EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R1523

Rialachán (CE) Uimh. 1523/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena dtoirmisctear fionnadh cat agus fionnadh madraí agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 343, 27.12.2007, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 03 Volume 015 P. 262 - 265

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1523/oj

27.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1523/2007 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2007

lena dtoirmisctear fionnadh cat agus fionnadh madraí agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 agus Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an tuiscint atá ag saoránaigh an AE ar chait agus ar mhadraí gur peataí iad agus, dá réir sin, níl sé inghlactha a bhfionnadh ná táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a úsáid. Tá fianaise ann gur ann d’fhionnadh cat agus d’fhionnadh madraí gan lipéadú sa Chomhphobal agus do tháirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu chomh maith. Dá bharr sin, tá imní tagtha ar thomhaltóirí go bhféadfadh sé go gceannóidís fionnadh madraí agus fionnadh cat agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu. An 18 Nollaig 2003 (3), ghlac Parlaimint na hEorpa dearbhú inar chuir sí in iúl an imní a bhí uirthi faoin trádáil i bhfionnadh agus i dtáirgí den sórt sin agus inar iarr sí go gcuirfí deireadh léi ionas go n-athneartófaí an muinín atá ag tomhaltóirí agus ag miondíoltóirí an AE. Le linn na gcruinnithe a bhí aici an 17 Samhain 2003 agus an 30 Bealtaine 2005, thug an Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach chun suntais freisin gur gá rialacha a ghlacadh a luaithe is féidir maidir leis an trádáil i bhfionnadh cat agus i bhfionnadh madraí agus i dtáirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu.

(2)

Is cuí a shoiléiriú gur chóir gur fionnadh speiceas de chait chlóis agus de mhadraí clóis amháin a chumhdódh an Rialachán seo. De bhrí go bhfuil sé dodhéanta go heolaíoch, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir fionnadh cat clóis agus fionnadh fospeiceas eile nach cait chlóis iad, ba chóir sainmhíniú ar chat mar ‘felis silvestris’, a chuireann fospeicis cat nach cait chlóis iad san áireamh chomh maith, a ghlacadh sa Rialachán seo.

(3)

Mar fhreagairt ar an imní atá ar thomhaltóirí, tá reachtaíocht glactha ag roinnt Ballstát arb é an sprioc atá léi táirgeadh agus margú fionnaidh ó chait agus ó mhadraí a chosc.

(4)

Tá difríochtaí idir fhorálacha na mBallstát lena rialaítear trádáil, allmhairiú, táirgeadh agus lipéadú fionnaidh agus táirgí fionnaidh arb é is aidhm leo go gcoiscfí fionnadh cat agus fionnadh madraí a chur ar an margadh nó a úsáid ar bhealach eile chun críocha tráchtála. Cé go bhfuil toirmeasc iomlán ar tháirgeadh fionnaidh ó chait agus ó mhadraí glactha ag roinnt Ballstát trí thoirmeasc a chur ar thógáil agus ar mharú ainmhithe den sórt sin chun críocha táirgthe fionnaidh, tá Ballstáit eile ann a bhfuil srianta curtha acu ar tháirgeadh nó ar allmhairiú fionnaidh agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu. Tá ceanglais lipéadaithe tugtha isteach i roinnt Ballstát. Is dócha go spreagfaidh feasacht mhéadaitheach na saoránach faoin gceist seo tuilleadh Ballstát le bearta sriantacha breise a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Mar thoradh air sin, thug trádálaithe áirithe fionnaidh de chuid an AE cód iompair deonach isteach chun go staonfaí ón trádáil i bhfionnadh cat agus i bhfionnadh madraí agus i dtáirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu. Is léir, áfach, nach leor an cód sin chun cosc a chur le fionnadh cat agus fionnadh madraí a allmhairiú agus a dhíol, go háirithe i gcás ina mbíonn trádálaithe ag déileáil i bhfionnadh nach sonraítear a speiceas tionscnaimh agus nach furasta a speiceas tionscnaimh a aithint, nó ina mbíonn siad ag ceannach táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu agus gur baolach nach mbeidh siad in ann na táirgí sin a thrádáil go dleathach i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó go mbeidh trádáil i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit faoi réir ceanglas breise arb é is aidhm leo úsáid fionnaidh cat agus fionnaidh madraí a chosc.

(6)

Is constaicí in aghaidh ghnó an fhionnaidh i gcoitinne iad na difríochtaí atá idir na bearta náisiúnta maidir le fionnadh cat agus fionnadh madraí. Cuireann na bearta sin as d’oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ós rud é go gcuireann an éagsúlacht atá sna ceanglais dhlíthiúla isteach ar tháirgeadh fionnaidh i gcoitinne agus gur deacra dá bharr sin fionnadh a allmhairítear go dleathach isteach sa Chomhphobal, nó a tháirgtear go dleathach sa Chomhphobal, a chur ag saorchúrsaíocht laistigh den Chomhphobal. Cuireann na ceanglais dhlíthiúla éagsúla ar fud na mBallstát ualaí breise agus costais bhreise ar thrádálaithe fionnaidh.

(7)

Ina theannta sin, tá éagsúlacht na gceanglas dlíthiúil sna Ballstáit ag cur mearbhaill ar an bpobal, agus cruthaíonn sé sin féin bac ar thrádáil.

(8)

Dá réir sin, ba chóir go ndéanfadh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo comhchuibhiú ar na rialacha ar fud na mBallstát i ndáil le toirmeasc a chur ar fhionnadh cat agus ar fhionnadh madraí, mar aon le táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu, a dhíol, a thairiscint le díol agus a dháileadh, agus ar an tslí sin go gcoiscfí suaitheadh sa mhargadh inmheánach do gach uile tháirge eile den sórt sin.

(9)

Chun go gcuirfear stop leis an mbloghadh atá á dhéanamh faoi láthair ar an margadh inmheánach, tá gá le comhchuibhiú agus is í an ionstraim is éifeachtúla agus is comhréirí a d’fhéadfadh fáil réidh leis na baic atá ar thrádáil de bharr na gceanglas náisiúnta éagsúil go dtoirmiscfí fionnadh cat agus fionnadh madraí agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh sa Chomhphobal agus go dtoirmiscfí iad a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as.

(10)

Ní bheadh ceanglas lipéadaithe oiriúnach chun an toradh céanna a bhaint amach ós rud é go gcuirfeadh sé ualach díréireach ar an tionscal éadaigh, lena n-áirítear trádálaithe arb é an fionnadh bréige a speisialtacht agus go mbeadh sé costasach go díréireach i gcásanna nach mbeadh san fhionnadh ach cuid bheag bhídeach den táirge.

(11)

Ní cuid den traidisiún sa Chomhphobal é cait ná madraí a thógáil chun fionnadh a tháirgeadh, cé go raibh cásanna de mhonarú fionnaidh cat agus fionnaidh madraí ann. Is dealraitheach, go deimhin, gur ó thríú tíortha a thionscnaíonn bunáite na dtáirgí fionnaidh cat agus fionnaidh madraí atá sa Chomhphobal. Mar sin, le gurbh éifeachtúla an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal, ba chóir go dtoirmiscfí freisin na táirgí céanna a allmhairiú isteach sa Chomhphobal. Bheadh toirmeasc allmhairithe den sórt sin ina fhreagairt freisin ar an imní atá léirithe ag tomhaltóirí faoi go bhféadfaí fionnadh ó chait agus ó mhadraí a thabhairt isteach sa Chomhphobal, go háirithe ó tá an chosúlacht ar an scéal go bhféadfadh na hainmhithe sin a bheith á gcoinneáil agus á marú go mídhaonnúil.

(12)

Ba chóir freisin go n-áiritheofaí le toirmeasc ar onnmhairithe nach ndéanfaí fionnadh cat ná fionnadh madraí ná táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a tháirgeadh sa Chomhphobal chun a n-onnmhairithe.

(13)

Is cuí, áfach, foráil a dhéanamh go bhféadfadh maoluithe teoranta a bheith ar an toirmeasc ginearálta ar fhionnadh cat agus ar fhionnadh madra agus ar tháirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh nó a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as. Is amhlaidh atá i gcás fionnaidh cat agus fionnaidh madraí a allmhairítear agus a chuirtear ar an margadh chun críocha an oideachais nó chun críocha na seitheadóireachta.

(14)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) na rialacha sláinte ainmhí agus na rialacha sláinte poiblí maidir le seachtháirgí ainmhíocha, lena n-áirítear fionnadh cat agus fionnadh madraí, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú. Is cuí, dá bhrí sin, go ndéanfaí soiléiriú ar raon feidhme an Rialacháin seo ar chóir gurbh é an t-aon ghníomh é a mbeadh feidhm aige maidir le fionnadh cat agus fionnadh madraí ag gach céim den táirgeadh, lena n-áirítear fionnadh amh, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú. Mar sin féin, níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na hoibleagáidí atá ann faoi Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 maidir le fionnadh cat agus fionnadh madraí a dhiúscairt ar chúiseanna sláinte poiblí.

(15)

Ba chóir bearta chun toirmeasc a chur ar úsáid cat agus madraí i dtáirgeadh fionnaidh a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ó cheann ceann an Chomhphobail. Ní ionann sna Ballstáit uile, áfach, na teicnící a úsáidtear faoi láthair chun fionnadh cat agus fionnadh madraí a shainaithint, mar shampla tástáil DNA, micreascópacht agus Mais-Speictriméadracht MALDI-TOF. Is cuí go gcuirfí faisnéis a bhaineann leis na teicnící sin ar fáil don Choimisiún, ionas go gcoinneofaí comhlachtaí forfheidhmithe ar an eolas maidir le nuálaíochtaí sa réimse seo agus go bhféadfaí na féidearthachtaí a mheas maidir le teicníc aonfhoirmeach a fhorordú.

(16)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(17)

Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún modhanna anailíseacha a bhunú chun speiceas tionscnaimh fionnaidh a shainaithint agus ba chóir go dtabharfaí de chumhacht dó go heisceachtúil bearta a ghlacadh a dhéanfadh maolú ar na toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(18)

Ba chóir go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba chóir go n-áiritheoidís go gcuirfí chun feidhme iad. Ba chóir go mbeadh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Ba chóir, go háirithe, go ndéanfadh na Ballstáit a urghabhann coinsíneachtaí fionnaidh cat agus fionnaidh madraí de dhroim an Rialacháin seo, dlíthe a ghlacadh a cheadódh coinsíneachtaí den sórt sin a choigistiú agus a scriosadh mar aon leis na ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe a deonaíodh do na trádálaithe lena mbaineann a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Ba chóir na Ballstáit a spreagadh chun smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm nuair is féidir é faoina ndlí náisiúnta.

(19)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail ar na toirmisc náisiúnta ar thrádáil i bhfionnadh cat agus i bhfionnadh madraí agus i dtáirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, a fhéadfar iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir an Rialacháin seo toirmeasc a chur ar fhionnadh cat agus ar fhionnadh madraí agus ar tháirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as chun deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus chun go bhféadfaidh tomhaltóirí muinín a bheith acu an athuair nach bhfuil fionnadh cat agus fionnadh madraí sna táirgí fionnaidh a cheannaíonn siad.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallóidh ‘cat’ ainmhí den speiceas felis silvestris;

2.

ciallóidh ‘madra’ ainmhí den fhospeiceas canis lupus familiaris;

3.

ciallóidh ‘a chur ar an margadh’ fionnadh cat agus/nó fionnadh madraí nó táirge a bhfuil fionnadh den sórt sin ann a choinneáil chun críche a dhíolta, rud a áirithíonn é a thairiscint le díol, é a dhíol agus é a dháileadh;

4.

ciallóidh ‘allmhairiú’ a chur ar fáil i gcomhair saorchúrsaíochta de réir bhrí Airteagal 79 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (6), seachas allmhairithe de chineál neamhthráchtála de réir bhrí Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (CEE) Uimh. 918/83 ón gComhairle an 28 Márta 1983 ag cur córas Comhphobail faoiseamh ó dhleacht chustaim ar bun (7);

5.

Ciallóidh ‘onnmhairiú’ próiseas onnmhairithe trína ligtear d’earraí Comhphobail críoch custaim an Chomhphobail de réir bhrí Airteagal 161 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 a fhágáil.

Airteagal 3

Toirmisc

Toirmiscfear fionnadh cat agus fionnadh madraí agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a onnmhairiú amach as.

Airteagal 4

Maoluithe

De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh an Coimisiún bearta eisceachtúla a ghlacadh a thabharfaidh cead fionnadh cat agus fionnadh madraí nó táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh nó a allmhairiú nó a onnmhairiú chun críocha an oideachais nó chun críocha na seitheadóireachta.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus ina sonrófar na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag maoluithe den sórt sin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 5

Modhanna chun speiceas tionscnaimh fionnaidh a shainaithint

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na modhanna anailíseacha a úsáideann siad chun speiceas tionscnaimh fionnaidh a shainaithint faoin 31 Nollaig 2008, agus ina dhiaidh sin cibé uair a gceanglófar é sin orthu i bhfianaise forbairtí nua.

Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh lena mbunaítear modhanna anailíseacha a úsáidfear chun speiceas tionscnaimh fionnaidh a shainaithint. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2), agus áireofar in iarscríbhinn iad a bheidh ag gabháil leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (8) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 7

Tuarascálacha

Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún ar a n-iarrachtaí chun an Rialachán seo a fhorghníomhú.

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí custaim a bhaineann leis sin, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2010.

Cuirfear tuarascáil an Choimisiúin ar fáil don phobal.

Airteagal 8

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 31 Nollaig 2008 agus tabharfaidh siad fógra dó in aicearracht faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 42.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Samhain 2007.

(3)  IO C 91 E, 15.4.2004, lch. 695.

(4)  IO L 273, 10.10.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 829/2007 ón gCoimisiún (IO L 191, 21.7.2007, lch. 1).

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(6)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(7)  IO L 105, 23.4.1983, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2003.

(8)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).


Top