EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R0861

Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga

OJ L 199, 31.7.2007, p. 1–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 19 Volume 010 P. 100 - 121

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 14/07/2017

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/861/oj

31.7.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 861/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus Airteagal 67 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt ina ndéanfar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. Chun go mbunófaí limistéar den sórt sin de réir a chéile, tá an Comhphobal chun bearta a ghlacadh, inter alia, i réimse an chomhair bhreithiúnais in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu agus is gá do dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

De réir Airteagal 65(c) den Chonradh, áireofar ar na bearta seo bearta lena ndéanfar constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn.

(3)

I ndáil leis seo, ghlac an Comhphobal, i measc beart eile, Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (3), Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breitheanna in ábhair shibhialta agus tráchtála (4), Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (5), Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d'éilimh neamhchonspóidithe (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (7).

(4)

D'iarr an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún rialacha nós imeachta comhchoiteanna a bhunú do dhlíthíocht bhrostaithe shimplithe trasteorann maidir le héilimh bheaga tomhaltóirí agus trádála.

(5)

An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle clár comhpháirteach de chuid an Choimisiúin agus de chuid na Comhairle arbh é a bhí ann bearta chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme (8). Luaitear sa chlár simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a socraítear an dlíthíocht trasteorann maidir le héilimh bheaga agus í a bhrostú. Tarraingíodh anuas an méid sin i gClár na Háige (9), a ghlac an Chomhairle Eorpach an 5 Samhain 2004, inar iarradh go ndíreofaí go gníomhach ar cheist na n-éileamh beag.

(6)

An 20 Nollaig 2002, ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine i ndáil le hordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta agus i ndáil le bearta do shimpliú agus do bhrostú na dlíthíochta um éilimh bheaga. Leis an bPáipéar Uaine seoladh próiseas comhairliúcháin maidir le bearta um shimpliú agus um bhrostú na dlíthíochta um éilimh bheaga.

(7)

Tá nósanna imeachta sibhialta simplithe tugtha isteach ag go leor Ballstát d'éilimh bheaga ó tharla nach gá i gcónaí go dtiocfadh laghdú a bheadh comhréireach le luach an éilimh ar na costais, ar an moill agus ar na castachtaí a bheadh ag baint leis an dlíthíocht. Is amhlaidh is mó na constaicí a bhíonn ar bhreithiúnas tapa, neamhchostasach i gcásanna trasteorann. Dá bhrí sin, is gá nós imeachta Eorpach d'éilimh bheaga (‘Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga’) a bhunú. Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag an nós imeachta sin rochtain ar an gceartas a éascú. De bharr go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach de bharr míchothromaíochtaí i bhfeidhmiú na meán nós imeachta a thugtar do chreidiúnaithe i mBallstáit éagsúla, tá gá le reachtaíocht Chomhphobail a ráthódh cothrom na Féinne do chreidiúnaithe agus d'fhéichiúnaithe ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gur ghá féachaint do phrionsabail na simplíochta, an bhrostaithe agus na comhréireachta agus na costais á socrú a bhaineann le héileamh faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Is cuí go bpoibleofaí mionsonraí maidir le costais a ghearrfar agus go mbeadh trédhearcacht ag baint leis na bealaí a bheidh ann chun na costais sin a shocrú.

(8)

Ba cheart go ndéanfadh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga simpliú agus brostú ar an dlíthíocht maidir le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna go laghdófaí na costais, trí uirlis roghnach a chur ar fáil chomh maith leis na féidearthachtaí atá ann faoi dhlíthe na mBallstát, nach ndéanfar difear dóibh. Ba cheart go simpleodh an Rialachán seo freisin an chaoi le haitheantas a fháil do bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile agus lena chur á fhorghníomhú.

(9)

Féachann an Rialachán seo le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba chóir go n-urramódh an chúirt nó an binse an ceart chun trialach córa agus prionsabal an phróisis sáraíochta, go háirithe agus cinneadh á dhéanamh maidir le gá a bheith le héisteacht ó bhéal agus maidir leis na meáin chun fianaise a ghlacadh agus a mhéid a ghlacfar fianaise.

(10)

Mar éascaíocht agus luach éilimh á ríomh, ba cheart neamhshuim a dhéanamh de gach ús, gach caiteachas agus gach eisíocaíocht. Níor cheart dó seo difear a dhéanamh do chumhacht na cúirte ná do chumhacht an bhinse iad seo a dhámhachtain ina breithiúnas nó ina bhreithiúnas ná do na rialacha náisiúnta maidir le hús a ríomh.

(11)

Mar éascaíocht agus tús á chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ba cheart don éilitheoir iarratas a dhéanamh trí fhoirm chaighdeánach éilimh a líonadh agus a thaisceadh leis an gcúirt nó leis an mbinse. Níor cheart an fhoirm éilimh a thíolacadh ach do chúirt nó do bhinse a bhfuil dlínse aici nó aige.

(12)

Ba cheart go gcuirfí aon doiciméid tacaíochta ábhartha isteach leis an bhfoirm éilimh, i gcás inar iomchuí. Ní choisceann sé seo ar an éilitheoir, áfach, fianaise bhreise a chur isteach, i gcás inar iomchuí, le linn an nós imeachta. Ba cheart go gcuirfí an prionsabal céanna i bhfeidhm maidir le freagairt an chosantóra.

(13)

Ba cheart go gcinnfí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na coincheapa atá i gceist le héileamh ‘ar léir é a bheith gan bhunús’ i gcomhthéacs éileamh a bheith á dhíbhe agus le hiarratas ‘nach inghlactha’ i gcomhthéacs iarratas a bheith á dhíbhe.

(14)

Nós imeachta i scríbhinn ba cheart a bheith sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, mura measfaidh an chúirt nó an binse gur gá éisteacht ó bhéal, nó mura n-iarrfaidh páirtí éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an chúirt nó an binse iarraidh den sórt sin a dhiúltú. Ní fhéadfar an diúltú sin a chonspóid go leithleach.

(15)

Níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar na páirtithe dlíodóir ná gairmí eile dlí a bheith acu.

(16)

Ba cheart gur de réir bhrí Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a bhainfí brí as an gcoincheap ‘frithéileamh’ mar éileamh a eascraíonn as an gconradh céanna nó as na fíorais chéanna a raibh an t-éileamh bunaidh bunaithe orthu. Ba cheart go mbeadh feidhm mutatis mutandis maidir le frithéilimh ag Airteagal 2 agus ag Airteagal 4, chomh maith le hAirteagal 5(3), (4) agus (5).

(17)

I gcásanna ina ndéanann an cosantóir ceart chun fritháirimh a agairt i rith na n-imeachtaí, níor cheart gurbh ionann an t-éileamh sin agus frithéileamh chun críocha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar an gcosantóir Foirm chaighdeánach A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í, a úsáid chun ceart den sórt sin a agairt.

(18)

Chun críocha Airteagal 6 a chur i bhfeidhm, is é an Ballstát a ndíreofar air an Ballstát ina mbeidh seirbheáil le cur i gcrích nó a mbeidh an doiciméad le seoladh ann. Ionas go laghdófar costais agus moill, ba cheart doiciméid a sheirbheáil ar na páirtithe trí sheirbhís poist go príomha agus go dtabharfaí admháil ar iad a fháil lena n-áirítear an dáta a bhfuarthas iad.

(19)

Féadfaidh páirtí diúltú glacadh le doiciméad tráth a ndéanfar é a sheirbheáil nó tríd an doiciméad a chur ar ais laistigh de sheachtain mura mbeidh sé scríofa i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air, nó mura mbeidh aistriúchán go dtí an teanga sin ag gabháil leis (nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, mura mbeidh sé scríofa i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite a bhfuil an tseirbheáil le déanamh ann nó a bhfuil an doiciméad le seoladh ann nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis go dtí an teanga sin nó go dtí ceann de na teangacha sin) nó mura mbeidh sé scríofa i dteanga a thuigeann an seolaí nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis go dtí an teanga sin.

(20)

I gcomhthéacs éisteachtaí ó bhéal agus i gcomhthéacs tógáil fianaise, ba cheart go spreagfadh na Ballstáit úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha cumarsáide, faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina mbeidh an chúirt nó an binse suite. Ba cheart don chúirt nó don bhinse an modh is simplí agus is lú costas a úsáid chun fianaise a ghlacadh.

(21)

Ba cheart go mbeadh faisnéis theicniúil maidir leis na foirmeacha a bheith ar fáil agus a líonadh mar chuid den chúnamh praiticiúil a thabharfar do na páirtithe.

(22)

Is féidir le foireann na cúirte nó an bhinse, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an fhaisnéis a thabhairt freisin maidir le ceisteanna nós imeachta.

(23)

Ó tharla gurb é cuspóir an Rialacháin seo dlíthíocht maidir le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, ba cheart don chúirt nó don bhinse gníomhú a luaithe is féidir, fiú amháin nuair nach leagfaidh an Rialachán seo síos teorainn ama ar bith do chéim faoi leith den nós imeachta.

(24)

Chun teorainneacha ama a ríomh, mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971, lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (10).

(25)

Ionas go ndéanfar gnóthú éileamh beag a bhrostú, ba cheart go mbeadh an breithiúnas infhorghníomhaithe d'ainneoin aon achomhairc a d'fhéadfaí a dhéanamh agus níor cheart go mbeadh sé mar choinníoll go soláthrófaí urrús seachas mar a fhoráiltear sa Rialachán seo.

(26)

Ba cheart go n-áireofaí in aon tagairt a dhéanfaí sa Rialachán seo d'achomharc aon mheán achomhairc a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoin dlí náisiúnta.

(27)

Caithfidh duine a bheith ar an gcúirt nó ar an mbinse atá cáilithe chun fónamh mar bhreitheamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(28)

I gcás ina gceanglófar ar an gcúirt nó ar an mbinse teorainn ama a shocrú, ba chóir go gcuirfí an páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcloífidh sé leis an spriocdháta sin.

(29)

Ba cheart don pháirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí a iompar. Ba cheart go gcinnfí costais na n-imeachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ag féachaint do chuspóirí na simplíochta agus na héifeachtúlachta costais, ba cheart don chúirt nó don bhinse a ordú nach n-íocfadh an páirtí nár éirigh leis ach costais na n-imeachtaí, lena n-áirítear mar shampla aon chostais a d'eascair as an bpáirtí eile a bheith á ionadú ag dlíodóir nó ag gairmí eile dlí, nó aon chostais a d'eascair as seirbheáil nó aistriúchán doiciméad agus atá i gcomhréir le luach an éilimh nó ba ghá a thabhú.

(30)

D'fhonn aitheantas agus forghníomhú a éascú, ba cheart go dtabharfaí aitheantas do bhreithiúnas a thabharfaí i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus ba cheart go mbeadh sé infhorghníomhaithe i mBallstát eile, gan aon ghá le dearbhú um infhorghníomhaitheacht agus níor cheart go bhféadfaí cur i gcoinne an aitheantais sin.

(31)

Ba cheart go mbeadh caighdeáin íosta ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnas i gcásanna nach raibh an cosantóir in ann an t-éileamh a chonspóid.

(32)

Ag féachaint do chuspóirí na simplíochta agus na héifeachtúlachta costais, níor cheart go gceanglófaí ar an bpáirtí a bhfuil forghníomhú á lorg aige ionadaí údaraithe a bheith aige ná seoladh a bheith aige i mBallstát an fhorghníomhaithe, seachas trí bhíthin na ngníomhairí a bhfuil inniúlacht acu i leith an nós imeachta forghníomhaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

(33)

Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag Caibidil III den Rialachán seo maidir le cinneadh na gcostas agus an chaiteachais a rinne oifigigh na cúirte nó oifigigh an bhinse de bharr breithiúnais a thabharfar de bhun an nós imeachta a shonraítear sa Rialachán seo.

(34)

Ba chóir na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(35)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh is gá chun na foirmeacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó chun leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu. Ó tharla go mbaineann raon feidhme ginearálta leis na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus/nó chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(36)

Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, nós imeachta a bhunú chun an dlíthíocht a bhaineann le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, agus chun costais a laghdú, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn go bhfuil rún acu a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh an Danmhairg faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo nós imeachta Eorpach d'éilimh bheaga (dá ngairfear ‘an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga’ anseo feasta), a ceapadh chun an dlíthíocht a bhaineann le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, agus chun costais a laghdú. Beidh teacht ag dlíthithe ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga mar mhalairt ar na nósanna imeachta atá ann faoi dhlíthe na mBallstát.

Cuireann an Rialachán seo deireadh freisin leis na hidirimeachtaí a theastaíonn chun aitheantas a fháil i mBallstáit eile do bhreithiúnais a thabharfar i mBallstát amháin sa Nós Imeachta um Éilimh Bheaga agus chun na breithiúnais sin a chur á bhforghníomhú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna trasteorann, maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála, beag beann ar chineál na cúirte nó an bhinse, i gcás nach rachaidh luach an éilimh thar EUR 2 000 tráth a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh, gan aon ús, aon chaiteachais ná aon eisíocaíochtaí a áireamh. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha ná neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (‘acta jure imperii’).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha;

(b)

maoin-chearta de bhua cóngais phósta, oibleagáidí cothabhála, uachtanna agus comharbais;

(c)

féimheacht, imeachtaí a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha ná daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, le comhshocraíochtaí breithiúnacha, le imshocraíochtaí agus le himeachtaí cosúil leo;

(d)

slándáil shóisialta;

(e)

eadráin;

(f)

dlí na fostaíochta;

(g)

tionóntachtaí maoine dochorraithe, seachas caingne maidir le héilimh ar airgead;

(h)

sáruithe príobháideachta agus sáruithe ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

3.   Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma ‘Ballstát’ na Ballstáit seachas an Danmhairg.

Airteagal 3

Cásanna trasteorann

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, is cás trasteorann é cás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar pháirtí amháin ar a laghad de na páirtithe i mBallstát seachas Ballstát na cúirte a dtugtar an cás os a comhair nó Ballstát an bhinse a dtugtar an cás os a chomhair.

2.   Is i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a chinnfear sainchónaí.

3.   Is é an dáta a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh an tráth ábhartha chun a chinneadh an cás trasteorann atá i gceist.

CAIBIDIL II

AN NÓS IMEACHTA EORPACH UM ÉILIMH BHEAGA

Airteagal 4

Tosú an Nós Imeachta

1.   Tosóidh an t-éilitheoir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí Fhoirm chaighdeánach éilimh A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í, a líonadh agus trína taisceadh leis an gcúirt a bhfuil dlínse aici nó leis an mbinse a bhfuil dlínse aige, go díreach, nó sa phost, nó trí aon mhodh cumarsáide eile, ar nós facs nó ar nós an r-phoist, is inghlactha ag an mBallstát ina dtosaítear an nós imeachta. Beidh cur síos ar an bhfoirm éilimh ar an bhfianaise atá ann chun treisiú leis an éileamh agus beidh doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an bhfoirm éilimh, i gcás inar iomchuí.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na modhanna cumarsáide is inghlactha acu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

3.   I gcás nach dtiocfaidh éileamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cuirfidh an chúirt nó an binse an t-éilitheoir ar an eolas maidir leis sin. Mura dtarraingeoidh an t-éilitheoir siar an t-éileamh, rachaidh an chúirt nó an binse ar aghaidh leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an nós imeachta á sheoladh.

4.   I gcás ina measfaidh an chúirt nó an binse nach bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-éilitheoir ar fáil leordhóthanach nó sách soiléir, nó mura mbeidh an fhoirm éilimh líonta go cuí, agus mura cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó mura cosúil go bhfuil an t-iarratas inghlactha, tabharfaidh an chúirt nó an binse deis don éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú nó faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a sholáthar nó an t-éileamh a tharraingt siar, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an chúirt nó an binse. Úsáidfidh an chúirt nó an binse Foirm chaighdeánach B, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í, chun na críche sin.

I gcás inar cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó i gcás inar cosúil nach bhfuil an t-iarratas inghlactha, nó i gcás ina mainneoidh an t-éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú laistigh den tréimhse a sonraíodh, déanfar an t-iarratas a dhíbhe.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhoirm éilimh ar fáil sna cúirteanna uile agus sna binsí uile inar féidir tús a chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Airteagal 5

Seoladh an Nós Imeachta

1.   Nós imeachta i scríbhinn a bheidh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Déanfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal a thionól má mheasann sí nó sé gur gá nó má iarrann páirtí é. Féadfaidh an chúirt nó an binse an iarraidh sin a dhiúltú má mheasann sí nó sé, ag féachaint d'imthosca an cháis, gur léir nach gá éisteacht ó bhéal d'fhonn na himeachtaí a sheoladh go cóir. Tabharfar i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú. Ní fhéadfar an diúltú a chonspóid go leithleach.

2.   Tar éis don chúirt nó don bhinse an fhoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil, líonfaidh sí nó sé Cuid I d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III í.

Déanfar cóip den fhoirm éilimh agus, más infheidhme, de na doiciméid tacaíochta, i dteannta na foirme freagartha arna líonadh amhlaidh, a sheirbheáil ar an gcosantóir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón bhfoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil.

3.   Laistigh de 30 lá ó sheirbheáil na foirme éilimh agus na foirme freagartha, tíolacfaidh an cosantóir a fhreagairt trí Chuid II d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C a líonadh agus í a chur ar ais chuig an gcúirt nó chuig an mbinse, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, i gcás inar iomchuí, nó ar dhóigh iomchuí ar bith eile gan an fhoirm freagartha a úsáid.

4.   Laistigh de 14 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir, cuirfidh an chúirt nó an binse cóip di, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, chuig an éilitheoir.

5.   Má mhaíonn an cosantóir ina fhreagairt gur mó luach éilimh nach éileamh airgid é ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), cinnfidh an chúirt nó an binse, laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a sheoladh chuig an éilitheoir, an bhfuil an t-éileamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ní fhéadfar cinneadh den sórt sin a chonspóid go leithleach.

6.   Déanfar aon fhrithéileamh, a bheidh le tíolacadh ar Fhoirm chaighdeánach A, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha a sheirbheáil ar an éilitheoir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón lá a bhfaightear iad.

Beidh 30 lá ag an éilitheoir ó thráth na seirbheála chun aon fhrithéileamh a fhreagairt.

7.   Más mó an frithéileamh ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), ní leanfar leis an éileamh ná leis an bhfrithéileamh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ach déileálfar leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina seoltar an nós imeachta.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 agus Airteagal 4 agus ag míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le frithéilimh.

Airteagal 6

Teangacha

1.   Déanfar an fhoirm éilimh, an fhreagairt, aon fhrithéileamh, aon fhreagairt ar fhrithéileamh agus aon chur síos ar dhoiciméid tacaíochta ábhartha a thíolacadh i dteanga nó i gceann de theangacha na cúirte nó an bhinse.

2.   Má bhíonn aon doiciméad eile a fhaigheann an chúirt nó an binse i dteanga seachas an teanga ina seoltar na himeachtaí, ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse aistriúchán ar an doiciméad sin a éileamh ach amháin má fheictear gur gá an t-aistriúchán sin chun breithiúnas a thabhairt.

3.   I gcás ina ndiúltóidh páirtí glacadh le doiciméad toisc nach bhfuil sé i gceann de na teangacha seo a leanas:

(a)

i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite a bhfuil an tseirbheáil le déanamh nó a bhfuil an doiciméad le seoladh ann; nó

(b)

i dteanga a thuigeann an seolaí,

cuirfidh an chúirt nó an binse an páirtí eile ar an eolas faoi sin chun go soláthróidh sé aistriúchán ar an doiciméad.

Airteagal 7

Críochnú an Nós Imeachta

1.   Laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir nó ón éilitheoir laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas, nó:

(a)

éileoidh sí nó sé ar na páirtithe mionsonraí breise maidir leis an éileamh a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach faide ná 30 lá;

(b)

glacfaidh sé nó sí fianaise i gcomhréir le hAirteagal 9; nó

(c)

déanfaidh sí nó sé na páirtithe a thoghairm chuig éisteacht ó bhéal a chomórfar laistigh de 30 lá ón toghairm.

2.   Tabharfaidh an chúirt nó an binse an breithiúnas laistigh de 30 lá ó aon éisteacht ó bhéal nó tar éis di nó dó gach faisnéis a fháil is gá chun an breithiúnas a thabhairt. Déanfar an breithiúnas a sheirbheáil ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 13.

3.   Mura mbeidh freagra faighte ag an gcúirt nó ag an mbinse ón bpáirtí ábhartha laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas maidir leis an éileamh nó leis an bhfrithéileamh.

Airteagal 8

Éisteacht ó bhéal

Féadfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal a thionól trí bhíthin físchomhdhála nó teicneolaíochta cumarsáide eile má tá na modhanna teicniúla ar fáil.

Airteagal 9

Fianaise a ghlacadh

1.   Cinnfidh an chúirt nó an binse na modhanna a úsáidfear chun fianaise a ghlacadh agus raon na fianaise is gá dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas faoi na rialacha is infheidhme maidir le hinghlacthacht fianaise. Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú go nglacfar fianaise trí bhíthin ráiteas i scríbhinn ó fhinnéithe, ó shaineolaithe nó ó pháirtithe. Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú freisin go nglacfar fianaise trí bhíthin físchomhdhála nó teicneolaíochta cumarsáide eile má tá na modhanna teicniúla ar fáil.

2.   Ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse fianaise ó shaineolaí ná fianaise ó bhéal a ghlacadh mura mbeidh sí riachtanach chun an breithiúnas a thabhairt. Agus cinneadh á dhéanamh aici nó aige, tabharfaidh an chúirt nó an binse aird ar chostais.

3.   Úsáidfidh an chúirt nó an binse an modh is simplí agus is lú a bhfuil anró ag baint leis chun fianaise a ghlacadh.

Airteagal 10

Ionadaíocht na bpáirtithe

Ní bheidh ionadaíocht ag dlíodóir ná ag gairmí dlí eile sainordaitheach.

Airteagal 11

Cúnamh do na páirtithe

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na páirtithe cúnamh praiticiúil a fháil agus na foirmeacha á líonadh acu.

Airteagal 12

Sainchúram na cúirte nó an bhinse

1.   Ní chuirfidh an chúirt ná an binse de cheangal ar na páirtithe aon mheasúnú dlíthiúil a dhéanamh ar an éileamh.

2.   Más gá sin, cuirfidh an chúirt nó an binse na páirtithe ar an eolas maidir le ceisteanna nós imeachta.

3.   Aon uair is iomchuí, féachfaidh an chúirt nó an binse le teacht ar réiteach idir na páirtithe.

Airteagal 13

Doiciméid a sheirbheáil

1.   Déanfar doiciméid a sheirbheáil trí sheirbhís phoist agus dearbhófar sin le hadmháil go bhfuarthas an doiciméad lena n-áirítear an dáta a bhfuarthas an doiciméad.

2.   Mura féidir seirbheáil a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfar seirbheáil a dhéanamh ar aon cheann de na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004.

Airteagal 14

Teorainneacha ama

1.   I gcás ina socróidh an chúirt nó an binse teorainn ama, cuirfear an páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcloífidh sé leis an teorainn ama sin.

2.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an chúirt nó an binse síneadh ama a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 5(3) agus (6) agus Airteagal 7(1), más gá sin chun cearta na bpáirtithe a chaomhnú.

3.   Mura bhféadfaidh an chúirt ná an binse, in imthosca eisceachtúla, na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) go (6) agus in Airteagal 7 a urramú, déanfaidh sí nó sé a luaithe is féidir, na bearta a cheanglaítear leis na forálacha sin.

Airteagal 15

Infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais

1.   Beidh an breithiúnas infhorghníomhaithe d'ainneoin aon achomhairc a d'fhéadfaí a dhéanamh. Ní bheidh gá urrús a sholáthar.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 23 freisin i gcás ina mbeidh an breithiúnas le forghníomhú sa Bhallstát inar tugadh é.

Airteagal 16

Costais

Iompróidh an páirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí. Ar a shon sin, ní dhéanfaidh an chúirt nó an binse costais a dhámhachtain don pháirtí ar éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.

Airteagal 17

Achomharc

1.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Choimisiún an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcoinne breithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus cad í an teorainn ama ar laistigh di a dhéanfar an t-achomharc sin a thaisceadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 16 maidir le haon achomharc.

Airteagal 18

Caighdeáin íosta maidir leis an mbreithiúnas a athbhreithniú

1.   Beidh an cosantóir i dteideal athbhreithniú ar bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a iarraidh os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici nó os comhair an bhinse a bhfuil dlínse aige de chuid an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas sna cásanna seo a leanas:

(a)

(i)

i gcás go ndearnadh an fhoirm éilimh nó an toghairm chuig éisteacht ó bhéal a sheirbheáil trí mhodh gan chruthúnas go bhfuair an cosantóir féin í, mar a fhoráiltear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, agus

(ii)

i gcás nach ndearnadh seirbheáil in am trátha chun gurbh fhéidir leis an gcosantóir socruithe a dhéanamh maidir lena chosaint, gan aon locht a bheith air féin,

(b)

gur coisceadh an cosantóir ar agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh ar chúis force majeure nó de bharr imthosca urghnácha, gan aon locht a bheith air féin,

ar choinníoll go ngníomhóidh sé go pras i gceachtar den dá chás.

2.   Má dhiúltaíonn an chúirt nó an binse an t-athbhreithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh an breithiúnas de bheith i bhfeidhm.

Má chinneann an chúirt nó an binse go ndlitear athbhreithniú de bharr ceann de na forais a leagtar síos i mír 1, beidh an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar neamhní.

Airteagal 19

An dlí nós imeachta is infheidhme

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, beidh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga faoi rialú ag dlí nós imeachta an Bhallstáit ina seoltar an nós imeachta.

CAIBIDIL III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ I mBALLSTÁT EILE

Airteagal 20

Aithint agus forghníomhú

1.   Déanfar breithiúnas a thabharfar i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile gan aon ghá a bheith ann le dearbhú um infhorghníomhaitheacht agus gan aon chaoi a bheith ann chun cur i gcoinne an aitheantais.

2.   Arna iarraidh sin ag duine de na páirtithe, eiseoidh an chúirt nó an binse deimhniú maidir le breithiúnas sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar Fhoirm chaighdeánach D, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV í, gan aon chostas breise a bheith i gceist.

Airteagal 21

Nós imeachta um fhorghníomhú

1.   Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle seo, beidh na nósanna imeachta um fhorghníomhú faoi rialú ag dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

Déanfar aon bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a fhorghníomhú faoi na coinníollacha céanna le breithiúnas a tugadh i mBallstát an fhorghníomhaithe.

2.   Tabharfaidh an páirtí a bhfuil forghníomhú á lorg aige na nithe seo a leanas ar aird:

(a)

cóip den bhreithiúnas a chomhallann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

(b)

cóip den deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus, i gcás inar gá, aistriúchán air go dtí teanga oifigiúil Bhallstát an fhorghníomhaithe, nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, go dtí teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte nó binse na háite ina n-iarrtar an forghníomhú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, nó go dtí teanga eile ar chuir Ballstát an fhorghníomhaithe in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Féadfaidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur in iúl, seachas a theanga nó a theangacha féin, atá inghlactha leis le haghaidh an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga. Duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a aistreoidh inneachar Fhoirm D.

3.   An páirtí a mbeidh forghníomhú breithiúnais á lorg aige a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile, ní bheidh de cheangal air:

(a)

ionadaí údaraithe a bheith aige; ná

(b)

seoladh poist a bheith aige

i mBallstát an fhorghníomhaithe, seachas trí bhíthin gníomhairí a bhfuil inniúlacht acu i leith an nós imeachta forghníomhaithe.

4.   Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrann forghníomhú i mBallstát amháin ar bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorghníomhaithe.

Airteagal 22

Forghníomhú a dhiúltú

1.   Ar iarratas ón duine a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne, déanfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige i mBallstát an fhorghníomhaithe forghníomhú a dhiúltú má tá an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga doréitithe le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát ar bith nó i dtríú tír, ar choinníoll:

(a)

gurbh é an chúis chaingne chéanna idir na páirtithe céanna a bhí i dtrácht leis an mbreithiúnas ba luaithe;

(b)

gur tugadh an breithiúnas ba luaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe nó go gcomhallann sé na coinníollacha is gá chun é a aithint i mBallstát an fhorghníomhaithe; agus

(c)

nár tugadh an doréititheacht ar aird mar agóid in imeachtaí na cúirte nó in imeachtaí an bhinse sa Bhallstát inar tugadh an breithiúnas sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus nárbh fhéidir í a thabhairt ar aird.

2.   Ní fhéadfar ar aon chúinse athbhreithniú a dhéanamh i mBallstát an fhorghníomhaithe ar shubstaint bhreithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Airteagal 23

Forghníomhú a bhac nó a theorannú

I gcás ina ndearna páirtí agóid i gcoinne breithiúnais a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga nó ina bhfuil dúshlán den sórt sin fós indéanta nó ina ndearna páirtí iarratas ar athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 18, féadfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige nó an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne:

(a)

na himeachtaí forghníomhaithe a theorannú chuig bearta cosanta;

(b)

a chur de choinníoll ar an bhforghníomhú go dtabharfar cibé urrús a chinnfidh sé; nó

(c)

in imthosca eisceachtúla, bac a chur ar na himeachtaí um fhorghníomhú.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Faisnéis

Comhoibreoidh na Ballstáit chun faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne agus do dhreamanna gairmiúla maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, lena n-áirítear costais, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 2001/470/CE.

Airteagal 25

Faisnéis a bhaineann le dlínse, le modhanna cumarsáide agus le hachomhairc

1.   Faoin 1 Eanáir 2008, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas i bhfios don Choimisiún:

(a)

na cúirteanna nó na binsí a mbeidh dlínse acu chun breithiúnas a thabhairt sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga;

(b)

na modhanna cumarsáide a ghlacfar chun críocha an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus a bheidh ar fáil do na cúirteanna nó do na binsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(c)

an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 17 agus cad é an chúirt nó an binse lenar féidir achomharc a thaisceadh;

(d)

na teangacha a ghlacfar de bhun Airteagal 21(2)(b); agus

(e)

na húdaráis atá inniúil chun críocha forghníomhaithe agus na húdaráis atá inniúil chun críocha Airteagal 23 a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin i bhfios don Choimisiún.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear i bhfios dó i gcomhréir le mír 1 ar fáil go poiblí trína foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus trí aon mhodh iomchuí eile.

Airteagal 26

Bearta cur chun feidhme

Na bearta atá ceaptha le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis na foirmeacha atá sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó le leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 27

An Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   Nuair a thagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 28

Athbhreithniú

Faoin 1 Eanáir 2014, tíolacfaidh an Coimisiún le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil mhionsonraithe lena n-athbhreithneofar feidhmiú an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, lena n-áirítear an teorainn ar luach an éilimh dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Beidh sa tuarascáil sin measúnú ar an nós imeachta mar a d'oibrigh sé agus measúnú breisithe tionchair do gach Ballstát.

Chun na críche sin agus chun a áirithiú go ndéanfar dea-chleachtas san Aontas Eorpach a chur san áireamh go cuí agus go léireoidh sé prionsabail na reachtaíochta feabhsaithe, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le feidhmiú trasteorann an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga. Folóidh an fhaisnéis sin táillí cúirte, luas an nós imeachta, éifeachtacht, áisiúlacht don úsáideoir agus nósanna imeachta inmheánacha na mBallstát um éilimh bheaga.

Beidh tograí maidir le hoiriúnú in éineacht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inar iomchuí.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009, cé is moite d'Airteagal 25 a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 88, 11.4.2006, lch. 61.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh … ón gComhairle an 13 Meitheamh 2007.

(3)  IO L 160, 30.6.2000, lch. 37.

(4)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(5)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(6)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 15. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 ón gCoimisiún (IO L 300, 17.11.2005, lch. 6).

(7)  IO L 399, 30.12.2006, lch. 1.

(8)  IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.

(9)  IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.

(10)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

Image

Image


IARSCRÍBHINN III

Image

Image


IARSCRÍBHINN IV

Image

Image


Top