EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0767

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

OJ L 218, 13.8.2008, p. 60–81 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 19 Volume 006 P. 120 - 141

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 03/08/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj

13.8.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/60


RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(b)(ii) agus Airteagal 66 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ag tógáil ar chonclúidí na Comhairle an 20 Meán Fómhair 2001 agus ar chonclúidí na Comhairle Eorpaí in Laeken i mí na Nollag 2001, in Sevilla i Meitheamh 2002, in Thessaloniki i Meitheamh 2003 agus sa Bhruiséil i Márta 2004, tá bunú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) ar cheann de phríomhthionscnaimh i mbeartais an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun.

(2)

Chuir Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 ag bunú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) (2) an VIS ar bun mar chóras chun sonraí víosaí a mhalartú idir Bhallstáit.

(3)

Is gá anois cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí an VIS a shainiú agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhunú chun sonraí víosaí idir Bhallstáit a mhalartú d'fhonn scrúdú na n-iarratas ar víosaí agus ar chinntí gaolmhara a éascú, agus na treoshuímh d'fhorbairt an VIS a ghlac an Chomhairle an 19 Feabhra 2004 á gcur san áireamh, agus is gá sainordú a thabhairt don Choimisiún chun an VIS a chur ar bun.

(4)

Ar feadh idirthréimhse, ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as bainistiú oibríochtúil an VIS Láir, na gComhéadan Náisiúnta agus gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta.

San fhadtéarma, agus tar éis measúnú iarmharta a bheith déanta ina mbeidh anailís shubstaintiúil ar na roghanna atá ann ó thaobh airgeadais, ó thaobh oibríochta agus ó thaobh eagrúcháin agus tar éis tograí reachtacha ón gCoimisiún a fháil, ba cheart Údarás Bainistíochta buan a bhunú a bheadh freagrach as na tascanna sin. Níor chóir go mairfeadh an idirthréimhse níos mó ná cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(5)

Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir ag an VIS feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalach agus ar an gcomhchomhairle idir na húdaráis víosaí láir trí éascú a dhéanamh ar mhalartú sonraí idir Bhallstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann, d’fhonn an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú, chun ‘siopadóireacht víosaí’ a chosc, chun an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú agus chun seiceálacha ag láithreacha trasnaithe teorann agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú. Ba cheart go gcabhródh an VIS freisin aon duine nach gcomhlíonann na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh iad, a aithint, agus ba cheart go n-éascódh sé cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus an mheicníocht chun a chinneadh cén Ballstát atá freagrach as an scrúdú ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (3), agus ba cheart go gcuideodh sé chun bagairtí ar shlándáil inmheánach aon Bhallstáit a chosc.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar acquis an chomhbheartais víosaí. Ba cheart na sonraí atá le próiseáil ag an VIS a chinneadh ar bhonn na sonraí a thugtar leis an bhfoirm choiteann d'iarratais ar víosaí mar a tugadh isteach í le Cinneadh 2002/354/CE ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir le hoiriúnú Chuid III de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus maidir le hIarscríbhinn 16 a ghabhann leis na Teagaisc sin a chruthú (4) mar aon leis an bhfaisnéis maidir leis an ngreamán víosa dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 ag leagan síos formáid chomhionann do víosaí (5).

(7)

Ba cheart go mbeadh ceangal ag an VIS le córais náisiúnta na mBallstát d'fhonn é a chur ar chumas údaráis inniúla na mBallstát próiseáil a dhéanamh ar shonraí maidir le hiarratais ar víosaí agus maidir leis na víosaí a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó a fadaíodh.

(8)

Ba cheart go gcuirfeadh na coinníollacha agus na nósanna imeachta d’iontráil, do leasú, do scriosadh agus do sheiceáil na sonraí sa VIS na nósanna imeachta a leagtar síos sna Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalachta (6) (na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha) san áireamh.

(9)

Ba cheart lánpháirtiú sa VIS a dhéanamh ar fheidhmiúlachtaí teicniúla an líonra chun dul i gcomhairle leis an údaráis víosaí láir mar a leagtar síos in Airteagal 17(2) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (7) (Coinbhinsiún Schengen) a chur cun feidhme.

(10)

Is gá sonraí bithmhéadracha a phróiseáil sa VIS chun a áirithiú go ndéanfar iarratasóirí ar víosaí a fhíorú agus a aithint go hiontaofa.

(11)

Is gá údaráis inniúla sin na mBallstát a shainmhíniú a mbeidh cead ag a bhfoirne cuí-údaraithe sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú chun críocha sainiúla an VIS i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid is gá chun a dtascanna a fheidhmiú.

(12)

Ba cheart go mbeadh aon phróiseáil a dhéanfaí ar shonraí VIS comhréireach leis na cuspóirí a bheidh le baint amach agus ba cheart go mbeadh sí riachtanach chun tascanna na n-údarás inniúil a fheidhmiú. Agus an VIS á úsáid acu, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla deimhin de go n-urramófar dínit dhaonna agus ionracas na ndaoine a mbeadh a sonraí á n-iarraidh agus níor chóir go ndéanfadh siad idirdhealú in aghaidh daoine bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéis.

(13)

Ba cheart go gcomhlánfadh ionstraim dhlíthiúil ar leithligh an Rialachán seo, ionstraim a ghlacfaí faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le rochtain chun an VIS a cheadú a bheith ag údaráis atá freagach as an tslándáil inmheánach.

(14)

Níor chóir na sonraí pearsanta a stórálfar ar an VIS a choimeád níos faide ná mar is gá ar mhaithe le cuspóirí an VIS. Is cuí na sonraí a choimeád ar feadh uastréimhse cúig bliana d'fhonn a bheith ábalta na sonraí ar iarratais roimhe sin a chur san áireamh do mheasúnú na n-iarratas ar víosaí, meon macánta na n-iarratasóirí san áireamh, agus chun doiciméadacht a chur le chéile mar gheall ar inimircigh neamhdleathacha a bhféadfadh iarratas ar víosa a bheith curtha isteach acu tráth. Níor leor tréimhse ní ba ghiorra ná sin chun na gcríoch sin. Ba cheart na sonraí a scriosadh tar éis tréimhse cúig bliana, mura mbeidh forais ann chun iad a scriosadh níos túisce.

(15)

Ba cheart rialacha beachta a leagan síos maidir leis na freagrachtaí chun an VIS a bhunú agus a oibriú mar aon le freagrachtaí na mBallstát as na córais náisiúnta agus rochtain na n-údarás náisiúnta ar na sonraí.

(16)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le dliteanas na mBallstát i ndáil le damáiste a eascróidh as aon sárú ar an Rialachán seo. Rialaítear leis an dara mír d’Airteagal 288 den Chonradh dliteanas an Choimisiúin maidir le haon damáiste den sórt sin.

(17)

Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart pointí áirithe a shoiléiriú, áfach, maidir leis an bhfreagracht as na sonraí a phróiseáil, cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint agus maoirseacht ar chosaint sonraí.

(18)

Baineann Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint sa phróiseáil a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail ar shonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9) le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí an Chomhphobail agus a dtascanna á fheidhmiú acu i bhfreagracht bhainistiú oibríochtúil an VIS. Ba cheart pointí áirithe a shoiléiriú, áfach, maidir leis an bhfreagracht as próiseáil na sonraí agus maoirseacht ar chosaint sonraí.

(19)

Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis maoirseachta náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 95/46/CE, monatóireacht ar dhlíthiúlacht phróiseáil na mBallstát ar shonraí pearsanta, agus ba cheart go ndéanfadh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, monatóireacht ar ghníomhaíochtaí institiúidí an Chomhphobail agus ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí an Chomhphobail maidir le próiseáil sonraí pearsanta, agus tascanna teoranta institiúidí agus chomhlachtaí na gComhphobal maidir leis na sonraí féin á gcur san áireamh.

(20)

Ba cheart go mbeadh comhoibriú gníomhach idir an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta.

(21)

Is gá go ndéanfaí meastóireacht go tráthrialta chun go mbeadh monatóireacht éifeachtúil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bhaineann le sáruithe fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

(23)

Ba cheart na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna mbronnadh ar an gCoimisiún (10).

(24)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(25)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Córas Faisnéise Víosaí comhchoiteann a bhunú agus oibleagáidí, coinníollacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna a chruthú chun sonraí a mhalartú idir Bhallstáit a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmharta an ghnímh, a fhéadfar é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá réir sin, ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo cibé an gcuirfear chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfear.

(27)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (11) a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (12) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(28)

Ba cheart go socrófaí go dtabharfaí cead d’ionadaithe ón Íoslainn agus ón Iorua baint a bheith acu le hobair na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le feidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. Meabhraíodh socrú den sórt sin sa Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le coistí a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach i bhfeidhmiú a chumhachtaí feidhmiúcháin (13), atá i gceangal leis an gComhaontú dá dtagraítear in Aithris 27.

(29)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (14), agus Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 ar chur i bhfeidhm codanna de acquis Schengen ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (15) a glacadh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(30)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (16). Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(31)

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/860/CE ón gComhairle (17).

(32)

Ba cheart go socrófaí go dtabharfaí cead d’ionadaithe ón Eilvéis baint a bheith acu le hobair na gcoistí a chuidíonn leis an gCoimisiún maidir le feidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. Meabhraíodh socrú den chineál sin sa Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal agus an Eilvéis, atá i gceangal leis an gComhaontú dá dtagraítear in Aithris 31.

(33)

Gníomh atá sa Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige leis de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Sainmhínítear leis an Rialachán seo feidhm, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh 2004/512/CE. Leagann sé amach na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a mhalartú idir Bhallstáit i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta agus ar na cinntí a rinneadh leis sin, lena n-áirítear an cinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, d'fhonn imscrúdú ar iarratais den sórt sin agus na cinntí a bhaineann leo a éascú.

Airteagal 2

Cuspóir

Is é an cuspóir a bheidh ag an VIS feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí láir trí mhalartú sonraí idir Bhallstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an nós imeachta um iarratais a dhéanamh ar víosaí a éascú;

(b)

seachaint na gcritéar lena gcinntear an Ballstát freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas a chosc;

(c)

an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;

(d)

seiceálacha ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;

(e)

cuidiú le haon duine a aithint a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;

(f)

cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a éascú;

(g)

cuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach aon Bhallstáit a chosc.

Airteagal 3

Fáil ar shonraí chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha eile coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú

1.   Féadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát rochtain a bheith acu ar shonraí a choimeádtar sa VIS dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14 i gcás faoi leith agus tar éis iarraidh réasúnaithe a bheith déanta i scríbhinn nó go leictreonach más rud é go mbíonn cúis réasúnta ann a cheapadh go gcuirfeadh ceadú sonraí VIS go mór le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha eile coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Féadfaidh rochtain a bheith ag Europol ar an VIS laistigh de theorainneacha a shainordaithe agus nuair a bheidh gá leis chun a thascanna a fheidhmiú.

2.   Déanfar an ceadú dá dtagraítear i mír 1 trí láthair rochtana lárnach nó láithreacha rochtana lárnacha a bheidh freagrach as dianchomhlíonadh na gcoinníollacha rochtana agus na nósanna imeachta arna mbunú le Cinneadh 2008/.../CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun a cheadaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (18). Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon láthair rochtana lárnach amháin a ainmniú ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhall. I gcás eisceachtúil práinne, féadfaidh an láthair rochtana lárnach nó na láithreacha rochtana lárnacha iarrataí a fháil i scríbhinn, go leictreonach nó ó bhéal agus gan a fhíorú ach ex-post gur comhlíonadh na coinníollacha rochtana uile, lena n-áirítear go raibh cás eisceachtúil práinne ann. Tarlóidh an fíorú ex-post gan mhoill mhíchuí tar éis an iarraidh a phróiseáil.

3.   Ní aistreofar sonraí a gheofar ón VIS de bhun an Chinnidh dá dtagraítear i mír 2 ná ní chuirfear ar fáil iad do thríú tír ná d'eagraíocht idirnáisiúnta. Féadfar, áfach, i gcás eisceachtúil práinne na sonraí sin a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus chun na críche sin amháin, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar taifid d'aistrithe den chineál sin agus go gcuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí iad arna iarraidh sin dóibh. Beidh aistriú na sonraí ag an mBallstát a d’iontráil na sonraí sa VIS faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

4.   Ní dochar an Rialachán seo d’aon oibleagáidí faoin dlí náisiúnta is infheidhme chun faisnéis maidir le gníomhaíocht choiriúil ar bith a bhraithfidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6, agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, a chur in iúl do na húdaráis fhreagracha chun críocha na cionta coiriúla lena mbaineann a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘víosa’:

(a)

‘víosa gearrfhanachta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 11(1)(a) de Choinbhinsiún Schengen é;

(b)

‘víosa idirthurais’ mar a shainmhínítear in Airteagal (11)(1)(b) de Choinbhinsiún Schengen é;

(c)

‘víosa idirthurais aerfoirt’ mar a shainmhínítear i gcuid I, pointe 2.1.1, de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha é;

(d)

‘víosa a mbeidh bailíocht chríochúil theoranta aige’ mar a shainmhínítear in Airteagal 11(2), in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 de Choinbhinsiún Schengen é;

(e)

‘víosa náisiúnta fadfhanachta atá bailí i gcomhthráth mar víosa gearrfhanachta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Schengen é;

2)

ciallaíonn ‘greamán víosa’ an fhormáid aonghnéitheach do víosaí mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 í;

3)

ciallaíonn ‘údaráis víosaí’ na húdaráis sin i ngach Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar víosaí agus as cinntí a dhéanamh ina dtaobh nó atá freagrach as cinntí víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, lena n-áirítear na húdaráis víosaí láir agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag an teorainn i gcomhréir le Rialachán (CE) 415/2003 ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le víosaí a éisiúint ag an teorainn, lena n-áirítear víosaí den sórt sin a éisiúint chuig mairnéalaigh atá faoi bhealach (19);

4)

ciallaíonn ‘foirm iarratais’ an fhoirm aonghnéitheach iarratais i gcomhair víosaí atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha;

5)

ciallaíonn ‘iarratasóir’ aon duine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (CE) 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (20), agus a mbeidh iarratas ar víosa taiscthe aige nó aici;

6)

ciallaíonn ‘comhaltaí de ghrúpa’ iarratasóirí a mbíonn iallach orthu ar chúiseanna dlíthiúla dul isteach le chéile i gcríoch na mBallstát agus críoch na mBallstát a fhágáil le chéile;

7)

ciallaíonn ‘doiciméad taistil’ pas nó a chomhionann de dhoiciméad, a thugann teideal don sealbhóir dul trasna teorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú dó;

8)

ciallaíonn ‘an Ballstát atá freagrach’ an Ballstát a d'iontráil na sonraí sa VIS;

9)

ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas ina ndéanfar comparáid idir thacair sonraí chun bailíocht céannachta a maíodh a shuíomh (seiceáil sonra ar shonra);

10)

ciallaíonn ‘aithint’ an próiseas ina gcinnfear céannacht duine trí chuardach ar bhunachar sonraí i gcomparáid le hiliomad tacar sonraí (seiceáil sonra ar shonraí);

11)

ciallaíonn ‘sonraí alfa-uimhriúla’ sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le comharthaí spáis agus le comharthaí poncaíochta.

Airteagal 5

Catagóirí sonraí

1.   Is iad na catagóirí sonraí seo a leanas amháin a thaifeadfar sa VIS:

(a)

sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó a fadaíodh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) go (4) agus in Airteagail 10 go 14;

(b)

grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 9(5);

(c)

sonraí méarloirg dá dtagraítear in Airteagal 9(6);

(d)

naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4).

2.   Gan dochar do thaifead na n-oibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34, ní thaifeadfar sa VIS na teachtaireachtaí a tharchuirfear le bonneagar an VIS, dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2).

Airteagal 6

Rochtain chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, nó a cheadú

1.   Is ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás víosaí amháin a bheidh rochtain ar an VIS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a iontráil, a leasú nó a scriosadh de réir an Rialacháin seo.

2.   Is ag foireann chuí-údaraithe údarás gach Ballstáit atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 15 go 22, agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar an VIS chun na sonraí a cheadú, agus é teoranta chun a mhéid a bheidh na sonraí de dhíth chun a dtascanna a fheidhmiú de réir na gcríoch sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh le baint amach.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar shonraí sa VIS d'fhonn iad a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 41(4) agus aon leasuithe ar an liosta. Sonrófar sa liosta sin an chríoch a bhféadfaidh gach údarás sonraí sa VIS a phróiseáil chuici.

Laistigh de 3 mhí tar éis don VIS a bheith i mbun oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 48(1), foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

Airteagal 7

Prionsabail Ghinearálta

1.   Áiritheoidh gach údarás inniúil a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith aige ar an VIS de réir an Rialacháin seo go mbeidh úsáid an VIS riachtanach, cuí agus i gcomhréir le feidhmiú thascanna na n-údarás inniúil.

2.   Áiritheoidh gach údarás inniúil nach ndéanfar idirdhealú, agus an VIS a úsáid aige, i gcoinne iarratasóirí agus sealbhóirí víosa bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh agus go lánurramófar dínit an duine agus ionracas an iarratasóra nó an tsealbhóra víosa.

CAIBIDIL II

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AG NA hÚDARÁIS VÍOSAÍ

Airteagal 8

Nósanna imeachta chun sonraí a iontráil ar an iarratas

1.   Ar iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás víosaí an comhad iarratais a chruthú gan mhoill, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil sa VIS, a mhéid a cheanglaítear ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.

2.   Agus an comhad iarratais á chruthú, seiceálfaidh an t-údarás víosaí sa VIS, i gcomhréir le hAirteagal 15, ar chláraigh aon cheann de na Ballstáit iarratas roimhe sin ón iarratasóir céanna sa VIS.

3.   Más rud é gur cláraíodh iarratas roimhe sin, déanfaidh an t-údarás víosaí gach comhad iarratais nua i leith an iarratasóra sin a nascadh leis an gcéad cheann.

4.   Más ag taisteal i ngrúpa nó lena chéile/céile agus/nó lena leanaí a bheidh an t-iarratasóir, cruthóidh an t-údarás comhad iarratais do gach iarratasóir agus nascfar comhaid iarratais na ndaoine atá ag taisteal le chéile.

5.   I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear ‘níl bainteach’ sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. I gcás méarlorg, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh, chun críocha Airteagal 17, idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar go fíorasach; rachaidh an fheidhmiúlacht seo in éag tar éis ceithre bliana mura ndaingneofar é le cinneadh ón gCoimisiún ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50(4).

Airteagal 9

Sonraí a bheidh le hiontráil agus an t-iarratas á thaisceadh

Déanfaidh an t-údarás víosaí na sonraí seo a leanas a iontráil sa chomhad iarratais:

1)

uimhir an iarratais;

2)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur iarradh víosa;

3)

an t-údarás a ndearnadh an t-iarratas a thaisceadh leis, lena n-áirítear a shuíomh, agus cé acu ar taisceadh an t-iarratas leis an údarás sin agus ionadú á dhéanamh aige ar Bhallstát eile.

4)

na sonraí seo a leanas a thógfar ón bhfoirm iarratais:

(a)

sloinne, sloinne tráth a bhreithe nó a breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); céadainm (céadainmneacha); gnéas; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe;

(b)

náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht ag tráth a bhreithe nó a breithe;

(c)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an t-údarás a d'eisigh é agus dáta a eisithe agus a éaga;

(d)

láthair agus dáta an iarratais;

(e)

an cineál víosa a iarradh;

(f)

sonraí an duine a d’eisigh cuireadh agus/nó a bheidh dlite costais chothaithe an iarratasóra a íoc le linn na tréimhse cónaithe, arb iad:

(i)

i gcás duine nádúrtha, sloinne agus céadainm agus seoladh an duine;

(ii)

i gcás cuideachta nó eagraíochta eile, ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, sloinne agus céadainm an duine teagmhála sa chuideachta nó san eagraíocht sin;

(g)

príomhcheann scríbe agus fad na tréimhse fanachta a bheidh beartaithe;

(h)

cuspóir an taistil;

(i)

an dáta teachta agus an dáta imeachta a bheidh beartaithe;

(j)

an teorainn chéadiontrála nó an bealach idirthurais a bheidh beartaithe;

(k)

áit chónaithe;

(l)

slí bheatha agus fostóir faoi láthair; i gcomhair mac léinn: ainm na scoile;

(m)

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha athair nó máthair an iarratasóra.

5)

grianghraf den iarratasóir, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95;

6)

méarloirg an iarratasóra, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach.

Airteagal 10

Sonraí breise i gcás víosa a eisíodh

1.   I gcás inar cinneadh víosa a eisiúint, cuirfidh an t-údarás víosaí a d'eisigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur eisíodh víosa;

(b)

an t-údarás a d'eisigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh agus cibé ar eisighan t-údarás sin an víosa thar ceann Ballstáit eile;

(c)

láthair agus dáta an chinnidh chun an víosa a eisiúint;

(d)

an cineál víosa;

(e)

uimhir an ghreamáin víosa;

(f)

an chríoch ina bhfuil cead ag sealbhóir an víosa taisteal a dhéanamh, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach;

(g)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bailíochta an víosa;

(h)

an líon iontrálacha a údaraíonn an víosa sa chríoch sin a bhfuil sé bailí ina leith;

(i)

fad na tréimhse fanachta a údaraíonn an víosa;

(j)

más infheidhme, an fhaisnéis ag cur in iúl gur eisíodh an víosa ar bhileog ar leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonghnéitheach d’fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhíonn i seilbh doiciméad taistil nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme (21).

2.   Má dhéanann iarratasóir iarratas a chúlghairm, nó mura leanfaidh sé d'iarratas a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh víosa a eisiúint, cuirfidh an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas in iúl go bhfuil deireadh tagtha leis an iarratas ar na cúiseanna sin agus an dáta ar tháinig deireadh leis an iarratas.

Airteagal 11

Sonraí breise i gcás ina scoirfear d'iarratas a scrúdú

I gcásanna ina mbeidh ar an údarás víosaí, a mbeidh ionadú á dhéanamh aige ar Bhallstát eile, scor d'iarratas a scrúdú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

1)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur scoireadh den iarratas a scrúdú;

2)

an t-údarás a scoir den iarratas a scrúdú, lena n-áirítear a shuíomh;

3)

láthair agus dáta an chinnidh chun scor den iarratas a scrúdú;

4)

an Ballstát a bheidh inniúil leis an iarratas a scrúdú.

Airteagal 12

Sonraí breise i gcás víosa a diúltaíodh

1.   I gcás ina gcinntear víosa a dhiúltú, cuirfidh an t-údarás víosaí a dhiúltaigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur diúltaíodh an víosa;

(b)

an t-údarás a dhiúltaigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;

(c)

láthair agus dáta an chinnidh an víosa a dhiúltú.

2.   Cuirfear in iúl sa chomhad iarratais an foras nó na forais ar diúltaíodh an víosa, ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann. Maidir leis an iarratasóir:

(a)

níl doiciméad taistil nó doiciméid taistil bailí aige nó aici;

(b)

tá doiciméad taistil bréige nó góchumtha nó brionnaithe aige nó aici;

(c)

ní thugann sé nó sí údar maith le cuspóir nó le coinníollacha na tréimhse fanachta, agus meastar é seo go háirithe mar riosca suntasach maidir le hinimirce neamhdhleathach de bhun Chuid V de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha;

(d)

d’fhan sé nó sí i gcríoch na mBallstát ar feadh trí mhí i rith tréimhse sé mhí cheana féin;

(e)

níl acmhainn leordhóthanach cothabhála aige nó aici don tréimhse agus don chineál fanachta, nó níl acmhainn leordhóthanach aige nó aici le filleadh ar an tír bhunaidh nó ar an tír idirthurais;

(f)

is duine é nó í ar eisíodh foláireamh ina leith chun an iontráil a dhiúltú dó nó di i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) agus/nó sa chlár náisiúnta;

(g)

meastar an t-iarratasóir a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar bheartas poiblí, ar shlándáil inmheánach nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, nó ar shláinte an phobail, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 19 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (22).

Airteagal 13

Sonraí breise a bheidh le cur isteach i gcás víosa a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó a bhfuil tréimhse bailíochta giorraithe aige

1.   I gcás ina ndéantar cinneadh víosa a chur ar neamhní nó a chúlghairm, nó a thréimhse bailíochta a ghiorrú, cuirfidh an t-údarás víosaí a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl go ndearnadh an víosa a chur ar neamhní nó a chúlghairm nó gur giorraíodh a thréimhse bailíochta;

(b)

an t-údarás a rinne an víosa a chur ar neamhní nó a chúlghairm nó a thréimhse bailíochta a ghiorrú, lena n-áirítear a shuíomh;

(c)

láthair agus dáta an chinnidh;

(d)

dáta nua éaga bhailíocht an víosa, más cuí;

(e)

uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an tréimhse ghiorraithe.

2.   Léireoidh an comhad iarratais an foras nó na forais ar cuireadh an víosa ar neamhní, ar cúlghaireadh é nó a ndearnadh a thréimhse bailíochta a ghiorrú, arb iad sin:

(a)

i gcás neamhniú nó cúlghairme, foras amháin nó níos mó de na forais atá liostaithe in Airteagal 12(2);

(b)

i gcás go gcinnfear tréimhse bailíochta víosa a ghiorrú, ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(i)

chun an sealbhóir víosa a dhíbirt;

(ii)

nach bhfuil acmhainn leordhóthanach cothabhála aige nó aici don tréimhse fanachta a bhí beartaithe i dtosach.

Airteagal 14

Sonraí breise i gcás ina ndéanfar víosa ar cuireadh síneadh leis

1.   I gcás inar cinneadh síneadh a chur le víosa, cuirfidh an t-údarás víosaí a chuir síneadh leis an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa;

(b)

an t-údarás a chuir síneadh leis an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;

(c)

láthair agus dáta an chinnidh;

(d)

uimhir an ghreamáin víosa, má tá víosa nua i gceist leis an tréimhse fhadaithe;

(e)

dáta tosaigh agus dáta éaga na tréimhse fadaithe;

(f)

tréimhse fhadú na fanachta a bheidh údaraithe;

(g)

an chríoch ina mbeidh cead ag sealbhóir an víosa taisteal a dhéanamh, i gcomhréir le forálacha ábhartha na dTeagasc Coiteann Consalach;

(h)

an cineál víosa ar cuireadh síneadh leis.

2.   Léireoidh an comhad iarratais na forais atá ann chun síneadh a chur le víosa, ar ceann nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:

(a)

force majeure;

(b)

cúiseanna daonchairdiúla;

(c)

tromchúiseanna gairme;

(d)

tromchúiseanna pearsanta.

Airteagal 15

An VIS a úsáid chun iarratais a scrúdú

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí an VIS a cheadú chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus ar na cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin, lena n-áirítear an cinneadh chun an víosa a chur ar neamhní nó a chúlghairm, nó a thréimhse bailíochta a fhadú nó a ghiorrú i gcomhréir leis na forálacha iomchuí.

2.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, tabharfar rochtain don údarás inniúil víosaí chun cuardach a dhéanamh le sonra amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas:

(a)

uimhir an iarratais;

(b)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a);

(c)

na sonraí ar an doiciméad taistil, dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(c);

(d)

sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(f);

(e)

méarloirg;

(f)

uimhir an ghreamáin víosa agus dáta eisithe aon víosa a eisíodh roimhe sin.

3.   Má léirítear leis an gcuardach le sonra amháin nó níos mó de na sonraí atá liostaithe i mír 2 go bhfuil sonraí ar an iarratasóir taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás víosaí inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad nó de na comhaid iarratais a cheadú mar aon leis an gcomhad nó na comhaid iarratais nasctha, de bhun Airteagal 8(3) agus (4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin.

Airteagal 16

Úsáid an VIS le haghaidh comhairliúcháin agus chun doiciméid a iarraidh

1.   Chun críocha comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais de réir Airteagal 17(2) de Choinbhinsiún Schengen, déanfar an t-iarratas agus na freagairtí ar chomhairliúchán a tharchur i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   Tarchuirfidh an Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú an iarraidh ar chomhairliúchán, mar aon le huimhir an iarratais, chuig an VIS agus sonrófar an Ballstát nó na Ballstáit a mbeifear le dul i gcomhairle leo.

Tarchuirfidh an VIS an iarraidh chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann.

Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig an VIS, agus déanfaidh an VIS an freagra a tharchur chuig an mBallstát a rinne an iarraidh.

3.   Féadfaidh feidhm a bheith freisin ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 maidir le tarchur faisnéise faoi eisiúint víosaí a mbeidh bailíocht chríche theoranta acu agus maidir le teachtaireachtaí eile a bhaineann leis an gcomhar consalach agus maidir le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí ar chóipeanna de dhoiciméid taistil agus doiciméid eile a thacaíonn leis an iarratas a chur ar aghaidh agus maidir le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid seo. Tabharfaidh na húdaráis inniúla víosaí freagairt ar an iarraidh gan mhoill.

4.   Úsáidfear na sonraí pearsanta a tharchuirfear de bhun an Airteagail seo don chomhairliúchán leis na húdaráis víosaí láir agus don chomhar consalach, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 17

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla víosaí ar na sonraí seo a leanas, d'fhonn iad a cheadú, ach gan ligean do chéannacht iarratasóirí aonair a bheith nochtaithe:

1)

faisnéis maidir le stádas;

2)

an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh;

3)

náisiúntacht an iarratasóra faoi láthair;

4)

teorainn na céadiontrála;

5)

dáta agus áit an iarratais nó an chinnidh maidir leis an víosa;

6)

an cineál víosa a iarradh nó a eisíodh;

7)

an cineál doiciméid taistil;

8)

na forais a tugadh maidir le haon chinneadh i leith an víosa nó an iarratais ar víosa;

9)

an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an t-iarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe;

10)

na cásanna ina ndearna an t-iarratasóir céanna iarratas ar víosa ó bhreis agus údarás amháin, ina luaitear na húdaráis víosaí sin, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe;

11)

cuspóir an taistil;

12)

na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach i gcomhréir leis an dara habairt d'Airteagal 8(5);

13)

na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla i gcomhréir leis an dara habairt d'Airteagal 8(5);

14)

na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d'Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach.

CAIBIDIL III

ROCHTAIN AR SHONRAÍ AG ÚDARÁIS EILE

Airteagal 18

Rochtain ar shonraí i gcomhair fíorú ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha

1.   Chun céannacht shealbhóir an víosa agus/nó barántúlacht an víosa a fhíorú agus/nó chun a fhíorú go gcomhlíontar, nó nach gcomhlíontar coinníollacha iontrála i gcríoch na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chód Teorainneacha Schengen, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen, faoi réir mhír 2 agus mhír 3, d'fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa, agus fíorú a dhéanamh ar mhéarloirg shealbhóir an víosa.

2.   Ar feadh uastréimhse trí bliana tar éis don VIS dul i mbun oibríochtaí, ní fhéadfar an cuardach a dhéanamh ach amháin trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa. Ó bhliain amháin tar éis thús na n-oibríochtaí, féadfar an tréimhse trí bliana a laghdú i gcás aertheorainneacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

3.   Maidir le sealbhóirí víosa nach bhféadfar a gcuid méarlorg a úsáid, déanfar an cuardach trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa.

4.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil um rialú teorainneacha ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais a bheidh nasctha leis, de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

an fhaisnéis maidir le stádas agus na sonraí ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)

grianghraif;

(c)

na sonraí a cuireadh isteach maidir leis an víosa/na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht/a mbailíocht a fhadú nó a ghiorrú, dá dtagraítear in Airteagail 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.

5.   In imthosca ina dteipfidh ar fhíorú shealbhóir an víosa nó ar fhíorú an víosa nó go mbeidh amhras maidir le céannacht shealbhóir an víosa, maidir le barántúlacht an víosa agus/nó maidir leis an doiciméad taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).

Airteagal 19

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát

1.   Chun céannacht shealbhóir an víosa agus/nó barántúlacht an víosa a fhíorú agus/nó chun a fhíorú go gcomhlíontar, nó nach gcomhlíontar coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát cibé an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe, d’fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa, agus fíorú a dhéanamh ar mhéarloirg shealbhóir an víosa, nó trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa.

Maidir le sealbhóirí víosa nach bhféadfar a gcuid méarlorg a úsáid, déanfar an cuardach trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa amháin.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a)

an fhaisnéis maidir le stádas agus na sonraí ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)

grianghraif;

(c)

na sonraí atá iontráilte maidir leis an víosa nó na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht nó a mbailíocht a fhadú nó a ghiorrú, dá dtagraítear in Airteagail 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.

3.   In imthosca ina dteipfidh ar fhíorú shealbhóir an víosa nó ar fhíorú an víosa nó go mbeidh amhras maidir le céannacht shealbhóir an víosa, maidir le barántúlacht an víosa agus/nó maidir leis an doiciméad taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).

Airteagal 20

Rochtain ar shonraí chun críocha céannachta

1.   Chun céannacht aon duine a bhféadfadh sé nach gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha iontrála, fanachta ná cónaithe i gcríoch Ballstáit, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen nó laistigh de chríoch na mBallstát cibé an gcomhlíontar na coinníollacha i gcomhair iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát, d'fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an duine sin.

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus/nó (c); féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(b).

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais nasctha, de bhun Airteagal 8(3) agus (4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a)

uimhir an iarratais, an fhaisnéis maidir le stádas agus an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas;

(b)

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(c)

grianghraif;

(d)

na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú nó a ghiorrú, nó maidir le hiarratais i gcás inar éiríodh as an scrúdú, dá dtagraítear in Airteagail 10 go 14.

3.   I gcás go mbeidh víosa ag an duine, is i gcomhréir le hAirteagal 18 nó le hAirteagal 19 a dhéanfaidh na húdaráis inniúla an VIS a rochtain ar dtús.

Airteagal 21

Rochtain ar shonraí chun freagracht as iarratais ar thearmann a chinneadh

1.   Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú de réir Airteagal 9 agus Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an iarrthóra tearmainn.

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus/nó (c); féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(b).

2.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa a eisíodh le dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, agus/nó go bhfuil víosa fadaithe go dtí dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus ar na sonraí atá liostaithe i bpointe (g) i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí, de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a)

uimhir an iarratais agus an t-údarás a d’eisigh nó a d’fhadaigh an víosa, agus cibé ar eisigh an t-údarás é thar ceann Ballstáit eile;

(b)

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (b);

(c)

an cineál víosa;

(d)

tréimhse bailíochta an víosa;

(e)

fad na fanachta atá beartaithe;

(f)

grianghraif;

(g)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (b) sa chomhad iarratais nó sna comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus iadsan amháin a dhéanfaidh an VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22

Rochtain ar shonraí chun iarratas ar thearmann a scrúdú

1.   Chun iarratas ar thearmann a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 d'fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarrthóra tearmainn.

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus/nó (c); féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(b).

2.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa eisithe taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais nasctha an iarratasóra de bhun Airteagal 8(3), agus, maidir leis na sonraí atá liostaithe i bpointe (e), i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a)

uimhir an iarratais;

(b)

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b) agus (c);

(c)

grianghraif;

(d)

na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú nó a ghiorrú, dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;

(e)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (b) den chomhad nó de na comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus iadsan amháin a dhéanfaidh an VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL IV

SONRAÍ A CHOINNEÁIL AGUS A LEASÚ

Airteagal 23

Tréimhse coinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.   Stórálfar gach comhad iarratais sa VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34.

Tosóidh an tréimhse sin:

(a)

ar dháta éaga an víosa, má eisíodh víosa;

(b)

ar dháta nua éaga an víosa, má tá fadú déanta ar víosa;

(c)

ar dháta chruthú an comhaid iarratais sa VIS, má astarraingítear an t-iarratas, má tá deireadh tagtha leis nó gur scoireadh dó;

(d)

ar dháta chinneadh an údaráis víosaí má dhiúltaítear víosa nó má tá víosa curtha ar neamhní, giorraithe nó cúlghairthe.

2.   Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, scriosfaidh an VIS go huathoibríoch an comhad iarratais agus an nasc nó na naisc leis an gcomhad sin mar a dtagraítear dó in Airteagal 8(3) agus (4).

Airteagal 24

Sonraí a leasú

1.   Is ag an mBallstát atá freagrach amháin a bheidh sé de cheart sonraí a bheidh tarchurtha chuig an VIS aige a leasú, trí na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh.

2.   Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh sa VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin sa VIS ar shlí atá contrártha don Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát freagrach. Féadfar teachtaireacht den sórt sin a tharchur trí bhonneagar an VIS.

3.   Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí lena mbaineann agus, más gá, ceartóidh sé nó scriosfaidh sé na sonraí sin láithreach.

Airteagal 25

Luathscriosadh sonraí

1.   Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, scriosfaidh an Ballstát a chruthaigh na comhaid iarratais a bhaineann leis nó léi agus na naisc dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) na comhaid iarratais agus na naisc sin gan mhoill as an VIS.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Ballstát nó na Ballstáit atá freagrach ar an eolas gan mhoill má fhaigheann iarratasóir náisiúntacht an Bhallstáit sin. Féadfar teachtaireacht den sórt sin a tharchur trí bhonneagar an VIS.

3.   Má neamhnaíonn cúirt nó bord achomhairc diúltú víosa, scriosfaidh an Ballstát a dhiúltaigh an víosa na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 gan mhoill a thúisce ar cinneadh críochnaitheach é an cinneadh chun diúltú an víosa a chur ar neamhní.

CAIBIDIL V

OIBRÍOCHT AGUS FREAGRACHTAÍ

Airteagal 26

Bainistiú oibríochtiúl

1.   Tar éis idirthréimhse, beidh freagracht ar údarás bainistíochta (an ‘tÚdarás Bainistíochta’), arna mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, as bainistiú oibríochtúil an VIS Láir agus na gComhéadan Náisiúnta. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil, faoi réir anailíse costais is tairbhe, i gcónaí don VIS Láir agus do na Comhéadain Náisiúnta.

2.   Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach freisin as na tascanna seo a leanas maidir leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta:

(a)

maoirseacht;

(b)

slándáil;

(c)

comhordú ar an gcaidreamh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

3.   Beidh an Coimisiún freagrach as na tascanna eile go léir a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, go háirithe:

(a)

tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b)

éadáil agus athnuachan;

(c)

nithe conarthacha.

4.   Le linn idirthréimhse sula rachaidh an tÚdarás Bainistíochta i mbun a chuid freagrachtaí, beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú oibríochtúil an VIS. Féadfaidh an Coimisiún an cúram sin agus tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (23), chuig comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta in dhá Bhallstát dhifriúla.

5.   Sásóidh gach comhlacht earnála poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 na critéir roghnúcháin seo a leanas:

(a)

caithfidh sé a léiriú go bhfuil taithí fhorleathan aige i bhfeidhmiú ollchórais faisnéise;

(b)

caithfidh sé cuid mhór saineolais a bheith aige maidir leis na riachtanais seirbhíse agus slándála a bhaineann le hollchóras faisnéise;

(c)

caithfidh sé foireann leordhóthanach a bhfuil taithí aici a bheith aige, agus ar foireann í a mbeidh an saineolas gairmiúil agus na scileanna teanga cuí aici chun oibriú i dtimpeallacht chomhoibrithe idirnáisiúnta faoi mar a éilíonn an VIS;

(d)

caithfidh sé bonneagar saoráidí slán, saincheaptha a bheith aige a bheidh in ann, go háirithe, cúltaca de na hollchórais TE a dhéanamh agus feidhmiú leanúnach na gcóras sin a áirithiú; agus

(e)

caithfidh go gcuirfidh a thimpeallacht riaracháin ar a chumas a chuid tascanna a chur i ngníomh i gceart agus aon choimhlint leasa a sheachaint.

6.   Sula ndéanfar aon tarmligean dá dtagraítear i mír 4, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún téarmaí an tarmligin, a raon feidhme go díreach, agus na comhlachtaí a mbeidh tascanna tarmligthe chucu in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcás ina dtarmligfidh an Coimisiún a chuid freagrachta le linn na hidirthréimhse de bhun mhír 4, áiritheoidh sé go mbeidh lánurraim ag an tarmligean sin do na teorainneacha a bheidh leagtha síos ag an gcóras institiúideach a leagtar amach sa Chonradh. Áiritheoidh sé, go háirithe, nach mbeidh tionchar díobhálach ag an tarmligean ar aon mheicníocht rialaithe éifeachtúil faoi dhlí an Chomhphobail, cibé ag an gCúirt Bhreithiúnais, ag an gCúirt Iniúchóirí nó ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí.

8.   Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochta an VIS ná na tascanna go léir a bheidh riachtanach chun an VIS a choinneáil ag feidhmiú 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla a bheidh riachtanach lena chinntiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal sásúil de cháilíocht oibríochtúil, go háirithe maidir leis an méid ama a bheidh de dhíth ar phoist chonsalachta chun an bunachar sonraí láir a iniúchadh, ar tréimhse ama é ba cheart a bheith chomh gearr agus is féidir.

9.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, a leagadh síos i Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 (24), cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta rialacha cuí rúndachta gairmiúla nó dualgais chomhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena fhoireann go léir a mbeidh orthu a bheith ag obair le sonraí VIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo chomh maith tar éis do na comhaltaí foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

Airteagal 27

Suíomh an Chórais Faisnéise Víosaí Láir

Beidh an príomhVIS Láir, a dhéanfaidh an mhaoirseacht theicniúil agus an riarachán, suite in Strasbourg (An Fhrainc) agus beidh cúltaca don VIS Láir, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile an phríomhVIS Láir a áirithiú i gcás go gclisfeadh an córas, suite in Sankt Johann im Pongau (An Ostair).

Airteagal 28

Gaol leis na Córais Náisiúnta

1.   Beidh an VIS ceangailte le Córas Náisiúnta gach Ballstáit trí Chomhéadan Náisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta, a sholáthróidh rochtain ar an VIS do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2), agus ceanglóidh siad an t-údarás náisiúnta sin leis an gComhéadan Náisiúnta.

3.   Leanfaidh gach Ballstát nósanna imeachta uathoibrithe maidir le sonraí a phróiseáil.

4.   Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

an Córas Náisiúnta a fhorbairt agus/nó a oiriúnú don VIS de réir Airteagal 2(2) de Chinneadh 2004/512/CE;

(b)

a Chóras Náisiúnta féin a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;

(c)

bainistiú agus socruithe a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar an VIS i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(d)

na costais a thabhaíonn na Córais Náisiúnta a sheasamh mar aon le costais a cheangal leis an gComhéadan Náisiúnta, lena n-áirítear costais infheistíochta agus costais oibríochtúla an bhonneagair chumarsáide idir an Comhéadan Náisiúnta agus an Córas Náisiúnta.

5.   Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte sa VIS a phróiseáil, gheobhaidh foireann na n-údarás a mbeidh de cheart acu rochtain a fháil ar an VIS an oiliúint chuí faoi shlándáil sonraí agus faoi rialacha cosanta sonraí agus cuirfear aon chionta coiriúla iomchuí agus aon phionóis iomchuí in iúl dóibh.

Airteagal 29

Freagracht maidir le sonraí a úsáid

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bpróiseálfar na sonraí go dleathach, agus go háirithe gurb í an fhoireann chuí-údaraithe amháin a mbeidh rochtain aici ar shonraí a phróiseáiltear sa VIS chun a dtascanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach, go háirithe:

(a)

go mbaileofar na sonraí go dleathach;

(b)

go dtarchuirfear na sonraí go dleathach chuig an VIS;

(c)

go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig an VIS iad.

2.   Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go ndéanfar an VIS a oibriú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir lena rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta, go háirithe:

(a)

na bearta is gá a ghlacadh chun slándáil an VIS Láir a áirithiú mar aon leis an mbonneagar cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit;

(b)

a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag an bhfoireann chuí-údaraithe ar na sonraí a phróiseáiltear sa VIS chun tascanna an Údaráis Bhainistíochta a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh sé de bhun mhír 2.

Airteagal 30

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

1.   Ní fhéadfar sonraí a fhaightear ón VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta ach amháin nuair is gá sin i gcás aonair, i gcomhréir le cuspóir an VIS agus i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla iomchuí, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le cosaint sonraí, agus ní fhéadfar iad a choimeád níos faide ná mar is gá sa chás aonair sin.

2.   Ní dochar mír 1 do cheart Ballstáit sonraí a d’iontráil an Ballstát sin sa VIS a choimeád ina chomhaid náisiúnta.

3.   Measfar gur mí-úsáid faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit a bheidh in úsáid a bhaint as sonraí nach ndéanann mír 1 agus mír 2 a chomhall.

Airteagal 31

Sonraí a pháirtiú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Ní dhéanfar sonraí a phróiseálfar sa VIS de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m) a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta atá liostaithe san Iarscríbhinn, nó a chur ar fáil dóibh, más gá é sin a dhéanamh i gcásanna aonair chun céannacht náisiúnach tríú tíortha a chruthú, lena n-áirítear chun náisiúnaigh a chur ar ais, ar an gcuntar amháin go sásaítear na coinníollacha seo a leanas amháin:

(a)

go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE, nó go mbeidh comhaontú maidir le daoine a athghlacadh i bhfeidhm idir an Comhphobal agus an tríú tír sin, nó go mbeidh feidhm ag forálacha Airteagal 26(1)(d) de Threoir 95/46/CE;

(b)

go gcomhaontóidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tugadh iad;

(c)

go n-aistrítear na sonraí, nó go gcuirtear ar fáil iad, i gcomhréir leis na forálacha iomchuí de dhlí an Chomhphobail, go háirithe comhaontuithe maidir le daoine a athghlacadh, agus de dhlí náisiúnta an Bhallstáit a d'aistrigh na sonraí, nó a chuir na sonraí ar fáil, lena n-áirítear na forálacha dlí is ábhartha do shlándáil sonraí agus do chosaint sonraí; agus

(d)

go mbeidh a thoiliú nó a dtoiliú tugtha ag an mBallstát nó ag na Ballstáit a chuir na sonraí sa VIS.

3.   Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta den sórt sin chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le neamh-refoulement.

Airteagal 32

Slándáil sonraí

1.   Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach slándáil na sonraí sula dtarchuirfear chuig an gComhéadan Náisiúnta iad agus le linn a dtarchuir chuig an gComhéadan Náisiúnta. Áiritheoidh gach Ballstát slándáil na sonraí a gheobhaidh sé ón VIS.

2.   Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil lena Chóras Náisiúnta, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, chun:

(a)

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh d'fhonn bonneagair chriticiúil a chosaint;

(b)

rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí i gcomhréir le cuspóirí an VIS (seiceálacha ag an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);

(c)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar bhaint amach neamhúdaraithe meán sonraí (rialú meán sonraí);

(d)

cosc a chur ar ionchur neamhúdaraithe sonraí agus ar iniúchadh, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e)

cosc a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí sa VIS agus ar aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar shonraí sa VIS (rialú iontráil sonraí);

(f)

a chinntiú nach mbeidh de rochtain ag daoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar an VIS ach ar na sonraí a bheidh folaithe ag a n-údarú rochtana, trí aitheantais úsáideora aonair agus uathúla agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g)

a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a mbeidh ceart rochtana ar an VIS acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar na sonraí, agus a mbeidh údarú acu sonraí a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus a chinntiú go gcuirfear na próifílí seo ar fáil do na húdaráis maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 gan mhoill arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);

(h)

a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);

(i)

a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí a bheidh próiseáilte sa VIS, cathain a rinneadh agus cé a rinne an phróiseáil agus cén cuspóir atá leis (rialú taifeadta sonraí);

(j)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig an VIS nó ón VIS nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí theicnící criptithe cuí (rialú iompair);

(k)

monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagraíochtúla is gá a ghlacadh maidir le monatóireacht inmheánach lena chinntiú go gcomhlíontar an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht).

3.   Glacfaidh an tÚdarás Bainistíochta na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach maidir le hoibriú an VIS, lena n-áirítear plean slándála a ghlacadh.

Airteagal 33

Dliteanas

1.   Beidh aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste dó mar thoradh ar oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó mar thoradh ar aon ghníomh nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Beidh an Ballstát sin díolmhaithe ó aon dhliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má chruthaíonn sé nach é atá freagrach as an eachtra as ar eascair an damáiste.

2.   Má bhíonn aon mhainneachtain de chuid Ballstáit a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina chúis damáiste don VIS, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura i ndán agus a mhéid gur mhainnigh an tÚdarás Bainistíochta nó Ballstát eile bearta réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Beidh éilimh ar chúiteamh in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit atá mar chosantóir.

Airteagal 34

Taifid a choimeád

1.   Coimeádfaidh gach Ballstát mar aon leis an Údarás Bainistíochta taifid de na hoibríochtaí próiseála sonraí go léir laistigh den VIS. Léireoidh na taifid sin cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagail 15 go 22, an dáta agus an t-am, an cineál sonraí a tarchuireadh dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14, an cineál sonraí a úsáideadh i gcomhair iniúchta dá dtagraítear in Airteagail 15(2), 17, 18(1) go (3), 19(1), 20(1), 21(1) agus 22(1) agus ainm an údaráis a d'iontráil nó a d'aisghabh na sonraí. Chomh maith leis sin coimeádfaidh gach Ballstát taifid den fhoireann chuí-údaraithe chun sonraí a chur isteach nó sonraí a aisghabháil.

2.   Ní fhéadfar taifid den sórt sin a úsáid ach amháin le haghaidh monatóireacht cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na taifid trí bhearta cuí in éadan rochtana neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse coinneála dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a dhul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta monatóireachta a bheidh tosaithe cheana.

Airteagal 35

Féinmhonatóireacht

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a bheith aige ar shonraí VIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, i gcás inar gá, leis an Údarás Maoirseachta Náisiúnta.

Airteagal 36

Pionóis

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur as aon mhí-úsáid a bhaint as sonraí a iontráladh sa VIS, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL VI

CEARTA AGUS MAOIRSEACHT AR CHOSAINT SONRAÍ

Airteagal 37

Ceart chun faisnéise

1.   Cuirfidh an Ballstát atá freagrach na hiarratasóirí agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(f) ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

céannacht an rialaitheora dá dtagraítear in Airteagal 41(4), lena n-áirítear a shonraí teagmhála;

(b)

cuspóirí phróiseáil na sonraí laistigh den VIS;

(c)

na catagóirí d’fhaighteoirí na sonraí, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 3;

(d)

tréimhse choinneála na sonraí;

(e)

go bhfuil bailiú na sonraí éigeantach chun an t-iarratas a scrúdú;

(f)

go bhfuil ceart rochtana acu ar shonraí a bhaineann leo, agus go bhfuil sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leo, nó go scriosfaí aon sonraí a bhaineann leo a próiseáladh go neamhdhleathach, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil faoi nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus faoi shonraí teagmhála na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41(1), a éistfidh éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i scríbhinn don iarratasóir nuair a bhaileofar na sonraí ón bhfoirm iarratais, an grianghraf agus na sonraí méarloirg dá dtagraítear in Airteagal 9(4), (5) agus (6).

3.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(f), ar na foirmeacha a bheidh le síniú ag na daoine sin a sholáthróidh cruthúnas ar chuireadh, ar urraíocht agus ar chóiríocht.

Cheal foirme den sórt sin arna síniú ag na daoine sin, soláthrófar an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 95/46/CE.

Airteagal 38

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

1.   Gan dochar don oibleagáid faisnéis eile a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12(a) de Threoir 95/46/CE, beidh sé de cheart ag aon duine go gcuirfí scéal chuige faoi na sonraí a bhaineann leis agus a bheidh taifeadta sa VIS mar aon le scéal faoin mBallstát a tharchuir an fhaisnéis sin chuig an VIS. Is Ballstát amháin a fhéadfaidh rochtain a thabhairt ar shonraí mar sin. Coinneoidh gach Ballstát taifead ar iarrataí ar rochtain den sórt sin.

2.   Féadfaidh aon duine a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leis agus go scriosfaí aon sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach an ceartú agus an scriosadh gan mhoill, i gcomhréir lena chuid dlíthe, rialachán agus nósanna imeachta.

3.   Má dhéantar an iarraidh dá bhforáiltear i mír 2 chuig Ballstát eile, seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit a bheidh freagrach laistigh de 14 lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála sa VIS laistigh de mhí.

4.   Má thagann sé chun solais go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa VIS míchruinn, nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát atá freagrach na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 24(3). Dearbhóidh an Ballstát atá freagrach i scríbhinn gan mhoill don duine lena mbaineann go bhfuil gníomh déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis an duine sin a cheartú nó a scriosadh.

5.   Mura n-aontóidh an Ballstát atá freagrach go bhfuil na sonraí atá taifeadta sa VIS míchruinn nó gur taifeadadh go mídhleathach iad, míneoidh sé gan mhoill i scríbhinn don duine lena mbaineann cén fáth nach bhfuil sé toilteanach na sonraí a bhaineann leis an duine sin a cheartú nó a scriosadh.

6.   Cuirfidh an Ballstát atá freagrach faisnéis ar fáil freisin don duine lena mbaineann, ag míniú na gcéimeanna is féidir leis a thógáil mura nglacfaidh sé leis an míniú a tugadh. Áireofar leis an bhfaisnéis sin an chaoi le caingean a thabhairt nó gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó cúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh, lena n-áirítear cúnamh ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41(1), a bheidh ar fáil i gcomhréir le dlíthe, le rialacháin agus le nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

Airteagal 39

Comhoibriú chun cearta ar chosaint sonraí a áirithiú

1.   Comhoibreoidh na Ballstáit go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 38(2), (3) agus (4) a chur i bhfeidhm.

2.   I ngach Ballstát, cabhróidh an tÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, arna iarraidh sin air, leis an duine lena mbaineann, agus cuirfidh sé comhairle air maidir lena chearta a fheidhmiú chun sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir 95/46/CE.

3.   Comhoibreoidh Údarás Maoirseachta Náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach, a tharchuir na sonraí, agus Údaráis Maoirseachta Náisiúnta na mBallstát inar taisceadh an iarraidh, lena chéile chuige sin.

Airteagal 40

Leigheasanna

1.   I ngach Ballstát, beidh sé de cheart ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó cúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh ceart rochtana ar na sonraí a bhain leis an duine sin, nó ar cheartú nó scriosadh na sonraí sin, dá bhforáiltear in Airteagal Airteagal 38(1) agus (2).

2.   Beidh cúnamh na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 39(2) ar fáil i gcaitheamh na n-imeachtaí.

Airteagal 41

Maoirseacht ag an Údarás Maoirseachta Náisiúnta

1.   Deanfaidh an t-údarás nó na húdaráis a bheidh ainmnithe i ngach Ballstát agus a mbeidh an chumhacht dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE bronnta air nó orthu (an tÚdarás Maoirseachta Náisiúnta) monatóireacht go neamhspleách ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) lena n-áirítear iad a tharchur chuig an VIS agus ón VIS ag an mBallstát lena mbaineann.

2.   Áiritheoidh an tÚdarás Maoirseachta Náisiúnta go ndéanfar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí sa Chóras Náisiúnta i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach ceithre bliana ar a laghad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dóthain acmhainní ag an Údarás Maoirseachta Náisiúnta leis na tascanna a chuirtear air faoin Rialachán seo a fheidhmiú.

4.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta sa VIS, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mheasfar a bheith mar rialaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE agus a mbeidh freagracht lárnach air as an bpróiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Cuirfidh gach Ballstát sonraí an údaráis sin in iúl don Choimisiún.

5.   Soláthróidh gach Ballstát aon fhaisnéis a iarrfaidh na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta, agus go háirithe, tabharfaidh an Ballstát aon fhaisnéis faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29(1) dóibh, tabharfaidh siad rochtain dóibh ar na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 28(4)(c) agus ar a thaifid dá dtagraítear in Airteagal 34 agus rochtain gan chosc tráth ar bith ar gach áitreabh dá gcuid.

Airteagal 42

Maoirseacht ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Seiceálfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí go ndéanfar gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Údaráis Bainistíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm dá réir sin ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Údaráis Bainistíochta i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach ceithre bliana ar a laghad. Cuirfear tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Údarás Bainistíochta, chuig an gCoimisiún agus chuig na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta. Tabharfar deis don Údarás Bainistíochta tuairimí a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.

3.   Soláthróidh an tÚdarás Bainistíochta faisnéis arna iarraidh sin ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain dó ar gach doiciméad agus ar na taifid dá dtagraítear in Airteagal 34(1), agus ceadóidh sé rochtain gan chosc dó ar gach áitreabh dá chuid tráth ar bith.

Airteagal 43

Comhoibriú idir na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Comhoibreoidh na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí go gníomhach laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, iad araon ag feidhmiú laistigh de chreat a gcuid freagrachtaí, agus áiritheoidh siad maoirseacht chomhordaithe ar an VIS agus ar na Córais Náisiúnta.

2.   Agus iad araon ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, malartóidh siad faisnéis ábhartha, cabhróidh siad le chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó feidhmiú an Rialacháin seo, déanfaidh siad staidéar ar fhadhbanna le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú cearta na ndaoine a mbaineann na sonraí leo, tarraingeoidh siad suas tograí comhchuibhithe i gcomhair comhréiteach ar fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.   Beidh cruinniú chun na críche sin ag na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Is ar chuntas an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí a bheidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar forbairt ar mhodhanna eile oibre i gcomhar de réir mar is gá.

4.   Cuirfear comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás Bainistíochta gach re bliain. Sa tuarascáil seo beidh caibidil ó gach Ballstát arna ullmhú ag Údarás Maoirseachta Náisiúnta an Bhallstáit sin.

Airteagal 44

Cosaint sonraí le linn na hidirthréimhse

I gcás ina dtarmligfidh an Coimisiún a fhreagrachtaí chuig comhlacht nó comhlachtaí eile le linn na hidirthréimhse, de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo, áiritheoidh sé go mbeidh sé de cheart ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí a thascanna a lánfheidhmiú agus go mbeidh sé de chumas aige sin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, agus aon chumhachtaí eile arna mbronnadh air faoi Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a fheidhmiú.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Cur chun feidhme ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún an VIS Láir, an Comhéadan Náisiúnta i ngach Ballstát, agus an bonneagar cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta a chur chun feidhme a luaithe agus is féidir tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí chun na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) a phróiseáil.

2.   Glacfar na bearta is gá do chur chun feidhme teicniúil an VIS Láir, na gComhéadan Náisiúnta agus an bhonneagair chumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2), go háirithe:

(a)

chun na sonraí a iontráil agus na hiarratais a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)

chun rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagail 17 go 22;

(c)

chun sonraí a leasú, a scriosadh agus a luathscriosadh i gcomhréir le hAirteagail 23 go 25;

(d)

chun na taifid a choimeád agus chun rochtain a fháil orthu i gcomhréir le hAirteagail 34;

(e)

don mheicníocht chomhairliúcháin agus do na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16.

Airteagal 46

Lánpháirtiú fheidhmiúlachtaí teicniúla Líonra Comhairliúcháin Schengen

Tiocfaidh an mheicníocht chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 in áit Líonra Comhairliúcháin Schengen ón dáta a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3) tráth a mbeidh na socruithe dlíthiúla agus na socruithe teicniúla i gcomhair úsáid an VIS chun críche comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais ar víosaí i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Choinbhinsiún Schengen, curtha in iúl ag na Ballstáit uile a bheidh ag úsáid Líonra Comhairliúcháin Schengen ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 47

Tarchur a thosú

Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta aige chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a tharchur chuig an VIS Láir tríd an gComhéadan Náisiúnta.

Airteagal 48

Oibríochtaí a thosú

1.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh an VIS, tráth a mbeidh:

(a)

na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) glactha;

(b)

críoch rathúil ar thástáil chuimsitheach ar an VIS fógartha ag an gCoimisiún, an tástáil sin déanta ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit;

(c)

an Coimisiún curtha ar an eolas ag na Ballstáit, tar éis bailíocht na socruithe teicniúla a chinntiú, go mbeidh na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta acu chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS maidir le gach iarratas a dhéantar sa chéad réigiún a chinnfear de réir mhír 4, lena n-áirítear socruithe i gcomhair bailiú agus/nó tarchur sonraí thar ceann Ballstáit eile.

2.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála a rinneadh i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

3.   I ngach réigiún eile, cinnfidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh tarchur na sonraí in Airteagal 5(1) éigeantach tráth a mbeidh sé curtha in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún go mbeidh na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS maidir le gach iarratas sa réigiún lena mbaineann déanta acu, lena n-áirítear socruithe chun sonraí a bhailiú agus/nó a tharchur thar ceann Ballstáit eile. Roimh an dáta sin, féadfaidh gach Ballstát tús a chur le hoibríochtaí in aon cheann de na réigiúin sin, a luaithe agus a chuirfidh sé in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta aige chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (b) ar a laghad a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS.

4.   Cinnfear na réigiúin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3); is iad na critéir a bheidh ann chun na réigiúin sin a chinneadh baol inimirce neamhdhleathaí ann, bagairtí ar shlándáil inmheánach na mBallstát, agus indéantacht bhailiú na sonraí bithmhéadracha as gach suíomh sa réigiún sin.

5.   Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na dátaí a gcuirfear tús le hoibríochtaí i ngach réigiún.

6.   Ní cheadóidh aon Bhallstát na sonraí a bheidh tarchurtha ag na Ballstáit eile chuig an VIS sula dtosóidh an Ballstát sin nó Ballstát eile a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar an mBallstát sin sonraí a iontráil i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.

Airteagal 49

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 51(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (25) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 50

Monatóireacht agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh nósanna imeachta ann chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an VIS de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an Údarás Bainistíochta ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar sa VIS.

3.   Dhá bhliain tar éis don VIS dul i mbun oibríochta agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an VIS, lena n-áirítear a shlándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Trí bliana tar éis don VIS dul i mbun oibríochta, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an VIS ar fáil. Clúdóidh an mheastóireacht fhoriomlán seo scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar fheidhmíocht an Rialacháin seo maidir leis an VIS, ar shlándáil an VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí d’oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5.   Roimh dheireadh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 18(2) tuairisceoidh an Coimisiún ar an dul chun cinn teicniúil a bheidh déanta maidir le húsáid méarlorg ag teorainneacha seachtracha agus na himpleachtaí a bheidh ann d'fhad ama na gcuardach ag úsáid uimhir an ghreamáin víosa i gcomhar le fíorú mhéarloirg shealbhóir an víosa, lena n-áirítear an mbeidh tréimhse feithimh rófhada ag láthair trasnaithe teorann san fhad ama a meastar do chuardach den sórt sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Choimisiún leasuithe cuí ar an Rialachán seo a mholadh, más gá.

6.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Údarás Bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, i mír 4, agus i mír 5 a dhréachtú.

7.   Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar.

8.   Le linn na hidirthréimhse sula nglacfaidh an tÚdarás Bainistíochta cúram freagrachta, beidh an Coimisiún freagrach as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar agus a chur isteach.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 48(1).

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 26, 27, 32, 45, 48(1), (2) agus (4) agus ag 2 Meán Fómhair 2008.

4.   Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 26(4), forléireofar tagairtí sa Rialachán seo don Údarás Bainistíochta mar thagairtí don Choimisiún.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2007 (IO C 125 E, 22.5.2008, lch. 118) agus Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008.

(2)  IO L 213, 15.6.2004, lch. 5.

(3)  IO L 50, 25.2.2003, lch 1.

(4)  IO L 123, 9.5.2002, lch. 50.

(5)  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(6)  IO C 326, 22.12.2005, lch. 1. Teagaisc arna leasú go deireanach le Cinneadh 2006/684/CE ón gComhairle (IO L 280, 12.10.2006, lch. 29).

(7)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19. Coinbhinsiún arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(10)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(11)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(12)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(13)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 53.

(14)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(15)  IO L 395, 31.12.2004, lch. 70.

(16)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(17)  Cinneadh 2004/860/CE an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, agus maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise a chur i bhfeidhm go sealadach i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 370, 17.12.2004, lch. 78).

(18)  Féach leathanach … den Iris Oifigúil seo.

(19)  IO L 64, 7.3.2003, lch. 1.

(20)  IO L 81, 21.3.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).

(21)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 4.

(22)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 296/2008 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 60).

(23)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343,27.12.2007, lch. 9).

(24)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 337/2007 (IO L 90, 30.3.2007, lch. 1).

(25)  IO L 381, 28.12.2006, lch. 4.


IARSCRÍBHINN

Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(2)

1.

Eagraíochtaí NA (amhail UNHCR);

2.

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII);

3.

Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.


Top