Help Print this page 

Document 12012M/TXT

Title and reference
An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite)
  • In force
OJ C 326, 26.10.2012, p. 13–390 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Multilingual display
Text

Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite) - Prótacail - Iarscríbhinní - Dearbhuithe a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007 - Táblaí comhghaoil

Official Journal C 326 , 26/10/2012 P. 0001 - 0390


Leaganacha comhdhlúite

den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

2012/C 326/01

Clár

AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

BROLLACH

TEIDEAL I FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL II FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA

TEIDEAL III FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ

TEIDEAL IV FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAR FEABHSAITHE

TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

Caibidil 1 Forálacha ginearálta maidir le Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais

Caibidil 2 Forálacha sonracha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála

Roinn 1 Forálacha coiteanna

Roinn 2 Forálacha maidir leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta

TEIDEAL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

PRÓTACAIL

Prótacal (Uimh. 1) maidir le Ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach

Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm

Prótacal (Uimh. 3) ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

Prótacal (Uimh. 6) maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú

Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 8) a bhaineann le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an Aontas a aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint

Prótacal (Uimh. 9) a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile

Prótacal (Uimh. 10) maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Prótacal (Uimh. 11) maidir le hAirteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Prótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach

Prótacal (Uimh. 13) maidir leis na critéir um chóineasú

Prótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro

Prótacal (Uimh. 15) maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Prótacal (Uimh. 16) maidir le foralácha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg

Prótacal (Uimh. 17) maidir leis an Danmhairg

Prótacal (Uimh. 18) maidir leis an bhFrainc

Prótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 20) maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn

Prótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge

Prótacal (Uimh. 23) maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú

Prótacal (Uimh. 24) maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 25) maidir le hinniúlachtaí roinnte a fheidhmiú

Prótacal (Uimh. 26) maidir le seirbhísí leasa ghinearálta

Prótacal (Uimh. 27) maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht

Prótacal (Uimh. 28) maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Prótacal (Uimh. 29) maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit

Prótacal (Uimh. 30) maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

Prótacal (Uimh. 31) maidir le hallmhairiú isteach san Aontas Eorpach ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre

Prótacal (Uimh. 32) maidir le maoin a fháil sa Danmhairg

Prótacal (Uimh. 33) maidir le hAirteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Prótacal (Uimh. 34) ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn

Prótacal (Uimh. 35) maidir le hAirteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann

Prótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha

Prótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach

DEARBHUITHE a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007

A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ

1. Dearbhú maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

2. Dearbhú maidir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

3. Dearbhú maidir le hAirteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

4. Dearbhú maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

5. Dearbhú a bhaineann le cinneadh polaitiúil na Comhairle Eorpaí maidir leis an dréacht-Chinneadh i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

6. Dearbhú maidir le hAirteagal 15(5) agus (6), le hAirteagal 17(6) agus (7) agus le hAirteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

7. Dearbhú maidir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus maidir le hAirteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

8. Dearbhú maidir leis na bearta praiticiúla a thógfar ar theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, a mhéid a bhaineann le hUachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

9. Dearbhú maidir le hAirteagal 16(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

10. Dearbhú maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

11. Dearbhú maidir le hAirteagal 17(6) agus (7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

12. Dearbhú maidir le hAirteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

13. Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

14. Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

15. Dearbhú maidir le hAirteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

16. Dearbhú maidir le hAirteagal 55(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

17. Dearbhú maidir le tosaíocht

18. Dearbhú maidir le hinniúlachtaí a theorannú

19. Dearbhú maidir le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

20. Dearbhú maidir le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

21. Dearbhú maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta

22. Dearbhú maidir le hAirteagail 48 agus 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

23. Dearbhú maidir leis an dara mír d'Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

24. Dearbhú maidir le pearsantacht dhlítheanach an Aontais Eorpaigh

25. Dearbhú maidir le hAirteagail 75 agus 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

26. Dearbhú maidir le neamh-rannpháirtíocht Ballstáit i mbeart atá bunaithe ar Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

27. Dearbhú maidir leis an dara fomhír d'Airteagal 85(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

28. Dearbhú maidir le hAirteagal 98 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

29. Dearbhú maidir le hAirteagal 107(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

30. Dearbhú maidir le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

31. Dearbhú maidir le hAirteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

32. Dearbhú maidir le hAirteagal 168(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

33. Dearbhú maidir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

34. Dearbhú maidir le hAirteagal 179 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

35. Dearbhú maidir le hAirteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

36. Dearbhú maidir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

37. Dearbhú maidir le hAirteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

38. Dearbhú i ndáil le hAirteagal 252 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le líon na nAbhcóidí Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais

39. Dearbhú maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

40. Dearbhú maidir le hAirteagal 329 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

41. Dearbhú maidir le hAirteagal 352

42. Dearbhú maidir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

43. Dearbhú maidir le hAirteagal 355(6)

B. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS NA CONARTHAÍ

44. Dearbhú maidir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

45. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

46. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

47. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

48. Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge

49. Dearbhú maidir leis an Iodáil

50. Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

C. DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT

51. Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta

52. Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh

53. Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

54. Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne

55. Dearbhú ó Ríocht na Spáinne agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire

56. Dearbhú ó Éirinn maidir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

57. Dearbhú ó Phoblacht na hIodáile maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

58. Dearbhú ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na hUngáire agus ó Phoblacht Mhálta maidir le litriú ainm an airgeadra aonair sna Conarthaí

59. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 312 den Chonradh

60. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

61. Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

62. Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir leis an bPrótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

63. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le sainiú an téarma "náisiúnaigh"

64. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

65. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 75 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Táblaí comhghaoil

An Conradh ar an Aontas Eorpach

--------------------------------------------------

An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite)

BROLLACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN [1],

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tús a chur le céim nua i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a gabhadh ar láimh le bunú na gComhphobal Eorpach,

AGUS INSPIORÁID Á FÁIL acu ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa, ónar fhabhraigh na luachanna uilechoiteanna arb éard iad na cearta dosháraithe doshannta atá ag an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta,

AG MEABHRÚ DÓIBH tábhacht stairiúil deireadh a bheith curtha le roinnt mhór-roinn na hEorpa agus an gá atá ann le boinn dhaingne a chruthú do thógáil Eoraip na todhchaí,

AG DAINGNIÚ a gcion le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smachta reachta,

AG DAINGNIÚ a gcion leis na cearta sóisialta bunúsacha mar atá siad sainithe i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe,

ÓS MIAN LEO an dlúthpháirtíocht idir a bpobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú acu,

ÓS MIAN LEO oibriú daonlathach agus éifeachtach na n-institiúidí a fheabhsú tuilleadh chun a chumasú dóibh na cúraimí atá curtha orthu a chur i gcrích níos fearr laistigh de chreat institiúideach aonair,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU neartú agus cóineasú a ngeilleagar a ghnóthú agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú, lena n-áirítear, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, airgeadra aonair cobhsaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saoránacht a bhunú is coiteann do náisiúnaigh a dtíortha,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 42, ag athneartú ar an dóigh sin na féiniúlachta Eorpaí agus a neamhspleáchais, d'fhonn an tsíocháin, an tslándáil agus an dul chun cinn san Eoraip agus ar domhan a chur ar aghaidh,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saorghluaiseacht daoine a éascú, agus sábháilteacht agus slándáil a bpobal á n-áirithiú acu, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU leanúint den síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa ina nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta,

I bhFIANAISE na gcéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an lánpháirtíocht Eorpach a chur ar aghaidh,

TAR ÉIS CINNEADH Aontas Eorpach a bhunú agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar lánchumhachtaigh:

(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)

NOCH A RINNE, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird a chéile, comhaontú mar a leanas:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

(sean-Airteagal 1 CAE) [2]

Leis an gConradh seo, bunaíonn na hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA AONTAS EORPACH eatarthu féin, dá ngairtear "an tAontas" anseo feasta, dá dtugann na Ballstáit inniúlachtaí chun na cuspóirí is coiteann dóibh a bhaint amach.

Céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa is ea an Conradh seo, ina nglactar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.

Fothófar an tAontas ar an gConradh seo agus ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta). Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh sin. Gabhfaidh an tAontas ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.

Airteagal 2

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

Airteagal 3

(sean-Airteagal 2 CAE)

1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

2. Cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac.

3. Bunóidh an tAontas margadh inmheánach. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn.

Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.

Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

4. Bunóidh an tAontas aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige.

5. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus rannchuideoidh sé le cosaint a shaoránach. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

6. Saothróidh an tAontas a chuspóirí trí mheáin iomchuí atá comhchuimseach leis na hinniúlachtaí atá tugtha dó sna Conarthaí.

Airteagal 4

1. I gcomhréir le hAirteagal 5, inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

2. Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.

3. De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ó na Conarthaí a chur i gcrích.

Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais.

Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.

Airteagal 5

(sean-Airteagal 5 CCE)

1. Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2. Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

3. Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal sin.

4. Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 6

(sean-Airteagal 6 CAE)

1. Aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000, amhail mar a oiriúnaíodh í an 12 Nollaig 2007, in Strasbourg, a mbeidh an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici.

Ní dhéanfaidh forálacha na Cairte inniúlachtaí an Aontais, mar atá siad sainithe sna Conarthaí, a leathnú in aon slí.

Forléireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt i gcomhréir le forálacha ginearálta Theideal VII den Chairt a bhfuil léiriú agus cur i bhfeidhm na Cairte faoina rialú agus aird chuí á tabhairt ar na míniúcháin dá dtagraítear sa Chairt agus lena sonraítear foinsí na bhforálacha sin.

2. Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh an t–aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sna Conarthaí.

3. Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

Airteagal 7

(sean-Airteagal 7 CAE)

1. Ar thogra réasúnaithe ó aon trian de na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún Eorpach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí cheithre chúigiú dá comhaltaí tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2. Sula suífidh sí amhlaidh, éistfidh an Chomhairle an Ballstát i dtrácht agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, moltaí a dhíriú chuig an mBallstát sin.

Athbhreithneoidh an Chomhairle go tráthrialta an bhfuil feidhm i gcónaí ag na forais a bhí lena suíomh amhlaidh.

2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún Eorpach agus tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna dá dtagraítear ag Airteagal 2, tar éis iarraidh ar an mBallstát i gceist a bharúlacha a thíolacadh.

3. Nuair a shuífear amhlaidh faoi mhír 2, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cearta áirithe a chineann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena n-áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle. Lena linn sin, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus oibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoi na Conarthaí de bheith ina gceangal ar an mBallstát sin ar aon chuma.

4. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh dá éis sin na bearta arna nglacadh faoi mhír 3 a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

5. Déantar na socruithe vótála a bhfuil feidhm acu maidir le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle, chun críocha an Airteagail seo, a leagan síos in Airteagal 354 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

1. Déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanacha d'fhonn limistéar rathúnais agus dea–chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar.

2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tAontas comhaontuithe sonracha a thabhairt i gcrích leis na tíortha i dtrácht. Féadfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha a bheith ar áireamh sna comhaontuithe sin mar aon leis an gcaoi chun gníomhaíochtaí a ghabháil ar láimh go comhpháirteach. Beidh a gcur chun feidhme ina ábhar do chomhairliúchán tréimhsiúil.

TEIDEAL II

FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA

Airteagal 9

Ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

Airteagal 10

1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.

2. Ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.

Ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach.

3. Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.

4. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Airteagal 11

1. Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2. Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

3. D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúchán leathan le páirtithe lena mbaineann.

4. Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Déanfar na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá do thionscnamh den sórt sin ó na saoránaigh a leagan síos i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

Rannchuidíonn na Parlaimintí náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais:

(a) trína bheith á gcur ar an eolas ag institiúidí an Aontais agus trí dhréachtghníomhartha reachtacha de chuid an Aontais a bheith á seoladh chucu i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach;

(b) trína thabhairt go n-urramaítear prionsabal na coimhdeachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

(c) trí rannpháirtiú, faoi chuimsiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, i sásraí meastóireachta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais sa limistéar sin, i gcomhréir le hAirteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus trí bheith bainteach le faireachán polaitiúil ar Europol agus le meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust, i gcomhréir le hAirteagail 88 agus 85 den Chonradh sin;

(d) trí rannpháirtiú i nósanna imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chonradh seo;

(e) trína bheith á gcur ar an eolas maidir le hiarratais ar aontachas leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh seo;

(f) trí rannpháirtiú i gcomhar idirpharlaiminteach idir Pharlaimintí náisiúnta agus le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach.

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ

Airteagal 13

1. Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, maraon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

Is iad institiúidí an Aontais:

- Parlaimint na hEorpa,

- an Chomhairle Eorpach,

- an Chomhairle,

- an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear "an Coimisiún" anseo feasta),

- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

- an Banc Ceannais Eorpach,

- an Chúirt Iniúchóirí.

2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.

3. Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

Airteagal 14

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh sí feidhmeanna um rialú polaitiúil agus feidhmeanna comhairliúcháin faoi mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin.

2. Beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh an Aontais. Ní rachaidh a líon thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán. Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach agus beidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát. Ní bheidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát.

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3. Toghfar comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go ceann téarma oifige cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i saorbhallóid rúnda.

4. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach as líon a cuid comhaltaí.

Airteagal 15

1. Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta. Ní fheidhmeoidh sí feidhmeanna reachtacha.

2. Beidh an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.

3. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh.

4. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, glacfar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil.

5. Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, a bheidh inathnuaite uair amháin. Mura féidir dó feidhmiú nó i gcás mí-iompair thromchúisigh, féadfaidh an Chomhairle Eorpach téarma oifige an Uachtaráin a chríochnú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

6. I dtaca le hUachtarán na Comhairle Eorpaí:

(a) beidh sé i gceannas ar an gComhairle Eorpach agus stiúrfaidh sé a himeachtaí;

(b) i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn imeachtaí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, áiritheoidh sé ullmhúchán agus leanúnachas imeachtaí na Comhairle Eorpaí;

(c) féachfaidh sé le comhchuibheas agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach;

(d) tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí.

Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht sheachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí oifig náisiúnta a shealbhú.

Airteagal 16

1. Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí.

2. Beidh an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta a fhéadfaidh gealltanas a thabhairt thar ceann rialtas an Bhallstáit i dtrácht agus a vóta a chaitheamh.

3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí.

4. Amhail ón 1 Samhain 2014, saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a chuimsíonn cúig chomhalta dhéag ar a laghad agus a ionadaíonn do Bhallstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála ceithre chomhalta ar a laghad den Chomhairle; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

Déantar na socruithe eile a mbeidh vótáil trí thromlach cáilithe faoina rialú a leagan síos in Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5. Déantar na forálacha idirthréimhseacha maidir le sainiú an tromlaigh cháilithe a mbeidh feidhm acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha mar aon leis na forálacha a mbeidh feidhm acu ón 1 Samhain 2014 go dtí an 31 Márta 2017.

6. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla, a nglacfar an liosta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 236 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle. Ullmhóidh sí cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus áiritheoidh sí go gcuirtear na cinntí i gcrích i gcuibhreann le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún.

Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíocht an Aontais.

7. Beidh Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach as imeachtaí na Comhairle a ullmhú.

8. Suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanfaidh sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanfaidh sí vótáil ina leith. Chuige sin, roinnfear gach cruinniú den Chomhairle ina dhá chuid, ceann a bhaineann le pléití maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais agus ceann a bhaineann lena ghníomhartha neamhreachtacha.

9. Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn uainíochta comhionainne, i gcomhréir leis na coinníollacha atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 236 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

1. Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.

2. Mura bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, ní fhéadfar gníomhartha reachtacha Aontais a ghlacadh ach amháin ar bhonn togra ón gCoimisiún. Glacfar gníomhartha eile ar bhonn togra ón gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sna Conarthaí.

3. Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún.

Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin mar gheall ar a n-inniúlacht i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

I bhfeidhmiú a fhreagrachtaí, beidh an Coimisiún neamhspleách ar fad. Gan dochar d'Airteagal 18(2), ní iarrfaidh comhaltaí an Choimisiúin teagaisc ar aon rialtas ná aon institiúid, aon chomhlacht, aon oifig nó aon ghníomhaireacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna nó le comhlíonadh a gcúraimí.

4. Beidh an Coimisiún a ainmneofar idir dáta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus an 31 Deireadh Fómhair 2014 comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bheidh ar dhuine dá Leas-Uachtaráin.

5. Amhail ón 1 Samhain 2014, beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar líon é a fhreagróidh do dhá thrian de líon na mBallstát, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil, an líon sin a athrú.

Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin as measc náisiúnaigh na mBallstát ar bhonn córais uainíochta fíor-chomhionainne idir na Ballstáit a léireoidh raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile. Bunóidh an Chomhairle Eorpach an córas sin d'aon toil i gcomhréir le hAirteagal 244 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

6. Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:

(a) na treoirlínte a leagan síos a bhfeidhmeoidh an Coimisiún laistigh díobh;

(b) eagrúchán inmheánach an Choimisiúin a chinneadh chun comhchuibheas, éifeachtúlacht agus coláisteachas a ghníomhaíochta a áirithiú;

(c) Leas-Uachtaráin, seachas Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a cheapadh as líon chomhaltaí an Choimisiúin.

Éireoidh comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán. Éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as oifig, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 18(1), arna iarraidh sin don Uachtarán.

7. Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici d'Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé an tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é de réir an nós imeachta chéanna.

Glacfaidh an Chomhairle, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí, an liosta de na daoine eile a bheartóidh sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún. Déanfar an rogha sin ar bhonn moltaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa dara fomhír de mhír 3 agus sa dara fomhír de mhír 5.

Déanfar an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin a chur mar chomhlacht faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an Coimisiún ar bhonn an toilithe sin.

8. Beidh an Coimisiún mar chomhlacht freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thairiscint cáinte i leith an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má ritear tairiscint den sórt sin, caithfidh comhaltaí uile an Choimisiúin scor dá n-oifig d'aon bhuíon agus caithfidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála éirí as na feidhmeanna a fheidhmíonn sé sa Choimisiún.

Airteagal 18

1. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige a chríochnú de réir an nós imeachta chéanna.

2. Seolfaidh an tArdionadaí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé trína thograí leis an mbeartas sin a fhorbairt agus feidhmeoidh sé é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.

3. Beidh an tArdionadaí i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha.

4. Beidh an tArdionadaí ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin. Áiritheoidh sé comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh sé freagrach laistigh den Choimisiún as na freagrachtaí a thiteann ar an gCoimisiún sa chaidreamh seachtrach agus as gnéithe eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhordú. Agus na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin amháin, beidh an tArdionadaí faoi réir nósanna imeachta an Choimisiúin, a mhéid a bheidh sé sin comhchuí le míreanna 2 agus 3.

Airteagal 19

1. Cuimseoidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus cúirteanna speisialaithe. Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú na gConarthaí agus ina gcur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais.

2. Beidh an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de bhreitheamh amháin as gach Ballstát. Beidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh aici.

Beidh ar an gCúirt Ghinearálta breitheamh amháin ar a laghad as gach Ballstát.

Roghnófar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 253 agus 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana. Féadfar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta atá ag éirí as oifig a athcheapadh.

3. Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na Conarthaí:

(a) rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstát, institiúid nó duine nádúrtha nó dlítheanach;

(b) réamhrialuithe a thabhairt, arna n-iarraidh sin do chúirteanna nó do bhinsí de chuid na mBallstát, maidir le léiriú dhlí an Aontais nó le bailíocht gníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí;

(c) rialú a thabhairt i gcásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAR FEABHSAITHE

Airteagal 20

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1. Na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha an Aontais, féadfaidh siad leas a bhaint as institiúidí an Aontais agus na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú trí fhorálacha iomchuí na gConarthaí a chur i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha agus i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe atá leagtha síos san Airteagal seo agus in Airteagail 326 go 334 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe dlús a chur le cuspóirí an Aontais, a leasanna a chosaint agus a phróiseas lánpháirtíochta a neartú. Beidh an comhar sin ar oscailt do gach Ballstát tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 328 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2. Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh lena n-údarófar an comhar feabhsaithe a ghlacadh mar rogha dheireanach nuair a bheidh sé suite aici nach bhféadfaidh an tAontas ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta, agus ar choinníoll go mbeidh naoi gcinn ar a laghad de na Ballstáit rannpháirteach ann. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 329 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3. Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Tá na rialacha vótála leagtha síos in Airteagal 330 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. Ní bheidh gníomhartha arna nglacadh faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe ina gceangal ach ar na Ballstáit rannpháirteacha amháin. Ní mheasfar iad mar chuid den acquis a gcaithfidh Stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas glacadh leis.

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS

Airteagal 21

1. Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chreat na Náisiún Aontaithe.

2. Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, d'fhonn:

(a) a luachanna, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a iomláine a choimirciú;

(b) an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;

(c) an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena n-áirítear na prionsabail sin a bhaineann le teorainneacha seachtracha;

(d) tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht;

(e) lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile;

(f) cuidiú le forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú, chun an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú;

(g) cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine; agus

(h) córas idirnáisiúnta a chur chun cinn arna bhunú ar chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda.

3. Urramóidh an tAontas na prionsabail atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2 agus saothróidh sé na cuspóirí atá leagtha amach iontu, nuair a bheidh na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a thagann faoi réim an Teidil seo agus faoi réim Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus gnéithe seachtracha a bheartas eile á bhforbairt agus á gcur chun feidhme.

Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach agus idir na réimsí sin agus a chuid beartas eile. Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le cúnamh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin.

Airteagal 22

1. Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 21, déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainaithint.

Beidh cinntí ón gComhairle Eorpach maidir le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais bainteach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Féadfaidh na cinntí sin a bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh cur chuige téamúil a bheith acu. Saineoidh siad a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.

Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar mholadh ón gComhairle arna ghlacadh ag an gComhairle de réir na socruithe arna leagan síos do gach réimse. Cuirfear cinntí ón gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí.

2. Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, do réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus an Coimisiún, do réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach, tograí comhpháirteacha a thíolacadh don Chomhairle.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 23

Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta, de bhun na Caibidle seo, bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i gCaibidil 1, saothróidh sí na cuspóirí a leagtar síos inti agus seolfar í i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos inti.

Airteagal 24

(sean-Airteagal 11 CAE)

1. In ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, folóidh inniúlacht an Aontais gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht.

Beidh an comhbheartas eachtrach agus slándála faoi réir rialacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh d'aon toil, é a shainiú, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí. Déanfar glacadh gníomhartha reachtacha a eisiamh. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus na Ballstáit an beartas sin a fheidhmiú i gcomhréir leis na Conarthaí. Sainítear rólanna sonracha Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sa réimse sin sna Conarthaí. Ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis na forálacha sin, seachas a dlínse chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 40 den Chonradh seo agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinntí áirithe dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 275 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2. Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí, maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, ar cheisteanna leasa ghinearálta a shainaithint agus ar chéim chóineasaithe a bheidh ag síormhéadú idir ghníomhaíochtaí na mBallstát, déanfaidh an tAontas é a ghnóthú, a sheoladh, a shainiú agus a chur chun feidhme.

3. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí agus urramóidh siad gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin.

Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú.

Áiritheoidh an Chomhairle agus an tArdionadaí go gcomhlíonfar na prionsabail sin.

Airteagal 25

(sean-Airteagal 12 CAE)

Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:

(a) trí na treoirlínte ginearálta a shainiú;

(b) trí chinntí a ghlacadh lena saineofar:

(i) gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag an Aontas;

(ii) seasaimh atá le glacadh ag an Aontas;

(iii) socruithe maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur chun feidhme;

agus

(c) trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á seoladh acu.

Airteagal 26

(sean-Airteagal 13 CAE)

1. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna straitéiseacha an Aontais a shainaithint, cuspóirí a chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chinneadh agus treoirlínte ginearálta a chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu, a shainiú. Glacfaidh sí na cinntí is gá.

Má éilíonn forbairtí idirnáisiúnta é, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh d'fhonn línte straitéiseacha bheartas an Aontais a shainiú i bhfianaise na bhforbairtí sin.

2. Cumfaidh an Chomhairle an comhbheartas eachtrach agus slándála agus glacfaidh sí na cinntí is gá chun an comhbheartas sin a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta agus na línte straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Áiritheoidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála aontacht, comhchuibheas agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais.

3. Déanfaidh an tArdionadaí agus na Ballstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála a chur in éifeacht, agus leas á bhaint as acmhainní náisiúnta agus acmhainní an Aontais.

Airteagal 27

1. Rannchuideoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a fhorbairt trína thograí agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.

2. Feidhmeoidh an tArdionadaí ar son an Aontais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Seolfaidh sé agallamh polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais agus léireoidh sé seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3. Agus a shainordú á chomhall aige, beidh de chúnamh ag Ardionadaí an Aontais Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Socrófar eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí le cinneadh ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón Ardionadaí, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 28

(sean-Airteagal 14 CAE)

1. Nuair a éileoidh an staid idirnáisiúnta gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá. Leagfar síos iontu na cuspóirí atá leo, a raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, a ré más gá, agus na coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme.

Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do chinneadh, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí an chinnidh sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí is gá.

2. Beidh na cinntí dá dtagraítear i mír 1 ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

3 Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun chinnidh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát i dtrácht faisnéis ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí na Comhairle.

4. I gcás géar-riachtanais a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh an t-athbhreithniú déanta ar an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh sin. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

5. I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 ná a éifeachtúlacht a dhochrú.

Airteagal 29

(sean-Airteagal 15 CAE)

Glacfaidh an Chomhairle cinntí lena saineofar cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartas náisiúnta i gcomhréir le seasaimh an Aontais.

Airteagal 30

(sean-Airteagal 22 CAE)

1. Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus féadfaidh aon Bhallstát nó an tArdionadaí tionscnaimh nó tograí, faoi seach, a thíolacadh di.

2. I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh an tArdionadaí, uaidh féin, nó arna iarraidh sin do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.

Airteagal 31

(sean-Airteagal 23 CAE)

1. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle cinntí faoin gCaibidil seo ag gníomhú dóibh d'aon toil, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo. Déanfar glacadh gníomhartha reachtacha a eisiamh.

Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh faoin bhfomhír seo. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Má ionadaíonn líon na gcomhaltaí den Chomhairle a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh do thrian ar a laghad de na Ballstáit a chuimsíonn trian ar a laghad de dhaonra an Aontais, ní ghlacfar an cinneadh.

2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe:

- nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais ar bhonn cinnidh ón gComhairle Eorpach a bhaineann le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

- nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais, ar thogra arna thíolacadh ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála mar thoradh ar iarraidh shonrach chuig an Ardionadaí ón gComhairle Eorpach ar a tionscnamh féin nó ar thionscnamh an Ardionadaí;

- nuair a ghlacfaidh sí aon chinneadh ag cur cinnidh chun feidhme lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais;

- nuair a ainmneoidh sí ionadaí speisialta i gcomhréir le hAirteagal 33.

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna bunúsacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Déanfaidh an tArdionadaí, i ndlúthchomhairle leis an mBallstát i dtrácht, réiteach is inghlactha ag an mBallstát a lorg. Má theipeann ar an iarracht, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach chun cinneadh a ghlacadh d'aon toil.

3. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena bhforálfar go ngníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2.

4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

5. I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.

Airteagal 32

(sean-Airteagal 16 CAE)

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle Eorpaí agus i dtionól na Comhairle faoi aon ábhar leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála chun cur chuige coiteann a shainiú. Sula nglacfaidh sé ar láimh aon ghníomhaíocht ar an ardán idirnáisiúnta nó aon ghealltanas a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais, rachaidh gach Ballstát i gcomhairle leis na Ballstáit eile i dtionól na Comhairle Eorpaí nó i dtionól na Comhairle. Áiritheoidh na Ballstáit, trína gcuid gníomhaíochtaí a chóineasú, go mbeidh an tAontas in ann a leasanna agus a luachanna a chur i gcion ar an ardán idirnáisiúnta. Beidh na Ballstáit dlúthpháirteach le chéile.

Nuair a bheidh cur chuige coiteann de chuid an Aontais de réir bhrí na chéad mhíre sainithe ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle, déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát a ngníomhaíochtaí a chomhordú i dtionól na Comhairle.

Comhoibreoidh misin taidhleoireachta na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus rannchuideoidh siad leis an gcur chuige coiteann a fhoirmiú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 33

(sean-Airteagal 18 CAE)

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige i ndáil le saincheisteanna beartais áirithe. Cuirfidh an tIonadaí Speisialta a shainordú i gcrích faoi údarás an Ardionadaí.

Airteagal 34

(sean-Airteagal 19 CAE)

1. Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad seasaimh an Aontais a chosaint sna fóraim sin. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an comhordú sin a eagrú.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu seasaimh an Aontais a chosaint.

2. I gcomhréir le hAirteagal 24(3), cuirfidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin, agus an tArdionadaí, ar an eolas faoi aon ábhar comhleasa.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an tArdionadaí ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála, déanfaidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, seasaimh agus leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí de bhun fhorálacha Chairt na Náisiún Aontaithe.

Nuair a bheidh seasamh sainithe ag an Aontas ar ábhar atá ar chlár oibre Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, iarrfaidh na Ballstáit a shuíonn ar an gComhairle Slándála go n-iarrfar ar an Ardionadaí seasamh an Aontais a chur i láthair.

Airteagal 35

(sean-Airteagal 20 CAE)

Déanfaidh misin taidhleoireachta agus consalachta na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun a áirithiú go ndéantar na cinntí lena saineofar seasaimh agus gníomhaíochtaí Aontais arna nglacadh de bhua na Caibidle seo a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.

Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.

Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 23 den Chonradh sin a chur chun feidhme.

Airteagal 36

(sean-Airteagal 21 CAE)

Rachaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa go tráthrialta maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta agus cuirfidh sé ar an eolas í faoi éabhlóid na mbeartas sin. Áiritheoidh sé go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith rannpháirteach maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle agus chuig an Ardionadaí nó moltaí a thabhairt don Chomhairle agus don Ardionadaí. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl dhá uair sa bhliain ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta.

Airteagal 37

(sean-Airteagal 24 CAE)

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó sna réimsí a thig faoin gCaibidil seo.

Airteagal 38

(sean-Airteagal 25 CAE)

Gan dochar d'Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh Coiste Polaitiúil agus Slándála faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin don Chomhairle nó arna iarraidh sin d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

Faoi chuimsiú na Caibidle seo, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 43.

Féadfaidh an Chomhairle an Coiste a údarú, ar mhaithe le hoibríocht bainistíochta géarchéime agus ar feadh a ré faoi mar atá siad araon arna gcinneadh ag an gComhairle, na cinntí ábhartha maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach na hoibríochta.

Airteagal 39

I gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de mhaolú ar mhír 2 de, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena leagfar síos na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme na Caibidle seo, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údarás neamhspleách.

Airteagal 40

(sean-Airteagal 47 CAE)

Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú.

Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na mbeartas atá liostaithe sna hAirteagail sin difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí a leagtar síos sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais faoin gCaibidil seo a fheidhmiú.

Airteagal 41

(sean-Airteagal 28 CAE)

1. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí tríd an gCaibidil seo a chur chun feidhme a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

2. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr an Chaibidil sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad an Aontais freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad an Aontais, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal 31(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

3. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar na nósanna imeachta speisialta chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i mbuiséad an Aontais chun tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach, agus go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43 nach muirearófar ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste tosaithe arna chomhdhéanamh de ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

Glacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinntí lena mbunófar:

(a) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a chur ar bun agus a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt ar an gciste;

(b) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a riar;

(c) na nósanna imeachta rialaithe airgeadais.

Nuair nach féidir an cúram arna bheartú i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus le hAirteagal 43 a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, údaróidh an Chomhairle don Ardionadaí an ciste sin a úsáid. Déanfaidh an tArdionadaí tuarascáil don Chomhairle maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.

ROINN 2

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

Airteagal 42

(sean-Airteagal 17 CAE)

1. Beidh an comhbheartas slándála agus cosanta ina chuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála. Cuirfidh sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata. Féadfaidh an tAontas iad a úsáid maidir le misin lasmuigh den Aontas a bhaineann leis an tsíochánaíocht, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Cuirfear na cúraimí sin i gcrích ag baint úsáide as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.

2. Beidh ar áireamh sa chomhbheartas slándála agus cosanta comhbheartas cosanta an Aontais a chumadh go comhleanúnach. Tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag gníomhú di d'aon toil. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Roinn seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.

3. Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an comhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme, cumais shibhialta agus mhíleata a chur ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis na cuspóirí arna sainiú ag an gComhairle. Na Ballstáit sin a bhunaíonn fórsaí ilnáisiúnta le chéile, féadfaidh siad freisin na fórsaí sin a chur ar fáil don chomhbheartas slándála agus cosanta.

Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a fheabhsú go comhleanúnach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sa réimse a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha ( dá ngairtear "an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint" anseo feasta) riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá do neartú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, beidh sí rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú, agus cuideoidh sí leis an gComhairle chun feabhsú ar a gcumais mhíleata a mheas.

4. Cinntí a bhaineann leis an mbeartas slándála agus cosanta, lena n-áirítear na cinntí sin a chuireann tús le misean dá dtagraítear san Airteagal seo, glacfaidh an Chomhairle iad ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó ar thionscnamh ó Bhallstát. Féadfaidh an tArdionadaí a mholadh go rachfar ar iontaoibh acmhainní náisiúnta agus ionstraimí an Aontais araon, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún nuair is iomchuí.

5. Féadfaidh an Chomhairle a chur de chúram, i gcreat an Aontais, ar ghrúpa Ballstát cúram a chur i gcrích d'fhonn luachanna an Aontais a chosaint agus fónamh dá leasanna. Beidh cur i gcrích an chúraim sin faoi réir Airteagal 44.

6. Na Ballstáit sin a gcomhallann a gcumais mhíleata critéir níos airde agus a bhfuil gealltanais níos ceangailtí déanta acu i leith a chéile sa réimse sin ar mhaithe leis na cúraimí is déine, bunóidh siad buanchomhar struchtúrtha laistigh de chreat an Aontais. Beidh an comhar sin faoi réir Airteagal 46. Ní dhéanfaidh sé dochar d'fhorálacha Airteagal 43.

7. Má dhéantar ionsaí armtha ar a chríoch ar Bhallstát, caithfidh na Ballstáit rannpháirteacha eile cúnamh agus cabhair a thabhairt dó le gach meán is féidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

Beidh na ceangaltais agus an comhar sa réimse sin comhchuí leis na ceangaltais arna ngabháil ar láimh laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith dá gcosaint chomhchoiteann i gcás na Stát atá ina gcomhaltaí de agus mar eagras dá cur chun feidhme.

Airteagal 43

1. Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), a bhféadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.

2. Glacfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ag gníomhú dó faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.

Airteagal 44

1. Faoi chuimsiú na gcinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa Ballstát a bheidh toilteanach agus a mbeidh an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le bainistiú an chúraim.

2. Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoina dhul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, ar an raon feidhme agus ar na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá.

Airteagal 45

1. Is é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, dá dtagraítear in Airteagal 42(3), agus a bheidh faoi réir údarás na Comhairle:

a) rannchuidiú le cuspóirí na mBallstát i ndáil le cumais mhíleata a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a urramaítear na ceangaltais chumais atá tugtha ag na Ballstáit;

b) comhchuibhiú ar na riachtanais oibríochtúla a chur cun cinn agus modhanna soláthair éifeachtúla comhoiriúnacha a ghlacadh;

c) tionscadail iltaobhacha a mholadh chun na cuspóirí a chomhall i dtaca le cumais mhíleata de, comhordú ar na cláir arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus bainistiú na gclár sonrach comhair a áirithiú;

d) tacú le taighde i dteicneolaíocht na cosanta, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus staidéar ar réitigh theicneolaíocha a fhreagróidh do riachtanais oibríochtúla todhchaí a chomhordú agus a phleanáil;

e) rannchuidiú le gach beart fóinteach a shainaithint agus, más gá, a chur chun feidhme chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a neartú agus chun éifeachtúlacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú.

2. Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ar oscailt do gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh lena saineofar reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba chóir go dtabharfadh an cinneadh sin aird ar leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpaí sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht a thabharfaidh le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí i gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá.

Airteagal 46

1. Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 42(6), a chomhallfaidh na critéir agus a mbeidh na gealltanais déanta acu maidir le cumais mhíleata atá leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh siad a n-intinn in iúl don Chomhairle agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

2. Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar buanchomhar struchtúrtha agus lena gcinnfear liosta na mBallstát rannpháirteach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí.

3. Aon Bhallstát ar mian leis, tráth níos déanaí, a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Ardionadaí.

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena ndaingneofar rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht a chomhallann na critéir agus a dhéanann na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. Más rud é nach gcomhallann Ballstát rannpháirteach na critéir a thuilleadh nó nach féidir leis na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le buanchomhar struchtúrtha a ghabháil ar láimh a thuilleadh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun rannpháirtíocht an Bhallstáit sin a fhionraí.

Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha, seachas an Ballstát i dtrácht.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5. Más mian le Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ón mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle a thabharfaidh dá haire go bhfuil deireadh le rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht.

6. Na cinntí agus na moltaí ón gComhairle arna nglacadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, seachas na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 5, glacfar d'aon toil iad. Chun críocha na míre seo, is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 47

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas.

Airteagal 48

(sean-Airteagal 48 CAE)

1. Féadfar na Conarthaí a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta um athbhreithniú. Féadfar freisin na Conarthaí a leasú i gcomhréir le nósanna imeachta um athbhreithniú simplithe.

An gnáthnós imeachta um athbhreithniú

2. Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a thíolacadh don Chomhairle chun na Conarthaí a leasú. Féadfaidh na tograí sin, i measc nithe eile, fónamh do mhéadú nó do laghdú na n-inniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí. Cuirfidh an Chomhairle na tograí sin chuig an gComhairle Eorpach agus cuirfear in iúl iad do na Parlaimintí náisiúnta.

3. Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Scrúdóidh an Coinbhinsiún na tograí do leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 4.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh trí thromlach simplí, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gan Coinbhinsiún a chomóradh más rud é nach bhfuil bonn cirt leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás sin, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha do chomhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát.

4. Comórfaidh Uachtarán na Comhairle comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar na Conarthaí a chinneadh de thoil a chéile.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

5. Más rud é, dhá bhliain tar éis conradh ag leasú na gConarthaí a shíniú, go mbeidh sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniú, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

Na nósanna imeachta simplithe um athbhreithniú

6. Féadfaidh rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena leasófar na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go hiomlán nó go páirteach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, agus leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní fhéadfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír na hinniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí a mhéadú.

7. Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó i dTeideal V den Chonradh seo go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i réimse nó i gcás faoi leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin nó sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata acu nó maidir le cinntí i réimse na cosanta.

Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha reachtacha i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Déanfar gach tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na chéad fhomhíre nó an dara fomhír a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin a thabhairt, ní ghlacfar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.

Chun na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Airteagal 49

(sean-Airteagal 49 CAE)

Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas sin. Díreoidh an Stát iarrthach a iarratas chun na Comhairle a ghníomhóidh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa toiliú trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Tabharfar aird ar na coinníollacha incháilitheachta a bheidh formheasta ag an gComhairle Eorpach.

Na coinníollacha ar a ligfear Stát isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, beidh siad ina n-ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát iarrthach. Cuirfear an comhaontú sin faoi bhráid na Stát Conarthach uile lena dhaingniú i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 50

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas.

2. Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Déanfar an Comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

3. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú.

4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát a bheidh ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle a bhaineann leis an mBallstát sin.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5. Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49.

Airteagal 51

Is cuid dhílis de na Conarthaí na Prótacail agus na hIarscríbhinní atá i gceangal leo.

Airteagal 52

1. Beidh feidhm ag na Conarthaí maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Bulgáire, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, le hÉirinn, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le hArd-Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, leis an Rómáin, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

2. Sonraítear raon feidhme críochach na gConarthaí in Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 53

(sean-Airteagal 51 CAE)

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 54

(sean-Airteagal 52 CAE)

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1993 ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal 55

(sean-Airteagal 53 CAE)

1. Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

2. Féadfar an Conradh seo a aistriú chuig aon teanga eile arna cinneadh ag na Ballstáit as measc na dteangacha sin a bhfuil stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid di, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát sin. Cuirfidh na Ballstáit i dtrácht cóip dheimhnithe de na haistriúcháin sin ar fáil agus taiscfear iad i gcartlann na Comhairle.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh i Maastricht, an seachtú lá d'Fheabhra, míle naoi gcéad nócha a dó.

(liosta na sínitheoirí gan atáirgeadh)

[1] Tá Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne tar éis teacht chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas Eorpach ó shin.

[2] Níl sa tagairt seo ach treoir. Tá faisnéis níos cuimsithí sna táblaí a léiríonn an comhghaol idir an seanuimhriú agus an t-uimhriú nua ar na conarthaí.

--------------------------------------------------

Prótacail

PRÓTACAL (Uimh. 1)

MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist a bhaineann le heagrúchán agus le cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit é an dóigh a ndéanann na Parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh,

ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha reachtacha an Aontais Eorpaigh agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL I

FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Airteagal 1

Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Airteagal 2

Dréachtghníomhartha reachtacha a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha reachtacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Airteagal 3

Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, de réir an nós imeachta a leagtar síos sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 4

Rachaidh tréimhse ocht seachtaine in éag idir an dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach ar fáil do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla an Aontais agus an dáta a gcuirfear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaigh. Féadfaidh eisceachtaí i gcásanna práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar teacht ar aon chomhaontú ar dhréachtghníomh reachtach le linn na n-ocht seachtaine sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag idir dréachtghníomh reachtach a chur ar chlár oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.

Airteagal 5

Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig rialtais na mBallstát iad.

Airteagal 6

Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

Airteagal 7

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar eolas san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

Airteagal 8

Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí a chomhdhéanta.

TEIDEAL II

COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH

Airteagal 9

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san Aontas.

Airteagal 10

Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta. Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.

PRÓTACAL (Uimh. 2)

MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhunú, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a urramú i gcónaí.

Airteagal 2

Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach a mholadh, glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más iomchuí, éirim réigiúnach agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú. Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh an Coimisiún comhairle amhlaidh. Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin ina thogra.

Airteagal 3

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha reachtacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.

Airteagal 4

Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig reachtóir an Aontais iad.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta.

Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta na dréachtghníomhartha reachtacha a eascraíonn ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí leasaithe.

Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh an Chomhairle a cuid seasamh chucu.

Airteagal 5

Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha a fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a bheith i ngach dréachtghníomh reachtach ionas gur féidir a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh. Is cóir a bheith sa ráiteas sin freisin measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus, más treoir atá ann, measúnú ar a himpleachtaí maidir leis na rialacha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí cáilíochtúla, agus, nuair is féidir, táscairí cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.

Airteagal 6

Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta, laistigh d'ocht seachtaine ón dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh chuig an bParlaimint nó chuig an seomra sin, tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a measann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht i gceist prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta nó faoi gach seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 7

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus más iomchuí, an grúpa Ballstát, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta nó ó sheomra de Pharlaimint náisiúnta a chur san áireamh.

Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta. Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil dhá sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.

2. Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an dréacht a athbhreithniú. Beidh an tairseach sin in ionannas leis an gceathrú cuid más dréachtghníomh reachtach é arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt don chinneadh sin.

3. Ina theannta sin, faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh, nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra do ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le tromlach simplí na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an togra a athbhreithniú. Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.

Má roghnaíonn an Coimisiún an togra a choimeád ar bun, beidh air a fhírinniú i dtuairim réasúnaithe cad chuige a measann sé go gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Ní foláir an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta a chur faoi bhráid reachtóir an Aontais chun go dtabharfar aird orthu faoi chuimsiú an nós imeachta:

(a) sula gcríochnófar an chéad léamh, féachfaidh an reachtóir (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) an gcomhlíonann an togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, agus na cúiseanna a agraíonn agus a pháirtíonn tromlach na bParlaimintí náisiúnta agus an tuairim réasúnaithe ón gCoimisiún á gcur san áireamh aige;

(b) más rud é gurb é tuairim an reachtóra, trí thromlach 55 % de chomhaltaí na Comhairle nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní leanfar leis an togra reachtach a phlé.

Airteagal 8

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.

I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin in aghaidh na ngníomhartha reachtacha sin dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis chun iad a ghlacadh.

Airteagal 9

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún.

PRÓTACAL (Uimh. 3)

AR REACHT CHÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus feidhmeoidh sí de réir fhorálacha na gConarthaí, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus an Reachta seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn, os comhair na Cúirte Breithiúnais, ina suí di i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnófar imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh infheidhme ar Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sna míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad bheith ag gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, díolúine d'eisceacht.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt Bhreithiúnais. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éireoidh Breitheamh as oifig, díreofar a litir ag éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d'aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin. Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine lena mbaineann, tabharfaidh an Chúirt breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte breith na Cúirte in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breithe ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRÚ NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 9

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar ceithre Bhreitheamh déag agus trí Bhreitheamh déag díobh gach re seach.

Nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana, athrófar ceathrar Abhcóidí Ginearálta ar gach ócáid.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Féadfar a cheangal ar Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhaíonn mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is í an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a cheapfaidh iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnta.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais eagar dlísheomraí de thriúr agus de chúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile arna gceapadh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Suífidh an Chúirt mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt mar chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal 228(2), Airteagal 245(2), Airteagal 247 nó Airteagal 286(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gcúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte Breithiúnais bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá naonúr Breithiúna ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá cúig Bhreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó comhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt Bhreithiúnais aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte Breithiúnais; féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais ina dhá chuid: i scríbhinn agus ó bhéal.

Is éard é an nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cháis, cosaintí agus tuairimí, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig institiúidí de chuid an Aontais a bhfuil a gcinntí faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an tuarascáil a léamh a thíolaic Breitheamh ag gníomhú dó mar Rapóirtéir, an Chúirt d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin, má bhíonn ann, finnéithe agus saineolaithe a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte Breithiúnais trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is cuí sin, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, de réir an Airteagail sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a bhunú.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más gníomh a ghlac an dá institiúid sin go comhpháirteach a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte.

Airteagal 23a [*]

Féadfar a fhoráil leis na Rialacha Nós Imeachta do nós imeachta brostaithe agus, i gcás tarchur chun réamhrialú a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, do nós imeachta práinne.

Féadfar a fhoráil leis na nósanna imeachta sin, maidir le ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh, do thréimhse is giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 23, agus, de mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfar a fhoráil leo go gcinnfear an cás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Chomh maith leis sin, féadfar a fhoráil leis an nós imeachta práinne do shrianadh a dhéanamh ar na páirtithe agus ar na daoine leasmhara eile a luaitear in Airteagal 23, a n-údaraítear dóibh ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh agus, i gcásanna deargphráinne, féadfar a fhoráil go bhfágfaí céim scríbhinne an nós imeachta ar lár.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt Bhreithiúnais is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt a cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí, ar na hoifigí agus ar na gníomhaireachtaí nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile ar bith is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena fheidhmiú go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is cuí sin, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt Bhreithiúnais a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte Breithiúnais ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt Bhreithiúnais na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 278 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Mura féidir don Uachtarán bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a ionad faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Bhreithiúnais.

Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh le cinneadh leis na rialacha nós imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó réim bhreithiúnais, forléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid an Aontais a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Cinnfear leis na rialacha nós imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid an Aontais. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair is cuí sin.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.

TEIDEAL IV

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA

Airteagal 47

Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír, ag an gceathrú mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus maidir lena comhaltaí.

Beidh feidhm mutatatis mutandis ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 48

Seacht mBreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Ghinearálta.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Ginearálta cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, chun cuidiú leis an gCúirt Ghinearálta i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna rialacha nós imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas:

- cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

- gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialacháin ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

- gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Ginearálta síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Ghinearálta ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta faoi údarás Uachtarán na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Féadfar maolú sna rialacha nós imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta; mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais; mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Ginearálta, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Ginearálta, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta.

Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid an Aontais an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Ghinearálta dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí lena mbaineann agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí an Aontais fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit nó institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Ginearálta go díreach leo.

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreithe de chuid na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach amháin le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid na Cúirte Ginearálta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal 280 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfaidh breitheanna na Cúirte Ginearálta á dhearbhú rialachán a bheith ar neamhní éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an rialacháin neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Ghinearálta an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Ghinearálta.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Ginearálta, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Ginearálta difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n-eascraíonn toradh na n imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Ginearálta, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Ghinearálta.

TEIDEAL IVa

CÚIRTEANNA SPEISIALAITHE

Airteagal 62c

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na gcúirteanna speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur chun feidhme agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Leagfar síos le rialachán ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh na socruithe teanga is infheidhme i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Glacfar an rialachán sin ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais agus le Parlaimint na hEorpa.

Go dtí go nglacfar na rialacha sin, leanfaidh na forálacha i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a rialaíonn socruithe teanga d'fheidhm a bheith acu. De mhaolú ar Airteagail 253 agus 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní fhéadfar na forálacha sin a leasú ná a aisghairm ach amháin le toiliú d'aon toil ón gComhairle.

IARSCRÍBHINN

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "Binse na Seirbhíse Sibhialta" anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

Airteagal 3

1. Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2. Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCúirt Bhreithiúnais, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3. Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4. Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1. Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2. Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3. Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4. Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1. Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Ginearálta, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Ghinearálta a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2. Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1. Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2. Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Ginearálta maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3. Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4. Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5. Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1. Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta.

2. Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Ghinearálta ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Ginearálta. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Ghinearálta go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3. Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Ghinearálta.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1. Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne aon bhreithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3. Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an mBinse.

2. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1. Gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2. Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1. Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Ghinearálta breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2. Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Ginearálta maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

PRÓTACAL (Uimh. 4)

MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 129 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL I

AN CÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

Airteagal 1

An Córas Eorpach Banc Ceannais

I gcomhréir le hAirteagal 282(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Comhdhéanfar an tEurochóras den BCE agus de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Comhlíonfaidh an CEBC agus an BCE a gcúraimí agus cuirfidh siad i gcrích a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta seo.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ CEBC

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le hAirteagal 127(1) agus le hAirteagal 282(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh de chuspóir príomhúil ag CEBC cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh sé leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 119 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á n-urramú aige.

Airteagal 3

Cúraimí

3.1. I gcomhréir le hAirteagal 127(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

- beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

- oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 219 den Chonradh sin a sheoladh;

- cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- oibriú rianúil córais íocaíochta a chur ar aghaidh.

3.2. I gcomhréir le hAirteagal 127(3) den Chonradh sin, beidh an tríú fleasc d'Airteagal 3.1 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

3.3. I gcomhréir le hAirteagal 127(5) den Chonradh sin, rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 4

Feidhmeanna comhairleacha

I gcomhréir le hAirteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

(a) i dtaca leis an BCE:

- rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

- faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle le BCE maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta;

(b) féadfaidh sé tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí Aontais nó na n-údarás náisiúnta.

Airteagal 5

Faisnéis staidrimh a bhailiú

5.1. D'fhonn cúraimí CEBC a ghlacadh ar láimh, baileoidh BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh is gá ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó na gníomhairí eacnamaíocha. Chuige sin, comhoibreoidh sé le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le hoifigí nó le gníomhaireachtaí Aontais, leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.2. Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, a mhéad is féidir, na cúraimí atá tuairiscithe in Airteagal 5.1.

5.3. Rannchuideoidh BCE le comhchuibhiú, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna raonta faoina réimsí inniúlachta.

5.4. Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí maidir le tuairisciú, an córas rúndachta agus na forálacha iomchuí um fhorghníomhú a shainiú.

Airteagal 6

Comhar idirnáisiúnta

6.1. I réimse an chomhair idirnáisiúnta maidir leis na cúraimí a chuirtear ar CEBC, cinnfidh BCE cad é mar a dhéanfar CEBC a ionadú.

6.2. Féadfaidh BCE agus, faoi réir a cheadaithe, na bainc cheannais náisiúnta a bheith rannpháirteach in institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta.

6.3. Beidh forálacha Airteagail 6.1 agus 6.2 gan dochar d'fhorálacha Airteagal 138 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN CEBC

Airteagal 7

Neamhspleáchas

I gcomhréir le hAirteagal 130 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sna Conarthaí agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh BCE ná banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BCE nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 8

Prionsabal ginearálta

Is iad comhlachtaí cinnteoireachta BCE a rialóidh CEBC.

Airteagal 9

An Banc Ceannais Eorpach

9.1. Beidh ag BCE, i gcomhréir le hAirteagal 282(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh pearsantacht dhlítheanach, agus beidh aige i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlí; féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

9.2. Áiritheoidh BCE go ndéanfar na cúraimí atá curtha ar CEBC faoi Airteagal 127(2), (3) agus (5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme trína ghníomhaíochtaí féin de bhun an Reachta seo nó trí na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagail 12.1 agus 14.

9.3. I gcomhréir le hAirteagal 129(1) den Chonradh sin, is iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin comhlachtaí cinnteoireachta BCE.

Airteagal 10

An Chomhairle Rialaithe

10.1. I gcomhréir le hAirteagal 283(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ar an gComhairle Rialaithe comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin agus Gobharnóirí banc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

10.2. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Rialaithe. Amhail ón dáta ar mó líon chomhaltaí na Comhairle Rialaithe ná 21, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus is ag 15 de líon na ngobharnóirí a bheidh ceart vótála. Déanfar na cearta vótála sin a shannadh de réir na huainíochta seo a leanas:

- amhail ón dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 15, go dtí go sroicheann sé 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar dhá ghrúpa de réir an chéimnithe atá ag méid scair Bhallstát a mbainc ceannais náisiúnta san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhardaithe comhiomlán institiúidí airgeadais airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sannfar ualú 5/6 agus 1/6 faoi seach do na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus beidh na gobharnóirí eile sa dara grúpa. Ní bheidh minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa chéad ghrúpa níos ísle ná minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa dara grúpa. Faoi réir na habairte sin roimhe seo, déanfar ceithre cheart vótála a shannadh don chéad ghrúpa agus aon cheart vótála déag a shannadh don dara grúpa;

- amhail ón dáta a shroichfidh líon na ngobharnóirí 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar thrí ghrúpa de réir an céimnithe atá bunaithe ar na critéir thuas. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus sannfar ceithre cheart vótála dó. Beidh leath an líon iomlán gobharnóirí sa dara grúpa, agus aon chodán á chothromú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, agus sannfar ocht gceart vótála don ghrúpa sin. Beidh na gobharnóirí eile sa tríú grúpa agus sannfar trí cheart vótála dó;

- laistigh de gach grúpa, beidh a gcearta vótála ag na gobharnóirí go ceann tréimhsí comhionanna;

- chun na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 29.2. Déanfar lánchlár comhardaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcreat staidrimh a bhfuil feidhm aige san Aontas Eorpach tráth an ríomha;

- aon uair a dhéantar an olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29.3, nó aon uair a thagann méadú ar líon na ngobharnóirí, déanfar líon agus/nó comhdhéanamh na ngrúpaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail thuas;

- déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, gach beart a ghlacadh is gá chun na prionsabail thuas a chur chun feidhme agus féadfaidh sí a chinneadh tús an chórais uainíochta a chur ar athló go dtí an dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 18.

Ní mór an ceart vótála a fheidhmiú go pearsanta. De mhaolú ar an riail sin, féadfar a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3 go bhféadfaidh comhaltaí den Chomhairle Rialaithe vótáil trí bhíthin teileachomhdhála. Forálfar freisin sna rialacha sin go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle Rialaithe nach féidir dó ar feadh tréimhse fada freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe malartach a cheapadh chun a ionad a ghabháil mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe.

Tá forálacha na míreanna sin roimhe seo gan dochar do chearta vótála chomhaltaí uile na Comhairle Rialaithe, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, Airteagail 10.3, 40.2 agus 40.3.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh an Chomhairle Rialaithe trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh.

Chun go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe vótáil, ní mór córam dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a bheith ann. Mura sroichfear an córam, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan aird ar an gcóram.

10.3. Chun go nglacfar cinntí de bhun Airteagail 28, 29, 30, 32 agus 33, déanfar na vótaí sa Chomhairle Rialaithe a ualú i gcomhréir le scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE. Is ionann agus nialas ualuithe vótaí chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin. Déanfar cinneadh ar gá tromlach cáilithe chuige a ghlacadh má fhaigheann sé líon vótaí ina fhabhar is ionannas ar a laghad le dhá thrian de chaipiteal suibscríofa BCE agus is ionannas ar a laghad le leath na scairshealbhóirí. Mura féidir le Gobharnóir bheith i láthair, féadfaidh sé malartach a ainmniú chun a vóta ualaithe a chaitheamh.

10.4. Beidh imeachtaí na gcruinnithe faoi rún. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe toradh a pléití a phoibliú.

10.5. Tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain.

Airteagal 11

An Bord Feidhmiúcháin

11.1. I gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Comhlíonfaidh na comhaltaí a gcuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh aon chomhalta le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh an Chomhairle Rialaithe díolúine go heisceachtúil dó.

11.2. I gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 283(2) den Chonradh sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

11.3. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin, go háirithe a dtuarastail, a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta eile i gconarthaí le BCE agus socróidh an Chomhairle Rialaithe iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle Rialaithe agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.

11.4. Mura gcomhallfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle Rialaithe nó ón mBord Feidhmiúcháin, é a scor go héigeantach.

11.5. Beidh ceart vótála ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i láthair go pearsanta agus chuige sin beidh vóta amháin aige. Mura bhforáiltear a mhalairt, gníomhóidh an Bord Feidhmiúcháin trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh. I gcás comhionannas vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh. Sonrófar na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3.

11.6. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as gnó reatha BCE.

11.7. Déanfar aon fholúntas a tharlóidh ar an mBord Feidhmiúcháin a líonadh trí chomhalta nua a cheapadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 11.2.

Airteagal 12

Freagrachtaí na gcomhlachtaí cinnteoireachta

12.1. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na treoirlínte agus na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar na cúraimí a chuireann na Conarthaí agus an Reacht seo ar CEBC. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos beartas airgeadaíochta an Aontais lena n-áirítear, más iomchuí, cinntí maidir le cuspóirí meánreatha airgeadaíochta, eochair-rátaí úis agus soláthar cúlchistí in CEBC agus cinnfidh sí na treoirlínte is gá lena gcur chun feidhme.

Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an beartas airgeadaíochta chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte agus na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe. Tabharfaidh sé lena linn sin na teagaisc riachtanacha do bhainc cheannais náisiúnta. Ina theannta sin, féadfar cumhachtaí áirithe a tharmligean chuige má chinneann an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.

A mhéad a mheastar is féidir agus is iomchuí agus gan dochar d'fhorálacha an Airteagail seo, rachaidh BCE ar iontaoibh na mbanc ceannais náisiúnta chun oibríochtaí is cuid de chúraimí CEBC a chur i gcrích.

12.2. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cruinnithe na Comhairle Rialaithe a ullmhú.

12.3. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha nós imeachta a chinnfidh eagrúchán inmheánach BCE agus a chuid comhlachtaí cinnteoireachta.

12.4. Is í an Chomhairle Rialaithe a fheidhmeoidh na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

12.5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 13

An tUachtarán

13.1. Is é an tUachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Rialaithe agus ar Bhord Feidhmiúcháin BCE.

13.2. Gan dochar d'Airteagal 38, is é an tUachtarán nó a ainmnitheach a ionadóidh do BCE.

Airteagal 14

Bainc cheannais náisiúnta

14.1. I gcomhréir le hAirteagal 131 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis na Conarthaí agus leis an Reacht seo.

14.2. Leagfaidh Reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta síos go háirithe nach lú ná cúig bliana téarma oifige Gobharnóir banc ceannais náisiúnta.

Ní fhéadfar a oifig a bhaint de Ghobharnóir ach amháin mura gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Féadfaidh an Gobharnóir i dtrácht nó an Chomhairle Rialaithe cinneadh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar shárú na gConarthaí nó aon riail dlí a bhaineann lena gcur chun feidhme. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an cinneadh, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

14.3. Is cuid dhílis de CEBC na bainc cheannais náisiúnta agus gníomhóidh siad i gcomhréir le treoirlínte agus teagaisc BCE. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun comhlíonadh threoirlínte agus theagaisc BCE a áirithiú agus éileoidh sí gach eolas riachtanach a thabhairt di.

14.4. Féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna seachas na feidhmeanna arna sonrú sa Reacht seo a chomhlíonadh mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus cúraimí CEBC. Comhlíonfar feidhmeanna den sórt sin ar fhreagracht agus dliteanas bainc cheannais náisiúnta agus ní mheasfar gur cuid d'fheidhmeanna CEBC iad.

Airteagal 15

Ceangaltais maidir le tuairisciú

15.1. Tarraingeoidh BCE suas agus foilseoidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí CEBC uair sa ráithe ar a laghad.

15.2. Foilseofar ráiteas comhdhlúite airgeadais CEBC in aghaidh na seachtaine.

15.3. I gcomhréir le hAirteagal 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, díreoidh BCE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin.

15.4. Cuirfear na tuarascálacha agus na ráitis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 16

Nótaí bainc

I gcomhréir le hAirteagal 128(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ag an gComhairle Rialaithe an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc in euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

Urramóidh BCE a mhéad is féidir cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus le dearadh nótaí bainc.

CAIBIDIL IV

FEIDHMEANNA AIRGEADAÍOCHTA AGUS OIBRÍOCHTAÍ CEBC

Airteagal 17

Cuntais le BCE agus leis na bainc cheannais náisiúnta

Chun a n-oibríochtaí a sheoladh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eagras poiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh agus sócmhainní, lena n-áirítear urrúis i gcuntais reatha, a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 18

Oibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa

18.1. Chun cuspóirí CEBC a ghnóthú agus a chúraimí a chur i gcrích, féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta:

- oibriú ar na margaí airgeadais, trí cheannach nó díol thar barr amach (spotbheart agus réamhdhéileáil) nó trí chomhaontú athcheannaigh, trí éilimh agus ionstraimí indíolta a thabhairt agus a fháil ar iasacht, bídís in euro nó in airgeadraí eile, maille le miotail lómhara;

- oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí.

18.2. Bunóidh BCE prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa a chuireann sé féin nó na bainc cheannais náisiúnta i gcrích; craolfaidh sé freisin na coinníollacha faoina mbeidh siad ullamh idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 19

Cúlchistí íosta

19.1. Faoi réir Airteagal 2, féadfaidh BCE a cheangal ar institiúidí creidmheasa arna mbunú i mBallstáit cúlchistí íosta a shealbhú ar cuntais le BCE agus le bainc cheannais náisiúnta chun cuspóirí beartas airgeadaíochta a shaothrú. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacháin a bhunú maidir le háireamh agus le cinneadh na gcúlchistí íosta is gá. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, beidh BCE i dteideal ús pionósach a thobhach agus smachtbhannaí eile a ghlacadh a bhfuil éifeacht inchomórtais leo.

19.2. D'fhonn an tAirteagal seo a chur chun feidhme, saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, an bunús le haghaidh cúlchistí íosta agus na cóimheasa uasta is incheadaithe idir na cúlchistí sin agus an bunús atá leo, mar aon le smachtbhannaí iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh.

Airteagal 20

Ionstraimí eile um rialú airgeadaíochta

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, dul ar iontaoibh pé modhanna oibríochtúla eile um rialú airgeadaíochta is cuí léi, agus Airteagal 2 á urramú aici.

Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, raon feidhme modhanna den sórt sin a shainiú má fhorchuireann siad oibleagáidí ar thríú páirtithe.

Airteagal 21

Oibríochtaí le heagrais phoiblí

21.1. I gcomhréir le hAirteagal 123 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toirmiscfear ar BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar BCE nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

21.2. Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta gníomhú amhail gníomhairí cánachais thar ceann na n-eagras dá dtagraítear in Airteagal 21.1.

21.3. Ní bheidh forálacha an Airteagail seo infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus BCE, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 22

Córais imréitigh agus íocaíochta

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtúla fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tríú tíortha.

Airteagal 23

Oibríochtaí seachtracha

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta:

- caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtríú tíortha agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

- gach saghas sócmhainní airgid eachtraigh agus miotal lómhar a fháil agus a dhíol trí spotbheart agus réamhdhéileáil; cuimseoidh an abairt "sócmhainn airgid eachtraigh" urrúis agus gach sócmhainn eile in airgeadra aon tíre nó in aonaid chuntais, is cuma cén fhoirm ina sealbhaítear iad;

- na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- gach saghas idirbheart baincéireachta a sheoladh i ndáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

Airteagal 24

Oibríochtaí eile

I dteannta le hoibríochtaí a eascraíonn óna gcúraimí, féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta oibríochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcríocha riarthacha nó ar mhaithe lena bhfoireann.

CAIBIDIL V

MAOIRSEACHT STUAMACHTA

Airteagal 25

Maoirseacht stuamachta

25.1. Féadfaidh BCE comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus le cur chun feidhme reachtaíocht Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

25.2. I gcomhréir le haon rialachán ón gComhairle faoi Airteagal 127(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh BCE cúraimí sonracha a chomhlíonadh i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS CEBC

Airteagal 26

Cuntais airgeadais

26.1. Tosóidh bliain airgeadais BCE agus bainc cheannais náisiúnta ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de Nollaig.

26.2. Tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas cuntais bhliantúla BCE i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe. Formheasfaidh an Chomhairle Rialaithe na cuntais agus foilseofar dá éis sin iad.

26.3. Ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus oibríochtúla, tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas clár comhardaithe comhdhlúite CEBC a chuimseoidh sócmhainní agus dliteanais sin na mbanc ceannais náisiúnta a thig faoi CEBC.

26.4. Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na rialacha is gá chun cuntasaíocht agus tuairisciú oibríochtaí a bheidh gafa ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta a chaighdeánú.

Airteagal 27

Iniúchóireacht

27.1. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna moladh ag an gComhairle Rialaithe agus arna gceadú ag an gComhairle cuntais BCE agus cuntais bhainc cheannais náisiúnta a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus bainc cheannais náisiúnta a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena n-idirbhearta.

27.2. Ní bheidh forálacha Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme ach amháin ar scrúdú maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE.

Airteagal 28

Caipiteal BCE

28.1. Beidh ag BCE caipiteal EURO 5000 milliún. Féadfar an caipiteal a mhéadú pé méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

28.2. Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a shuibscríobhfaidh agus a shealbhóidh caipiteal BCE. Déanfar an caipiteal a shuibscríobh de réir an scála arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29.

28.3. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, méid an chaipitil is iníoctha agus an fhoirm ina n-íocfar é.

28.4. Faoi réir Airteagal 28.5, ní fhéadfar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

28.5. Má choigeartaítear an scála dá dtagraítear in Airteagal 29, aistreoidh na bainc cheannais náisiúnta eatarthu féin scaireanna caipitil a mhéad is gá d'fhonn a áirithiú go bhfuil dáileadh na scaireanna caipitil sin i gcomhréir leis an scála coigeartaithe. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe téarmaí agus coinníollacha na n-aistrithe sin.

Airteagal 29

An scála le haghaidh shuibscríobh an chaipitil

29.1. Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE a socraíodh den chéad uair i 1998 nuair a bunaíodh CEBC a chinneadh trína shannadh do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim:

- 50 % de scair a Bhallstáit faoi seach i ndaonra an Aontais sa bhliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú;

- 50 % de scair a Bhallstáit faoi seach in olltáirgeacht intíre an Aontais de réir margadhphraghsanna mar a bheidh sí arna taifeadadh sna cúig bliana deiridh roimh an mbliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú.

Cothromófar na céatadáin suas nó síos don iolraí is gaire de 0.0001 pointe céatadáin.

29.2. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is gá do chur chun feidhme an Airteagail seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 41.

29.3. Déanfar na hualuithe arna sannadh do na bainc cheannais náisiúnta a choigeartú gach cúig bliana tar éis CEBC a bhunú de réir analaí leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 29.1. Beidh an scála coigeartaithe infheidhme ón gcéad lá den bhliain ina dhiaidh sin.

29.4. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 30

Cúlsócmhainní eachtracha a aistriú chuig BCE

30.1. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 28, cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta ar fáil do BCE cúlsócmhainní eachtracha seachas airgeadraí Ballstát, euroanna, riochtaí chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) nó cearta speisialta tarraingthe (CST), go feadh suim is ionann agus EURO 50000 milliún. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ar an gcionúireacht a bheidh le glaoch ag BCE ar mbunú dó ar chur chun feidhme an Reachta seo agus na suimeanna a ghlaofar níos déanaí. Beidh láncheart ag BCE na cúlchistí eachtracha a aistreofar chuige a shealbhú agus a bhainisteoireacht, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá leagtha amach sa Reacht seo.

30.2. Socrófar ranníocaíochtaí gach banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa BCE.

30.3. Cuirfidh BCE chun sochair gach banc ceannais náisiúnta éileamh is ionann agus a ranníocaíocht. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ainmníocht éileamh den sórt sin agus an íocaíocht ina leith.

30.4. Féadfaidh BCE cúlsócmhainní eachtracha breise a ghlaoch thar an teorainn atá socraithe in Airteagal 30.1, i gcomhréir le hAirteagal 30.2, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

30.5. Féadfaidh BCE suímh chúlchistí CAI agus CST a shealbhú agus a bhainisteoireacht agus socrú a dhéanamh le sócmhainní den sórt sin a chomhthiomsú.

30.6. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 31

Cúlsócmhainní eachtracha arna sealbhú ag bainc cheannais náisiúnta

31.1. Ceadófar do na bainc cheannais náisiúnta idirbhearta a chur i gcrích ar mhaithe lena n-oibleagáidí i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 23.

31.2. Gach oibríocht eile maidir leis na cúlsócmhainní eachtracha a bheidh fós sna bainc cheannais náisiúnta tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 30, agus idirbhearta Ballstát lena sócmhainní eachtracha de chuid iarmhéideanna oibre malairte eachtraí, beidh siad, os cionn teorann a bhunófar faoi chuimsiú Airteagal 31.3, faoi réir cheadú BCE d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhchuí le beartais ráta malairte agus airgeadaíochta an Aontais.

31.3. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos treoirlínte chun oibríochtaí den sórt sin a éascú.

Airteagal 32

Cionroinnt ioncam airgeadaíochta bainc cheannais náisiúnta

32.1. Déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh do na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh fheidhm bheartas airgeadaíochta CEBC (dá ngairtear "ioncam airgeadaíochta" anseo feasta) a chionroinnt ag deireadh gach bliain airgeadais i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

32.2. Is ionann méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta agus an t-ioncam bliantúil a dhíorthóidh ó na sócmhainní arna sealbhú in aghaidh nótaí bainc i gcúrsaíocht agus dliteanais taisce i leith institiúidí creidmheasa. Cuirfidh bainc cheannais náisiúnta na sócmhainní sin in áirithe i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe.

32.3. Más dóigh leis an gComhairle Rialaithe,, tar éis an euro a thabhairt isteach, nach féidir Airteagal 32.2 a chur chun feidhme toisc struchtúir chlár comhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, a chinneadh go ndéanfar, de mhaolú ar Airteagal 32.2, an t-ioncam airgeadaíochta a áireamh de réir modha mhalartaigh go ceann tréimhse nach mó ná cúig bliana.

32.4. Laghdófar méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta méid is ionann agus pé ús a bheidh íoctha ag an mbanc ceannais sin ar a chuid dliteanas taisce d'institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 19.

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh go slánófar bainc cheannais náisiúnta in aghaidh costas a bheidh tabhaithe acu i ndáil le heisiúint nótaí bainc nó, in imthosca eisceachtúla, ar chaillteanais shonracha a eascraíonn ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bheidh gafa ar láimh thar ceann CEBC. Beidh an slánú i bhfoirm a mheasfar is iomchuí de réir na Comhairle Rialaithe; féadfar na méideanna sin a fhritháireamh in aghaidh ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta.

32.5. Cionroinnfear suim ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta ar na bainc cheannais náisiúnta i gcoibhneas lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE, faoi réir aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe de bhun Airteagal 33.2.

32.6. Cuirfidh BCE i gcrích imréiteach agus socrú na n-iarmhéideanna a thig as cionroinnt an ioncaim airgeadaíochta i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe.

32.7. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 33

Brabúis ghlana agus caillteanais ghlana BCE a chionroinnt

33.1. Aistreofar brabús glan BCE san ord seo a leanas:

(a) déanfar méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe nach bhféadfaidh bheith níos mó ná 20 % den bhrabús glan a aistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100 % den chaipiteal;

(b) déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcoibhneas lena scaireanna íoctha.

33.2. I gcás BCE caillteanas a thabhú, féadfar an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna arna gcionroinnt ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 agus gona bhfeadh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 34

Gníomhartha dlí

34.1. I gcomhréir le hAirteagal 132 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh BCE:

- rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 41;

- cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo a chomhlíonadh;

- moltaí agus tuairimí a thabhairt.

34.2. Féadfaidh BCE a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

34.3. Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, beidh BCE i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

Airteagal 35

Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara

35.1. Féadfar gníomhartha nó neamhghníomhartha BCE a athbhreithniú agus a léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí. Féadfaidh BCE imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

35.2. Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir BCE, ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

35.3. Beidh BCE faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh na bainc cheannais náisiúnta faoi dhliteanas de réir a ndlíthe náisiúnta faoi seach.

35.4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá in aon chonradh arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach a thugann BCE i gcrích nó a thugtar i gcrích thar a cheann.

35.5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh cinneadh ó BCE maidir le caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

35.6. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le banc ceannais náisiúnta a chuid oibleagáidí a chomhall faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo. Má mheasann BCE go bhfuil mainnithe ag banc ceannais náisiúnta oibleagáid a chomhall faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ar an ábhar tar éis deis a thabhairt don bhanc ceannais náisiúnta i dtrácht a chuid barúlacha a thíolacadh. Mura ngéillfidh an banc ceannais náisiúnta don tuairim laistigh den tréimhse atá leagtha síos ag BCE, féadfaidh BCE an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Foireann

36.1. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos, ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin, coinníollacha fostaíochta fhoireann BCE.

36.2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir BCE agus a sheirbhísigh faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha síos sna coinníollacha fostaíochta.

Airteagal 37 (sean-Airteagal 38)

Rúndacht ghairmiúil

37.1. Beidh de cheangal ar chomhaltaí chomhlachtaí rialaithe BCE agus ar fhoireann BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

37.2. Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach reachtaíocht Aontais a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir reachtaíocht den sórt sin.

Airteagal 38 (sean-Airteagal 39)

Sínitheoirí

Cuirfear BCE faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag dhá chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin nó ag síniú dhá chomhalta d'fhoireann BCE arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann BCE.

Airteagal 39 (sean-Airteagal 40)

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh ag BCE ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL VIII

LEASÚ AN REACHTA AGUS REACHTAÍOCHT FHORLÍONTACH

Airteagal 40 (sean-Airteagal 41)

Nós imeachta leasaithe simplithe

40.1. I gcomhréir le hAirteagal 129(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 den Reacht seo a leasú.

40.2. Féadfar Airteagal 10.2 a leasú le cinneadh ón gComhairle Eorpach ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Ní thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

40.3. Is gá cinneadh d'aon toil ón gComhairle Rialaithe chun BCE a dhéanamh moladh faoin Airteagal seo.

Airteagal 41 (sean-Airteagal 42)

Reachtaíocht fhorlíontach

I gcomhréir le hAirteagal 129(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 den Reacht seo a ghlacadh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS EILE DO CEBC

Airteagal 42 (sean-Airteagal 43)

Forálacha ginearálta

42.1. Béarfaidh maolú dá dtagraítear in Airteagal 139 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach dtabharfaidh na hAirteagail seo a leanas den Reacht seo aon chearta don Bhallstát i dtrácht ná nach bhforchuirfidh siad aon oibleagáidí air: 3, 6, 9.2, 12.1, 14.3, 16, 18, 19, 20, 22, 23, 26.2, 27, 30, 31, 32, 33, 34 agus 49.

42.2. Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú mar atá sonraithe in Airteagal 139 den Chonradh sin acu a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.

42.3. I gcomhréir le hAirteagal 139 den Chonradh sin, tuigfear gur Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu "Ballstáit" sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 3, 11.2 agus 19.

42.4. Tuigfear gur bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu "bainc cheannais náisiúnta" sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 9.2, 10.2, 10.3, 12.1, 16, 17, 18, 22, 23, 27, 30, 31, 32, 33.2 agus 49.

42.5. Tuigfear gur bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu "scairshealbhóirí" in Airteagail 10.3 agus 33.1.

42.6. Tuigfear gur caipiteal BCE arna shuibscríobh ag bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu "caipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh" in Airteagail 10.3 agus 30.2.

Airteagal 43 (sean-Airteagal 44)

Cúraimí idirthréimhseacha BCE

Gabhfaidh BCE chuige na cúraimí sin de IEA dá dtagraítear in Airteagal 141(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach foláir, de bhun maoluithe Ballstáit amháin nó níos mó, a chomhlíonadh fós tar éis an euro a thabhairt isteach.

Tabharfaidh an BCE comhairle in ullmhúcháin aisghairm na maoluithe atá sonraithe in Airteagal 140 den Chonradh sin.

Airteagal 44 (sean-Airteagal 45)

Comhairle Ghinearálta BCE

44.1. Gan dochar d'Airteagal 129(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tionscnófar an Chomhairle Ghinearálta mar thríú comhlacht cinnteoireachta BCE.

44.2. Beidh ar an gComhairle Ghinearálta Uachtarán agus Leasuachtarán BCE agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Féadfaidh comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

44.3. Tá freagrachtaí na Comhairle Ginearálta ina n-iomláine liostaithe in Airteagal 46.

Airteagal 45 (sean-Airteagal 46)

Rialacha nós imeachta na Comhairle Ginearálta

45.1. An tUachtarán nó, mura féidir dó bheith i láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Ghinearálta BCE.

45.2. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

45.3. Ullmhóidh an tUachtarán cruinnithe na Comhairle Ginearálta.

45.4. De mhaolú ar Airteagal 12.3, glacfaidh an Chomhairle Ghinearálta a rialacha nós imeachta.

45.5. Soláthróidh BCE rúnaíocht na Comhairle Ginearálta.

Airteagal 46 (sean-Airteagal 47)

Freagrachtaí na Comhairle Ginearálta

46.1. Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta:

- na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 a chomhlíonadh;

- rannchuidiú leis na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus 25.1.

46.2. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta le:

- bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5;

- gníomhaíochtaí BCE maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15;

- bunú na rialacha is gá chun Airteagal 26 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 26.4;

- glacadh gach beart eile is gá chun Airteagal 29 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 29.4;

- leagan síos choinníollacha fostaíochta fhoireann BCE dá dtagraítear in Airteagal 36.

46.3. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát a bhfuil maolú acu a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro, dá dtagraítear in Airteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

46.4. Cuirfidh Uachtarán BCE an Chomhairle Ghinearálta ar an eolas faoi chinntí na Comhairle Rialaithe.

Airteagal 47 (sean-Airteagal 48)

Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal BCE

I gcomhréir le hAirteagal 29.1, sannfar ualú sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE do gach banc ceannais náisiúnta. De mhaolú ar Airteagal 28.3, ní íocfaidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú acu a gcaipiteal suibscríofa mura gcinneann an Chomhairle Ghinearálta, a ionadaíonn do dhá thrian ar a laghad de chaipiteal suibscríofa BCE agus leath na scairshealbhóirí ar a laghad, go gcaithfear céatadán íosta a íoc mar ranníocaíocht le haghaidh chostais oibríochtúla BCE.

Airteagal 48 (sean-Airteagal 49)

Íocaíocht iarchurtha chaipiteal, chúlchistí agus sholáthairtí BCE

48.1. Déanfaidh an banc ceannais Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe a scair shuibscríofa de chaipiteal BCE a íoc go feadh an méid a bheidh íoctha ag bainc cheannais eile na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus aistreoidh sé chuig BCE sócmhainní cúlchistí eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 30.1. Cinnfear an tsuim atá le haistriú tríd an euro-luach ag rátaí reatha malairte shócmhainní na gcúlchistí eachtracha a aistríodh cheana chuig BCE i gcomhréir le hAirteagal 30.1 a iolrú ar an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais náisiúnta eile.

48.2. I dteannta na híocaíochta a bheidh le déanamh i gcomhréir le 48.1, rannchuideoidh an banc ceannais i dtrácht le cúlchistí BCE, leis na soláthairtí sin is comhionann le cúlchistí, agus leis an méid a bheidh fós le leithghabháil leis na cúlchistí agus na soláthairtí i gcomhréir leis an gcomhardú sa chuntas brábúis agus caillteanais amhail ar an 31 Nollaig den bhliain roimh an maolú a aisghairm. Cinnfear an tsuim atá le rannchuidiú trí mhéid na gcúlchistí, mar atá sé sainithe thuas agus mar atá sé luaite i gclár comhardaithe formheasta BCE, a iolrú leis an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais eile.

48.3. Tráth tír amháin nó níos mó a theacht chun bheith ina mBallstáit agus a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach a theacht chun bheith ina gcuid de CEBC, méadófar go huathoibríoch caipiteal suibscríofa BCE agus an teorainn ar mhéid na sócmhainní cúlchistí eachtracha is féidir a aistriú chuig BCE. Cinnfear an méadú trí na méideanna faoi seach atá ann an tráth sin a iolrú ar an gcóimheas, laistigh den scála caipitil arna fhairsingiú, idir ualú na mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht atá ag teacht isteach agus ualú na mbanc ceannais náisiúnta is comhaltaí de CEBC cheana. Déanfar ualú gach banc ceannais náisiúnta sa scála caipitil a ríomh de réir analaí le hAirteagal 29.1 agus i gcomhlíonadh Airteagal 29.2. Beidh na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na sonraí staidrimh comhionann leis na tréimhsí tagartha arna gcur i bhfeidhm don choigeartú cúigbhliantúil is déanaí ar na hualuithe faoi Airteagal 29.3.

Airteagal 49 (sean-Airteagal 52)

Malartú nótaí bainc in airgeadraí na mBallstát

Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe, i gcomhréir le hAirteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc arna n-ainmniú in airgeadraí le rátaí malairte atá socraithe go neamh-inchúlghairthe a mhalartú ar a luachanna pair faoi seach.

Airteagal 50 (sean-Airteagal 53)

Infheidhmeacht na bhforálacha idirthréimhseacha

Má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu ann, beidh Airteagail 42 go 47 go huile infheidhme.

PRÓTACAL (Uimh.5)

AR REACHT AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Comhdhéantar leis seo an Banc Eorpach Infheistíochta a bunaíodh le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear an "Banc" anseo feasta); comhlíonfaidh sé a fheidhmeanna agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí de réir fhorálacha na gConarthaí agus an Reachta seo.

Airteagal 2

Sainítear le hAirteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an cúram a bheidh ar an mBanc.

Airteagal 3

I gcomhréir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iad na Ballstáit comhaltaí an Bhainc.

Airteagal 4

1. Is é is caipiteal don Bhanc 232392989000 EUR, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas:

An Ghearmáin | 37578019000 |

An Fhrainc | 37578019000 |

An Iodáil | 37578019000 |

An Ríocht Aontaithe | 37578019000 |

An Spáinn | 22546811500 |

An Bheilg | 10416365500 |

An Ísiltír | 10416365500 |

An tSualainn | 6910226000 |

An Danmhairg | 5274105000 |

An Ostair | 5170732500 |

An Pholainn | 4810160500 |

An Fhionlainn | 2970783000 |

An Ghréig | 2825416500 |

An Phortaingéil | 1820820000 |

Poblacht na Seice | 1774990500 |

An Ungáir | 1679222000 |

Éire | 1318525000 |

An Rómáin | 1217626000 |

An tSlóvaic | 604206500 |

An tSlóivéin | 560951500 |

An Bhulgáir | 410217500 |

An Liotuáin | 351981000 |

Lucsamburg | 263707500 |

An Chipir | 258583500 |

An Laitvia | 214805000 |

An Eastóin | 165882000 |

Málta | 98429500 |

Ní bheidh na Ballstáit faoi dhliteanas ach amháin go feadh méid a scaire den chaipiteal a suibscríobhadh agus nár íocadh.

2. Má ligtear isteach comhalta nua bhéarfaidh sin méadú ar an gcaipiteal suibscríofa i gcomhréir lena dtabharfaidh an comhalta nua de chaipiteal isteach.

3. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh go méadófar an caipiteal suibscríofa.

4. Ní féidir scair chomhalta sa chaipiteal suibscríofa a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

Airteagal 5

1. Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 5 % ar mheán na méideanna a shonraítear in Airteagal 4(1).

2. I gcás méadú a theacht ar an gcaipiteal suibscríofa, socróidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, an céatadán a bheidh le híoc agus modh a íoctha. Déanfar na híocaíochtaí in airgead tirim go heisiach in euro.

3. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a cheangal go ndéanfar iarmhéid an chaipitil shuibscríofa a íoc, a mhéad is gá don Bhanc chun freastal dá oibleagáidí.

An íocaíocht a bheidh le déanamh amhlaidh ag gach Ballstát, beidh sí i gcomhréir lena scair den chaipiteal suibscríofa.

Airteagal 6

(sean-Airteagal 8)

Beidh an Banc á stiúradh agus á bhainistiú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta.

Airteagal 7

(sean-Airteagal 9)

1. Is iad a bheidh ar an mBord Gobharnóirí na hAirí a bheidh ceaptha ag na Ballstáit.

2. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go gcuirfear na treoracha sin i ngníomh.

3. Ina theannta sin déanfaidh an Bord Gobharnóirí mar a leanas:

(a) cinnfidh sé an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú de réir Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2);

(b) chun críocha Airteagal 9(1), cinnfidh sé na prionsabail is infheidhme ar na hoibríochtaí maoinithe a ghabhfar ar láimh faoi chuimsiú chúram an Bhainc;

(c) feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 11 maidir le comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí agus an Choiste Bainistíochta a cheapadh agus lena scor go héigeantach, mar aon leis na cumhachtaí a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 11(1);

(d) glacfaidh sé cinntí maidir le maoiniú a dheonú le haghaidh oibríochtaí infheistíochta atá le cur i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(e) formheasfaidh sé tuarascáil bhliantúil an Bhord Stiúrthóirí;

(f) formheasfaidh sé an clár comhardaithe bliantúil maille leis an gcuntas sochair agus dochair;

(g) feidhmeoidh sé na cumhachtaí agus na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Reacht seo;

(h) formheasfaidh sé rialacha nós imeachta an Bhainc.

4. Faoi chuimsiú an Chonartha agus an Reachta seo, beidh an Bord Gobharnóirí inniúil ar aon chinntí a ghlacadh, ag gníomhú dó d'aon toil, a bhaineann le fionraí oibríochtaí an Bhainc agus, dá dtarlódh sin, lena leachtú.

Airteagal 8

(sean-Airteagal 10)

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí cinntí. Ní mór an tromlach sin a bheith in ionannas le 50 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.

Is gá ocht vóta dhéag agus 68 % den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe.

Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí a ghlacadh.

Airteagal 9

(sean-Airteagal 11)

1. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí maidir le maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí, agus maidir le hiasachtaí a chruinniú; socróidh sé na rátaí úis ar iasachtaí a dheonófar agus an coimisiún agus muirir eile. Féadfaidh sé cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chuig an gCoiste Bainistíochta ar bhonn cinnidh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe. Cinnfidh sé na téarmaí agus na coinníollacha do tharmligean den sórt sin agus maoirseoidh sé a fhorghníomhú.

Féachfaidh an Bord Stiúrthóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta agus i gcomhréir leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos.

I ndeireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil faoi bhráid an Bhord Gobharnóirí agus foilseoidh sé í tar éis a formheasta.

2. Ocht stiúrthóir is fiche agus ocht stiúrthóir malartacha déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na Stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát, agus stiúrthóir amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na malartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana mar a thaispeántar thíos:

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach, ag Éirinn agus ag an Rómáin,

- beirt mhalartach arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hEastóine, ag Poblacht na Laitvia, ag Poblacht na Liotuáine, ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

- triúr malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Bulgáire, ag Poblacht na Seice, ag Poblacht na Cipire, ag Poblacht na hUngáire, ag Poblacht Mhálta, ag Poblacht na Polainne, ag Poblacht na Slóivéine agus ag Poblacht na Slóvaice,

- malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Comhthoghfaidh an Bord Stiúrthóirí seisear saineolaithe gan ceart vótála: triúr mar chomhaltaí agus triúr mar mhalartaigh

Féadfar ceapacháin na stiúrthóirí agus na malartach a athnuachan.

Leagfar síos leis na Rialacha Nós Imeachta na socruithe maidir le bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Bhord Stiúrthóirí agus na forálacha is infheidhme ar mhalartaigh agus ar shaineolaithe arna gcomhthoghadh.

Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine dá Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe den Bhord Stiúrthóirí, ach ní vótálfaidh sé.

Roghnófar comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí as daoine nach bhfuil a neamhspleáchas ná a n-inniúlacht inchurtha in amhras; ní bheidh siad freagrach ach amháin don Bhanc.

3. Ní fhéadfaidh an Bord Gobharnóirí stiúrthóir a scor go héigeantach ach amháin sa chás nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a dhualgais a dhéanamh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh; ní foláir don Bhord gníomhú trí thromlach cáilithe.

Mura dtugtar formheas ar an tuarascáil bhliantúil, éireoidh an Bord Stiúrthóirí as oifig.

4. Aon fholúntas a tharlóidh trí bhás comhalta, nó trína éirí as oifig dá dheoin féin, nó trína éirí as go héigeantach, nó trí chomhaltaí d'éirí as d'aon bhuíon, líonfar é de réir mhír 2 den Airteagal seo. Ach amháin i gcás an Bord Stiúrthóirí ar fad a athrú, gabhfar ionad comhalta go ceann a bhfuil fágtha dá théarma oifige.

5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí an luach saothair do chomhaltaí an Bhord Stiúrthóirí. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn le dualgais stiúrthóra nó mhalartaigh.

Airteagal 10

(sean-Airteagal 12)

1. Beidh vóta amháin ag gach stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí. Féadfaidh sé a vóta a tharmligean i ngach cás, ar an modh a leagfar sios le rialacha nós imeachta an Bhainc.

2. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach trian ar a laghad dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil agus iad in ionannas le caoga faoin gcéad ar a laghad den chaipiteal suibscríofa a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí. Do thromlach cáilithe is gá ocht vóta dhéag ina fhabhar agus seasca a hocht faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa. Leagfar síos i rialacha nós imeachta an Bhainc an córam is gá chun gur bailí iad cinntí an Bhord Stiúrthóirí.

Airteagal 11

(sean-Airteagal 13)

1. Beidh ar an gCoiste Bainistíochta Uachtarán agus ochtar Leas-Uachtarán arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí go ceann tréimhse sé bliana ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Féadfar na ceapacháin sin a athnuachan.

Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Bainistíochta a athrú.

2. Ar thogra ón mBord Stiúrthóirí arna ghlacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe freisin, comhalta den Choiste Bainistíochta a scor go héigeantach.

3. Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach i ngnóthaí reatha an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhord Stiúrthóirí.

Ullmhóidh sé cinntí an Bhord Stiúrthóirí, go háirithe cinntí i dtaobh iasachtaí a chruinniú agus i dtaobh iasachtaí agus maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí; féachfaidh sé chuige go gcuirfear na cinntí sin i ngníomh.

4. Gníomhóidh an Coiste Bainistíochta trí thromlach ag tabhairt tuairimí dó ar thograí chun iasachtaí a chruinniú nó maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí.

5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair comhaltaí an Choiste Bainistíochta agus leagfaidh síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn lena ndualgais.

6. Feidhmeoidh an tUachtarán nó, mura féidir dó é, Leas-Uachtarán, ar son an Bhainc in ábhair dhlíthiúla agus in ábhair eile.

7. Beidh foireann an Bhainc faoi údarás an Uachtaráin. Is é a fhostóidh agus a scoirfidh iad. Chun foireann a roghnú, cuirfear san áireamh ní hamháin cumas agus cáilíochtaí pearsanta ach ina theannta sin ionadaíocht chothromais náisiúnaigh na mBallstát. Cinnfear leis na Rialacha Nós Imeachta cad é an comhlacht is inniúil chun forálacha a bheidh infheidhme maidir leis an bhfoireann a ghlacadh.

8. Ní bheidh Coiste Bainistíochta agus foireann an Bhainc freagrach ach don Bhanc amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas.

Airteagal 12

(sean-Airteagal 14)

1. Déanfaidh Coiste ar a mbeidh sé chomhalta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí ar bhonn a n-inniúlachta, a fhíorú gach bliain go gcomhlíonann gníomhaíochtaí an Bhainc dea-chleachtas baincéireachta agus beidh sé freagrach as a chuntais a iniúchadh.

2. Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 a chinntiú gach bliain gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí. Chuige sin, fíoróidh sé go ndearnadh oibríochtaí an Bhainc a sheoladh ar cothrom leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Reacht seo agus leis na Rialacha Nós Imeachta.

3. Daingneoidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 go dtugann na ráitis airgeadais mar aon le gach faisnéis airgeadais eile dá bhfuil sna cuntais bhliantúla arna dtarraingt suas ag an mBord Stiúrthóirí léargas fíorcheart ar riocht airgeadais an Bhainc i dtaca lena shochair agus a dhochair, agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí agus a shreafaí airgid thirim don bhliain airgeadais faoi bhreithniú.

4. Sonrófar leis na Rialacha Nós Imeachta na cáilíochtaí atá riachtanach do chomhaltaí an Choiste agus leagfaidh sé síos na téarmaí agus na coinníollacha do ghníomhaíocht an Choiste dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 13

(sean-Airteagal 15)

Déileálfaidh an Banc le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh ceaptha ag an Stát sin. Ag seoladh a oibríochtaí airgeadais dó, rachaidh an Banc ar iontaoibh bhanc ceannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist nó institiúidí eile airgeadais a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 14

(sean-Airteagal 16)

1. Comhoibreoidh an Banc le gach eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimeanna cosúil lena chuid féin.

2. Féachfaidh an Banc le comhtheagmhálacha cuí a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú le hinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais sna tíortha a sroicheann a oibríochtaí chucu.

Airteagal 15

(sean-Airteagal 17)

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, nó uaidh féin, déanfaidh an Bord Gobharnóirí, de réir na gcoinníollacha céanna a bhain lena nglacadh, na treoracha a bheidh leagtha síos aige faoi Airteagal 7 den Reacht seo a léiriú nó a fhorlíonadh.

Airteagal 16

(sean-Airteagal 18)

1. Faoi chuimsiú an chúraim atá leagtha amach in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, deonóidh an Banc maoiniú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí dá chomhaltaí nó do ghnóthais phríobháideacha nó phoiblí le haghaidh infheistíochtaí a bheidh le cur in éifeacht i gcríocha Ballstát, sa mhéid nach bhfuil cistí le fáil ó fhoinsí eile ar théarmaí réasúnta.

Ach trí chinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, féadfaidh an Banc maoiniú a dheonú le haghaidh infheistíochtaí a bheidh le cur in éifeacht, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha Ballstát.

2. Chomh fada agus is féidir, ní dheonófar iasachtaí ach ar an gcoinníoll go n-úsáidfear foinsí eile airgeadais freisin.

3. Nuair a bheidh iasacht á deonú aige do ghnóthas nó do chomhlacht seachas Ballstát, cuirfidh an Banc de choinníoll leis an iasacht sin go bhfaighfear ráthaíocht ón mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht nó go bhfaighfear ráthaíochtaí leormhaithe eile nó go mbeidh láidreacht airgeadais ag an bhféichiúnaí.

Fairis sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, téarmaí agus coinníollacha aon oibríochta um maoiniú a bhfuil próifíl riosca shonrach ag gabháil léi agus a mheastar mar sin mar ghníomhaíocht speisialta.

4. Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú a thógfaidh gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó a thógfaidh comhlachtaí eile chun tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal 309 de na Conarthaí a chur in éifeacht.

5. An méid comhiomlán a bheidh amuigh tráth ar bith d'iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc, ní mó é ná 250 % dá chaipiteal suibscríofa, dá chúlchistí, dá sholáthairtí neamhchionroinnte agus den bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais. Laghdófar an méid comhiomlán sin méid is ionann agus an méid atá suibscríofa, bíodh nó ná bíodh sé íoctha isteach, i gcomhair aon rannpháirtíochta cothromais de chuid an Bhainc.

Méid na rannpháirtíochtaí cothromais de chuid an Bhainc atá íoctha amach, ní mó é tráth ar bith ná méid is comhfhreagrach le hiomlán a chaipitil shuibscríofa atá íoctha isteach, a chúlchistí, a sholáthairtí neamhchionroinnte agus a bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais.

Mar eisceacht, beidh ag gníomhaíochtaí speisialta an Bhainc, arna gcinneadh ag an mBord Gobharnóirí agus ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le mír 3, cionroinnt shonrach cúlchiste.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cuntais chomhdhlúite an Bhainc.

6. Cosnóidh an Banc é féin in aghaidh fiontar malairte trí cibé clásail is cuí leis a chur isteach i gconarthaí le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí.

Airteagal 17

(sean-Airteagal 19)

1. Déanfar na rátaí úis ar iasachtaí ón mBanc agus coimisiún agus muirir eile a oiriúnú do na coinníollacha atá i dtreis ar mhargadh an chaipitil agus iad a ríomh ar dhóigh go gcuirfidh an t-ioncam astu ar chumas an Bhainc freastal dá oibleagáidí, a chaiteachais agus a rioscaí a ghlanadh agus cúlchiste a thiomargadh mar a fhoráiltear in Airteagal 22.

2. Ní dheonóidh an Banc aon laghdú ar rátaí úis. I gcás inar cosúil gur mhaith an rud é an t-ús a laghdú mar gheall ar an saghas infheistíochta atá le maoiniú, féadfaidh an Ballstát atá i gceist nó gníomhaireacht éigin eile cabhair a thabhairt chun íoctha an úis, sa mhéid go luífidh sin le hAirteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 18

(sean-Airteagal 20)

Ina oibríochtaí i ndáil le maoiniú, urramóidh an Banc na prionsabail seo a leanas:

1. Féachfaidh sé chuige go n-úsáidfear a chistí ar an gcuma is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Aontais.

Ní fhéadfaidh sé iasachtaí ná ráthaíochtaí a thabhairt ach amháin:

(a) más rud é, i gcás infheistíochtaí atá á gcur in éifeacht ag gnóthais in earnáil an táirgthe, go bhfuil íocaíochtaí in aghaidh úis agus amúchta á gcumhdach as brabúis oibriúcháin nó, i gcás infheistíochtaí eile, trí oibleagáidí faoina ndeachaigh an Stát a bhfuil an infheistíocht á cur in éifeacht ann nó ar mhodh éigin eile; agus

(b) más rud é go gcuidíonn feidhmiú na hinfheistíochta le méadú ar an táirgiúlacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go gcuireann sé gnóthú an mhargaidh inmheánaigh ar aghaidh.

2. Ní cead dó aon leas a fháil i ngnóthas ná aon fhreagracht a ghlacadh ina bhainistíocht, mura gá sin le go gcosnófaí cearta an Bhainc chun a áirithiú go bhfaighfear ar ais cistí a tugadh ar iasacht.

Ar a shon sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na hoibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht cothromais a ghlacadh i ngnóthas tráchtála, de ghnáth mar chomhlánú ar iasacht nó ar ráthaíocht, a mhéid is gá sin chun infheistíocht nó clár a mhaoiniú.

3. Féadfaidh sé a chuid éileamh a dhíol ar an margadh caipitil agus, chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar a fhéichiúnaithe bannaí nó urrúis eile a eisiúint.

4. Ní fhorchuirfidh an Banc ná na Ballstáit coinníollacha á cheangal cistí a fuarthas ar iasacht ón mBanc a chaitheamh i gcríoch Bhallstáit shonraithe.

5. Féadfaidh an Banc é a chur de choinníoll le hiasachtaí uaidh go ndéanfar socrú le haghaidh iarraidh idirnáisiúnta ar thairiscintí.

6. Ní mhaoineoidh an Banc, go hiomlán ná go páirteach, aon infheistíocht a bhfuil cur ina choinne ag an mBallstát ar ina chríoch atá sí le cur in éifeacht.

7. Mar chomhlánú ar a ghníomhaíocht um iasachtú, féadfaidh an Banc seirbhísí cabhrach teicniúla a chur ar fáil i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, agus i gcomhlíonadh an Reachta seo.

Airteagal 19

(sean-Airteagal 21)

1. Féadfaidh aon ghnóthas, nó aon eagras poiblí nó príobháideach, iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh go díreach chun an Bhainc. Féadfar iarratais a dhéanamh freisin tríd an gCoimisiún nó tríd an mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht.

2. Iarratais a dhéanfar tríd an gCoimisiún, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht, d'fhonn tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfar trí Bhallstát, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfaidh gnóthas go díreach, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a dtuairimí laistigh de dhá mhí. Mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, féadfaidh an Banc glacadh leis nach bhfuil aon chur i gcoinne an tionscadail.

3. Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí rialú ar oibríochtaí maoinithe a chuirfidh an Coiste Bainistíochta faoina bhráid.

4. Scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hoibríochtaí maoinithe a cuireadh faoina bhráid féachaint an gcomhlíonann siad forálacha an Reachta seo, go háirithe Airteagail 16 agus 18. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta i bhfabhar na hoibríochta maoinithe, cuirfidh sé an togra comhfhreagrach faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí. Féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is fíor-riachtanach leis a chur lena thuairim fhabhrach. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta in aghaidh an maoiniú a dheonú, cuirfidh sé na doiciméid iomchuí faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí mar aon lena thuairim.

5. Má thugann an Coiste Bainistíochta tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil.

6. Má thugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil, gan an stiúrthóir a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a bheith páirteach sa vótáil.

7. Má thugann an Coiste Bainistíochta agus an Coimisiún araon tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú a dheonú.

8. Más gá oibríocht maoinithe a bhaineann le hinfheistíocht fhormheasta a athstruchtúrú chun cearta agus leasanna an Bhainc a chosaint, glacfaidh an Coiste Bainistíochta gan mhoill na bearta éigeandála a mheasann sé is gá, faoi réir an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoi láithreach.

Airteagal 20

(sean-Airteagal 22)

1. Gheobhaidh an Banc ar iasacht ar na margaí caipitil na cistí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh an Banc iasachtaí a fháil ar mhargaí caipitil na mBallstát, de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhaineann leis na margaí sin.

Ní fhéadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a bhfuil maolú aige de réir bhrí Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cur ina choinne sin ach amháin nuair is baolach suaitheadh tromchúiseach a theacht ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

Airteagal 21

(sean-Airteagal 23)

1. Féadfaidh an Banc aon chistí dá chuid atá ar fáil agus nach bhfuil de dhíth air láithreach chun freastal dá oibleagáidí a úsáid mar a leanas:

(a) féadfaidh sé infheistiú ar na margaí airgid;

(b) féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha Airteagal 18(2), urrúis a cheannach agus a dhíol;

(c) féadfaidh sé aon oibríochtaí eile airgeadais a bhfuil baint acu lena chuspóirí a dhéanamh.

2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 23, ní dhéanfaidh an Banc, ag bainistí a infheistíochtaí dó, páirt a ghabháil in aon airbeatráiste airgid reatha nach gá go díreach chun a oibríochtaí iasachtúcháin a dhéanamh nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a d'éirigh as iasachtaí a thóg sé nó as ráthaíochtaí a thug sé.

3. Sna réimeanna atá faoi thrácht san Airteagal seo, gníomhóidh an Banc i gcomhaontacht le húdaráis inniúla nó le banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist.

Airteagal 22

(sean-Airteagal 24)

1. Déanfar cúlchiste go feadh 10 % den chaipiteal suibscríofa a thiomargadh go comhleanúnach. Má bhíonn call leis mar gheall ar an staid ina bhfuil dliteanais an Bhainc, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh ar chúlchistí breise a chur ar bun. Go dtí go mbeidh an cúlchiste tiomargtha go hiomlán, cothófar é:

(a) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as suimeanna is iníoctha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5,

(b) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as cistí a fuarthas de thoradh aisíoc na n-iasachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (a),

sa mhéid nach bhfuil an t-ioncam sin ag teastáil faoi chomhair oibleagáidí an Bhainc nó chun a chaiteachais a íoc.

2. Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú ar dhóigh go mbeidh siad ar fáil tráth ar bith faoi chomhair chuspóir an chiste.

Airteagal 23

(sean-Airteagal 25)

1. Beidh teideal ag an mBanc gach tráth a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a aistriú isteach chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích a fhreagraíonn don chúram atá leagtha amach in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ag cur forálacha Airteagal 21 den Reacht seo san áireamh. Seachnóidh an Banc, oiread agus is féidir, aistriú dá leithéid sin, má bhíonn airgead tirim nó sócmhainní leachtacha aige san airgead reatha atá ag teastáil.

2. Ní fhéadfaidh an Banc a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a shóinseáil go hairgead reatha tríú tír, gan chomhaontú an Bhallstáit sin.

3. Féadfaidh an Banc úsáid a dhéanamh gan bhac den chuid sin dá chaipiteal atá íoctha, agus d'aon airgead reatha a fuarthas ar iasacht ar mhargaí lasmuigh den Aontas.

4. Gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad ar fáil d'fhéichiúnaithe an Bhainc an t-airgead reatha is gá chun aisíoctha an chaipitil agus chun íoctha an úis ar iasachtaí nó an choimisiúin ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBanc le haghaidh infheistíochtaí atá le cur in éifeacht ina gcríoch.

Airteagal 24

(sean-Airteagal 26)

Mura bhfreastalóidh Ballstát dá oibleagáidí mar chomhalta de dhroim an Reachta seo, agus go háirithe an oibleagáid chun a scair den chaipiteal suibscríofa a íoc nó na hiasachtaí a fuair sé a sheirbhísiú, féadfar deonú iasachtaí nó ráthaíochtaí don Bhallstát sin nó dá náisiúnaigh a fhionraí le cinneadh ón mBord Gobharnóirí.

Ní shaorfaidh an cinneadh sin an Stát ná a náisiúnaigh óna n-oibleagáidí i leith an Bhainc.

Airteagal 25

(sean-Airteagal 27)

1. Má chinneann an Bord Gobharnóirí oibríochtaí an Bhainc a fhionraí, stadfaidh a ghníomhaíochtaí uile láithreach, ach amháin na cinn is gá chun a áirithiú go ndéanfar a shócmhainní a réadú, a chosaint agus a chaomhnú agus a dhliteanais a shocrú mar is cuí.

2. I gcás a leachtaithe, ceapfaidh an Bord Gobharnóirí na leachtaitheoirí agus tabharfaidh teagaisc dóibh chun an leachtú a chur in éifeacht. Áiritheoidh sé go ndéanfar cearta bhaill na foirne a chosaint.

Airteagal 26

(sean-Airteagal 28)

1. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an mBanc an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina ndlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe nó maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

2. Beidh maoin an Bhainc díolmhaithe ó fhoréileamh nó díshealbhú de chineál ar bith.

Airteagal 27

(sean-Airteagal 29)

Aon díospóidí a tharlóidh idir an Banc ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe nó duine ar bith eile ar an taobh eile, cinnfidh na cúirteanna náisiúnta inniúla iad, ach amháin mar a bhfuil dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Banc socrú le haghaidh eadrána a fhoráil i gconradh.

Beidh seoladh le haghaidh seirbheála i ngach Ballstát ag an mBanc. Féadfaidh sé áfach seoladh áirithe le haghaidh seirbheála a shonrú in aon chonradh.

Ni fhéadfar sócmhainní agus maoin an Bhainc a astú ná iad a urghabháil trí fhorghníomhú ach amháin le cinneadh cúirte.

Airteagal 28

(sean-Airteagal 30)

1. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh fochomhlachtaí nó eintitis eile a bhunú a mbeidh pearsantacht dhlítheanach agus uathriail airgeadais acu.

2. Bunóidh an Bord Gobharnóirí Reachtanna na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 trí chinneadh d'aon toil. Saineofar leis na Reachtanna go háirithe a gcuspóirí, a struchtúr, a gcaipiteal, a gcomhaltas, a suíomh, a n-acmhainní airgeadais, a modhanna idirghabhála agus a socruithe iniúchóireachta maille leis an ngaol idir iad agus orgáin an Bhainc.

3. Féadfaidh an Banc a bheith rannpháirteach i mbainistíocht na gcomhlachtaí sin agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith a gcaipitil shuibscríofa go feadh méid arna shainiú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil.

4. Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bheidh siad corpraithe faoi dhlí an Aontais, le comhaltaí a n-orgán i gcomhlíonadh a ndualgas sa cháil sin dóibh agus lena bhfoireann, faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis an mBanc.

Ar a shon sin, na díbhinní, na gnóthachain chaipitiúla nó na saghsanna eile ioncaim a thig ó chomhlachtaí den sórt sin a mbeidh na comhaltaí, seachas an tAontas Eorpach agus an Banc, ina dteideal, fanfaidh siad faoi réir fhorálacha fioscacha na reachtaíochta is infheidhme.

5. Laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos anseo thíos, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le bearta arna nglacadh ag orgáin chomhlachta atá corpraithe faoi dhlí an Aontais. Féadfaidh aon chomhalta de chomhlacht den sórt sin ina cháil mar chomhalta nó na Ballstáit imeachtaí i gcoinne beart den sórt sin a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

6. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh foireann comhlachtaí atá corpraithe faoi dhlí an Aontais a ligean isteach i scéimeanna comhpháirteacha leis an mBanc, ar cothrom leis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach.

PRÓTACAL (Uimh. 6)

MAIDIR LE SUÍMH INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH, SUÍMH COMHLACHTAÍ, OIFIGÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS RANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A SHOCRÚ

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 341 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal Aonair

(a) Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

(b) Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

(c) Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

(d) Beidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

(e) Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

(f) Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

(g) Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

(h) Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

(i) Beidh suíomh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

(j) Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.

PRÓTACAL (Uimh. 7)

AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de réir d'Airteagal 343 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA), go mbeidh ag an Aontas Eorpach agus ag an CEFA, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

CAIBIDIL I

MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, fhoréileamh, choigistiú nó dhíshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 2

Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.

Airteagal 3

Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin chun feidhme, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh.

Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

Airteagal 4

Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch na tíre ar allmhairíodh isteach inti iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag Rialtas na tíre sin.

Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena fhoilseacháin.

CAIBIDIL II

CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER

Airteagal 5

(sean-Airteagal 6)

Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.

Airteagal 6

(sean-Airteagal 7)

Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne oifigeach agus i gCoinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile don Aontas.

Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú tíortha.

CAIBIDIL III

COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 7

(sean-Airteagal 8)

Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.

Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custam agus rialú malairte:

(a) óna Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigcrích ar mhisin oifigiúla shealadacha;

(b) ó Rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

Airteagal 8

(sean-Airteagal 9)

Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

Airteagal 9

(sean-Airteagal 10)

Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

(a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;

(b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.

CAIBIDIL IV

IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 10

(sean-Airteagal 11)

Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.

CAIBIDIL V

OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 11

(sean-Airteagal 12)

I gcríoch gach Ballstáit agus cibé náisiúntacht atá acu, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas:

(a) beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b) ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c) tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d) beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh sa tír áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre ina bhfeidhmítear an ceart sin;

(e) beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre áirithe.

Airteagal 12

(sean-Airteagal 13)

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, phá agus éadálacha a d'íoc an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, pá agus éadálacha a íocfaidh an tAontas.

Airteagal 13

(sean-Airteagal 14)

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Ballstáit den Aontas, a chur chun feidhme, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Bhallstáit seachas a dtír shainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i dtír a gcónaithe iarbhír agus sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa tír sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus atá i gcríoch na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa tír sin; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ag cur forálacha an Airteagail seo chun feidhme, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Airteagal 14

(sean-Airteagal 15)

Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Airteagal 15

(sean-Airteagal 16)

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile don Aontas a mbainfidh forálacha Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do Rialtais na mBallstát.

CAIBIDIL VI

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MISEAN Ó THRÍÚ TÍORTHA A CREIDIÚNAÍODH DON AONTAS EORPACH

Airteagal 16

(sean-Airteagal 17)

Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a suíomh ag an Aontas na díolúintí agus na pribhléidí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú tíortha atá creidiúnaithe don Aontas.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 17

(sean-Airteagal 18)

Is chun leasa an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna an Aontais.

Airteagal 18

(sean-Airteagal 19)

D'fhonn an Prótacal seo a chur chun feidhme, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 19

(sean-Airteagal 20)

Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le hUachtarán na Comhairle Eorpaí.

Bainfidh siad le comhaltaí an Choimisiúin freisin.

Airteagal 20

(sean-Airteagal 21)

Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 21

(sean-Airteagal 22)

Bainfidh an Prótacal seo freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail ar Reacht an Bhainc.

Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Airteagal 22

(sean-Airteagal 23)

Beidh an Prótacal seo infheidhme freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar chomhaltaí a orgán agus ar a fhoireann, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

PRÓTACAL (Uimh. 8)

A BHAINEANN LE hAIRTEAGAL 6(2) DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH MAIDIR LEIS AN AONTAS A AONTÚ DON CHOINBHINSIÚN EORPACH CHUN CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA A CHOSAINT

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Forálfar sa chomhaontú a bhaineann leis an Aontas aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (dá ngairtear "an Coinbhinsiún Eorpach" anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar sainairíonna an Aontais agus dhlí an Aontais a chaomhnú, go háirithe maidir leis:

(a) na socruithe speisialta le haghaidh rannpháirtíocht ionchasach an Aontais i gcomhlachtaí rialaithe an Choinbhinsiúin Eorpaigh;

(b) na sásraí is gá chun a áirithiú go ndéanfar imeachtaí arna dtabhairt ag Stáit nach Ballstáit iad agus iarratais leithleacha a dhíriú i gceart chuig na Ballstáit agus/nó an Aontas, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 2

Áiritheoidh an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 nach ndéanfaidh aontachas an Aontais difear d'inniúlachtaí an Aontais ná do chumhachtaí a chuid institiúidí. Áiritheoidh sé nach ndéanfaidh aon ní ann difear do staid na mBallstát i ndáil leis an gCoinbhinsiún Eorpach, go háirithe i ndáil leis na Prótacail atá i gceangal leis, le bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de mhaolú ar an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 15 de agus le forchoimeádais arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir leis an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 57 de.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 difear d'Airteagal 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

PRÓTACAL (Uimh. 9)

A BHAINEANN LEIS AN gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AIRTEAGAL 16(4) DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS AIRTEAGAL 238(2) DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH IDIR AN 1 SAMHAIN 2014 AGUS AN 31 MÁRTA 2017, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS ÓN 1 AIBREÁN 2017 AR AGHAIDH, DEN PHÁIRT EILE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG CUR SAN ÁIREAMH a thábhachtaí agus a bhunúsaí atá sé, nuair a fhormheasfar Conradh Liospóin, go dtiocfar ar chomhaontú ar an gCinneadh ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile (dá ngairtear "an Cinneadh" anseo feasta),

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal aonair

Sula bpléifidh an Chomhairle aon dréacht a mbeadh sé d'aidhm aige an Cinneadh nó ceann dá fhorálacha a leasú nó a aisghairm, nó a raon feidhme nó a bhrí a mhodhnú go hindíreach trí ghníomh dlíthiúil eile de chuid an Aontais a mhodhnú, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht sin a phlé roimh ré, ag gníomhú di trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 15(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

PRÓTACAL (Uimh. 10)

MAIDIR LEIS AN mBUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 42 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 42(6) agus d'Airteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil comhbheartas eachtrach agus slándála á sheoladh ag an Aontas atá fothaithe ar chóineasú méadaitheach ar ghníomhaíocht na mBallstát a ghnóthú;

AG MEABHRÚ DÓIBH gur cuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála an comhbheartas slándála agus cosanta; go gcuireann sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata; go bhféadfaidh an tAontas na sócmhainní sin a úsáid i mbun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 den Chonradh ar an Aontas Eorpach lasmuigh den Aontas maidir leis an tsíochánaíocht, maidir le coinbhleachtaí a chosc agus maidir leis an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; go gcuirfear na cúraimí sin i gcrích agus leas á bhaint as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí;

AG MEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe;

AG MEABHRÚ DÓIBH go n-urramaíonn comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás na mBallstát sin a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith do chomhchosaint a cuid comhaltaí, agus go bhfuil sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin;

AR A BHEITH DEARFA go rannchuideoidh ról níos teanntásaí ag an Aontas i gcúrsaí slándála agus cosanta le beogacht Comhghuaillíochta Atlantaí athnuaite, i gcomhréir leis na socraíochtaí dá ngairtear "Beirlín Plus";

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú go mbeidh ar chumas an Aontais a chuid freagrachtaí sa chomhphobal idirnáisiúnta a ghabháil ar láimh;

Á AITHINT DÓIBH go bhféadfaidh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cúnamh a iarraidh ar an Aontas chun misin arna nglacadh ar láimh faoi Chaibidil VI agus faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go práinneach;

Á AITHINT DÓIBH go mbeidh ar na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh i réimse na gcumas de bharr neartú ar an mbeartas slándála agus cosanta;

ÓS FEASACH DÓIBH go mbeidh tréaniarracht ó na Ballstáit i dtrácht ag gabháil le tosú ar chéim nua i bhforbairt bheartais Eorpaigh slándála agus cosanta;

AG MEABHRÚ DÓIBH a thábhachtaí atá sé go mbeadh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála gafa go hiomlán leis na himeachtaí a bhaineann le buanchomhar struchtúrtha,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Beidh an buanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 42(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar oscailt do gach Ballstát a ghabhfaidh ar láimh, ó dháta Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm:

(a) iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun a chumais cosanta a fhorbairt trína rannpháirtíochtaí náisiúnta a fhorbairt agus trí bheith rannpháirteach, nuair is iomchuí, i bhfórsaí ilnáisiúnta, sna príomhchláir Eorpacha trealaimh agus i ngníomhaíocht na Gníomhaireachta a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), agus

(b) an cumas a bheith aige faoi 2010 ar a dhéanaí, bíodh sé ar leibhéal náisiúnta nó mar chomhbhall de ghrúpaí ilnáisiúnta d'fhórsaí, spriocaonaid chomhraic a chur ar fáil do na misin a phleanálfar, a bheidh struchtúrtha ar leibhéal na hoirbheartaíochta mar chathghrúpa, a mbeidh eilimintí tacaíochta acu lena n-áirítear iompar agus lóistíocht, a bheidh in ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur i gcrích laistigh de thréimhse 5 go 30 lá, go háirithe chun freagairt d'iarrataí ó Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus a fhéadfar a choimeád ar bun ar feadh tréimhse tosaigh 30 lá agus leanúint leo ar feadh 120 lá ar a laghad.

Airteagal 2

D'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1 a bhaint amach, gabhfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha ar láimh:

(a) comhoibriú, amhail ó Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm, d'fhonn cuspóirí formheasta a bhaint amach maidir le leibhéal an chaiteachais infheistíochta ar threalamh cosanta, agus na cuspóirí sin a athbhreithniú go tráthrialta i bhfianaise thimpeallacht na slándála agus fhreagrachtaí idirnáisiúnta an Aontais;

(b) a ngairis cosanta a chur in oiriúint dá chéile oiread agus is féidir, go háirithe trí bhíthin sainaithint a riachtanas míleata a chomhchuibhiú, a meáin agus a gcumais cosanta a chomhthiomsú, agus, nuair is iomchuí, speisialtóireacht a dhéanamh orthu, agus taobhú leis an gcomhar i réimsí na hoiliúna agus na lóistíochta;

(c) bearta táigiúla a ghlacadh chun infhaighteacht, idir-inoibritheacht, solúbthacht agus in-imscarthacht a gcuid fórsaí a fheabhsú, go háirithe trí chomhchuspóirí a shainaithint maidir le fórsaí a sholáthar, lena bhféadfaí athbhreithniú ar a nósanna imeachta náisiúnta cinnteoireachta a áireamh;

(d) comhoibriú chun a áirithiú go nglacfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear trí chur chuige ilnáisiúnta agus gan dochar do na gealltanais ina leith sin laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, chun na heasnaimh arna suíomh faoi chuimsiú an "tSásra Forbartha Cumais" a shlánú;

(e) páirt a ghlacadh, nuair is iomchuí, i bhforbairt mórchlár comhpháirteach trealaimh nó mórchlár Eorpach trealaimh faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.

Airteagal 3

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint le measúnú tráthrialta ar rannpháirtíochtaí na mBallstát rannpháirteach i dtaca le cumais, go háirithe na rannpháirtíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis na critéir a bhunófar inter alia ar bhonn Airteagal 2, agus déanfaidh sí tuarascáil air ar a laghad uair sa bhliain. Féadfar an measúnú sin a úsáid mar bhonn do mholtaí agus do chinntí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

PRÓTACAL (Uimh. 11)

MAIDIR LE hAIRTEAGAL 42 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH an gá chun forálacha an dara fomhír d'Airteagal 42(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH nach ndéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42 dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, agus go n-urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in ECAT, agus go mbeidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Tarraingeoidh an tAontas Eorpach suas, i dteannta le hAontas Iarthar na hEorpa, socruithe maidir le comhar feabhsaithe eatarthu.

PRÓTACAL (Uimh. 12)

MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA UM EASNAMH IOMARCACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sonraí an nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Is iad na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 126(2) Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

- 3 % don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, pleanáilte nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna margaidh;

- 60 % don chóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna margaidh.

Airteagal 2

In Airteagal 126 den Chonradh sin agus sa Phrótacal seo:

- ciallaíonn "Rialtas" Rialtas Ginearálta, is é sin, Rialtas Láir, rialtas réigiúnach nó áitiúil agus cistí slándála sóisialta, seachas oibríochtaí tráchtála mar atá siad sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "easnamh" an ghlanfháil ar iasacht mar atá sí sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "infheistíocht" ollfhoirmiú caipitil sheasta mar atá sé sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "fiachas" ollfhiachas iomlán ar luach ainmniúil atá amuigh ag deireadh na bliana agus arna chomhdhlúthú idir earnálacha rialtais ghinearálta agus laistigh díobh mar atá sé sainithe sa chéad fhleasc.

Airteagal 3

Chun éifeachtúlacht an nós imeachta um easnamh iomarcach a áirithiú, beidh Rialtais na mBallstát freagrach faoin nós imeachta sin as easnaimh Rialtais Ghinearálta mar atá sé sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh nósanna imeachta náisiúnta sa réimse buiséadach dóibh a n-oibleagáidí sa réimse sin a chineann ó na Conarthaí a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún go pras, tráthrialta ar a n-easnaimh phleanáilte agus iarbhír agus ar leibhéil a bhfiachais.

Airteagal 4

Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an Prótacal seo a chur chun feidhme.

PRÓTACAL (Uimh. 13)

MAIDIR LEIS NA CRITÉIR UM CHÓINEASÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sonraí na gcritéar um chóineasú a threoróidh an tAontas agus na cinntí á nglacadh aige maidir le deireadh a chur le maoluithe na mBallstát a bhfuil maolú acu, dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Ciallóidh an critéar um chobhsaíocht phraghsanna dá dtagraítear sa chéad fhleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh ag Ballstát feidhmiú praghsanna atá inbhuanaithe agus meánráta boilscithe, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná 1.5 pointe céatadáin os cionn ráta boilscithe na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar an boilsciú a thomhas trí bhíthin innéacs praghsanna do thomhaltóirí (IPT) ar bhonn inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 2

Ciallóidh an critéar um an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) den Chonradh sin go bhfuil easnamh iomarcach ann i gcás an Bhallstáit i dtrácht.

Airteagal 3

Ciallóidh an critéar um rannpháirtíocht i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin go bhfuil Ballstát tar éis na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú gan ghéartheannais i rith an dá bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, ní bheidh an Ballstát tar éis ráta lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil in aghaidh an euro ar a thogra féin ar feadh na tréimhse céanna.

Airteagal 4

Ciallóidh an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos mó ná 2 pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar rátaí úis a thomhas ar bhonn bannaí fadtéarmacha rialtais nó urrúis inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 5

Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an Prótacal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó le BCE de réir mar a bheidh, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, na forálacha iomchuí chun sonraí na gcritéar um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh sin a leagan síos agus cuirfear na forálacha sin in ionad an Phrótacail seo.

PRÓTACAL (Uimh. 14)

MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO dálaí a chur chun cinn d'fhás eacnamaíoch níos láidre san Aontas Eorpach agus, chuige sin, comhordú níos buandlúithe na mbeartas eacnamaíoch sa limistéar euro a fhorbairt,

ÓS FEASACH DÓIBH an gá atá ann forálacha speisialta a leagan síos d'agallamh feabhsaithe idir na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, go dtí go dtiocfaidh an euro chun bheith ina airgeadra do Bhallstáit uile an Aontais,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Tiocfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile go neamhfhoirmiúil. Beidh na cruinnithe sin ann, nuair is gá, chun ceisteanna a phlé a bhaineann leis na freagrachtaí sonracha atá á roinnt acu maidir leis an airgeadra aonair. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin. Tabharfar cuireadh don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin a ullmhóidh ionadaithe Airí sin na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu atá freagrach as cúrsaí airgeadais agus ionadaí an Choimisiúin.

Airteagal 2

Toghfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu uachtarán go ceann dhá bhliain go leith, trí thromlach na mBallstát sin.

PRÓTACAL (Uimh. 15)

MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG AITHINT DÓIBH nach gcuirfear de cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná nach mbeidh sí faoi ghealltanas an euro a ghlacadh gan a rialtas agus a Parlaimint cinneadh ar leith chuige sin a ghlacadh,

ÓS RUD É gur chuir rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair 1996 agus an 30 Deireadh Fómhair 1997 nach raibh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH cleachtas rialtas na Ríochta Aontaithe a riachtanas iasachta a chistiú trí fhiachas a dhíol leis an earnáil phríobháideach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

1. Mura gcuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici an euro a ghlacadh, ní bheidh aon iallach uirthi déanamh amhlaidh.

2. Ag féachaint don fhógra a thug rialtas na Ríochta Aontaithe don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair 1996 agus an 30 Deireadh Fómhair 1997, beidh feidhm ag míreanna 3 go 8 agus mír 10 maidir leis an Ríocht Aontaithe.

3. Coimeádfaidh an Ríocht Aontaithe a cumhachtaí i réimse beartas airgeadaíochta i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

4. Ní bheidh Airteagal 282(2), cé is moite den chéad abairt agus den abairt dheiridh de, Airteagal 282(5), an dara mír d'Airteagal 119, Airteagal 126(1), (9) agus (11), Airteagal 127(1) go (5), Airteagal 128, Airteagail 130, 131, 132 agus 133, Airteagal 138, Airteagal 140(3), Airteagal 219 agus Airteagal 283 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 121(2) den Chonradh seo maidir léi, a mhéid a bhaineann le glacadh na gcodanna sin de na mórthreoirlínte beartais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne. Sna forálacha sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Aontas ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

5. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe gach dícheall easnamh rialtais iomarcach a sheachaint.

Leanfaidh Airteagail 143 agus 144 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de bheith infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Beidh Airteagail 134(4) agus 142 infheidhme ar an Ríocht Aontaithe amhail is dá mbeadh maolú aici.

6. Déanfar cearta vótála na Ríochta Aontaithe a fhionraí nuair a bheidh an Chomhairle ag glacadh na mbeart dá dtagraítear sna hAirteagail atá liostaithe i mír 4 agus sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 139(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, beidh feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 139(4) den Chonradh sin.

Ní bheidh aon cheart ag an Ríocht Aontaithe ach oiread a bheith rannpháirteach i gceapadh Uachtarán, Leasuachtarán agus chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin BCE faoin dara mír d'Airteagal 283(2) den Chonradh sin.

7. Ní bheidh Airteagail 3, 4, 6, 7, 9.2, 10.1, 10.3, 11.2, 12.1, 14, 16, 18,19, 20, 22, 23, 26, 27, 30 go 34 agus 49 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ("an Reacht") infheidhme ar an Ríocht Aontaithe.

Sna hAirteagail sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Aontas ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

Ní áireofar caipiteal suibscríofa Bhanc Shasana ar na tagairtí do "chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh" in Airteagail 10.3 agus 30.2 den Reacht.

8. Beidh éifeacht ag Airteagal 141(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag Airteagail 43 go 47 den Reacht, bíodh Ballstát a bhfuil maolú aige ann nó ná bíodh, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

(a) Áireofar na tagairtí in Airteagal 43 do chúraimí BCE agus IEA ar na cúraimí sin nach mór a chomhall fós tar éis an euro a thabhairt isteach de dheasca aon chinnidh ón Ríocht Aontaithe gan an euro a ghlacadh.

(b) I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 46 tabharfaidh BCE comhairle freisin a bhaineann le hullmhú aon chinnidh ón gComhairle maidir leis an Ríocht Aontaithe arna ghlacadh i gcomhréir le míreanna 9(a) agus 9(c), agus rannchuideoidh sé le hullmhú an chinnidh sin.

(c) Íocfaidh Banc Shasana a shuibscríbhinn le caipiteal BCE mar ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta Bhallstát a bhfuil maolú acu.

9. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chur in iúl don Chomhairle tráth ar bith go bhfuil ar intinn aici an euro a ghlacadh. Sa chás sin:

(a) Ní bheidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhallann sí na coinníollacha is gá. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe agus faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 140(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an gcomhallann sí fós na coinníollacha is gá.

(b) Íocfaidh Banc Shasana a chaipiteal suibscríofa, aistreoidh sé sócmhainní chuig cúlchistí eachtracha an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus ranníocfaidh sé lena chúlchistí ar an mbonn céanna le banc ceannais náisiúnta Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe.

(c) Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 140(3) den Chonradh sin, gach cinneadh eile is gá a ghlacadh chun a chumasú don Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh.

Má ghlacann an Ríocht Aontaithe an euro de bhun fhorálacha an Airteagail seo, scoirfidh míreanna 3 go 8 d'éifeacht a bheith leo.

10. D'ainneoin fhorálacha Airteagail 123 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 21.1 den Reacht, féadfaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a shaoráid "ways and means" le Banc Shasana a choimeád ar bun mura nglacfaidh agus fad nach nglacfaidh an Ríocht Aontaithe an euro.

PRÓTACAL (Uimh. 16)

MAIDIR LE FORALÁCHA ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN DANMHAIRG

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT DO Bhunreacht na Danmhairge ina bhfuil forálacha a fhéadfaidh a thabhairt reifreann a bheith intuigthe sa Danmhairg sula dtarscaoilfidh an Danmhairg a maolú,

ÓS RUD É gur chuir rialtas na Danmhairge in iúl don Chomhairle an 3 Samhain 1993 nach raibh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

1. Ag féachaint don fhógra a thug Rialtas na Danmhairge don Chomhairle an 3 Samhain 1993, beidh maolú ag an Danmhairg. Is é éifeacht an mhaolaithe go mbeidh airteagail uile agus forálacha uile na gConarthaí agus Reacht an CEBC agus BCE a dhéanann tagairt do mhaolú infheidhme ar an Danmhairg.

2. Maidir leis an maolú a aisghairm, ní thionscnófar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ach amháin arna iarraidh sin don Danmhairg.

3. I gcás stádas an mhaolaithe a aisghairm, ní bheidh forálacha an Phrótacail seo infheidhme a thuilleadh.

PRÓTACAL (Uimh. 17)

MAIDIR LEIS AN DANMHAIRG

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Aontas iad a chomhlíonadh.

PRÓTACAL (Uimh. 18)

MAIDIR LEIS AN bhFRAINC

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO pointe áirithe a bhaineann leis an bhFrainc a chur san áireamh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Coimeádfaidh an Fhrainc pribhléid na heisiúna airgeadaíochta sa Nua-Chaladóin, i bPolainéis na Fraince agus i Vailís agus Futúna faoi na téarmaí arna mbunú faoina dlíthe náisiúnta agus is ise amháin a bheidh i dteideal paireacht fhranc CFP a chinneadh.

PRÓTACAL (Uimh. 19)

MAIDIR LE ACQUIS SCHENGEN ARNA LÁNPHÁIRTIÚ I gCREAT AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gurb é is aidhm do na Comhaontuithe maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a shínigh roinnt Ballstát den Aontas Eorpach in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 agus an 19 Meitheamh 1990, maille leis na comhaontuithe a bhaineann leo agus na rialacha arna nglacadh ar bhonn na gcomhaontuithe sin, a rinneadh a lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh le Conradh Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997,

ÓS MIAN LEO acquis Schengen a chaomhnú, forbartha mar atá ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm agus é a fhorbairt chun rannchuidiú leis an gcuspóir a ghnóthú limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais,

AG TABHAIRT AIRD ar sheasamh speisialta na Danmhairge,

AG CUR SAN ÁIREAMH nach bhfuil Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann rannpháirteach i bhforálacha uile acquis Schengen agus, ar a shon sin, gur cóir a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit sin glacadh go hiomlán nó go páirteach le forálacha eile an acquis sin,

Á AITHINT DÓIBH gur gá mar sin leas a bhaint as forálacha na gConarthaí maidir le comhar níos dlúithe idir roinnt Ballstát,

AG CUR SAN ÁIREAMH a riachtanaí atá sé caidreamh speisialta a choimeád ar bun le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, ar Stáit iad sin araon atá faoi cheangal ag forálacha aontas Nordach na bpasanna, mar aon leis na Stáit Nordacha is Ballstáit den Aontas Eorpach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Údarófar do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Bulgáire, do Phoblacht na Seice, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na hEastóine, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na hIodáile, do Phoblacht na Cipire, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine, d'Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Phoblacht na hUngáire, do Phoblacht Mhálta, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na Portaingéile, don Rómáin, do Phoblacht na Slóivéine, do Phoblacht na Slóvaice, do Phoblacht na Fionlainne agus do Ríocht na Sualainne comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin sna réimsí a thig faoi fhorálacha arna sainiú ag an gComhairle arb éard iad acquis Schengen. Seolfar an comhar sin laistigh de chreat institiúideach dlíthiúil an Aontais Eorpaigh agus forálacha ábhartha na gConarthaí á n-urramú.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag acquis Schengen maidir leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1, gan dochar d'Airteagal 3 d'Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 ná d'Airteagal 4 d'Ionstraim Aontachais an 25 Aibreán 2005. Gabhfaidh an Chomhairle ionad an Choiste Feidhmiúcháin arna chur ar bun le comhaontuithe Schengen.

Airteagal 3

Beidh rannpháirtíocht na Danmhairge i nglacadh beart arb éard iad forbairt ar acquis Schengen, maille leis na bearta sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm sa Danmhairg, faoi rialú ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Danmhairge.

Airteagal 4

Féadfaidh Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a iarraidh, tráth ar bith, bheith rannpháirteach i bhforálacha uile acquis Schengen nó i roinnt díobh.

Cinnfidh an Chomhairle ar an iarraidh le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1 agus ionadaí rialtas an Stáit i dtrácht.

Airteagal 5

1. Beidh tograí agus tionscnaimh chun cur le acquis Schengen faoi réir fhorálacha ábhartha na gConarthaí.

Sa chomhthéacs sin, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe don Chomhairle laistigh de thréimhse réasúnta gur mian léi a bheith rannpháirteach, measfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 329 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith deonaithe do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 agus d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe nuair is mian le ceachtar díobh a bheith rannpháirteach sna réimsí comhair atá i gceist.

2. Má mheastar go bhfuil fógra tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe de bhun cinnidh faoi Airteagal 4, féadfaidh ceachtar acu, mar sin féin, fógra a thabhairt don Chomhairle i scríbhinn, taobh istigh de 3 mhí, nach mian léi a bheith rannpháirteach i dtogra nó i dtionscnamh den sórt sin. Sa chás sin, ní bheidh Éire ná an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh. Ón bhfógra deiridh sin ar aghaidh, déanfar an nós imeachta chun an beart chun cur le acquis Schengen a fhionraí go dtí deireadh an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 nó i mír 4 nó go dtí go n-aisghairfear an fógra sin tráth ar bith le linn an nós imeachta sin.

3. I dtaca le Ballstát a bhfuil an fógra tugtha aige dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm a thuilleadh maidir leis ag aon chinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 4, ón dáta a dtiocfaidh an beart molta i bhfeidhm, a mhéid a mheasfaidh an Chomhairle is gá sin agus faoi na coinníollacha a chinnfear i gcinneadh ón gComhairle a fheidhmeoidh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar an cinneadh sin i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: féachfaidh an Chomhairle lena oiread rannpháirtíochta ón mBallstát lena mbaineann agus is féidir a choinneáil gan dochar tromchúiseach a dhéanamh d'inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla d'acquis Schengen, agus a gcomhchuibheas á urramú. Cuirfidh an Coimisiún a thogra isteach a luaithe is féidir tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2. Gníomhóidh an Chomhairle, más gá tar éis dhá chruinniú i ndiaidh a chéile a chomóradh, taobh istigh de cheithre mhí den togra ón gCoimisiún.

4. Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí, féadfaidh Ballstát a éileamh ar an toirt go gcuirfí an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Sa chás sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 3 ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici.

5. Má tharlaíonn, faoi dheireadh an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 nó i mír 4, nach bhfuil a cinneadh glactha ag an gComhairle nó ag an gComhairle Eorpach, de réir mar a bheidh, déanfar fionraí an nós imeachta maidir le beart chun cur le acquis Schengen a ghlacadh a fhoirceannadh. Má ghlactar an beart sin ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm feasta ag aon chinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 4, ón dáta a dtiocfaidh an beart sin i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát lena mbaineann a mhéad a chinnfidh an Coimisiún agus faoi na coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún, mura mbeidh an fógra dá dtagraítear i mír 2 tarraingthe siar ag an mBallstát sin sula nglacfar an beart. Gníomhóidh an Coimisiún roimh dháta an ghlactha sin. Nuair a bheidh a chinneadh á dhéanamh aige, urramóidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 6

Beidh Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua bainteach le acquis Schengen a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh. Comhaontófar ar nósanna imeachta iomchuí chuige sin i gComhaontú a dhéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, a thabhairt i gcrích leis na Stáit sin. Cuimseoidh Comhaontú den sórt sin forálacha maidir le rannchuidiú na hÍoslainne agus na hIorua le haon iarmhairtí airgeadais a thig ón bPrótacal seo a chur chun feidhme.

Tabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, Comhaontú ar leith i gcrích leis an Íoslainn agus an Iorua ar mhaithe le cearta agus oibleagáidí a bhunú idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann de pháirt amháin, agus an Íoslainn agus an Iorua de pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen a bhfuil feidhm acu maidir leis na Stáit sin.

Airteagal 7

Chun críche na caibidlíochta chun Ballstáit nua a ligean isteach san Aontas Eorpach, measfar gur acquis nach foláir do gach Stát is iarrthóir glacadh leis ina iomláine acquis Schengen agus bearta eile arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh dá raon feidhme.

PRÓTACAL (Uimh. 20)

MAIDIR LE GNÉITHE ÁIRITHE d'AIRTEAGAL 26 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM AR AN RÍOCHT AONTAITHE AGUS AR ÉIRINN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT do na socruithe speisialta taistil atá ann le blianta fada idir an Ríocht Aontaithe agus Éire,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

D'ainneoin Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon fhorála eile den Chonradh sin nó den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aon bhirt arna ghlacadh faoi na Conarthaí sin, nó aon chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag an Aontas agus a Bhallstáit le tríú Stát amháin nó níos mó, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach sa Ríocht Aontaithe:

(a) d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun teacht isteach sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh Ballstát, ag a gcleithiúnaithe atá ag feidhmiú ceart arna dtabhairt le dlí an Aontais agus ag saoránaigh Stát eile ar tugadh cearta den sórt sin dóibh le comhaontú atá ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe; agus

(b) d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile teacht isteach sa Ríocht Aontaithe.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na Ríochta Aontaithe aon rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú. Cuimseoidh tagairtí don Ríocht Aontaithe san Airteagal seo críocha a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 2

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha ("an Comhlimistéar Taistil"), agus cearta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 1 den Phrótacal seo á n-urramú go hiomlán acu. Dá réir sin, fad a choimeádfaidh siad socruithe den sórt sin ar bun, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn faoi na téarmaí céanna agus na coinníollacha céanna atá ann i gcás na Ríochta Aontaithe. Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart eile arna ghlacadh fúthu difear d'aon socruithe den sórt sin.

Airteagal 3

Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe teacht isteach ina gcríocha ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach ina gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na mBallstát eile rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú.

PRÓTACAL (Uimh. 21)

MAIDIR LE SEASAMH NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS NA hÉIREANN I dTACA LEIS AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaithe rialtais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

De dhroim Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní bheidh aon fhoráil de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn ná infheidhme iontu; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Stát sin; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná d'acquis an Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Ríocht Aontaithe nó le hÉirinn.

Airteagal 3

1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach in aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas comhalta nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha aige, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Beidh beart arna ghlacadh faoin mír seo ina cheangal ar na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach ina ghlacadh.

Leagfar síos le bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na coinníollacha do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann sna meastacháin a bhaineann leis na réimsí atá folaithe le Teideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

2. Murar féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann, féadfaidh an Chomhairle beart den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire, tráth ar bith tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4a

1. Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasófar beart atá ann cheana atá ina cheangal orthu.

2. I gcásanna, áfach, ina gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaí, gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann sa leagan leasaithe de bheart atá ann, an beart sin a chur i bhfeidhm i leith Ballstát eile nó i leith an Aontais, féadfaidh sí a áiteamh orthu fógra a thabhairt faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4. Chun críocha Airteagal 3 tosóidh tréimhse bhreise dhá mhí ón dáta a gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh.

Má tharlaíonn, nuair a rachaidh an tréimhse dhá mhí sin ó chinneadh na Comhairle in éag, nach mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe ná ag Éirinn faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, ní bheidh an beart atá ann ina cheangal uirthi ná ní bheidh sé infheidhme maidir léi a thuilleadh, mura mbeidh fógra faoi Airteagal 4 tugtha ag an mBallstát lena mbaineann sula dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht leis seo ón dáta a dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm nó ón dáta a rachaidh an tréimhse dhá mhí in éag, cibé acu is déanaí.

Chun críche na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle, tar éis plé iomlán ar an ábhar, trí thromlach cáilithe dá comhaltaí a ionadaíonn do na Ballstáit a bheidh rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach i nglacadh an bhirt leasaithigh. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe nó Éire na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de thoradh a rannpháirtíochta sa bheart atá ann a scor.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'Airteagal 4.

Airteagal 5

Ní iompróidh Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann leis an mbeart sin seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí, ach amháin má chinneann comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 6

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Phrótacal seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe nó ar Éirinn, beidh feidhm ag forálacha ábhartha na gConarthaí, maidir leis an Stát sin i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 6a

Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal orthu lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Beidh Airteagail 3, 4 agus 4a gan dochar don Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle nach mian léi bheith faoi réir théarmaí an Phrótacail seo a thuilleadh. Sa chás sin, beidh feidhm ag gnáthfhorálacha an Chonartha maidir le hÉirinn.

Airteagal 9

A mhéid a bhaineann le hÉirinn, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le hAirteagal 75 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

PRÓTACAL (Uimh. 22)

MAIDIR LE SEASAMH NA DANMHAIRGE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS A THABHAIRT DÁ nAIRE seasamh na Danmhairge maidir le Saoránacht, le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, leis an mBeartas Cosanta agus le Ceartas agus Gnóthaí Baile mar atá sé leagtha síos i gCinneadh Dhún Éideann,

ÓS FEASACH DÓIBH go ndéanfaidh leanúint faoi na Conarthaí de na socruithe dlí a d'eascair ó Chinneadh Dhún Éideann rannpháirtíocht na Danmhairge i réimsí tábhachtacha den chomhar san Aontas a theorannú go suntasach agus gurb é lár leas an Aontais iomláine an acquis a áirithiú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais,

ÓS MIAN LEO mar sin creat dlí a bhunú a thabharfaidh rogha don Danmhairg a bheith rannpháirteach i nglacadh na mbeart arna mbeartú ar bhonn Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag fáiltiú dóibh roimh intinn na Danmhairge leas a bhaint as an rogha sin nuair is féidir i gcomhréir lena riachtanais bhunreachtúla,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach gcoiscfidh an Danmhairg na Ballstáit eile ar a gcomhar a fhorbairt tuilleadh i ndáil le bearta nach bhfuil ina gceangal ar an Danmhairg,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH Airteagal 3 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

CUID I

Airteagal 1

Ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin, ná aon chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhoráil nó aon bheart den sórt sin nó aon bheart a leasaíodh nó atá inleasaithe de bhun an Teidil sin ina cheangal nó ina ceangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, do chearta ná d'oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg. Go háirithe, leanfaidh gníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a glacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm agus a ndearnadh leasú orthu de cheangal a bheith acu ar an Danmhairg agus de bheith infheidhme maidir léi, gan athrú.

Airteagal 2a

Beidh feidhm ag Airteagal 2 den Phrótacal seo freisin maidir leis na rialacha sin a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin.

Airteagal 3

Ní iompróidh an Danmhairg aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 4

1. Cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh ar thogra nó tionscnamh chun cur le acquis Schengen atá folaithe leis an gCuid seo, an gcuirfidh sí an beart sin chun feidhme ina dlí náisiúnta. Má chinneann sí é sin a dhéanamh, cruthóidh an beart sin oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta idir an Danmhairg agus na Ballstáit eile a mbeidh an beart ina cheangal orthu.

2. Má chinneann an Danmhairg gan beart ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina cheangal orthu agus an Danmhairg na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

CUID II

Airteagal 5

I dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 26(1), Airteagal 42 agus Airteagail 43 go 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart sin. Ní choiscfidh an Danmhairg na Ballstáit eile ar a gcomhar a fhorbairt tuilleadh sa réimse sin. Ní bheidh d'iallach ar an Danmhairg rannchuidiú le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil a thig ó na bearta sin ná cumais mhíleata a chur ar fáil don Aontas.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do ghníomhartha na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CUID III

Airteagal 6

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí.

CUID IV

Airteagal 7

Féadfaidh an Danmhairg tráth ar bith, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as an Prótacal seo nó cuid de. Sa chás sin, cuirfidh an Danmhairg i bhfeidhm go hiomlán na bearta ábhartha uile a bheidh i bhfeidhm ag an am sin arna nglacadh i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

1. Tráth ar bith agus gan dochar d'Airteagal 7, féadfaidh an Danmhairg, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, fógra a thabhairt do na Ballstáit eile gurb éard é Cuid I den Phrótacal seo, amhail ón gcéad lá den mhí i ndiaidh an fhógra, na forálacha san Iarscríbhinn. Sa chás sin, déanfar Airteagail 5 go 8 a athuimhriú dá réir.

2. Sé mhí tar éis an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, beidh acquis Schengen uile agus bearta arna nglacadh chun cur leis an acquis sin, a bhí ina gceangal ar an Danmhairg go dtí sin mar oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, ina gceangal ar an Danmhairg mar chuid de dhlí an Aontais.

IARSCRÍBHINN

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

De bhua Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 8, ní bheidh aon fhoráil i dTeideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála nó aon bhirt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti. Ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Danmhairge. Ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg.

Airteagal 3

1. Féadfaidh an Danmhairg fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar tíolacadh togra nó tionscnamh don Chomhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart den sórt sin arna bheartú a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin beidh an Danmhairg i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.

2. Mura féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Danmhairge, féadfaidh an Chomhairle an beart sin dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Danmhairge. Sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Danmhairg, tráth ar bith tar éis an dáta ar glacadh beart de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh sin.

Airteagal 5

1. Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Danmhairg chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasaítear beart atá ann cheana atá ina cheangal uirthi.

2. Ach i gcásanna ina gcinnfidh an Chomhairle, áfach, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaí, gan rannpháirtíocht na Danmhairge sa leagan leasaithe de bheart atá ann, an beart sin a chur i bhfeidhm i leith Ballstát eile nó i leith an Aontais, féadfaidh sí a áiteamh uirthi fógra a thabhairt faoi Airteagal 3 nó 4. Chun críocha Airteagal 3 tosóidh tréimhse bhreise dhá mhí ón dáta a suífidh an Chomhairle amhlaidh.

Má tharlaíonn, nuair a rachaidh an tréimhse dhá mhí sin ó shuíomh na Comhairle in éag, nach mbeidh fógra tugtha ag an Danmhairg faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, ní bheidh an beart atá ann ina cheangal uirthi ná ní bheidh sé infheidhme maidir léi a thuilleadh, mura mbeidh fógra tugtha aici faoi Airteagal 4 sula dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht leis seo ón dáta a dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm nó ón dáta a rachaidh an tréimhse dhá mhí in éag, cibé acu is déanaí.

Chun críche na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle, tar éis plé iomlán ar an ábhar, trí thromlach cáilithe dá comhaltaí a ionadaíonn do na Ballstáit a bheidh rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach i nglacadh an bhirt leasaithigh. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh go n-iompróidh an Danmhairg na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar de thoradh a rannpháirtíocht sa bheart atá ann a scor.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'Airteagal 4.

Airteagal 6

1. Tíolacfar fógra de bhun Airteagal 4 tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta ar glacadh beart go cinntitheach má tá an beart sin ag cur le acquis Schengen.

Mura dtíolacfaidh an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal 3 nó Airteagal 4 maidir le beart chun cur le acquis Schengen, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina cheangal orthu agus an Danmhairg na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

2. Fógra de bhun Airteagal 3 i ndáil le beart chun chur le acquis Schengen, measfar go neamh-inchúlghairthe gur fógra é de bhun Airteagal 3 i ndáil le haon togra nó tionscnamh eile arb é is aidhm dó cur leis an mbeart sin a mhéid atá an togra nó an tionscnamh sin ag cur le acquis Schengen.

Airteagal 7

Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Danmhairg nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Chuid seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an Danmhairg, beidh feidhm ag na forálacha ábhartha de na Conarthaí maidir leis an Danmhairg i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 9

Nuair nach mbeidh an Danmhairg faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní iompróidh sí aon iarmhairtí airgeadais a ghabhfaidh leis an mbeart sin seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, ach amháin má chinneann an Chomhairle a mhalairt, ag gníomhú di d'aon toil a chomhaltaí uile tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

PRÓTACAL (Uimh. 23)

MAIDIR LE CAIDREAMH EACHTRACH NA mBALLSTÁT I dTACA LE TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú, i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú atá in Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh siad dlí an Aontais agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a urramú.

PRÓTACAL (Uimh. 24)

MAIDIR LE TEARMANN DO NÁISIÚNAIGH DE CHUID BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go n-aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha,

DE BHRÍ, de bhun Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil na cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ina gcuid de dhlí an Aontais mar phrionsabail ghinearálta,

DE BHRÍ go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go ndéanfaidh an tAontas an dlí a urramú, agus Airteagal 6(1) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach á léiriú agus á chur i bhfeidhm aige,

DE BHRÍ, de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach foláir d'aon Stát Eorpach, agus iarratas á dhéanamh aige chun bheith ina chomhalta den Aontas, na luachanna atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach sásra chun cearta áirithe a fhionraí i gcás go ndéanann Ballstát na luachanna sin a shárú go tromchúiseach leanúnach,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil ag gach náisiúnach de chuid Ballstáit, mar shaoránach den Aontas, stádas agus cosaint speisialta a dhéanfaidh na Ballstáit a ráthú i gcomhréir le forálacha Chuid a Dó den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn na Conarthaí limistéar gan teorainneacha inmheánacha agus go dtugann siad do gach saoránach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

ÓS MIAN LEO a chinntiú nach mbainfear leas as an tearmann chun críoch atá bunoscionn leis na críocha ar ceapadh chucu é,

DE BHRÍ go n-urramaíonn an Prótacal seo críochnaitheacht agus cuspóirí Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal Aonair

Ag féachaint do leibhéal na cosanta maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a thugann Ballstáit an Aontais Eorpaigh, measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad na Ballstáit i leith a chéile fad a bhaineann le críocha dlí agus críocha praiticiúla i ndáil le hábhair thearmainn. Dá réir sin, ní fhéadfar aon iarratas ar thearmann arna dhéanamh ag náisiúnach de chuid Ballstáit a chur san áireamh ná ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha lena phróiseáil ag Ballstát eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) má dhéanann an Ballstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, agus leas á bhaint aige as forálacha Airteagal 15 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, bearta a ghlacadh, tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, chun a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin a mhaolú ar a chríoch;

(b) má tá tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go dtí go nglacfaidh an Chomhairle, nó, más iomchuí, an Chomhairle Eorpach, cinneadh ina leith sin i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir;

(c) má tá cinneadh glactha ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, nó má tá cinneadh glactha ag an gComhairle Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Chonradh sin i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir;

(d) dá gcinnfeadh Ballstát amhlaidh go haontaobhach maidir leis an iarratas ó náisiúnach de chuid Ballstáit eile; sa chás sin, cuirfear an Chomhairle ar an eolas láithreach; déileálfar leis an iarratas ar bhonn na toimhdean go bhfuil sé go follasach gan bhunús, gan difear a dhéanamh ar dhóigh ar bith, gan spleáchas do na cásanna, do chumhacht chinnteoireachta an Bhallstáit.

PRÓTACAL (Uimh. 25)

MAIDIR LE hINNIÚLACHTAÍ ROINNTE A FHEIDHMIÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal aonair

Maidir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hinniúlachtaí roinnte, i gcás ina nglacfaidh an tAontas beart i réimse áirithe, ní chumhdóidh raon feidhme fheidhmiú na hinniúlachta sin ach na gnéithe a rialaítear leis an ngníomh sin de chuid an Aontais atá i gceist agus ní chumhdóidh sé dá bhrí sin an réimse go léir.

PRÓTACAL (Uimh. 26)

MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO béim a leagan ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Cuimsíonn comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas go háirithe:

- an ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag na húdaráis náisiúnta, ag na húdaráis réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n-úsáideoirí;

- éagsúlacht na seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta agus na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n-úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla;

- leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear ar dhóigh ar bith d'inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí leasa ghinearálta nach den gheilleagar iad a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú.

PRÓTACAL (Uimh. 27)

MAIDIR LEIS AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS AN IOMAÍOCHT

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG CUR SAN ÁIREAMH go gcuimsíonn an margadh inmheánach mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ

chun na críche sin, go nglacfaidh an tAontas, más gá, bearta faoi chuimsiú fhorálacha na gConarthaí, lena n-áirítear Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

PRÓTACAL (Uimh. 28)

MAIDIR LE COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go luann Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an cuspóir comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn agus go bhfuil an comhtháthú a dúradh ar cheann de na réimsí ina bhfuil inniúlacht arna roinnt san Aontas atá liostaithe in Airteagal 4(2)c den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

AG MEABHRÚ DÓIBH go soláthraíonn forálacha Chuid a Trí, Teideal XVIII maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ina n-iomláine bonn dlíthiúil le gníomhaíocht an Aontais i réimse an chomháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a chomhdhlúthú agus a fhorbairt níos mó, lena n-áirítear cur ar bun ionchasach ciste nua,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhforáiltear le forálacha Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Ciste Comhtháthaithe a chur ar bun,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil suimeanna móra, agus iad ag dul i méid, á dtabhairt ar iasacht ag BEI chun leas na réigiún is boichte,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i mbreis solúbthachta le haghaidh rialacha mionsonraithe um chionrannta ó na cistí strúchtúracha,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i leibhéil rannpháirtíocht an Aontais i gcláir agus i dtionscadail i dtíortha áirithe a mhodhnú,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an togra rathúlacht choibhneasta Bhallstát a chur san áireamh níos mó sa chóras acmhainní dílse,

ATHDHAINGNÍONN SIAD go bhfuil cur ar aghaidh an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh sár-riachtanach do lánfhorbairt agus do rath marthanach an Aontais;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh na cistí struchtúracha de pháirt thábhachtach a imirt i ngnóthú cuspóirí Aontais i réimse an chomhtháthaithe;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh BEI den chuid is mó dá acmhainní a chur i leith comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht riachtanais chaipitil BEI a athbhreithniú a luaithe a bheidh gá leis sin chun na críche sin;

COMHAONTAÍONN SIAD go soláthróidh an Ciste Comhtháthaithe ranníocaíochtaí airgeadais Aontais le haghaidh tionscadal i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach i mBallstáit ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine níos lú ná 90 % den mheán Aontais agus ag a bhfuil clár chun na coinníollacha do chóineasú eacnamaíoch mar atá siad leagtha amach in Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhall;

DEARBHAÍONN SIAD a n-intinn lamháil níos mó solúbthachta a cheadú chun airgeadas ó na cistí struchtúracha a chionroinnt ar riachtanais shonracha nach bhfolaítear faoi rialacháin láithreacha na gcistí struchtúracha;

DEARBHAÍONN SIAD a bhfonnmhaireacht leibhéil rannpháirtíocht an Aontais a mhodhnú i gcomhthéacs chláir agus thionscadail na gcistí struchtúracha d'fhonn méaduithe iomarcacha i gcaiteachas bhuiséad na mBallstát is lagrathúla a sheachaint;

COMHAONTAÍONN SIAD gur gá faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn ionsar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht staidéar a dhéanamh ar gach beart is gá ina leith sin;

DEARBHAÍONN SIAD a rún aird níos mó a thabhairt ar chumas ranníocaíochta na mBallstát leithleach sa chóras acmhainní dílse agus modhanna a scrúdú a chearthódh i gcás na mBallstát is lagrathúla eilimintí cúlchéimnitheacha atá sa chóras láithreach acmhainní dílse;

COMHAONTAÍONN SIAD go gcuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

PRÓTACAL (Uimh. 29)

MAIDIR LEIS AN gCÓRAS CRAOLACHÁIN PHOIBLÍ SNA BALLSTÁIT

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ go bhfuil baint dhíreach ag an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit leis na riachtanais dhaonlathacha, shóisialta agus chultúrtha atá ag gach sochaí agus an riachtanas atá le hiolrachas sna meáin a chaomhnú,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha léiriúcháin seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Beidh forálacha na gConarthaí gan dochar d'inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le craolachán seirbhíse poiblí a mhaoiniú a mhéad a thugtar maoiniú den sórt sin d'eagraíochtaí craolacháin chun cúram na seirbhíse poiblí a chomhall mar atá tugtha, sainithe agus eagraithe ag gach Ballstát, agus a mhéad nach ndéanann an maoiniú sin difear do dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid a bheadh bunoscionn leis an gcomhleas, agus aird á tabhairt ar réadú chúram na seirbhíse poiblí sin.

PRÓTACAL (Uimh. 30)

MAIDIR LE CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LEIS AN bPOLAINN AGUS LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ go n-aithníonn an tAontas, le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

DE BHRÍ go gcaithfear an Chairt a chur i bhfeidhm i gcomhréir dhlúth le forálacha Airteagal 6 dá dtagraítear thuas agus le Teideal VII den Chairt féin;

DE BHRÍ go bhforáiltear le hAirteagal 6 dá dtagraítear thuas nach mór do chúirteanna na Polainne agus na Ríochta Aontaithe an Chairt a chur i bhfeidhm agus a léiriú i gcomhréir dhlúth leis na míniúcháin dá dtagraítear san Airteagal sin;

DE BHRÍ go bhfuil idir chearta agus phrionsabail sa Chairt;

DE BHRÍ go bhfuil forálacha sa Chairt ar forálacha sibhialta agus forálacha polaitiúla iad, agus forálacha ar forálacha eacnamaíocha agus forálacha sóisialta iad;

DE BHRÍ go n-athdhaingnítear leis an gCairt na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear san Aontas agus go dtugann sí chun léargais iad, ach mar sin féin nach gcruthaíonn sí cearta nua ná prionsabail nua;

AG MEABHRÚ DÓIBH na hoibleagáidí a chuirtear ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur mian leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de chur i bhfeidhm na Cairte;

ÓS MIAN LEO dá bhrí sin soiléiriú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte i ndáil le dlíthe agus i ndáil le gníomhaíocht riaracháin na Polainne agus na Ríochta Aontaithe agus ar a hinbhreithnitheacht sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH, maidir leis na tagairtí atá sa Phrótacal seo do chur chun feidhme forálacha áirithe den Chairt, nach dochar ar bith iad do chur chun feidhme forálacha eile den Chairt;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do chur i bhfeidhm na Cairte maidir leis na Ballstáit eile;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do na hoibleagáidí eile atá ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

1. Ní chuireann an Chairt le cumas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná le cumas aon chúirte nó aon bhinse de chuid na Polainne nó na Ríochta Aontaithe a shuíomh nach bhfuil dlíthe, rialacháin nó forálacha, cleachtais nó gníomhaíocht riaracháin na Polainne nó na Ríochta Aontaithe ar comhréir leis na cearta, leis na saoirsí agus leis na prionsabail bhunúsacha sin a athdhaingníonn sí.

2. Go háirithe, agus chun amhras a sheachaint, ní chruthaíonn aon ní i dTeideal IV den Chairt aon chearta inbhreithnithe a bheidh infheidhme maidir leis an bPolainn nó an Ríocht Aontaithe, ach amháin a mhéid a fhoráiltear do na cearta sin i ndlí náisiúnta na Polainne nó na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 2

I gcás ina dtagróidh foráil den Chairt do dhlíthe náisiúnta agus do chleachtais náisiúnta, ní bheidh feidhm aici maidir leis an bPolainn ná leis an Ríocht Aontaithe ach a mhéid a aithnítear i ndlí nó i gcleachtais na Polainne nó na Ríochta Aontaithe na cearta agus na prionsabail atá inti.

PRÓTACAL (Uimh. 31)

MAIDIR LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH AR THÁIRGÍ PEITRILIAM ARNA SCAGADH IN AINTILLÍ NA hÍSILTÍRE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO cruinneas a bheith ag baint leis na socruithe trádála is infheidhme maidir le hallmhairiú isteach san Aontas Eorpach ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Baineann an Prótacal seo leis na táirgí peitriliam faoi cheannteidil 27.10, 27.11, 27.12, ex 27.13 (pairifín, céireacha peitriliam nó scealla agus iarmhair phairifíneacha) agus 27.14 in ainmníocht na Bruiséile a allmhairítear lena gcur in úsáid sna Ballstáit.

Airteagal 2

Gabhann na Ballstáit orthu féin go dtabharfar do tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre na buntáistí taraife a thig dá gcomhlachú leis an Aontas, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Phrótacal seo. Beidh feidhm leis na forálacha sin, cibé rialacha i dtaobh tionscnamh earraí a chuireann na Ballstáit chun feidhme.

Airteagal 3

1. Nuair a shonróidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó uaidh féin, go bhfuil an t-allmhairiú isteach san Aontas ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, ag tarraingt deacraí iarbhír ar mhargadh Ballstáit nó Ballstát cinnfidh sé go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na dleachtanna custaim is inchurtha ar na hallmhairí sin a thabhairt isteach, a mhéadú nó a atabhairt isteach, a mhéid is gá agus don tréimhse is gá chun freagairt don chor sin. Ní fhéadfaidh rátaí na ndleachtanna custaim a thabharfar isteach, a mhéadófar nó a atabharfar isteach amhlaidh bheith níos mó ná rátaí na ndleachtanna custaim is infheidhme i leith tríú tíortha i gcás na dtáirgí céanna.

2. Féadfar na forálacha atá leagtha síos sa mhír roimhe seo a chur chun feidhme i ngach cás nuair a shroichfidh a n-allmhaireofar isteach san Aontas de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre dhá mhilliún tonna méadrach sa bhliain.

3. Cuirfear i bhfios don Chomhairle na cinntí a ghlac an Coimisiún de bhua na míreanna roimhe seo, lena n-áirítear na cinntí a bhéarfadh go ndiúltófaí don iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh an Chomhairle gníomhú ina leith ar iarratas ó gach Bhallstát agus féadfaidh sí i gcónaí iad a leasú nó iad a chúlghairm.

Airteagal 4

1. Má mheasann Ballstát go bhfuil allmhairiú táirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go díreach nó trasna Ballstáit eile, faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, ag tarraingt deacraí iarbhír ar a mhargadh agus gur gá gníomhú láithreach chun freagairt dóibh, féadfaidh sé a chinneadh uaidh féin ar dhleachtanna custaim a chur ar na hallmhairí sin nach mbeidh a rátaí níos mó ná rátaí na ndleachtanna custaim is infheidhme i leith tríú tíortha i gcás na dtáirgí céanna. Cuirfidh sé an cinneadh sin i bhfios don Choimisiún agus cinnfidh an Coimisiún laistigh de thréimse míosa cé acu a fhéadfar cloí leis na bearta a ghlac an Stát nó a dhlífear iad a leasú nó a chealú. Bainfidh forálacha Airteagal 3(3) le cinneadh sin an Choimisiúin.

2. I gcás a n-allmhaireofar de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go díreach nó trasna Ballstáit eile faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, isteach i mBallstát amháin nó níos mó den Aontas Eorpach a dhul, i rith bliana féilire, thar na tonnáistí a thaispeántar in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, measfar na bearta a bheadh le glacadh de bhun mhír 1 ag an mBallstát nó ag na Ballstáit sin don bhliain reatha a bheith ina mbearta bailí. Déanfaidh an Coimisiún, ar a bheith deimhin de gur sroicheadh na tonnáistí socraithe, na bearta a glacadh a thabhairt dá aire. Sa chás sin, ní chuirfidh na Ballstáit eile aon iarratas faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 5

Má chinneann an tAontas ar shrianta cainníochtúla a chur chun feidhme ar allmhairiú táirgí peitriliam ó gach áit, féadfar na srianta sin a chur i bhfeidhm chomh maith ar allmhairiú na dtáirgí sin ó Aintillí na hÍsiltíre. I gcás den sórt sin déanfar cóir fhabhrach i gcomparáid le tríú tíortha a áirithiú d'Aintillí na hÍsiltíre.

Airteagal 6

1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha atá leagtha síos in Airteagail 2 go 5 a leasú, ar chomhshainiú tionscnaimh a ghlacadh i gcás na dtáirgí peitriliam ó thríú tíortha agus ó tíortha comhlachaithe nó ar chinntí a ghlacadh faoi chuimsiú comhbheartais tráchtála do na táirgí atá i gceist nó ar chomhbheartas fuinnimh a bhunú.

2. Ach, nuair a dhéanfar leasú amhlaidh, dlífear i ngach cás buntáistí coibhéiseacha a choinneáil ar bun i leith Aintillí na hÍsiltíre i bhfoirm iomchuí agus le haghaidh cainníocht nach lú ná dhá mhilliún go leith tonna méadrach de tháirgí peitriliam.

3. Féadfar oibleagáidí an Aontais maidir leis na buntáistí coibhéiseacha atá luaite i mír 2 den Airteagal seo a chionroinnt, más gá sin, idir na tíortha, agus na tonnáistí a thaispeántar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo á gcur san áireamh.

Airteagal 7

Chun an Prótacal seo a chomhalladh, beidh de chúram ar an gCoimisiún faire a choimeád ar a mbeidh á n-allmhairiú isteach sna Ballstáit de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre. Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis fhóinteach ina leith sin a chur in iúl don Choimisiún, a áiritheoidh go dtabharfar leathantas di, ar na modhanna riaracháin a mholann sé.

IARSCRÍBHINN LEIS AN bPRÓTACAL

Chun go gcuirfear i ngníomh mír 2 d'Airteagal 4 den Phrótacal a bhaineann le hallmhairiú isteach san Aontas Eorpach ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis a chinneadh go ndéanfar dhá mhilliún tonna méadrach de tháirgí peitriliam ó na hAintillí a chionroinnt mar a leanas idir na Ballstáit:

An Ghearmáin … | 625000 tonna méadrach |

Aontas Eacnamaíochta na Beilge-Lucsamburg … | 200000 tonna méadrach |

An Fhrainc … | 75000 tonna méadrach |

An Iodáil … | 100000 tonna méadrach |

An Ísiltír … | 1000000 tonna méadrach |

PRÓTACAL (Uimh. 32)

MAIDIR LE MAOIN A FHÁIL SA DANMHAIRG

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

D'ainneoin fhorálacha na gConarthaí, féadfaidh an Danmhairg a cuid reachtaíochta atá ann cheana a choimeád ar bun maidir le háit chónaithe thánaisteach a fhá

PRÓTACAL (Uimh. 33)

MAIDIR LE hAIRTEAGAL 157 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mheasfar mar phá sochair de bhun córas gairmiúil slándála sóisialta más féidir agus a mhéad is féidir iad a chur i leith tréimhsí fostaíochta roimh an 17 Bealtaine 1990, amach ó chás oibrithe nó a gcleithiúnaithe a bheidh tar éis caingean nó éileamh is comhionann léi a thionscnamh roimh an dáta sin de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.

PRÓTACAL (Uimh. 34)

AR SHOCRUITHE SPEISIALTA DON GHRAONLAINN

Airteagal aonair

1. An chóir a thugtar, ar a n-allmhairiú isteach san Aontas, do tháirgí atá faoi réir ag comheagraíocht an mhargaidh do tháirgí iascaireachta agus ar de thionscnamh na Graonlainne iad, beidh ar áireamh inti, gan dochar do shásra chomheagraíocht an mhargaidh, díolúine ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir chomhéifeachta agus saoirse ó shrianta cainníochtúla agus bearta comhéifeachta, más sásúil don Aontas na deiseanna rochtana ar limistéir iascaireachta na Graonlainne a dheonófar don Aontas de bhun comhaontú idir an tAontas agus an t-údarás is freagrach as an nGraonlainn.

2. Na bearta uile a bhaineann leis na socruithe d'allmhairiú na dtáirgí sin, ar a n-áirítear iad siúd a bhaineann le glacadh na mbeart sin, glacfar iad de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

PRÓTACAL (Uimh.35)

MAIDIR LE hAIRTEAGAL 40.3.3 DE BHUNREACHT NA hÉIREANN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Ní dhéanfaidh aon ní sna Conarthaí, sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí ag leasú nó ag forlíonadh na gConarthaí sin aon difear d'Airteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.

PRÓTACAL (Uimh. 36)

MAIDIR LE FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ó fhorálacha institiúideacha na gConarthaí a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin go dtí na forálacha sa Chonradh sin, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Sa Phrótacal seo, ciallóidh "na Conarthaí" an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TEIDEAL I

FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 2

1. Don tréimhse sin den téarma parlaiminteach 2009-2014 atá fágtha an dáta a dtiocfaidh an tAirteagal seo i bhfeidhm, agus de mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 189 agus ar Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an dara mír d'Airteagal 107 agus ar Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a bhí i bhfeidhm tráth thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i Meitheamh 2009, agus de mhaolú ar líon na suíochán dá bhforáiltear leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na 18 suíochán seo a leanas leis na 736 shuíochán atá ann cheana, rud a fhágfaidh gur 754 líon iomlán chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa go sealadach go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2009-2014:

an Bhulgáir | 1 |

an Spáinn | 4 |

an Fhrainc | 2 |

an Iodáil | 1 |

an Laitvia | 1 |

Málta | 1 |

an Ísiltír | 1 |

an Ostair | 2 |

an Pholainn | 1 |

an tSlóivéin | 1 |

an tSualainn | 2 |

an Ríocht Aontaithe | 1 |

2. De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na daoine a líonfaidh na suíocháin bhreise dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann agus ar choinníoll gur trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a toghadh na daoine a bheidh i gceist:

(a) trí thoghcháin ad hoc le vótáil chomhchoiteann dhíreach sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha atá infheidhme maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

(b) trí thagairt do thorthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bhí ann ón 4 Meitheamh go dtí an 7 Meitheamh 2009; nó

(c) trí líon na gcomhaltaí is gá a bheith á ainmniú ag parlaimint náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, as measc a comhaltaí, i gcomhréir leis an nós imeachta a chinnfidh gach ceann de na Ballstáit sin.

3. In am trátha roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2014, glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN TROMLACH CÁILITHE

Airteagal 3

1. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhfaidh éifeacht le forálacha na míre seo agus le forálacha Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, an 1 Samhain 2014.

2. Idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, nuair a bheidh gníomh le glacadh, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go nglacfar é tríd an tromlach cáilithe mar atá sé sainithe i mír 3. Sa chás sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4.

3. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 235(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 10 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 7 |

An Ghearmáin | 29 |

An Eastóin | 4 |

Éire | 7 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 27 |

An Fhrainc | 29 |

An Iodáil | 29 |

An Chipir | 4 |

An Laitvia | 4 |

An Liotuáin | 7 |

Lucsamburg | 4 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 3 |

An Ísiltír | 13 |

An Ostair | 10 |

An Pholainn | 27 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 14 |

An tSlóivéin | 4 |

An tSlóvaic | 7 |

An Fhionlainn | 7 |

An tSualainn | 10 |

An Ríocht Aontaithe | 29 |

Glacfar gníomhartha má bhíonn 255 vóta ar a laghad i bhfabhar atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 255 vóta i bhfabhar atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó comhalta den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.

4. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna ina dtagraítear don tromlach cáilithe mar atá sé sainithe in Airteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LE FOIRMÍOCHTAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 4

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA

Airteagal 5

Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige leis an Ardionadaí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 6

Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal 240(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 7

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 301 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

Éire | 9 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 15 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24 |

Airteagal 8

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 305 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

Éire | 9 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 15 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24 |

TEIDEAL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH AR BHONN THEIDIL V AGUS VI DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH ROIMH CHONRADH LIOSPÓIN A THEACHT I bhFEIDHM

Airteagal 9

Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun na gConarthaí. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 10

1. Mar bheart idirthréimhseach, agus maidir le gníomhartha an Aontais i dtaca le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta arna nglacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, is iad seo a leanas na cumhachtaí a bheidh ag na hinstitiúidí ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: ní bheidh cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme agus fanfaidh cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa leagan a bheidh i bhfeidhm sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, mar atá siad, lena n-áirítear i gcásanna inar glacadh iad faoi Airteagal 35(2) den Chonradh sin ar an Aontas Eorpach.

2. Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.

3. Scoirfidh an beart idirthréimhseach dá dtagraítear i mír 1 d'éifeacht a bheith aige, ar scor ar bith, cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

4. Sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle nach nglacann sí, i ndáil leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, le cumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Má bhíonn an fógra sin tugtha ag an Ríocht Aontaithe, scoirfidh na gníomhartha ar fad dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith acu maidir léi ón dáta a rachaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na gníomhartha leasaithe atá infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe mar a luaitear i mír 2.

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe iarmhartacha agus na socruithe idirthréimhseacha is gá. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an chinnidh seo. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh freisin lena gcinnfear go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bharr gur scoir sí de bheith rannpháirteach sna gníomhartha sin.

5. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, tráth ar bith ina dhiaidh sin, fógra a thabhairt don Chomhairle á rá gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha nach bhfuil infheidhme a thuilleadh maidir léi de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, de réir mar a bheidh. Is iad na cumhachtaí a leagfar amach sna Conarthaí cumhachtaí na n-institiúidí i leith na ngníomhartha sin. Agus iad ag gníomhú faoi na Prótacail ábhartha, féachfaidh institiúidí an Aontais agus an Ríocht Aontaithe lena oiread rannpháirtíochta agus is féidir ón Ríocht Aontaithe in acquis an Aontais a athbhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais gan éifeacht thromchúiseach a bheith aige sin ar inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla de, ag urramú a gcomhchuibhis dóibh.

PRÓTACAL (Uimh. 37)

MAIDIR LEIS NA hIARMHAIRTÍ AIRGEADAIS TOISC CONRADH CEGC A DHUL IN ÉAG AGUS LEIS AN gCISTE TAIGHDE UM GHUAL AGUS CRUACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go ndearnadh sócmhainní agus dócmhainní uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, faoi mar a bhí siad an 23 Iúil 2002, a aistriú chuig an gComhphobal Eorpach an 24 Iúil 2002,

AG CUR SAN ÁIREAMH DÓIBH gurb inmhianaithe na cistí sin a úsáid le haghaidh taighde i réimsí atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach agus gur gá dá bharr sin rialacha sonracha áirithe a bhunú i dtaca leis sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

1. Faoi réir aon mhéadú nó laghdú a fhéadfaidh tarlú de thoradh ar na hoibríochtaí leachtaithe, measfar glanluach na sócmhainní agus na ndócmhainní sin, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC an 23 Iúil 2002, mar shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá dtagraítear mar "CEGC faoi leachtú". Ar an leachtú a bheith críochnaithe, tagrófar dóibh mar "Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach".

2. An t-ioncam ó na sócmhainní sin, dá dtagraítear mar "An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach", bainfear leas eisiach as le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo agus na ngníomhartha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 2

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na forálacha is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na prionsabail shár-riachtanacha.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta lena mbunófar treoirlínte ilbhliantúla airgeadais le haghaidh sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistíocht agus treoirlínte teicniúla a ghlacadh do chlár taighde an Chiste sin.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag forálacha na gConarthaí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo agus sna gníomhartha arna nglacadh dá bhun.

[*] Airteagal a tugadh isteach le Cinneadh 2008/79/CE, Euratom (IO L 145, 4 Meitheamh 2008, leathanach 240).

--------------------------------------------------

Dearbhuithe

a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin

arna shíniú an 13 Nollaig 2007

A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ

1. Dearbhú maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Daingníonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ceangailteach ó thaobh dlí, na cearta bunúsacha atá ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit

Ní dhéanann an Chairt raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht nua ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe leis na Conarthaí a mhodhnú.

2. Dearbhú maidir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint a dhéanamh ar dhóigh a chaomhnódh sainairíonna dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil agallamh ann go tráthrialta idir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine; d'fhéadfaí an t-agallamh sin a neartú nuair a aontóidh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún sin.

3. Dearbhú maidir le hAirteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Cuirfidh an tAontas san áireamh staid shonrach na dtíortha beagmhéide a dhéanann caidreamh sonrach gaireachta a choimeád ar bun leis.

4. Dearbhú maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Sannfar an suíochán breise i bParlaimint na hEorpa don Iodáil.

5. Dearbhú a bhaineann le cinneadh polaitiúil na Comhairle Eorpaí maidir leis an dréacht-Chinneadh i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-Chinneadh athbhreithnithe i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa don téarma parlaiminte 2009-2014, ar bhonn togra ó Pharlaimint na hEorpa.

6. Dearbhú maidir le hAirteagal 15(5) agus (6), le hAirteagal 17(6) agus (7) agus le hAirteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Nuair atá daoine á roghnú chun feidhmeanna Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a shealbhú, ní mór aird chuí a thabhairt ar an ngá atá ann éagsúlacht gheografach agus dhéimeagrafach an Aontais agus a chuid Ballstát a urramú.

7. Dearbhú maidir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus maidir le hAirteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil go nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh maidir le cur chun feidhme Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an dáta a síneofar Conradh Liospóin agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an lá a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm. Tá an dréachtchinneadh leagtha amach anseo thíos:

Dréacht-Chinneadh ón gComhairle

maidir le cur chun feidhme Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ba chóir forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar aistriú go réidh ón gcóras cinnteoireachta sa Chomhairle trí thromlach cáilithe, mar atá sé sainithe in Airteagal 3(3) den Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha, a leanfaidh de bheith infheidhme go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, go dtí an córas vótála dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a mbeidh feidhm aige ón 1 Samhain 2014, lena n-áirítear, le linn idirthréimhse go dtí an 31 Márta 2017, na sainfhorálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Phrótacal sin.

(2) Meabhraítear gurb é cleachtas na Comhairle a seandícheall a dhéanamh chun dlisteanacht dhaonlathach na ngníomhartha arna nglacadh trí thromlach cáilithe a neartú,

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Roinn 1

Na forálacha a chuirfear i bhfeidhm idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017

Airteagal 1

Má tharlaíonn, idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, go ndéanfaidh comhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn

(a) do thrí cheathrú ar a laghad den daonra, nó

(b) do thrí cheathrú ar a laghad de líon na mBallstát,

is gá chun bheith ina mionlach blocála mar thoradh ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhfreasúra in aghaidh an Chomhairle gníomh a ghlacadh trí thromlach cáilithe a chur i bhfios, pléifidh an Chomhairle an cheist.

Airteagal 2

Le linn na bpléití sin, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall, laistigh de thréimhse réasúnta agus gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, teacht ar réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag na comhaltaí sin den Chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 3

Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, gach tionscnamh is gá chun gur fusa teacht ar bhonn níos leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí na Comhairle gach cúnamh dó nó di.

Roinn 2

Forálacha a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2017

Airteagal 4

Má tharlaíonn ón 1 Aibreán 2017 go ndéanfaidh comhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn:

(a) do 55 % den daonra ar a laghad, nó

(b) do 55 % de líon na mBallstát ar a laghad,

is gá chun bheith ina mionlach blocála mar thoradh ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm a bhfreasúra in aghaidh an Chomhairle gníomh a ghlacadh trí thromlach cáilithe a chur i bhfios, pléifidh an Chomhairle an cheist.

Airteagal 5

Le linn na bpléití sin, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall, laistigh de thréimhse réasúnta agus gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, teacht ar réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag na comhaltaí sin den Chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 6

Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, gach tionscnamh is gá chun gur fusa teacht ar bhonn níos leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí na Comhairle gach cúnamh dó nó di.

Roinn 3

Teacht i bhfeidhm an chinnidh

Airteagal 7

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

8. Dearbhú maidir leis na bearta praiticiúla a thógfar ar theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin a mhéid a bhaineann le hUachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

I gcás ina dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2009, iarrfaidh an Chomhdháil ar údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht leathbhliantúil na Comhairle aige ag an am sin, de thaobh amháin, agus ar an duine a thoghfar ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach agus ar an duine a ainmneofar ina Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de thaobh eile, na bearta sonracha atá riachtanach a thógáil, i gcomhairle leis an Uachtaránacht atá le bheith ann don chéad leathbhliain eile, chun go mbeidh trasdul éifeachtach ann i leith gnéithe ábharacha agus eagrúcháin d'fheidhmiú Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

9. Dearbhú maidir le hAirteagal 16(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir don Chomhairle tús a chur leis an gcinneadh a ullmhú lena mbunófar nósanna cur chun feidhme an chinnidh maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a luaithe a bheidh Conradh Liospóin sínithe agus gur chóir di a formheas polaitiúil a thabhairt taobh istigh de shé mhí. Leagtar amach thíos dréacht-Chinneadh ón gComhairle Eorpach a ghlacfar an lá a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm:

Dréacht-Chinneadh ón gComhairle Eorpach

maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

Airteagal 1

1. Sealbhóidh grúpaí réamhbhunaithe de thrí Bhallstát uachtaránacht fhoirmíochtaí na Comhairle, seachas foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, go ceann tréimhse ocht mí dhéag. Beidh na grúpaí comhdhéanta ar bhonn uainíochta comhionainne idir na Ballstáit ag féachaint dá n-éagsúlacht agus don chothromaíocht gheografach san Aontas.

2. Beidh gach comhalta den ghrúpa ina chathaoirleach de réir uainíochta, go ceann tréimhse sé mhí, ar fhoirmíochtaí uile na Comhairle, seachas an fhoirmíocht Gnóthaí Eachtracha. Beidh comhaltaí eile an ghrúpa de chúnamh ag an gCathaoirleach i dtaca lena fhreagrachtaí uile ar bhonn comhchláir. Féadfaidh comhaltaí an ghrúpa socruithe eile a chinneadh eatarthu féin.

Airteagal 2

Beidh ionadaí de chuid an Bhallstáit a bheidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta ina chathaoirleach ar Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát.

Beidh ionadaí d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina chathaoirleach ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála.

Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 4, beidh an comhalta den ghrúpa a bheidh i gceannas ar an bhfoirmíocht ábhartha den Chomhairle i gceannas ar na comhlachtaí ullmhúcháin d'fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle, seachas an fhoirmíocht Gnóthaí Eachtracha.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhchuibheas agus leanúnachas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle a áirithiú faoi chuimsiú clár ilbhliantúil. Glacfaidh na Ballstáit a shealbhaíonn an Uachtaránacht gach beart is gá maidir le heagrú agus dea-oibriú imeachtaí na Comhairle, agus Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh acu.

Airteagal 4

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar na bearta chun an cinneadh seo a chur chun feidhme.

10. Dearbhú maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil, nuair nach mbeidh náisiúnaigh de chuid na mBallstát uile ina gcomhaltaí den Choimisiún a thuilleadh, gur chóir don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá ann trédhearcacht iomlán a áirithiú ina chaidreamh leis na Ballstáit uile. Dá dheasca sin, ba chóir don Choimisiún fanacht i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit uile, bíodh náisiúnach dá gcuid ina chomhalta den Choimisiún nó ná bíodh, agus sa chomhthéacs sin, aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá ann faisnéis a pháirtiú leis na Ballstáit uile agus dul i gcomhairle leo.

Measann an Chomhdháil freisin gur chóir don Choimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar na réaltachtaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha sna Ballstáit uile, lena n-áirítear iadsan nach bhfuil náisiúnach dá gcuid ina chomhalta den Choimisiún, a chur san áireamh go hiomlán. Ba chóir go mbeadh ar áireamh sna bearta sin ráthaíocht go gcuirfear staid na mBallstát sin san áireamh trí shocruithe eagrúcháin iomchuí a ghlacadh.

11. Dearbhú maidir le hAirteagal 17(6) agus (7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil, i gcomhréir le forálacha na gConarthaí, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach freagrach go comhpháirteach as dea-oibriú an phróisis chun Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Dá dheasca sin, sula nglacfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh, rachaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí i mbun an chomhairliúcháin is gá faoin gcreat a mheastar is iomchuí. Beidh an comhairliúchán sin dírithe ar chúlra na n-iarrthóirí d'oifig Uachtarán an Choimisiúin agus aird á tabhairt ar na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 17(7). Féadfar na socruithe don chomhairliúchán sin a chinneadh in am trátha de chomhthoil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach.

12. Dearbhú maidir le hAirteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

1. Dearbhaíonn an Chomhdháil go ndéanfar teagmháil mar is iomchuí le Parlaimint na hEorpa le linn na hoibre ullmhúcháin a bheidh ann roimh cheapachán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanfar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha; tosóidh téarma oifige an Ardionadaí an dáta céanna sin agus mairfidh sé go dtí deireadh théarma oifige an Choimisiúin a bheidh i bhfeidhm an dáta sin.

2. Meabhraítear don Chomhdháil chomh maith go gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a dtosóidh a théarma oifige siúd i Samhain 2009 ag an am céanna agus ar feadh na tréimhse céanna leis an gcéad Choimisiún eile, i gcomhréir le forálacha Airteagal 17 agus 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

13. Dearbhú maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanann forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear oifig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chruthú agus Seirbhís Gníomhaíochta Seachtraí a bhunú, difear do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit, faoi mar atá na freagrachtaí faoi láthair, a mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh ná do fhreagrachtaí a n-ionadaíochta náisiúnta i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Meabhraíonn an Chomhdháil freisin nach ndéanann na forálacha lena rialaítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta na mBallstát.

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir go leanfaidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de bheith faoi cheangal ag forálacha Chairt na Náisiún Aontaithe agus, go háirithe, ag an bpríomh-fhreagracht atá ar an gComhairle Slándála agus ar a mBallstáit an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú.

14. Dearbhú maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála

I dteannta na rialacha sonracha agus na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanfaidh na forálacha a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear an méid a bhaineann siad le hArdionadaí an Aontais don Chomhbheartas Eachtrach is Slándála agus leis an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí, difear don bhonn dlíthiúil atá ann, do fhreagrachtaí ná do chumhachtaí gach Ballstáit i dtaca lena mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh, lena seirbhís taidhleoireachta, lena gcaidreamh le tríú tíortha agus lena rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Ballstát a bheith ina chomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tugann an Chomhdháil dá haire freisin nach dtugann na forálacha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála cumhachtaí nua don Choimisiún chun cinntí a thionscnamh agus nach ndéanann siad ról Pharlaimint na hEorpa a mhéadú.

Meabhraíonn an Chomhdháil freisin nach ndéanann na forálacha lena rialaítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta na mBallstát.

15. Dearbhú maidir le hAirteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir d'Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála, don Choimisiún agus do na Ballstáit, a luaithe atá Conradh Liospóin sínithe, obair ullmhúcháin a thosú ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.

16. Dearbhú maidir le hAirteagal 55(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil go rannchuidíonn an chaoi chun aistriúcháin a dhéanamh de na Conarthaí sna teangacha atá luaite in Airteagal 55(2) leis an gcuspóir a ghnóthú maidir le saibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga an Aontais a urramú mar atá leagtha amach sa cheathrú fomhír d'Airteagal 3(3). Sa chomhthéacs sin, daingníonn an Chomhdháil cion an Aontais le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa agus an aire ar leith a leanfaidh sé de bheith á tabhairt do na teangacha sin agus do theangacha eile.

Molann an Chomhdháil do na Ballstáit sin ar mian leo an chaoi atá aitheanta in Airteagal 55(2) a thapú a chur i bhfios don Chomhairle, laistigh de shé mhí ó dháta Conradh Liospóin a shíniú, an teanga nó na teangacha chun a ndéanfar na Conarthaí a aistriú.

17. Dearbhú maidir le tosaíocht

Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainmhínítear leis an gcásdlí sin.

Tá an Chomhdháil tar éis a chinneadh freisin Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle maidir leis an tosaíocht atá ag dlí CE mar a leagtar amach in 11197/07 (JUR 260) í a chur i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

"Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle

an 22 Meitheamh 2007

Tá sé mar thoradh ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil tosaíocht dhlí an Chomhphobail ar cheann de phrionsabail bhunúsacha dhlí an Chomhphobail. Dar leis an gCúirt, is prionsabal é atá de dhlúth agus d'inneach i gcineál sonrach an Chomhphobail Eorpaigh. Tráth tugtha chéad bhreithiúnas an chásdlí shocair sin (Costa/ENEL, an 15 Iúil 1964, Cás 6/64 [1]) níor luadh tosaíocht sa Chonradh. Is amhlaidh atá an cás fós sa lá atá inniu ann. Ní dhéanfaidh easpa tagartha do phrionsabal na tosaíochta sa Chonradh nua aon athrú ar an bprionsabal sin a bheith ann ná ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá i bhfeidhm.

18. Dearbhú maidir le hinniúlachtaí a theorannú

Dearbhaíonn an Chomhairle gurb amhlaidh, i gcomhréir le córas roinnte na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit dá bhforáiltear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go bhfanann na hinniúlachtaí uile nach dtugtar don Aontas sna Conarthaí leis na Ballstáit.

Nuair a dhéanann na Conarthaí inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse áirithe a thabhairt don Aontas, feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil an tAontas tar éis a inniúlacht a fheidhmiú, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú. Féadfaidh an méid sin tarlú i gcás ina gcinnfidh institiúidí ábhartha an Aontais gníomh reachtach a aisghairm, go háirithe d'fhonn gur fearr a d'áiritheofaí urramú phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta i gcónaí. Féadfaidh an Chomhairle, ar thionscnamh ó chomhalta amháin nó níos mó ná comhalta amháin dá cuid (ionadaithe na mBallstát) agus i gcomhréir le hAirteagal 241 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí chun gníomh reachtach a aisghairm a chur faoina bráid. Tá áthas ar an gComhdháil go bhfuil an Coimisiún ag fógairt go dtabharfaidh sé aird ar leith ar an gcineál éilimh sin.

Ar an gcuma chéanna, féadfaidh ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i gComhdháil Idir-Rialtasach, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá bhforáiltear in Airteagal 48(2) go (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh go leasófaí na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí sin a mhéadú nó a laghdú.

19. Dearbhú maidir le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn an Chomhdháil gurb é is aidhm don Aontas ina bheartais éagsúla, faoi chuimsiú a chuid iarrachtaí ginearálta na neamhionannais idir mná agus fir a dhíchur, gach saghas foréigin bhaile a chomhrac. Is cóir do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun na gníomhartha coiriúla sin a chosc agus a phionósú agus chun tacú leis na híospartaigh agus iad a chosaint.

20. Dearbhú maidir le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach mór aird chuí a thabhairt ar shainghnéithe sonracha an ábhair nuair atá rialacha le glacadh ar bhonn Airteagal 16 a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint a bhféadfadh impleachtaí díreacha a bheith acu ar an tslándáil náisiúnta. Meabhraíonn sí go bhfuil maoluithe sonracha i dtaca leis sin ar áireamh sa reachtaíocht atá infheidhme faoi láthair (féach go háirithe Treoir 95/46/CE).

21. Dearbhú maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta

Aithníonn an Chomhdháil go bhféadfadh sé gur gá rialacha sonracha a bheith ann maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus le saorghluaiseacht na sonraí sin i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta atá bunaithe ar Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar gheall ar chineál sonrach na réimsí sin.

22. Dearbhú maidir le hAirteagail 48 agus 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Measann an Chomhdháil más rud é go ndéanfadh dréachtghníomh reachtach arna bhunú ar Airteagal 79(2) difear do ghnéithe tábhachtacha de chóras slándála sóisialta Ballstáit, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin mar atá leagtha amach sa dara mír d'Airteagal 48, go dtabharfar aird chuí ar leasanna an Bhallstáit sin.

23. Dearbhú maidir leis an dara mír d'Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Meabhraíonn an Chomhdháil go nglacann an Chomhairle Eorpach cinntí sa chás sin trí chomhthoil, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

24. Dearbhú maidir le pearsantacht dhlítheanach an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach n-údaróidh pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an Aontas Eorpach don Aontas reachtú nó gníomhú lasmuigh de na cumhachtaí atá tugtha ag na Ballstáit dó sna Conarthaí.

25. Dearbhú maidir le hAirteagail 75 agus 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Meabhraíonn an Chomhdháil go leanann sé go háirithe ó chearta agus saoirsí bunúsacha a urramú go dtabharfar aire chuí do chearta próisis chuí na ndaoine aonair agus na n-eintiteas i dtrácht a chosaint agus a urramú. Chuige sin agus chun athbhreithniú breithiúnach críochnúil a ráthú ar chinntí a chuireann duine aonair nó eintiteas faoi réir beart sriantach, ní mór na cinntí sin a fhothú ar chritéir shoiléire leithleacha. Ba chóir na critéir sin a chur in oiriúint do na saintréithe atá ag gach beart sriantach.

26. Dearbhú maidir le neamh-rannpháirtíocht Ballstáit i mbeart atá bunaithe ar Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, nuair a roghnaíonn Ballstát gan a bheith rannpháirteach i mbeart atá bunaithe ar Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanfaidh an Chomhairle dianphlé ar na himpleachtaí agus ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr neamh-rannpháirtíocht an Bhallstáit sa bheart sin.

Ina theannta sin, féadfaidh gach Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún an staid a iniúchadh ar bhonn Airteagal 116 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ní dochar na míreanna thuas do Bhallstát a bheith in ann an cheist sin a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí.

27. Dearbhú maidir leis an dara fomhír d'Airteagal 85(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Measann an Chomhdháil gur cóir do na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 85(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh aird a thabhairt ar rialacha agus ar chleachtais náisiúnta a bhaineann le himscrúduithe coiriúla a thionscnamh.

28. Dearbhú maidir le hAirteagal 98 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha Airteagal 98 i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Forléireofar an abairt "sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh" i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

29. Dearbhú maidir le hAirteagal 107(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go léireofar Airteagal 107(2)(c) i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le hinfheidhmeacht na bhforálacha sin maidir le cabhair arna deonú do limistéir áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir seandeighilt na Gearmáine as dóibh.

30. Dearbhú maidir le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

I dtaca le hAirteagal 126, daingníonn an Chomhdháil gurb iad an dá philéar atá le beartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais agus na mBallstát cumas fáis a ardú agus riochtaí buiséadacha cobhsaí a ráthú. Is uirlis thábhachtach é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun na spriocanna sin a ghnóthú.

Athdhaingníonn an Chomhdháil a tiomantas do na forálacha maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis mar chreat chun beartais bhuiséadacha sna Ballstáit a chomhordú.

Daingníonn an Chomhdháil gur córas atá bunaithe ar rialacha an dóigh is fearr chun a ráthú go ndéanfar na gealltanais a fhorfheidhmiú agus go gcuirfear cóir chomhionann ar na Ballstáit uile.

Laistigh den chreat sin, athdhaingníonn an Chomhdháil freisin a tiomantas do spriocanna straitéis Liospóin: cruthú fostaíochta, athchóiriú struchtúrach agus comhtháthú sóisialta.

Is é is aidhm don Aontas fás eacnamaíoch cothromaithe agus cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Dá dheasca sin, caithfidh na beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na tosaíochtaí leormhaithe a shocrú maidir le leasúcháin eacnamaíocha, nuáil, iomaíochas, agus leis an infheistíocht phríobháideach agus an tomhaltas príobháideach a neartú le linn tréimhsí lag-fháis eacnamaíoch. Is cóir é sin a léiriú i dtreoirlínte na gcinntí buiséadacha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an ioncam agus an caiteachas poiblí a athstruchtúrú agus an smacht buiséadach á urramú i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Na dúshláin bhuiséadacha agus eacnamaíocha atá le tabhairt ag na Ballstáit, cuireann siad i dtreis an tábhacht atá le beartas buiséadach cobhsaí i gcaitheamh an timthrialla eacnamaíoch.

Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir do na Ballstáit leas gníomhach a bhaint as tréimhsí téarnaimh eacnamaíoch chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú agus a riocht buiséadach a fheabhsú. Is é an cuspóir atá aige seo barrachas buiséadach a bhaint amach de réir a chéile aimsir an dea-shaoil ionas go mbeifear in ann déileáil le cora chun donais eacnamaíocha agus rannchuidiú mar sin le hinbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Tá na Ballstáit ag tnúth le haon tograí a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh mar aon le haighneachtaí breise ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a neartú agus a shoiléiriú. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cumas fáis a ngeilleagar a ardú. D'fhéadfadh comhordú feabhsaithe ar an mbeartas eacnamaíoch tacú leis an gcuspóir seo. Tá an Dearbhú seo gan dochar don díospóireacht sa todhchaí maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

31. Dearbhú maidir le hAirteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Daingníonn an Chomhdháil go dtagann na beartais atá tuairiscithe in Airteagal 156 faoi inniúlacht na mBallstát don mhórchuid. Is bearta de chineál comhlántach na bearta atá le glacadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo chun dreasacht a chur ar fáil agus an comhordú a chur chun cinn. Fónfaidh siad chun comhar idir na Ballstáit a neartú agus ní chun córais náisiúnta a chomhchuibhiú. Ní dhéanfar difear do na ráthaíochtaí agus na cleachtais atá ann i ngach Ballstát maidir le freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta.

Tá an Dearbhú seo gan dochar d'fhorálacha na gConarthaí a thugann inniúlacht don Aontas, lena n-áirítear inniúlacht i gcúrsaí sóisialta.

32. Dearbhú maidir le hAirteagal 168(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach foláir do na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 168(4)(c) cúraimí comhchoiteanna slándála a chomhlíonadh agus nach foláir é a bheith de chuspóir acu ardchaighdeáin cháilíochta agus slándála a shocrú, i gcás ina gcoiscfeadh na caighdeáin náisiúnta a théann i gcion ar an margadh inmheánach, murach sin, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhaint amach.

33. Dearbhú maidir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Measann an Chomhdháil go bhféadfar Stáit oileánacha ina n-iomláine a bheith ar áireamh sa tagairt in Airteagal 174 do "limistéir oileánacha", faoi réir na critéir is gá a chomhall.

34. Dearbhú maidir le hAirteagal 179 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn an Chomhdháil go dtabharfaidh gníomhaíocht an Aontais i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche aird chuí ar threoirlínte agus roghanna bunúsacha bheartais taighde na mBallstát.

35. Dearbhú maidir le hAirteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Creideann an Chomhdháil nach ndéanann Airteagal 194 difear do cheart na mBallstát na bearta is gá a ghlacadh chun a soláthar fuinnimh a áirithiú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 347.

36. Dearbhú maidir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Daingníonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta sna réimsí atá folaithe i gCaibidlí 3, 4 agus 5 de Theideal V de Chuid a Trí a mhéad a chomhlíonann na comhaontuithe sin dlí an Aontais.

37. Dearbhú maidir le hAirteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Gan dochar do na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun a oibleagáid dlúthpháirtíochta a chomhlíonadh i leith Ballstáit a fhulaingíonn ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine, ní hé is aidhm d'aon fhoráil in Airteagal 222 difear a dhéanamh do cheart Ballstáit eile na meáin is iomchuí a roghnú chun a oibleagáid dlúthpháirtíochta féin i leith an Bhallstáit sin a chomhlíonadh.

38. Dearbhú i ndáil le hAirteagal 252 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le líon na nAbhcóidí Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais

Dearbhaíonn an Chomhdháil, más rud é go n-iarrann an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 252 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go méadófar ar líon na nAbhcóidí Ginearálta le trí dhuine bhreise (aon duine dhéag seachas ochtar), aontóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, leis an méadú sin.

Sa chás sin, aontaíonn an Chomhdháil go mbeidh Abhcóide Ginearálta buan ag an bPolainn, faoi mar atá faoi láthair ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an Spáinn, agus ag an Ríocht Aontaithe, agus nach mbeidh sí rannpháirteach a thuilleadh sa chóras uainíochta; fairis sin, beidh cúigear Abhcóidí Ginearálta sa chóras uainíochta atá ann faoi láthair in ionad triúir.

39. Dearbhú maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus dréachtghníomhartha arna dtarmligean i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige.

40. Dearbhú maidir le hAirteagal 329 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit a chur i bhfios, nuair a dhéanann siad iarraidh comhar feabhsaithe a chur ar bun, an bhfuil sé ar intinn acu cheana ag an bpointe sin leas a bhaint as Airteagal 333 lena bhforáiltear don vótáil trí thromlach cáilithe a fhorleathnú nó dul ar iontaoibh an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

41. Dearbhú maidir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur tagairt do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do na cuspóirí in Airteagal 3(5) den Chonradh sin i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach de bhua Chuid a Cúig den Chonradh ar an Aontas Eorpach an tagairt do chuspóirí an Aontais atá in Airteagal 352(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir nach bhféachfadh aon ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le cuspóirí eile a shaothrú chomh maith leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I dtaca leis sin, tugann an Chomhdháil dá haire nach bhféadfar, i gcomhréir le hAirteagal 31(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhartha reachtacha a ghlacadh i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

42. Dearbhú maidir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhféadfaidh Airteagal 352 den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar chuid dhílis de chóras institiúideach atá bunaithe ar phrionsabal na gcumhachtaí arna dtabhairt, bheith ina bhunús chun raon chumhachtaí an Aontais a fhairsingiú thar an gcreat atá cruthaithe le forálacha na gConarthaí ina n-iomláine agus go háirithe leis na forálacha sin lena sainmhínítear cúraimí agus gníomhaíochtaí an Aontais. Ní fhéadfar, ar chor ar bith, leas a bhaint as an Airteagal sin mar bhunús chun forálacha a ghlacadh arb é a n-éifeacht shubstaintiúil na Conarthaí a leasú gan cloí leis an nós imeachta a sholáthraíonn siad chuige sin.

43. Dearbhú maidir le hAirteagal 355(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn na hArdpháirtithe Conarthacha go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach, de bhun Airteagal 355(6) cinneadh as a dtiocfaidh modhnú ar stádas Mayotte i leith an Aontais chun réigiún forimeallach a dhéanamh den chríoch sin de réir bhrí Airteagal 355(1) agus Airteagal 349 nuair a chuirfidh údaráis na Fraince in iúl don Chomhairle Eorpach agus don Choimisiún go gceadaítear sin leis an éabhlóid atá ar siúl maidir le stádas inmheánach an oileáin.

B. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS NA CONARTHAÍ

44. Dearbhú maidir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire gurb amhlaidh, i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát faoi Airteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nach mian léi a bheith rannpháirteach i dtogra nó i dtionscnamh, go bhféadfar an fógra a tharraingt siar tráth ar bith sula nglacfar an beart chun cur le acquis Schengen.

45. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, aon uair a chuirfidh an Ríocht Aontaithe nó Éire in iúl don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici gan bheith rannpháirteach i mbeart a chuireann le cuid de acquis Schengen ina bhfuil sí rannpháirteach, go ndéanfaidh an Chomhairle dianphlé ar na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr neamh-rannpháirtíocht an Bhallstáit sin sa bheart sin. Seolfar an plé sa Chomhairle i bhfianaise na sonraí a thabharfaidh an Coimisiún maidir leis an ngaol idir an togra agus acquis Schengen.

46. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, mura nglacfaidh an Chomhairle cinneadh tar éis di an t-ábhar a phlé go substaintiúil den chéad uair, go bhféadfaidh an Coimisiún togra arna leasú a chur faoina bráid chun go ndéanfadh an Chomhairle athscrúdú substaintiúil air laistigh den teorainn ama 4 mhí.

47. Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go bhféadfadh na coinníollacha a bheidh le cinneadh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3, 4 nó 5 d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh a chinneadh go n-iompróidh an Ballstát lena mbaineann na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bhrí gur scoir sé a rannpháirtíocht i gcuid den acquis nó san acquis ina iomláine dá dtagraítear in aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4 den Phrótacal sin.

48. Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge

Tugann an Chomhdháil dá haire, i ndáil leis na gníomhartha dlí atá le glacadh ag an gComhairle ag gníomhú di ina haonar nó i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa agus ina bhfuil forálacha is infheidhme maidir leis an Danmhairg chomh maith le forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg toisc go bhfuil bunús dlí acu a bhfuil feidhm ag Cuid I den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge ina leith, go ndearbhaíonn an Danmhairg nach n-úsáidfidh sí a ceart vótála chun glacadh forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg a chosc.

Fairis sin, tugann an Chomhdháil dá haire go ndearbhaíonn an Danmhairg, ar bhonn an Dearbhaithe ón gComhdháil maidir le hAirteagal 222 go mbeidh rannpháirtíocht na Danmhairge i ngníomhaíochtaí nó i ngníomhartha dlí de bhun Airteagal 222 i gcomhréir le Cuid I agus Cuid II den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge.

49. Dearbhú maidir leis an Iodáil

Tugann an Chomhdháil dá haire a raibh ráite sa Phrótacal maidir leis an Iodáil a cuireadh i gceangal i 1957 leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar atá arna leasú tráth an Conradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh:

"TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna áirithe ar leith a bhaineann leis an Iodáil a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

TÓGANN BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL

SUNTAS DE go bhfuil Rialtas na hIodáile ag gabháil do chlár deich mbliana d'fhorbraíocht eacnamaíoch atá ceaptha chun na míchothromaíochtaí i ngréasán eacnamaíoch na hIodáile a cheartú, go háirithe trí bhonneagar a chur ar fáil do na limistéir lagfhorbartha i nDeisceart na hIodáile agus ar oileáin na hIodáile agus trí phoist nua a chruthú d'fhonn an dífhostaíocht a dhíchur.

TUGANN SIAD CHUN CUIMHNE go bhfuil prionsabail agus cuspóirí chlár seo Rialtas na hIodáile breithnithe agus formheasta ag eagraíochtaí um chomhar idirnáisiúnta ar comhaltaí díobh na Ballstáit.

AITHNÍONN SIAD gurb é a gcomhleas é go mbainfí amach cuspóirí chlár na hIodáile.

COMHAONTAÍONN SIAD, chun cuidiú le Rialtas na hIodáile an cúram sin a thabhairt chun críche, ar a mholadh d'institiúidí an Chomhphobail leas a bhaint as na modhanna agus na nósanna imeachta go léir dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus, go háirithe, úsáid iomchuí a dhéanamh d'acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Chiste Sóisialach na hEorpa.

IS É A dTUAIRIM gur chóir d'institiúidí an Chomhphobail, ag cur an Chonartha seo chun feidhme dóibh, aird a thabhairt ar an iarracht leanúnach atá le déanamh ag geilleagar na hIodáile sna blianta le teacht agus ar a mhéad is inmhianaithe go seachnófaí strusanna contúirteacha, go háirithe i gcomhardú na n-íocaíochtaí nó i leibhéal na fostaíochta, a d'fhéadfadh bheith ina mbaol d'fheidhmiú an Chonartha seo san Iodáil.

AITHNÍONN SIAD go mbeidh sé riachtanach, má chuirtear Airteagail 109h agus 109i i bhfeidhm, cúram a ghlacadh nach rachaidh aon bhearta dá n-éileofar ar Rialtas na hIodáile chun dochair do chomhlíonadh a chláir chun forbraíocht eacnamaíoch a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála an phobail a ardú.".

50. Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlí lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlí a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.

C. DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT

51. Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta

Is mian leis an mBeilg a chur i bhfios, i gcomhréir lena dlí bunreachtúil, go ndéanann Teach Ionadaithe agus Seanad na Parlaiminte Cónaidhme mar aon le tionóil pharlaiminteacha na bPobal agus na Réigiún, i bhfianaise na n-inniúlachtaí arna bhfeidhmiú ag an Aontas, gníomhú mar chomhpháirteanna den chóras parlaiminteach náisiúnta nó mar sheomraí den Pharlaimint náisiúnta.

52. Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic go leanfaidh an bhratach a bhfuil ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm uirthi, an roscamhrán "Óid don Aoibhneas" as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven, an mana "Aontaithe san éagsúlacht", an euro mar airgeadra an Aontais Eorpaigh agus lá na hEorpa an 9 Bealtaine de bheith ina siombailí dóibhsean de bhallraíocht choiteann na ndaoine san Aontas Eorpach agus den cheangal atá acu leis an Aontas Eorpach.

53. Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

1. Meabhraíonn Poblacht na Seice gur ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh atá forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh dírithe agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, faoi mar a athdhaingnítear i nDearbhú (Uimh. 18) maidir le hinniúlachtaí a theorannú. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir nach ndírítear forálacha na Cairte ar na Ballstáit seachas nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu agus nach ndírítear orthu iad nuair a bhíonn dlí náisiúnta á ghlacadh ná á chur chun feidhme acu gan spleáchas ar dhlí an Aontais.

2. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir freisin nach ndéantar raon feidhme dhlí an Aontais a leathnú leis an gCairt ná nach mbunaítear aon chumhacht nua de chuid an Aontais léi. Ní laghdaítear raon feidhme an dlí náisiúnta léi ná ní chuirtear srian léi ar aon chumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta sa réimse seo faoi láthair.

3. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go tréan, maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha, a mhéid a aithnítear sa Chairt iad mar a eascraíonn siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, nach mór iad a léiriú i gcomhréir leis na traidisiúin sin.

4. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go daingean, lena chois sin, nach bhféadfar rud ar bith atá sa Chairt a léiriú ar bhealach a chuirfeadh srian ar chearta an duine ná ar shaoirsí bunúsacha ná a dhéanfadh dochar dóibh, mar a aithnítear ina raon feidhme faoi seach iad le dlí an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le Bunreachtanna na mBallstát.

54. Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne

Tugann an Ghearmáin, Éire, an Ungáir, an Ostair agus an tSualainn dá n-aire nach ndearnadh croí-fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leasú go substaintiúil ó tháinig sé i bhfeidhm agus gur gá iad a thabhairt suas chun dáta. Mar sin, tá siad i bhfabhar Comhdháil d'Ionadaithe Rialtais na mBallstát a chomóradh a luaithe is féidir.

55. Dearbhú ó Ríocht na Spáinne agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Tá feidhm ag na Conarthaí maidir le Giobráltar mar chríoch Eorpach a bhfuil Ballstát freagrach as a chaidreamh eachtrach. Ní leanfaidh uaidh sin aon athrú i seasaimh faoi seach na mBallstát i dtrácht.

56. Dearbhú ó Éirinn maidir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Daingníonn Éire a tiomantas don Aontas mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a urramaíonn cearta bunúsacha agus córais dlí éagsúla agus traidisiúin éagsúla na mBallstát agus ina gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta ar fáil do na saoránaigh.

Dá réir sin, dearbhaíonn Éire go bhfuil sé de rún daingean aici a ceart a fheidhmiú, faoi Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, chun bheith rannpháirteach i nglacadh beart de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mhéid a mheasann sí is féidir.

Beidh Éire, go háirithe, rannpháirteach a mhéid is féidir i mbearta i réimse an chomhair phóilíneachta.

Fairis sin, meabhraítear d'Éirinn gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal, go bhféadfaidh sí fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle nach mian léi a thuilleadh a bheith folaithe ag téarmaí an Phrótacail. Tá sé d'intinn ag Éirinn oibriú na socruithe sin a athbhreithniú laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.

57. Dearbhú ó Phoblacht na hIodáile maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Tugann an Iodáil dá haire go bhfuil Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe de shaoránaigh an Aontais a ndéanfar ionadaíocht chomhréireach chéimlaghdaitheach orthu, i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Tugann an Iodáil dá haire freisin gur saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúnacht Ballstáit aige, de bhun Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de bhun Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, measann an Iodáil gur cheart do gach cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 14(2) a urramú, gan dochar don chinneadh maidir leis an téarma parlaiminte 2009-2014.

58. Dearbhú ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na hUngáire agus ó Phoblacht Mhálta maidir le litriú ainm an airgeadra aonair sna Conarthaí

Gan dochar do litriú aontaithe ainm airgeadra aonair an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear sna Conarthaí agus mar atá ar na nótaí bainc agus ar na monaí, dearbhaíonn an Laitvia, an Ungáir agus Málta nach bhfuil aon éifeacht ag litriú ainm an airgeadra aonair, lena n-áirítear a dhíorthaigh, mar atá arna úsáid sa leagan Laitvise, sa leagan Ungáirise agus sa leagan Máltaise de na Conarthaí, ar rialacha láithreacha na Laitvise, na hUngáirise agus na Máltaise.

59. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontóidh Ríocht na hÍsiltíre le cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a luaithe a bheidh réiteach sásúil maidir lena glanriocht diúltach iomarcach íocaíochtaí i leith bhuiséad an Aontais curtha ar fáil don Ísiltír le coigeartú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 311 den Chonradh sin.

60. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn Ríocht na hÍsiltíre nach dtíolacfar tionscnamh do chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 355(6) arb é is aidhm dó stádas Aintillí na hÍsiltíre agus/nó Aruba i leith an Aontais a mhodhnú, ach amháin ar bhonn cinneadh arna ghlacadh ar cothrom leis an gCairt do Ríocht na hÍsiltíre.

61. Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Ní dhéanann an Chairt difear ar aon dóigh do cheart na mBallstát reachtú i réimse na morálachta poiblí, an dlí teaghlaigh, chosaint dhínit an duine agus an mheasa ar iomláine choirp agus mhorálta an duine.

62. Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir leis an bPrótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

Dearbhaíonn an Pholainn, ag féachaint do thraidisiún na gluaiseachta "Solidarnosc" agus dá rannchuidiú suntasach don streachailt ar son ceart daonna agus oibre, go n-urramaíonn sí cearta sóisialta agus oibre go hiomlán, mar atá siad bunaithe le dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe na cearta a athdhearbhaítear i dTeideal IV de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

63. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le sainiú an téarma "náisiúnaigh"

I ndáil leis na Conarthaí agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus le haon cheann de na gníomhartha a chineann ó na Conarthaí sin nó a leanann de bheith i bhfeidhm de bhua na gConarthaí sin, athdhéanann an Ríocht Aontaithe an Dearbhú a rinne sí an 31 Nollaig 1982 maidir le sainiú an fhocail "náisiúnaigh" ach amháin go dtuigfear an tagairt do "dhaoine is saoránaigh de na spleáchríocha Briotanacha" mar thagairt do "dhaoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear".

64. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire nach bhfuil Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus forálacha eile de na Conarthaí ceaptha chun an bonn atá leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a athrú.

65. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 75 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Ríocht Aontaithe lántacaíocht do ghníomhaíocht láidir i dtaca le smachtbhannaí airgeadais a ghlacadh a cheapfar chun an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac. Dearbhaíonn an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar intinn aici a ceart faoi Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fheidhmiú bheith rannpháirteach i nglacadh gach togra a dhéanfar faoi Airteagal 75 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

[1] "Is é an toradh atá ar (…) nach bhféadfadh forálacha dlíthiúla baile, is cuma cén tslí ina gcumfaí iad, cur go breithiúnach i gcoinne an dlí a eascraíonn ón gConradh, mar gheall ar chineál sonrach bunaidh an dlí sin, ar foinse dhlí neamhspleách é, gan a chineál mar dhlí Comhphobail a bhaint de agus gan bonn dlíthiúil an Chomhphobail féin a thabhairt faoi cheist." "

--------------------------------------------------

Táblaí comhghaoil [*]

An Conradh ar an Aontas Eorpach

Seanuimhriú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach | Uimhriú nua don Chonradh ar an Aontas Eorpach |

TEIDEAL I – FORÁLACHA COITIANTA | TEIDEAL I – FORÁLACHA COITIANTA |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

| Airteagal 2 |

Airteagal 2 | Airteagal 3 |

Airteagal 3 (aisghairthe) [2] | |

| Airteagal 4 |

| Airteagal 5 [3] |

Airteagal 4 (aisghairthe) [4] | |

Airteagal 5 (aisghairthe) [5] | |

Airteagal 6 | Airteagal 6 |

Airteagal 7 | Airteagal 7 |

| Airteagal 8 |

TEIDEAL II – FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA d'FHONN AN COMHPHOBAL EORPACH A BHUNÚ | TEIDEAL II – FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA |

Airteagal 8 (aisghairthe) [6] | Airteagal 9 |

| Airteagal 10 [7] |

|

| Airteagal 11 |

| Airteagal 12 |

TEIDEAL III – FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO GHUAL AGUS CRUACH | TEIDEAL III – FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ |

Airteagal 9 (aisghairthe) [8] | Airteagal 13 |

| Airteagal 14 [9] |

| Airteagal 15 [10] |

| Airteagal 16 [11] |

| Airteagal 17 [12] |

| Airteagal 18 |

| Airteagal 19 [13] |

TEIDEAL IV – FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH | TEIDEAL IV – FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAR FEABHSAITHE |

Airteagal 10 (aisghairthe) [14] Airteagail 27a go 27e (ar cuireadh Airteagail eile ina n-ionad) Airteagail 40 go 40b (ar cuireadh Airteagail eile ina n-ionad Airteagail 43 go 45 (ar cuireadh Airteagail eile ina n-ionad) | Airteagal 20 [15] |

|

TEIDEAL V – FORÁLACHA MAIDIR LE COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA | TEIDEAL V – FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA |

| Caibidil 1 – Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais |

| Airteagal 21 |

| Airteagal 22 |

| Caibidil 2 – Forálacha sonracha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála |

| Roinn 1 – Forálacha coiteanna |

| Airteagal 23 |

Airteagal 11 | Airteagal 24 |

Airteagal 12 | Airteagal 25 |

Airteagal 13 | Airteagal 26 |

| Airteagal 27 |

Airteagal 14 | Airteagal 28 |

Airteagal 15 | Airteagal 29 |

Airteagal 22 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 30 |

Airteagal 23 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 31 |

Airteagal 16 | Airteagal 32 |

Airteagal 17 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 42 |

Airteagal 18 | Airteagal 33 |

Airteagal 19 | Airteagal 34 |

Airteagal 20 | Airteagal 35 |

Airteagal 21 | Airteagal 36 |

Airteagal 22 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 30 |

Airteagal 23 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 31 |

Airteagal 24 | Airteagal 37 |

Airteagal 25 | Airteagal 38 |

| Airteagal 39 |

Airteagal 47 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 40 |

Airteagal 26 (aisghairthe) | |

Airteagal 27 (aisghairthe) | |

Airteagal 27a (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [16] | Airteagal 20 |

Airteagal 27b (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)1 [16] | Airteagal 20 |

Airteagal 27c (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) 1 [16] | Airteagal 20 |

Airteagal 27d (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) 1 [16] | Airteagal 20 |

Airteagal 27e (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) 1 [16] | Airteagal 20 |

Airteagal 28 | Airteagal 41 |

| Roinn 2 – Forálacha maidir leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta |

Airteagal 17 (ar athraíodh a ionad) | Airteagal 42 |

| Airteagal 43 |

| Airteagal 44 |

| Airteagal 45 |

| Airteagal 46 |

TEIDEAL VI – FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR PÓILÍNEACHTA AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA (aisghairthe) [17] | |

Airteagal 29 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [18] | |

Airteagal 30 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [19] | |

Airteagal 31 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [20] | |

|

Airteagal 32 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [21] | |

Airteagal 33 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [22] | |

Airteagal 34 (aisghairthe) | |

Airteagal 35 (aisghairthe) | |

Airteagal 36 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [23] | |

Airteagal 37 (aisghairthe) | |

Airteagal 38 (aisghairthe) | |

Airteagal 39 (aisghairthe) | |

Airteagal 40 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [24] | Airteagal 20 |

Airteagal 40a (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)1 [24] | Airteagal 20 |

Airteagal 40b (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)1 [24] | Airteagal 20 |

Airteagal 41 (aisghairthe) | |

Airteagal 42 (aisghairthe) | |

TEIDEAL VII – FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR NÍOS DLÚITHE (ar cuireadh forálacha eile ina ionad) [25] | TEIDEAL IV – FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR NÍOS DLÚITHE |

Airteagal 43 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [25] | Airteagal 20 |

Airteagal 43a (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)2 [25] | Airteagal 20 |

Airteagal 43b (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)2 [25] | Airteagal 20 |

Airteagal 44 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [25] | Airteagal 20 |

Airteagal 44a (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad)2 [25] | Airteagal 20 |

Airteagal 45 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) [25] | Airteagal 20 |

TEIDEAL VIII – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA | TEIDEAL VI – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA |

Airteagal 46 (aisghairthe) | |

| Airteagal 47 |

|

Airteagal 47 (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) | Airteagal 40 |

Airteagal 48 | Airteagal 48 |

Airteagal 49 | Airteagal 49 |

| Airteagal 50 |

| Airteagal 51 |

| Airteagal 52 |

Airteagal 50 (aisghairthe) | |

Airteagal 51 | Airteagal 53 |

Airteagal 52 | Airteagal 54 |

Airteagal 53 | Airteagal 55 |

[*] Tá an dá thábla seo bunaithe ar na táblaí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh Liospóin, gan an colún láir inar tugadh an t-uimhriú idirmheánach atá i gConradh Liospóin.

[2] Déantar Airteagal 7 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear an CFAE anseo feasta) agus Airteagal 13(1) agus an dara fomhír de mhír 3 d'Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (dá ngairtear "an Conradh AE" anseo feasta) a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[3] Cuirtear an tAirteagal seo in ionad Airteagal 5 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (dá ngairtear an Conradh CE anseo feasta).

[4] Cuirtear Airteagal 15 in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[5] Cuirtear mír 2 d'Airteagal 13 in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[6] Le hAirteagal 8 den Chonradh AE a bhí i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin (dá ngairtear "an Conradh AE mar atá" anseo feasta), modhnaíodh an Conradh CE. Cuirtear na modhnuithe sin isteach sa Chonradh sin agus aisghairtear Airteagal 8. Úsáidtear a uimhir chun foráil eile a chur isteach.

[7] Cuirtear mír 4 in ionad shubstaint na chéad mhíre d'Airteagal 191 den Chonradh CE.

[8] Le hAirteagal 9 den Chonradh AE mar atá, modhnaíodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Chuaigh an Conradh sin in éag an 23 Iúil 2002. Aisghairtear Airteagal 9 agus úsáidtear a uimhir chun foráil eile a chur isteach.

[9]

- Cuirtear mír 1 agus mír 2 in ionad shubstaint Airteagal 189 den Chonradh CE;

- Cuirtear míreanna 1 go 3 in ionad shubstaint Airteagal 190(1) go (3) den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 1 in ionad shubstaint na chéad mhíre d'Airteagal 192 den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 4 in ionad shubstaint na chéad mhíre d'Airteagal 197 den Chonradh CE.

[10] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad shubstaint Airteagal 4.

[11]

- Cuirtear mír 1 in ionad shubstaint na chéad fhleisce agus an dara fleasc d'Airteagal 202 den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 2 agus mír 9 in ionad shubstaint Airteagal 203 den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 4 agus mír 5 in ionad shubstaint Airteagal 205(2) agus (4) den Chonradh CE.

[12]

- Cuirtear mír 1 in ionad shubstaint Airteagal 211 den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 3 agus mír 7 in ionad shubstaint Airteagal 214 den Chonradh CE;

- Cuirtear mír 6 in ionad shubstaint Airteagal 217(1), (3) agus (4) den Chonradh CE.

[13]

- Cuirtear an tAirteagal sin in ionad shubstaint Airteagal 220 den Chonradh CE;

- Cuirtear an chéad fhomhír de mhír 2 in ionad shubstaint na chéad mhíre d'Airteagal 221 den Chonradh CE.

[14] Le hAirteagal 10 den Chonradh AE mar atá, modhnaíodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. Cuirtear na modhnuithe sin isteach sa Chonradh sin agus aisghairtear Airteagal 10. Úsáidtear a uimhir chun foráil eile a chur isteach.

[15] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad Airteagail 11 agus 11a den Chonradh CE freisin.

[16] Cuirtear Airteagail 326 go 334 den CFAE freisin in ionad Airteagail 27a go 27e den Chonradh AE mar atá maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

[17] Cuirtear forálacha Chaibidlí 1, 4 agus 5 de Theideal IV (a athuimhrítear mar V) de Chuid a Trí den CFAE in ionad fhorálacha Theideal VI den Chonradh AE mar atá a bhaineann le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

[18] Ar cuireadh Airteagal 67 den CFAE ina ionad.

[19] Ar cuireadh Airteagail 87 agus 88 den CFAE ina ionad.

[20] Ar cuireadh Airteagail 82, 83 agus 85 den CFAE ina ionad.

[21] Ar cuireadh Airteagal 89 den CFAE ina ionad.

[22] Ar cuireadh Airteagal 72 den CFAE ina ionad.

[23] Ar cuireadh Airteagal 71 den CFAE ina ionad.

[24] Cuirtear Airteagail 326 go 334 den CFAE freisin in ionad Airteagail 40 go 40b den Chonradh AE mar atá a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe.

[25] Cuirtear Airteagail 326 go 334 den CFAE freisin in ionad Airteagail 43 go 45 agus Theideal VII den Chonradh AE mar atá a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe.

[26] Déantar Airteagal 3 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[27] Déantar Airteagail 3 go 6 den CFAE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[28] Cuirtear Airteagal 5 den Chonradh AE in ionad an Airteagail sin.

[29] Cuirtear isteach téarmaí achtaithe an Phrótacail maidir le cosaint agus leas ainmhithe.

[30] Déantar Airteagal 13 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[31] Déantar Airteagal 13 den Chonradh AE agus mír 1 d'Airteagal 282 den CFAE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[32] Déantar mír 3 d'Airteagal 4 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[33] Déantar Airteagal 20 den Chonradh AE freisin a chur in ionad an Airteagail sin.

[34] Cuirtear an tAirteagal sin freisin in ionad Airteagal 29 den Chonradh AE mar atá.

[35] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad Airteagal 36 den Chonradh AE mar atá.

[36] Cuirtear an tAirteagal sin freisin in ionad Airteagal 33 den Chonradh AE mar atá.

[37] Cuirtear Airteagal 78(1) agus (2) den CFAE in ionad Airteagal 63, pointí 1 agus 2, den Chonradh CE agus cuirtear Airteagal 78(3) den CFAE in ionad Airteagal 64(2).

[38] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad Airteagal 31 den Chonradh AE mar atá.

[39] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad Airteagal 30 den Chonradh AE mar atá.

[40] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad Airteagal 32 den Chonradh AE mar atá.

[41]

- Cuirtear mír 1 d'Airteagal 121 in ionad mhír 1 d'Airteagal 140;

- Cuirtear an dara habairt de mhír 2 d'Airteagal 122 in ionad mhír 2 d'Airteagal 140;

- Cuirtear mír 5 d'Airteagal 123 in ionad mhír 3 d'Airteagal 140.

[42]

- Cuirtear mír 3 d'Airteagal 123 in ionad mhír 1 d'Airteagal 141;

- Cuirtear na cúig fhleasc thosaigh d'Airteagal 117(2) in ionad mhír 2 d'Airteagal 141.

[43] Cuirtear an dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 208(1) den CFAE in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[44] Cuirtear an dara habairt den dara fomhír de mhír 1 in ionad shubstaint Airteagal 178 den Chonradh CE.

[45] Déantar mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 14 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[46] Déantar míreanna 1 go 3 d'Airteagal 14 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míreanna sin.

[47] Déantar mír 4 d'Airteagal 11 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[48] Déantar mír 1 d'Airteagal 14 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[49] Déantar mír 4 d'Airteagal 14 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[50] Déantar mír 1 d'Airteagal 16 den Chonradh AE agus Airteagail 290 agus 291 den CFAE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[51] Déantar mír 2 agus mír 9 d'Airteagal 16 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[52] Déantar mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 16 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míreanna sin.

[53] Déantar mír 1 d'Airteagal 17 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[54] Déantar mír 3 agus mír 7 d'Airteagal 17 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[55] Déantar mír 6 d'Airteagal 17 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míreanna sin.

[56] Déantar Airteagal 295 den CFAE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[57] Déantar Airteagal 19 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[58] Déantar an chéad fhomhír de mhír 2 d'Airteagal 19 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[59] Déantar an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 19 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na chéad abairte den chéad mhír den Airteagal sin.

[60] Cuirtear an tAirteagal sin in ionad shubstaint an tríú fleasc d'Airteagal 202 den Chonradh CE.

[61] Déantar mír 2 d'Airteagal 300 den CFAE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[62] Déantar mír 4 d'Airteagal 300 den CFAE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[63] Déantar mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 300 den CFAE a chur in ionad shubstaint na míreanna sin.

[64] Déantar mír 4 d'Airteagal 310 den CFAE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[65] Gabhann an tAirteagal seo freisin ionad Airteagal 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 den Chonradh AE reatha.

[66] Déantar Airteagal 47 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[67] Déantar Airteagal 52 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint na míre sin.

[68] Déantar Airteagal 51 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

[69] Déantar Airteagal 55 den Chonradh AE a chur in ionad shubstaint an Airteagail sin.

--------------------------------------------------

Top