údaraítear an breiseán bia atá i gceist agus an chainníocht inarb ann don bhreiseán beatha má chuirtear béim sa lipéadú, trí fhocail, trí phictiúir nó trí ghrafaic, gur ann dó.

4.

Cuirfidh an duine atá freagrach as an lipéadú ainmneacha, uimhir aitheantais agus feidhmghrúpa na mbreiseán beatha nach luaitear i mír 1 in iúl don cheannaitheoir arna iarraidh sin dó.

5.

Féadfar breiseáin bheatha nach luaitear i mír 1 a shonrú go deonach, go hiomlán nó go páirteach san fhoirm a leagtar síos i mír 1 nó go páirteach.

6.

Má dhéantar breiseán beatha cothaitheach nó céadfaíoch, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, a lipéadú go deonach, sonrófar an chainníocht inarb ann dó.

7.

Má bhaineann breiseán le breis agus feidhmghrúpa amháin, sonrófar an feidhmghrúpa nó an chatagóir is iomchuí dá phríomhfheidhm sa bheatha áirithe sin.

8.

Aon fhaisnéis maidir le comhdhéanamh beatha nó maidir leis na hairíonna a mhaítear a bheith ag an mbeatha a chuirtear ar an margadh, cuirfidh an duine atá freagrach as an lipéadú ar fáil í do na húdaráis inniúla, ionas go bhféadfar beachtas na faisnéise a thabharfar sa lipéadú a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis iomlán ar na breiseáin arna n-úsáid.

Caibidil II:   Comhábhair anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(f) agus in Airteagal 22(1) a lipéadú

1.

Déanfar comhábhair anailíseacha cumaisc le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad a lipéadú mar seo a leanas:

Beatha

Comhábhair anailíseacha

Sprioc-speiceas

Beatha iomlán

Amhphróitéin

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amhshnáithín

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amholaí & amhshaillte

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amhluaith

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Beatha chomhlántach – Mianrach

Cailciam

Gach speiceas

Sóidiam

Gach speiceas

Fosfar

Gach speiceas

Beatha chomhlántach – Eile

Amhphróitéin

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amhshnáithín

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amholaí & amhshaillte

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

Amhluaith

Cait, madraí agus ainmhithe fionnaidh

2.

Má shonraítear aimínaigéid, vitimíní agus/nó riandúile faoin gceannteideal ‘comhábhair anailíseacha’, déanfar iad a fhógairt mar aon leis an chainníocht inarb ann dóibh.

3.

Má shonraítear an luach fuinnimh agus/nó an luach próitéine, déanfar an sonrú sin i gcomhréir leis an mhodh-CE, má bhíonn sé ar fáil, nó i gcomhréir le modh náisiúnta oifigiúil an Bhallstáit ina gcuirtear an bheatha ar an margadh, má bhíonn sé ar fáil.


IARSCRÍBHINN VIII

Forálacha sainiúla maidir le lipéadú beatha nach gcomhlíonann ceanglais sábháilteachta agus margaíochta faoi dhlí an chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 20(1)

1.

Déanfar ábhair éillithe a lipéadú mar ‘beatha ina bhfuil leibhéal iomarcach/leibhéil iomarcacha de … (ainm na substainte/substaintí neamh-inmhianaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I de Threoir 2002/32/CE), agus nach féidir a úsáid mar bheatha ach amháin tar éis a díthocsainithe i mbunaíochtaí údaraithe’. Beidh údarú na mbunaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005.

2.

I gcás ina mbeartófar an t-éilliú a laghdú nó a dhíothú trí ghlanadh, beidh an méid breise seo a leanas ar lipéadú na n-ábhar éillithe: ‘beatha ina bhfuil leibhéal iomarcach/leibhéil iomarcacha de … (ainm na substainte/substaintí neamh-inmhianaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I de Threoir 2002/32/CE), agus nach féidir a úsáid mar bheatha ach amháin tar éis a glanta go leordhóthanach’.


IARSCRÍBHINN IX

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 79/373/CEE

Treoir 96/25/CE

Gníomhartha eile: Treoracha 80/511/CEE (1), 82/471/CEE (2), 93/74/CEE (3), 93/113/CE (4), nó Cinneadh 2004/217/CE (5)

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1

(2), (4): Airteagal 1

(3): Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2

(2), (3): Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 3

Airteagal 3

(3): Airteagal 1(2)

Airteagal 4(2)

 

Airteagal 4

 

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(1)

Airteagal 12

 

(3): Airteagal 10(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 10a(3)

Airteagal 11(b)

(2): Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

 

 

(3): Airteagal 3

Airteagal 9

 

 

(3): Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 5e

 

 

Airteagal 11(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(1)

(2): Airteagal 5(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 5(6)

Airteagal 4 agus Airteagal 6(4)

 

Airteagal 11(4)

Airteagal 6

Airteagal 4

 

Airteagal 11(5)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

 

Airteagal 12

Airteagal 5e

Airteagal 5(2)

(3): Airteagal 5(6)

Airteagal 13

Airteagal 5(1), Airteagal 11

Airteagal 5(1), Airteagal 9

 

Airteagal 14

Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(5)(c)

Airteagal 5(1)

(4): Airteagal 7(1)E agus Treoir 70/524/CEE: Airteagal 16

Airteagal 15

 

Airteagal 5(1)(c), (d) agus Airteagal 7

 

Airteagal 16

Airteagal 5(1), Airteagal 5c agus Airteagal 5d

 

 

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 5c(3)

 

 

Airteagal 17(3)

 

 

(3): Airteagal 5(1), (4), (7) agus Airteagal 6(a)

Airteagal 18

Airteagal 19

 

Airteagal 8

 

Airteagal 20

 

Airteagal 6(1)(a)

 

Airteagal 21(1)

Airteagal 5(5)(d)

 

 

Airteagal 21(2)

 

Airteagal 6(3)(a)

 

Airteagal 21(3)

Airteagal 5(5)(b)

 

 

Airteagal 21(4)

Airteagal 5(5)(a)

 

 

Airteagal 21(5)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3), agus Airteagal 6(1)(b)

 

Airteagal 21(6)

Airteagal 21(7)

Airteagal 14(c)

 

 

Airteagal 21(8)

Airteagal 5(3), Airteagal 5c(4) agus Airteagal 5e

Airteagal 5(2)

 

Airteagal 22

Airteagal 4(1)

 

(1): Airteagal 1

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 10

Airteagal 11

 

Airteagal 27

Airteagal 13

Airteagal 13

(2): Airteagal 13 agus Airteagal 14

(3): Airteagal 9

Airteagal 28

Airteagal 29

——

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Iarscríbhinn, Cuid A(2), (3), (4)

Iarscríbhinn, Cuid A(II), (VI),

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn, Cuid A(1) agus

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(4)

 

Iarscríbhinn II

 

 

(5): Iarscríbhinn

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn, Cuid A(5), (6)

Iarscríbhinn Cuid A(VII)

 

Iarscríbhinn IV

 

Iarscríbhinn Cuid C

 

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn Cuid B

 

 

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn Cuid B

 

 

Iarscríbhinn VII


Top