EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R1303-20151016

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1303/2015-10-16

2013R1303 — GA — 16.10.2015 — 001.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1303/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

(IO L 347 20.12.2013, lch. 320)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2015/1839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Deireadh Fómhair 2015

  L 270

1

15.10.2015


Arna cheartú le

►C1

Ceartúchán, IO L 200, 26.7.2016, lch.  140 (1303/2013)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1303/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle



CUID A hAON

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na ►C1  rialacha coiteanna ◄ is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), a oibríonn faoi chomhchreat ('Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa' - 'SIE'). Leagtar síos ann freisin na forálacha atá riachtanach chun éifeachtacht Chistí SIE agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú. Déantar na ►C1  rialacha coiteanna ◄ is infheidhme maidir le Cistí SIE a leagan amach i gCuid a Dó.

I gCuid a Trí, leagtar síos na rialacha ginearálta faoina rialaítear CFRE, CSE (dá ngairtear 'Cistí Struchtúracha' le chéile) agus an Ciste Comhtháthaithe maidir le cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe (na 'Cistí'), na critéir nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh chun go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht ó Chistí SIE, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir chun iad a leithdháileadh.

I gCuid a Ceathair, leagtar síos na rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis na Cistí agus CEMI maidir le bainistiú agus rialú, bainistíocht airgeadais, cuntais agus ceartúcháin airgeadais.

Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus do na forálacha sonracha a leagtar síos sna Rialacháin seo a leanas (na 'Rialacháin Chiste-shonracha') i gcomhréir leis an gcúigiú mír den Airteagal seo:

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ('Rialachán CFRE').

(2) Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ('Rialachán CSE').

(3) Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ('Rialachán CC').

(4) Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ('Rialachán CCE').

(5) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013('Rialachán CETFT'). agus

(6) gníomh todhchaí de chuid an Aontais lena mbunófar na coinníollacha maidir le tacaíocht airgeadais le haghaidh beartais mhuirí agus iascaigh do chlárthréimhse 2014 go dtí 2020 ("Rialachán CEMI").

Beidh feidhm ag Cuid a Dó den Rialachán seo maidir le gach ceann de na Cistí SIE ach amháin nuair a cheadaítear go sainráite do mhaoluithe. I gCuid a Trí agus i gCuid a Ceathair den Rialachán seo leagfar síos rialacha atá comhlántach le Cuid a Dó agus a bhfuil feidhm acu faoi seach leis na Cistí agus leis na Cistí agus an CEMI agus féadfar maoluithe a cheadú go sainráite sna Rialacháin Chiste-shonracha lena mbaineann. Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha rialacha a shuí atá comhlántach le Cuid a Dó den Rialachán seo i gcás Chistí SIE, atá comhlántach le Cuid a Trí den Rialachán seo i gcás na gCistí agus atá comhlántach le Cuid a Ceathair den Rialachán seo i gcás na gCistí agus CEMI. Ní bheidh na rialacha comhlántacha sna Rialacháin Chiste-shonracha contrártha do Chuid a Dó, do Chuid a Trí ná do Chuid a Ceathair den Rialachán seo. I gcás ina mbíonn amhras faoin gcur i bhfeidhm idir forálacha, beidh tosaíocht ag Cuid a Dó den Rialachán seo ar na rialacha Ciste-shonracha, agus beidh tosaíocht ag Cuid a Dó, Cuid a Trí agus Cuid a Ceathair den Rialachán seo ar na Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ ' na spriocanna agus na cuspóirí roinnte atá mar threoraíocht ag gníomhaíocht na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach sna Conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I (Straitéis Nua Eorpach le haghaidh Post agus Fáis, Ceannspriocanna AE), i Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 ( 2 ) agus i gCinneadh 2010/707/AE ón gComhairle ( 3 ), agus in aon leasú a dhéantar ar na spriocanna agus ar na cuspóirí roinnte sin.

(2) is é atá i gceist le 'creat um beartais straitéiseacha' doiciméad nó tacar doiciméad arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, ina leagtar amach líon teoranta de thosaíochtaí comhleanúnacha arna mbunú ar bhonn fianaise agus ina leagtar amach creat ama do chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin agus a bhféadfaidh sásra faireacháin a bheith ar áireamh ann;

(3) ciallaíonn 'straitéis um speisialtóireacht chliste' straitéisí nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha lena leagtar síos tosaíochtaí chun buntáiste iomaíochta a fhorbairt trí láidreachtaí dílse sa taighde agus sa nuálaíocht a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó d'fhonn aghaidh a thabhairt, ar shlí chomhleanúnach, ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí sa mhargadh, agus ag an am céanna dúbailt agus ilroinnt na n-iarrachtaí a sheachaint, agus féadfaidh straitéis um speisialtóireacht chliste a bheith i bhfoirm creata náisiúnta nó réigiúnaigh um beartais straitéiseacha do thaighde agus do nuálaíocht (T&N), nó féadfaidh sí a bheith ar áireamh ann;

(4) ciallaíonn 'rialacha Ciste-shonracha' forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí nó i gCuid a Ceathair den Rialachán seo nó i Rialachán lena rialaítear ceann amháin nó níos mó de Chistí SIE a liostaítear sa cheathrú mír d'Airteagal 1;

(5) ciallaíonn 'cláreagrú' próiseas eagrúcháin, cinnteoireachta agus leithdháilte na n-acmhainní airgeadais i gcéimeanna éagsúla, agus na comhpháirtithe bainteach leis i gcomhréir le hAirteagal 5, agus é beartaithe leis sin gníomhaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag an Aontas agus na Ballstáit a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun cuspóirí straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a bhaint amach;

(6) ciallaíonn 'clár' 'clár oibríochtúil' faoi mar a thagraítear dó i gCuid a Trí nó i gCuid a Ceathair den Rialachán seo agus i Rialachán CEMI agus 'clár forbartha tuaithe' faoi mar a thagraítear dó i Rialachán CETFT;

(7) ciallaíonn 'limistéar an chláir' limistéar geografach a chumhdaítear ag clár sonrach nó, i gcás cláir a chumhdaíonn níos mó nó catagóir amháin réigiúin, an limistéar geografach a chomhfhreagraíonn do gach catagóir réigiúin ar leith;

(8) ciallaíonn 'tosaíocht' i gCuid a Dó agus i gCuid a Ceathair den Rialachán seo an 'ais tosaíochta' dá dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo i ndáil le CFRE, le CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus 'tosaíocht Aontais' dá dtagraítear i Rialachán CEMI agus i Rialachán CETFT;

(9) ciallaíonn 'oibríocht' tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú ag údaráis bhainistíochta na gclár lena mbaineann, nó faoina gcúram, a rannchuidíonn le cuspóirí na tosaíochta gaolmhaire nó na dtosaíochtaí gaolmhara; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíochtaí airgeadais ó chlár le hionstraimí airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann na hionstraimí airgeadais sin;

(10) ciallaíonn 'tairbhí' comhlacht poiblí nó príobháideach agus, chun críocha Rialachán CETFT agus Rialachán CEMI amháin, duine nádúrtha atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon; agus i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, de réir mar a shainítear iad i bpointe 13 den Airteagal seo, an comhlacht a fhaigheann an chabhair; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais faoi Theideal IV de Chuid II den Rialachán seo, comhlacht a dhéanann an ionstraim airgeadais, nó ciste de chistí de réir mar is iomchuí, a chur chun feidhme;

(11) ciallaíonn 'ionstraimí airgeadais' ionstraimí airgeadais faoi mar a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais iad, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo;

(12) ciallaíonn 'faighteoir deiridh' duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó ionstraim airgeadais;

(13) ciallaíonn 'Státchabhair' cabhair a thig faoi Airteagal 107(1) CFAE agus, chun críocha an Rialacháin seo, measfar go gclúdaíonn sí cabhair de minimis de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún ( 4 ), Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 ( 5 ) ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún ( 6 );

(14) ciallaíonn 'oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus a bhfuil an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach ina leith íoctha leis na tairbhithe;

▼C1

(15) ciallaíonn 'caiteachas poiblí' aon ranníocaíocht phoiblí leis na hoibríochtaí a mhaoiniú arb is foinse dó buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann le Cistí SIE, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas d'údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun críche an ráta cómhaoinithe do chláir CSE nó do thosaíochtaí a chinneadh, féadfar a áireamh ann aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe;

▼B

(16) ciallaíonn 'comhlacht dlí phoiblí' aon chomhlacht arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí phointe 9 d'Airteagal 1 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus aon ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) arna bunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), is cuma cé acu an meastar EGTC a bheith ina chomhlacht dlí phoiblí nó ina chomhlacht dlí phríobháidigh faoi na forálacha cur chun feidhme náisiúnta ábhartha;

(17) ciallaíonn 'doiciméad' páipéar nó meán leictreonach ina bhfuil faisnéis atá ábhartha I gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(18) ciallaíonn 'comhlacht idirmheánach' aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bhainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais thar ceann údaráis den sórt sin, i ndáil le hoibríochtaí cur chun feidhme na dtairbhithe;

(19) ciallaíonn 'straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail' tacar comhleanúnach oibríochtaí arb é is cuspóir dóibh cuspóirí agus riachtanais áitiúla a chomhlíonadh, agus a rannchuidíonn le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a chur i gcrích, agus a ndéanann grúpa gníomhaíochta áitiúil í a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(20) ciallaíonn 'Comhaontú Comhpháirtíochta' doiciméad a ullmhaíonn Ballstát i bpáirt leis na comhpháirtithe i gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil, lena leagtar amach straitéis, tosaíochtaí agus socruithe an Bhallstáit sin maidir le Cistí SIE a úsáid ar shlí atá éifeachtach agus éifeachtúil ionas go ndéanfar straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a shaothrú, agus atá formheasta ag an gCoimisiún tar éis measúnú a bheith déanta air agus comhphlé a bheith déanta air leis an mBallstát i dtrácht;

(21) ciallaíonn 'catagóir réigiún' catagóiriú na réigiún mar 'réigiúin bheagfhorbartha', 'réigiúin trasdula' nó 'réigiúin níos forbartha' i gcomhréir le hAirteagal 90(2);

▼C1

(22) ciallaíonn 'iarratas ar íocaíocht', iarratas ar íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBallstát;

▼B

(23) ciallaíonn 'BEI' an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachta den Bhanc Eorpach Infheistíochta;

(24) ciallaíonn"comhpáirtíochtaí poiblí príobháideacha" (CPPanna), cineálacha comhair idir comhlachtaí poiblí agus an earnáil phríobháideach, a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar infheistíochtaí a thabairt i gcrích i dtionscadail bhonneagair nó i gcineálacha eile oibríochtaí, a sholáthraíonn seirbhísí poiblí trí chomhroinnt riosca, trí shaineolas na hearnála príobháidí a chomhthiomsú nó trí fhoinsí breise caipitil.

(25) ciallaíonn 'oibríocht CPP' oibríocht a chuirtear chun feidhme nó a bhfuil sé beartaithe í a chur chun feidhme faoi struchtúr comhpháirtíochta príobháidí poiblí;

►C1  (26) ciallaíonn 'cuntas eascró' cuntas bainc a chumhdaítear le comhaontú i scríbhinn idir an t-údarás bainistíochta nó comhlacht idirmheánach agus an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme, nó, i gcás oibríocht CPP, comhaontú i scríbhinn idir an tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht idirmheánach, a chuirtear ar bun go sonrach chun cistí a shealbhú a bheidh le híoc amach tar éis na tréimhse incháilitheachta i gcás ionstraime airgeadais, nó le linn na tréimhse incháilitheachta agus/nó tar éis na tréimhse incháilitheachta i gcás oibríochta CPP, chun na gcríoch dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(2), in Airteagal 42(3) agus in Airteagal 64 agus chun na gcríoch sin amháin ◄ , nó ciallaíonn sé cuntas bainc a chuirtear ar bun ar théarmaí lena soláthraítear ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir leis na híocaíochtaí asna cistí;

(27) ciallaíonn 'ciste de chistí' ciste a chuirtear ar bun agus é de chuspóir leis tacaíocht ó chlár nó ó chláir a rannchuidiú le roinnt ionstraimí airgeadais. I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais chun feidhme trí chiste de chistí, measfar gurb é an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme an t-aon tairbhí amháin de réir bhrí phointe 10 den Airteagal seo;

(28) ciallaíonn 'FBM' micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir mar a shainmhínítear é i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 9 );

(29) ciallaíonn 'bliain chuntasaíochta', chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta den chlárthréimhse, ar ina leith a chiallaíonn sé an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024;

(30) ciallaíonn 'bliain airgeadais', chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;

(31) ciallaíonn 'straitéis mhacrairéigiúnach' creat comhtháite a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, a fhéadfaidh tacaíocht a fháil ó Chistí SIE as measc cistí eile, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna a bhíonn os comhair limistéir gheografaigh shainithe a bhaineann le Ballstáit agus tríú tíortha atá lonnaithe sa limistéar geografach céanna, a bhaineann tairbhe, ar an tslí sin, as comhar neartaithe a rannchuidíonn le baint amach an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh;

(32) ciallaíonn 'straitéis imchuach farraige' creat struchtúrach comhair i dtaca le limistéar geografach ar leith, arna fhorbairt ag institiúidí an Aontais, ag na Ballstáit, ag a gcuid réigiún agus, i gcás inarb iomchuí, ag tríú tíortha a roinneann imchuach farraige; cuirtear san áireamh i straitéis imchuach farraige sainiúlachtaí geografacha, aeráide, eacnamaíocha agus polaitiúla an imchuach farraige;

(33) ciallaíonn 'coinníollacht ex ante is infheidhme' toisc chriticiúil atá nithiúil agus réamhshainithe go cruinn, atá ina réamhriachtanas chun an ►C1  cuspóir sonrach ◄ i ndáil le tosaíocht infheistíochta nó le tosaíocht Aontais a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, agus a bhfuil nasc díreach agus dílis aici leis an méid sin chomh maith le tionchar díreach aici air;

(34) ciallaíonn ' ►C1  cuspóir sonrach ◄ ' an toradh lena rannchuidíonn tosaíocht infheistíochta nó tosaíocht Aontais i gcomhthéacs sonrach náisiúnta nó réigiúnach trí ghníomhaíochtaí nó trí bhearta a dhéantar faoi chuimsiú tosaíochta den sórt sin;

(35) ciallaíonn 'moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE' agus 'moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE' moltaí a bhaineann le dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí ilbhliantúla a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a thagann go díreach faoi raon feidhme Chistí SIE de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha;

(36) ciallaíonn 'neamhrialtacht' aon chás ina sáraítear foráil dhlí an Aontais, nó an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm, ar sárú é a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann oibreoir eacnamaíochta a bhfuil baint aige le cur chun feidhme Chistí SIE, a bhfuil sé d'éifeacht aige, nó a bheadh, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí ábhar caiteachais gan údar maith a ghearradh ar bhuiséad ginearálta an Aontais;

(37) ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas eile a ghlacann páirt i gcur chun feidhme an chúnaimh ó Chistí SIE, cé is moite de Ballstát a fheidhmíonn a shainchumais mar údarás poiblí;

(38) ciallaíonn 'neamhrialtacht shistéamach' aon neamhrialtacht, lena n-áirítear neamhrialtacht a fhéadfaidh bheith de chineál athfhillteach, agus gur dóchúil go mbeidh sí ag tarlú in oibríochtaí den chineál céanna, rud a bheidh mar thoradh ar easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh nósanna imeachta iomchuí bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha;

(39) ciallaíonn 'easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach an chórais bhainistíochta agus rialaithe', chun críocha cur chun feidhme na gCistí agus CEMI faoi Chuid a Cheathair, easnamh a éilíonn feabhsuithe substaintiúla sa chóras, a nochtann na Cistí agus CEMI chun riosca suntasach maidir le neamhrialtachtaí, agus nach comhoiriúnach iad le tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 3

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh cinntí ón gCoimisiún

►C1  I gcás ina leagtar síos teorainn ama de bhun Airteagail 16(2) agus (4), 29(4), 30(2) agus (3), ◄ 102(2), 107(2), agus 108(3) maidir le cinneadh a ghlacadh nó a leasú ag an gCoimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ní áireofar leis an teorainn ama an tréimhse a thosóidh ar an dáta i ndiaidh an dáta a chuireann an Coimisiún a chuid barúlacha curtha chuig na Ballstáit agus a mhairfidh go dtí go dtugann na Ballstáit freagairt ar na barúlacha sin.



CUID A DÓ

FORÁLACHA COITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CISTÍ SIE



TEIDEAL I

PRIONSABAIL MAIDIR LE TACAÍOCHT AONTAIS DO CHISTÍ SIE

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.  Déanfar tacaíocht a sholáthar ó Chistí SIE, trí chláir ilbhliantúla, agus comhlánóidh an tacaíocht sin an idirghabháil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, chun straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a thabhairt i gcrích, agus freisin trí mhisin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus cuirfear san áireamh Treoirlínte Comhtháite Eoraip 2020 agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, an Clár Náisiúnta um Athchóiriú.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chomhthéacs sonrach gach Ballstáit, go bhfuil an tacaíocht ó Chistí SIE comhsheasmhach le beartais ábhartha, le prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfuil sí ina comhlánú ar ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.  Cuirfear tacaíocht ó Chistí SIE chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

4  Beidh na Ballstáit, ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlí agus airgeadais, agus na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chuige sin freagrach as cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme agus as a gcúraimí a chur i gcrích, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5, ar mhodh a chomhlíonfaidh an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha.

5.  Maidir leis na socruithe i ndáil le cur chun feidhme agus úsáid Chistí SIE, agus go háirithe na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá chun Cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme, i dtaca le faireachán, tuairisciú, meastóireacht, bainistiú agus rialú, urramóidh na socruithe sin prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt ar an leibhéal tacaíochta a leithdháiltear agus cuirfear san áireamh an aidhm fhoriomlán i leith ualaí riaracháin ar chomhlachtaí a bhíonn bainteach le bainistiú agus rialú na gclár a laghdú.

6.  I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir Cistí SIE agus idir Cistí SIE agus beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na beartais, na straitéisí agus na hionstraimí sin atá faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

7.  Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais arna leithdháileadh ar Chistí SIE a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta roinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59(b) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de mhéid na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe arna aistriú chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6) den Rialachán seo, de ghníomhaíochtaí nuálacha ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Airteagal 8 (ex-9) de Rialachán CFRE, de chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus de thacaíocht le haghaidh bainistíochta dírí faoi Rialachán CEMI.

8.  Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán Airgeadais.

9.  Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht Chistí SIE a áirithiú le linn ullmhaithe agus cur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le faireachán, le meastóireacht agus le tuairisciú.

10.  Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a róil faoi seach maidir le Cistí SIE agus é mar aidhm acu an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

Airteagal 5

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1.  I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus gach cláir aonair, déanfaidh gach Ballstát i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil comhpháirtíocht a eagrú leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Déanfar na comhpháirtithe seo a leanas a áireamh sa chomhpháirtíocht freisin:

(a) údaráis inniúla uirbeacha agus údaráis inniúla phoiblí eile;

(b) comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; agus

(c) comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí atá freagrach as cuimsiú sóisialta, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn.

2.  I gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt isteach in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus déanfaidh siad é sin i rith an phróisis iomláin a bhaineann le hullmhú agus le cur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna coistí faireacháin do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 48.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun foráil a dhéanamh do chód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíocht (an 'cód iompair') chun tacú le Ballstáit in eagrú na comhpháirtíochta i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo, agus chun an Ballstáit a éascú sa mhéid sin. Sa chód iompair sin, leagfar amach an creat ar laistigh de a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil mar aon lena n-inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, cur chun feidhme na comhpháirtíochta a shaothrú. Agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú go hiomlán ann, leagfar síos na heilimintí seo a leanas sa chód iompair:

(a) na príomhphrionsabail a bhaineann leis na nósanna imeachta trédhearcacha a bhfuiltear le déanamh dá réir chun na comhpháirtithe ábhartha a shainaithint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mbrateagraíochtaí chun na Ballstáit a éascú, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlí, na comhpháirtithe ábhartha is mó ionadaíocht a ainmniú;

(b) na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na gcatagóirí éagsúla de chomhpháirtithe ábhartha, amhail a leagtar amach i mír 1, in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár, a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar a bhaineann lena rannpháirtíocht, mar aon leis na céimeanna éagsúla den chur chun feidhme;

(c) na dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le rialacha ballraíochta agus nósanna imeachta inmheánacha na gcoistí faireacháin a chur le chéile, ar rialacha agus nósanna imeachta iad atá le cinneadh, de réir mar is iomchuí, ag na Ballstáit nó ag coistí faireacháin na gclár i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(d) na príomhchuspóirí agus dea-chleachtais i gcásanna ina ndéanann an t-údarás bainistíochta na comhpháirtithe ábhartha a tharraingt isteach in ullmhú na nglaonna ar thograí agus go háirithe na dea-chleachtais chun coinbhleachtaí leasa a fhéadfaidh tarlú a sheachaint i gcásanna inarb indéanta gur tairbhithe ionchasacha freisin iad comhpháirtithe ábhartha, agus na príomhchuspóirí agus na cleachtais is fearr maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha in ullmhú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus i ndáil le faireachán agus meastóireacht na gclár i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(e) na réimsí táscacha, téamaí táscacha agus dea-chleachtais tháscacha a bhaineann leis an gcaoi a bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát Cistí SIE a úsáid, lena n-áirítear cúnamh teicniúil le linn dóibh cumas institiúideach na gcomhpháirtithe ábhartha a neartú i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(f) ról an Choimisiúin i scaipeadh na ndea-chleachtas;

(g) na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais a oireann chun measúnú na mBallstát ar chur chun feidhme na comhpháirtíochta agus ar a breisluach a éascú.

Ní bheidh forálacha an chóid iompair contrártha ar aon slí d'fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo ná do na rialacha Ciste-shonracha.

4.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Aibreán 2014, fógra a thabhairt go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo maidir leis an gcód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht. Ní shonrófar dáta teacht i bhfeidhm sa ghníomh tarmligthe a bheidh níos luaithe ná an dáta a ndéanfar é a ghlacadh.

▼C1

5.  Maidir le sárú ar aon oibleagáid a fhorchuirtear ar Bhallstáit cibé ar leis an Airteagal seo é nó le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo é, ní bheidh sé ina mhírialtacht as a leanann ceartúchán airgeadais de bhun Airteagal 85.

▼B

6.  Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, i gcás gach ceann de Chistí SIE, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ó Chiste SIE sin agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an toradh.

Airteagal 6

Comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a thacófar leo trí Chistí SIE dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann lena chur i bhfeidhm ('dlí infheidhme').

Airteagal 7

Comhionannas idir fir agus mná agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú na gné inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn na cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár.

Airteagal 8

Forbairt inbhuanaithe

Saothrófar cuspóirí Chistí SIE i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal 'íoc mar a thruaillítear' á chur san áireamh ag an am céanna.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, bithéagsúlacht, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí i leith an athraithe aeráide agus modheolaíocht atá bunaithe ar na catagóirí idirghabhála, na réimsí tosaíochta fócais nó ar na bearta, de réir mar is iomchuí, do gach Ciste SIE á húsáid acu. Is é a bheidh sa mhodheolaíocht sin ná ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar faoi Chistí SIE ar leibhéal a léiríonn a mhéid rannchuidiú a thugann tacaíocht den sórt sin do chuspóirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide. Déanfar an t-ualú sonrach sannta a dhifreáil bunaithe ar cé acu a dhéanann an tacaíocht rannchuidiú suntasach nó measartha ionsar chuspóirí i leith an athraithe aeráide. I gcás nach rannchuidíonn an tacaíocht leis na cuspóirí sin nó i gcás nach rannchuidiú suntasach é, déanfar ualú nialais a shannadh. I gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, cuirfear na hualaithe i gceangal le catagóirí idirghabhála arna mbunú laistigh den ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún. I gcás CETFT, cuirfear na hualuithe i gceangal leis na réimsí tosaíochta fócais a leagtar amach i Rialachán CETFT agus i gcás CEMI, cuirfear na hualaithe i gceangal le bearta a leagtar amach i Rialachán CEMI.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan amach do gach ceann de Chistí SIE maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta seo dá dtagraítear sa dara mír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).



TEIDEAL II

CUR CHUIGE STRAITÉISEACH



CAIBIDIL I

Cuspóirí téamacha le haghaidh na gCistíChistí SIE agus le haghaidh an Chomhchreata Straitéisigh

Airteagal 9

Cuspóirí téamacha

Chun rannchuidiú le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ mar aon le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, tacóidh gach ceann de Chistí SIE leis na cuspóirí téamacha seo a leanas:

(1) taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú;

(2) úsáid agus cáilíocht TFC agus rochtain orthu a fheabhsú;

(3) iomaíochas FBManna, earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú;

(4) tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile;

(5) oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca a chur chun cinn;

(6) an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn;

(7) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint;

(8) fostaíocht inbhuanaithe agus d'ardchaighdeán a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht an lucht saothair;

(9) cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac;

(10) infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil;

(11) cumas institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú.

Déanfar na cuspóirí téamacha a aistriú ina dtosaíochtaí a bhainfidh go sonrach le gach ceann de Chistí SIE agus a leagan amach sna rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 10

Comhchreat Straitéiseach

1.  Chun forbairt chomhchuí, chothromúil agus inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, bunófar leis seo an Comhchreat Straitéiseach ('CS'), faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I é. Le CS, bunaítear treoirphrionsabail straitéiseacha chun an próiseas cláreagraithe agus comhordú earnálach agus críochach na hidirghabhála a dhéanann an tAontas faoi Chistí SIE agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile Aontais a éascú i gcomhréir le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ , agus na príomhdhúshláin chríochacha i gcás cineálacha éagsúla críoch á gcur san áireamh.

2.  Maidir leis na treoirphrionsabail straitéiseacha amhail a leagtar amach in CS, bunófar iad i gcomhréir le cuspóir agus laistigh de raon feidhme an chúnaimh a sholáthrófar le gach ceann de Chistí SIE, agus i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear oibríocht gach ceann de Chistí SIE, de réir mar atá sainmhínithe sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha. Níor cheart go ndéanfadh CS oibleagáidí breise a fhorchur ar na Ballstáit thar a bhfuil leagtha amach i gcreat na mbeartas earnála ábhartha de chuid an Aontais.

3.  Éascófar le CS ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, agus inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, ionas go gcinnfear bearta beartais agus comhordúcháin sonracha agus iomchuí.

Airteagal 11

Inneachar

Bunófar le CS:

►C1  (a) sásraí chun an ranníocaíocht ó Chistí SIE le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a áirithiú ◄ , agus le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht chláreagrú Chistí SIE i leith na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE, na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, an Clár Náisiúnta um Athchóiriú;

(b) socruithe chun úsáid chomhtháite Chistí SIE a chur chun cinn;

(c) socruithe maidir le comhordú idir Cistí SIE agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí seachtracha um chomhar;

(d) prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus cuspóirí beartais trasearnálacha maidir le cur chun feidhme Chistí SIE;

(e) socruithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin chríochacha atá ann do limistéir uirbeacha, thuaithe, chósta agus iascaigh, ar dhúshláin dhéimeagrafacha réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar geografach a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu amhail dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE, agus ar dhúshláin shonracha na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE;

(f) réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí comhair faoi Chistí SIE agus, i gcás inarb iomchuí, straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige á gcur san áireamh.

Airteagal 12

Athbhreithniú

I gcás ina dtarlóidh mórathruithe ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch san Aontas nó i gcás ina ndéanfar athruithe ar straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ , féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar CS, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a chur faoina mbráid.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun forlíonadh nó leasú a dhéanamh ar Roinn 4 agus ar Roinn 7 d'Iarscríbhinn I i gcás inar gá an méid sin chun athruithe sna beartais nó ionstraimí Aontais dá dtagraítear i Roinn 4 nó athruithe sna gníomhaíochtaí comhair dá dtagraítear i Roinn 7 a chur san áireamh, nó chun aird a thabhairt ar bheartais, ionstraimí nó gníomhaíochtaí comhair nua de chuid an Aontais a thugtar isteach.

Airteagal 13

Treoraíocht do thairbhithe

1.  Déanfaidh an Coimisiún treoraíocht a ullmhú maidir leis an gcaoi ar féidir Cistí SIE a rochtain agus a úsáid go héifeachtach, agus maidir leis an gcaoi ar féidir an leas is fearr a bhaint as comhlántachtaí le hionstraimí eile de bheartais ábhartha an Aontais.

2.  Déanfar an treoraíocht a tharraingt suas faoin 30 Meitheamh 2014 agus beidh forléargas ann, i gcomhair gach cuspóra théamaigh, ar na hionstraimí ábhartha atá ar fáil ar leibhéal an Aontais mar aon le foinsí mionsonraithe faisnéise, samplaí dea-chleachtas chun na hionstraimí cistiúcháin atá ar fáil a chomhcheangal laistigh de réimsí beartais agus ar fud réimsí beartais, tuairisc ar na húdaráis agus comhlachtaí ábhartha atá páirteach i mbainistiú gach ionstraime agus seicliosta do thairbhithe ionchasacha chun cabhrú leo na foinsí cistithe is iomchuí a shainaithint.

3.  Poibleofar an treoraíocht ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, agus i gcomhar le Coiste na Réigiún, a áirithiú go scaipfear an treoraíocht ar thairbhithe ionchasacha.



CAIBIDIL II

Comhaontú Comhpháirtíochta

Airteagal 14

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú

1.  Ullmhóidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.  Déanfaidh na Ballstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú i gcomhphlé leis an gCoimisiún. Déanfaidh na Ballstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas agus nósanna imeachta atá trédhearcach maidir leis an bpobal á leanúint acu, agus i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

3.  Cumhdófar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta gach tacaíocht ó Chistí SIE sa Bhallstát lena mbaineann.

4.  Tíolacfaidh gach Ballstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta don Choimisiún faoin 22 Aibreán 2014.

5.  I gcás nach dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha i bhfeidhm nó nach bhfuiltear ag súil lena theacht i bhfeidhm faoin 22 Feabhra 2014, ní cheanglófar ar an gComhaontú Comhpháirtíochta arna chur isteach ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 4 na gnéithe a bheith ann dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (iii), (iv) agus (vi) d'Airteagal 15(1) i gcás Chiste SIE a ndearna moill den sórt sin nó moill den sórt sin a rabhthas ag súil léi maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó.

Airteagal 15

Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta

1.  Leagfar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a) socruithe chun ailíniú le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a áirithiú mar aon le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n-áirítear:

(i) anailís ar éagothromaíochtaí, ar riachtanais forbartha agus ar phoitéinseal fáis faoi threoir na gcuspóirí téamacha agus na ndúshlán críochach agus lena gcuirfear san áireamh an Clár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE;

(ii) achoimre ar mheastóireachtaí ex ante ar na cláir, nó príomhthorthaí na meastóireachtaí ex ante ar an gComhaontú Comhpháirtíochta, i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát faoin mheastóireachtaí deireanach sin ar a thionscnamh féin;

(iii) cuspóirí téamacha roghnaithe, agus i gcás gach ceann de na cuspóirí téamacha roghnaithe, achoimre ar na príomhthorthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach ceann de Chistí SIE;

(iv) leithdháileadh táscach na tacaíochta ón Aontas de réir cuspóra théamaigh ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach ceann de Chistí SIE, mar aon leis an méid iomlán táscach de thacaíocht atá foráilte maidir le cuspóirí i leith an athraithe aeráide;

(v) cur i bhfeidhm na bprionsabal cothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus na gcuspóirí beartais maidir le cur chun feidhme Chistí SIE;

(vi) liosta de na cláir faoi CFRE, faoi CSE agus faoin gCiste Comhtháthaithe, cé is moite de na cláir sin faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus de chláir CETFT agus CEMI, ina sonraítear na leithdháiltí táscacha faoi seach de réir gach ceann de Chistí SIE agus de réir bliana;

(vii) faisnéis i ndáil leis an leithdháileadh a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta, a bhristear síos de réir Chiste SIE agus, i gcás inarb iomchuí, de réir chatagóir an réigiúin, agus de réir na méideanna a eisiatar chun an cúlchiste feidhmíochta a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b) socruithe chun cur chun feidhme éifeachtúil Chistí SIE a áirithiú, lena n-áirítear:

(i) socruithe, i gcomhréir le creat institiúideach na mBallstát, lena n-áirithítear comhordú idir Cistí SIE agus ionstraimí cistiúcháin eile náisiúnta agus Aontais agus le BEI;

(ii) an fhaisnéis a theastaíonn d'fhíorú ex ante ar chomhlíonadh na rialacha ar bhreisíocht amhail a shainítear i gCuid a Trí;

(iii) achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19 agus Iarscríbhinn XI, agus, i gcás nach ndéantar na coinníollachtaí ex ante is infheidhme maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a chomhlíonadh, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, ar na comhlachtaí freagracha agus ar an tráthchlár dá gcur chun feidhme;

(iv) an mhodheolaíocht agus na sásraí chun comhsheasmhacht a áirithiú i bhfeidhmiú an chreata feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21;

(v) measúnú i dtaobh an bhfuil gá le cumas riaracháin na n-údarás atá páirteach i mbainistiú agus i rialú na gclár agus, i gcás inarb iomchuí, na dtairbhithe a neartú mar aon le, i gcás inar gá sin, achoimre ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na críche sin;

(vi) achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe sna cláir, lena n-áirítear tráthchlár táscach maidir le laghdú a bhaint amach ar an ualach riaracháin ar na tairbhithe;

(c) socruithe do phrionsabal na comhpháirtíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d) liosta táscach de na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 agus achoimre de na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na comhpháirtithe sin a tharraingt isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 agus dá ról in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus den tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 52.

2.  Beidh tásc freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar an méid seo a leanas:

(a) cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE nó achoimre ar bhealaí cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach atá bunaithe ar inneachar na gclár, agus an méid seo a leanas á leagan amach:

(i) na socruithe chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhtháite ann i leith úsáid Chistí SIE maidir le forbairt chríochach limistéar foréigiúnach sonrach, go háirithe na socruithe cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 36, a mbeidh ag gabháil leis na socruithe sin na prionsabail chun na limistéir uirbeacha a shainaithint ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháite ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe uirbeach le cur chun feidhme;

(ii) na príomhréimsí tosaíochta le haghaidh comhair faoi Chistí SIE, agus straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí;

(iii) i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a ndéanann an bhochtaineacht difear dóibh nó ar na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh shóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna;

(iv) i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha na réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar geografach a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE;

(b) socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach Chistí SIE a áirithiú, lena n-áirítear measúnú ar na córais atá ann cheana maidir le malartú leictreonach sonraí, agus achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe le gur féidir gach malartú faisnéise idir na tairbhithe, agus na húdaráis atá freagrach as bainistiú agus rialú na gclár, a dhéanamh céim ar chéim trí mhalartú leictreonach sonraí.

Airteagal 16

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ghlacadh agus a leasú

1.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta leis an Rialachán seo, agus an Clár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, chomh maith le meastóireachtaí ex ante ar na cláir á gcur san áireamh aige, agus tabharfaidh an Coimisiún barúlacha le fios laistigh de thrí mhí ón dáta ar a ndéanfaidh an Ballstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann gach faisnéis bhreise is gá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an Comhaontú Comhpháirtíochta.

2.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe den Chomhaontú Comhphairtíochta a thagann faoi 'Airteagal 15(1) agus a thagann faoi Airteagal 15(2) i gcás ina mbeidh leas bainte ag Ballstát as forálacha Airteagal 96(8), i ndáil leis na gnéithe lena n-éilítear cinneadh ón gCoimisiún faoi Airteagal 96(10) tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta a tíolacadh a Chomhaontaithe Comhpháirtíochta ag an mBallstát, ar choinníoll go gcuirtear san áireamh go leormhaith aon bharúlacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún. Ní thiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014.

3.  Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le toradh na caibidlíochta i ndáil leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus leis na cláir, lena n-áirítear forléargas ar na príomh-shaincheisteanna, le haghaidh gach Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2015. Déanfar an tuarascáil sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún ag an tráth céanna.

4.  I gcás ina molfaidh Ballstát gnéithe den Chomhaontú Comhpháirtíochta a leasú, ar gnéithe iad a chumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún amhail dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanann an Ballstát an moladh le haghaidh an leasaithe a thíolacadh, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar an leasú laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a ndearna an Ballstát an moladh a thíolacadh.

5.  I gcás ina ndéanfaidh Ballstát leasú ar ghnéithe den Chomhaontú Comhpháirtíochta, ar gnéithe iad nach gcumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún amhail dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh sé fógra ina leith don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh chun leasú a dhéanamh.

Airteagal 17

An Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe a ghlacadh i gcás moille i dteacht i bhfeidhm Rialacháin Chiste-shonraigh

1.  I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(5), tíolacfaidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe chuig an gCoimisiún ina mbeidh na gnéithe a bhí ar lár sa Chomhaontú Comhpháirtíochta do Chiste SIE lena mbaineann, laistigh de dhá mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh arbh ábhar don mhoill é.

2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta athbhreithnithe leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus glacfaidh sé cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 16(2).



CAIBIDIL III

Díriú téamach, coinníollachtaí ex ante agus athbhreithniú ar fheidhmíocht

Airteagal 18

Díriú téamach

Díreoidh na Ballstáit tacaíocht, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, ar idirghabhálacha lena ngabhann an breisluach is mó i ndáil le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ , agus na príomhdhúshláin chríochacha de na cineálacha éagsúla críocha i gcomhréir le CS, na dúshláin arna sainaithint sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha faoi Airteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) CFAE á gcur san áireamh acu. Forálacha maidir le díriú téamach faoi na rialacha Ciste-shonracha, ní bheidh feidhm acu maidir le cúnamh teicniúil.

Airteagal 19

Coinníollachtaí ex ante

1.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil agus i gcomhthéacs ullmhú na gclár agus, i gcás inarb iomchuí, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, i dtaobh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha faoi seach agus na coinníollachtaí ginearálta ex ante a leagtar amach i gCuid II d'Iarscríbhinn XI infheidhme maidir le ►C1  cuspóirí sonracha ◄ a dhéantar a shaothrú laistigh de thosaíochtaí a gclár agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante is infheidhme comhlíonta.

Ní bheidh feidhm ag coinníollachtaí ex ante ach amháin sa mhéid a chomhlíonann siad an sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (33) d'Airteagal 2 maidir leis na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ atá á saothrú faoi chuimsiú thosaíochtaí an chláir. Leis an measúnú ar infheidhmeacht, déanfar, gan dochar don sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (33) d'Airteagal 2, prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 4(5) ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, don leibhéal tacaíochta a leithdháiltear. Beidh an measúnú ar chomhlíonadh teoranta do na critéir a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha agus i gCuid II d'Iarscríbhinn XI.

2.  Leagfar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta agus maidir leo nach gcomhlíontar, de bhun an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh, leagfar amach na gníomhaíochtaí atá le déanamh, na comhlachtaí freagracha, agus an tráthchlár do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin. Le gach clár déanfar a shainaithint cé acu ceann de na coinníollachtaí ex ante, a leagtar síos sna rialacha ábhartha a bhaineann le cistí ar leith agus de na coinníollachtaí ex ante ginearálta a leagtar amach i gCuid II d'Iarscríbhinn XI atá infheidhme maidir leis an gclár agus cé acu ceann díobh, de bhun an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, atá comhlíonta ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a thíolacadh. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollachtaí ex ante, beidh tuairisc sa chlár ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, ar na comhlachtaí freagracha agus ar an tráthchlár dá gcur chun feidhme. Comhlíonfaidh na Ballstáit na coinníollachtaí ex ante seo tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016 agus tabharfaidh siad tuarascáil i ndáil leis an gcomhlíonadh sin tráth nach déanaí ná sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme in 2017 i gcomhréir le hAirteagal 50(4) nó sa tuarascáil ar dhul chun cinn in 2017 i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 52(2).

3.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht agus ar leordhóthanacht na faisnéise a sholáthróidh an Ballstát maidir le hinfheidhmeacht na gcoinníollachtaí ex ante agus maidir le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gclár agus ar an gComhaontú Comhpháirtíochta, i gcás inarb iomchuí.

Le measúnú sin an Choimisiúin ar infheidhmeacht déanfar, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh ag féachaint do leibhéal na tacaíochta a leithdháiltear, i gcás inarb iomchuí. Beidh measúnú an Choimisiúin ar chomhlíonadh teoranta do na critéir a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha agus sna critéir i gCuid II d'Iarscríbhinn XI, agus urramófar leis na hinniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha chun na bearta sonracha agus leordhóthanacha beartais a chinneadh, lena n-áirítear inneachar na straitéisí.

4.  I gcás ina mbeidh easaontas idir an Coimisiún agus Ballstát i ndáil le hinfheidhmeacht coinníollachta ex ante maidir le ►C1  cuspóir sonrach ◄ tosaíochtaí cláir nó maidir lena chomhlíonadh, cruthóidh an Coimisiún an infheidhmeacht i gcomhréir leis an sainmhíniú i bpointe (33) d'Airteagal 2 agus an neamhchomhlíonadh araon.

5.  Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus clár á ghlacadh aige, na híocaíochtaí eatramhacha uile chuig tosaíocht ábhartha an chláir sin, nó cuid díobh, a fhionraí go dtí go dtabharfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 chun críche go sásúil i gcás inar gá chun go seachnófar dochar suntasach d'éifeachtacht agus d'éifeachtúlacht bhaint amach ►C1  chuspóirí sonracha ◄ na tosaíochta lena mbaineann. Má mhainnítear gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante is infheidhme a chomhlíonadh, ar coinníollacht í nach raibh comhlíonta ar an dáta a ndearnadh an Comhaontú Compháírtíochta agus an clár ábhartha a thíolacadh, faoin sprioc-am a leagtar amach i mír 2, beidh foras ann chun íocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin chuig na tosaíochtaí den chlár lena mbaineann a ndéantar difear dóibh a fhionraí. Sa dá chás, beidh réim na fionraíochta comhréireach agus na gníomhaíochtaí atá le glacadh agus na cistí atá i mbaol á gcur san áireamh.

6.  Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás ina mbeidh an Coimisiún agus an Ballstát ar comhaontú maidir le neamh-infheidhmeacht coinníollachta ex ante nó go gcomhaontóidh siad gur comhlíonadh coinníollacht ex ante is infheidhme, mar a léireofar tríd an gclár agus tríd an gComhaontú Comhpháirtíochta a fhormheasadh, nó mura mbeidh barúlacha ón gCoimisiún ann laistigh de 60 lá ón am ar cuireadh isteach an tuarascáil ábhartha dá dtagraítear i mír 2.

7.  Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, deireadh a chur le fionraí íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh tosaíochta i gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí a bhaineann le coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh tugtha chun críche ag Ballstát, ar coinníollachtaí iad is infheidhme maidir leis an gclár lena mbaineann agus nach raibh comhlíonta an tráth a ndearna an Coimisiún cinneadh faoin bhfionraí. Déanfaidh sé freisin, gan mhoill, deireadh a chur leis an bhfionraí i gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an gcoinníollacht ex ante lena mbaineann i ndiaidh leasú a dhéanamh ar an gclár a bhaineann leis an tosaíocht lena mbaineann.

8.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 20

Cúlchiste feidhmíochta

Beidh 6 % de na hacmhainní a leithdháilfear ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 89(2) den Rialachán seo, agus freisin ar CETFT agus ar bhearta arna maoiniú faoi bhainistíocht comhroinnte i gcomhréir le Rialachán CEMI ina chúlchiste feidhmíochta a bhunófar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus i gcláir agus a leithdháilfear ar thosaíochtaí sonracha i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo.

Tá na hacmhainní seo a leanas eisiata chun an cúlchiste feidhmíochta a ríomh:

(a) acmhainní a leithdháiltear chuig TFAO, mar a shainmhínítear sa chlár oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán CSE;

(b) acmhainní a leithdháiltear chuig cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún;

(c) acmhainní a aistrítear ón g gcéad Cholún de CBT chuig CETFT faoi Airteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(d) aistrithe chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 19(b), Airteagal 136 agus Airteagal 136(b) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle i ndáil le blianta féilire 2013 agus 2014 faoi seach;

(e) acmhainní a aistrítear chuig SCE ón gCiste Comhtháthaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(6) den Rialachán seo;

(f) acmhainní a aistrítear chuig an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí i gcomhréir le hAirteagal 92(7) den Rialachán seo;

(g) acmhainní a leithdháiltear le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(8) den Rialachán seo.

Airteagal 21

Athbhreithniú ar fheidhmíocht

1.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar fheidhmíocht na gclár i ngach Ballstát in 2019 ('an t-athbhreithniú ar fheidhmíocht'), faoi threoir an chreata feidhmíochta arna leagan amach sna cláir faoi seach. Leagtar amach in Iarscríbhinn II an modh chun an creat feidhmíochta a bhunú.

2.  Déanfar scrúdú san athbhreithniú ar fheidhmíocht ar ghnóthú na ngarspriocanna sna cláir ar leibhéal na dtosaíochtaí, ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfidh na Ballstáit isteach sa bhliain 2019.

Airteagal 22

An creat feidhmíochta a chur i bhfeidhm

1.  Is é a bheidh sa chúlchiste feidhmíochta ná idir 5 agus 7 % den leithdháileadh chuig gach ceann de na tosaíochtaí laistigh de chlár, cé is moite de thosaíochtaí atá tiomnaithe do chabhair theicniúil agus de chlár atá tiomnaithe d'ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 39. Is 6 % a bheidh i méid iomlán an chúlchiste feidhmíochta a dhéanfar a leithdháileadh de réir Chiste SIE agus catagóire réigiúin. Déanfar na méideanna a chomhfhreagraíonn don chúlchiste feidhmíochta a leagan amach sna cláir agus beidh siad miondealaithe de réir tosaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, de réir Chiste SIE agus de réir catagóire réigiúin.

2.  Ar bhonn an athbhreithnithe feidhmíochta arna dhéanamh in 2019, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí ó na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faoi seach a fháil sa bhliain 2019, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na cláir agus na tosaíochtaí a bhain a ngarspriocanna amach a chinneadh do gach ceann de Chistí SIE agus do gach Ballstát, agus, i gcás ina gcuimsíonn tosaíocht níos mó ná Ciste amháin nó catagóir réigiúin amháin, leagfaidh sé an fhaisnéis sin amach de réir Chiste SIE agus de réir catagóire réigiúin.

3.  Ní dhéanfar an cúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ach amháin ar chláir agus ar thosaíochtaí a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu. I gcás ina mbeidh a gcuid garspriocanna bainte amach ag tosaíochtaí, measfar méid an chúlchiste feidhmíochta arna bhunú don tosaíocht a bheith leithdháilte go cinnte ar bhonn an chinnidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2.

4.  I gcás nach mbeidh a gcuid garspriocanna bainte amach ag na tosaíochtaí, déanfaidh an Ballstát, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 2, a mholadh go ndéanfar an méid comhfhreagrach den chiste feidhmíochta a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 agus molfaidh sé leasuithe eile ar an gclár a eascraíonn as ath-leithdháileadh an chiste feidhmíochta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír.

Déanfaidh an Coimisiún leasú na gclár lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 30(3) agus (4). I gcás ina mainneoidh Ballstát an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 50(5) agus (6), ní dhéanfar an cúlchiste feidhmíochta don chlár ná do na tosaíochtaí lena mbaineann a leithdháileadh ar na cláir nó ar na tosaíochtaí lena mbaineann.

5.  Beidh moladh an Bhallstáit an ciste feidhmíochta a ath-leithdháileadh ag luí leis na ceanglais um dhíriú téamach agus leis na leithdháiltí íosta a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha. De mhaolú air sin, i gcás inarb ann do cheann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí atá nasctha le ceanglais um dhíriú téamach nó le leithdháiltí íosta nach bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu, féadfaidh an Ballstát a mholadh ath-leithdháileadh a dhéanamh ar an gcúlchiste ach gan é sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais agus na leithdháiltí íosta thuasluaite.

6.  I gcás ina bhfuil fianaise ann, a thig as athbhreithniú feidhmíochta do thosaíocht, go raibh mainneachtain thromchúiseach ann a mhéid a bhaineann le garspriocanna a bheith á mbaint amach ag an tosaíocht sin, agus gur garspriocanna iad nach mbaineann ach le táscairí airgeadais agus aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme arna leagan amach sa chreat feidhmíochta agus gurb ann don mhainneachtain sin de dheasca laigí cur chun feidhme atá sainaitheanta go soiléir, ar sheol an Coimisiún teachtaireacht ina leith roimhe sin de bhun Airteagal 50(8) mar thoradh ar dhlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, agus gur mainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht cheartúcháin ba ghá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin, féadfaidh an Coimisiún, tráth nach túisce ná cúig mhí i ndiaidh na teachtaireachta sin, íocaíocht eatramhach uile, nó cuid di, chuig tosaíocht cláir a fhionraí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha.

Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha a ardú nuair a bheidh an ghníomhaíocht cheartúcháin is gá déanta ag an mBallstát. I gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht cheartúcháin le haistriú na leithdháiltí airgeadais chuig cláir nó tosaíochtaí eile, a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an leasú riachtanach ar na cláir lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 30(2). De mhaolú ar Airteagal 30(2), déanfaidh an Coimisiún i gcás den sórt sin cinneadh maidir leis an leasú tráth nach déanaí ná dhá mhí ón tráth a ndéantar iarraidh an Bhallstáit a thíolacadh.

7.  I gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar an scrúdú ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna nach mbaineann ach le táscairí airgeadais, le táscairí aschuir agus le na príomhchéimeanna cur chun feidhme arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, de dheasca laigí cur chun feidhme atá sainaitheanta go soiléir, ar sheol an Coimisiún teachtaireacht ina leith roimhe sin de bhun Airteagal 50(8) i ndiaidh dlúthchomhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann, agus gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach ba ghá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin, féadfaidh an Coimisiún in ainneoin Airteagal 85 ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tosaíochtaí lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

Agus na ceartuithe airgeadais á gcur i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, ag féachaint go cuí do phrionsabal na coimhdeachta, an leibhéal ionsúcháin, agus dálaí seachtracha arna rannchuidiú leis an mainneachtain.

Ní dhéanfar ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil i mBallstát nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le critéir chun leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a chinneadh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a chinneadh sa chreat feidhmíochta le haghaidh gach tosaíochta agus chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).



CAIBIDIL IV

Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta

Airteagal 23

Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht Chistí SIE a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta

1.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, i gcás inar gá sin chun tacú le Moltaí ábhartha ón gComhairle a chur chun feidhme nó chun tionchar fáis agus iomaíochais Chistí SIE a uasmhéadú i mBallstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais.

Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas:

(a) chun tacú le cur chun feidhme molta thír-shonraigh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus molta ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann,

(b) chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) ar an gcoinníoll go meastar gur gá na leasuithe seo chun cuidiú le héagothromaíochtaí macraicneamaíocha a cheartú; nó

(c) chun an tionchar fáis agus iomaíochais atá ag Cistí CSF atá ar fáil a uasmhéadú, i gcás ina gcomhlíonfaidh Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) cuirtear cúnamh airgeadais de chuid an Aontais ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle ( 11 );

(ii) cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle ( 12 );

(iii) cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó lena spreagtar clár coigeartaithe maicreacnamaíoch i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) nó lena spreagtar cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE.

►C1  Chun críocha phointe (c) den dara fomhír, measfar go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo comhlíonta i gcás ◄ ina mbeidh an cúnamh sin curtha ar fáil do na Ballstáit roimh nó i ndiaidh 21 Nollaig 2013 agus go bhfuil sé fós ar fáil dó.

2.  Maidir le hiarraidh ón gCoimisiún chuig Ballstát i gcomhréir le mír 1, beidh údar maith leis agus déanfar tagairt inti don ghá atá le tacú le cur chun feidhme na moltaí ábhartha nó chun tionchar fáis agus iomaíochta na gCistí SIE a uasmhéadú de réir mar is iomchuí, agus léireoidh an Coimisiún na cláir nó na tosaíochtaí a mheasann sé a thagann i gceist agus cineál na leasuithe a bhfuiltear ag súil leo. Ní dhéanfar iarraidh den sórt sin roimh 2015 nó i ndiaidh 2019, ná ní dhéanfar iarraidh i ndáil leis na cláir chéanna in aon dhá bhliain i ndiaidh a chéile.

3.  Déanfaidh an Ballstát a fhreagairt ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil agus leagfaidh sé amach na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sna cláir, na cúiseanna atá leis na leasuithe sin, á shainaithint dó na cláir atá i gceist agus ag tabhairt cuntais dó ar chineál na leasuithe atá á moladh agus na héifeachtaí ionchasacha ar chur chun feidhme na moltaí agus ar chur chun feidhme na gCistí SIE. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de mhí amháin ón bhfreagairt sin a fháil.

4.  Déanfaidh an Ballstát togra chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha a thíolacadh laistigh de dhá mhí ón dáta a dtíolacfar an fhreagairt dá dtagraítear i mír 3.

5.  I gcás nach mbeidh barúlacha tíolactha ag an gCoimisiún nó i gcás inar deimhin leis an gCoimisiún go ndearnadh aon bharúlacha arna dtíolacadh a chur san áireamh go cuí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha a ghlacadh gan mhoill agus in aon chás ►C1  tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a dtíolactha ag an mBallstát i gcomhréir le mír 4. ◄

6.  I gcás ina mainníonn an Ballstát, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4, gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dó na barúlacha a thabhairt faoi mhír 3 nó tar éis thíolacadh thogra an Bhallstáit faoi mhír 4, a mholadh don Chomhairle cuid de na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí ar fad le haghaidh na gclár agus na dtosaíochtaí lena mbaineann a fhionraí. Ina mholadh, leagfaidh an Coimisiún síos na forais atá aige lena thátal gur mhainnigh an Ballstát gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh. I ndéanamh a mholta dó, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir a chur san áireamh agus breithneoidh sé go cuí aon eilimintí a eascraíonn as an gcomhphlé struchtúrtha faoi mhír 15 nó aon tuairimí a léirítear sa chomhphlé struchtúraithe sin.

Déanfaidh an Comhairle cinneadh maidir leis an moladh sin trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. ►C1  Ní bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin ach amháin i ndáil le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh tar éis an dáta a nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin. ◄

7.  Maidir le raon feidhme agus leibhéal fhionraí na n-íocaíochtaí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 6, beidh siad comhréireach agus éifeachtach agus urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionchar an fhionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Measfar cé acu cláir atá le fionraí bunaithe ar na riachtanais a shainaithnítear san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Ní bheidh fionraí na n-íocaíochtaí níos mó ná 50 % de na híocaíochtaí do gach ceann ar leith de na cláir lena mbaineann. Féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh do mhéadú ar an leibhéal fionraíochtaí suas go dtí 100 % de na híocaíochtaí más rud é go mainneoidh an Ballstát, laistigh de thrí mhí ó dháta an chinnidh íocaíochtaí a fhionraí dá dtagraítear i mír 6, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1.

8.  I gcás ina mbeidh leasuithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha molta ag an mBallstát, de réir mar a d'iarr an Coimisiún, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, an ndéanfar fionraí na n-íocaíochtaí a ardú.

9.  Déanfaidh an Coimisiún togra chuig an gComhairle á mholadh cuid de na ceangaltais nó de na híocaíochtaí le haghaidh cláir Ballstáit, nó iad uile, a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) CFAE nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach glactha ag an mBallstát chun a easnamh iomarcach a cheartú;

(b) i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a thíolacadh;

(c) i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamhchomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

(d) i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 nó i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 a chur chun feidhme agus ina gcinnfidh sé, dá thoradh sin, gan an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc;

(e) i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.

I ndéanamh a thogra dó, urramóidh an Coimisiún forálacha mhír 11 agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis ábhartha go léir ina leith sin agus breithneoidh sé go cuí aon eilimintí a eascraíonn as an gcomhphlé struchtúrtha faoi mhír 15 nó aon tuairimí a léirítear sa chomhphlé sin.

Tabharfar tosaíocht d'fhionraí na gceangaltas: ní dhéanfar íocaíochtaí a fhionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamhchomhlíonta shuntasaigh. ►C1  Beidh feidhm ag fionraí na n-íocaíochtaí maidir le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh le haghaidh na gclár lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh lena ndéantar fionraí. ◄

10.  Maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 9 i ndáil le ceangaltais a fhionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura rud é go gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh. Beidh feidhm ag fionraí na gceangaltas maidir le ceangaltais ó na Cistí SIE don Bhallstát lena mbaineann ón 1 Eanáir sa bhliain i ndiaidh dháta an chinnidh fionraí a dhéanamh.

Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 9 i ndáil le fionraí na n-íocaíochtaí.

11.  Maidir le raon feidhme agus leibhéal fhionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí atá le forchur ar bhonn mhír 10, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar an fhionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Is gné shonrach atá le cur san áireamh é tionchar na bhfionraithe ar chláir a bhfuil ríthábhacht leo chun dul i ngleic le dálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta.

Leagtar amach in Iarscríbhinn III forálacha mionsonraithe maidir le raon feidhme agus leibhéal na bhfionraithe a chinneadh.

Beidh fionraí na gceangaltas faoi réir an chinn is ísle de na huasteorainneacha seo a leanas:

(a) Uasmhéid de 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE sa chéad chás nach gcomhlíontar nós imeachta um easnamh iomarcach mar a dtagraítear dó i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9 agus uasmhéid de 25 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 9 nó más rud é sa chéad chás sin nach gcomhlíontar gníomhaíocht cheartaithe atá molta de bhun nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

Déanfar leibhéal na fionraí a mhéadú de réir a chéile suas go dtí uasmhéid de 100 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE i gcás nós imeachta um easnamh iomarcach agus suas go dtí 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE i gcás nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, ag teacht lena thromchúise atá an neamhchomhlíonadh;

(b) uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil is infheidhme sa chéad chás nach gcomhlíontar nós imeachta um easnamh iomarcach mar a dtagraítear dó i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9 agus uasmhéid de 0,25 % de OTI ainmniúil is infheidhme sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 9 nó más rud é sa chéad chás sin nach gcomhlíontar gníomhaíocht cheartaitheach atá molta faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

Má leantar den neamhchomhlíonadh a bhaineann le gníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9, déanfar an céatadán de chaidhp OTI sin a mhéadú de réir a chéile suas go dtí:

 uasmhéid de 1 % de OTI ainmniúil is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta leantaigh de nós imeachta um easnamh iomarcach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9; agus

 uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta leantaigh de nós imeachta um easnamh iomarcach i gcomhréir le pointe (b) nó le pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9, ag teacht lena thromchúise atá an neamhchomhlíonadh;

(c) uasmhéid de 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE nó uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil sa chéad chás de neamhchomhlíonadh mar a dtagraítear dó i bpointe (d) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír de mhír 9.

I gcinneadh an leibhéil fionraí agus cibé an bhfuil ceangaltais nó íocaíochtaí le fionraí, cuirfear an chéim de thimthriall an chláir san áireamh agus aird á tabhairt go háirithe ar an tréimhse atá fanta chun na cistí a úsáid tar éis athbhuiséadú na gceangaltas atá fionraithe.

12.  Gan dochar do na rialacha saortha a leagtar amach in Airteagal 86 go hAirteagal 88, déanfaidh an Coimisiún fionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí a ardú, gan mhoill, sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle ( 14 ) nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(b) i gcás ina bhfuil tacú tugtha ag an gComhairle don plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(c) i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta leormhaithe déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

Agus fionraí na gceangaltas á hardú, cinnfidh an Coimisiún, na ceangaltais atá fionraithe a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.

Maidir le cinneadh i dtaca le fionraí na n-íocaíochtaí a ardú, glacfaidh an Chomhairle é ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina mbeidh na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír comhlíonta.

13.  Ní bheidh feidhm ag mír 6 go mír 12 maidir leis an Ríocht Aontaithe sa mhéid agus go mbaineann fionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí le nithe a chuimsítear le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c)(iii) den dara fomhír de mhír 1 nó le pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

14.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

15.  Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, i gcás ina mbeidh ceann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír de mhír 9 le haghaidh Ballstáit, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus mionsonraí a sholáthar de na Cistí agus cláir SIE a d'fhéadfadh a bheith faoi réir fhionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig comhphlé struchtúrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar tharchur na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le ceangaltais nó íocaíochtaí a fhionraí nó an togra chun fionraí den sórt sin a ardú a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle láithreach tar éis a ghlactha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí aige dá thogra.

16.  In 2017, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Chun na críche sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil a ndéanfaidh sé í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, i gcás inar gá sin, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

17.  Nuair a tharlóidh athruithe móra sna dálaí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a thíolacadh.

Airteagal 24

Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige

1.  Arna iarraidh sin ag Ballstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe nó maidir le gach beart i gcás CETFT agus CEMI. ►C1  Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 21 Nollaig 2013, beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100 %, maidir lena iarratais ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2016: ◄

(a) i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann iasacht ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;

(b) i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 atá coinníollach ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme;

(c) i gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann faoi réir coinníll maidir le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cláir faoi Rialachán CCE.

▼C1

2.  D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht Aontais trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná:

(a) an caiteachas poiblí; nó

(b) uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE le haghaidh gach ceann de na tosaíochtaí i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, nó le haghaidh gach ceann de na bearta i gcás CETFT agus CEMI, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár,

cibé acu is ísle.

▼B

3.  Scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 agus déanfaidh sé tuarascáil maille lena mheasúnú, agus, más gá, togra reachtach ina leith sin, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle roimh an 30 Meitheamh 2016.

Airteagal 25

Cúnamh teicniúil a bhainistiú do Bhallstáit a mbeidh deacrachtaí buiséadacha sealadacha acu

1.  Arna iarraidh sin do Bhallstát a mbeidh deacrachtaí buiséadacha sealadacha aige agus a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1) ►C1  , féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (l) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) ◄ trí bhainistiú díreach nó neamhdhíreach.

2.  Beidh na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 sa bhreis ar na méideanna a bhunaítear i gcomhréir leis na huasteorainneacha a leagtar amach sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh cúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. I gcás ina leagfar amach uasteorainn ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón mBallstát sna rialacha Ciste-shonracha, áireofar an méid a bheidh le haistriú chun comhlíonadh na huasteorann sin a ríomh.

3.  Iarrfaidh Ballstát an t-aistriú dá dtagraítear i mír 2 do bhliain féilire ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1) faoin 31 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an t-aistriú. Beidh togra maidir le leasú a dhéanamh ar an gclár nó ar na cláir óna ndéanfar an t-aistriú ag gabháil leis an iarraidh. Déanfar leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 30(2) lena leagfar amach an méid iomlán a aistreofar gach bliain chuig an gCoimisiún.

Má chomhlíonann Ballstát na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1) an 1 Eanáir 2014, féadfaidh sé an iarraidh don bhliain sin a tharchur ag an am céanna a thíolacfar a Chomhaontú Comhpháirtíochta, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú chuig cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.



TEIDEAL III

CLÁREAGRÚ



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir le Cistí SIE

Airteagal 26

Cláir a ullmhú

1.  Cuirfear Chistí SIE chun feidhme trí chláir i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta. Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár.

2.  Déanfaidh na Ballstáit nó údarás ar bith eile arna ainmniú acu cláir a tharraingt suas, i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfaidh na Ballstáit na cláir a tharraingt suas ar bhonn nósanna imeachta atá trédhearcach don phobal, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

3.  Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú gur ann do chomhordú éifeachtach in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gclár le haghaidh Chistí SIE, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cláir ilchistí le haghaidh, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh acu.

4.  Déanfaidh na Ballstáit na cláir a thíolacadh don Choimisiún trí mhí ar a dhéanaí tar éis an Comhaontú Comhpháirtíochta a bheith tíolactha. Déanfar cláir um chomhar críochach Eorpach a thíolacadh faoin 22 Meán Fómhair 2014. Beidh meastóireacht ex ante mar a leagtar amach in Airteagal 55 ag gabháil le gach clár.

5.  I gcás ina dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha maidir le Cistí SIE i bhfeidhm idir 22 Feabhra 2014 agus 22 Meitheamh 2014, tíolacfar an clár nó na cláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste SIE agus a ndearna an mhoill i dteacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó nó dóibh, ar a dhéanaí trí mhí tar éis thíolacadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 17(1).

6.  I gcás ina dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha maidir le Cistí SIE i bhfeidhm níos déanaí ná an 22 Meitheamh 2014, tíolacfar an clár nó na cláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste SIE agus a ndearna an mhoill i dteacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó nó dóibh, ar a dhéanaí trí mhí tar éis dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh arbh ábhar don mhoill é.

Airteagal 27

Inneachar na gclár

1.  Leagfar straitéis amach i ngach clár maidir le rannchuidiú an chláir le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus beidh an straitéis comhsheasmhach leis an Rialachán seo, leis na rialacha Ciste-shonracha,agus le hinneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

Beidh ar áireamh i ngach clár socruithe lena n-áiritheofar go gcuirfear Cistí SIE chun feidhme go héifeachtach, go héifeachtúil agus go comhordaithe agus gníomhaíochtaí lena mbainfear amach laghdú ar an ualach riaracháin ar thairbhithe.

2.  I ngach clár, beidh sainmhíniú ar thosaíochtaí lena leagfar amach ►C1  cuspóirí sonracha ◄ , ar leithreasuithe airgeadais tacaíochta ó Chistí SIE agus ar chómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach, lena n-áirítear méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta, a d'fhéadfadh a bheith ar bhonn poiblí nó ar bhonn príobháideach i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

3.  I gcás ina mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha nó i straitéisí imchuach farraige, déanfar rannchuidiú na n-idirghabhálacha beartaithe leis na straitéisí sin a leagan amach sa chlár ábhartha, i gcomhréir le riachtanais limistéar an chláir de réir mar atá sé sainaitheanta ag an mBallstát.

4.  Leagfar amach le gach tosaíocht táscairí agus spriocanna comhfhreagracha arna sloinneadh i dtéarmaí cáilíochtúla nó cainníochtúla, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, d'fhonn an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chláir atá dírithe ar bhaint amach na gcuspóirí a mheasúnú agus beidh siad mar bhonn d'fhaireachán, do mheastóireacht agus d'athbhreithniú ar fheidhmíocht. Áireofar ar na táscairí sin:

(a) táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas arna leithdháileadh;

(b) táscairí aschuir a bhaineann leis na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht;

(c) táscairí toraidh a bhaineann leis an tosaíocht lena mbaineann.

I gcás gach ceann de Chistí SIE, leagfar táscairí coiteanna amach sna rialacha Ciste-shonracha agus d'fhéadfaí forálacha a leagan síos maidir le táscairí clár-shonracha.

5.  Beidh ar áireamh i ngach clár, ach amháin sna cláir sin lena gcumhdaítear cúnamh teicniúil amháin, tuairisc, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 san áireamh.

6.  Leagfar amach i ngach clár, ach amháin sna cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár sonrach, an méid táscach tacaíochta a bheidh le húsáid le haghaidh cuspóirí i leith an athraithe aeráide, bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8.

7.  Déanfaidh na Ballstáit an clár a tharraingt suas i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 28

▼C1

Forálacha sonracha maidir le hinneachar na gclár atá tiomnaithe d'ionstraimí comhpháirteacha maidir le ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán lena soláthraítear faoiseamh caipitil arna gcur chun feidhme ag BIE

▼B

1.  De mhaolú ar Airteagal 27, áireofar ar na cláir thiomanta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4):

(a) na heilimintí a leagtar amach faoin gcéad fhomhír d'Airteagal 27(1), agus faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 den Airteagal sin maidir leis na prionsabail a leagtar amach faoi Airteagal 5;

(b) sainaithint na gcomhlachtaí dá dtagraítear faoi Airteagal 125, faoi Airteagal 126 agus faoi Airteagal 127 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 65(2) de Rialachán CETFT mar is ábhartha don Chiste lena mbaineann;

(c) maidir le gach ceann de na coinníollachtaí ex ante, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hIarscríbhinn XI, atá infheidhme maidir leis an gclár, measúnú i dtaobh an mbeidh an choinníollacht ex ante comhlíonta ar an dáta a gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár isteach, agus i gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex ante comhlíonta, tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh, na comhlachtaí atá freagrach agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an achoimre a bheidh tíolactha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

2.  De mhaolú ar Airteagal 55, déanfar an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) a mheas mar mheastóireacht ex ante ar na cláir sin.

3.  Chun críocha na gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7(2) ná ag Airteagal 59(5) agus (6) de Rialachán CETFT. Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, is iad na forálacha a leagtar amach i bpointí (c)(i), (f), (h), (i) agus (m)(i) go (iii) d'Airteagal 8(1), agus iadsan amháin, a mbeidh feidhm acu faoi CETFT.

Airteagal 29

An nós imeachta maidir le cláir a ghlacadh

1.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na gclár leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha, lena rannchuidiú iarbhír leis na cuspóirí téamacha roghnaithe agus le tosaíochtaí an Aontais a bhaineann go sonrach le gach ceann de Chistí SIE, agus freisin leis an gcomhsheasmhacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, á chur san áireamh aige na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus an mheastóireacht ex ante á cur san áireamh aige freisin. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú, go háirithe, ar leordhóthanacht straitéis an chláir agus na gcuspóirí, na dtáscairí agus na spriocanna comhfhreagracha agus ar leithdháileadh na n-acmhainní buiséadacha.

2.  De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na cláir oibríochtúla atá tiomnaithe do TFAO dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d'Airteagal 18 de Rialachán CSE agus na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo ar comhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta in éagmais an Comhaontú Comhpháirtíochta a bheith tíolactha ag an mBallstát ag dáta tíolactha clár tiomnaithe den sórt sin.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanfar an clár a thíolacadh. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an clár atá beartaithe.

4.  I gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, déanfaidh an Coimisiún gach clár a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Bhallstát lena mbaineann é a chur isteach, ar choinníoll go bhfuil aon bharúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún curtha san áireamh go leormhaith, ach ní dhéanfar sin roimh an 1 Eanáir 2014 nó sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas.

De mhaolú ar an gceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a fhormheas sula nglacfar an cinneadh lena bhformheastar an Comhaontú Comhpháirtíochta, agus féadfaidh an Coimisiún cláir oibríochtúla atá tiomnaithe do TFAO dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d'Airteagal 18 de Rialachán CSE agus cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo a fhormheas sula ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh.

Airteagal 30

Cláir a leasú

1.  Maidir le hiarrataí ar leasú na gclár arna dtíolacadh ag Ballstát, beidh údar cuí leo agus leagfar amach go háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar chur i gcrích straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ arna sainiú sa chlár, agus an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha, na prionsabail chothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, mar aon leis an gComhaontú Comhpháirtíochta á gcur san áireamh. Beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leo.

2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus an réasúnú a thug an Ballstát á chur san áireamh aige. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de mhí amháin tar éis don chlár athbhreithnithe a bheith tíolactha agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise uile is gá don Choimisiún. I gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar chlár a leasú a fhormheas a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Bhallstát iad a thíolacadh, ar choinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go leordhóthanach.

I gcás ina ndéanfaidh leasú ar chlár difear don fhaisnéis arna soláthar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le pointí (a)(iii), pointe (iv) agus pointe (vi) d'Airteagal 15(1), beidh formheas an Choimisiúin ar an leasú ar an gclár ina fhormheas ag an am céanna maidir leis an athbhreithniú iarmhartach ar an bhfaisnéis sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

3.  De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina dtíolacfar an iarraidh ar leasú chuig an gCoimisiún d'fhonn an cúlchiste feidhmíochta a ath-leithdháileadh tar éis an athbhreithnithe ar fheidhmíocht, ní thabharfaidh an Coimisiún barúlacha ach amháin má mheasann sé nach mbeidh an leithdháileadh a mholfar ag cloí leis na rialacha is infheidhme, nach mbeidh sé i gcomhréir le riachtanais forbartha an Bhallstáit nó an réigiúin, nó go mbeidh baol suntasach ann dá bharr nach bhféadfar na cuspóirí agus na spriocanna a áirítear sa togra a bhaint amach. Formheasfaidh an Coimisiún an iarraidh ar chlár a leasú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh don Bhallstát an iarraidh a thíolacadh ar an gcoinníoll go mbeidh aon bharúil a thabharfaidh an Coimisiún curtha san áireamh mar is ceart. Beidh formheas ar leasú an chláir ón gCoimisiún ina fhormheas ag an am céanna ar an athbhreithniú iarmharthach ar an bhfaisnéis a bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

4.  De mhaolú ar mhír 2, féadfar nósanna imeachta sonracha maidir le leasú na gclár oibríochtúla a bhunú i Rialachán CEMI.

Airteagal 31

Rannpháirtíocht BEI

1.  Féadfaidh BEI, arna iarraidh sin ag Ballstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú freisin, go háirithe mórthionscadail, ionstraimí airgeadais agus CPPanna.

2.  Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le BEI sula nglacfar an Comhaontú Comhpháirtíochta nó na cláir.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar BEI scrúdú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil, ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais, agus ar inmharthanacht na mórthionscadal agus cabhrú leis i dtaca leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme nó le forbairt.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, agus forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme aige, deontais nó conarthaí seirbhíse a dhámhachtain ar BEI lena gcuimseofar tionscnaimh a chuirfear chun feidhme ar bhonn ilbhliantúil. Is ar bhonn bliantúil a dhéanfar an ceangaltas de ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais i ndáil le deontais den sórt sin agus le conarthaí seirbhíse den sórt sin.



CAIBIDIL II

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Airteagal 32

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.  Tacóidh CETFT le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, dá ngairfear forbairt áitiúil LEADER agus a fhéadfaidh tacaíocht a fháil ó CFRE, ó CSE nó ó CEMI. Chun críocha na Caibidle seo, gairtear "Cistí SIE lena mbaineann" ar na Cistí sin anseo feasta.

2.  Is éard a bheidh san fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a) forbairt a bheidh dírithe ar limistéir fhoréigiúnacha shonracha;

(b) forbairt a bheidh faoi stiúir grúpaí gníomhaíochta áitiúla atá comhdhéanta d'ionadaithe ar son leasanna socheacnamaíocha áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach, nach mbeidh níos mó ná 49 % de na cearta vótála ó thaobh na cinnteoireachta de ag na húdaráis phoiblí, faoi mar a shainítear iad de réir na rialacha náisiúnta, nó ag aon ghrúpa aonair leasa;

(c) forbairt a chuirfear i gcrích trí straitéisí comhtháite agus ilearnála um fhorbairt áitiúil ar bhonn limistéar;

(d) forbairt a thabharfaidh aird ar na riachtanais áitiúla agus ar an acmhainneacht áitiúil agus í á ceapadh, agus áireofar inti gnéithe nuálacha sa chomhthéacs áitiúil, líonrú agus, i gcás inarb iomchuí, comhar.

3.  Beidh comhsheasmhacht ag baint leis an tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann don fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus déanfar í a chomhordú idir Cistí SIE lena mbaineann. Áiritheofar an méid seo inter alia trí fhorbairt acmhainní chomhordaithe, roghnú, formheas agus cistiú straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus grúpaí forbartha áitiúla.

4.  I gcás ina gcinnfidh an coiste roghnúcháin do na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail arna mbunú faoi Airteagal 33(3) go mbeidh gá le tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin chun an straitéis roghnaithe um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme, féadfaidh sé Ciste ceannais a ainmniú i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta chun tacú leis na costais reatha agus eagrúcháin uile faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 35(1) don straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

5.  Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann, cuirfear i gcrích í faoi cheann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an chláir ábhartha nó na gclár ábhartha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha atá mar chuid de Chistí SIE lena mbaineann.

Airteagal 33

Straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.  Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh i straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a) sainiú ar an limistéar agus ar an daonra a chumhdófar faoin straitéis;

(b) anailís ar riachtanais forbartha agus acmhainneacht an limistéir, lena n-áirítear anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí;

(c) tuairisc ar an straitéis agus ar na cuspóirí a bhaineann léi, tuairisc ar ghnéithe comhtháite agus nuálacha na straitéise agus ordlathas na gcuspóirí, lena n-áirítear spriocanna intomhaiste maidir le haschur nó torthaí. I ndáil le torthaí, féadfar na spriocanna a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla. Beidh an straitéis ar comhréir le cláir ábhartha gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann;

(d) tuairisc ar phróiseas rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt na straitéise;

(e) plean gníomhaíochta ina léirítear conas a aistrítear cuspóirí isteach ina ngníomhaíochtaí;

(f) tuairisc ar shocruithe bainistíochta agus faireacháin na straitéise, ina léirítear cumas an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta an straitéis a chur chun feidhme agus tuairisc ar na socruithe sonracha le haghaidh meastóireachta;

(g) an plean airgeadais don straitéis, lena n-áirítear an leithdháileadh atá beartaithe ó gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann.

2.  Saineoidh na Ballstáit critéir maidir le straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú.

3.  Déanfaidh coiste na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú, ar coiste é a chuirfear ar bun chun na críche sin ag an údarás bainistíochta nó ag na húdaráis bhainistíochta atá freagrach agus a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag na húdaráis bhainistíochta atá freagrach.

4.  Déanfar an chéad bhabhta roghnúcháin de na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a thabhairt chun críche laistigh de dhá bhliain ó dháta formheasta an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Féadfaidh na Ballstáit straitéisí breise um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú tar éis an dáta sin ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017.

5.  Sa chinneadh lena bhformheastar straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, leagfar amach leithdháiltí gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann. Leagfar amach sa chinneadh freisin na freagrachtaí maidir le cúraimí bainistíochta agus rialaithe faoin gclár nó faoi na cláir i ndáil leis an straitéis um fhorbairt áitiúil.

6.  Daonra an limistéir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, ní bheidh sé níos lú ná 10 000 áitritheoir agus ní bheidh sé níos mó ná 150 000 áitritheoir. I gcásanna cuí-réasúnaithe agus ►C1  ar bhonn togra ó Bhallstát, áfach, féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha daonra sin a ghlacadh nó a leasú ina chinneadh faoi Airteagal 16(2) nó (4) ◄ chun an Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas nó a leasú faoi seach i gcás an Bhallstáit sin, d'fhonn limistéir a bhfuil daonra beag nó daonra mór iontu a chur san áireamh nó d'fhonn comhleanúnachas críochach na limistéar atá cuimsithe ag na straitéisí um fhorbairt áitiúil a áirithiú.

Airteagal 34

Grúpaí gníomhaíochta áitiúla

1.  Déanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme.

Saineoidh na Ballstáit na róil faoi seach a bheidh ag an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil agus ag na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha, maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis um fhorbairt áitiúil.

2.  Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta nó na húdaráis bhainistíochta atá freagrach go roghnóidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar chomhpháirtí cinn i gcúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr arna bhunú go dlíthiúil.

3.  Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla:

(a) acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear a gcumais bhainistíochta tionscadal a chothú;

(b) nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus critéir oibiachtúla maidir le hoibríochtaí a roghnú a tharraingt suas, lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, lena n-áirithítear go gcaitheann comhpháirtithe nach údaráis phoiblí iad 50 % ar a laghad de na vótaí i gcinntí roghnúcháin, agus lena gceadófar roghnú trí nós imeachta i scríbhinn;

(c) comhleanúnachas a áirithiú leis an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nuair a bhíonn oibríochtaí á roghnú, trí thosaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí sin de réir a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí agus spriocanna na straitéise sin a bhaint amach;

(d) glaonna ar thograí nó nós imeachta leanúnach maidir le tionscadail a chur isteach a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear critéir roghnúcháin a shainiú;

(e) iarratais ar thacaíocht a fháil agus measúnú a dhéanamh orthu;

(f) oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú agus, i gcás inarb ábhartha, na tograí a thíolacadh don chomhlacht atá freagrach as fíorú críochnaitheach a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;

(g) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht agus gníomhaíochtaí meastóireachta sonracha a dhéanamh atá nasctha leis an straitéis sin.

4.  Gan dochar do phointe (b) de mhír 3, féadfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúla a bheith ina thairbhí agus féadfaidh sé oibríochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

5.  I gcás gníomhaíochtaí comhair de chuid grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 35(1), féadfaidh an t-údarás bainistíochta atá freagrach na cúraimí a leagtar amach i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo a chur i gcrích.

Airteagal 35

Tacaíocht ó Chistí SIE d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.  Cumhdóidh tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail an méid seo a leanas:

(a) costais na tacaíochta ullmhúcháin atá comhdhéanta d'fhorbairt acmhainní, d'oiliúint agus de líonrú d'fhonn straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Féadfaidh costais den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chumhdach:

(i) gníomhaíochtaí oiliúna do gheallsealbhóirí áitiúla;

(ii) staidéir ar an limistéar lena mbaineann;

(iii) costais a bhaineann le straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh, lena n-áirítear costais chomhairliúcháin agus costais do ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhairliúcháin na ngeallsealbhóirí ar mhaithe leis an straitéis a ullmhú;

(iv) costais riaracháin (costais oibríochta agus pearsanra) eagraíochta a dhéanann iarratas ar thacaíocht ullmhúcháin i rith na céime ullmhúcháin;

(v) tacaíocht do threoirthionscadail bheaga.

Beidh tacaíocht ullmhúcháin den sórt sin incháilithe is cuma an ndéanann an coiste roghnúcháin arna chur ar bun faoi Airteagal 33(3) an straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail arna ceapadh ag an ngrúpa gníomhaíochta áitiúla a thairbhíonn den tacaíocht a roghnú le haghaidh cistithe.

(b) oibríochtaí faoin straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme;

(c) gníomhaíochtaí comhair de chuid an ghrúpa gníomhaíochta áitiúla a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(d) costais reatha atá nasctha le bainistiú chur chun feidhme na straitéise faoi stiúir an phobail agus arb é atá i gceist leis costais oibríochta, costais pearsanra, costais oiliúna, costais atá nasctha leis an gcaidreamh poiblí, costais airgeadais agus costais atá nasctha le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an straitéis, mar a thagraítear dóibh i bpointe (g) d'Airteagal 34(3);

(e) an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a eagrú d'fhonn an teagmháil idir geallsealbhóirí a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus chun an straitéis a chur chun cinn agus chun tacú le tairbhithe ionchasacha d'fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

2.  Maidir leis an tacaíocht do na costais reatha agus don eagrúchán dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2, ní rachaidh sí thar 25 % den chaiteachas poiblí iomlán arna thabhú laistigh den straitéis um fhorbairt áitiúil.



CAIBIDIL III

Forbairt chríochach

Airteagal 36

Infheistíocht chríochach chomhtháite

1.  I gcás ina gceanglaítear, le straitéis forbartha uirbí nó le straitéis, nó le comhshocrú críochach eile dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán CSE, cur chuige comhtháite lena ngabhann infheistíochtaí ó CSE, CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chuid clár oibríochtúil amháin nó níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar infheistíocht chríochach chomhtháite ('ICC').

Gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích mar ICC, féadfar iad a chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT nó ó CEMI.

2.  I gcás ina mbeidh ICC á tacú ó CSE, CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, tabharfar cur síos, sa chlár oibríochtúil ábhartha nó sna cláir oibríochtúla ábhartha, ar an gcur chuige i leith úsáid ionstraim ICC agus an leithdháileadh táscach airgeadais ó gach ais tosaíochta i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

I gcás ina mbeidh ICC á chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT nó ó CEMI, leagfar amach an leithdháileadh táscach airgeadais agus na bearta a chumhdófar sa chlár ábhartha nó sna cláir ábhartha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

3.  Féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú, lena n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, chun ICC a bhainistiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.  Áiritheoidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta ábhartha go bhforáiltear leis an gcóras faireacháin don chlár nó do na cláir go sainaithneofar oibríochtaí agus aschuir de chuid aise tosaíochta nó de chuid ceann de thosaíochtaí an Aontais a rannchuidíonn le ICC.



TEIDEAL IV

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 37

Ionstraimí airgeadais

1.  Féadfar úsáid a bhaint as Cistí SIE chun tacú le hionstraimí airgeadais faoi chlár amháin nó níos mó, lena n-áirítear nuair a eagraítear iad trí bhíthin cistí de chistí, chun rannchuidiú le gnóthú ►C1  cuspóirí sonracha ◄ arna leagan amach faoi thosaíocht.

Déanfar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme chun tacú le hinfheistíochtaí atá ceaptha le bheith inmharthana ar bhonn airgeadais agus nach bhfuil cistiú leordhóthanach ó fhoinsí margaidh mar thoradh orthu. Nuair a chuirtear an Teideal seo i bhfeidhm, déanfaidh na húdaráis bhainistíochta, an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme an dlí is infheidhme a chomhlíonadh, go háirithe maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí.

2.  Beidh tacaíocht d'ionstraimí airgeadais bunaithe ar mheasúnú ex ante inar suíodh fianaise de mhainneachtainí margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha, agus an leibhéal measta agus raon feidhme na riachtanas infheistíochta poiblí, lena n-áirítear cineálacha ionstraimí airgeadais atá le tacú. Déanfar a áireamh ar an measúnú ex ante sin:

(a) anailís ar mhainneachtainí margaidh, cásanna d'infheistíochtaí fo-optamacha, agus riachtanais infheistíochta i réimsí beartais agus i gcuspóirí téamacha nó tosaíochtaí infheistíochta a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu d'fhonn rannchuidiú le baint amach ►C1  cuspóirí sonracha ◄ arna leagan amach faoi thosaíocht agus a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh trí ionstraimí airgeadais. Beidh an anailís sin bunaithe ar an modheolaíocht atá ar fáil maidir le dea-chleachtais;

(b) measúnú ar bhreisluach na n-ionstraimí airgeadais a meastar go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chistí SIE, comhsheasmhacht le cineálacha eile d'idirghabhálacha poiblí lena dtugtar aghaidh ar an margadh céanna, impleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag státchabhair, comhréireacht na n-idirghabhálacha agus na mbeart réamhthuartha chun saobhadh margaidh a laghdú;

(c) meastachán de na hacmhainní breise poiblí agus príobháideacha a d'fhéadfadh teacht aníos i ngeall ar an ionstraim airgeadais agus sin a ríomh síos go dtí leibhéal an fhaighteora dheiridh (éifeacht luamhánaithe dhóchúil), lena n-áirítear de réir mar is iomchuí measúnú ar an ngá atá le luach saothair fabhrach, agus ar leibhéal an ghá sin, chun acmhainní contrapháirtí a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha agus/nó tuairisc ar na sásraí a bheidh le húsáid chun an gá atá leis an luach saothair fabhrach sin, agus a mhéid den luach saothair sin, a shuíomh, amhail próiseas measúnúcháin atá iomaíoch nó atá neamhspleách go hiomchuí;

(d) measúnú ar na ceachtanna a foghlaimíodh i ngeall ar ionstraimí comhchosúla agus measúnuithe ex ante a rinne an Ballstát san am a caitheadh, agus conas a bhainfear tairbhe as ceachtanna den sórt sin san am atá le teacht;

(e) an straitéis infheistíochta atá beartaithe, lena n-áirítear scrúdú ar na roghanna maidir le socruithe cur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 38, táirgí airgeadais a bheidh le tairiscint, na faighteoirí deiridh a bheidh mar sprioc, an comhcheangal réamhthuartha le tacaíocht deontais de réir mar is iomchuí;

(f) sonraíocht ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus conas a mheastar go rannchuideoidh an ionstraim airgeadais lena mbaineann le baint amach na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ a leagtar amach faoin tosaíocht ábhartha, lena n-áirítear táscairí don rannchuidiú sin.

(g) forálacha lena bhféadfar athbhreithniú agus nuachóiriú, de réir mar is gá, a dhéanamh ar an measúnú ex ante le linn chur chun feidhme aon ionstraime airgeadais a cuireadh chun feidhme bunaithe ar mheasúnú den sórt sin, i gcás ina measann an t-údarás bainistíochta, le linn na céime cur chun feidhme, go bhféadfadh sé nach dtugann an measúnú ex ante léiriú beacht a thuilleadh ar na dálaí margaidh atá ann ag tráth an chur chun feidhme.

3.  Féadfar an measúnú ex ante dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh i gcéimeanna. In aon chás, cuirfear i gcrích é sula gcinneann an t-údarás bainistíochta rannchuidithe cláir a dhéanamh le hionstraim airgeadais.

Déanfar achoimre de thorthaí agus de chonclúidí na measúnuithe ex ante maidir le hionstraimí airgeadais a fhoilsiú laistigh de thrí mhí i ndiaidh dháta a gcur i gcrích.

Cuirfear an measúnú ex ante faoi bhráid an choiste faireacháin ar mhaithe le faisnéis a sholáthar i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.  Más rud é go dtacaíonn ionstraimí airgeadais le maoiniú fiontar, lena n-áirítear FMBanna, déanfar an tacaíocht sin a spriocdhíriú ar fhiontair nua a bhunú, ar chaipiteal luathchéimneach i.e. síolchaipiteal agus caipiteal tionscnaimh, ar chaipiteal forbraíochta, ar chaipiteal chun gníomhaíochtaí ginearálta fiontair a neartú, nó ar thionscadail nua a chur ar bun, ar dhul isteach i margaí nua nó ar fhorbairtí nua ag fiontair reatha, gan dochar do rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair agus i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Féadfaidh infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe araon a bheith ar áireamh sa tacaíocht, chomh maith le caipiteal oibre laistigh de shrianta rialacha infheidhme an Aontais maidir le státchabhair, agus d'fhonn spreagadh a thabhairt don earnáil phríobháideach mar sholáthróir cistithe d'fhiontair. Féadfar a áireamh ann freisin costais an aistrithe a bhaineann le cearta maoine i bhfiontair ar choinníoll go dtarlaíonn aistrithe den sórt sin idir infheisteoirí neamhspleácha.

5.  Na hinfheistíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh faoi na hionstraimí airgeadais, ní bheidh siad lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán ag dáta an chinnidh infheistíochta.

6.  I gcás ina soláthróidh ionstraimí airgeadais tacaíocht do na faighteoirí deiridh maidir le hinfheistíochtaí bonneagair ar mhaithe le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach nó infheistíochtaí comhchosúla bonneagair a bhfuil de chuspóir acu gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir tuaithe a éagsúlú, d'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an tacaíocht sin na méideanna is gá le haghaidh atheagrú a dhéanamh ar an bpunann fiachais maidir leis an mbonneagar ar cuid de an infheistíocht nua suas go dtí uasmhéid 20 % de mhéid iomlán tacaíochta an chláir ón ionstraim airgeadais chuig an infheistíocht.

7.  Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le deontais, le fóirdheontais ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta. I gcás ina dtugtar tacaíocht ó Chistí SIE trí bhíthin ionstraimí airgeadais agus go bhfuil sí comhcheangailte in aon oibríocht amháin, agus go bhfuil cineálacha eile tacaíochta a bhaineann go díreach le hionstraimí airgeadais ag díriú ar na faighteoirí deiridh céanna, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, fóirdheontais ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta, beidh feidhm ag na forálacha is infheidhme d'ionstraimí airgeadais maidir le gach cineál tacaíochta laistigh den oibríocht sin. I gcásanna den sórt sin, déanfar rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair a urramú agus coimeádfar taifead ar leithligh maidir le gach cineál tacaíochta.

8.  Maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim airgeadais de chuid Ciste SIE, féadfaidh siad cúnamh a fháil freisin ó thosaíocht nó ó chlár eile de Chistí SIE nó ó ionstraim eile a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair. Sa chás sin, coimeádfar taifid ar leithligh le haghaidh gach foinse cúnaimh agus beidh an tacaíocht ó ionstraim airgeadais Cistí SIE ina cuid d'oibríocht ag a mbeidh caiteachas incháilithe agus é éagsúil ó fhoinsí eile cúnaimh.

9.  Maidir leis an gcomhcheangal tacaíochta a sholáthraítear trí dheontais agus ionstraimí airgeadais, de réir mar a thagraítear dóibh i mír 7 agus i mír 8, féadfaidh sé, faoi réir rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair, an mhír chaiteachais chéanna a chumhdach ar choinníoll nach sáraíonn suim na gcineálacha tacaíochta go léir atá comhcheangailte méid foriomlán na míre caiteachais lena mbaineann. Ní úsáidfear deontais chun tacaíocht a fuarthas ó ionstraimí airgeadais a aisíoc. Ní úsáidfear ionstraimí airgeadais chun deontais a réamh-mhaoiniú.

10.  Ní bheidh rannchuidithe comhchineáil ina gcaiteachas incháilithe maidir le hionstraimí airgeadais, ach amháin rannchuidithe talún nó eastáit réadaigh maidir le hinfheistíochtaí a bhfuil sé de chuspóir leo tacú le forbairt tuaithe, le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach, i gcás ina bhfuil an talamh nó an t-eastát réadach ina chuid den infheistíocht. Beidh rannchuidithe talún nó eastáit réadaigh den sórt sin incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 69(1).

11.  Ní bheidh CBL ina chaiteachas incháilithe oibríochta, ach amháin sa chás go bhfuil an CBL neamh-inghnóthaithe faoin reachtaíocht CBL náisiúnta. Ní dhéanfar an chaoi a ndéileáiltear le CBL ar leibhéal infheistíochta arna ndéanamh ag faighteoirí deiridh a chur san áireamh chun incháilitheacht caiteachais faoin ionstraim airgeadais a chinneadh. Más rud é, áfach, go ndéantar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le deontais faoi mhír 7 agus faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 69(3) maidir leis an deontas.

12.  Chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is é a bheidh sna rialacha infheidhme maidir le státchabhair ná na rialacha sin a bheidh i bhfeidhm an tráth a ndéanann an t-údarás bainistíochta nó an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme rannchuidithe cláir a ghealladh ar bhonn conartha chuig ionstraim airgeadais, nó nuair a dhéanann an ionstraim airgeadais rannchuidithe cláir a ghealladh go conarthach chuig faighteoirí deiridh, de réir mar is infheidhme.

13.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha breise maidir le talamh a cheannach agus le cúnamh teicniúil a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais.

Airteagal 38

Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

1.  Le linn d'údaráis bhainistíochta Airteagal 37 a chur chun feidhme, féadfaidh siad ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún;

(b) ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an údarás bainistíochta nó faoina fhreagracht.

▼C1

2.  Déanfar ranníocaíochtaí ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) de mhír 1 a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na ranníocaíochtaí sin, i gcomhréir le cuspóirí Chistí SIE faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar na ranníocaíochtaí sin.

▼B

►C1  Beidh ranníocaíochtaí leis na hionstraimí airgeadais ◄ dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir an Rialacháin seo, mura rud é go bhforáiltear go sainráite d'eisceachtaí.

Beidh an dara fomhír gan dochar do na rialacha lena rialaítear ionstraimí airgeadais a chur ar bun faoin Rialachán Airgeadais, agus lena rialaítear feidhmiú na n-ionstraimí sin, mura rud é go bhfuil na rialacha sin i gcoinbhleacht le rialacha an Rialacháin seo, agus sa chás sin is é an Rialachán seo a bheidh i réim.

3.  I gcás ionstraimí airgeadais faoi phointe (b) de mhír 1, féadfaidh an t-údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo;

(b) ionstraimí airgeadais atá ann cheana féin nó atá nuachruthaithe agus atá ceaptha go sonrach chun na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ a leagtar amach faoin tosaíocht ábhartha a bhaint amach.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a gcomhlíonfaidh na hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) den chéad fhomhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.  Agus é ag tacú leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, féadfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal eintiteas dlíthiúil atá ann cheana nó eintiteas dlíthiúil nuachruthaithe, lena n-áirítear na heintitis sin a mhaoinítear trí Chistí SIE eile, atá tiomnaithe d'ionstraimí airgeadais atá comhsheasmhach le cuspóirí Chistí SIE faoi seach a chur chun feidhme, agus a thabharfaidh faoi chúraimí cur chun feidhme; beidh an tacaíocht a thabharfar d'eintitis den sórt sin teoranta do na méideanna sin is gá chun infheistíochtaí nua i gcomhréir le hAirteagal 37 a chur chun feidhme agus ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo;

(b) cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n-iontaoibh seo a leanas:

(i) BEI;

(ii) institiúidí airgeadais idirnáisiúnta ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát agus a bhfuil sé mar aidhm aici leas an phobail a bhaint amach faoi rialú údaráis phoiblí;

(iii) comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí nó príobháideach; nó

(c) cúraimí cur chun feidhme a chur i gcrích go díreach, i gcás ionstraimí airgeadais ar iasachtaí nó ráthaíochtaí amháin atá i gceist iontu. Sa chás sin, measfar gurb é an t-údarás bainistíochta an tairbhí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2.

Nuair a chuirtear an ionstraim airgeadais chun feidhme, áiritheoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír go gcomhlíontar an dlí infheidhme, lena n-áirítear rialacha a chumhdaíonn Cistí SIE, Státchabhair, soláthar poiblí agus caighdeáin ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir le sciúradh airgid a chosc, leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus le calaois chánach. Ní dhéanfar na comhlachtaí sin a bhunú i gcríocha nach gcomhoibríonn a ndlínse leis an Aontas maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán cánach idirnáisiúnta comhaontaithe, agus ní choimeádfaidh siad caidreamh gnó le heintitis atá comhlachaithe sna críocha sin, agus déanfaidh siad na ceanglais sin a thrasuí ina gconarthaí leis na hidirghabhálaithe airgeadais roghnaithe.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha breise maidir le ról, dliteanais agus freagracht na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, maidir le critéir roghnúcháin agus maidir le táirgí a d'fhéadfaí a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 37. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i leith na ngníomhartha tarmligthe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna faoin 22 Aibreán 2014.

►C1  5.  Maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, féadfaidh siad, nuair a bhíonn cistí de chistí á gcur chun feidhme acu, cuid den chur chun feidhme a chur ar iontaoibh sa bhreis ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlachtaí den sórt sin ◄ atá faoina bhfreagracht go gcomhlíonann na hidirghabhálaithe airgeadais na critéir a leagtar síos in Airteagal 140(1), (2) agus (4) den Rialachán Airgeadais. Déanfar idirghabhálaithe airgeadais a roghnú bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, trína seachnófar coinbhleachtaí leasa.

6.  Déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, a ndearnadh cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n-iontaoibh, cuntais mhuiníneacha a oscailt ina n-ainm nó thar ceann an údaráis bainistíochta, nó cuirfidh siad an ionstraim airgeadais ar bun mar bhloc airgeadais ar leith laistigh d'institiúid airgeadais. Sa chás ina bhfuil sé mar bhloc airgeadais ar leith, déanfar idirdhealú cuntasaíochta idir acmhainní cláir a infheistítear san ionstraim airgeadais agus na hacmhainní eile atá ar fáil san institiúid airgeadais. Déanfar na sócmhainní atá á sealbhú sna cuntais mhuiníneacha agus i mbloic airgeadais ar leith den sórt sin a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, de réir rialacha stuamachta iomchuí agus beidh leachtacht iomchuí acu.

7.  I gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír (4), faoi réir struchtúr chur chun feidhme na hionstraime airgeadais, ►C1  déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ó chláir leis an ionstraim airgeadais a leagan amach sna comhaontuithe cistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ar na leibhéil seo a leanas: ◄

(a) i gcás inarb infheidhme, idir na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bhainistíochta agus an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus

(b) idir na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme.

►C1  8.  Maidir le hionstraimí airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ó chláir ◄ leis na hionstraimí airgeadais a leagan amach i ndoiciméad straitéise i gcomhréir le hIARSCRÍBHINN IV a bheidh le scrúdú ag an gcoiste faireacháin.

►C1  9.  Féadfar ranníocaíochtaí náisiúnta poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ranníocaíochtaí comhchineáil mar a thagraítear dóibh ◄ in Airteagal 37(10), a thabhairt ar leibhéal an chiste de chistí, ar leibhéal na hionstraime airgeadais nó ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

10.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos coinníollacaha aonfhoirmeacha maidir leis na socruithe mionsonraithe i leith aistriú agus bhainistiú na rannchuidithe cláir arna mbainistiú ag na comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fomhír de mhír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 39

▼C1

Ranníocaíocht CFRE agus CEMI le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, arna chur chun feidhme ag BIE

▼B

1.  Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'maoiniú fiachais' iasachtaí, léasú nó ráthaíochtaí.

2.  Féadfaidh Ballstáit leas a bhaint as an CFRE agus an CETFT chun ►C1  ranníocaíocht airgeadais ◄ a sholáthar d'ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) den Rialachán seo, atá á mbainistiú go hindíreach ag an gCoimisiún agus chuig a bhfuil cúraimí cur chun feidhme curtha ar iontaoibh an BIE de bhun phointe (c)(iii) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte lena soláthraítear faoiseamh caipitil d'idirghabhálaithe airgeadais le haghaidh punanna nua de mhaoiniú fiachais chuig FBManna incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 37(4) den Rialachán seo;

(b) urrúsúchán, mar a shainmhínítear i bpointe (61) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), d'aon cheann díobh seo a leanas:

(i) punanna de mhaoiniú fiachais atá ann cheana chuig FBManna agus chuig fiontair eile [a fhostaíonn níos lú ná 500 duine];

(ii) punanna nua de mhaoiniú fiachais chuig FBManna.

►C1  Maidir leis an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ranníocfaidh sí le tráinsí sóisearacha agus/nó forbraíochta na bpunann atá luaite iontu ◄ ar choinníoll go gcoinníonn an t-idirghabhálaí airgeadais ábhartha cuid leordhóthanach de riosca na bpunann comhionann ar a laghad le ceanglas na coinneála riosca a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun ailíniú leormhaith úis a áirithiú. I gcás urrúsúcháin faoi phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, tá d'oibleagáid ar an idirghabhálaí airgeadais maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 37(4) den Rialachán seo.

▼C1

Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach in ionstraimí airgeadais den sórt sin, ranníocfaidh sé an méid atá ag teacht le riachtanais mhaoinithe fiachais FBManna sa Bhallstát sin agus leis an éileamh measta ar mhaoiniú fiachais FBM den sórt sin, á chur san áireamh dóibh an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 agus in aon chás is méid é nach mbeidh níos airde ná 7 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CETFT chuig an mBallstát. Beidh ranníocaíocht chomhiomlán CFRE agus CETFT ag na Ballstáit rannpháirteacha uile faoi réir uasteorann foriomláine de EUR 8 500 000 000 (i bpraghsanna 2011).

Más rud é go measfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis an BIE, nach leordhóthanach an ranníocaíocht íosta chomhiomlán leis an ionstraim a léiríonn suim ranníocaíochtaí na mBallstát rannpháirteach uile, agus an mhais chriticiúil íosta a shainítear sa mheasúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 á cur san áireamh go cuí, stopfar de chur chun feidhme na hionstraime airgeadais agus tabharfar na ranníocaíochtaí ar ais do na Ballstáit.

I gcás nach mbeidh an Ballstát agus BIE in ann teacht ar chomhaontú faoi na coinníollacha don chomhaontú maoinithe dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 agus an ranníocaíocht a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.

I gcás ina mbeidh na coinníollacha le haghaidh foirceannadh ranníocaíocht an Bhallstáit leis an ionstraim arna bunú sa chomhaontú maoinithe idir an Ballstát lena mbaineann agus an BIE dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 comhlíonta, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) de chéad fhomhír de mhír 4 agus an ranníocaíocht atá fanta a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.

▼B

I gcás ina gcuirfear stop le rannpháirtíocht Ballstáit, tíolacfaidh an Ballstát sin iarraidh maidir le leasú ar an gclár. I gcás ina ndéanfar leithreasuithe neamhúsáidte a shaoradh, cuirfear na leithreasuithe saortha ar fáil arís don Bhallstát lena mbaineann, ionas go ndéanfar iad a ath-chlárú le haghaidh clár eile agus tosaíochtaí eile i gcomhréir le ceanglais an dírithe théamaigh.

3.   ►C1  Maidir le FBManna a fhaigheann maoiniú fiachais nua mar thoradh ar phunanna nua arna bhforbairt ag an idirghabhálaí airgeadais i gcomhthéacs na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 2, measfar iad a bheith ina bhfaighteoirí deiridh de ranníocaíocht CFRE agus CETFT leis na hionstraimí airgeadais lena mbaineann. ◄

4.  Comhlíonfaidh an ►C1  ranníocaíocht airgeadais ◄ dá dtagraítear i mír 2 na coinníollacha seo a leanas:

(a) de mhaolú ar Airteagal 37(2), beidh sé bunaithe ar mheasúnú ex ante amháin ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an BIE agus ag an gCoimisiún;

Ar bhonn na bhfoinsí sonraí atá ar fáil maidir leis an maoiniú fiachais bainc agus FBManna, cuimseoidh an measúnú ex ante, inter alia, anailís ar riachtanais mhaoinithe FBManna ar leibhéal an Aontais, coinníollacha agus riachtanais FBManna chomh maith le léiriú den bhearna mhaoinithe FBM i ngach Ballstát, próifíl den staid eacnamaíoch agus airgeadais in earnáil FBM ar leibhéal an Bhallstáit, mais chriticiúil íosta de na ranníocaíochtaí comhiomlána, raon de thoirt mheasta na n-iasachtaí iomlána arna nginiúint ag ranníocaíochtaí den sórt sin agus an breisluach.

(b) déanfaidh gach Ballstát rannpháirteach é a sholáthar mar chuid de chlár tiomnaithe náisiúnta aonair in aghaidh gach ►C1  ranníocaíocht airgeadais ◄ ag CFRE agus ag CETFT a thacaíonn leis an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe (3) den chéad mhír d'Airteagal 9;

(c) beidh sé faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin arna thabhairt i gcrích idir gach Ballstát rannpháirteach agus BIE lena n-áirítear, inter alia:

(i) cúraimí agus oibleagáidí an BIE, lena n-áirítear luach saothair;

(ii)  ►C1  luamhánú ◄ íosta atá le baint amach ag garspriocanna atá sainithe go soiléir laistigh den tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 65(2);

(iii) coinníollacha don mhaoiniú fiachais nua;

(iv) forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí neamh-incháilithe agus le critéir eisiatachta;

(v) sceideal na n-íocaíochtaí;

(vi) pionóis i gcás neamh-chomhlíonadh ag na idirghabhálaithe airgeadais;

(vii) roghnú idirghabhálaithe airgeadais;

(viii) faireachán, tuairisciú agus iniúchóireacht;

(ix) infheictheacht;

(x) na coinníollacha chun an comhaontú a fhoirceannadh.

Chun críocha chur chun feidhme na hionstraime, déanfaidh an BIE socruithe conarthacha leis na hidirghabhálaithe airgeadais roghnaithe;

(d)  ►C1  sa chás nach ndéanfar an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) a thabhairt chun críche laistigh de shé mhí ó ghlactar an clár dá dtagraítear i bpointe (b), beidh sé de cheart ag an mBallstát an ranníocaíocht sin a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh. ◄

Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos samhail den chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a ghlacadh. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

5.   ►C1  Bainfear amach luamhánú íosta i ngach Ballstát rannpháirteach ar leibhéal na ngarspriocanna a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, arna ríomh mar chóimheas idir an maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe atá le tionscnamh ag idirghabhálaithe airgeadais agus ranníocaíocht chomhfhreagrach CFRE agus CETFT ó na Ballstáit ábhartha leis na hionstraimí airgeadais. ◄ D'fhéadfadh ►C1  luamhánú ◄ íosta den sórt sin athrú ó Bhallstát rannpháirteach amháin go Ballstát rannpháirteach eile.

Sa chás nach bhfaighidh idirghabhálaí airgeadais an ►C1  luamhánú ◄ íosta a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, beidh sé faoi cheangal conarthach pionóis a íoc chun sochair an Bhallstáit rannpháirtigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú cisitiúcháin.

Mainneachtain ag an idirghabhálaí airgeadais an ►C1  luamhánú ◄ íosta a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin a bhaint amach, ní dhéanfaidh sí difear do na ráthaíochtaí a eisíodh ná do na hidirghabhálacha urrúsúcháin ábhartha.

6.   ►C1  De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 38(2), féadfar ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i gcuntais ar leithligh de réir an Bhallstáit nó, má thugann dhá Bhallstát rannpháirteacha nó níos mó a dtoiliú ina leith, i gcuntas aonair a chuimsíonn gach ceann de na Ballstáit sin agus féadfar iad a úsáid i gcomhréir le cuspóirí sonracha na gclár óna ndéantar na ranníocaíochtaí. ◄

7.  De mhaolú ar Airteagal 41(1) agus (2) a mhéid a bhaineann leis na ►C1  ranníocaíochtaí airgeadais ◄ dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ►C1  déanfar iarratas ar íocaíocht an Bhallstáit ar an gCoimisiún ar bhonn 100 % de na méideanna atá le híoc ag an mBallstát leis an BIE i gcomhréir leis an sceideal atá sainithe sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo. Beidh na hiarratais sin ar íocaíocht bunaithe ar ◄ na méideanna atá iarrtha ag an BIE agus a mheastar a bheith riachtanach chun ceangaltais do chonarthaí ráthaíochtaí a chlúdach nó idirbhearta urrúsúcháin atá le tabhairt chun críche laistigh de na trí mí ina dhiaidh sin a chlúdach. Íocaíochtaí ó Bhallstáit chuig an BIE, déanfar iad gan mhoill agus in aon chás sula rachaidh an BIE i mbun ceangaltas.

8.  Ag tráth dúnta an chláir, is é a bheidh sa chaiteachas incháilithe ná méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íoctar leis an ionstraim airgeadais, a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas:

▼C1

(a) le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, na hacmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1);

▼B

(b) le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, an méid comhiomlán den mhaoiniú fiachais nua a thig ó idirbhearta urrúsúcháin, arna íoc le nó chun sochair FBManna incháilithe laistigh den tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 65(2).

9.  Chun críocha Airteagal 44 agus Airteagal 45, measfar go mbeidh na ráthaíochtaí neamhghlaoite agus na méideanna aisghnóthaithe i ndáil le, faoi seach, na ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus na hidirbhearta urrúsúcháin, ina n-acmhainní a íocadh ar ais leis na hionstraimí airgeadais. ►C1  Ag tráth fhoirceannadh na n-ionstraimí airgeadais, measfar go mbeidh na glanfháltais leachtaithe, tar éis asbhaint na gcostas agus na dtáillí agus tar éis na méideanna atá dlite do chreidiú naithe a aicmítear a bheith níos sinsearaí ná iad siúd a ranníoc CFRE agus CETFT leo, tugtha ar ais do na Ballstáit ábhartha ar bhonn pro rata lena ranníocaíochtaí leis an ionstraim airgeadais. ◄

10.  Beidh na míreanna breise seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 46(1):

(a) méid iomlán na tacaíochtaí CFRE agus CETFT a íoctar leis an ionstraim airgeadais i ndáil le hidirbhearta neamhchaidhpeáilte ráthaíochtaí nó urrúsúcháin, de réir cláir agus tosaíochta nó birt;

(b) an dul chun cinn i maoiniú fiachais nua a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 37(4), le haghaidh FBManna incháilithe.

11.  In ainneoin Airteagal 93(1), féadfar na hacmhainní arna leithdháileadh ar ionstraimí faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun maoiniú fiachais FBM nua a chruthú i gcríoch uile an Bhallstáit gan aird ar na catagóirí réigiúin, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.

12.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 70 maidir le cláir a chuirtear ar bun chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme faoin Airteagal seo.

Airteagal 40

Ionstraimí airgeadais a bhainistiú agus a rialú

1.  Comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124 den Rialachán seo do CFRE, don Chiste Comhtháthaithe, do CSE, do CEMI agus i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán CETFT do CETFT, ní dhéanfaidh siad fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí comhdhéanta d'ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1). Gheobhaidh na comhlachtaí ainmnithe sin tuarascálacha rialta ar rialú ó na comhlachtaí ar cuireadh cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais sin ar a n-iontaoibh.

2.  Ní dhéanfaidh na comhlachtaí atá freagrach as cláir a iniúchadh iniúchtaí ar oibríochtaí comhdhéanta d'ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1) ná ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a bhaineann leis na hionstraimí sin. Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na hiniúchóirí atá ainmnithe sna comhaontuithe lenar cuireadh na hionstraimí airgeadais sin ar bun.

3.  Maidir leis na comhlachtaí atá freagrach as cláir a iniúchadh, féadfaidh siad iniúchtaí a sheoladh ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, ach ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin nuair a tharlaíonn ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) doiciméid tacaíochta, lena soláthraítear fianaise na tacaíochta ó na hionstraimí airgeadais leis na faighteoirí deiridh agus fianaise gur úsáideadh an tacaíocht sin do na críocha a bhí beartaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, níl siad ar fáil ar leibhéal na hionstraime airgeadais nó ar leibhéal an údaráis bhainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme;

(b) tá fianaise ann nach ionann na doiciméid atá ar fáil ar leibhéal an údaráis bhainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann na hionstraimí airgeadais chun feidhme agus taifead fírinneach agus beacht den tacaíocht a sholáthraítear;

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, maidir le bainistiú agus rialú ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1), lena n-áirítear rialuithe a bheidh le déanamh ag údaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta, socruithe chun doiciméid tacaíochta a choimeád, gnéithe a bheidh le fianaisiú ag doiciméid tacaíochta, agus socruithe bainistíochta rialaithe agus iniúchóireachta. Tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith na ngníomhartha tarmligthe sin faoin 22 Aibreán 2014.

5.  Beidh na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme freagrach as a áirithiú go bhfuil na doiciméid tacaíochta ar fáil agus ní fhorchuirfidh siad ceanglais coimeádta taifead a théann thar a bhfuil riachtanach chun a chur ar a gcumas an fhreagracht sin a chomhlíonadh.

Airteagal 41

▼C1

Iarratais ar íocaíocht lena n-áirítear caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais

▼B

1.  Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) agus ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1) a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 38(4), déanfar iarrataí céimneacha ar íocaíochtaí eatramhacha maidir le rannchuidithe cláir a íoc don ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 65(2) ('an tréimhse incháilitheachta') i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) ní bheidh méid an rannchuidithe cláir a íoctar don ionstraim airgeadais, agus a áirítear i ngach iarratas ar íocaíocht eatramhach a chuirtear isteach le linn na tréimhse incháilitheachta, níos mó ná 25 % de mhéid iomlán na rannchuidithe cláir atá geallta don ionstraim airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha, ar comhionann é sin agus an caiteachas de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1) a mheastar a bheidh le híoc le linn na tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 55(2). Áireoidh iarrataí ar íocaíocht eatramhach a thíolactar i ndiaidh na tréimhse incháilitheachta méid iomlán an chaiteachais incháilithe de réir bhrí Airteagal 42;

(b) le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfar a chuimsiú suas le 25 % de shuim iomlán an chómhaoinithe náisiúnta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 38(9), a mheastar a bheidh le híoc leis an ionstraim airgeadais, nó ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, a mheastar a bheidh le híoc don chaiteachas de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1), laistigh den tréimhse incháilitheachta;

(c) ní dhéanfar iarratais ar íocaíocht eatramhach ina dhiaidh sin arna dtíolacadh le linn na tréimhse incháilitheachta ach amháin:

►C1  (i) i gcás an dara hiarraidh ar íocaíocht eatramhach, nuair a bheidh 60 % ar a laghad den mhéid a cuimsíodh sa cheád iarratas ar íocaíocht eatramhach caite mar chaiteachas incháilithe ◄ de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1);

►C1  (ii) i gcás an tríú hiarraidh ar íocaíocht eatramhach agus iarratais eile ina dhiaidh sin, nuair a bheidh 85 % ar a laghad de na méideanna a cuimsíodh sna hiarratas roimhe sin ar íocaíocht eatramhach caite mar chaiteachas incháilithe ◄ de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1);

►C1  (d) le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach, lena gcuimsítear caiteachas a bhaineann le hionstraimí airgeadais, sonrófar ann, ar bhonn leithligh, méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh leis na hionstraimí airgeadais agus na méideanna a íocadh mar chaiteachas incháilithe ◄ de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1).

Tráth a dhúntar clár, cuimseofar san iarratas ar íocaíocht an iarmhéid deiridh méid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 42.

2.  Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1) arna gcur chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 38(4), áireofar sna hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha, agus ar íocaíocht an iarmhéid deiridh méid iomlán na n-íocaíochtaí a rinne an t-údarás bainistithe d'infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh amhail dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 42(1).

▼C1

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos na rialacha maidir le híocaíochtaí a tharraingt siar le hionstraimí airgeadais agus modhnuithe ina dhiaidh sin i ndáil le hiarratais ar íocaíocht.

▼B

►C1  4.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na forála seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh faisnéis bhreise á cur isteach leis na hiarratais ar íocaíocht leis an gCoimisiún. ◄ Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 42

Caiteachas incháilithe ag tráth an dúnta

1.  Tráth a dhúntar clár, is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais méid iomlán na rannchuidithe cláir atá íoctha ag an ionstraim airgeadais go hiarbhír nó, i gcás ráthaíochtaí, atá geallta ag an ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta atá sonraithe in Airteagal 55(2), a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas:

(a) íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, agus sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 37(7), íocaíochtaí dá dtairbhíonn faighteoirí deiridh;

(b) acmhainní atá geallta do chonarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn measúnaithe riosca ex ante stuama, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí bunúsacha nua nó ionstraimí rioscúla eile le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfaighteoirí deiridh;

(c) fóirdheontais ráta úis nó fóirdheontais táillí ráthaíochta caipitlithe, atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis na tréimhse incháilitheachta, agus a úsáidtear in éineacht le hionstraimí airgeadais, arna n-íoc isteach i gcuntas eascró a cuireadh ar bun go sonrach chun na críche sin, agus atá le híoc go hiarbhír tar éis na tréimhse incháilitheachta, ach i ndáil le hiasachtaí nó le hionstraimí rioscúla eile arna n-íoc le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh atá le híoc go hiarbhír laistigh den tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 55(2);

(d) na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le córas caipitlithe na dtráthchodanna bliantúla le haghaidh fóirdheontas ráta úis agus fóirdheontas táillí ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a bhunú

2.  I gcás ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micreachreidmheasa, féadfar a mheas gur caiteachas incháilithe atá i gcostais nó táillí bainistíochta chaipitlithe atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná sé bliana tar éis na tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 55(2), maidir leis na hinfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a tharla laistigh den tréimhse incháilitheachta sin, agus nach féidir a chumhdach le hAirteagal 44 nó le hAirteagal 45, i gcás ina n-íoctar isteach i gcuntas eascró a chuirtear ar bun go sonrach chun na críche sin.

3.  I gcás ionstraimí bunaithe ar chothromas atá dírithe ar fhiontair dá dtagraítear in Airteagal 37(4) ar síníodh an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(7) ina leith roimh an 31 Nollaig 2017, arb ionstraimí iad a d'infheistigh, ag deireadh na tréimhse cáilitheachta, 55 % ar a laghad de na hacmhainní cláir a gealladh sa chomhaontú cistiúcháin iomchuí, féadfar méid teoranta de na híocaíochtaí le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh atá le déanamh ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta a mheas mar chaiteachas incháilithe, nuair a íoctar isteach iad i gcuntas eascró a bunaíodh go sonrach chun na críche sin, ar choinníoll go gcloífear le rialacha maidir le státchabhair agus go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a leagtar amach thíos.

Maidir leis an méid a íocfar isteach sa chuntas eascró:

(a) ní úsáidfear é ach amháin le haghaidh infheistíochtaí leantacha i bhfaighteoirí deiridh tar éis infheistíochtaí tosaigh cothromais a fháil ón ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta, arb infheistíochtaí iad atá fós gan íoc go hiomlán nó go páirteach.

(b) ní úsáidfear é ach amháin chun infheistíochtaí leantacha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin an mhargaidh agus le socruithe conarthacha caighdeánacha an mhargaidh agus a bheidh teoranta don íosmhéid is gá chun infheistíocht chomhpháirteach na hearnála príobháidí a spreagadh, agus leanúnachas maoinithe le haghaidh na spriocfhiontar ionas go dtairbheoidh idir infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha d'infheistíochtaí á áirithiú.

(c) ní rachaidh sé thar 20 % de chaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais atá bunaithe ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, méid as a mbainfear na hacmhainní caipitil uasteorann agus na gnóthachain a aischuirtear san ionstraim sin atá bunaithe ar chothromas le linn na tréimhse incháiltheachta.

Aon mhéideanna a íocfar isteach sa chuntas eascró nach n-úsáidtear d'infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a íocadh sa tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, úsáidfear iad i gcomhréir le hAirteagal 45.

►C1  4.  Ní bheidh an caiteachas incháilithe a nochtfar i gcomhréir le mír 1, le mír 2 agus le mír 3 níos airde ná ◄ suim na méideanna seo a leanas:

►C1  (a) méid iomlán na tacaíochta ó Chistí SIE a íoctar chun críocha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 ◄ ; agus

(b) an cómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach.

►C1  5.  I gcás ina ndéanann an comhlacht a bhfuil an ciste de chistí á chur chun feidhme aige nó na comhlachtaí a bhfuil ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu de bhun phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 38(4), na costais bhainistíochta agus na táillí bainistíochta a mhuirearú, ní rachaidh siad thar na tairseacha ◄ a shainítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. De bhrí gur ítimí costais, idir dhíreach agus indíreach, a dhéantar a chúiteamh ach fianaise chaiteachais a chur ar fáil a bheidh sna costais bhainistíochta, is é a bheidh i gceist le táillí bainistíochta ná praghas comhaontaithe ar sheirbhísí a thugtar a bheidh bunaithe trí bhíthin nós imeachta iomaíoch de chuid an mhargaidh, i gcás inarb infheidhme. Beidh costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta bunaithe ar mhodheolaíocht ríofa bunaithe ar fheidhmíocht.

Féadfaidh táillí socraíochta a bheith sna costais agus táillí bainistíochta. I gcás ina ngearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

Beidh costais agus táillí bainistíochta, lena n-áirítear iad siúd a thabhaítear san obair ullmhúcháin maidir leis an ionstraim airgeadais sular síníodh an comhaontú cistiúcháin ábhartha, incháilithe amhail ó dháta shíniú an chomhaontaithe cistiúcháin ábhartha.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe lena leagfar amach na critéir chun costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a chinneadh ar bhonn feidhmíochta agus na tairseacha infheidhme mar aon le rialacha a ghlacadh maidir le haisíoc costas bainistíochta caipitlithe agus táillí bainistíochta caipitlithe le haghaidh ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micrichreidmheasa.

Airteagal 43

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint ag tacaíocht ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais

1.  Cuirfear tacaíocht ó Chistí SIE a íoctar le hionstraimí airgeadais i dtaisce i gcuntais atá sainlonnaithe laistigh d'institiúidí airgeadais i mBallstáit agus déanfar iad a infheistiú ar bhonn sealadach i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.  Maidir le hús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí SIE a íoctar le hionstraimí airgeadais déanfar iad a úsáid chun na gcríoch céanna, ►C1  lena n-áirítear aisíoc na gcostas bainistíochta a tabhaíodh nó íoc na dtáillí bainistíochta maidir leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1) agus i gcomhréir le hAirteagal 42(2) agus (3), mar an tacaíocht tosaigh ó Chistí SIE, bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, tar éis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha tacaíochta eile ◄ eile i gcomhréir leis na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ a leagtar amach faoi thosaíocht, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta.

3.  Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid an úis agus na ngnóthachan eile.

Airteagal 44

Athúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta

1.  Acmhainní a aisíoctar leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí nó ó scaoileadh acmhainní a bhí geallta do chonarthaí ráthaíochta, lena n-áirítear aisíocaíochtaí agus gnóthachain caipitil agus tuillimh nó torthaí eile, amhail ús, táillí ráthaíochta, díbhinní, gnóthachain chaipitiúla nó fáltais ioncaim ar bith eile arna nginiúint ag infheistíochtaí, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE, déanfar iad a athúsáid chun na gcríoch seo a leanas, suas go dtí na méideanna is gá agus san ord atá comhaontaithe sna comhaontuithe cistiúcháin ábhartha:

(a) infheistíochtaí breise trí bhíthin na n-ionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir leis na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ a leagtar amach faoi thosaíocht;

(b) i gcás inarb infheidhme luach saothair fabhrach infheisteoirí príobháideacha nó infheisteoirí poiblí atá ag oibriú faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh, a sholáthraíonn acmhainní contrapháirtí don tacaíocht ó Chistí SIE leis an ionstraim airgeadais nó a dhéanann comhinfheistíocht ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh;

(c) i gcás inarb infheidhme, na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc.

Déanfar an gá atá le luach saothair fabhrach de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, agus leibhéal an luach saothair sin, a shuíomh sa mheasúnú ex ante. Ní sháróidh an luach saothair fabhrach an méid is gá chun dreasachtaí a chruthú chun acmhainní contrapháirtí príobháideacha a mhealladh agus ní dhéanfaidh sé ró-chúiteamh d'infheisteoirí príobháideacha nó d'infheisteoirí poiblí a oibríonn faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh. Déanfar ailíniú an úis a áirithiú trí chomhroinnt iomchuí an riosca agus an bhrabúis agus déanfar é sin ar ghnáthbhonn tráchtála agus beidh sé ag luí le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.

▼C1

2.  Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar athúsáid na n-acmhainní agus na ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1.

▼B

Airteagal 45

►C1  Acmhainní a athúsáid i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta

Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a aisíoctar d'ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear aisíocaíochtaí agus gnóthachain chaipitiúla agus tuillimh nó torthaí eile a ghintear le linn tréimhse 8 mbliana ar a laghad i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta agus atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais de bhun Airteagal 37, a athúsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár, ◄ bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, i ngeall ar imeacht na n-acmhainní sin ón ionstraim airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile ar choinníoll, sa dá chás, go léiríonn measúnú ar dhálaí an mhargaidh go bhfuil gá ann i gcónaí le hinfheistíocht den sórt sin nó le cineálacha eile tacaíochta.

Airteagal 46

Tuarascáil ar chur chun feidhme ionstraimí airgeadais

1.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil shonrach ina gcumhdófar na hoibríochtaí sin a chuimsíonn ionstraimí airgeadais a chur chuig an gCoimisiún mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme.

2.  Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais, ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) sainaithint an chláir agus na tosaíochta nó an bhirt óna dtugtar tacaíocht ó Chistí SIE;

(b) tuairisc ar an ionstraim airgeadais agus ar na socruithe cur chun feidhme;

(c) sainaithint na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme agus na gcomhlachtaí a chuireann cistí de chistí chun feidhme i gcás inarb infheidhme, amhail dá dtagraítear faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1), faoi phointe (a), faoi phointe (b) agus faoi phointe (c) d'Airteagal 38(4), agus na n-idirghabhálaithe airgeadais dá dtagraítear faoi Airteagal 38(6);

(d) méid iomlán na rannchuidithe cláir de réir tosaíochta nó birt arna íoc leis an ionstraim airgeadais;

(e) méid iomlán na tacaíochta a d'íoc an ionstraim airgeadais leis na faighteoirí deiridh nó chun tairbhe na bhfaighteoirí deiridh, nó a gealladh san ionstraim airgeadais i gconarthaí ráthaíochta, le haghaidh infheistíochtaí sna faighteoirí deiridh, chomh maith leis na costais bhainistíochta nó na táillí bainistíochta a íocadh, de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt;

(f) feidhmíocht na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear an dul chun cinn maidir lena chur ar bun agus maidir le comhlachtaí a roghnú a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme, lena n-áirítear an comhlacht a chuireann ciste de chistí chun feidhme;

(g) ús agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó Chistí SIE don ionstraim airgeadais, agus acmhainní cláir a íocadh ar ais leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 43 agus in Airteagal 44;

(h) an dul chun cinn maidir leis an éifeacht luamhánaithe dhóchúil a bhaint amach mar gheall ar infheistíochtaí a dhéantar faoin ionstraim airgeadais agus luach na n-infheistíochtaí agus na rannpháirtíochtaí;

(i) luach infheistíochtaí cothromais, i ndáil le blianta roimhe sin;

(j) rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí na tosaíochta nó an bhirt lena mbaineann a bhaint amach.

Ní fhéadfar an fhaisnéis i bpointe (h) agus i bpointe (j) den chéad fhomhír a áireamh ach amháin san iarscríbhinn a ghabhann leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017 agus in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme freisin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (j) den chéad fhomhír ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh tuairisciú á dhéanamh ar ionstraimí airgeadais don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.  Gach bliain, ag tosú in 2016, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de shé mhí ón sprioc-am chun na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a thíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 111(1) maidir le CFRE, CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, in Airteagal 75 de Rialachán CETFT maidir le CETFT, agus sna forálacha ábhartha de na rialacha Ciste-shonracha maidir le CEMI, achoimre a sholáthar de na sonraí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh in ndáil le maoiniú agus cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais, ar sonraí iad a bheidh seolta ar aghaidh ag na húdaráis bhainistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na hachoimrí sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus poibleofar iad.



TEIDEAL V

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT



CAIBIDIL I

Faireachán



Roinn I

Faireachán ar chláir

Airteagal 47

Coiste faireacháin

1.  Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár, bunóidh an Ballstát coiste, i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlí agus airgeadais, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta ("coiste faireacháin").

Féadfaidh Ballstát coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chómhaoinítear as Cistí SIE a chumhdach.

2.  Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh i gcomhréir le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

3.  Maidir le coiste faireacháin cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa chlár comhair agus na tríú tíortha, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, é a chur ar bun i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta laistigh de thrí mhí ón dáta a dtabharfar fógra den chinneadh lena nglactar an clár do na Ballstáit. Déanfaidh an coiste faireacháin sin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh.

Airteagal 48

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.  Cinnfidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin, ar choinníoll go bhfuil an coiste faireacháin chomhdhéanta d'ionadaithe ó údaráis ábhartha agus comhlachtaí idirmheánacha na mBallstát agus d'ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfaidh na comhpháirtithe faoi seach, trí phróisis thrédhearcacha, ionadaithe na gcomhpháirtithe a tharmligean le bheith mar chuid den choiste faireacháin. Féadfaidh gach comhalta den choiste faireacháin ceart vótála a bheith aige.

Déanfar comhdhéanamh an choiste faireacháin maidir le clár faoi sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh a chomhaontú idir na Ballstáit atá rannpháirteach sa chlár agus tríú tíortha, i gcás ina mbeidh an cuireadh le bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu. Áireofar sa choiste faireacháin ionadaithe ábhartha na mBallstát sin agus tríú tíortha. Féadfar ionadaithe de chuid EGTC a chuireann gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gclár i gcrích laistigh de limistéar an chláir a áireamh sa choiste faireacháin.

2.  Foilseofar an liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin.

3.  Beidh an Coimisiún rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.

▼C1

4.  I gcás ina ranníocann BEI le clár, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.

▼B

5.  Beidh ionadaí thar ceann an Bhallstáit nó an údaráis bhainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste faireacháin.

Airteagal 49

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.  Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú. Á dhéanamh sin dó, tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar tháscairí coiteanna agus ar tháscairí clár-shonracha, lena n-áirítear athruithe ar luach na dtáscairí toraidh agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna cainníochtaithe, agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), agus, i gcás inarb iomchuí, na torthaí ón anailís cháilíochtúil.

▼C1

2.  Déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear d'fheidhmiú an chláir, lena n-áirítear conclúidí an athbhreithnithe feidhmíochta.

▼B

3.  Rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus déanfaidh an coiste, má mheasann sé gurb iomchuí é sin a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh maidir le haon leasú ar an gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta.

4.  Féadfaidh an coiste faireacháin barúlacha a dhéanamh agus iad a chur chuig an údarás bainistíochta maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú. Déanfaidh an coiste faireacháin faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid barúlacha.

Airteagal 50

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

1.  Ó 2016 go dtí 2023, an bhliain sin san áireamh, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir maidir le CFRE, le CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme maidir le CETFT agus le CEMI a thíolacadh don Choimisiún faoin spriocdháta arna bhunú sna rialacha Ciste-shonracha.

2.  Leagfar amach i dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme príomhfhaisnéis maidir leis an gclár agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir sonraí airgeadais, táscairí coiteanna agus táscairí clár-shonracha agus spriocluachanna cainníochtaithe, lena n-áirítear athruithe ar luachanna na dtáscairí toraidh i gcás inarb iomchuí, agus, ag tosú leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017, na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna na dtáscairí i gcomhair oibríochtaí atá curtha chun feidhme go hiomlán agus freisin, i gcás inarb indéanta sin, ag féachaint don chéim a bhaineann le cur chun feidhme, i gcomhair oibríochtaí roghnaithe. Leagfar amach iontu freisin sintéis d'fhionnachtana na meastóireachtaí uile ar an gclár a tháinig chun bheith ar fáil i rith na bliana airgeadais roimhe sin, aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh. Maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2016, féadfar a leagan amach ann freisin, i gcás inarb ábhartha, na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh.

3.  De mhaolú ar mhír 2, féadfar rialacha sonracha maidir leis na sonraí a bheidh le tarchur don SIE a bhunú i Rialachán CSE.

4.  Sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach ann agus a mheasúnú, maille leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú, lena n-áirítear rannchuidiú Chistí SIE le hathruithe ar luach na dtáscairí toraidh, nuair a bhíonn fianaise ar fáil ó mheastóireachtaí ábhartha. Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil sin ar chur chun feidhme na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích chun na coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh nach raibh comhlíonta nuair a bhí na cláir á nglacadh. Déanfar measúnú inti freisin ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chur san áireamh agus ar ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 maidir le cur chun feidhme an chláir agus tabharfar tuairisc inti ar an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí i leith na hathraithe aeráide.

►C1  5.  Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann le Cistí SIE, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4, faisnéis maidir le ◄ cuspóirí an chláir a ghnóthú agus ar a mhéid a rannchuidigh an clár le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a chur i gcrích, mar aon le measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ina leith sin.

6.  D'fhonn a mheas go bhfuil na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 inghlactha, beidh an fhaisnéis go léir a éilítear sna míreanna sin agus sna rialacha Ciste-shonracha ar áireamh iontu.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar í a bheith inghlactha.

7.  Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil agus deiridh ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus laistigh de chúig mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh de na spriocdhátaí sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

8.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt don údarás bainistíochta maidir le saincheisteanna a dhéanfaidh difear suntasach do chur chun feidhme an chláir. I gcás ina dtugtar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a tógadh.

9.  Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme, mar aon le hachoimhre dá n-inneachar do na saoránaigh, a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 51

Cruinniú athbhreithnithe bliantúil

1.  Eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach bliain ó 2016 go dtí 2023, an bhliain sin san áireamh, idir an Coimisiún agus gach Ballstát ar leith chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú, agus cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus barúlacha agus moltaí an Choimisiúin san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

2.  Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil. In 2017 agus in 2019, cumhdóidh an cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach clár sa Bhallstát, agus cuirfear na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 52 sna blianta sin san áireamh freisin.

3.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chomhaontú gan cruinniú athbhreithnithe bliantúil a eagrú i gcás cláir i mblianta eile seachas 2017 agus 2019.

4.  Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil nó, má iarrann an Ballstát amhlaidh, beidh an Ballstát agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirligh.

5.  Áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás barúlacha ón gCoimisiún i ndiaidh an chruinnithe maidir le saincheisteanna a dhéanfaidh difear suntasach do chur chun feidhme an chláir agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de thrí mhí ó glacadh na bearta.



Roinn II

Dul chun cinn straitéiseach

Airteagal 52

Tuarascáil ar dhul chun cinn

1.  Faoin 31 Lúnasa 2017 agus faoin 31 Lúnasa 2019, cuirfidh an Ballstát tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta amhail an 31 Nollaig 2016 agus an 31 Nollaig 2018, faoi seach, faoi bhráid an Choimisiúin.

2.  Sa tuarascáil ar dhul chun cinn déanfar faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, mar aon le measúnú orthu, a leagan amach inti:

(a) athruithe ar riachtanais forbartha an Bhallstáit ón tráth ar glacadh an Comhaontú Comhpháirtíochta;

(b) an dul chun cinn atá déanta chun straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a chur i gcrích, mar aon leis na misin Chiste-shonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), trí rannchuidiú Chistí SIE le cuspóirí téamacha roghnaithe, agus go háirithe maidir leis na garspriocanna atá leagtha amach le haghaidh gach cláir sa chreat feidhmíochta agus maidir leis an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh cuspóirí i leith an athraithe aeráide;

(c) cibé atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí déanta chun na coinníollachtaí ex ante is infheidhme arna leagan amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus nach raibh comhlíonta ar an dáta a glacadh an Comhaontú Comhpháirtíochta a chomhlíonadh curtha chun feidhme i gcomhréir leis an tráthchlár a bhunaítear. Is maidir leis an tuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach in 2017 amháin a bheidh feidhm ag an bpointe seo;

(d) cur chun feidhme sásraí chun an comhordú idir Cistí SIE agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta eile le BEI a áirithiú;

(e) cur chun feidhme an chur chuige comhtháite i leith na forbartha críochaí, nó achoimre de chur chun feidhme na gcineálacha cur chuige comhtháite bunaithe ar na cláir, lena n-áirítear an dul chun cinn maidir le réimsí tosaíochta arna mbunú le haghaidh comhair a bhaint amach;

(f) i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí arna nglacadh chun dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus tairbhithe chun Cistí SIE a riar agus a úsáid;

(g) na gníomhaíochtaí atá déanta, agus an dul chun cinn atá déanta, maidir leis an ualach riaracháin do na tairbhithe a laghdú;

(h) ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

(i) achoimre ar na gníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil le cur i bhfeidhm na bprionsabal cothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus na gcuspóirí beartais le haghaidh chur chun feidhme Chistí SIE.

3.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí ón dáta a dtíolacfar an tuarascáil ar dhul chun cinn, go bhfuil an fhaisnéis arna tíolacadh neamhiomlán nó míshoiléir, ar bhealach a dhéanfaidh difear suntasach do cháilíocht agus d'iontaofacht an mheasúnaithe lena mbaineann, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát, ar choinníoll nach gcruthóidh an iarraidh sin moilleanna nach bhfuil údar maith leo agus go dtabharfaidh an Coimisiún cúiseanna dó chun na cúiseanna a thabhairt lena suitear an easpa cáilíochta agus iontaofachta atá líomhnaithe. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis arna hiarraidh don Choimisiún laistigh de thrí mhí agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an tuarascáil ar dhul chun cinn dá réir sin.

4.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid agus an tuarascáil ar an dul chun cinn á cur isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 53

Tuairisciú ón gCoimisiún agus an díospóireacht ar Chistí SIE

1.  Déanfaidh an Coimisiún, gach bliain ó 2016, tuarascáil achoimre a chur chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cláir Chistí SIE, ar tuarascáil í a bheidh bunaithe ar na tuarascála bliantúla ar chur chun feidhme na mBallstát arna dtíolacadh faoi Airteagal 50, mar aon le sintéis d'fhionnachtana na meastóireachtaí ar na cláir a bheidh ar fáil. In 2017 agus in 2019, beidh an tuarascáil achomair sin mar chuid den tuarascáil straitéiseach dá dtagraítear i mír 2.

2.  In 2017 agus in 2019, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil straitéiseach ina dtabharfar achoimre ar thuarascálacha ar dhul chun cinn na mBallstát agus a ndéanfaidh sé, faoin 31 Nollaig 2017 agus faoin 31 Nollaig 2019 faoi seach, í a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus tabharfar cuireadh do na hinstitiúidí sin díospóireacht a bheith acu air.

3.  Déanfaidh an Chomhairle díospóireacht ar an tuarascáil straitéiseach, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannchuidiú Chistí SIE le baint amach straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus tabharfar cuireadh di ionchur a sholáthar i gcruinniú an Earraigh den Chomhairle Eorpach.

4.  Gach dhá bhliain ó 2018, déanfaidh an Coimisiún a áireamh ina Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn chuig cruinniú an Earraigh den Chomhairle Eorpach roinn ina dtabharfar achoimre ar an gceann is deireanaí de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannchuidiú Chistí SIE leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a chur i gcrích.



CAIBIDIL II

Meastóireacht

Airteagal 54

Forálacha Ginearálta

1.  Déanfar meastóireachtaí chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar. Déanfar meastóireacht ar thionchar na gclár, i bhfianaise an mhisin a bhaineann le gach Ciste Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, maidir leis na spriocanna faoi straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus, ag féachaint do mhéid an chláir, maidir le OTI agus le spriocanna a bhaineann leis an dífhostaíocht i limistéar an chláir lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí.

2.  Soláthróidh Ballstáit na hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le táscairí coiteanna agus le táscairí clár-shonracha.

3.  Is saineolaithe inmheánacha nó seachtracha atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an tslí ina ndéanfar na meastóireachtaí, agus déanfaidh sé an méid sin díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.  Déanfar na meastóireachtaí go léir a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 55

Meastóireacht ex ante

1.  Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh gach cláir a fheabhsú.

2.  Cuirfear meastóireachtaí ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir a ullmhú. Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad an tráth céanna agus a chuirfear an clár faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin. Féadfar tairseacha a bhunú sna rialacha Ciste-shonracha, tairseacha faoina bhféadfar an mheastóireacht ex ante a nascadh leis an meastóireacht ar chlár eile.

3.  Tabharfar breithmheas ar an méid seo a leanas sna meastóireachtaí ex ante:

(a) a mhéid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ , ag féachaint do chuspóirí téamacha roghnaithe agus do thosaíochtaí, ag cur san áireamh riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha agus an acmhainn chun forbartha chomh maith le ceachtanna a foghlamaíodh ó chlárthréimhsí roimhe sin;

(b) comhleanúnachas inmheánach an chláir nó na gníomhaíochta atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile;

(c) a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir;

(d) a chomhsheasmhaí atá cuspóirí téamacha roghnaithe, na tosaíochtaí agus cuspóirí comhfhreagracha na gclár le CS, leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus leis na moltaí tír-shonracha ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú;

(e) ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí cláir atá beartaithe;

(f) an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(g) cibé an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht a shamhlaítear a thiocfaidh ó Chistí SIE;

(h) an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta atá beartaithe;

(i) leordhóthanacht na n-acmhainní daonna agus an chumais riaracháin chun an clár a bhainistiú;

(j) oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú;

(k) oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le haghaidh an chreata feidhmíochta;

(l) leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun aon idirdhealú a chosc; go háirithe a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(m) leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(n) bearta atá pleanáilte chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar thairbhithe.

4.  Cuimseofar i meastóireachtaí ex ante, i gcás inarb iomchuí, na ceanglais maidir leis an measúnú straitéiseach comhshaoil a leagtar amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) lena gcuirtear san áireamh na riachtanais don mhaolú ar an athrú aeráide.

Airteagal 56

Meastóireacht le linn na clárthréimhse

1.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta nó an Ballstát plean meastóireachta a tharraingt suas agus d'fhéadfadh sé go gcumhdófaí níos mó ná clár amháin ann. Déanfar é a thíolacadh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumas meastóireachta iomchuí ar fáil.

3.  Le linn na clárthréimhse, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear meastóireachtaí i gcrích, lena n-áirítear meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar a mheasúnú, le haghaidh gach cláir ar bhonn an phlean meastóireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh gachmeastóireacht faoi réir na mbeart leantach iomchuí i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Uair amháin ar a laghad le linn na ►C1  clárthréimhse ◄ , déanfar measúnú trí bhíthin meastóireachta ar an gcaoi ar rannchuidigh tacaíocht ó Chistí SEI leis na cuspóirí le haghaidh gach tosaíochta. Scrúdóidh an coiste faireacháin na meastóireachtaí uile agus seolfar chuig an gCoimisiún iad.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir. Déanfaidh sé an tÚdarás Bainistíochta a chur ar an eolas agus seolfar na torthaí chuig an Údarás Bainistíochta agus déanfar iad a sholáthar don choiste faireacháin lena mbaineann.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir leis na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b)den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4).

Airteagal 57

Meastóireacht ex post

1.  Is é an Coimisiún, nó is iad na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ex-post. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ex post ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Chistí SIE agus ar a mhéid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ ag cur na spriocanna atá bunaithe Straitéis sin an Aontais san áireamh agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha atá leagtha síos sna rialacha Ciste-shonracha.

2.  Beidh meastóireachtaí ex post lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2024.

3.  Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an mheastóireacht ex-post ar na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) agus beidh siad lánchríochnaithe aige faoin 31 Nollaig 2019.

4.  Le haghaidh gach ceann de Chistí SIE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, tuarascáil sintéise a ullmhú ina dtabharfar mionchuntas ar phríomhchonclúidí na meastóireachtaí ex post.



TEIDEAL VI

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 58

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh Cistí SIE tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Féadfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún nó go hindíreach ag eintitis agus daoine seachas na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais.

Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) cúnamh le haghaidh ullmhú agus breithmheas tionscadail, lena n-áirítear le BEI;

(b) tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach Chistí SIE;

(c) staidéir atá nasctha le tuairisciú an Choimisiúin ar Chistí SIE agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú;

(d) bearta a bhaineann le hanailísiú, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme Chistí SIE, mar aon le bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(e) meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staidreamh agus staidéir, lena n-áirítear cinn de chineál ginearálta, i dtaca le feidhmiú reatha agus todhchaí Chistí SIE, a bhféadfaidh BEI tabhairt fúthu i gcás inarb iomchuí;

(f) gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha;

(g) córais ríomhairithe i leith bainistíochta, faireacháin, iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a oibriú agus a idirnascadh;

(h) gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta;

(i) gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht;

(j) an cumas náisiúnta agus réigiúnach a neartú maidir le pleanáil infheistíochtaí, measúnú ar riachtanais, ullmhú, ceapadh agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, comhphleananna gníomhaíochta agus mórthionscadal, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha le BEI.

(k) dea-chleachtais a scaipeadh chun cabhrú le Ballstáit cumas na gcomhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus a mbrateagraíochtaí a neartú;

(l) bearta a dhéanfaidh athbhreithnithe struchtúracha agus riaracháin a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur chun feidhme mar fhreagairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus sóisialta i mBallstáit a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1).

Chun an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun treisiú leis na sinéirgíochtaí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh ón gCoimisiún, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid is go bhfuil siad gaolmhar do chuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

2.  Leagfaidh an Coimisiún a chuid pleananna amach maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a bhaineann leis na bearta a liostaítear in mír1, nuair a bheartaítear ranníocaíocht ó Chistí SIE trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 59

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit

1.  Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh Cistí SIE tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhúchán, bainistiú, faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid, líonrú, réiteach gearán, agus rialú agus iniúchóireacht. Féadfaidh an Ballstát úsáid a bhaint as Cistí SIE chun tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, lena n-áirítear córais mhalartaithe leictreonaigh sonraí, agus le gníomhaíochtaí chun dlús a chur le cumas údaráis an Bhallstáit agus tairbhithe na Cistí sin a riar agus a úsáid. Féadfar Cistí SEI a úsáid freisin chun tacú le gníomhaíochtaí chun cumas na gcomhpháirithe ábhartha a threisiú i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 5(3) agus chun tacú le malartú na ndea-chleachtas idir comhpháirtithe den sórt sin. Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo a bheith ag baint le clárthréimhsí roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

2.  Féadfar leis na rialacha Ciste-shonracha gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ó chúnamh teicniúil gach ceann ar leith de Chistí SIE a chur san áireamh nó a eisiamh.



TEIDEAL VII

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó CHISTÍ SIE



CAIBIDIL I

Tacaíocht ó Chistí SIE

Airteagal 60

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár, déanfar an ráta nó na rátaí cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE a shocrú de réir na rialacha Ciste-shonracha.

2  Féadfar bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.

Airteagal 61

Oibríochtaí a ghineann glanioncaim i ndiaidh a gcur i gcrích

1.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí a ghineann glanioncam i ndiaidh a gcur i gcrích. Chun críocha an Airteagal seo, ciallaíonn 'glanioncam' insreabhadh airgid isteach a íocann úsáideoirí ar earraí nó seirbhísí arna soláthar ag an oibríocht, amhail muirir a sheasann úsáideoirí go díreach as úsáid an bhonneagair, díol nó cíos talún nó foirgneamh, nó íocaíochtaí as seirbhísí lúide aon chostais oibríochta agus as costas a bhaineann le trealamh gearrshaoil a athsholáthar agus a thabhaítear le linn na tréimhse atá i gceist. Déileálfar le coigilteas a bhaineann le costais oibríochta arna nginiúint ag an oibríocht mar ghlanioncam mura rud é go bhfuil siad cúitithe ag laghdú comhionann i bhfóirdheontais oibríochta.

I gcás nach bhfuil an costas infheistíochta iomlán incháilithe do cómhaoiniú, leithdháilfear an glanioncam dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn pro rata do chodanna incháilithe agus neamh-incháilithe an chostais infheistíochta.

2.  Laghdófar caiteachas incháilithe na hoibríochta atá le cómhaoiniú ó na Cistí roimh ré agus cuirfear san áireamh ann acmhainn na hoibríochta chun glanioncam a ghiniúint thar thréimhse thagartha shonrach a chumhdóidh cur chun feidhme na hoibríochta agus an tréimhse i ndiaidh a cur i gcrích faoi seach.

3.  Déanfar glanioncam féideartha na hoibríochta a chinneadh roimh ré trí bhíthin cheann amháin de na modhanna seo a leanas arna roghnú ag an údarás bainistíochta d'earnáil, d'fho-earnáil nó do chineál oibríochta:

(a) céatadán den ghlanioncam ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil is infheidhme don oibríocht de réir mar a shainítear é in Iarscríbhinn V nó in aon cheann de na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír;

(b) glanioncam na hoibríochta nach n-áirítear a ríomh, agus á chur san áireamh an tréimhse thagartha iomchuí don earnáil nó don fho-earnáil is infheidhme maidir leis an oibríocht, an bhrabúsacht lena mbítear ag súil de ghnáth sa chatagóir infheistíochta lena mbaineann, cur i bhfeidhm an phrionsabail íoc mar a thruaillítear agus, más iomchuí, comaoineacha ar chothromas atá nasctha le rathúnas coibhneasta an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 i gcásanna cuí-réasúnaithe chun Iarscríbhinn V a leasú trí choigeartuithe a dhéanamh ar na rátaí comhréidhe arna mbunú san iarscríbhinn sin agus sonraí stairiúla agus an fhéidearthacht costas a aisghabháil chomh maith leis an bprionsabal íoc mar a thruaillítear, i gcás inarb infheidhme sin, á gur san áireamh.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena mbunófar rátaí comhréidhe d'earnálacha nó d'fho-earnálacha sna réimsí TFC, taighde, forbairt agus nuáil agus éifeachtúlacht fuinnimh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i dtaobh na ngníomhartha tarmligthe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2015.

Sa bhreis air sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 i gcásanna cuí-réasúnaithe maidir le hearnálacha nó fo-earnálacha, lena n-áirítear fo-earnálacha do na hearnálacha, a thagann faoi na cuspóirí téamacha a shainítear sa chéad mhír d'Airteagal 9 agus a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE, a chur isteach in Iarscríbhinn V.

I gcás ina gcuirtear an modh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i bhfeidhm, déanfar an glanioncam uile a ghintear le linn chur chun feidhme na hoibríochta agus i ndiaidh an oibríocht a thabhairt chun críche a chur san áireamh tríd an ráta chomhréidh a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní dhéanfar é a asbhaint ina dhiaidh sin as an gcaiteachas incháilithe don oibríocht.

Nuair a bhíonn ráta comhréidh d'earnáil nua nó d'fho-earnáil nua bunaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír agus leis an gceathrú fomhír, féadfaidh údarás bainistíochta a roghnú an modh a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí nua i ndáil leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos an modh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás ina gcuirtear an modh sin i bhfeidhm, déanfar an glanioncam arna ghiniúint le linn an oibríocht a chur chun feidhme, a bheidh mar thoradh ar fhoinsí ioncaim nár cuireadh san áireamh tráth ar cinneadh glanioncam féideartha na hoibríochta, a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta tráth nach déanaí ná san éileamh íocaíochta deiridh a bheith tíolactha ag an tairbhí.

►C1  4.  An modh lena ndéantar an glanioncam a asbhaint ó chaiteachas na hoibríochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht arna thíolacadh don Choimisiún ◄ , déanfar é a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

5.  Mar rogha ar chur i bhfeidhm na modhanna a leagtar síos i mír 3, féadfar, ar iarraidh ó Bhallstát, an t-uasráta cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 60(1) a laghdú an tráth a nglactar clár i gcomhair tosaíochta nó birt faoina bhféadfadh gach oibríocht a bheidh le tacaíocht a fháil faoin tosaíocht sin ráta comhréidh aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 3. Ní bheidh an laghdú níos lú ná an méid a ríomhtar trí uasráta cómhaoinithe an Aontais is infheidhme faoi na rialacha Ciste-shonracha a mhéadú faoin ráta comhréidh ábhartha dá dtagraítear i bpointe(a) den chéad fhomhír de mhír 3.

I gcás ina gcuirtear an modh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, déanfar an glanioncam uile a ghintear le linn chur chun feidhme na hoibríochta agus i ndiaidh an oibríocht a bheith tugtha chun críche, a chur san áireamh tríd an ráta comhréidh laghdaithe a chur i bhfeidhm agus ní dhéanfar, dá bhrí sin, é a asbhaint ina dhiaidh sin as an gcaiteachas incháilithe don oibríocht.

6.  I gcás nach féidir an t-ioncam a chinneadh go hoibiachtúil roimh ré bunaithe ar aon cheann de na modhanna a leagtar amach i mír 3 nó i mír 5, déanfar an glanioncam arna ghiniúint laistigh de thrí bliana ón dáta a gcuirtear oibríocht i gcrích, nó faoin spriocdháta maidir le doiciméid do dhúnadh cláir a chur isteach a shocraítear sna rialacha Ciste-shonracha, cibé acu is túisce, a asbhaint ón gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún.

7.  Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir leo seo a leanas:

(a) oibríochtaí nó codanna d'oibríochtaí ar ó CSE amháin a fhaigheann siad tacaíocht;

(b) oibríochtaí nach bhfuil a gcostais incháilithe iomlán níos mó ná EUR 1 000 000 sula gcuirfear mír 1 go mír 6 i bhfeidhm;

(c) cúnamh in-aisíoctha faoi réir oibleagáide maidir le haisíocíocht iomlán agus duaiseanna;

(d) cúnamh teicniúil;

(e) tacaíocht d'ionstraimí airgeadais nó tacaíocht ó ionstraimí airgeadais;

(f) oibríochtaí ar a bhfuil a dtacaíocht phoiblí i bhfoirm cnapshuimeanna nó i bhfoirm aonaid scála caighdeánaithe i ndáil le costais,

(g) oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi chomhphlean gníomhaíochta;

(h) oibríochtaí dá ndéantar méideanna nó rátaí tacaíochta a shainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CETFT.

D'ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina gcuireann Ballstát mír 5 i bhfeidhm, féadfaidh sé oibríochtaí nach bhfuil a gcostas incháilithe iomlán níos mó ná EUR 1 000 000 sula gcuirtear míreanna 1 go 6 i bhfeidhm a áireamh sa tosaíocht ábhartha nó sa bheart ábhartha.

8.  Sa bhreis air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir leis na hoibríochtaí faoin glár na gnéihe seo a leanas:

(a) cabhair de minimis;

(b) státchabhair inghlactha do FBManna i gcás ina gcuirtear teorainn maidir le dlús na cabhrach nó méid na cabhrach i bhfeidhm maidir le Státchabhair;

(c) státchabhair inghlactha, i gcás inar cuireadh i gcrích fíorú indibhidiúil ar riachtanais maoinithe i gcomhréir leis na rialachais infheidhme maidir le Státchabhair.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh údarás bainistíochta mír 1 go mír 6 a chur i bfheidhm maidir leis na hoibríochtaí a thagann faoi phointe (a) go pointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina bhforáiltear dó sin sna rialacha náisiúnta.



CAIBIDIL II

Rialacha speisialta maidir le tacaíocht ó Chistí SIE do CPPanna

Airteagal 62

CPPanna

Féadfar Cistí SIE a úsáid chun tacú le hoibríochtaí CPP. Comhlíonfaidh oibríochtaí CPP den sórt sin an dlí is infheidhme, go háirithe maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí.

Airteagal 63

Tairbhí faoi oibríochtaí CPP

1.  Maidir le hoibríocht CPP, agus de mhaolú ar phointe (10) d'Airteagal 2, féadfaidh tairbhí a bheith ar cheann díobh seo a leanas:

(a) an comhlacht dlí phoiblí a chuireann tús leis an oibríocht; nó

(b) comhlacht atá á rialú ag dlí príobháideach Ballstáit (an "comhpháirtí príobháideach") a roghnaíodh nó a bheidh le roghnú chun an oibríocht a chur chun feidhme.

2.  Féadfaidh an comhlacht dlí phoiblí a chuireann tús le hoibríocht CPP a mholadh gurb é an comhpháirtí príobháideach atá le roghnú, tar éis don oibríocht a bheith formheasta, atá le bheith ina thairbhí chun críocha na tacaíochta ó Chistí SIE. Sa chás sin, beidh an cinneadh um fhormheas faoi choinníoll go ndeimhneoidh an t-údarás bainistíochta dó féin go gcomhlíonann agus go nglacann an comhpháirtí príobháideach a roghnaítear gach oibleagáid chomhfhreagrach atá ar thairbhí faoin Rialachán seo.

3.  Féadfar an comhpháirtí príobháideach a roghnaítear chun an oibríocht a chur chun feidhme a ionadú mar thairbhí le linn an chur chun feidhme i gcás inar gá sin faoi théarmaí agus coinníollacha an CPP nó faoin gcomhaontú maoiniúcháin idir an comhpháirtí príobháideach agus an institiúid airgeadais a thugann cómhaoiniú don oibríocht. Sa chás sin, is é an comhpháirtí príobháideach ionaid nó an comhlacht dlí phoiblí a thiocfaidh chun a bheith ina thairbhí ar choinníoll go ndeimhníonn an t-údarás bainistíochta dó féin go gcomhlíonann agus go nglacann an comhpháirtí príobháideach ionaid gach oibleagáid chomhfhreagrach atá ar thairbhí faoin Rialachán seo.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha breise maidir le tairbhí a ionadú agus maidir le hathrú ar chúraimí gaolmhara.

5.  Maidir le tairbhí a ionadú, ní mheasfar é a bheith ina athrú úinéireachta de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 71(1) más rud é go n-urramaíonn an t-ionadú sin na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 64

Tacaíocht d'oibríochtaí CPP

►C1  1.  I gcás oibríocht CPP inar comhlacht dlí phoiblí é an tairbhí, féadfar caiteachas faoi oibríocht CPP ar thabhaigh agus ar íoc an comhpháirtí príobháideach é, de mhaolú ar Airteagal 65(2), a mheas a bheith ina chaiteachas atá tabhaithe agus íoctha ag tairbhí agus féadfar é a áireamh in iarratas ar íocaíocht chuig an gCoimisiún ◄ ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil comhaontú CPP déanta ag an tairbhí le comhpháirtí príobháideach;

(b) gur fhíoraigh an t-údarás bainistíochta gur íoc an comhpháirtí príobháideach an caiteachas a dhearbhaigh an tairbhí agus go gcomhlíonann an oibríocht an dlí Aontais agus náisiúnta is infheidhme, an clár agus na coinníollacha le haghaidh tacaíochta don oibríocht.

►C1  2.  Maidir le híocaíochtaí do thairbhithe i ndáil le caiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le mír 1, déanfar é a íoc ◄ isteach i gcuntas eascró arna chur ar bun chun na críocha sin in ainm an tairbhí.

3.  Déanfar na cistí a íoctar isteach sa chuntas eascró dá dtagraítear i mír 2 a úsáid mar íocaíochtaí i gcomhréir leis an gcomhaontú CPP, lena n-áirítear aon íocaíocht atá le déanamh i gcás go bhfoirceanntar an comhaontú CPP.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos na híoscheanglais atá le háireamh i gcomhaontuithe CPP agus a bhfuil gá leo chun an maolú a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le comhaontú CPP a fhoirceannadh agus chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú.



CAIBIDIL III

Incháilitheacht caiteachais agus marthanacht

Airteagal 65

Incháilitheacht

1.  Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin sa chás ina bhfuil rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna rialacha Ciste-shonracha, nó ar bhonn an Rialacháin seo nó na rialacha sin.

▼C1

2.  Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó Chistí SIE má dhéanann tairbhí é a thabhú agus go n-íoctar é idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2023. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023.

▼B

3.  De mhaolú ar mhír 2, beidh caiteachas faoi TFAO incháilithe ón 1 Meán Fómhair 2013.

4.  I gcás costas arna n-aisíoc de bhun phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022.

5.  De mhaolú ar mhír 4, is é an 1 Meán Fómhair 2013 an dáta tosaigh maidir le costais aisíoctha ar bhonn (b) agus (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1) do ghníomhartha faoi TFAO.

6.  Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular thíolaic an tairbhí an t-iarratas ar chistiú faoin gclár don údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna.

7.  Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin, a leagtar amach in Airteagal 58.

8.  Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hoibríochtaí a ghineann glanioncam le linn a gcur chun feidhme agus nach bhfuil feidhm ag mír 1 go mír 6 d'Airteagal 61 maidir leo.

Déanfar caiteachas incháilithe ón oibríocht atá le cómhaoiniú ó Chistí SIE a laghdú faoi réir an ghlanioncaim nár cuireadh san áireamh tráth formheasta na hoibríochta agus nach ngintear go díreach ach amháin le linn tréimhse a cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná nuair a dhéantar an t-éileamh íocaíochta deiridh arna thíolacadh ag an tairbhí. I gcás nach bhfuil na costais uile incháilithe do cómhaoiniú, leithdháilfear an glanioncam ar bhonn pro rata do chodanna incháilithe agus neamh-incháilithe an chostais.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cúnamh teicniúil;

(b) ionstraimí airgeadais;

(c) cúnamh in-aisíoctha faoi réir oibleagáide maidir le haisíocíocht iomlán;

(d) duaiseanna;

(e) oibríochtaí atá faoi réir rialacha maidir le Státchabhair;

(f) oibríochtaí a bhfuil a dtacaíocht phoiblí i bhfoirm cnapshuimeanna nó i bhfoirm aonaid scála caighdeánaithe i ndáil le costais ar choinníoll go ndearnadh an glanioncam a chur san áireamh ar bhonn ex ante;

(g) oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi chomhphlean gníomhaíochta ar choinníoll go ndearnadh an glanioncam a chur san áireamh ar bhonn ex ante;

(h) oibríochtaí dá ndéantar méideanna nó rátaí tacaíochta a shainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CETFT; nó

(i) oibríochtaí nach bhfuil an costas incháilithe iomlán ina leith níos mó ná EUR 50 000 .

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 61, aon íocaíocht a fhaigheann an tairbhí mar gheall ar phionóis chonarthacha mar thoradh ar shárú conartha idir an tairbhí agus tríú páirtí nó tríú páirtithe nó a tabhaíodh mar thoradh ar aistarraingt tairisceana ag tríú páirtí a roghnaíodh faoi rialacha soláthair phoiblí (an 'taisce'), ní dhéanfar í a mheas mar ioncam agus ní dhéanfar í a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta.

9.  Caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar chlár, ní bheidh sé incháilithe ach amháin ón dáta a ndéantar an iarraidh maidir le leasú a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó, i gcás chur i bhfeidhm Airteagal 96(11), ón dáta a dtagann an cinneadh lena leasaítear an clár i bhfeidhm.

Féadfar maolú a dhéanamh ón gcéad fhomhír i gcás na rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI.

10.  De mhaolú ar mhír 9, féadfar forálacha sonracha maidir le túsdáta na hincháilitheachta a bhunú i Rialachán CETFT.

►C1  11.  Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó cheann amháin nó níos mó de Chistí SIE nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarratas ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de Chistí SIE ◄ , ná nach bhfaightear tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile ina leith.

Airteagal 66

Foirmeacha tacaíochta

Bainfear úsáid as Cistí SIE chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh in-aisíoctha agus ionstraimí airgeadais, nó teaglaim díobh sin.

I gcás cúnaimh in-aisíoctha, déanfar an tacaíocht arna haisíoc leis an gcomhlacht a thug í, nó le húdarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit, a choinneáil i gcuntas ar leithligh nó a scagadh amach faoi chóid chuntasaíochta agus athúsáidfear í chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir.

Airteagal 67

Foirmeacha deontas agus cúnaimh in-aisíoctha

1.  Féadfaidh deontais agus cúnamh in-aisíoctha a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír agus arna n-íoc, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas, i gcás inarb infheidhme;

(b) scálaí caighdeánacha costas aonaid;

(c) cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den ranníocaíocht phoiblí;

(d) maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

Féadfaidh rialacha Ciste-shonracha teorainn a chur ar fhoirmeacha na ndeontas nó an chúnaimh in-aisíoctha is infheidhme maidir le hoibríochtaí áirithe

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfar foirmeacha breise deontas agus modhanna breise ríofa a bhunú i Rialachán CEMI.

3.  Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach rogha catagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d'oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha oibríochta.

4.  I gcás ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal atá ina chuid d'oibríocht chun feidhme go huile agus go hiomlán trí sholáthar poiblí oibreacha, earraí nó seirbhísí, is é pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 amháin a mbeidh feidhm aige. I gcás ina bhfuil an soláthar laistigh d'oibríocht nó laistigh de thionscadal atá ina chuid d'oibríocht teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfar na roghanna go léir dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm.

5.  Bunófar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír de mhír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a) modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe bunaithe orthu seo a leanas:

(i) sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile;

(ii) sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii) gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairibhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b) i gcomhréir leis na rialacha um chur i bhfeidhm na scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(c) i gcomhréir leis na rialacha um chur i bhfeidhm na scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(d) rátaí arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na rialacha Ciste-shonracha.

(e) modhanna sonracha chun méideanna a chinneadh arna mbunú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

6.  Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith.

Airteagal 68

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costas indíreach agus costas foirne a bhaineann le deontais agus cúnamh in-aisíoctha

1.  I gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme oibríochta, féadfar iad a ríomh ag ráta comhréidh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a) ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(b) ráta comhréidh de suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c) ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 maidir le sainiú an ráta chomhréidh agus na modhanna gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.

2.  Chun críocha na costais foirne a bhaineann le cur i bhfeidhm oibríochta a chinneadh, féadfar an ráta de réir na huaire is infheidhme a ríomh trí na hollchostais fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig.

Airteagal 69

Rialacha sonracha incháilitheachta maidir le deontais agus cúnamh in-aisíoctha

1.  Maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talamh agus eastát réadach a sholáthar nach ndearnadh ina leith aon íocaíocht airgid arna thacú le sonraisc, nó doiciméid le luach coibhéiseach cruthúnais, féadfaidh siad a bheith incháilithe ar choinníoll go bhforáiltear amhlaidh i rialacha incháilitheachta de chuid Chistí SIE agus sna cláir agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) ní bheidh an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh, ag deireadh na hoibríochta;

(b) níl an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil níos airde ná na costais a bhfuil glacadh go ginearálta leo ar an margadh i dtrácht;

(c) is féidir luach agus seachadadh na ranníocaíochta a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;

(d) i gcás talamh nó eastát réadach a sholáthar, féadfar íocaíocht airgid a dhéanamh chun críocha comhaontaithe léasa de mhéid ainmniúil in aghaidh na bliana nach mó ná aonad aonair airgeadra an Bhallstáit.

(e) i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibre gan íocaíocht, déanfar luach na hoibre sin a chinneadh tríd an t-am fíoraithe atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh oibre coibhéisí a chur san áireamh.

Déanfaidh saineolaí cáilithe neamhspleách nó comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe luach na talún nó an eastáit réadaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dheimhniú agus ní bheidh an luach sin níos airde ná an teorainn a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 3

2.  Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir;

(b) tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonraisc le haghaidh costas incháilithe acu i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1);

(c) baineann na costais go huile agus go hiomlán leis an tréimhse tacaíochta don oibríocht;

(d) níor rannchuidigh deontais phoiblí leis na sócmhainní dímheasta a fháil mar éadáil.

3.  Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó Chistí SIE agus ón méid tacaíochta arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE mar a thagraítear in Airteagal 92(6):

(a) ús ar fhiachas, ach amháin maidir le deontais a thugtar i bhfoirm fóirdheontais ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontais táille ráthaíochta;

(b) ceannach talún nár tógadh air agus ceannach talún ar tógadh air ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar an oibríocht lena mbaineann. Maidir le láithreáin thréigthe agus le láithreáin a bhíodh tráth in úsáid thionsclaíoch a bhfuil foirgnimh orthu, méadófar an teorainn sin go dtí 15 %. I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, féadfar an teorainn a ardú os cionn na gcéatadán réamhluaite faoi seach le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

(c) cáin bhreisluacha, ach amháin i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL.

Airteagal 70

Incháilitheacht oibríochtaí atá ag brath ar shuíomh

1.  Beidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE, faoi réir na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 agus sna rialacha Ciste-shonracha, lonnaithe i limistéar an chláir.

2.  Féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht á cur chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht;

(b) níl an méid iomlán arna leithdháileadh faoin gclár le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de limistéar an chláir níos mó ná 15 % den tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI ar leibhéal na tosaíochta, ná níos mó ná 5 % den tacaíocht ó CETFT ar leibhéal an chláir;

(c) aontaíonn an coiste faireacháin leis an oibríocht nó leis na cineálacha oibríochtaí lena mbaineann;

(d) tá oibleagáidí na n-údarás i dtaobh an chláir maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht comhlíonta ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina dtugtar tacaíocht don oibríocht sin nó déanann siad comhaontuithe le húdaráis sa limistéar ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme.

3.  I gcás oibríochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil nó le gníomhaíochtaí tionscnaimh, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh den Aontas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2 agus na hoibleagáidí maidir le bainistiú, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht.

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 3 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le hoibríochtaí lena dtacaíonn CSE.

Airteagal 71

Marthanacht oibríochtaí

►C1  1.  Déanfaidh oibríocht atá comhdhéanta d'infheistíocht bonneagair nó infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó Chistí SIE a aisíoc ◄ más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht dheiridh leis an tairbhí nó laistigh de thréimhse arna leagan amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé faoi réir aon cheann den méid seo a leanas:

(a) scor nó athlonnú gníomhaíochta táirgiúla lasmuigh de limistéar an chláir;

(b) athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;

(c) athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme lena mbainfí an bonn dá cuspóirí bunaidh dá bharr.

Déanfaidh an Ballstát méideanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a ghnóthú ar bhonn atá cionmhar leis an tréimhse nach bhfuil na ceanglais comhlíonta ina leith.

Féadfaidh Ballstáit na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí trí bliana i gcásanna a bhaineann le cothabháil infheistíochtaí nó post atá cruthaithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide.

2.  Déanfaidh oibríocht atá comhdhéanta d'infheistíocht bonneagair nó d'infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó Chistí SIE a aisíoc más rud é, laistigh de 10 mbliana ón íocaíocht deiridh leis an tairbhí, go bhfuil an ghníomhaíocht táirgeachta faoi réir a athlonnaithe lasmuigh den Aontas, ach amháin más FBM é an tairbhí. Nuair is i bhfoirm Státchabhrach atá an ranníocaíocht ó Chistí SIE, déanfar an sprioc-am is infheidhme faoi na rialacha maidir le Státchabhair a chur in ionad na tréimhse 10 mbliana.

3.  Maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na cinn eile de Chistí SIE nach infheistíochtaí bonneagair ná infheistíochtaí táirgiúla iad, ní aisíocfaidh siad an ranníocaíocht ón gCiste ach amháin i gcás ina bhfuil siad faoi réir oibleagáide chun infheistíocht a chothabháil faoi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair agus i gcás ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor nó a athlonnú laistigh den tréimhse atá leagtha síos sna rialacha sin.

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 maidir le ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu nó maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr féimheachta neamhchalaoisí.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 maidir le daoine nádúrtha ar tairbhithe de thacaíocht infheistíochta iad agus, tar éis an oibríocht infheistíochta a lánchríochnú, go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht, agus go bhfaighidh siad tacaíocht, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás ina bhfuil an infheistíocht lena mbaineann nasctha go díreach leis an gcineál gníomhaíochta a sainaithníodh mar ghníomhaíocht atá incháilithe do thacaíocht ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.



TEIDEAL VIII

BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ



CAIBIDIL I

Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 72

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

Le córais bhainistíochta agus rialaithe, forálfar don méid seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 4(8):

(a) tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta a bhfuil baint aige le bainistíocht agus le rialú, agus ar leithdháileadh feidhmeanna laistigh de gach comhlacht;

(b) comhlíonadh phrionsabal na deighilte feidhmeanna idir comhlachtaí den sórt sin nó laistigh díobh;

(c) nósanna imeachta chun cruinneas agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d) córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e) córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an comhlacht atá freagrach feidhmiú cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f) socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g) córais agus nósanna imeachta chun raon iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h) neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha.

Airteagal 73

Freagrachtaí faoin gcomhbhainistiú

I gcomhréir le prionsabal an chomhbhainistithe, beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá acu arna leagan síos sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 74

Freagrachtaí na mBallstát

1.  Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta atá leagtha síos sna rialacha maidir le comhbhainistíocht a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha Ciste-shonracha agus glacfaidh siad ar láimh na freagrachtaí a leanann uathu.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a chur ar bun i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha agus go bhfeidhmeoidh na córais sin go héifeachtach.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil socruithe éifeachtacha ann chun gearáin i leith Chistí SIE a scrúdú. Beidh an raon feidhme, na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na socruithe sin mar fhreagracht ar na Ballstáit i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, scrúdóidh na Ballstáit gearáin a thíolactar chuig an gCoimisiún agus a thagann faoi raon feidhme a gcuid socruithe. Cuirfidh na Ballstáit torthaí na scrúduithe sin in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

4.  Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na téarmaí agus na coinníollacha a gcomhlíonfaidh an córas malartaithe leictreonaigh sonraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).



CAIBIDIL II

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

Airteagal 75

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.  Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir le hainmniú na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú, na doiciméid arna soláthar gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, ag na comhlachtaí ainmnithe sin, tuarascálacha ar rialú, tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí Aontais, go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir a chur chun feidhme.

2.  Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe ón gCoimisiún iniúchóireachtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh faoi réir iad do thabhairt fógra 12 lá oibre ar a laghad don údarás inniúil náisiúnta, ach amháin i gcásanna práinneacha. Urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta nuair a chuirfidh sé san áireamh an gá atá ann go seachnófar dúbailt nach bhfuil údar maith léi maidir le hiniúchóireachtaí agus seiceálacha a dhéantar sna Ballstáit, mar aon leis an leibhéal riosca do bhuiséad an Aontais agus an gá atá ann an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Féadfar, go háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht fhónta airgeadais na n-oibríochtaí nó na gclár a bheith faoi raon feidhme na n-iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchóireachtaí nó sna seiceálacha sin.

Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiún, atá cumhachtaithe go cuí chun iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, doiciméid agus meiteashonraí uile is gá, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí a leagtar amach san mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin agus ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe den sórt sin, áfach, ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d'inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus le lán-urramú chearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh chun feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú nó chun cruinneas an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.



TEIDEAL IX

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A SCRÚDÚ AGUS A GHLACADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS, SAORADH



CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 76

Gealltanais bhuiséadacha

Is i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a dhéanfar gealltanais bhuiséadacha an Aontais maidir le gach clár. Déanfar na ceangaltais bhuiséadacha a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta i ngach clár ar leithligh ón leithdháileadh a bheidh fágtha ón gclár.

►C1  Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84(2) den Rialachán Airgeadais ◄ agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann, ceangaltas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.

I gcás gach cláir ar leith, déanfar na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid tar éis an clár a bheith glactha ag an gCoimisiún.

I gcás na ngealltanas buiséadach do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den Airteagal seo, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais.

I ndiaidh chur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 22, i gcás nach mbeidh garspriocanna a dtosaíochtaí bainte amach, saoróidh an Coimisiún na leithreasuithe comhfhreagracha, más gá, chuig na cláir lena mbaineann mar chuid den chúlchiste feidhmíochta agus cuirfidh sé ar fáil arís iad le haghaidh na gclár a mbeidh méadú tagtha ar an leithdháileadh ina leith mar thoradh ar leasú a d'fhormheas an Coimisiún i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d'Airteagal 22(5).

Airteagal 77

►C1  Rialacha coiteanna ◄ maidir le híocaíochtaí

1.  Maidir leis na híocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis an ranníocaíocht ó Chistí SIE le gach clár, déanfar iad i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht sa ghealltanas buiséadach is túisce a bheidh oscailte den Chiste lena mbaineann.

2.  Ní dhéanfar íocaíochtaí a bhaineann le ceangaltais an chúlchiste feidhmíochta roimh leithdháileadh críochnaitheach an chúlchiste feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) agus (4).

3.  Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

4.  I gcás na bhfoirmeacha tacaíochta faoi phointe (b), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1) agus faoi Airteagal 68 agus faoi Airteagal 69, measfar gur caiteachas incháilithe iad costais a ríomhtar ar an mbonn is infheidhme.

Airteagal 78

►C1  Rialacha coiteanna ◄ maidir le híocaíochtaí eatramhacha a ríomh, agus an iarmhéid deiridh a íoc

Déanfar na rialacha maidir le ríomh an mhéid a aisíoctar mar íocaíochtaí eatramhacha agus maidir le ríomh an iarmhéid deiridh a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha. Is feidhm den ráta cómhaoinithe sonrach atá infheidhme maidir leis an gcaiteachas incháilithe a bheidh sa mhéid sin.

Airteagal 79

▼C1

Iarratais ar íocaíocht

▼B

►C1  1.  Déanfar an nós imeachta sonrach agus an fhaisnéis is gá a thíolacadh maidir le hiarratais ar íocaíocht maidir le gach Ciste SIE ◄ a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha.

►C1  2.  Soláthrófar san iarratas ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin ◄ an fhaisnéis uile is gá le go bhféadfaidh an Coimisiún cuntais a thabhairt ar aird i gcomhréir le hAirteagal 68(3) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 80

Úsáid an euro

▼C1

Is in euro a shloinnfear na méideanna atá leagtha amach i gcláir arna dtíolacadh ag Ballstáit, i réamh-mheastacháin ar chaiteachas, in iarratais ar íocaíocht, i gcuntais agus sa chaiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

▼B

Airteagal 81

Réamh-mhaoiniú tosaigh a íoc

1.  I ndiaidh an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an clár, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na clárthréimhse ina hiomláine. Déanfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna i gcomhréir le riachtanais bhuiséadacha. Déanfar leibhéal na dtráthchodanna a shainiú sna rialacha Ciste-shonracha.

2.  Ní úsáidfear réamh-mhaoiniú tosaigh ach i gcomhair íocaíochtaí a dhéantar le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don chomhlacht atá freagrach chun na críche sin.

Airteagal 82

Réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach

Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúntar an clár.

Airteagal 83

An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.  Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, an spriocdháta le haghaidh íocaíochta maidir le héileamh ar íocaíocht eatramhach a bhriseadh ar feadh tréimhse uasta de shé mhí más rud é:

(a) go bhfuil fianaise shoiléir ann, i ndiaidh faisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

▼C1

(b) go bhfuil ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith tugtha ar aird an oifigigh sin á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarratas ar íocaíocht;

▼B

(c) go mainnítear ceann de na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a thíolacadh.

Féadfaidh an Ballstát a chomhaontú go ndéanfar an tréimhse briste a fhadú go ceann thrí mhí eile.

Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a bhriseadh, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

2.  Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean teorainn a chur leis an mbriseadh a dhéantar ar an gcuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 difear di, ach amháin mura féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don údarás bainistíochta agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta is gá.



CAIBIDIL II

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

Airteagal 84

An spriocdháta don Choimisiún na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

Faoin 31 Bealtaine den bhliain i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59(6) den Rialachán Airgeadais, nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir leis na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh agus cuirfidh sé in iúl don Bhallstát i dtaobh cibé acu an nglacann sé leis nó nach nglacann sé leis go bhfuil na cuntais iomlán, beacht agus fíor i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.



CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais

Airteagal 85

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.  Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais, nó cuid di le clár a chur ar ceal agus aisghabháil a fháil ón mBallstát, chun go ndéanfar caiteachas atá ag sárú an dlí is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais.

2.  Maidir le sárú ar an dlí is infheidhme, ní leanfaidh ceartú airgeadais as ach amháin i ndáil le caiteachas a dearbhaíodh leis an gCoimisiún agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá tionchar ag an sárú ar roghnú oibríochta ag comhlacht atá freagrach as tacaíocht ó Chistí SIE nó i gcásanna nach féidir, de bharr nádúr an tsáraithe, an tionchar sin a shuíomh ach go bhfuil riosca réasúnaithe ann go raibh éifeacht den sórt sin ag an sárú;

(b) tá tionchar ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc le buiséad an Aontais nó i gcásanna nach bhfuil sé indéanta, de bharr nádúr an tsáraithe, a thionchar airgeadais a mheas ach go bhfuil riosca údaraithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú.

3.  Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinntí a dhéanfar chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm.

4.  Déanfar na critéir agus na nósanna imeachta maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha.



CAIBIDIL IV

Saoradh

Airteagal 86

Na prionsabail

►C1  1.  Cuirfear gach clár faoi réir nós imeachta um shaoradh arna bhunú ar an mbonn go ndéanfar na méideanna atá nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe ag réamhmhaoiniú ná ag iarraidh ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh, lena n-áirítear aon iarratas ar íocaíocht ◄ a bhfuil an íocaíocht nó cuid di faoi réir ►C1  briste ◄ sa spriocdháta le haghaidh íocaíochta nó faoi réir fionraí a dhéanamh ar íocaíochtaí.

2.  Déanfar an gealltanas a bhaineann le bliain dheireanach na tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha a bheidh le comhlíonadh maidir le dúnadh na gclár.

3.  Déanfar cur i bhfeidhm beacht riail an tsaortha maidir le gach ceann de Chistí SIE a shonrú sna rialacha Ciste-shonracha.

4.  Saorfar an chuid de na gealltanais a bheidh fós oscailte i gcás nach bhfuil ceann de na doiciméid a éilítear don dúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoi na spriocdhátaí a bhunaítear sna rialacha Ciste-shonracha.

5.  Is faoi réir an nós imeachta um shaoradh a leagtar amach i mír 4 amháin a bheidh na gealltanais bhuiséadacha i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta.

Airteagal 87

Eisceacht ón saoradh

1.  Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú na méideanna is ionann agus:

(a) an chuid sin den ghealltanas buiséid dá bhfuil oibríochtaí fionraithe ina leith trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

►C1  (b) an chuid sin den ghealltanas buiséid nach rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ina leith ◄ ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ó thaobh an clár iomlán nó ar chuid den chlár a chur chun feidhme.

Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn faoi phointe (b) den chéad fhomhír go raibh force majeure ann na hiarmhairtí díreacha a bhí ag an force majeure ar chur chun feidhme an chláir iomláin nó chuid den chlár.

Chun críocha phointe (a) agus phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin, más rud é gur mhair an fhionraíocht nó force majeure nach faide ná bliain amháin, nó níos mó ná uair amháin ag comhfhreagairt d'fhad thréimhse force majeure nó don mhéid blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.  Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

Airteagal 88

Nós Imeachta

1.  Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bhfuil baol ann go gcuirfear riail an tsaortha i bhfeidhm faoi Airteagal 86.

2.  Ar bhonn na faisnéise a fuair sé amhail ón 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis sin.

3.  Beidh dhá mhí ag an mBallstát an méid a bheidh le saoradh a aontú nó a bharúlacha a thíolacadh.

4.  Faoin 30 Meitheamh, tíolacfaidh an Ballstát don Choimisiún plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár á chur san áireamh an leithdháileadh de réir Ciste agus de réir catagóra réigiúin, i gcás inarb iomchuí. Mura ndéantar an tíolacadh sin, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó Chistí SIE a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann. Déanfar an laghdú sin a leithdháileadh ar gach tosaíocht go comhréireach.

5.  Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena nglactar an clár a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.



CUID A TRÍ

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CFRE, LE CSE AGUS LEIS AN gCISTE COMHTHÁTHAITHE



TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS CREAT AIRGEADAIS



CAIBIDIL I

Misean, spriocanna agus cuimsiú geografach na tacaíochta

Airteagal 89

Misean agus spriocanna

1.  Rannchuideoidh na Cistí le forbairt agus saothrú ghníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí freisin le seachadadh straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ .

2.  Chun críoch rannchuidiú leis an misean dá dtagraítear i mír 1, saothrófar na spriocanna seo a leanas:

(a) 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, a mbeidh tacaíocht ó na Cistí go léir le fáil aici; agus

(b) 'comhar críochach Eorpach', a mbeidh tacaíocht ó CFRE le fáil aige.

Airteagal 90

Infheistíocht le haghaidh fáis agus post

1.  Tacóidh na Cistí Struchtúracha le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i ngach réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh ('réigiúin leibhéal NUTS 2') a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, arna leasú ag Rialachán Uimh. 105/2007.

2.  Déanfar acmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh i measc na dtrí chatagóir seo a leanas de réigiúin leibhéal NUTS 2:

(a) réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-27;

(b) réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán-OTI AE-27;

(c) réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 90 % de mheán-OTI AE-27.

Déanfar aicmiú na réigiún faoi cheann amháin de na trí chatagóir réigiún a chinneadh bunaithe ar an gcaoi bhaineann OTI per capita gach réigiúin, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh (PCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2007 go 2009, le meán-OTI an AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna.

3.  Na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir PCC agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2008 go 2010, ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo.

Na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháthaithe in 2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27 arna ríomh faoin gcéad fhomhír, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.

4.  Díreach i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na réigiúin a chomhallann critéir na dtrí chatagóir réigiún dá dtagraítear i mír 2 agus de na Ballstáit a chomhallann critéir mhír 3. Beidh an liosta sin bailí ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

5.  In 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar incháilitheacht na mBallstát do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn figiúirí OIN an Aontais i leith an AE-27 sa tréimhse 2012 go 2014. Na Ballstáit sin ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27, tiocfaidh dóibh chun bheith nua-incháilithe do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus na Ballstáit sin a bhí incháilithe don Chiste Comhtháthaithe agus ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 %, caillfidh siad a n-incháilitheacht agus gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.



CAIBIDIL II

Creat airgeadais

Airteagal 91

Acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1.  Is EUR 325 145 694 739 de réir phraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh ceangaltais bhuiséadaigh i leith na tréimhse 2014 - 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 322 145 694 739 de agus acmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus is ionann EUR 3 000 000 000 agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Chun críocha cláreagraithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.

2.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh, agus miondealú bliantúil na n-acmhainní ón leithdháileadh sonrach don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg de réir an Bhallstáit, mar aon le liosta na réigiún atá incháilithe, i gcomhréir faoi seach leis na critéir agus leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII faoi seach, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo nó d'Airteagal 92(8).

3.  Déanfar 0,35 % de na hacmhainní iomlánaíocha, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6), agus chuig an gcabhair do na daoine is díothaí dá dtagraítear in Airteagal 92(7) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 92

Acmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

1.  Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,33 % de na hacmhainní iomlánaíocha (i.e., EUR 313 197 435 409 ar an iomlán) agus leithdháilfear í mar a leanas:

(a) 52,45 % (i.e., EUR 164 279 015 916 ar an iomlán) le haghaidh réigiún beagfhorbartha;

(b) 10,24 % (i.e., EUR 32 084 931 311 ar an iomlán) le haghaidh réigiún trasdula;

(c) 15,67 % (i.e., EUR 49 084 308 755 ar an iomlán) le haghaidh réigiún níos forbartha;

(d) 21,19 % (i.e., EUR 66 362 384 703 ar an iomlán) le haghaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

(e) 0,44 % (i.e., EUR 1 386 794 724 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhallann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

2.  Sa bhreis ar na méideanna a leagtar amach in Airteagal 91 agus i mír 1 den Airteagal seo, do na blianta 2014 agus 2015, cuirfear méid breise de EUR 94 200 000 agus de EUR 92 400 000 faoi seach ar fáil mar a leagtar amach in 'Coigeartuithe breise' faoi Iarscríbhinn VII. Sainaithneofar na méideanna sin sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 91(2).

►C1  3.  In 2016, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2017 i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, athbhreithniú ar na leithdháiltí iomlána faoin sprioc 'infheistíocht le haghaidh fáis agus post' de gach Ballstát le haghaidh 2017-2020, agus an modh leithdháilte a leagtar amach i mír go mír 16 d'Iarscríbhinn VII á chur i bhfeidhm ar bhonn an staidrimh is déanaí atá ar fáil agus ar an gcomparáid do na Ballstáit chaidhpeáilte idir an OTI náisiúnta carntha a breathnaíodh do na blianta 2014-2015 agus OTI carntha náisiúnta don tréimhse chéanna a measadh in 2012 i gcomhréir le mír 10 d'Iarscríbhinn VII. Sa chás ina bhfuil éagsúlacht charnach de níos mó ná +/– 5 % idir na leithdháiltí athbhreithnithe agus na leithdháiltí iomlána, déanfar na leithdháiltí iomlána a choigeartú dá réir. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, déanfar coigeartuithe a scaipeadh i gcionmhaireachtaí comhionanna ◄ thar na blianta 2017-2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha an chreata airgeadais a mhodhnú dá réir. Ní rachaidh glanéifeacht na gcoigeartuithe, bíodh sí dearfach nó diúltach, thar EUR 400 000 000 . Tar éis an coigeartú teicniúil a dhéanamh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach miondealú bliantúil athbhreithnithe ar na hacmhainní iomlánaíocha do gach Ballstát.

4.  Chun a áirithiú go ndéantar infheistíocht leordhóthanach a spriocdhíriú ar fhostaíocht don ógra, ar shoghluaisteacht an lucht saothair, ar eolas, ar uilechuimsitheacht shóisialta agus ar chomhrac na bochtaineachta, ní bheidh an sciar d'acmhainní na gCistí Struchtúracha atá ar fáil le haghaidh cláreagraithe do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post arna leithdháileadh chuig CSE i ngach Ballstát níos ísle ná an sciar comhfhreagrach CSE don Bhallstát sin a leagtar síos sna cláir oibríochtúla le haghaidh cuspóirí an Chóineasaithe agus an iomaíochais agus fostaíochta Réigiúnaí do chlárthréimhse 2007-2013. Cuirfear leis an sciar sin méid breise do gach Ballstát a chinntear i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IX chun a áirithiú nach lú na 23,1 % i mBallstát an sciar de CSE mar chéatadán d'iomlán na n-acmhainní comhcheangailte le haghaidh na gCistí ar leibhéal an Aontais, gan an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh an bhonneagair iompair faoi SCE dá dtagraítear i mír 6 á chur san áireamh ná an tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha le haghaidh cabhrach do na daoine is díothaí dá dtagraítear i mír 7. Chun críocha na míre seo, déanfar infheistíocht arna soláthar ó CSE do TFAO a mheas mar chuid den sciar de na Cistí Struchtúracha a leithdháiltear ar CSE.

5.  Is é EUR 3 000 000 000 a bheidh sna hacmhainní do TFAO ón leithdháileadh sonrach i leith TFAO agus EUR 3 000 000 000 ar a laghad ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.

6.  Is é EUR 10 000 000 000 a bheidh sa mhéid tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe a bheidh le haistriú do SCE. Caithfear é le haghaidh na dtionscadal bonneagair iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 go heisiach sna Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháite.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe chuig SCE, ar méid é a chinnfear ar bonn pro rata i leith na tréimhse iomláine. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin.

Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

Déanfar an méid a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a chur chun feidhme trí ghlaonna sonracha a sheoladh do thionscadail a bhfuil na croíghréasáin á gcur chun feidhme acu nó do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí cothrománacha a shainaithnítear i gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme don earnáil iompair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir leis na glaonna sonracha dá dtagraítear sa cheathrú fomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2016, déanfar le roghnú na dtionscadal atá incháilithe le haghaidh maoinithe na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú. Amhail ón 1 Eanáir 2017, déanfar acmhainní arna n-aistriú chuig SCE nach mbeidh geallta do thionscadal bonneagair iompair a chur ar fáil do na Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCoiste Comhtháthaithe chun na tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

Chun tacú le Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháthaithe, a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu i ndearadh tionscadal ag a bhfuil aibíocht leordhóthanach acu nó ag a bhfuil cáilíocht leordhóthanach acu, nó ag a bhfuil an dá rud acu, agus a bhfuil breisluach leordhóthanach acu le haghaidh an Aontais, tabharfar aird ar leith ar thograí a bheidh dírithe ar chumas institiúideach agus éifeachtúlacht riarachán poiblí agus seirbhisí poiblí agus a threisiú maidir le forbairt agus le cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Chun an leibhéal is airde is féidir a áirithiú de na cistí aistrithe sna Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gciste Comhtháite, féadfaidh an Coimisiún glaonna breise a eagrú.

7.  Ní lú ná EUR 2 500 000 000 a bheidh sa tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha don chabhair do na daoine is díothaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post agus féadfar í a mhéadú suas go dtí EUR 1 000 000 000 le tacaíocht bhreise arna cinneadh ar bhonn saorálach ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha chuig cabhair do na daoine is díothaí i leith na tréimhse iomláine. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha a laghdú dá réir sin, ar bhonn laghdú pro-rata de réir catagóire réigiúin.

Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid na hionstraime um chabhrach do na daoine is díothaí amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

8.  Déanfar EUR 330 000 000 d'acmhainní na gCistí Struchtúracha don sprioc 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí nuálacha atá á mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe.

9.  Is 2,75 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2014 - 2020 (i.e., EUR 8 948 259 330 ar an iomlán) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

10.  Chun críocha an Airteagail seo, Airteagail 18, 91, 93, 95, 99, 120, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo. chun críocha Airteagal 4 de Rialachán CFRE, Airteagal 4 agus Airteagal 16 go hAirteagal 23 de Rialachán CSE, Airteagal 3(3) de Rialachán CCE, agus Airteagal 15i go hAirteagal 15yiii de Rialachán CSE, measfar an réigiún is forimeallaí de Mayotte a bheith ina réigiún leibhéal NUTS 2 a thagann faoi chatagóir réigiúin bheagfhorbartha. Chun críocha Airteagal 3(1) agus (2) de Rialachán CCE, measfar Mayotte agus Saint Martin a bheith ina réigiúin leibhéal NUTS 3.

Airteagal 93

Neamh-inaistritheacht acmhainní idir catagóirí réigiún

1.  Ní bheidh na leithreasuithe iomlána arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha inaistrithe idir na catagóirí réigiún sin.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cur chun feidhme cuspóra théamaigh amháin nó níos mó, glacadh le togra ó Bhallstát agus an Comhaontú Comhpháirtíochta á chur isteach den chéad uair aige nó in imthosca a bhfuil údar cuí leo tráth leithdháilte an chúlchiste feidhmíochta, nó i athbhreithniú mór ar an gComhaontú Comhpháirtíochta chun suas le 3 % den leithreasú iomlán le haghaidh catagóire réigiún a aistriú go dtí catagóirí réigiún eile.

Airteagal 94

Neamh-aistritheacht acmhainní idir spriocanna

1.  Ní bheidh iomlán na leithreasuithe arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh inaistrithe idir na spriocanna sin

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún chun rannchuidiú éifeachtach na gCistí leis na misin dá dtagraítear in Airteagal 89(1), in imthosca a bhfuil údar cuí leo, agus faoi réir an choinníll a leagtar síos i mír 3, glacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, le togra ó Bhallstát agus an Conradh Comhpháirtíochta á thíolacadh den chéad uair aige cuid dá leithreasuithe le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a aistriú chuig sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

3.  Maidir le cuid sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh sa Bhallstát a mbeidh an togra á dhéanamh aige dá dtagraítear i mír 2, ní lú í ná 35 % den iomlán a bheidh leithdháilte ar an mBallstát sin maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus ní lú ná 25 % den iomlán í tar éis an t-aistriú a bheith déanta.

Airteagal 95

Breisíocht

1.  Chun críocha an Airteagail seo agus Iarscríbhinn X, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'ollfhoirmiú caipitil sheasta' na sócmhainní seasta uile, lúide diúscairtí, arna bhfáil ag na táirgeoirí cónaitheacha mar éadálacha le linn tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar luach sócmhainní neamhtháirgthe arna réadú trí ghníomhaíocht táirgthe táirgeora nó trí ghníomhaíocht táirgthe aonad institiúideach, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle ( 18 );

(2) ciallaíonn 'sócmhainní seasta' gach sócmhainn inláimhsithe nó doláimhsithe arna táirgeadh mar aschur ó phróisis táirgthe agus a úsáidtear arís agus arís eile, nó ar bhonn leanúnach, i bpróisis táirgthe ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin;

(3) ciallaíonn 'rialtas ginearálta' iomlán na n-aonad institiúideach a tháirgeann seirbhísí neamh-mhargaidh den chuid is mó (b'fhéidir earraí) lena dtomhailt ar bhonn aonair nó comhchoiteann agus a athdháileann ioncam agus rachmas anuas ar a bhfreagrachtaí polaitiúla agus a ról maidir le rialú eacnamaíoch a chomhlíonadh;

(4) ciallaíonn 'caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach' ollfhoirmiú caipitil sheasta an rialtais ghinearálta.

2.  Ní ghabhfaidh tacaíocht ó na Cistí a thugtar do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ionad an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh ag Ballstát.

3.  Déanfaidh Ballstáit leibhéal de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chothabháil ar feadh na tréimhse 2014-2020 ar an meán in aghaidh na bliana a bheidh cothrom ar a laghad leis an leibhéal tagartha arna shocrú sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

Agus an leibhéal tagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á shocrú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na dálaí maicreacnamaíocha ginearálta mar aon le himthosca sonracha nó eisceachtúla a chur san áireamh, amhail príobháidithe, leibhéal eisceachtúil de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát i gclárthréimhse 2007-2013 agus forbairt ar tháscairí infheistíochta poiblí eile. Ina theannta sin, déanfaidh siad athruithe sna leithdháiltí náisiúnta ó na Cistí a chur san áireamh, i gcomparáid leis na blianta 2007-2013.

4.  Ní dhéanfar fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil ar feadh na tréimhse ach amháin sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha 15 % ar a laghad den daonra iomlán.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha 65 % ar a laghad den daonra.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal réigiúnach sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 65 % den daonra iomlán. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit sin faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an gcaiteachas sna réigiúin bheagfhorbartha ag gach céim den phróiseas fíorúcháin.

5.  Déanfar an fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil an tráth a chuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta isteach ("fíorú ex ante"), in 2018 ("fíorú meántéarma"), agus in 2022 ("fíorú ex post").

Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fíorú na breisíochta leagtha amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn X.

6.  Má shuíonn an Coimisiún i bhfíorú ex post nach ndearna Ballstát an leibhéal tagartha de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post arna leagan amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus faoi mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn X a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún, maidir le méid na neamhchomhlíonachta, ceartú airgeadais a dhéanamh trí chinneadh a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart ceartú airgeadais a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ar athraigh staid eacnamaíoch an Bhallstáit go suntasach i ndiaidh an fhíoraithe mheántéarma. Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rátaí ceartaithe airgeadais leagtha amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X.

7.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.



TEIDEAL II

CLÁREAGRÚ



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 96

Inneachar, glacadh agus leasú clár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.  Is aiseanna tosaíochta atá i gclár oibríochtúil. Bainfidh ais tosaíochta le haon Chiste amháin agus le haon chatagóir réigiún amháin, seachas i gcás an Chiste Chomhtháthaithe agus comhfhreagróidh sí, gan dochar d'Airteagal 59, do chuspóir téamach agus beidh tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin inti, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. I gcás inarb iomchuí agus chun a tionchar agus a héifeachtúlacht a mhéadú trí chur chuige comhtháite atá comhleanúnach go téamach, féadfaidh ais tosaíochta:

(a) a bheith bainteach le níos mó ná catagóir réigiúin amháin;

(b) ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí comhlántacha infheistíochta de chuid CFRE, de chuid an Chiste Chomhtháthaithe agus de chuid CSE a chomhcheangal faoi chuspóir téamach amháin;

(c) i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tosaíocht infheistíochta chomhlántach amháin nó níos mó as na cuspóirí téamacha éagsúla a chomhcheangal chun rannchuidiú uasta leis an ais tosaíochta sin a bhaint amach;

(d) i gcás CSE tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha éagsúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10) agus (11) den chéad mhír d'Airteagal 9 a chomhcheangal chun gur fusa dóibh rannchuidiú le haiseanna tosaíochta eile agus d'fhonn nuálaíocht shóisialta agus thrasnáisiúnta a chur chun feidhme.

Féadfaidh Ballstáit aon dhá cheann nó níos mó de phointe (a) go pointe (d) a chomhcheangal.

2.  Rannchuideoidh clár oibríochtúil le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach agus leagfar amach sa chlár:

(a) dlisteanú ar rogha na gcuspóirí téamacha, ar rogha na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha, agus ar rogha na leithdháiltí airgeadais, ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta, bunaithe ar riachtanais réigiúnacha, agus, i gcás inarb iomchuí, ar riachtanais ar an leibhéal náisiúnta a shainaithint lena n-áirítear an gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus leis na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus an mheastóireacht ex ante i gcomhréir le hAirteagal 55 á cur san áireamh.

(b) maidir le gach ais tosaíochta seachas cúnamh teicniúil:

(i) na tosaíochtaí infheistíochta agus na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ comhfhreagracha;

(ii) chun neart a chur le treoshuíomh thorthaí an chláreagraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ agus na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice acu agus i gcás inarb iomchuí iad cainníochtaithe, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha;

(iii) tuairisc ar chineál agus ar shamplaí gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu faoi gach tosaíocht infheistíochta agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear na prionsabail atá mar threoraíocht agus oibríochtaí á roghnú agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocghrúpaí príomha, críocha sonracha ar díríodh orthu, cineálacha na dtairbhithe, úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais agus mórthionscadal a shainaithint;

(iv) na táscairí aschuir, lena n-áirítear an luach sprice cainníochtaithe, a mheastar a chuirfidh leis na torthaí, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, i gcomhair gach tosaíochta infheistíochta;

(v) céimeanna cur chun feidhme agus táscairí airgeadais agus aschuir, agus i gcás inarb iomchuí, táscairí toraidh, a shainaithint le bheith ina ngarspriocanna agus ina spriocanna don chreat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) agus le hIarscríbhinn II;

(vi) na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a ghlacfaidh an Coimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá cláraithe;

(vii) i gcás inarb iomchuí, achoimre ar úsáid bheartaithe cúnaimh theicniúil lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun acmhainn riaracháin na n-údarás a bhfuil baint acu le bainistiú agus le rialú na gclár agus na dtairbhithe a atreisiú;

(c) maidir le gach ais tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil:

(i)  ►C1  cuspóirí sonracha ◄ :

(ii) na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó gach ►C1  cuspóir sonrach ◄ agus, i gcás ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo ag féachaint d'ábhar na ngníomhaíochtaí, na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí, le luach bonnlíne agus luach sprice, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha;

(iii) tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na ►C1  cuspóirí sonracha ◄ dá dtagraítear i bpointe (i);

(iv) na táscairí aschuir a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí;

(v) na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún,agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá cláraithe.

Ní bheidh feidhm ag pointe (ii) sa chás nach sáróidh rannchuidiú an Aontais chuig an ais tosaíochta nó chuig na haiseanna tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil i gclár oibríochtúil EUR 15 000 000 .

(d) plean maoinithe ina mbeidh na táblaí seo a leanas:

(i) táblaí ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagal 60, Airteagal 120 agus le hAirteagal 121, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó gach Ciste ar leith, ina sainaithneofar na méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta;

(ii) táblaí ina saineofar, le haghaidh na clárthréimhse ar fad, maidir leis an gclár oibríochtúil agus maidir le gach ais tosaíochta, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó gach ceann de na Cistí agus ón gcómhaoiniú náisiúnta, ina sainaithneofar na méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta. I gcás na n-aiseanna tosaíochta a bhaineann le roinnt catagóirí réigiún, saineofar sna táblaí méid an leithreasaithe airgeadais iomláin ó na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach catagóire réigiún.

Maidir le haiseanna tosaíochta lena gcomhcheanglaítear tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha difriúla, saineofar sa tábla méid an leithreasaithe airgeadais iomláin ó gach ceann de na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach ceann de na cuspóirí téamacha comhfhreagracha.

Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus na comhpháirteanna príobháideacha. Déanfar an rannpháirtíocht atá beartaithe ó BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise;

(e) liosta de na mórthionscadail a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme le linn na clárthréimhse.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an ainmníocht dá dtagraítear i bpointe (b)(vi) agus i bpointe (c)(v) den chéad fhomhír. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

3.  Agus a inneachar agus cuspóirí á gcur san áireamh, déanfar tuairisc i gclár oibríochtúil ar an gcur chuige comhtháite i ndáil le forbairt críche, ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta, agus an tslí ina gcuireann an clár oibríochtúil sin le baint amach a chuspóirí agus a thorthaí a bhfuiltear ag súil leo á léiriú, agus an méid seo a leanas á shonrú, i gcás inarb iomchuí:

(a) an cur chuige i leith ionstraimí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a úsáid agus na prionsabail chun na limistéir ina gcuirfear chun feidhme í a shainaithint;

►C1  (b) méid táscach na tacaíochta ó CFRE do ghníomhaíochtaí comhtháite ar mhaithe leis an bhforbairt uirbeach inbhuananaithe, atá le cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán CFRE ◄ agus leithdháileadh táscach thacaíocht CSE do ghníomhaíochtaí comhtháite;

(c) an cur chuige i leith úsáid ionstraim ICC i gcásanna seachas cásanna a chlúdaítear le pointe (b), agus an leithdháileadh airgeadais táscach a bheadh ag gabháil dóibh ó gach ais tosaíochta;

(d) na socruithe maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta, laistigh de na cláir oibríochtúla, le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad;

(e) i gcás ina mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha nó i straitéisí imchuach farraige, rannchuidiú na n-idirghabhálacha beartaithe faoin gclár chuig straitéisí den sórt sin, faoi réir riachtanais limistéar an chláir de réir mar atá sé sainaitheanta ag an mBallstát.

4.  Ina theannta sin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú sa chlár oibríochtúil:

(a) i gcás inarb iomchuí, a shainaithint an dtugtar, nó conas a thugtar, aghaidh ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó ar na spriocghrúpaí a mbaineann an baol is mó maidir le hidirdhealú nó maidir le heisiamh sóisialta leo, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe agus ar dhaoine faoi mhíchumas, agus, i gcás inarb ábhartha, a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta;

(b) i gcás inarb iomchuí, a shainaithint an dtugtar, nó conas a thugtar, aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, amhail dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE agus a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta chuige sin.

5.  Leis an gclár comhair, déanfar an méid seo a leanas a shainaithint:

(a) an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, i gcás inarb iomchuí, agus an t-údarás iniúchóireachta;

(b) an comhlacht lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún;

(c) na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir oibríochtúil, agus ról na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

6.  Leagfar amach an méid seo a leanas freisin sa chlár oibríochtúil, ag féachaint d'inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus creat institiúideach agus dlí na mBallstat á chur san áireamh:

(a) na sásraí lena n-áirithítear comhordú idir na Cistí, CETFT, CEMI agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus na forálacha ábhartha a leagtar síos in CS á gcur san áireamh ag BEI.

(b) maidir le gach coinníollacht ex ante, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hIarscríbhinn XI, atá infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil, measúnú i dtaobh an mbeidh an choinníollacht ex ante comhlíonta ar an dáta a chuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár oibríochtúil isteach, agus i gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex ante comhlíonta tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh, na comhlachtaí atá freagrach agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis an achoimre a bheidh curtha isteach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta;

(c) achoimre den mheasúnú ar an ualach riaracháin le haghaidh tairbhithe agus, i gcás inar gá sin, na gníomhaíochtaí arna mbeartú, a mbeidh creat ama táscach ag gabháil leo, chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

7.  Gach clár oibríochtúil, ach amháin na cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár oibríochtúil sonrach, áireofar leis tuairisc ar an méid seo a leanas, faoi réir mheasúnú cuí-réasúnaithe an Bhallstáit ar a ábhartha atá siad d'ábhar agus do chuspóirí na gclár:

(a) na gníomhaíochtaí sonracha trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosanta comhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide;

(b) na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar inscne, ar chine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc agus an clár oibríochtúil á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealú den chineál sin agus go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(c) an méid a rannchuidíonn an clár oibríochtúil le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, i gcás inarb iomchuí, ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus ar leibhéal na hoibríochta.

Féadfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

8.  I gcás ina n-ullmhaíonn Ballstát clár oibríochtúil amháin ar a mhéad do gach Ciste, ní fhéadfar na gnéithe den chlár oibríochtúil a thagann faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointe (a), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) de mhír 3, faoi mhír 4 agus faoi mhír 6 a ionchorprú ach amháin faoi fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

9.  Ullmhófar an clár oibríochtúil i gcomhréir le samhail. Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an tsamhail sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

10.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe uile an chláir oibríochtúil (lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo) a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointe (b)(vi), faoi phointe (c)(v) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhír 4 agus faoi mhír 5, faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) de mhír 6 agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.

11.  Cuirfidh an t-údarás bainistíochta aon chinneadh lena leasófar gnéithe den chlár oibríochtúil nach gcumhdófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 10, in iúl don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin. Sonrófar sa chinneadh leasaitheach an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta sin níos túisce ná an dáta a nglacfar an cinneadh.

Airteagal 97

Forálacha sonracha maidir le cláreagrú na tacaíochta do na hionstraimí comhpháirteacha i leith ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus urrúsú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

I gcomhréir le hAirteagal 28, ní áireofar sna cláir oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) ach amháin na gnéithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i), (ii) agus (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 96(2), i bpointe (d) d'Airteagal 96(2), in Airteagal 96(5) agus i bpointe (b) d'Airteagal 96(6).

Airteagal 98

Tacaíocht chomhpháirteach ó na Cistí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.  Féadfaidh na Cistí tacaíocht a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

2.  Maidir le cuid d'oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe do thacaíocht ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh CFRE agus CSE í a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 10 % de chistiú ón Aontas maidir le gach ais tosaíochta de chlár oibríochtúil, ar choinníoll go bhfuil costais den sórt sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme go sásúil agus go bhfuil baint dhíreach acu léi.

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 nó ag mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 99

Raon feidhme geografach na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt idir an Coimisiún agus an Ballstát, déanfar cláir oibríochtúla maidir le CFRE agus le CSE a tharraingt suas ar an leibhéal geografach iomchuí agus ar leibhéal NUTS 2 ar a laghad, i gcomhréir le creat institiúideach agus dlí an Bhallstáit.

Déanfar cláir oibríochtúla a bhfuil tacaíocht acu ón gCiste Comhtháthaithe a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta.



CAIBIDIL II

Mórthionscadail

Airteagal 100

Ábhar

Mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla, atá faoi réir cinnidh ón gCoimisiún faoi Airteagal 96(10) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 8(12) de Rialachán CCE, féadfar tacaíocht a fháil ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i leith oibríochta lena chuimsítear sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí a bhfuil sé i gceist léi cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas iomlán incháilithe ná EUR 50 000 000 agus i gcás oibríochtaí a chuireann leis an gcuspóir téamach faoi phointe (7) den chéad mhír d'Airteagal 9 i gcás gur mó a gcostas iomlán incháilithe ná EUR 75 000 000 (an 'mórthionscadal'). Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais.

Airteagal 101

An fhaisnéis a bhfuil gá léi le go ndéanfar mórthionscadail a fhormheas

Sula ndéanfar mórthionscadal a fhormheas, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a) na sonraí a bhaineann leis an gcomhlacht a bheidh freagrach as cur chun feidhme an mhórthionscadail, agus a acmhainní;

(b) tuairisc ar an infheistíocht agus ar a suíomh;

(c) an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán, ag féachaint do cheanglais Airteagal 61;

(d) na staidéir indéantachta a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar na roghanna, agus na torthaí;

(e) anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca;

(f) anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh;

(g) míniú maidir leis an tslí ina bhfuil an mórthionscadal comhsheasmhach leis na haiseanna tosaíochta ábhartha an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, agus a mhéid a mheastar a chuirfidh sin le gnóthú ►C1  chuspóirí sonracha ◄ na n-aiseanna tosaíochta sin agus an rannchuidiú ionchasach don fhorbairt shocheacnamaíoch;

(h) an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní airgeadais iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí, ó BEI, agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(i) an tráthchlár do chur chun feidhme an mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun feidhme níos faide ná an chlárthréimhse, na céimeanna a n-iarrtar tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith na clárthréimhse.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht atá le húsáid bunaithe ar na cleachtais aitheanta is fearr chun an anailís chostais is tairbhe dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír a dhéanamh, Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha a mbeidh tacaíocht theicniúil ón gCoimisiún acu measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis i bpointí (a) go (i) den chéad mhír, nó i gcomhaontú leis an gCoimisiún, saineolaithe neamhspleácha eile ("an t-athbhreithniú ar cháilíocht"). I gcásanna eile, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (a) go (i) den chéad mhír faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe a bheidh sí ar fáil.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos an mhodheolaíocht a bheidh le húsáid chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar cháilíocht mórthionscadail.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an leagan amach le haghaidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) go (i) den chéad mhír a chur faoina bhráid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 102

Cinneadh maidir le mórthionscadal

1.  I gcás ina dtugann na saineolaithe neamhspleácha a rinne athbhreithniú cáilíochta ar mhórthionscadal, ar bhonn a measúnaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 101, breithmheas dearfach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul ar aghaidh leis an mórthionscadal a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 125(3). Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoin mórthionscadal a roghnófar. Beidh na gnéithe seo a leanas san fhógra sin:

(a) an doiciméad dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 125(3) ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i) an comhlacht a bheidh freagrach as an mórthionscadal a chur chun feidhme;

(ii) tuairisc ar an infheistíocht, ar a suíomh, ar an gclár ama agus ar an méid a mheastar a chuirfidh an mórthionscadal le ►C1  cuspóirí sonracha ◄ na haise nó na n-aiseanna tosaíochta ábhartha;

(iii) an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 á gcur san áireamh;

(iv) an plean maoinithe agus na táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(b) an t-athbhreithniú ar cháilíocht arna dhéanamh ag na saineolaithe neamhspleácha, lena gcuirtear ráitis shoiléire ar fáil maidir le féidearthacht na hinfheistíochta agus le hinmharthanacht eacnamaíoch an mhórthionscadail.

Measfar go mbeidh an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal a roghnóidh an Ballstát formheasta ag an gCoimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, mura ndéanfar cinneadh diúltú don mhórthionscadal laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ní dhiúltóidh an Coimisiún do ranníocaíocht airgeadais ach amháin má tá laige shuntasach suite aige maidir leis an athbhreithniú neamhspleách ar cháilíocht.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an leagan amach le haghaidh an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

2.  I gcásanna eile seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 101 d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 125(3), an bhfuil údar maith ag an ranníocaíocht airgeadais iarrtha don mhórthionscadal a bheidh roghnaithe ag an údarás bainistíochta. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe a fhormheas, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a gcuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 101.

3.  Beidh an formheas a dhéanfaidh an Coimisiún faoin dara fomhír de mhír (1) agus faoi mhír (2) coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith tugtha i gcrích, nó, i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi struchtúir chomhpháirtíochta príobháidí poiblí (CPP), ar shíniú an chomhaontaithe CPP idir an comhlacht poiblí agus an comhlacht san earnáil phríobháideach laistigh de thrí bliana ó dháta an fhormheasa. Arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe don Bhallstát, go háirithe i gcás moilleanna a eascraíonn as imeachtaí riaracháin agus dlíthiúla a bhaineann le cur chun feidhme mórthionscadal, agus ar an iarratas sin a chur isteach laistigh de thréimhse trí bliana, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, maidir le síneadh nach faide ná dhá bhliain a chur leis an tréimhse.

4.  I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis an diúltú in iúl sa chinneadh a thugann sé.

5.  Áireofar ar liosta na mórthionscadal a bheidh i gclár oibríochtúil na mórthionscadail a mbeidh fógra curtha chuig an gCoimisiún fúthu faoi mhír 1 nó na mórthionscadail a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh a bhformheasa faoi mhír 2.

►C1  6.  Féadfar caiteachas a bhaineann le mórthionscadal a áireamh in iarratas ar íocaíocht tar éis chur isteach an fhógra dá dtagraítear i mír 1 ◄ nó tar éis chur isteach na haighneachta um fhormheas dá dtagraítear i mír 2. Sa chás nach bhformheasann an Coimisiún an mórthionscadal a roghnóidh an t-údarás bainistíochta, déanfar an dearbhú caiteachais a cheartú dá réir tar éis chinneadh an Choimisiúin a ghlacadh.

Airteagal 103

Cinneadh maidir le mórthionscadal atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe

1.  De mhaolú ar an tríú fomhír d'Airteagal 101(1) agus Airteagal 102, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo maidir le hoibríocht lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) is é atá i gceist leis an oibríocht an dara céim de mhórthionscadal nó an chéim ina dhiaidh sin faoin gclárthréimhse roimhe sin ar údaraíodh an chéim nó na céimeanna roimhe sin ina leith ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 de bhun Rialacháin (CE) Uimh 1083/2006; nó i gcás Ballstát a d'aontaigh don Aontas tar éis an 1 Eanáir 2013, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016;

(b) is mó suim na gcostas iomlán i dtaca le céimeanna uile an mhórthionscadail ná na leibhéil faoi seach a leagtar amach in Airteagal 100;

(c) cumhdaíodh na céimeanna beartaithe go léir san iarratas mórthionscadail agus sa mheasúnú a rinne an Coimisiún faoin gclárthréimhse roimhe seo;

(d) níl aon athruithe substaintiúla san fhianaise dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 101 den Rialachán seo le haghaidh an mhórthionscadail i gcomparáid leis an bhfianaise a thugtar le haghaidh an iarratais mhórthionscadail a cuireadh isteach faoi Rialachán (EC) Uimh 1083/2006, go háirithe maidir leis an gcostas inhcáilithe iomlán.

(e) tá nó beidh an chéim den mhórthionscadal a chuirfear chun feidhme faoin gclárthréimhse roimhe seo ullamh le húsáid chun na gcríoch a ceapadh dó mar a shonraítear sa chinneadh ón gCoimisiún faoin spriocdháta atá socraithe leis na doiciméid i leith dúnadh a thíolacadh le haghaidh an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil lena mbaineann.

2.  Féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul ar aghaidh agus an mórthionscadal a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 125(3) agus an fógra a thíolacadh ina bhfuil na heilimintí go léir a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 102(1) in éineacht lena dheimhniú go gcomhlíontar an coinníoll faoi phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo. Ní éileofar aon athbhreithniú cáilíochta ar an bhfianaise ó shaineolaithe neamhspleácha.

3.  Measfar go mbeidh an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal a roghnóidh an t-údarás bainistíochta formheasta ag an gCoimisiún, mura ndéanfar cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, diúltú don mhórthionscadal laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 2. Diúltóidh an Coimisiún don ranníocaíocht airgeadais ar an mbonn amháin go bhfuil athruithe substaintiúla san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 nó ar an mbonn nach bhfuil an mórthionscadal ag teacht leis an ais tosaíochta ábhartha den chlár oibríochtúil nó de na cláir oibríochtúla lena mbaineann.

4.  Beidh feidhm ag Airteagal 102(3) go (6) maidir le cinntí maidir le mórthionscadal atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe.



CAIBIDIL III

Comhphlean gníomhaíochta

Airteagal 104

Raon feidhme

1.  Is éard is comhphlean gníomhaíochta ann oibríocht ar sainithe agus ar bainistithe a raon feidhme i ndáil leis an aschur agus na torthaí atá le baint amach. Tá tionscadal nó grúpa tionscadal ann, nach mbaineann le bonneagar a sholáthar, agus cuirtear i gcrích iad faoi fhreagracht an tairbhí, mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla. Déanfaidh Ballstát agus an Coimisiún aschur agus torthaí comhphlean gníomhaíochta a chomhaontú agus rannchuideoidh siad chun ►C1  cuspóirí sonracha ◄ na gclár oibríochtúil a bhaint amach agus beidh siad mar bhonn leis an tacaíocht ó na Cistí. Déanfar tagairt d'éifeachtaí díreacha an chomhphlean gníomhaíochta sna torthaí. Beidh tairbhí an chomhphlean gníomhaíochta ina chomhlacht dlí phoiblí. Ní mheasfar gur mórthionscadail iad comhphleananna gníomhaíochta.

2.  Beidh EUR 10 000 000 ar a laghad sa chaiteachas poiblí arna leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, cibé acu is lú. Chun críche treoirthionscadal a ghabháil ar láimh, féadfar an t-íoschaiteachas poiblí a leithdháilfear ar chomhphlean gníomhaíochta amháin do gach clár oibríochtúil a laghdú go dtí EUR 5 000 000 .

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi TFAO.

Airteagal 105

Comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú

1.  Féadfaidh an Ballstát, an t-údarás bainistíochta nó comhlacht dlí phoiblí ainmnithe ar bith togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a chur isteach an tráth céanna a chuirtear na cláir oibríochtúla lena mbaineann isteach nó ina dhiaidh sin. Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear in Airteagal 106 ar áireamh sa togra sin.

2.  Cumhdóidh plean gníomhaíochta compháirtí cuid den tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023. Ní bhfaighfear aisíocaíocht de thoradh aschuir agus torthaí comhphlean gníomhaíochta ach amháin má bhaintear amach iad tar éis dháta an chinnidh formheasa maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 107 agus roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme a shainítear sa chinneadh sin.

Airteagal 106

Inneachar comhphleananna gníomhaíochta

Beidh an méid seo a leanas i gcomhphlean gníomhaíochta:

(1) anailís ar riachtanais forbartha agus ar chuspóirí lena dtugtar údar maith leis, agus cuirfear san áireamh cuspóirí na gclár oibríochtúil agus, i gcás inarb iomchuí, na moltaí tír-shonracha ábhartha agus mhórthreoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais faoi Airteagal 121(2) CFAE agus moltaí ábhartha na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta faoi Airteagal 148(4) CFAE;

(2) an creat ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh idir cuspóirí ginearálta agus ►C1  cuspóirí sonracha ◄ an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna maidir le haschur agus torthaí, agus na tionscadail nó na cineálacha tionscadal atá beartaithe;

(3) na táscairí coiteanna agus na táscairí sonracha arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí, i gcás inarb ábhartha, de réir aise tosaíochta;

(4) faisnéis faoina chuimsiú geografach agus faoina spriocghrúpaí;

(5) a thréimhse cur chun feidhme measta;

(6) anailís ar a éifeachtaí ar chur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar chosc ar idirdhealú;

(7) anailís ar a éifeachtaí ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, i gcás inarb iomchuí;

(8) a fhorálacha cur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) ainmniú an tairbhí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta, agus ráthaíochtaí á thabhairt ar a inniúlacht sa réimse lena mbaineann chomh maith lena acmhainní riaracháin agus bainistíochta airgeadais;

(b) na socruithe chun an comhphlean gníomhaíochta a stiúradh, i gcomhréir le hAirteagal 108;

(c) na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta, lena n-áirítear socruithe lena ndeimhnítear cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí a bhaint amach;

(d) na socruithe lena n-áirithítear go scaipfear faisnéis agus ábhar cumarsáide maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta agus maidir leis na Cistí;

(9) a shocruithe airgeadais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

►C1  (a) na costais a bheidh i gceist chun na garspriocanna agus na spriocanna do na haschuir agus do na torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2) ◄ , bunaithe ar na modhanna a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán seo agus in Airteagal 14 de Rialachán CSE;

(b) sceideal táscach na n-íocaíochtaí leis an tairbhí atá nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna;

(c) an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúil, aise tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe agus méid an chaiteachais phoiblí.

Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos formáid na samhla le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 107

Cinneadh maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta

1.  Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an gcomhphlean gníomhaíochta ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 106 d'fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht ó na Cistí.

I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a bheith curtha isteach, nach gcomhlíonann sé riachtanais an bhreithmheasa dá dtagraítear in Airteagal 104, tabharfaidh sé barúlacha don Bhallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá arna hiarraidh ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an comhphlean gníomhaíochta dá réir sin.

2.  Ar choinníoll gur cuireadh aon bharúlacha san áireamh go leormhaith, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, lena formheasfar an comhphlean gníomhaíochta tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ach i ndiaidh na cláir oibríochtúla lena mbaineann a bheith glactha.

▼C1

3.  Déanfar tairbhí agus cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus torthaí, na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna sin agus na spriocanna sin do na haschuir agus do na torthaí a bhaint amach, agus an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúil agus aise tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe agus méid chaiteachas an phobail, tréimhse cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, cuimsiú geografach agus spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2.

▼B

4.  I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, tacaíocht ó na Cistí a cheadú le leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2.

Airteagal 108

Coiste stiúrtha agus leasú ar an gcomhphlean gníomhaíochta

1.  Bunóidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta coiste stiúrtha le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta, a bheidh ina choiste ar leithligh ó choiste faireacháin na gclár oibríochtúil. Tiocfaidh an coiste stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus déanfaidh sé tuarascáil don údarás bainistíochta. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an Coiste Faireacháin ábhartha ar an eolas maidir le torthaí a rinne an Coiste Stiúrtha agus maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur i bhfeidhm an chomhphlean gníomhaíochta i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 110(1) agus le pointe (a) d'Airteagal 125(2).

Socróidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste stiúrtha i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta ábhartha agus tabharfar aird ar phrionsabal na comhpháirtíochta.

Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, i gcáil comhairleora, in obair an choiste stiúrtha.

2.  Déanfaidh an coiste stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí an chomhphlean gníomhaíochta a bhaint amach;

(b) togra ar bith chun leasú a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta a mheas agus, i gcás inarb iomchuí, a fhormheas d'fhonn aon saincheisteanna a dhéanfaidh difear dá fheidhmíocht a chur san áireamh.

3.  Déanfar iarrataí ar chomhphleananna gníomhaíochta a leasú, arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag Ballstát, a chuí-réasúnú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil údar maith leis an iarraidh ar leasú, agus cuirfidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, maidir le hiarraidh ar leasú tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát í a chur faoina bhráid, ar choinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ó dháta an chinnidh, mura bhfuil a mhalairt leagtha amach sa chinneadh.

Airteagal 109

Bainistíocht airgeadais agus rialú an chomhphlean gníomhaíochta

1.  Déanfar íocaíochtaí le tairbhí comhphlean gníomhaíochta a láimhseáil mar chnapshuimeanna nó mar scálaí caighdeánacha de chostais aonaid. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn le haghaidh cnapshuimeanna atá leagtha amach i bpointe (c) d'Airteagal 67(1).

2.  Beidh bainistíocht airgeadais, rialú agus iniúchadh an chomhphlean gníomhaíochta dírithe go heisiach ar fhíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí atá sainithe sa chinneadh lena bhformheastar an comhphlean gníomhaíochta comhlíonta.

3.  Féadfaidh tairbhí an chomhphlean gníomhaíochta agus na comhlachtaí atá faoina fhreagracht a gcleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm maidir le costais na n-oibríochtaí cur chun feidhme. Ní bheidh na cleachtais chuntasaíochta sin ná na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí faoi réir a n-inúchta ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.



TEIDEAL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID



CAIBIDIL I

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 110

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.  Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe:

(a) aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir oibríochtúil;

(b) an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(c) cur chun feidhme na straitéise cumarsáide;

(d) cur chun feidhme mórthionscadal;

(e) cur chun feidhme comhphleananna gníomhaíochta;

(f) gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna, agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(g) gníomhaíochtaí chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(h) i gcás na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme nach mbeidh comhlíonta ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár oibríochtúil a thíolacadh, dul chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí chun na coinníollachtaí ex ante is infheidhme a chomhlíonadh.

(i) ionstraimí airgeadais.

2.  De mhaolú ar Airteagal 49(3), déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas:

(a) an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú;

(b) na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme;

(c) an plean meastóireachta don chlár oibríochtúil agus aon leasú ar an bplean sin, lena n-áirítear nuair is cuid de chomhphlean meastóireachta é aon cheann díobh de bhun Airteagal 114(1);

(d) an straitéis cumarsáide le haghaidh an chláir oibríochtúil agus leasú ar bith ar an straitéis;

(e) togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le leasú ar bith ar an gclár oibríochtúil.

Airteagal 111

Tuarascálacha ar chur chun feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.  Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna de gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2023, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 50(1). Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.

2.  Maidir leis na tuarascálacha a dhéanfar a thíolacadh in 2017 agus in 2019, is é an 30 Meitheamh a bheidh mar an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1.

3.  Leagfar amach faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme:

(a) cur chun feidhme an chláir oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 50(2);

(b) dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

4.  Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, leagfar amach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 50(4) agus (5) faoi seach agus an fhaisnéis a leagtar amach i mír 3den Airteagal seo i dteannta na faisnéise seo a leanas:

(a) an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta a chur chun feidhme agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí;

(b) torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta maidir leis na Cistí a dtugtar fúthu faoin straitéis cumarsáide;

(c) rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht an chláir oibríochtúil.

Féadfaidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, ag brath ar ábhar agus ar chuspóirí clár oibríochtúil, faisnéis a leagan amach agus measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a) an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n-áirítear forbairt réigiún a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus ar bhaic bhuana nó nádúrtha, forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin gclár oibríochtúil;

(b) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme d'fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus thairbhithe na mBallstát na Cistí a riar agus a úsáid;

(c) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta ar bith a chur chun feidhme;

(d) i gcás inarb iomchuí, an rannchuidiú le straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha farraige;

(e) na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc, go háirithe inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe arna gcur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú sa chlár oibríochtúil agus in oibríochtaí;

(f) gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 8;

(g) an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na nuálaíochta sóisialta, i gcás inarb iomchuí;

(h) an dul chun cinn i gcur chun feidhme na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a ndéanann an bhochtaineacht difear dóibh nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol bochtaineachta, idirdhealaithe nó eisiaimh shóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe agus ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na hacmhainní airgeadais a úsáidtear.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an tuarascáil ar dhul chun cinn, ►C1  féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná clár oibríochtúil amháin acu in aghaidh an Chiste an fhaisnéis maidir leis na coinníolachtaí ex ante dá dtagraítear in Airteagal 50(4), an fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 50(5) ◄ agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sa tuarascáil ar dhul chun cinn in ionad na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019 faoi seach agus an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme faoi seach, gan dochar do phointe (b) d'Airteagal 110(2).

5.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na samhlacha do na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 112

Sonraí airgeadais a tharchur

1.  Faoin 31 Eanáir, faoin 31 Iúil agus faoin 31 Deireadh Fómhair, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin, le haghaidh gach cláir oibríochtúil agus de réir aise tosaíochta:

(a) costas poiblí iomlán agus costas poiblí incháilithe na n-oibríochtaí agus líon na n-oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíochta;

(b) an caiteachas iomlán incháilithe arna dhearbhú ag tairbhithe don údarás bainistíochta.

2.  Ina theannta sin, beidh na sonraí thuasluaite, agus iad miondealaithe de réir catagóire idirghabhála, ar áireamh sa tarchur a dhéanfar faoin 31 Eanáir. Measfar go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le sonraí airgeadais a thíolacadh, dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leis an tarchur sin.

3.  Beidh ag gabháil leis na tarchuir a dhéanfar faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil réamh-mheastachán ar an méid a mbeidh sé beartaithe ag Ballstáit iarratais ar íocaíocht a chur isteach ina leith, le haghaidh na bliana airgeadais reatha agus na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

4.  Is é deireadh na míosa roimh an mí ina gcuirtear isteach na sonraí an spriocdháta le haghaidh na sonraí arna gcur isteach faoin Airteagal seo.

5.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid agus na sonraí airgeadais á gcur faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha faireacháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 113

Tuarascáil faoin gComhtháthú

Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 175 CFAE:

(a) taifead ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n-áirítear an staid shocheacnamaíoch agus forbairt na réigiún, chomh maith le comhtháthú thosaíochtaí an Aontais;

(b) taifead ar ról na gCistí, chistiú BEI agus na n-ionstraimí eile, mar aon leis an tionchar a bhí ag beartais eile an Aontais agus ag beartais náisiúnta eile, ar an dul chun cinn atá déanta.

(c) i gcás inarb iomchuí tásc ar na bearta agus ar na beartais a bheidh ann amach anseo de chuid an Aontais a bheidh riachtanach chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, chomh maith le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach.

Airteagal 114

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta nó Ballstát plean meastóireachta a tharraingt suas le haghaidh cláir oibríochtúil amháin nó níos mó. Cuirfear an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis ghlacadh an chláir.

2.  Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh na húdaráis bhainistíochta tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, le haghaidh gach cláir, agus tabharfar achoimre sa tuarascáil sin ar thorthaí na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na clárthréimhse, agus ina mbeidh príomhaschuir agus príomhthorthaí an chláir, ag tabhairt barúlacha ar an bhfaisnéis atá á tuairisciú.

3.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ex post i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta.

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir leis na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4).



CAIBIDIL II

Faisnéis agus cumarsáid

Airteagal 115

Faisnéis agus cumarsáid

1.  Beidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta freagrach as an méid seo a leanas:

(a) straitéisí cumarsáide a tharraingt suas;

(b) a áirithiú go mbunófar láithreán Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar gach clár oibríochtúil sa Bhallstát sin, lena n-áirítear faisnéis faoi uainiú chur chun feidhme an chláreagraithe agus aon phróiseas gaolmhar comhairliúcháin phoiblí;

(c) tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistithe faoi chláir oibríochtúla;

(d) ról agus éachtaí an bheartais chomhtháthaithe agus na gCistí a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gComhaontuithe Comhpháirtíochta, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí.

2.  D'fhonn trédhearcacht a áirithiú maidir le tacaíocht ó na Cistí, coinneoidh Ballstáit nó údaráis bhainistíochta liosta oibríochtaí de réir cláir oibríochtúla agus de réir Ciste, i bhformáid scarbhileoige sonraí, lena bhféadfar na sonraí a shortáil, a chuardach, a bhaint amach, a chur i gcomparáid agus a phoibliú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML. Beifear in ann rochtain a fháil ar an liosta d'oibríochtaí tríd an suíomh gréasáin aonair nó trí thairseach an tsuímh ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre de na cláir oibríochtúla go léir sa Bhallstát sin.

D'fhonn an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta nó riarachán poiblí náisiúnta a spreagadh chun an liosta d'oibríochtaí a úsáid ina dhiaidh sin, féadfaidh an suíomh gréasáin na rialacha is infheidhme maidir le ceadúnú faoina bhfoilsítear na sonraí a léiriú.

Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach sé mhí ar a laghad.

Tá an fhaisnéis íosta atá le tabhairt sa liosta oibríochtaí leagtha síos in Iarscríbhinn XII.

3.  Tá rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta faisnéise agus cumarsáide don phobal agus maidir leis na bearta faisnéise d'iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in Iarscríbhinn XII.

4.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na hoibríochta agus treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na dathanna caighdeánacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 116

Straitéis cumarsáide

1  Déanfaidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta straitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar comhstraitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh roinnt clár oibríochtúil. Leis an straitéis cumarsáide cuirfear méid an chláir oibríochtúil lena mbaineann nó méid na gclár oibríochtúil lena mbaineann san áireamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Áireofar sa straitéis cumarsáide na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

2.  Cuirfear an straitéis cumarsáide faoi bhráid an choiste faireacháin lena formheas i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 110(2) tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis ghlacadh an chláir oibríochtúil lena mbaineann nó na gclár oibríochtúil lena mbaineann.

I gcás ina dtarraingeofar comhstraitéis cumarsáide suas le haghaidh roinnt clár oibríochtúil agus go mbainfidh sí le roinnt coistí faireacháin, féadfaidh an Ballstát coiste faireacháin amháin a ainmniú a mbeidh an fhreagracht uirthi, i gcomhairliúchán leis na coistí faireacháin ábhartha eile, an chomhstraitéis cumarsáide a fhormheas agus aon leasuithe a dhéanfar ar an straitéis sin ina dhiaidh sin a fhormheas.

I gcás inar gá, féadfaidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta leasú a dhéanamh ar an straitéis cumarsáide i rith na clárthréimhse. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an straitéis cumarsáide leasaithe faoi bhráid an choiste faireacháin le go bhformheasfar í i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 110(2).

3.  De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 2, déanfaidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 100(1), an coiste faireacháin atá freagrach nó na coistí faireacháin atá freagrach a chur ar an eolas uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 110(1) agus faoina anailís ar na torthaí agus faoi na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bheartaítear a chur i gcrích an bhliain dar gcionn. Déanfaidh an coiste faireacháin, má mheasann sé gurb iomchuí é sin a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh faoi na gníomhaíochtaí beartaithe don bhliain dar gcionn.

Airteagal 117

Oifigigh faisnéise agus chumarsáide agus a líonraí

1.  Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach faisnéise agus cumarsáide chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le Ciste amháin nó níos mó, lena n-áirítear cláir ábhartha faoi sprioc an chláir chríochaigh Eorpaigh, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

2.  Beidh an t-oifigeach faisnéise agus cumarsáide freagrach as an líonra náisiúnta de chumarsáidithe Cistí a chomhordú, más ann don líonra sin, cruthú agus cothabháil an láithreáin Ghréasáin nó na tairsí láithreáin Ghréasáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn XII agus as forbhreathnú a sholáthar ar na bearta cumarsáide a dhéanfar ar leibhéal an Bhallstáit.

3.  Ainmneoidh gach údarás bainistíochta duine amháin a bheidh freagrach as faisnéis agus cumarsáid ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na daoine ainmnithe sin. I gcás inarb iomchuí, féadfar duine amháin a ainmniú le haghaidh roinnt clár oibríochtúil éagsúil.

4.  Bunóidh an Coimisiún líonraí an Aontais ina mbeidh na comhaltaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun malartú faisnéise maidir le torthaí chur chun feidhme na straitéisí cumarsáide a áirithiú, mar aon leis an taithí a fuarthas agus na bearta faisnéise agus cumarsáide á gcur chun feidhme a roinnt ar a chéile, agus malartú dea-chleachtas.



TEIDEAL IV

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 118

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin

Féadfaidh na Cistí, agus na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 91(3) á gcur san áireamh acu, tacú le cúnamh teicniúil go dtí uasteorainn 0,35 % den leithdháileadh bliantúil a fhaigheann siad faoi seach.

Airteagal 119

Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.  Beidh méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh teicniúil teoranta do 4 % de mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir réigiún, i gcás inarb infheidhme, faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Féadfaidh Ballstát an leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO a chur san áireamh agus an teorainn ar mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh do chúnamh teicniúil an Bhallstáit á ríomh.

2.  Féadfaidh gach ceann de na Cistí oibríochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile a mhaoiniú. Gan dochar do mhír 1, ní bheidh an leithdháileadh le haghaidh cúnaimh theicniúil ó Chiste níos mó ná 10 % de leithdháileadh iomlán an Chiste sin ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir réigiún, i gcás inarb infheidhme, faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

3.  De mhaolú ar Airteagal 70(1) agus (2), féadfar oibríochtaí cúnaimh theicniúil a chur chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir, ach laistigh den Aontas, ar choinníoll gur chun leasa an chláir oibríochtúil na hoibríochtaí, nó i gcás cláir oibríochtúil cúnaimh theicniúil i gcomhair na gclár eile lena mbaineann.

4.  Maidir leis na Cistí Struchtúracha, i gcás ina n-úsáidtear na leithdháiltí dá dtagraítear i mír 1 chun tacú le hoibríochtaí cúnaimh theicniúil a bhaineann le níos mó ná catagóir amháin réigiúin, féadfar an caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí a chur chun feidhme faoi ais tosaíochta a thugann le chéile catagóirí éagsúla réigiúin agus a bheith inchurtha ina leith ar bhonn pro rata agus an leithdháileadh faoi gach réigiún mar sciar de leithdháileadh iomlán don Bhallstát á chur san áireamh.

5.  De mhaolú ar mhír 1, sa chás nach mó ná EUR 1 000 000 000 méid iomlán na gCistí a leithdháiltear ar Bhallstát faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, féadfaidh méadú suas go dtí 6 % den mhéid iomlán sin nó EUR 50 000 000 , cibé acu is ísle, teacht ar an méid a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil.

6.  Is i bhfoirm aise tosaíochta aonchiste laistigh de chlár oibríochtúil nó i bhfoirm cláir oibríochtúil shonraigh a bheidh an cúnamh teicniúil, nó iad araon.



TEIDEAL V

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

Airteagal 120

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.  Socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí le haghaidh gach aise tosaíochta sa chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochtúil a ghlacadh. I gcás ina mbaineann ais tosaíochta le níos mó ná catagóir amháin réigiún nó le níos mó ná Ciste amháin, socrófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, i gcás inar gá sin, an ráta cómhaoinithe de réir catagóire réigiúin agus Ciste.

2.  I gcás gach aise tosaíochta, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh na haise tosaíochta i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

(a) caiteachas iomlán incháilithe, lena n-áirítear caiteachas poiblí agus príobháideach; nó

(b) caiteachas poiblí incháilithe.

3.  Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, de réir catagóire réigiúin agus Ciste, de chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná:

(a) 85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe;

(b) 85 % maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát a raibh a meán-OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná 85 % de mheán AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na réigiúin is forimeallaí lena n-áirítear an leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 92(1) agus le hAirteagal 4(2) de Rialachán CCE;

(c) 80 % maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita úsáidte mar chritéar incháilitheacht do chlárthréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27, agus freisin maidir leis na réigiúin arna sainiú in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1083/2006 a fuair tacaíocht trasdula do chlárthréimhse 2007-2013;

(d) 60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d);

(e) 50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (c).

Le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017, ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir sa Chipir níos airde ná 85 %.

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt a bheidh leis an ráta cómhaoinithe sin, dá dtagraítear sa dara fomhír, a choinneáil tar éis an 30 Meitheamh 2017 agus déanfaidh sé togra reachtach, más gá, roimh an 30 Meitheamh 2016.

Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh níos airde ná 85 %.

Déanfar an t-íosráta cómhaoinithe faoi phointí (b), (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír a mhéadú le haghaidh gach aise tosaíochta lena gcuirtear TFAO chun feidhme agus i gcás ina mbeidh ais tosaíochta tiomnaithe do nuálaíocht shóisialta nó do chomhar trasnáisiúnta, nó do theaglaim den dá cheann. Déanfar an méadú sin a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.  Maidir leis an ráta cómhaoinithe don leithdháileadh breise i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 84(1)(e), ní bheidh sé níos airde ná 50 % le haghaidh réigiúin leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

5.  Déanfar an t-uasráta cómhaoinithe faoi mhír 3 ar leibhéal na haise tosaíochta a mhéadú faoi dheich bpointe céatadáin, i gcás ina ndéantar ais tosaíochta iomlán a sheachadadh trí ionstraimí airgeadais, nó trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

6.  Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta níos lú ná 20 % den chaiteachas poiblí incháilithe.

7.  Féadfar ais tosaíochta ar leithligh lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi chuimsiú cláir oibríochtúil chun tacú le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. I gcás ina mbunaítear ais tosaíochta ar leithligh chun na críche sin, ní féidir an tacaíocht faoin ais sin a chur chun feidhme ar aon bhealach eile.

Airteagal 121

Na rátaí cómhaoinithe a mhodhnú

Féadfar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí chuig ais tosaíochta a mhodhnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(1) tábhacht na haise tosaíochta chun straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a chur i gcrích, ag féachaint do na bearnaí sonracha is gá aghaidh a thabhairt orthu;

(2) cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, go háirithe trí phrionsabal an réamhchúraim, trí phrionsabal na gníomhaíochta coiscthí agus tríd an bprionsabal 'íoc mar a thruaillítear' a chur i bhfeidhm;

(3) ráta úsáidte an mhaoinithe phríobháidigh;

(4) cuimsiú limistéar ag a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha arna sainiú mar seo a leanas:

(a) Ballstáit oileánacha atá incháilithe faoin gCiste Comhtháthaithe, agus oileáin eile seachas na cinn sin ar a bhfuil príomhchathair an Bhallstáit suite nó a bhfuil nasc ceangailte acu leis an mórthír;

(b) limistéir shléibhteacha de réir mar a shainítear i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit;

(c) limistéir faoi líon beag daoine (i.e. níos lú ná 50 cónaitheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh) agus limistéir faoi líon fíorbheag daoine (níos lú ná 8 cónaitheoirí in aghaidh an chiliméadair chearnaigh);

(d) cuimsiú na réigiún is forimeallaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.



CUID A CEATHAIR

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDME MAIDIR LEIS NA CISTÍ AGUS LE CEMI



TEIDEAL I

BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ



CAIBIDIL I

Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 122

Freagrachtaí na mBallstát

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochtúil a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 72, le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74.

2.  Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. ►C1  Cuirfidh siad neamhrialtachtaí ar mó iad ná EUR 10 000 maidir le ranníocaíocht ó aon cheann de na Cistí nó ó CEMI in iúl don Choimisiún, agus ◄ coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn suntasach a bheidh ar na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

Ní chuirfidh na Ballstáit neamhrialtachtaí maidir leis an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a) cásanna nach mbeidh sa neamhrialtacht sin ach mainneachtain oibríocht a chur i gcrích, ina hiomláine nó go páirteach, arb oibríocht í atá san áireamh sa chlár oibríochtúil cómhaoinithe de bharr fhéimheacht an tairbhí;

(b) cásanna ina dtarraingeoidh an tairbhí aird an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin orthu go deonach agus roimh é a bhrath ag ceachtar de na húdaráis, cibé acu roimh an ranníocaíocht phoiblí a íoc nó ina dhiaidh sin;

▼C1

(c) cásanna a bhraitheann nó a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin roimh an gcaiteachas lena mbaineann a chur in iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.

▼B

Sna cásanna eile go léir, go háirithe iad sin a thagann roimh fhéimheacht nó i gcásanna calaoise amhrasta, déanfar na neamhrialtachtaí arna mbrath agus na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha lena mbaineann a thuairisciú don Choimisiún.

Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais. ►C1  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú mura mbeidh an méid atá le gnóthú ón tairbhí, gan ús a bheith san áireamh, níos mó ná EUR 250 i ranníocaíocht ó aon cheann de na Cistí nó ó CEMI. ◄

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe breise maidir leis na critéir chun na cásanna neamhrialtachta a bheidh le tuairisciú a chinneadh, na sonraí a bheidh le soláthar agus na coinníollacha agus na nósanna imeacht a bheidh le cur i bhfeidhm chun a chinneadh an aisíocfaidh na Ballstáit na méideanna atá neamh-inghnóthaithe.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach an mhinicíocht tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

3.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin, údarás iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha a chur i gcrích trí chórais mhalartaithe leictreonaigh sonraí tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2015.

Éascóidh na córais dá dtagraítear sa chéad fhomhír idir-inoibritheacht le creataí náisiúnta agus creataí an Aontais agus fágfaidh siad go mbeidh na tairbhithe in ann an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach i dtarchur amháin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na malartuithe faisnéise faoin mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le CEMI.



CAIBIDIL II

Na húdaráis bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 123

Údaráis a ainmniú

1.  Déanfaidh gach Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht príobháideach a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás bainistíochta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

2.  Déanfaidh an Ballstát údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúil, gan dochar do mhír 3. Féadfar an t-údarás deimhniúcháin céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

3.  Féadfaidh an Ballstát údarás bainistíochta, atá ina údarás poiblí nó ina chomhlacht poiblí, a ainmniú le haghaidh cláir oibríochtúil chun feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích freisin.

4.  Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a ainmniú mar údarás iniúchóireachta le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

5.  I gcás na gCistí a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus i gcás CEMI, ar choinníoll go n-urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna, féadfaidh an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, i gcás inarb infheidhme, agus an t-údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den comhlacht poiblí céanna.

I gcás ina bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí le clár oibríochtúil níos mó ná EUR 250 000 000 , nó gur mó ná EUR 100 000 000 ó CEMI é, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a bheith rannpháirteach san údarás nó sa chomhlacht poiblí céanna mar údarás bainistíochta más rud é, de bhun na bhforálacha is infheidhme don chlárthréimhse roimhe sin, go bhfuil sé curtha in iúl ag an gCoimisiún don Bhallstát roimh an dáta a nglacfar an clár oibríochtúil lena mbaineann go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go bhféadfaidh sé brath go príomha ar a thuairim iniúchóireachta, nó i gcás inar deimhin leis an gCoimisiún, ar bhonn thaithí na clárthréimhse roimhe sin, go dtugann eagrú institiúideach agus cuntasacht an údaráis iniúchóireachta ráthaíochtaí leormhaithe maidir lena neamhspleáchas agus lena hiontaofacht ó thaobh feidhme de.

6.  Féadfaidh an Ballstát comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta agus de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn.

7.  Féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta an bhainistíocht ar chuid de chlár oibríochtúil a chur ar iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta ('deontas foriomlán'). Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena acmhainneacht bainistíochta riaracháin agus airgeadais.

8  Féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, comhlacht comhordaithe a ainmniú a mbeidh de fhreagracht air dul i dteagmháil leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó, gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ainmnithe ábhartha eile a chomhordú agus an dlí is infheidhme a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe.

9.  Leagfaidh an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis deimhniúcháin agus na húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na n-údarás sin leis an gCoimisiún.

Airteagal 124

Nós imeachta chun údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin a ainmniú

1.  Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi dháta agus chineál na n-ainmníochtaí, a bheidh déanta ar leibhéal cuí, maidir leis an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an údarás deimhniúcháin sula gcuirtear an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach faoi bhráid an Choimisiúin.

2.  Bunófar na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách a mheasann an gcomhlíonann na húdaráis na critéir, arna leagan amach in Iarscríbhinn XIII, agus a bhaineann leis an timpeallacht rialaithe inmheánach, bainistíocht riosca, gníomhaíochtaí bainistíochta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus faireacháin. Is é an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách, nó comhlacht eile a fheidhmíonn sa dlí poiblí nó príobháideach, a bheidh san údarás iniúchóireachta a bheidh neamhspleách ar an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, neamhspleách ar an údarás deimhniúcháin freisin agus tabharfaidh sé faoina chuid oibre i gcaoi a luífidh le caighdeáin iniúchóireachta atá inghlactha go hidirnáisiúnta. I gcás ina gcinneann an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách gurb ionann go bunúsach an chuid sin den chóras bainistíochta agus rialaithe, a bhaineann leis an údarás bainistíochta nó leis an údarás deimhniúcháin, agus an chuid den chóras a bhí ann don chlárthréimhse roimhe sin, agus go bhfuil fianaise ann, ar bhonn oibre iniúchóireachta a rinneadh i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 agus de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle ( 19 ), maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach le linn na tréimhse sin, féadfaidh sé a chinneadh go bhfuil na critéir ábhartha comhlíonta cheana gan tabhairt faoi aon obair iniúchóireachta sa bhreis.

3.  I gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí maidir le clár oibríochtúil ná EUR 250 000 000 nó inar mó méid na tacaíochta ó CAI ná EUR 100 000 000 , laistigh de mhí ó chuirtear na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 in iúl dó, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an tuairim ón gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh agus féadfaidh sé cur síos ar na feidhmeanna agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm ag an údarás bainistíochta a iarraidh chomh maith nó, i gcás inarb iomchuí, iad siúd atá i bhfeidhm ag an údarás deimhniúcháin. Cinnteoidh an Coimisiún an iarrfar na doiciméid sin ar bhonn a mheasúnaithe riosca, lena gcuirfear san áireamh aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le hathruithe suntasacha i bhfeidhmeanna agus nósanna imeachta an údaráis bhainistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis deimhniúcháin i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin agus maidir le haon fhianaise ábhartha faoina bhfeidhmiú éifeachtach chomh maith.

Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de dhá mhí ó na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil. ►C1  Gan dochar d'Airteagal 83, ní dhéanfaidh an scrúdú ar na doiciméid sin láimhseáil na n-iarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh. ◄

4.  I gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí maidir le clár oibríochtúil ná EUR 250 000 000 nó i gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó CEMI ná EUR 100 000 000 agus nuair atá athruithe suntasacha i bhfeidhmeanna agus nósanna imeachta an údaráis bhainistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis deimhniúcháin i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin, laistigh de dhá mhí i ndiaidh dó na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Choimisiún féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 3 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha maidir leis na doiciméid sin laistigh de thrí mhí tar éis dó iad a fháil.

5.  I gcás ina léiríonn torthaí rialaithe agus iniúchóireachta nach gcomhlíonann an t-údarás ainmnithe na critéir dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh, socróidh an Ballstát tréimhse phromhaidh a bheidh comhréireach le tromchúis na faidhbe agus tabharfar faoi bhearta leasúcháin le linn na tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát seo ar leibhéal cuí.

I gcás ina mainníonn an t-údarás ainmnithe na bearta leasúcháin a chur i bhfeidhm laistigh den tréimhse phromhaidh arna chinneadh ag an mBallstát, cuirfidh an Ballstát deireadh lena ainmniú mar údarás agus déanfar an cinneadh seo ar leibhéal cuí.

Gan aon mhoill, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún nuair a chuirtear údarás ainmnithe faoi thréimhse phromhaidh agus tabharfar faisnéis maidir leis an tréimhse phromhaidh faoi seach, cuirfear in iúl dó freisin nuair a chuirtear deireadh leis an tréimhse phromhaidh toisc gur cuireadh na bearta leasúcháin i bhfeidhm agus cuirfear in iúl dó chomh maith nuair a chuirtear deireadh le hainmniú údaráis. ►C1  Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 83, nuair a chuirtear in iúl dó gur chuir Ballstát comhlacht ainmnithe ar promhadh, ní dhéanfaidh sin láimhseáil na n-iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh. ◄

6.  I gcás ina gcuirtear deireadh le hainmniú údaráis bhainistíochta nó údaráis deimhniúcháin, ainmneoidh Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, comhlacht nua chun feidhmeanna an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin a ghlacadh air féin, agus cuirfidh Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

7.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na forála seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an tsamhail don tuarascáil agus don tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta chomh maith leis an tuairisc ar fheidhmeanna agus nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm don údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, don údarás deimhniúcháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 125

Feidhmeanna an údaráis bhainistíochta

1.  Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochtúil a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.  Maidir le bainistiú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) tacóidh sé le hobair an choiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 agus cuirfidh sé an fhaisnéis atá de dhíth air chun a chúraimí a chomhlíonadh ar fáil dó, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le táscairí agus garspriocanna;

(b) tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50 a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndiaidh don choiste faireacháin iad a fhormheas,

(c) faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a gcúraimí agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí faoi seach;

(d) córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in oibríochtaí, i gcás inarb infheidhme, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe;

(e) a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras dá dtagraítear i bpointe (d), agus go ndéanfar na sonraí sin maidir le táscairí a mhiondealú de réir inscne i gcás ina gceanglaítear sin in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Rialachán CSE.

3.  Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm a luaithe a fhormheasfar iad, ar nósanna imeachta agus critéir iad a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(i) áiritheofar leo an méid a chuireann na hoibríochtaí le ►C1  cuspóirí sonracha ◄ agus torthaí sonracha na tosaíochta ábhartha a bhaint amach;

(ii) neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach;

(iii) cuirfidh siad na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 san áireamh;

▼C1

(b) a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi raon feidhme CEMI, an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus gur féidir léi a bheith inchurtha i leith catagóire idirghabhála nó, i gcás CEMI, beart arna sainaithint i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí an chláir oibríochtúil;

▼B

(c) a áirithiú go soláthrófar doiciméad don tairbhí ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú;

(d) a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d'fhonn na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht;

(e) a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh dlí is infheidhme a bhaineann leis an oibríocht;

(f) a áirithiú nach gcuirtear san áireamh in oibríocht a roghnaíodh i gcomhair tacaíochta ó na Cistí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d'oibríocht, ar oibríocht í a bhí, nó ar cheart a bheith, faoi réir nós imeachta um ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndiaidh gníomhaíochta táirgthe lasmuigh de limistéar an chláir;

(g) na catagóirí idirghabhála nó, i gcás CEMI, na bearta a bhfuil caiteachas oibríochta le cur ina leith a chinneadh.

4.  Maidir le bainistiú airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha agus go gcomhlíonann sé an dlí is infheidhme, an clár oibríochtúil agus na coinníollacha maidir le tacaíochta na hoibríochta;

(b) a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le hoibríocht;

(c) bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d) nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a theastaíonn chun rian leormhaith iniúchóireachta a áirithiú a shealbhú i gcomhréir le ceanglais phointe (g) d'Airteagal 72;

(e) an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas.

De mhaolú ar mhír (a) den chéad fhomhír, féadfaidh Rialachán CCE rialacha sonracha a bhunú maidir le fíorú is infheidhme maidir le cláir chomhair.

5.  Déanfar na nósanna imeachta seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4:

(a) fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar aisíocaíocht ag tairbhithe;

(b) fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí.

Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d'oibríocht agus leis an leibhéal riosca a aithneofar i bhfíoruithe den sórt sin agus in iniúchtaí den sórt sin arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistithe agus rialaithe ina iomláine.

6.  Féadfar fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí aonair de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír (5) a dhéanamh ar bhonn samplach.

7.  I gcás ina bhfuil an t-údarás bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibríochtúil freisin, déanfar deighilt leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4.

8.  Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos rialacha lena sonraítear an fhaisnéis maidir leis na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar i bhfoirm ríomhairithe laistigh den chóras faireacháin a bunaíodh faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla an chórais arna bhunú faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

9.  Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos na ceanglais íosta mhionsonraithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo i leith na dtaifead cuntasaíochta a chothabhálfar agus na doiciméid tacaíochta a choimeádfar ag leibhéal an údaráis deimhniúcháin, an údaráis bhainistíochta, na gcomhlachtaí idirmheánacha agus na dtairbhithe.

10.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 126

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Beidh údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil freagrach go háirithe as:

►C1  (a) iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin ◄ , agus a dheimhniú go dtagann siad as córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás bainistíochta;

(b) na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

(c) iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais an dlí is infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n-oibríochtaí a roghnaíodh lena gcistiú i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme;

(d) a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais ar íocaíocht agus cuntais a tharraingt suas, lena n-áirítear taifid ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú;

(e) a áirithiú, ar mhaithe le hiarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur isteach, go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas;

(f) a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n-iniúchtaí uile a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht;

(g) taifid chuntasaíochta a choimeád, i bhfoirm ríomhairithe, maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe;

(h) cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cuid di a chealú. ►C1  Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochtúil trí iad a asbhaint ón iarratas ar íocaíocht ina dhiaidh sin. ◄

Airteagal 127

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.  Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar fheidhmiú cuí an chórais bhainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil agus ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla ar bhonn an chaiteachais a dhearbhaítear. Iniúchfar an caiteachas dearbhaithe bunaithe ar shampla ionadaíoch agus mar riail ghinearálta maidir le modhanna samplála staidrimh.

Féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta, i gcásanna cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus in aon chás ina bhfuil líon na n-oibríochtaí do bhliain chuntasaíochta neamhleor chun gur féidir úsáid a bhaint as modh staidrimh.

I gcásanna den sórt sin, beidh méid an tsampla dóthanach chun a chumasú don údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bailí a tharraingt suas i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais.

Clúdóidh an modh sampla neamhstaidrimh ar a laghad 5 % de na hoibríochtaí ar dearbhaíodh caiteachas don Choimisiún le linn bliana cuntasaíochta agus 10 % den chaiteachas ar dearbhaíodh don Choimisiún le linn bliana cuntasaíochta.

2.  I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.  Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta.

4.  Ullmhóidh an t-údarás iniúchóireachta, laistigh d'ocht mí ón tráth a nglacfar clár oibríochtúil, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n-iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain ó 2016 go dtí 2024, an bhliain sin san áireamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh na gclár oibríochtúil lena mbaineann. Cuirfidh an t-údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

5.  Tarraingeoidh an t-údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas:

(a) tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais.

(b) tuarascáil ar rialú ina leagtar amach príomhthorthaí na n-iniúchtaí a rinneadh i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear torthaí maidir le heasnaimh a aimsíodh sna córais bhainistíochta agus rialaithe, agus na gníomhartha ceartaitheacha a moladh agus a cuireadh chun feidhme.

I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír a ghrúpáil i dtuarascáil amháin.

6.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus leis an tuarascáil ar rialú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

7.  Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, chun raon feidhme agus inneachar na n-iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar na cuntais agus an mhodheolaíocht do roghnú shampla na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan amach.

8.  Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le húsáid sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin.



CAIBIDIL III

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

Airteagal 128

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.  Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta d'fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistithe agus rialaithe a mhalartú láithreach leis na húdaráis sin.

2.  D'fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht comhordúcháin a ainmniú.

3.  Tiocfaidh an Coimisiún, na húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar bhonn rialta agus, mar riail ghinearálta, uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d'fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóireachta agus an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d'fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.



TEIDEAL II

▼C1

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A ULLMHÚ, A SCRÚDÚ AGUS A DHÚNADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

▼B



CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 129

►C1  Rialacha coiteanna ◄ maidir le híocaíochtaí

Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh méid an chaiteachais phoiblí a íocfar le tairbhithe, tráth a ndúntar an clár oibríochtúil, ►C1  cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí agus ó CEMI, ar a laghad, a d'íoc an Coimisiún leis an mBallstát. ◄

Airteagal 130

►C1  Rialacha coiteanna ◄ maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh

1.  Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach tosaíochta, arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil, a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na tosaíochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile le haisíoc mar íocaíochtaí eatramhacha nó le fáil ar ais i gcomhréir le hAirteagal 139.

▼C1

2.  Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le tosaíocht, trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh, níos airde ná:

(a) an caiteachas poiblí incháilithe arna shonrú sna hiarratais ar íocaíocht le haghaidh na tosaíochta; nó

(b) an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le haghaidh na tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

▼B

Airteagal 131

Iarratais ar íocaíocht

1.  Áireofar an méid seo a leanas sna hiarratais ar íocaíocht, maidir le gach tosaíocht:

(a) méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin;

(b) méid iomlán an chaiteachais phoiblí a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin;

2.   ►C1  An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratas ar íocaíocht ◄ , cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi phointe (b), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1), faoi Airteagal 68, Airteagal 69(1) agus Airteagal 109 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 14 de Rialachán CSE I gcás na gcineálacha tacaíochta sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna ríomh de réir an bhoinn is infheidhme.

3.  I gcás scéimeanna cúnaimh faoi Airteagal 107 CFAE, beidh an ranníocaíocht phoiblí a chomhfhreagraíonn leis an gcaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht tar éis a bheith íoctha leis na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an cúnamh.

4.  De mhaolú ar mhír 1, i gcás Státchabhrach, féadfar réamhíocaíochtaí a d'íoc an comhlacht a dheonaíonn an cúnamh leis an tairbhí ►C1  faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas a áireamh san iarratas ar íocaíocht: ◄

(a) tá na réamhíocaíochtaí sin faoi réir ráthaíochta arna tabhairt ag banc nó ag institiúid airgeadais eile atá bunaithe sa Bhallstát nó beidh siad cumhdaithe ag saoráid arna soláthar mar ráthaíocht ag eintiteas poiblí nó ag Ballstát;

(b) ní théann na réamhíocaíochtaí sin thar 40 % de mhéid iomlán na cabhrach le deonú ar an tairbhí i leith oibríochta ar leith;

(c) tá na réamhíocaíochtaí sin cumhdaithe ag caiteachas arna íoc ag tairbhithe agus na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus arna dtacú ag sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc ar a dhéanaí laistigh de thrí bliana i ndiaidh na bliana a tugadh an réamhíocaíocht nó an 31 Nollaig 2023, cibé acu is luaithe, agus déanfar an chéad iarratas eile ar íocaíocht a cheartú dá réir ina éagmais sin.

5.  Déanfaidh gach iarratas ar íocaíocht a áireoidh réamhíocaíochtaí den chineál dá dtagraítear i mír 4 a nochtadh go leithleach an méid iomlán a íocadh ó na cláir oibríochtúla mar réamhíocaíochtaí, an méid a clúdaíodh le caiteachas a d'íoc tairbhithe laistigh de thrí bliana de réamhíocaíocht a íoc i gcomhréir le pointe (c) de mhír 4, agus an méid nár clúdaíodh le caiteachas a d'íoc tairbhithe agus nach bhfuil an tréimhse trí bliana maidir leis caite fós.

6.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ►C1  lena leagfar síos an tsamhail d'iarratais ar íocaíocht. ◄ Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 132

Íocaíocht le tairbhithe

1.  Faoi réir infhaighteacht an chistithe ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfaighidh tairbhí méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí iomlán agus tráth nach déanaí ná 90 lá ó dháta tíolactha an éilimh íocaíochta ag an tairbhí.

Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint nó a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach nó muirear eile comhéifeachta a laghdódh méideanna is dlite do thairbhithe.

2.  Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an spriocdháta le haghaidh íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a ►C1  briseadh ◄ i gceachtar de na cásanna cuí-údaraithe seo a leanas:

(a) nach bhfuil méid an éilimh íocaíochta dlite nó nár soláthraíodh na doiciméid iomchuí tacaíochta, lena n-áirítear na doiciméid is gá le haghaidh fíoruithe bainistíochta faoi phointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 125(4);

(b) gur tionscnaíodh imscrúdú i ndáil le neamhrialtacht a d'fhéadfadh a bheith ann a dhéanann difear don chaiteachas lena mbaineann;

Cuirfear an tairbhí lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn maidir leis an ►C1  mbriseadh ◄ agus na cúiseanna atá leis.

Airteagal 133

Úsáid an euro

1.  Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro. Déanfar na méideanna sin a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta malartaithe a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfar rialacha sonracha a bhunú le Rialachán CCE maidir le huainiú le haghaidh comhshó in euro.

3.  Nuair a thiocfaidh an euro chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an údarás deimhniúcháin roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta seasta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro.

Airteagal 134

Réamh-mhaoiniú a íoc

1.  Déanfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna mar a leanas:

(a) in 2014: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine nó 1,5 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2013 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE;

(b) in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ón CEMI feadh na clárthréimhse iomláine nó 1,5 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón EFSF, nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2014 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE;

(c) in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ón CEMI feadh na clárthréimhse iomláine.

I gcás ina nglactar clár oibríochtúil in 2015 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

▼M1

1a.  Sa bhreis ar na tráthchodanna dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, déanfar méid breise de réamh-mhaoiniú tosaigh, arb é a bheidh ann 3,5 % de mhéid na tacaíochta a thugann na Cistí agus CEMI don chlárthréimhse ina hiomláine, a íoc le cláir oibríochtúla sa Ghréig gach bliain in 2015 agus in 2016.

Ní bheidh feidhm ag an réamh-mhaoiniú tosaigh breise maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ná maidir leis an leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg.

Más rud é, faoin 31 Nollaig 2016, nach mbeidh méid iomlán an réamh-mhaoinithe tosaigh breise a bheidh íoctha faoin gCiste, nuair is infheidhme sin, de bhun na míre seo le clár oibríochtúil in 2015 agus in 2016, cumhdaithe ag iarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag údarás deimhniúcháin an chláir sin, aisíocfaidh an Ghréig leis an gCoimisiún méid iomlán an réamh-mhaoinithe tosaigh breise don Chiste sin leis an gclár sin. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais na haisíocaíochtaí sin agus ní laghdófar dá ndroim an tacaíocht a thugann na Cistí nó CEMI do na cláir oibríochtúla. Is éard a bheidh sna méideanna a aisíocfar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais.

▼B

2.  Déanfar méid réamh-mhaoinithe bliantúil a íoc roimh an 1 Iúil sna blianta ó 2016 go 2023. Is é a bheidh ann ná céatadán mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine don chlár oibríochtúil mar seo a leanas:

 2016: 2 %

 2017: 2,625 %

 2018: 2,75 %

 2019: 2,875 %

 2020 go dtí 2023: 3 %.

3.  Nuair a bheidh méid an réamh-mhaoinithe tosaigh dá dtagraítear i mír 1 á ríomh, déanfar na méideanna ón gcúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ar dtús ar an gclár a eisiamh as méid na tacaíochta don chlárthréimhse iomlán.

Nuair a bheidh méid an réamh-mhaoinithe bhliantúil dá dtagraítear i mír 2 suas go dtí 2019, agus an bhliain sin san áireamh, á ríomh, déanfar na méideanna ón gcúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ar dtús ar an gclár a eisiamh as méid na tacaíochta don chlárthréimhse iomlán.

Airteagal 135

Spriocdhátaí chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc

1.  Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin iarraidh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 131(1) ina gcuimsítear méideanna arna n-iontráil ina chóras cuntasaíochta […] sa bhliain chuntasaíochta. Féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin, sa chás ina measann sé go bhfuil gá leis, na méideanna sin a áireamh in iarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i mblianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

2.  Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.  Ní dhéanfar an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach roimh fhógra a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus deimhniúcháin a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124.

4.  Ní dhéanfar íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúil mura mbeidh an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

5.  Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú leis an gCoimisiún.

Airteagal 136

Saoradh

1.  Saorfaidh an Coimisiún aon chuid den mhéid i gclár oibríochtúil nár úsáideadh chun na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha tosaigh agus bliantúla a íoc faoin 31 Nollaig den tríu bliain airgeadais tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh faoin gclár oibríochtúil ►C1  nó nár cuireadh iarratas ar íocaíocht, arna tharraingt suas ◄ i gcomhréir le hAirteagal 131, isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 135.

2.  Saorfar an chuid sin de na gealltanais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2023 mura mbeidh ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 141(1) curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 141(1).



CAIBIDIL II

Cuntais a ullmhú, a scrúdú, a ghlacadh agus cláir oibríochtúla a dhúnadh agus íocaíochtaí a fhionraí



Roinn I

Cuntais a ullmhú,a scrúdú agus a ghlacadh

Airteagal 137

Na cuntais a ullmhú

1.  Cuirfear na cuntais dheimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin i gcás gach clár oibríochtúil. Cumhdófar an bhliain chuntasaíochta sna cuntais agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ciste agus catagóir réigiún:

(a)  ►C1  méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin, ar méid é a áiríodh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh ◄ faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 131 agus le hAirteagal 135(2) faoin 31 Iúil tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta, méid iomlán an chaiteachais phoiblí chomhfhreagraigh a tabhaíodh sna hoibríochtaí cur chun feidhme, agus méid iomlán na n-íocaíochtaí comhfhreagracha a tugadh do na tairbhithe faoi Airteagal 131(1);

(b) na méideanna atá aistarraingthe agus gnóthaithe le linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta, na méideanna a gnóthaíodh de bhun Airteagal 71, agus na méideanna neamh-inghnóthaithe;

(c) méideanna na ranníocaíochtaí cláir a íoctar le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 41(1) agus réamhíocaíochtaí Státchabhrach faoi Airteagal 134(4);

(d) le haghaidh gach aise tosaíochta, réiteach idir an caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas atá dearbhaithe maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus beidh míniú faoi aon difríochtaí ag gabháil leis;

2.  I gcás ina n-eisiafaidh Ballstát caiteachas óna chuntais, ar caiteachas é a áiríodh roimhe sin in iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta, toisc go bhfuil sé faoi réir measúnaithe leanúnaigh maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht an chaiteachais sin, féadfar aon chuid den chaiteachas sin nó an caiteachas sin san iomlán sin a suíodh ina dhiaidh sin a bheith dlíthiúil agus rialta a áireamh ar iarratas ar íocaíocht eatramhach a bhaineann le blianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach an tsamhail maidir leis na cuntais dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 138

Faisnéis a chur isteach

Maidir le gach bliain, ó 2016 go dtí 2025, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit, faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal sin a chur isteach, eadhon:

(a) na cuntais, dá dtagraítear in Airteagal 137(1) den Rialachán seo don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(b) an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 125(4 den Rialachán seo, don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(c) an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil ar rialú dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 127(5) den Rialachán seo, don bhliain chuntasaíochta roimhe sin.

Airteagal 139

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

1.  Scrúdóidh an Coimisiún na doiciméid a bheidh curtha isteach ag an mBallstát faoi Airteagal 138. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise is gá ar fáil ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a mheas, faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84, an bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis.

2.  Glacfaidh an Coimisiún leis na cuntais más féidir a rá go bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis. Tiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid sin más rud é gur chuir an t-údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta gan agús ar fáil maidir le comhlántacht, le cruinneas agus le fírinneacht na gcuntas agus mura mbeidh fianaise ar leith ag an gCoimisiún a thabharfadh le fios nach féidir brath ar an tuairim iniúchóireachta i dtaobh na gcuntas.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84 á rá an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais nó nach bhfuil.

4.  Más rud é, maidir le cúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, nach mbeidh an Coimisiún ábalta glacadh leis na cuntais faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit ina sonrófar na cúiseanna i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh agus an tréimhse ama chun iad a chríochnú. Ag deireadh na tréimhse ama chun na gníomhartha sin a chríochnú, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais.

5.  Agus é ag féachaint an bhféadfar glacadh leis na cuntais, ní chuirfidh an Coimisiún san áireamh saincheisteanna a bhaineann le dlíthiúlacht ná le rialtacht na n-idirbheart bunúsach i gcás caiteachas a chuirtear isteach sna cuntais. ►C1  Ní dhéanfaidh an nós imeachta scrúdúcháin ná an nós imeachta maidir le glacadh leis na cuntais an bealach a ndéileáiltear le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh ná ní chuirfear íocaíochtaí ar fionraí mar gheall orthu, gan dochar d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 142. ◄

6.  Ar bhonn na gcuntas a nglacfar leo, ríomhfaidh an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus CEMI don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát. Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a) na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 137(1) agus a gcuirfear an ráta cómhaoinithe i bhfeidhm maidir leis le haghaidh gach aise tosaíochta;

(b) méid iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta, agus arb é atá iontu:

(i) méid na n-íocaíochtaí eatramhacha arna n-íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 130(1) agus Airteagal 24; agus

(ii) méid an réamh-mhaoinithe bhliantúil arna íoc faoi Airteagal 134(2).

7.  Tar éis an ríomh a chur i gcrích faoi mhír 6, déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú bliantúil a fhaigheann siad faoi seach a imréiteach agus íocfaidh sé aon mhéid breise a bheidh dlite laistigh de 30 lá ón dáta a nglacfar lena gcuntais. I gcás ina bhfuil méid atá inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, más féidir, i gcoinne méideanna atá dlite don Bhallstát faoi íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna oibríochtúil. ►C1  Ní bheidh an gnóthú sin ina cheartúchán airgeadais ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI. ◄ Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 177(3) den Rialachán Airgeadais.

8.  I gcás nach bhféadfaidh an Coimisiún glacadh leis na cuntais, tar éis dó an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 a chur i bhfeidhm, socróidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil agus i gcomhréir le mír 6, ►C1  an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don Bhallstát. I gcás ina dtabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún, laistigh de dhá mhí ón uair a gcuirfear an fhaisnéis ar aghaidh chuig an gCoimisiún, go bhfuil glacadh aige leis, beidh feidhm ag mír 7. In éagmais comhaontú den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta. Ní bheidh an cinneadh sin ina cheartúchán airgeadais ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI. ◄ Ar bhonn an chinnidh sin, cuirfidh an Coimisiún na coigeartuithe i bhfeidhm maidir leis na híocaíochtaí leis an mBallstát i gcomhréir le mír 7.

9.  Ag glacadh leis do na cuntais, nó agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé gan dochar do chur i bhfeidhm na gceartúchán faoi Airteagal 144 agus faoi Airteagal 145.

10.  Féadfaidh na Ballstáit méideanna eile a chur in ionad méideanna neamhrialta a bhraitear tar éis na cuntais a chur isteach trí choigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d'Airteagal 144 agus d'Airteagal 145.

Airteagal 140

Infhaighteacht doiciméad

1.  Gan dochar do na rialacha lena rialaítear Státchabhair, ►C1  áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le caiteachas a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus ó CEMI i ndáil le hoibríochtaí ◄ ar lú ná EUR 1 000 000 méid iomlán an chaiteachais is incháilithe, ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí bliana ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas na hoibríochta a chur isteach.

I gcás na n-oibríochtaí seachas na cinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear gach doiciméad tacaíochta ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas críochnaitheach na hoibríochta lánchríochnaithe a chur isteach.

Féadfaidh údarás bainistíochta an riail dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i bhfeidhm le haghaidh na n-oibríochtaí a bhfuil an caiteachas incháilithe iomlán níos lú ná EUR 1 000 000 ina leith.

▼C1

Brisfear an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.

▼B

2.  Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta fógra do na tairbhithe faoi dháta tosaigh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

3.  Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n-áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le fáil acu i bhfoirm leictreonach.

4.  Coimeádfar na doiciméid sin i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu.

5.  Déanfaidh na húdaráis náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

6.  I gcás doiciméad nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach, comhlíonfaidh na córais ríomhaireachta a mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo, lena n-áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.



Roinn II

Cláir oibríochtúla a dhúnadh

Airteagal 141

Doiciméid i leith dúnta a chur isteach agus an t-iarmhéid deiridh a íoc

1.  Don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil nó an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil arna tacú ag CEMI, i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 138.

2.  Íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a glacadh leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin tar éis an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí.



Roinn III

Íocaíochtaí a fhionraí

Airteagal 142

Íocaíochtaí a fhionraí

1.  Féadfaidh an Coimisiún gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha ar leibhéal na dtosaíochtaí nó na gclár oibríochtúil a fhionraí má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil i mbaol dá bharr agus nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith go fóill;

▼C1

(b) i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas in iarratas ar íocaíocht le neamhrialtacht a bhfuil iarmhairtí airgeadais tromchúiseacha ag gabháil léi nár ceartaíodh fós;

▼B

(c) i gcás inar mhainnigh Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 83;

(d) i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar tháscairí coitianta agus ar tháscairí sonracha;

(e) i gcás ina mainnítear gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19;

(f) i gcás ina bhfuil fianaise ann a thig ón athbhreithniú ar fheidhmíocht le haghaidh tosaíochta go raibh mainneachtain thromchúiseach garspriocanna na tosaíochta sin a bhaineann le táscairí airgeadais agus aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme a leagtar amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22;

Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí atá nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh a fhionraí, agus beidh na bunúis sin comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

2.  Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.  Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a fhoirceannadh.



CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais



Roinn I

Ceartuithe airgeadais ag ballstáit

Airteagal 143

Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

1.  Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann.

▼C1

2.  Deánfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir oibríochtúlaí. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochtúil, nó cuid de ranníocaíocht, a chur ar ceal. Cuirfidh an Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith na gCistí nó an CEMI agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Déanfar ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.

3.  Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.

4.  Ní fhéadfar an ranníocaíocht a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríocht ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

▼B

5.  Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.



Roinn II

Ceartuithe airgeadais ag an gcoimisiún

Airteagal 144

Critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais

▼C1

1.  Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochtúil, nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin, a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 85 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:

(a) go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil cheana féin i mbaol dá barr;

▼B

(b) nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí faoi Airteagal 143 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c) go bhfuil an caiteachas san iarratas ar íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo.

Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna ar leithligh den neamhrialtacht atá tugtha faoi deara agus cuirfidh sé san áireamh más rud é gur neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar na Cistí nó ar an CEMI a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, agus cinneadh á dhéanamh aige i ndáil le ceartú faoi mhír 1, prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n-easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár oibríochtúil a chur san áireamh.

3.  I gcás in bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 143(2), ar na fógraí a seoladh faoi Airteagal 122(2) agus ar fhreagraí ar bith ón mBallstát.

4.  I gcomhréir le hAirteagal 22(7), i gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar an iniúchadh ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil do na Cistí nó ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme do CEMI, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm maidir leis na tosaíochtaí lena mbaineann.

▼C1

5.  I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 95, féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh tríd an ranníocaíocht uile ó na Cistí nó ó CEMI leis an mBallstát lena mbaineann, nó cuid den ranníocaíocht sin, a chur ar ceal.

▼B

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir chun easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a chinneadh, lena n-áirítear príomhchineálacha easnaimh thromchúiseacha den sórt sin, na critéir maidir le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm, agus na critéir chun rátaí comhréidhe nó ceartuithe eachtarshuite airgeadais a chur i bhfeidhm.

7.  Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a bhriseadh, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

Airteagal 145

Nós Imeachta

1.  Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a thíolacadh laistigh de dhá mhí.

2.  I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú, trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní rachaidh an t-am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.  Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 a chur san áireamh.

4.  I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, d'fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

▼C1

5.  I gcás comhaontaithe, agus gan dochar do mhír 7 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát na Cistí lena mbaineann nó CEMI a athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 143(3).

▼B

6.  Chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na héisteachta, nó ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise i gcás ina n-aontaíonn an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a thíolacadh tar éis na héisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus gach barúil a tíolacadh le linn an nós imeachta a chur san áireamh. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis dháta na litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol an Coimisiún.

▼C1

7.  I gcás ina mbraitheann an Coimisiún, agus a fhreagrachtaí faoi Airteagal 65 á gcur i gcrích aige, nó i gcás ina mbraitheann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa neamhrialtachtaí lena léirítear easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí nó ó CEMI leis an gclár oibríochtúil.

▼B

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le heasnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bhainistíochta agus rialaithe, arb easnamh é, roimh an dáta a ndearna an Coimisiún nó Cúirt na nIniúchóirí í a bhrath:

(a) a sainaithníodh sa dearbhú bainistíochta, sa tuarascáil bhliantúil ar rialú nó sa tuairim iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais nó i dtuarascálacha eile iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin nó i mbearta iomchuí a glacadh; nó

(b) a bhí faoi réir beart iomchuí leasúcháin ag an mBallstát.

Beidh measúnú easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú chóras bainistíochta agus rialaithe bunaithe ar an dlí is infheidhme tráth curtha isteach na ndearbhuithe bainistíochta, na dtuarascálacha bliantúla ar rialú agus na dtuairimí iniúchóireachta ábhartha.

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le ceartú airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) urramóidh sé prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an easnaimh thromchúisigh i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bhainistíochta agus rialaithe a chur san áireamh mar aon leis na himpleachtaí a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais;

(b) chun ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite a chur i bhfeidhm, eisiafaidh sé caiteachas neamhrialta a bhraith an Ballstát roimhe sin agus a bhí faoi réir coigeartuithe sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 139(10), agus eisiafaidh sé freisin caiteachas atá faoi réir measúnaithe leanúnaigh ar a dhlíthiúlacht agus ar a rialtacht faoi Airteagal 137(2);

(c) cuirfidh sé san áireamh ráta comhréidh nó ceartuithe eachtarshuite a chuir an Ballstát i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas i gcás easnamh eile tromchúiseach a bhraith an Ballstát agus an riosca iarmharach i dtaca le buiséad an Aontais á chinneadh aige.

8.  Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar rialacha nós imeachta breise maidir le ceartuithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 144(7) a leagan síos.

Airteagal 146

Oibleagáidí na mBallstát

Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an gCoimisiún dochar d'oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi Airteagal 143(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle ( 20 ).

Airteagal 147

Aisíocíocht

►C1  1.  Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán Airgeadais. ◄ Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t-ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.  Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.



TEIDEAL III

RIALÚ COMHRÉIREACH AR CHLÁIR OIBRÍOCHTÚLA

Airteagal 148

Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla

1.  Oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán dóibh thar EUR 200 000 i leith CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, EUR 150 000 i leith CSE nó EUR 100 000 i leith CEMI, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchta ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta in aon bhliain má rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh sa bhliain sin cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, torthaí na hoibre iniúchóireachta a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le haghaidh na n-oibríochtaí sin a úsáid.

2.  I gcás clár oibríochtúil a léiríonn an tuairim iniúchóireachta is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 128(3) go bhféadfar leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a dhéanamh a laghdú ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis na rioscaí a shuitear. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais sin.

3.  I gcás clár oibríochtúil dá bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta chun na hiniúchtaí ar an láthair sin arna ndéanamh ag an gCoimisiún, a theorannú chuig obair an údaráis iniúchóireachta a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais.

4.  D'ainneoin mhír 1, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí i gcás ina suitear i measúnú riosca nó iniúchadh a dhéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann d'easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil lena mbaineann, agus, le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 140(1). Féadfaidh an Coimisiún, chun measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis iniúchóireachta, athbhreithniú a dhéanamh ar rian iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta nó páirt a ghlacadh in iniúchadh ar an láthair an údaráis iniúchóireachta agus, i gcás ina gá, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, chun dearbhú a fháil maidir le feidhmiú éifeachtach an údaráis iniúchóireachta, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí.



CUID A CÚIG

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH



CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 149

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), sa dara mír d'Airteagal 12, sa cheathrú fomhír d'Airteagal 22(7), in Airteagal 37(13), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(4), in Airteagail 41(3) agus (5), sa dara fomhír d'Airteagal 42(1), sa dara fomhír, sa tríú fomhír, sa cheathrú fomhír agus sa seachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4), in Airteagal 64(4), sa dara fomhír d'Airteagal 68(1), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), a chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 125(8) agus d'Airteagal (9), in Airteagal 127(7) agus (8) agus in Airteagal 144(6) a thabhairt don Choimisiún amhail ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), sa dara mír d'Airteagal 12, sa cheathrú fomhír d'Airteagal 22(7), in Airteagal 37(13), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(4), in Airteagail 41(3)), sa dara fomhír d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(6), sa dara fomhír, sa tríú fomhír, sa cheathrú fomhír agus sa seachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4) agus in Airteagal 64(4), sa dara fomhír d'Airteagal 68(1), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), sa chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 125(8), in Airteagal 125(9) in Airteagal 127(7) agus (8) agus in Airteagal 144(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3), an dara mír d'Airteagal 12, an ceathrú fomhír d'Airteagal 22(7), Airteagal 37(13), an tríú fomhír d'Airteagal 38(4), Airteagail 40(3) agus (5), an dara fomhír d'Airteagal 42(1), Airteagal 42(6), an dara fomhír, an tríú fomhír, an cheathrú fomhír agus an tseachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4) agus in Airteagal 64(4), an dara fomhír d'Airteagal 68(1), an cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), an chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), na chéad fhomhíre d'Airteagal 125(8), in Airteagal 125(9), Airteagal 127(7) agus (8) agus Airteagal 144(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 150

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh Coiste Comhordúcháin i gcomhair Chistí SIE cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, Rialachán CFRE, Rialachán CCE, Rialachán CSE agus Rialachán CC. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 8, sa chúigiú fomhír d'Airteagal 22(7), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(3), in Airteagal 38(10), sa dara fomhír d'Airteagal 39(4), in Airteagal 46(3), sa dara fomhír d'Airteagal 96(2), in Airteagal 115(4), sa dara fomhír d'Airteagal 125(8), agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.



CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 151

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 152

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar leanúint den chúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013, nó ar mhodhnú an chúnaimh sin, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine. Leanfaidh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013, dá bhrí sin, maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo, cuimseoidh cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.  Leanfaidh iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 de bheith bailí.

3.  I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha a leagtar amach in Airteagal 123(3), féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh don Choimisiún go ndéanfaidh an t-údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích de mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh 1083/2006 i gcomhair na gclár oibríochtúil comhfhreagrach a chuirtear chun feidhme ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Beidh measúnú a dhéanfaidh an t-údarás iniúchóireachta ag gabháil leis an iarraidh. I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún ar bhonn faisnéise a chuirfidh an t-údarás iniúchóireachta ar fáil agus a chuirfear ar fáil óna iniúchtaí féin go bhfeidhmíonn córais bhainistíochta agus rialaithe na gclár oibríochtúil sin go héifeachtach agus nach ndéanfar dochar dá bhfeidhmiú trí fheidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith á gcur i gcrích ag an údarás bainistíochta, cuirfidh sé a chomhaontú in iúl don Bhallstát taobh istigh de dhá mhí ón dáta a fuair sé an iarraidh.

▼M1

4.  De mhaolú ar Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, 100 % den ranníocaíocht ó na Cistí leis na cláir oibríochtúla do chuspóirí an Chóineasaithe agus an Iomaíochais réigiúnaigh agus na fostaíochta réigiúnaí sa Ghréig a bheidh san uasteorainn ar mhéid iomlán carnach na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha arna ndéanamh.

5.  De mhaolú ar Airteagal 53(2) agus ar Airteagal 77(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 agus d'ainneoin na gcinntí ón gCoimisiún lena socraítear uasráta agus uasmhéid na ranníocaíochta ó na Cistí do gach clár oibríochtúil de chuid na Gréige agus do gach ais tosaíochta, déanfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí iarmhéid deiridh a ríomh trí uasráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm ar an gcaiteachas incháilithe atá luaite le cláir oibríochtúla de chuid na Gréige do chuspóirí an Chóineasaithe agus an Iomaíochais réigiúnaigh agus na fostaíochta réigiúnaí faoi gach ais tosaíochta i ngach ráiteas caiteachais arna dheimhniú ag an údarás deimhniúcháin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir le cláir oibríochtúla sa Ghréig.

6.  Bunóidh an Ghréig sásra chun a áirithiú nach n-úsáidfear na méideanna breise a chuirfear ar fáil de thoradh na mbeart a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo ach amháin chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe agus le hoibríochtaí ar cuid dá cláir oibríochtúla iad.

Cuirfidh an Ghréig tuairisc faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh 2016 maidir le cur chun feidhme mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo agus déanfaidh sí tuilleadh tuairiscithe sa tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme atá le cur isteach de bhun phointe (a) d'Airteagal 89(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.

▼B

Airteagal 153

Aisghairm

1.  Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 152, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.  Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 154

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 20 go hAirteagal 29(3), pointe (a) d'Airteagal 38(1), Airteagal 58, Airteagal 60, Airteagal 76 go hAirteagal 92, Airteagal 118, Airteagal 120, Airteagal 121 agus Airteagal 129 go hAirteagal 147 den Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh feidhm ag an dara habairt den seachtú fomhír d'Airteagal 39(2) agus an cúigiú mír d'Airteagal 76 le héifeacht ón dáta a dtiocfaidh an leasú ar an Rialachán Airgeadais a bhaineann le leithreasuithe a shaoradh i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

COMHCHREAT STRAITÉISEACH

1.   RÉAMHRÁ

Ar mhaithe le forbairt chomhchuí chothromaithe agus inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn agus rannchuidiú Chistí SIE le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a uasmhéadú chomh maith leis na misin Chiste-shonracha de chuid Chistí SIE, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, is gá a áirithiú go mbeidh infheistíocht trí Chistí SIE agus ionstraimí eile Aontais ina gcranntaca ag na gealltanais bheartais a dhéanfar i gcomhthéacs straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ . Déanfaidh an Comhchreat Straitéasach (CS), dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 10, agus i gcomhall na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí a leagtar síos sna Rialacháin Chiste-shonracha, treoirphrionsabail straitéiseacha a chur ar fáil chun cur chuige comhtháite forbartha ag úsáid Chistí SIE arna gcomhordú le hionstraimí agus beartais eile an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí beartais agus spriocanna ceannlíne straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus, i gcás inarb iomchuí, na tionscnaimh shuaitheanta, agus na príomhdhúshláin chríochacha agus comhthéacsanna sonracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla á gur san áireamh.

2.   RANNCHUIDIÚ CHISTÍ SIE LE STRAITÉIS AN AONTAIS MAIDIR LE ►C1  FÁS CLISTE, INBHUANAITHE AGUS CUIMSITHEACH ◄ AGUS COMHLEANÚNACHAS LE RIALACHAS EACNAMAÍOCH AN AONTAIS

1. Chun tacú le spriocdhíriú éifeachtach ar ►C1  fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus sna cláir, sainaithnítear leis an Rialacháin seo aon chuspóir théamacha déag arna leagan amach sa chéad mhír d'Airteagal 9, a chomhfhreagraíonn do thosaíochtaí straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a gheobhaidh tacaíocht ó Chistí SIE.

2. Ar aon dul leis na cuspóirí téamacha a leagtar amach a chéad mhír d'Airteagal 9, chun a áirithiú gur ann don mhais chriticiúil atá riachtanach chun fás agus poist a sholáthar, agus i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialacháin seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha maidir le comhchruinniú téamach, díreoidh Ballstáit ar thacaíocht agus áiritheoidh siad éifeachtacht an mhéid a chaitheann siad. Tabharfaidh Ballstáit aird ar leith ar chaiteachas a chuireann leis an bhfás, lena n-áirítear caiteachas ar oideachas, taighde, nuálaíocht agus tíosacht ar fhuinneamh agus caiteachas chun an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú a éascú agus chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus bainistiú acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide a áirithiú chomh maith le riarachán poiblí a nuachóiriú. Cuirfidh siad san áireamh freisin conas cuimsiú agus éifeachtacht na seirbhísí fostaíochta agus beartas gníomhach maidir leis an margaidh saothair a chothabháil agus a neartú d'fhonn dífhostaíocht a chomhrac, agus béim ar leith acu ar dhaoine óga agus dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta na géarchéime agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

3. Chun comhsheasmhacht le tosaíochtaí a bhunaítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a áirithiú, agus a gComhaontuithe Comhpháirtíochta á n-ullmhú acu, pleanálfaidh na Ballstáit úsáid Chistí SIE ag cur san áireamh na gClár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha is deireanaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE), agus moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE i gcomhréir lena róil agus a n-oibleagáidí. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás nar gá, moltaí ábhartha ón gComhairle bunaithe ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus na cláir um choigeartú eacnamaíoch a chur san áireamh.

4. Chun an bealach ina gcuireann Cistí SIE le straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ sa chaoi is fearr a chinneadh, agus chun cuspóirí an Chonartha, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, a chur san áireamh, roghnóidh Ballstáit na cuspóirí téamacha d'úsáid bheartaithe Chistí SIE laistigh de na chomhthéacsanna naisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla iomchuí.

3.   CUR CHUIGE COMHTHÁITE AGUS SOCRUITHE CHUN CISTÍ SIE A ÚSÁID

3.1   Réamhrá

1. I gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 15(2), cuirfidh an Comhaontú Comhpháirtíochta cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach in iúl. Le roghnú na gcuspóirí téamacha agus na n-infheistíochtaí agus le roghnú thosaíochtaí an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndíreofar ar riachtanais forbraíochta agus dúshláin chríochacha ar bhealach comhtháite ar aon dul leis an anailís a leagtar amach i roinn 6.4. Féachfaidh na Ballstáit leis an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as na féidearthachtaí a bheidh ann chun soláthar comhordaithe agus comhtháite Chistí SIE a dheimhniú.

2. Áiritheoidh Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 4(4), réigiúin go mbeidh na hidirghabhálacha arna dtacú trí Chistí SIE comhlántach agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach comhordaithe d'fhonn sineirgí a chruthú, chun an costas agus an t-ualach riaracháin do chomhlachtaí bainistíochta agus do thairbhithe a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 27.

3.2   Comhordú agus comhlántacht

1. Oibreoidh na Ballstáit agus údaráis bhainistíochta atá freagrach as cur chun feidhme Chistí SIE i ndlúthchomhar lena chéile agus an Comhaontú Comhphairtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme acu, agus nuair a bheidh faireachán agus measúnú á dhéanamh orthu. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuirfear na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(a) réimsí idirghabhála a shainaithint inar féidir Cistí SIE a chomhcheangal ar bhealach comhlántach chun cuspóirí téamacha a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach;

(b) a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4(6), go bhfuil socruithe ann chun Cistí SIE a chomhordú go héifeachtach chun tionchar agus éifeachtacht na gCistí a mhéadú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí úsáid clár il-chiste do na Cistí;

(c) rannpháirteachas údarás bainistíochta atá freagrach as Cistí eile de chuid Cistí SIE nó údarás bainistíochta agus aireachtaí ábhartha eile i bhforbairt scéimeanna tacaíochta a chur chun cinn chun comhordú agus sineirgí a áirithiú agus forluíonna a sheachaint.

(d) i gcás inarb iomchuí, comhchoistí faireacháin le haghaidh clár lena gcuirtear Chistí SIE chun feidhme, a bhunú, agus socruithe eile comhbhainistíochta agus rialaithe a fhorbairt chun comhordú idir údaráis atá freagrach as cur chun feidhme Chistí SIE a éascú;

(e) úsáid a bhaint as réitigh ríomh-Rialachais atá ar fáil a fhéadfaidh cabhrú le hiarrthóirí agus tairbhithe, agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as "aonaid uileghnó", lena n-áirítear chun comhairle a thabhairt faoi na deiseanna tacaíochta atá ar fáil trí gach ceann de Chistí SIE;

(f) sásraí a bhunú chun gníomhaíochtaí comhair arna maoiniú ag CFRE agus CSE a chomhordú le hinfheistíochtaí arna dtacú ag na gcláir faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post';f

(g) cineálacha cur chuige coiteann idir Cistí SIE a chur chun cinn maidir le treoraíocht a thabhairt i leith forbairt oibríochtaí, glaonna ar thograí agus próiseas roghnúcháin nó sásraí eile chun rochtain ar na Cistí a éascú do thionscadail chomhtháite;

(h) comhar a spreagadh idir údaráis bhainistíochta Cistí éagsúla de chuid Cistí SIE i réimse an fhaireacháin, na meastóireachta, na bainistíochta agus an rialaithe, agus na hiniúchóireachta.

3.3   Cur chuige comhtháite a spreagadh

1. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, Cistí SIE a chomhcheangal ina bpacáistí comhtháite ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus iad saincheaptha chun díriú ar dhúshláin chríochacha shonracha chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sna cláir a bhaint amach. Féadtar é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ICCanna, oibríochtaí comhtháite, Comhphleananna Gníomhaíochta agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

2. I gcomhréir le hAirteagal 36, chun úsáid chomhtháite na gcuspóirí téamacha a bhaint amach, féadfar cistiú ó aiseanna éagsúla tosaíochta nó ó chláir oibríochtúla éagsúla arna dtacú ag CSE, ag CFRE agus ag an gCiste Comhtháthaithe a chomhcheangal faoi chuimsiú ICC. Féadfar gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích faoi ICC a chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó na cláir faoi CETFT nó faoi CEMI faoi seach.

3. I gcomhréir le forálacha ábhartha de chuid na rialacha Ciste-shonracha, chun tionchar agus éifeachtacht a mhéadú i gcur chuige comhtháite téamúil comhleanúnach, d'fhéadfadh ais tosaíochta a bheith bainteach le níos mó ná ceann amháin de na réigiúin, d'fhéadfadh sí tosaíocht infheistíochta chomhlántach amháin nó níos mó ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE a chomcheangal faoi chuspóir téamach amháin agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe, d'fhéadfadh sí tosaíocht infheistíochta chomhlántach amháin nó níos mó ó chuspóirí téamacha éagsúla a chomhcheangal chun an t-uasmhéid rannchuidithe a bhaint amach i leith na haise tosaíochta sin.

4. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlí agus le hAirteagal 32, forbairt cur chuige áitiúil agus foréigiúnacha a chur chun cinn. Cuirfear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme mar chuid de chur chuige straitéiseach lena áirithiú go gcuirfear tosaíochtaí arna leagan síos ar leibhéal níos airde san áireamh agus riachtanais áitiúla 'ó bhun aníos' á sainmhíniú. Dá bhrí sin, sainmhíneoidh na Ballstáit an cur chuige maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail in CETFT agus, i gcás inarb iomchuí, in CFRE, in CSE nó in CEMI i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus léireoidh siad sa Chomhaontú Comhpháirtíochta na príomhdhúshláin atá le sárú ar an mbealach sin, na príomhchuspóirí agus na príomhthosaíochtaí le haghaidh forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail, na cineálacha críoch atá le cuimsiú, an ról sonrach a thabharfar do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus straitéisí á gcur i bhfeidhm agus an ról a bheartaítear do CETFT, agus i gcás inarb iomchuí do CFRE, do CSE nó do CEMI, i gcur chun feidhme straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ar chineálacha éagsúla críoch amhail limistéir thuaithe, uirbeacha agus chósta agus na sásraí comhordúcháin comhfhreagracha.

4.   COMHORDÚ AGUS SINEIRGÍ IDIR CISTÍ SIE AGUS BEARTAIS AGUS IONSTRAIMÍ EILE AONTAIS

Beidh comhordú na mBallstát dá bhforáiltear faoin roinn seo i bhfeidhm a mhéid a bhfuil sé beartaithe ag Ballstát úsáid a bhaint as tacaíocht ó Chistí SIE agus ó ionstraimí eile Aontais sa réimse beartais ábhartha. Ní hionann na cláir Aontais atá leagtha amach sa roinn seo agus liosta uileghabhálach.

4.1   Réamhrá

1. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir leis na freagrachtaí atá orthu faoi seach, tionchar na mbeartas Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a chur san áireamh, d'fhonn sineirgí agus comhordú éifeachtach a chothú agus na modhanna is oiriúnaí a shainaithint agus a chur chun cinn i dtaobh cistí Aontais a úsáid chun tacú le hinfheistíocht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go mbeidh comhlántacht idir beartais agus ionstraimí Aontais agus idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus leis na freagrachtaí atá orthu faoi seach, comhordú idir Cistí SIE agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Déanfaidh siad céimeanna iomchuí chun comhsheasmhacht sna céimeanna cláreagraithe agus cur chun feidhme a áirithiú idir idirghabhálacha arna dtacú ag Cistí SIE agus cuspóirí de chuid beartas eile Aontais. Chun na críche sin, féachfaidh siad leis na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a) comhlántachtaí agus sineirgí idir ionstraimí éagsúla Aontais ar leibhéal Aontais, náisiúnta agus réigiúnach a fheabhsú, i gcéim na pleanála agus le linn an chur chun feidhme araon;

(b) struchtúir atá ann cheana a bharrfheabhsú agus, i gcás inar gá, struchtúir nua a bhunú lena n-éascófar sainaithint straitéiseach tosaíochtaí do na hionstraimí agus struchtúir éagsúla comhordúcháin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, athobair a sheachaint agus réimsí inar gá tacaíocht airgeadais bhreise a shainaithint;

(c) úsáid a bhaint as an bhféidearthacht tacaíocht ó ionstraimí éagsúla a chomhcheangal chun tacú le hoibríochtaí aonair agus oibriú i ndlúthchomhar leo siúd atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun deiseanna comhleanúnacha agus cuíchóirithe a chur ar fáil do thairbhithe.

4.2   Comhordú leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an gComhbheartas Iascaigh

1. Is dlúthchuid den Chomhbheartas Talmhaíochta é CETFT agus comhlánaíonn sé na bearta faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a thugann tacaíocht dhíreach d'fheirmeoirí agus a thacaíonn le bearta margaidh. Dá bhrí sin, bainisteoidh na Ballstáit na hidirghabhálacha sin le chéile ionas go n-uasmhéadófar sineirgí agus breisluach thacaíocht an Aontais.

2. Féachann CEMI le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a bhaint amach. Bainfidh na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid as CEMI chun tacú le hiarrachtaí chun bailiú sonraí a fheabhsú agus rialú a neartú, agus áiritheoidh siad go lorgófar sineirgí chun tacú le tosaíochtaí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, amhail eolas muirí, spásphleanáil mhuirí, bainistiú comhtháite creasa cósta, faireachas muirí comhtháite, cosaint na timpeallachta muirí agus na bithéagsúlachta, agus oiriúnú d'éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide i limistéir chósta.

4.3   Fís 2020 ( 21 ) agus cláir eile Aontais faoi bhainistíocht lárnach i réimsí an taighde agus na nuálaíochta

1. Beidh aird chuí ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar chomhordú, sineirgí agus comhlántachtaí a neartú idir Cistí SIE agus Fís 2020, ar an gClár um Iomaíochas Fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ), agus ar chláir chistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht lárnach agus deánfaidh siad dealú soiléir idir réimsí idirghabhála gach ceann acu ag an am céanna.

2. Forbróidh na Ballstáit straitéisí náisiúnta agus/nó réigiúnacha um 'speisealtóireacht chliste' i gcomhréir leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh straitéisí den sórt sin a bheith i bhfoirm creata náisiúnta nó réigiúnaigh um beartais straitéiseacha do thaighde agus do nuálaíochta (T&N) le haghaidh 'speisialtóireachta cliste' nó féadfar iad a áireamh ann. Forbrófar straitéisí um speisialtóireacht chliste trí rannpháirteachas údarás bainistíochta náisiúnta nó réigiúnach agus geallsealbhóirí amhail ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais, tionsclaíochta agus comhpháirtithe sóisialta i bpróiseas fionnachtana fiontraíochta. Beidh dlúthcheangal ag na húdaráis a bhaineann go díreach le Fís 2020 leis an bpróiseas sin. Déanfar an méid seo a leanas a áireamh sna straitéisí um speisialtóireacht chliste:

(a) "Gníomhaíochtaí réamhtheachtacha" chun gníomhaithe T&N a ullmhú chun bheith rannpháirteach in Fís 2020 ("staighrí chun barr feabhais"), a ndéanfar iad a fhorbairt, i gcás inarb iomchuí, trí fhorbairt cumais. Neartófar an chumarsáid agus an comhar idir pointí teagmhála náisiúnta Fís 2020 agus údaráis bhainistíochta Chistí SIE.

(b) "Gníomhaíochtaí iartheachtacha" chun an dóigh le torthaí T&N, a thig as Fís 2020 agus as cláir roimhe sin, a shaothrú agus a scaipeadh sa mhargadh agus béim ar leith ar thimpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht do ghnó agus tionsclaíocht, lena n-áirítear FBManna,agus atá ag luí leis na tosaíochtaí a sainaithníodh le haghaidh na gcríoch sa straitéis ábhartha um speisealtóireacht chliste.

3. Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na bhforálacha sa Rialachán seo lena gceadaítear Chistí SIE a chomhcheangal le hacmhainní faoi Fís 2020 sna cláir ábhartha a úsáidfear chun codanna de na straitéisí dá dtagraítear i bpointe 2 a chur chun feidhme. Tabharfar comhthacaíocht d'údaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun na straitéisí sin a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun deiseanna cómhaoinithe bonneagar T&N a bhaineann le leas na hEorpa a shainaithint, chun comhar idirnáisiúnta, tacaíocht mhodheolaíoch trí athbhreithnithe piaraí, malartú dea-chleachtais agus oiliúint ar fud réigiún a chur chun cinn.

4. Breithneoidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí faoi Airteagal 4(4), réigiúin, bearta breise atá ceaptha a n-acmhainneacht barr feabhais in T&N a spreagadh, ar bhealach atá comhlántach le Fís 2020 agus a chruthóidh sineirgí léi, go háirithe trí chomhchistiú. Is éard a bheidh sna bearta sin:

(a) sárinstitiúidí taighde agus réigiúin bheagfhorbartha chomh maith le Ballstáit agus réigiúin atá tearcfheidhmíoch ó thaobh Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta (TFN) de a nascadh chun lárionaid barrfheabhais a chruthú nó chun athchóiriú a dhéanamh orthu sin atá ann cheana i réigiúin bheagfhorbartha agus i mBallstáit agus réigiúin atá tearcfheidhmíoch ó thaobh TFN;

(b) naisc a chruthú le cnuasaigh nuálacha ag a bhfuil aitheantas barrfheabhais i réigiúin bheagfhorbartha agus i mBallstáit agus i réigiúin atá tearcfheidhmíoch ó thaobh TFN;

(c) "Ollúnachtaí LET" a bhunú chun lucht acadúil den scoth a mhealladh, go háirithe chuig na réigiúin bheagfhorbartha agus chuig na Ballstáit agus réigiúin atá tearcfheidhmíoch ó thaobh TFN;

(d) tacú le rochtain ar líonraí idirnáisiúnta a bheith ag taighdeoirí agus nuálaithe a bhfuil rannpháirtíocht leordhóthanach in easnamh orthu sa Limistéar Eorpach Taighde (LRT) nó a thagann ó réigiúin bheagfhorbartha nó ó Bhallstáit agus réigiúin atá tearcfheidhmíoch ó thaobh TFN;

(e) rannchuidiú mar is cuí leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha um Nuálaíocht;

(f) institiúidí náisiúnta agus/nó cnuasaigh bharr feabhais a ullmhú chun bheith rannpháirteach i bPobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (ENT); agus

(g) bheith ina n-óstaigh do cláir um shoghluaisteacht taighdeoirí idirnáisiúnta ardcháilíochta a fhaigheann comhchistiú ó "Ghníomhaíochtaí Marie Sklodowska-Curie".

Féachfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le hAirteagal 70, leis an tsolúbthacht a úsáid chun tacú le hoibríochtaí lasmuigh de limistéar an chláir, le leibhéal infheistíochta is leordhóthanach chun mais chriticiúil a bhaint amach, chun na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme sa tslí is éifeachtaí is féidir.

4.4   Cistiú taispeántais an Chúlchiste Iontrálaithe Nua 300 (NER 300) ( 23 )

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhordófar maoiniú ó Chistí SIE le tacaíocht ó chlár NER 300, a úsáideann na hioncaim ó cheantáil 300 milliún lámhaltas atá forchoimeádta faoi chúlchiste iontrálaithe nua na Scéime Eorpaí um Trádáil Astaíochtaí.

4.5   Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) ( 24 ) agus an acquis maidir leis an gcomhshaoil

1. Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, trí fhócas téamach níos láidre i gcláir agus i gcur i bhfeidhm phrionsabal na forbartha inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 8, le sineirgí a shaothrú le hionstraimí beartais Aontais (ionstraimí cistiúcháin agus neamhchistiúcháin araon) a fhónann don mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, do chosaint an chomhshaoil agus d'éifeachtúlacht acmhainní.

2. Cuirfidh na Ballstáit chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 4, áiritheoidh siad comhlántacht agus comhordú le LIFE, go háirithe le tionscadail chomhtháite i réimsí an dúlra, na bithéagsúlachta, an uisce, na dramhaíola, an aeir, an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide. Déanfar comhordú den sórt sin trí bhearta ar nós cistiú gníomhaíochtaí trí Chistí SIE a chomhlánaíonn tionscadail chomhtháite faoi LIFE a chur chun cinn agus trí úsáid réiteach, modhanna agus cur chuige arna mbailíochtú faoi LIFE a chur chun cinn chomh maith, inter alia, lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar glas, éifeachtúlacht fuinnimh, éicea-nuálaíocht, réitigh bunaithe ar an éiceachóras, agus glacadh le teicneolaíochtaí nuálacha gaolmhara.

3. Na pleananna, cláir nó straitéisí earnála ábhartha (lena n-áirítear an Creat Gníomhaíochta Tosaíochta, an Plean um Bainistiú Abhantracha, an Plean um Bainistiú Dramhaíola, an plean maolaithe nó an straitéis oiriúnaithe) féadfaidh siad a bheith ina gcreat comhordúcháin i gcás ina mbeartaítear tacaíocht do na réimsí lena mbaineann.

4.6   ERASMUS+ ( 25 )

1. Féachfaidh na Ballstáit le Cistí SIE a úsáid chun uirlisí agus modhanna a tastáladh agus a forbraíodh go ráthúil faoi "Erasmus+" a phríomhshruthú chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na hinfheistíochta i ndaoine a uasmhéadú agus, inter alia spreagadh a thabhairt do thionscnaimh óige agus do ghníomhaíochtaí saoránach.

2. Cuirfidh na Ballstáit chun cinn agus áiritheoidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4 comhordú éifeachtach idir Cistí SIE agus 'Erasmus+' ar an leibhéal náisiúnta trí dhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha infheistíochta atá ann agus spriocghrúpaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht a bhunú maidir le cistiú gníomhaíochtaí soghluaisteachta.

3. Bainfear comhordú amach trí shásraí comhair iomchuí a chur ar bun idir údaráis bhainistíochta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna mbunú faoi chlár 'Erasmus+', ar féidir leis cumarsáid thrédhearcach agus inrochtana a chothú i leith saoránach ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach.

4.7   Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) ( 26 )

1. Cuirfidh na Ballstáit chun cinn agus áiritheoidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4(6) comhordú éifeachtach idir Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus an tacaíocht a thugann Cistí SIE faoi na cuspóirí téamacha maidir le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta. Áirítear leis an gcomhordú éifeachtach sin comhordú na tacaíochta a thugtar faoi ais EURES de EaSI le gníomhaíochtaí chun soghluaisteacht saothair trasnáisiúnta a fheabhsú lena dtacaíonn CSE chun soghluaisteacht gheografach oibrithe a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a threisiú, chomh maith le comhordú idir tacaíocht Chistí SIE d'fhéinfhostaíocht, d'fhiontraíocht agus do chruthú gnó agus d'fhiontair shóisialta agus tacaíocht EaSI faoi ais an mhicreamhaoiniúcháin agus na fiontraíochta sóisialta.

2. Féachfaidh na Ballstáit leis na bearta is rathúla arna bhforbairt faoi ais ascnaimh an EaSI a mhéadú, go háirithe maidir le nuálaíocht shóisialta agus tástáil beartais shóisialta le tacaíocht CSE.

4.8   An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) ( 27 )

1. Ar mhaithe le breisluach Eorpach a uasmhéadú i réimsí an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar idirghabhálacha de chuid CFRE agus de chuid na gCistí Comhtháite a phleanáil i ndlúthchomhar leis an tacaíocht arna soláthar ag SCE, ionas gur féidir comhlántacht a áirithiú, athobair a sheachaint agus a áirithiú go ndéanfar nascáil optamach idir na cineálacha éagsúla bonneagar ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus ar fud an Aontais. Áiritheofar uasluamhánú na n-ionstraimí éagsúla cistiúcháin do thionscadail a mbeidh gné Aontais agus Margaidh Inmheánaigh acu, a thugann an breisluach Eorpach is airde, agus a chuireann comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach chun cinn, go háirithe na tionscadail sin a chuireann chun feidhme na gréasáin tosaíochta de bhonneagair iompair, fuinnimh agus dhigiteacha atá sainaitheanta sna creata beartais faoi seach den ghréasán tras-Eorpach chun bonneagar nua a thógáil agus bonneagar láithreach a uasghrádú go substaintiúil.

2. I réimse an iompair, beidh pleanáil na hinfheistíochta bunaithe ar an éileamh réadúil agus réamh-mheasta iompair agus sainaithneofar sna pleananna sin naisc atá ar iarraidh agus scrogaill tráchta, cuirfear san áireamh, i gcur chuige comhtháite, forbairt nasc trasteorann an Aontais, agus forbrófar naisc ar fud réigiún laistigh de Bhallstát. Aon infheistíochtaí a dhéantar i lúdracht réigiúnach leis an ngréasán cuimsitheach tras-Eorpach iompair (TEN-T) agus leis an gcroí-ghréasán TEN-T, áiritheofar leo go dtairbheoidh limistéir uirbeacha agus tuaithe de na deiseanna a bhaineann leis na príomhghréasáin.

3. Nuair a thugtar tosaíocht d'infheistíochtaí a mbeidh tionchar lasmuigh de Bhallstát ar leith acu, go háirithe na Ballstáit sin atá mar chuid de chonairí chroíghréasán an TEN-T, comhordófar í le pleanáil TEN-T agus le pleananna um chur chun feidhme conairí croíghréasáin, ionas go mbeidh infheistíochtaí ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe sa bhonneagar iompair ag luí go hiomlán le Treoirlínte TEN-T.

4. Díreoidh Ballstáit ar fhoirmeacha inbhuanaithe iompair agus ar shoghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach agus ar infheistiú a dhéanamh i limistéir a mbeidh an breisluach Eorpach is mó ag baint leo, ag cur san áireamh an gá atá le feabhas a chur ar cháilíocht, ar inrochtaineacht agus ar iontaofacht na seirbhísí iompair chun iompar poiblí a chur chun cinn. Ón uair a shainaithneofar iad, cuirfear infheistíochtaí in ord tosaíochta de réir an méid a rannchuidíonn siad le soghluaisteacht, le hinbhuanaitheacht, le gáis cheaptha teasa a laghdú, agus leis an Limistéar Iompair Eorpach Aonair, i gcomhréir leis an bhfís a leagtar amach sa Pháipéar Bán dar teideal "Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní", ag cur béime go bhfuil laghdú suntasach ar gháis cheaptha teasa ag teastáil san earnáil iompair. Ba cheart rannchuidiú na dtionscadal le líonraí iompair inbhuanaithe lasta na hEorpa trí fhorbairt na n-uiscebhealaí intíre a chur chun cinn ar bhonn measúnú roimh ré ar a dtionchar ar an gcomhshaol.

5. Tabharfaidh Cistí SIE na bonneagair áitiúla agus réigiúnacha agus a nascálacha do na gréasáin tosaíochta Aontais i réimsí an fhuinnimh agus na teileachumarsáide i gcrích.

6. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sásraí tacaíochta comhordúcháin agus teicniúla iomchuí a chur ar bun chun comhlántacht agus pleanáil éifeachtach beart TFC a áirithiú chun úsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí éagsúla Aontais (Cistí SIE, SCE, gréasáin Thras-Eorpacha, Fís 2020) atá ann chun gréasáin leathanbhanda agus na bonneagair seirbhísí dhigiteacha a mhaoiniú. Agus an ionstraim maoinithe is iomchuí á roghnú cuirfear san áireamh acmhainneacht ghinte ioncaim na hoibríochta agus an leibhéal riosca a bhaineann leis chun an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as cistí poiblí. Ba cheart go mbeadh aird ag na Ballstáit, i gcomhthéacs na meastóireachta a dhéanann siad ar iarratais ar thacaíocht ó Chistí SIE, ar na meastóireachtaí a dhéantar ar oibríochtaí a bhaineann leo, ar iarratais iad a tíolacadh le haghaidh CEF ach nár roghnaíodh, gan dochar do chinneadh roghnúcháin deiridh an údaráis bhainistíochta.

4.9   An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus an Ciste Forbraíochta Eorpach

1. Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, le comhordú idir ionstraimí seachtracha agus Cistí SIE a mhéadú chun iliomad cuspóirí beartais Aontais a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Tá comhordú agus comhlántachtaí idir an Ciste Forbraíochta Eorpach, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht thar a bheith tábhachtach.

2. Ar mhaithe le tacú le comhtháthú críochach níos doimhne, féachfaidh na Ballstáit le tairbhe a bhaint as sineirgí idir gníomhaíochtaí comhair chríochaigh faoi bheartas comhtháthaithe agus faoi na hIonstraimí Eorpacha um Chomharsanacht, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí comhair trasteorann, agus an acmhainneacht a thairgeann EGTCanna á cur san áireamh acu.

5.   PRIONSABAIL CHOTHROMÁNACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5, IN AIRTEAGAL 7 AGUS IN AIRTEAGAL 8 AGUS CUSPÓIRÍ BEARTAIS TRASEARNÁLACHA

5.1   Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1. I gcomhréir le hAirteagal 5, urramóidh na Ballstáit prionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil chun gur fusa comtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus cur i gcrích thosaíochtaí an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a bhaint amach. Chun na prionsabail sin a urramú, tá gníomhaíocht chomhordaithe ag teastáil, go háirithe idir na leibhéil éagsúla rialachais, arna déanamh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus i gcomhpháirtíocht, lena n-áirítear trí bhíthin comhair oibríochtúil agus institiúidigh, maidir le hullmhú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár.

2. Scrúdóidh na Ballstáit an gá atá le cumas institiúideach na gcomhpháirtithe a neartú chun a n-acmhainneacht a fhorbairt chun rannchuidiú le héifeachtacht na comhpháirtíochta.

5.2   Forbairt inbhuanaithe

1. Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta, i ngach céim de chur chun feidhme, a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a ionchorprú ina hiomláine in Cistí SIE, ag urramú phrionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 3(3) CAE, chomh maith leis an oibleagáid i dtaobh ceanglas maidir le cosaint chomhshaoil a chomhtháthú a chomhlíonadh de bhun Airteagal 11 CFAE agus an phrionsabail 'íoc mar a thruaillítear' mar atá leagtha amach in Airteagal 191(2) CFAE.

Gabhfaidh údaráis bhainistíochta gníomhaíochtaí de láimh le linn shaolré an chláir chun éifeachtaí dochracha atá ag idirghabhálacha don chomhshaol a sheachaint nó a laghdú agus chun torthaí i nglansochair shóisialta, chomhshaoil agus aeráide a áirithiú. D'fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh sna gníomhaíochtaí atá le gabháil de láimh:

(a) infheistíochtaí a threorú i dtreo na roghanna is tíosaí ar acmhainní agus is inbhuanaithe;

(b) infheistíochtaí a bhféadfadh tionchar diúltach nach beag a bheith acu ar an gcomhshaol nó ar an aeráid a sheachaint, agus tacú le gníomhaíochtaí chun aon tionchair a bheadh fágtha a mhaolú;

(c) peirspeictíocht fhadtéarmach a ghlacadh agus costais 'shaolré' na roghanna malartacha infheistíochta á gcur i gcomparáid;

(d) soláthar poiblí glas a mhéadú.

2. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh póitéinseal maolaithe agus oiriúnaithe i leith an athraithe aeráide maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh le tacaíocht Chistí SIE, i gcomhréir le hAirteagal 8, agus áiritheoidh siad go bhfuil na hinfheistíochtaí sin athléimneach ó thaobh thionchar an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha amhail rioscaí méadaithe tuilte, triomaigh, tonnta teasa, dóiteán foraoise agus eachtraí adhaimsire.

3. Beidh infheistíochtaí comhsheasmhach le céimiúlacht bainistíochta an uisce, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 ) agus béim á cur ar roghanna bainistithe éilimh. Ní mheasfar roghanna soláthair malartacha ach amháin nuair a bheidh deireadh leis an bpóitéinseal maidir le coigealtas agus éifeachtúlacht uisce. Beidh idirghabháil phoiblí in earnáil an bhainistithe dramhaíola comhlántach le hiarrachtaí san earnáil phríobháideach, go háirithe i ndáil le freagracht an táirgeora. Spreagfaidh infheistíochtaí cuir chuige nuálacha a chuireann ardleibhéil athchúrsála chun cinn. Beidh infheistíochtaí comhsheasmhach le céimiúlacht na dramhaíola a bunaíodh faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 ). Beidh caiteachas a bhaineann le bithéagsúlacht agus le cosaint acmhainní nádúrtha comhsheasmhach le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 30 ).

5.3   Comhionannas idir fir agus mná agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn

1. I gcomhréir le hAirteagal 7, saothróidh na Ballstáit agus an Coimisiún cuspóir an chomhionannais idir fir agus mná agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aon idirdhealú a sheachaint agus oibríochtaí sna cláir arna gcómhaoiniú ag Cistí SIE á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht á dhéanamh orthu. Agus cuspóirí Airteagal 7 á saothrú acu, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, go háirithe maidir le roghnú oibríochtaí, socrú cuspóirí idirghabhálacha, agus socruithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit anailísí inscne i gcás inarb iomchuí. Go háirithe, tacófar le gníomhaíochtaí sonracha dírithe trí CSE.

2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7, rannpháirteachas na gcomhlachtaí ábhartha atá freagrach as comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú sa chomhpháirtíocht a chur chun cinn, agus áiritheoidh siad struchtúir leormhaithe i gcomhréir le cleachtais náisiúnta chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcomhionannas inscne, leis an neamh-idirdhealú agus le hinrochtaineacht chun an saineolas is gá a sholáthar agus Cistí SIE á n-ullmhú agus faireachán agus meastóireacht á ndéanamh orthu.

3. Gabhfaidh údaráis bhainistíochta meastóireachtaí nó cleachtaí féinmheasúnaithe de láimh, i gcomhordú leis na coistí faireacháin, ag díriú ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phríomhshruthaithe inscne.

4. Díreoidh na Ballstáit, ar bhealach iomchuí, ar riachtanais na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste chun gur féidir leo lánpháirtiú níos fearr sa mhargadh saothair, agus ar an gcaoi sin a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a éascú.

5.4   Inrochtaineacht

Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 7, bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon chineál idirdhealaithe atá bunaithe ar mhíchumas. Maidir leis na táirgí, na hearraí, na seirbhísí agus na bonneagair go léir atá oscailte don phobal nó a sholáthraítear don phobal agus atá cómhaoinithe ag Cistí SIE, áiritheoidh údaráis bhainistíochta, trí bhíthin gníomhaíochta feadh shaolré an chláir, go bhfuil siad inrochtana ag na saoránaigh uile, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, agus sa tslí sin, trí threisiú a dhéanamh ar thimpeallacht saor ó bhacainní do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. Áiritheofar, go háirithe, go mbeidh ag gach grúpa faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, inrochtaineacht ar an timpeallacht fhisiciúil, ar an iompar, agus ar TFC ionas go gcuirfear chun cinn cuimsiú na ngrúpaí sin. D'fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí a ghlacfar de láimh infheistíochtaí a dhíriú i dtreo inrochtaineacht i bhfoirgnimh atá ann cheana féin agus i seirbhísí bunaithe.

5.5   Tabhairt faoi athrú déimeagrafach

1. Cuirfear san áireamh ar gach leibhéal dúshláin an athraithe dhéimeagrafaigh, lena n-áirítear go háirithe na dúshláin sin a bhaineann leis an daonra infhostaithe a bheith ag laghdú, sciar méadaitheach daoine ar scor sa daonra iomlán agus le dídhaonrú. Bainfidh na Ballstáit úsáid as Cistí SIE, ag teacht le straitéisí ábhartha náisiúnta nó réigiúnacha i gcás ina bhfuil na straitéisí sin i bhfeidhm, chun dul i ngleic le fadhbanna deimeagrafacha agus chun fás a bhaineann le sochaí atá ag aosú a chruthú.

2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as Cistí SIE, ag teacht le straitéisí ábhartha náisiúnta nó réigiúnacha chun cuimsiú na n-aoisghrúpaí uile a éascú, lena n-áirítear trí rochtain fheabhsaithe ar oideachas agus struchtúir tacaíochta sóisialta d'fhonn deiseanna fostaíochta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine óga a fheabhsú agus béim ar leith ar réigiúin ina bhfuil rátaí arda óg-dhífhostaíochta i gcomparáid leis an meánráta Aontais. Díreoidh infheistíochtaí i mbonneagair sláinte ar shaol oibre fada sláintiúil a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais.

3. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sna réigiúin is mó atá thíos le hathrú déimeagrafach, sainaithneoidh na Ballstáit go háirithe na bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) tacú le hathnuachan déimeagrafach trí dhálaí níos fearr do theaghlaigh agus cothromaíocht níos fearr idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a chur chun cinn;

(b) fostaíocht a mhéadú, táirgiúlacht agus feidhmíocht eacnamaíoch a ardú trí infheistiú in oideachas, TFC, i taighde agus i nuálaíocht;

(c) díriú ar leormhaitheas agus cáilíocht oideachais, oiliúna agus struchtúir tacaíochta sóisialta agus freisin i gcás inarb iomchuí, ar éifeachtúlacht córas cosanta sóisialta;

(d) soláthar cúraim shláinte atá cost-éifeachtach agus cúram fadtéarmach a chur chun cinn, lena n-áirítear infheistíocht sa ríomhshláinte, sa ríomhchúram agus sa bhonneagar.

5.6   Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

I gcomhréir le hAirteagal 8, déanfar maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide a ionchorprú in ullmhú agus i gcur chun feidhme an Chomhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár.

6.   SOCRUITHE CHUN DUL I nGLEIC LE PRÍOMHDHÚSHLÁIN CHRÍOCHACHA

6.1 Cuirfidh Ballstáit gnéithe geografacha nó déimeagrafacha san áireamh agus tabharfaidh céimeanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chríochacha shonracha do gach réigiún chun a n-acmhainn shonrach a fhuascailt maidir le fás, agus sa chaoi sin cabhrófar leo ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a bhaint amach sa chaoi is éifeachtúla.

6.2. Maidir le roghnú agus cumasc na gcuspóirí téamacha, chomh maith le roghnú na hinfheistíochta comhfhreagraí agus na dtosaíochtaí Aontais chomh maith leis na ►C1  cuspóir sonrach ◄ , léireoidh siad riachtanais agus acmhainneacht gach Ballstáit agus réigiúin maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ .

6.3. Dá bhrí sin, agus Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus cláir á réiteach ag na Ballstáit, cuirfear san áireamh go bhféadfadh sé go mbeidh tionchair dhifriúla ar na réigiúin dhifriúla ag na mórdhúshláin shochaíocha atá os comhair an Aontais inniu - domhandú, athrú déimeagrafach, díghrádú comhshaoil, imirce, athrú aeráide, úsáid an fhuinnimh, mar aon le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime.

6.4. D'fhonn dul i ngleic le dúshláin chríochacha le cur chuige comhtháite críochach, áiritheoidh Ballstáit go léireoidh na cláir faoi Chistí SIE éagsúlacht na réigiún Eorpach, bíodh sé sin i dtéarmaí fostaíochta agus ghnéithe an mhargaidh shaothair, idirspleáchais idir earnálacha difriúla, patrúin chomaitéireachta, aoisiú an phobail agus athruithe déimeagrafacha, i dtéarmaí cultúrtha, i dtéarmaí na tírdhreacha agus gnéithe oidhreachta, i dtéarmaí a dtionchair ar iarmhairtí agus leochaileachtaí athraithe comhshaoil, i dtéarmaí úsáide talún agus srianta acmhainní, poitéinseal le haghaidh úsáid níos inbhuanaithe acmhainní nádúrtha lena n-áirítear socruithe institiúideacha agus rialtais, i dtéarmaí a nasctha nó a inrochtana agus i dtéarmaí idirnascachta na limistéar uirbeach agus tuaithe. Dá bhrí sin, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 15(1), tabharfaidh Ballstáit faoi na céimeanna seo a leanas ar mhaithe le hullmhú dá gcuid Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus dá gcuid gclár:

(a) Anailís ar shaintréithe, acmhainneacht agus cumas forbartha an Bhallstáit nó an réigiúin, go háirithe i ndáil leis na príomhdhúshláin a sainaithníodh i straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ , sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, sna moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus i moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE.

(b) Measúnú ar na príomhdhúshláin a mbeidh ar an réigiún nó ar an mBallstát díriú orthu, sainaithint na scrogall tráchta agus nasc atá ar iarraidh, bearnaí nuálaíochta, lena n-áirítear easpa acmhainneachta pleanála agus cur chun feidhme a chuirfidh bac ar acmhainneacht fhadtéarmach fáis agus post. Beidh an méid sin ina bhonn chun réimsí agus gníomhaíochtaí féideartha ó thaobh beartais a chur in ord tosaíochta, idirghabhála agus comhchruinnithe a shainaithint;

(c) Measúnú ar na dúshláin chomhordúcháin thrasearnála, thrasdhlínse nó thrasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige;

(d) Bearta a shainaithint chun comhordú níos fearr thar leibhéil éagsúla chríochacha, ag cur an scála críochach iomchuí agus an comhthéacs don dearadh beartais mar aon le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát san áireamh, agus foinsí cistithe a bhaint amach chun go mbeidh cur chuige comhtháite ann lena nascfar straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ le gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla.

6.5. Ar mhaithe le cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh a chur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit agus na réigiúin go ndéanfar, go háirithe, an cur chuige foriomlán i leith ►C1  fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh ◄ a chur chun cinn sna réimsí lena mbaineann:

(a) ról na gcathracha, na limistéar uirbeach agus tuaithe, na limistéar iascaigh agus na limistéar cósta, agus na limistéar atá ag tabhairt aghaidh ar bhaic shonracha gheografacha nó dhéimeagrafacha a léiriú;

(b) dúshláin shonracha na réigiún is forimeallaí, na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil daonra an-íseal iontu agus na réigiún oileánach, trasteorann nó sléibheteach a chur san áireamh;

(c) go ndíreoidh sé ar naisc uirbeacha-tuaithe, i dtéarmaí rochtana ar bhonneagar agus seirbhísí inacmhainne, ardcháilíochta, agus fadhbanna i réigiúin ina bhfuil ardtiúchan pobal atá imeallaithe go sóisialta.

7.   Gníomhaíochtaí comhair

7.1   Comhordú agus comhlántacht

1. Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht a bhunú idir gníomhaíochtaí comhair agus gníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go rannchuideoidh gníomhaíochtaí comhair ar bhealach éifeachtach le cuspóirí straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ agus go n-eagrófar comhar chun tacú le spriocanna beartais níos leithne. Chun é sin a bhaint amach áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhlántacht agus comhordú le cláir eile nó ionstraimí eile a fhaigheann cistiú ón Aontas.

3. Ar mhaithe le héifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú, féachfaidh na Ballstáit leis go mbeidh comhordú agus comhlántacht idir cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus "sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post", go háirithe le pleanáil chomhleanúnach a áirithiú agus le cur chun feidhme infheistíochta mórscála a éascú.

4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cuspóirí na straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige mar chuid den phleanáil straitéiseach fhoriomlán i gComhaontuithe Comhpháirtíochta, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán seo, agus i gcláir sna réigiúin agus sna Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le forálacha ábhartha de chuid na rialacha Ciste-shonracha. Féachfaidh na Ballstáit freisin lena áirithiú, i gcás go mbunaítear straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige, go dtabharfar tacú dá gcur chun feidhme ó Chistí SIE, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán seo agus le forálacha ábhartha de chuid na rialacha Ciste-shonracha agus i gcomhréir le riachtanais limistéar an chláir arna sainaithint ag na Ballstáit. Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtúil a áirithiú beidh comhordú ann freisin le hionstraimí eile a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus le hionstraimí ábhartha eile.

5. I gcás inarb iomchuí, bainfidh na Ballstáit úsáid as an deis gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta a dhéanamh le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad faoi chuimsiú chreat na gclár oibríochtúil faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus ost, lena n-áirítear cur chun feidhme beart ábhartha taighde agus nuálaíochta a thig as a straitéisí 'speisealtóireachta cliste'.

6. Bainfidh na Ballstáit agus na réigiúin an úsáid is fearr as cláir chomhair chríochacha chun baic ar an gcomhar a shárú thar theorainneacha riaracháin, agus straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ á threisiú mar aon leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar na réigiúin a chumhdaítear le hAirteagal 349 CFAE.

7.2   Comhar trasteorann, trasnáisiúnta, agus idir-réigiúnach faoi CFRE.

1. Féachfaidh na Ballstáit agus na réigiúin le comhar a úsáid chun tairseach chriticiúil a bhaint amach, inter alia, i réimse an TFC agus na taighde agus na nuálaíocht agus forbairt cur chuige comhpháirteach speisialtóireachta cliste agus comhpháirtíochta i measc na n-institiúidí oideachais a chur chun cinn freisin. Áireofar le comhar idir-réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, comhar a chothú idir braislí agus malairtí nuálacha agus dian-thaighde agus institiúidí taighde, agus taithí na "Réigiúin Eolais" agus "An Cumas Taighde i Réigiúin Chóineasaithe agus sna Réigiúin is forimeallaí" faoin Seachtú Creatchlár um Thaighde á cur san áireamh.

2. Féachfaidh na Ballstáit agus na réigiúin le feidhm a bhaint as an gcomhar trasteorann agus trasnáisiúnta sna limistéir lena mbaineann chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) a áirithiú go dtacaítear le comhbhainistiú agus le cur chun cinn acmhainní nádúrtha na limistéar a chomhroinneann mórghnéithe geografacha (oileáin, lochanna, aibhneacha, imchuacha farraige nó sliabhraonta);

(b) an bharainneacht scála is féidir a bhaint amach a shaothrú, go háirithe maidir le hinfheistíocht a bhaineann le húsáid chomhroinnte na seirbhísí poiblí coiteanna;

(c) pleanáil chomhtháite agus forbairt chomhtháite an bhonneagair ghréasáin trasteorann a chur chun cinn, go háirithe maidir le naisc thrasteorann atá ar iarraidh, agus maidir le modhanna iompair i limistéir gheografacha níos mó ar modhanna iompair iad nach bhfuil díobhálach don timpeallacht agus atá idir-inoibritheach;

(d) mais chriticiúil a bhaint amach, go háirithe i réimse na taighde agus na núalaíochta agus TFC, i réimse an oideachais agus maidir le bearta lena gcuirtear feabhas ar iomaíochas FBManna.

(e) neart a chur leis an margadh saothair thrasteorann chun soghluaisteacht trasteorann na n-oibrithe a chaomhnú.

(f) feabhas a chur ar rialachas trasteorann.

3. Féachfaidh na Ballstáit agus na réigiúin le húsáid a bhaint as comhar idir-réigiúnach chun éifeachtúlacht an Bheartais Chomhtháthaithe a atreisiú trí mhalartú taithí a spreagadh idir réigiúin agus cathracha chun feabhas a chur ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na gclár faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post agus faoi sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh.

7.3   An méid a chuireann na cláir phríomhshrutha le straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige

1. I gcomhréir le pointe (a)(ii) d'Airteagal 15(2)) den Rialachán seo agus le forálacha ábhartha de chuid na rialacha Ciste-shonracha féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh slógadh rathúil chistiú an Aontais do na straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige i gcomhréir le riachtanais limistéar an chláir arna sainaithint ag na Ballstáit. Féadfaidh slógadh rathúil a áirithiú, i measc gníomhaíochtaí eile, trí thosaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí sin a eascraíonn as straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige trí ghlaonna sonracha a eagrú maidir leo nó trí thosaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí sin sa phróiseas roghnúcháin trí oibríochtaí a aithint a fhéadfar a chomhmhaoiniú trí chláir éagsúla.

2. Déanfaidh na Ballstáit a machnamh faoi úsáid a bhaint as cláir ábhartha thrasnáisiúnta mar chreataí cun tacú le raon na mbeartas agus na gcistí is gá chun straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a chur i bhfeidhm.

3. Cuirfidh na Ballstáit úsáid Chistí SIE chun cinn, i gcás inarb iomchuí, i gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha, le haghaidh chruthú na gconairí Eorpacha iompair, lena n-áirítear tacú le nuachóiriú custaim; tubaistí nádúrtha a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt a thabhairt orthu, bainistiú uisce ar leibhéal abhantracha, bonneagar glas, comhar comhtháite muirí thar theorainneacha agus earnálacha, gréasáin T&N agus TFC agus bainistiú foinsí muirí comhroinnte san imchuach farraige agus cosaint na bithéagsúlachta muirí.

7.4   Comhar trasnáisiúnta faoi CSE

1. Féachfaidh na Ballstáit le haghaidh a thabhairt ar na réimsí beartais atá sainaitheanta sna moltaí ábhartha ón gComhairle d'fhonn foghlaim fhrithpháirteach a uasmhéadú.

2. Roghnóidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na téamaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta agus bunóidh siad sásraí cur chun feidhme iomchuí i gcomhréir lena riachtanais shonracha féin.




IARSCRÍBHINN II

MODH LENA MBUNAÍTEAR AN CREAT FEIDHMÍOCHTA

1. Is éard a bheidh sa chreat feidhmíochta garspriocanna atá bunaithe do gach tosaíocht, cé is moite de thosaíochtaí atá tiomnaithe do chúnamh teicniúil agus cláir atá tiomnaithe d'ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 39, maidir leis an mbliain 2018 agus spriocanna atá bunaithe le haghaidh 2023. Cuirfear na garspriocanna agus na spriocanna i láthair i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i dtábla 1.



Tábla 1:  Formáid chaighdeánach don chreat feidhmíochta

Tosaíocht

►C1  Táscaire nó, i gcás inarb iomchuí, príomhchéim cur chun feidhme agus aonad tomhais ◄

 

Garsprioc le haghaidh 2018

Sprioc le haghaidh 2023

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2. Spriocanna idirmheánacha iad garspriocanna, atá nasctha go díreach le gnóthú sainchuspóra tosaíochta, i gcás inarb iomchuí, lena sloinntear an dul chun cinn atá beartaithe i dtreo na spriocanna atá socraithe do dheireadh na tréimhse. Áireofar le garspriocanna atá bunaithe le haghaidh 2018 táscairí airgeadais, táscairí aschuir agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí toraidh, a bhfuil dlúthnasc acu leis na hidirghabhálacha tacaithe beartais. Ní chuirfear táscairí toraidh san áireamh chun críocha Airteagal 22(6) agus (7). Féadfar garspriocanna a bhunú freisin le haghaidh na bpríomhchéimeanna cur chun feidhme.

3. Beidh garspriocanna agus spriocanna:

(a) réalaíoch, indéanta, ábhartha, agus gabhfaidh siad faisnéis fhíor-riachtanach faoi dhul chun cinn tosaíochta;

(b) comhsheasmhach le cineál agus carachtar ►C1  chuspóirí sonracha ◄ na tosaíochta;

(c) trédhearcach, agus beidh spriocanna atá infhíoraithe go hoibiachtúil iontu mar aon leis na sonraí foinse atá sainaitheanta agus, i gcás inar féidir, ar fáil go poiblí;

(d) infhíoraithe, gan ualach riaracháin díréireach a fhorchur;

(e) comhsheasmhach thar chláir oibríochtúla, i gcás inarb iomchuí.

4. Déanfar na spriocanna do 2023 le haghaidh tosaíochta ar leith a bhunú agus méid an chúlchiste feidhmíochta a bhaineann leis an tosaíocht á chur san áireamh.

5. I gcásanna cuí-réasúnaithe, amhail athrú suntasach i ndálaí geilleagair, comhshaoil agus mhargadh an tsaothair i mBallstáit nó i réigiún, agus sa bhreis ar leasuithe a eascraíonn as athruithe sna leithdháiltí a thugtar do thosaíocht ar leith, féadfaidh an Ballstát sin athbhreithniú ar na garspriocanna agus ar na spriocanna a mholadh i gcomhréir le hAirteagal 30.




IARSCRÍBHINN III

FORÁLACHA MAIDIR LE RAON FEIDHME AGUS LEIBHÉAL FHIONRAÍ NA GCEANGALTAS NÓ NA N-ÍOCAÍOCHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 23(11) A CHINNEADH

1.   LEIBHÉAL FHIONRAÍ NA GCEANGALTAS A CHINNEADH

Déanfar leibhéal uasta na fionraí a chuirtear i bhfeidhm i leith Ballstáit a chinneadh ar an gcéad ásc trí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 23(11) pointe (a) go pointe (c) a chur san áireamh. Déanfar an leibhéal sin a laghdú má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó don méid seo a leanas:

(a) i gcás inar mó le dhá phointe céatadáin an ráta dífhostaíochta sa Bhallstát don bhliain roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9) ná an meánráta don Aontas, déanfar leibhéal uasta na fionraí a laghdú 15 %;

(b) i gcás inar mó le cúig phointe céatadáin an ráta dífhostaíochta sa Bhallstát don bhliain roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9) ná an meánráta don Aontas, déanfar leibhéal uasta na fionraí a laghdú 25 %;

(c) i gcás inar mó le hocht bpointe céatadáin an ráta dífhostaíochta sa Bhallstát don bhliain roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9) ná an meánráta don Aontas, déanfar leibhéal uasta na fionraí a laghdú 50 %;

(d) i gcás inar mó le 10 bpointe céatadáin don bhliain roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9) an cion de dhaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta sa Bhallstát ná an meánráta don Aontas, déanfar leibhéal uasta na fionraí a laghdú 20 %;

(e) i gcás ina dtarlóidh crapadh ar fhíorOTI sa Bhallstát ar feadh dhá bhliain nó níos mó i ndiaidh a chéile roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9), déanfar leibhéal uasta na fionraí a laghdú 20 %;

(f) i gcás ina mbainfidh an fhionraí le ceangaltais do na blianta 2018, 2019 nó 2020, cuirfear laghdú i bhfeidhm ar leibhéal a thig ó chur i bhfeidhm Airteagal 32(11) mar a leanas:

(i) don bhliain 2018, déanfar leibhéal na fionraí a laghdú 15 %;

(ii) don bhliain 2019, déanfar leibhéal na fionraí a laghdú 25 %;

(iii) don bhliain 2020, déanfar leibhéal na fionraí a laghdú 50 %.

Ní bheidh an laghdú i leibhéal na fionraí a thig as pointe (a) go pointe (f) a chur i bhfeidhm níos mó ná 50 % ar an iomlán.

I gcás ina dtarlóidh an toisc a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe (b) nó i bpointe (c) go comhuaineach le pointí (d) agus (e) araon, déanfar éifeacht na fionraí a chur siar bliain.

2.   RAON FEIDHME FHIONRAÍ NA GCEANGALTAS AR FUD NA GCLÁR AGUS NA DTOSAÍOCHTAÍ A CHINNEADH

Maidir le fionraí na gceangaltas a chuirtear i bhfeidhm i leith Ballstáit, déanfaidh sé difear go comhréireach ar an gcéad ásc do na cláir agus tosaíochtaí uile.

Déanfar, áfach, na cláir agus na tosaíochtaí seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na fionraí:

(i) cláir nó tosaíochtaí atá cheana féin faoi réir cinnidh maidir le fionraí arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(6);

(ii) cláir nó tosaíochtaí a bhfuil a n-acmhainní le méadú mar thoradh ar iarraidh um athshannadh arna díriú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(1) i mbliain an teagmhais spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9);

(iii) cláir nó tosaíochtaí a ndearnadh a gcuid acmhainní a mhéadú laistigh de dhá bhliain roimh an teagmhas spreagtha dá dtagraítear in Airteagal 23(9) mar thoradh ar chinneadh a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(5);

(iv) cláir nó tosaíochtaí a bhfuil ríthábhacht leo chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta. Cuimseoidh cláir den sórt sin nó tosaíochtaí den sórt sin cláir nó tosaíochtaí a thacaíonn le hinfheistíochtaí a bhfuil tábhacht ar leith leo don Aontas agus a bhaineann leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg. Féadfar a mheas go bhfuil an ríthábhacht sin le cláir nó tosaíochtaí nuair a thacóidh siad le hinfheistíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme moltaí a dhírítear chuig an mBallstát lena mbaineann faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh agus atá dírithe ar athchóirithe struchtúrtha, nó a bhaineann le tosaíochtaí a thacaíonn le bochtaineacht a laghdú nó le hionstraimí airgeadais maidir le hiomaíochas FBManna.

3.   LEIBHÉAL DEIRIDH FHIONRAÍ NA GCEANGALTAS A CHINNEADH LE HAGHAIDH NA GCLÁR A THIG FAOI RAON FEIDHME NA FIONRAÍ

Maidir le heisiamh tosaíochta laistigh de chlár, déanfar é trí cheangaltais an chláir a laghdú ar bhonn pro rata i leith an leithdháilte ar an tosaíocht.

Is é a bheidh sa leibhéal fionraí atá le cur i bhfeidhm i leith cheangaltais na gclár ná an leibhéal sin atá riachtanach chun leibhéal comhiomlán na fionraí arna chinneadh faoi phointe 1 a bhaint amach.

4.   RAON FEIDHME AGUS LEIBHÉAL FIONRAÍ NA N-ÍOCAÍOCHTAÍ A CHINNEADH

Déanfar na cláir agus na tosaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe 2(i) go (iv) a eisiamh freisin ó raon feidhme fhionraí na n-íocaíochtaí.

Ní bheidh an leibhéal fionraí atá le cur i bhfeidhm níos mó ná 50 % d'íocaíochtaí na gclár agus na dtosaíochtaí.




IARSCRÍBHINN IV

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS A CHUR CHUN FEIDHME: COMHAONTUITHE CISTIÚCHÁIN

1. Nuair a chuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme faoi phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 38(4), áireoidh an comhaontú cistiúcháin na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le ranníocaíochtaí a dhéanamh ón gclár don ionstraim airgeadais agus áireoidh ar a laghad na gnéithe seo a leanas:

(a) straitéis infheistíochta nó an beart lena n-áirítear socruithe cur chun feidhme, táirgí airgeadais a bheidh le tairiscint, na faighteoirí deiridh mar spriocghrúpa agus an comhcheangal dóchúil le tacaíocht deontais (más iomchuí);

(b) plean gnó nó doiciméid chomhchosúla don ionstraim airgeadais atá le cur chun feidhme lena n-áirítear an éifeacht luamhánaithe dhóchúil dá dtagraítear in Airteagal 37(2);

(c) torthaí na gcuspóirí a bhfuiltear ag súil go mbainfidh an ionstraim airgeadais amach chun ranníoc le ►C1  cuspóirí sonracha ◄ agus le torthaí na tosaíochta ábhartha;

(d) forálacha maidir le faireachán ar chur chun feidhme na n-infheistíochtaí agus shreabhadh na gcomhaontuithe lena n-áirítear tuairisciú ag an ionstraim airgeadais don chiste de chistí agus/nó don údarás bainistíochta d'fhonn comhlíonadh Airteagal 46 a dheimhniú;

(e) ceanglais iniúchóireachta amhail ceanglais íosta don doiciméadú a bheidh le coimeád ar leibhéal na hionstraime airgeadais (agus ar leibhéal an chiste de chistí nuair is iomchuí), agus ceanglais maidir le taifid ar leith a choimeád ar na cineálacha éagsúla tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 37(7) agus (8) (nuair is infheidhme), lena n-áirítear forálacha agus ceanglais maidir le rochtain ar dhoiciméid ag údaráis iniúchóireachta de chuid na mBallstát, ag iniúchóirí an Choimisiúin agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun deimhniú go mbeidh rian soiléir iniúchóireachta ann, i gcomhréir le hAirteagal 40;

(f) ceanglais agus nósanna imeachta chun an ranníocaíocht chéimneach dá bhforáiltear leis an gclár a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 41, agus do réamhfhaisnéis shreabhadh na gcomhaontuithe, lena n-áirítear ceanglais um chuntasaíocht mhuiníneach/leithleach mar a leagtar amach in Airteagal 38(6) iad;

(g) ceanglais agus nósanna imeachta maidir le hús agus fáltais eile a bhainistiú mar a thagraítear dóibh in Airteagal 43, lena n-áirítear oibríochtaí/infheistíochtaí inghlactha don státchiste agus freagrachtaí agus cúraimí na bpáirtithe a bheidh i gceist;

(h) forálacha maidir le ríomh agus íoc na gcostas bainistithe a thabhaítear nó ríomh agus íoc tháillí bainistithe na hionstraime airgeadais;

▼C1

(i) forálacha maidir le hathúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 44;

(j) forálacha maidir le hathúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 45 agus beartas i dtaca le himeacht na n-acmhainní sin as an ionstraim airgeadais;

▼B

(k) coinníollacha maidir le haistarraingt iomlán nó pháirteach a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le ranníocaíochtaí cláir ó chláir d'ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear an ciste de chistí i gcás inarb infheidhme;

(l) forálacha chun a áirithiú go ndéanfaidh na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme bainistiú ar na hionstraimí airgeadais ar bhonn neamhspleách agus i gcomhréir leis na caighdeáin ghairmiúla ábhartha, go ngníomhóidh siad i gcomhréir le leas iomlán na bpáirtithe a dhéanfaidh ranníocaíochtaí don ionstraim airgeadais;

(m) forálacha maidir leis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh.

Sa bhreis air sin, i gcás go n-eagraítear ionstraimí airgeadais trí chiste de chistí, ní mór don chomhaontú cistiúcháin idir an t-údarás bainistíochta agus an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme foráil a dhéanamh maidir le comhlachtaí a chuireann na hionstraimí airgeadais chun feidhme a bhreithmheas agus a roghnú, lena n-áirítear glaonna ar thograí nó nósanna imeachta um sholáthar poiblí.

2. Áireoidh doiciméid straitéise dá dtagraítear faoi Airteagal 38(8) maidir le hionstraimí airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi phointe (c) d'Airteagal 38(4) na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

▼C1

(a) an straitéis infheistíochta nó an beart maidir leis an ionstraim airgeadais, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le hiasacht nó ráthaíocht réamhthuartha, spriocfhaighteoirí deiridh agus gníomhaíochtaí a bheidh le tacú;

▼B

(b) plean gnó nó doiciméid choibhéiseacha don ionstraim airgeadais atá le cur chun feidhme lena n-áirítear an éifeacht luamhánaithedhóchúil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 37(2);

▼C1

(c) athúsáid na n-acmhainní atá inchurtha do thacaíocht Chistí SIE i gcomhréir le hAirteagal 44 agus le hAirteagal 45;

▼B

(d) faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na hionstraime airgeadais d'fhonn comhlíonadh Airteagal 46 a áirithiú;




IARSCRÍBHINN V



SAINMHÍNIÚ AR RÁTAÍ COMHRÉIDH DO THIONSCADAIL A GHINEANN GLANIONCAM

 

Earnáil

Rátaí comhréidh

1

BÓTHAR

30 %

2

IARNRÓD

20 %

3

IOMPAR UIRBEACH

20 %

4

UISCE

25 %

5

DRAMHAÍL SHOLADACH

20 %




IARSCRÍBHINN VI



MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ IDIR 2014 AGUS 2020

Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear breisiú TFAO

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

EUR, praghsanna 2011

44 677 333 745

45 403 321 660

46 044 910 729

46 544 721 007

47 037 288 589

47 513 211 563

47 924 907 446

325 145 694 739




IARSCRÍBHINN VII

MODHEOLAÍOCHT LEITHDHÁILTE

Modh leithdháilte do na réigiúin bheagfhorbartha atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 90(2)

1. Is é a bheidh i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do réigiúin incháilithe aonair leibhéal NUTS-2 atá aige, arna ríomh i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

(a) an dearbhmhéid (in EUR) a chinneadh trí líon na ndaoine sa réigiún lena mbaineann a iolrú faoin difríocht atá ann idir OTI per capita an réigiúin sin, arna thomhas de réir PCC, agus meán-OTI per capita (in PCC) AE-27;

(b) cuirfear céatadán i bhfeidhm ar an dearbhmhéid thuasluaite chun imchlúdach airgeadais an réigiúin sin a chinneadh; céimneofar an céatadán seo chun rathúnas coibhneasta an Bhallstáit ina bhfuil an réigiún incháilithe a léiriú, arna thomhas de réir PCC, i gcomparáid le meán AE-27, i.e.:

(i) le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita faoi bhun 82 % de mheán AE-27: 3,15 %;

(ii) le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita idir 82 % agus 99 % de mheán AE-27: 2,70 %;

(iii) le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita os cionn 99 % de mheán AE-27: 1,65 %;

(c) déanfar a chur leis an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (b), más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 1 300 in aghaidh gach duine atá dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta réigiúin bheagfhorbartha uile an AE á chur i bhfeidhm.

Modh leithdháilte do na réigiúin trasdula atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2)

2. Is é a bheidh i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do réigiúin incháilithe aonair leibhéal NUTS-2 atá aige, arna ríomh i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

(a) an déine cúnaimh theoiriciúil uasta agus íosta a chinneadh le haghaidh gach réigiúin trasdula incháilithe. Cinntear leibhéal íosta na tacaíochta de réir mheándéine cúnaimh per capita in aghaidh an Bhallstáit, roimh chur i bhfeidhm na socruithe slándála réigiúnacha, a leithdháiltear ar na réigiúin níos forbartha sa Bhallstát sin. Mura bhfuil aon réigiún níos forbartha sa Bhallstát, beidh an leibhéal íosta tacaíochta ag comhfhreagairt don mheándéine cúnaimh tosaigh per capita i gcás réigiúin níos forbartha, i.e. EUR 19,80 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana. Tagairt do réigiún teoiriciúil ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine de 75 % de mheán AE-27 atá i leibhéal uasta na tacaíochta agus ríomhtar é trí leas a bhaint as an modh atá sainithe i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Den mhéid a fhaightear tríd an modh seo, cuirtear 40 % san áireamh;

(b) ríomh na leithdháiltí réigiúnacha tosaigh, agus OTI réigiúnach per capita (in PPS) á chur san áireamh trí idirshuíomh líneach OTI par capita coibhneasta an réigiúin i gcomparáid le AE-27;

(c) déanfar a chur leis an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (b), más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 1 100 in aghaidh gach duine atá dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta na réigiún beagfhorbartha uile á chur i bhfeidhm.

Modh leithdháilte do na réigiúin níos forbartha atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2)

3. Gheofar an t-imchlúdach airgeadais teoiriciúil tosaigh iomlán trí dhéine cúnaimh in aghaidh an duine agus in aghaidh na bliana de EUR 19,80 a iolrú faoin daonra incháilithe.

4. Is éard a bheidh i sciar gach Ballstáit lena mbaineann suim sciaranna a réigiúin incháilithe leibhéal NUTS-2, a chinntear ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar a léirítear:

(a) daonra réigiúnach iomlán (ualú 25 %),

(b) líon na ndaoine atá dífhostaithe i réigiúin leibhéal NUTS 2 a bhfuil ráta dífhostaíochta iontu atá níos airde ná an meán do na réigiúin níos forbartha uile (ualú 20 %),

(c) fostaíocht le cur isteach chun sprioc straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ a bhaint amach don ráta réigiúnach fostaíochta (20 go 64 bliana d'aois) de 75 % (ualú 20 %),

(d) an líon daoine idir 30 agus 34 bliana d'aois a bhfuil oideachas treasach bainte amach acu le cur leis chun sprioc straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ de 40 % a bhaint amach (ualú 12,5 %),

(e) an líon luathfhágálaithe ó oideachas agus oiliúint (18 go 24 bliana d'aois) le baint as chun sprioc straitéis an Aontais maidir le ►C1  fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ◄ de 10 % a bhaint amach (ualú 12,5 %),

(f) an difríocht idir OTI breathnaithe an réigiúin (arna thomhas in PCC) agus OTI réigiúnach teoiriciúil an réigiúin dá mbeadh OTI céanna in aghaidh an duine ag an réigiún agus atá ag réigiún leibhéal NUTS 2 is mó rathúnas (ualú 7,5 %),

(g) daonra réigiúin leibhéal NUTS 3 ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 áititheoir/km2 (ualú 2,5 %);

Modh leithdháilte do na Ballstáit atá incháilithe don Chiste Comhtháthaithe faoi Airteagal 90(3)

5. Gheofar an t-imchlúdach airgeadais teoiriciúil tosaigh iomlán tríd an meándéine cúnaimh in aghaidh an duine agus in aghaidh na bliana de EUR 48 a iolrú faoin daonra incháilithe. Comhfhreagraíonn leithdháileadh a priori gach Ballstáit den imchlúdach airgeadais teoiriciúil seo do chéatadán atá bunaithe ar an daonra atá ann, ar an achar dromchla agus ar an rathúnas náisiúnta, agus a gheofar trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) an meán uimhríochtúil de sciaranna daonra agus achar dromchla an Bhallstáit sin a ríomh i gcomparáid le daonra iomlán agus achar dromchla iomlán na mBallstát incháilithe. Más rud é, áfach, gur mó sciar daonra iomláin Ballstáit ná a sciar den achar dromchla iomlán faoi fhachtóir a cúig nó níos mó ná sin, lena léirítear dlús fíor-ard daonra, ní úsáidfear ach an sciar den daonra iomlán don chéim seo;

(b) coigeartú na bhfigiúirí céatadáin a fhaightear ar an tslí sin trí chomhéifeacht ina léirítear aon trian den chéatadán ar mó nó ar lú OIN per capita an Bhallstáit (arna thomhas i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh) don tréimhse 2008-2010 ná an meán-OIN per capita atá ag gach Ballstát incháilithe (meán curtha in iúl mar 100 %).

6. Chun riachtanais shuntasacha na mBallstát sin, a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, a léiriú ó thaobh iompar agus comhshaol de, socrófar a sciar den Chiste Comhtháthaithe ag aon trian ar a laghad dá leithdháileadh airgeadais deiridh iomlán tar éis na caidhpeála amhail a shainmhínítear i mír 10 go mír 13 a fhaightear ar an meán le linn na tréimhse.

7. An leithdháileadh ón gCiste Comhtháthaithe do na Ballstáit, arna shainmhíniú sa dara fomhír d'Airteagal 90(3), déanfar é ar bhonn céimlaghdaitheach in imeacht tréimhse seacht mbliana. Is EUR 48 per capita in 2014 a bheidh sa tacaíocht idirthréimhseach sin, arna chur i bhfeidhm ar dhaonra iomlán an Bhallstáit. Déanfar na méideanna sna blianta ina dhiaidh sin a shloinneadh mar chéatadán den mhéid a shainítear do 2014, agus is é a bheidh sna céatadáin ná 71 % in 2015, 42 % in 2016, 21 % in 2017, 17 % in 2018, 13 % in 2019 agus 8 % in 2020.

Modh leithdháilte do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán CCE

8. An leithdháileadh acmhainní ag Ballstát, lena gcuimsítear comhar trasteorann agus trasnáisiúnta, agus lena n-áirítear an rannchuidiú ó CFRE leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, déanfar é a chinneadh mar shuim ualaithe de sciar dhaonra na réigiún teorann agus de sciar dhaonra iomlán gach Ballstáit. Cinntear an t-ualú de réir sciaranna faoi seach na gciseal trasteorann agus trasnáisiúnta. Is 77,9 % agus 22,1 % atá sna sciaranna de na comhpháirteanna comhair trasteorann agus trasnáisiúnta.

Modh leithdháiltean an chistithe bhreise do na réigiúin dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 92(1)

9. Déanfar leithdháileadh speisialta breise a chomhfhreagraíonn do dhéine cúnaimh de EUR 30 in aghaidh an áititheora in aghaidh na bliana a leithdháileadh ar réigiúin leibhéal NUTS-2 is forimeallaí agus ar réigiúin leibhéal NUTS-2 ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra acu. Déanfar an leithdháileadh sin a dháileadh in aghaidh an réigiúin agus an Bhallstáit ar bhealach a bheidh cionmhar le daonra iomlán na réigiún sin.

Leibhéal uasta aistrithe ó chistí a thacaíonn le comhtháthú

10. Chun rannchuidiú le díriú leormhaith an chistithe chomhtháite ar na réigiúin agus ar na Ballstáit is lú forbairt agus le laghdú na n-éagothromaíochtaí i meándéiní cabhrach per capita, is 2,35 % de OTI an Bhallstáit a bheidh sa leibhéal uasta aistrithe (caidhpeáil) ó na Cistí chuig gach ceann aonair de na Ballstáit. Cuirfear an chaidhpeáil i bhfeidhm ar bhonn bliantúil, faoi réir na gcoigeartuithe is gá chun fónamh do thús-ualú TFAO, agus déanfaidh sé - más infheidhme - laghdú comhréireach ar na haistrithe uile (ach amháin i gcás na réigiún níos forbartha agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh) chuig na Ballstáit lena mbaineann chun an leibhéal uasta aistrithe a fháil. I gcás Ballstát a tháinig isteach san Aontas roimh 2013 agus ar lú an meánfhás ar a bhfíor-OTI don tréimhse 2008-2010 ná -1 %, is 2,59 % a bheidh i leibhéal uasta an aistrithe.

11. Áirítear ar na huasteorainneacha a luaitear i mír 10 rannchuidithe ó CFRE chuig maoiniú chiseal trasteorann na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais. Ní áirítear ar na huasteorainneacha sin leithdháileadh sonrach de EUR 3 000 000 000 le haghaidh TFAO.

12. Beidh na ríofaí ar OTI a dhéanfaidh an Coimisiún bunaithe ar an staidreamh a bhí ar fáil i mBealtaine 2012. Déanfar rátaí fáis náisiúnta aonair OTI le haghaidh 2014 go 2020, de réir mar a rinne an Coimisiún iad a thuar i mBealtaine 2012, a chur i bhfeidhm ar bhonn leithleach i gcás gach Ballstáit.

13. Ní féidir go mbeidh mar thoradh ar na rialacha a dtugtar tuairisc orthu i mír 10 go mbeidh leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit níos airde ná 110 % dá leibhéal i dtéarmaí iarbhíre do chlárthréimhse 2007-2013.

Forálacha breise

14. I gcás na réigiún go léir a raibh an OTI per capita (in PPS) a bhí acu, agus a úsáideadh mar chritéar incháilitheachta do chlárthréimhse 2007-2013, níos lú ná 75 % de mheán AE-25, ach a bhfuil OTI per capita atá acu os cionn 75 % de mheán AE-27, beidh an leibhéal íosta tacaíochta in 2014-2020 faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ag comhfhreagairt gach bliain do 60 % den mheán-leithdháileadh bliantúil táscach a bhí acu roimhe sin faoin leithdháileadh Cóineasaithe, arna ríomh ag an gCoimisiún de réir chreat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013.

15. Ní bhfaighidh aon réigiún trasdula níos lú ná mar a bhfaigheadh sé dá mba réigiún níos forbartha é. Chun leibhéal an leithdháilte íosta sin a chinneadh, cuirfear an modh leithdháilte maidir le réigiúin níos forbartha i bhfeidhm i gcás gach réigiún a bhfuil OTI per capita acu arb ionann é agus ar a laghad 75 % de mheán AE-27.

16. Beidh an leithdháileadh iomlán íosta ó na Cistí do Bhallstát ag comhfhreagairt do 55 % den leithdháileadh iomlán aonair do 2007-2013. Déanfar na coigeartuithe is gá chun an ceanglas seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm go comhréireach maidir le leithdháiltí ó na Cistí, agus gan na leithdháiltí faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh á gcur san áireamh.

17. Chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime airgeadais ar Bhallstáit laistigh den limistéar euro a mhéid a bhaineann lena leibhéal rathúnais, agus chun borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sna Ballstáit sin, soláthróidh na Cistí Struchtúracha na leithdháiltí breise seo a leanas:

(a) EUR 1 375 000 000 do na réigiúin níos forbartha sa Ghréig;

(b) EUR 1 000 000 000 don Phortaingéil, arna leithroinnt mar a leanas: EUR 450 000 000 do na réigiúin níos forbartha, ar do Mhaidéara EU 150 000 000 de, EUR 75 000 000 do na réigiúin trasdula agus EUR 475 000 000 do na réigiúin bheagfhorbartha;

(c) EUR 100 000 000 do réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair in Éirinn;

(d) EUR 1 824 000 000 don Spáinn, ar do Extremadura EUR 500 000 000 de, EUR 1 051 000 000 le haghaidh na réigiún trasdula agus EUR 273 000 000 do na réigiúin níos forbartha;

(e) EUR 1 500 000 000 do réigiúin bheagfhorbartha na hIodáile, ar do limistéir neamhuirbeacha EUR 500 000 000 de.

18. Chun aitheantas a thabhairt do na dúshláin a bhaineann le cás na mBallstát oileánach agus d'iargúltacht codanna áirithe den Aontas Eorpach, gheobhaidh Málta agus an Chipir, tar éis an modh ríomha dá dtagraítear i mír 16 a chur i bhfeidhm, imchlúdach breise de EUR 200 000 000 agus EUR 150 000 000 faoi seach faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus déanfar é a dháileadh mar a leanas: aon trian i gcás an Chiste Chomhtháthaithe agus dhá thrian i gcás na gCistí Struchtúracha.

Déanfar imchlúdach iomlán de EUR 50 000 000 a leithdháileadh ar réigiúin Ceuta agus Melilla na Spáinne faoi na Cistí Struchtúracha.

Déanfar imchlúdach iomlán de EUR 200 000 000 a leithdháileadh ar an réigiún is forimeallaí Mayotte faoi na Cistí Struchtúracha.

19. Chun coigeartú réigiún áirithe a éascú maidir le hathruithe ar a stádas incháilitheachta nó le héifeachtaí fadmharthanacha na bhforbairtí is déanaí ina ngeilleagar déantar na leithdháiltí a leanas:

(a) le haghaidh na Beilge, EUR 133 000 000 , ar do Limburg EUR 66 500 000 de, agus EUR 66 500 000 do na réigiúin trasdula i Réigiún na Vallúine;

(b) le haghaidh na Gearmáine, EUR 710 000 000 , ar do na hiar-Réigiúin Chóineasaithe atá i gcatagóir na réigiún trasdula EUR 510 000 000 de agus EUR 200 000 000 do réigiún Leipzig;

(c) d'ainneoin mhír 10, déanfar, faoi na Cistí Struchtúracha, imchlúdach breise de EUR 1 560 000 000 a leithdháileadh ar na réigiúin bheagfhorbartha san Ungáir, imchlúdach breise de EUR 900 000 000 a leithdháileadh ar na réigiúin bheagfhorbartha i bPoblacht na Seice agus imchlúdach breise de EUR 75 000 000 a leithdháileadh ar na réigiúin bheagfhorbartha sa tSlóivéin.

20. Déanfar suim iomlán de EUR 150 000 000 a leithdháileadh do Chlár PEACE, ar don Ríocht Aontaithe a bheidh EUR 106 500 000 de agus ar d'Éirinn a bheidh EUR 43 500 000 de. Déanfar an clár sin a chur chun feidhme mar chlár comhair trasteorann a mbeidh Tuaisceart Éireann agus Éire rannpháirteach ann.

Coigeartuithe breise i gcomhréir le hAirteagal 92(2)

21. Sa bhreis ar na méideanna a leagtar amach in Airteagal 91 agus in Airteagal 92, tairbheoidh an Chipir de leithdháileadh breise de EUR 94 200 000 in 2014 agus de EUR 92 400 000 i 2015 a bheidh le cur sa bhreis leis an leithdháileadh Cistí Struchtúracha.




IARSCRÍBHINN VIII

MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LEIS AN LEITHDHÁILEADH SONRACH DO TFAO DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 91

I. Cinnfear an miondealú den leithdháileadh sonrach do TFAO i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

1. Sainaithneofar líon na ndaoine óga dífhostaithe idir 15 bliana d'aois agus 24 bliana d'aois sna réigiúin incháilithe ar leibhéal NUTS 2 mar a shainmhínítear in Airteagal 16 de Rialachán CSE, eadhon réigiúin ar leibhéal NUTS 2 a bhfuil rátaí dífhostaíochta i measc an aosa óig iontu atá os cionn 25 % in 2012, agus, i gcás na mBallstát inar tháinig méadú os cionn 30 % in 2012 ar an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig, réigiúin ina raibh rátaí dífhostaíochta i measc an aosa óig a bhí níos mó ná 20 % in 2012 (na “réigiúin incháilithe”).

2. Ríomhfar an leithdháileadh a fhreagraíonn do gach réigiún incháilithe ar bhonn an chóimheasa idir líon na ndaoine óga atá dífhostaithe sa réigiún incháilithe agus líon iomlán na ndaoine óga atá dífhostaithe dá dtagraítear i bpointe 1 i ngach réigiún incháilithe.

3. Is é a bheidh i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do na réigiúin incháilithe aonair atá aige

II. Ní thabharfar san áireamh an leithdháileadh sonrach do TFAO chun críche na rialacha maidir le teorannú a leagtar amach in Iarscríbhinn VII maidir le leithdháileadh acmhainní domhanda.

III. D'fhonn an leithdháileadh sonrach ó TFAO chuig Mayotte a dhearbhú, dearbhófar an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig agus líon na ndaoine óga atá dífhostaithe ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil ar an leibhéal náisiúnta fad is nach mbeidh sonraí Eurostat ar leibhéal NUTS 2 ar fáil.

IV. Féadfar na hacmhainní le haghaidh TFAO a ardú do na blianta 2016 go 2020 i gcreat an nós imeachta bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (Euratom, AE) Uimh. 1311/2013. Leanfaidh miondealú na n-acmhainní breise de réir an Bhallstáit na céimeanna céanna a cuireadh i bhfeidhm don leithdháileadh tosaigh ach déanfaidh siad tagairt do na sonraí bliantúla is déanaí a bheidh ar fáil.




IARSCRÍBHINN IX

MODHEOLAÍOCHT CHUN ÍOS-SCIAR CSE A CHINNEADH

Cinnfear an sciar céatadáin breise a bheidh le cur le sciar acmhainní na gCistí Struchtúracha dá dtagraítear in Airteagal 92(4) a leithdháiltear i mBallstát do CSE a chomhfhreagraíonn do sciar an Bhallstáit do chlárthréimhse 2007-2013 mar a leanas, bunaithe ar rátaí fostaíochta (do dhaoine idir 20 bliain d'aois agus 64 bliana d'aois) na bliana tagartha 2012:

 i gcás an ráta fostaíochta a bheith 65 % nó níos lú, déanfar an sciar a mhéadú 1,7 % pointe céadatáin;

 i gcás an ráta fostaíochta a bheith os cionn 65 % ach gan a bheith nó níos airde ná 70 % déanfar an sciar a mhéadú 1,2 % pointe céadatáin;

 i gcás an ráta fostaíochta a bheith os cionn 70 % ach gan a bheith nó níos airde ná 75 % déanfar an sciar a mhéadú 0,7 % pointe céadatáin;

 i gcás an ráta fostaíochta a bheith os cionn 75 %, ní éileofar méadú.

Ní rachaidh sciar céatadáin iomlán Ballstáit tar éis an bhreismhéid thar 52 % de acmhainní Chistí Struchtúracha dá dtagraítear in Airteagal 92(4).

Maidir leis an gCróit, beidh a sciar acmhainní Cistí Struchtúracha, gan sprioc an Chomhair Críche Eorpaigh san áireamh, a leithdháiltear do CSE do chlárthréimhse 2007-2013, ionann leis an ngnáthsciar réigiúin chóineasaithe na mBallstát sin a d'aontaigh leis an Aontas ar an 1 Eanáir 2004 nó ina dhiaidh sin.




IARSCRÍBHINN X

BREISÍOCHT

1.   CAITEACHAS STRUCHTÚRACH POIBLÍ NÓ COIBHÉISEACH

Sna Ballstáit sin ina bhfuil ar a laghad 65 % den daonra sna réigiúin lagfhorbartha, is é an figiúr d'ollfhoirmiú caipitil sheasta a thuairiscítear sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú a ullmhaíonn na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 d'fhonn a straitéis bhuiséadach mheántéarmach a thíolacadh an figiúr a úsáidfear chun caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chinneadh. Is é an figiúr atá le húsáid ná an figiúr sin a thuairisceofar i gcomhthéacs chomhordú agus fiachas an rialtais ghinearálta agus a bhaineann le hionchais bhuiséadacha an rialtais ghinearálta agus a thabharfar ar aird mar chéatadán de OTI.

Sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin lagfhorbartha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 65 % den daonra, úsáidfear an figiúr iomlán d'ollfhoirmiú caipitil sheasta sna réigiúin lagfhorbartha chun caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chinneadh. Déanfar é a thuairisciú san fhormáid chéanna mar a leagtar síos sa chéad fhomhír.

2.   FÍORÚ

Tá fíoruithe breisíochta i gcomhréir le hAirteagal 95(5) faoi réir na rialacha seo a leanas:

2.1   Fíorú ex ante

(a) Nuair a chuireann Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta isteach, soláthróidh sé faisnéis maidir le próifíl bheartaithe an chaiteachais i bhformáid Thábla 1.



Tábla 1

Caiteachas an Rialtais Ghinearálta mar sciar de OTI

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

P51

X

X

X

X

X

X

X

(b) Sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin lagfhorbartha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 65 % den daonra, cuirfidh na Ballstáit sin faisnéis ar fáil freisin maidir le próifíl phleanáilte an chaiteachais sna réigiúin lagfhorbartha sin i bhformáid Thábla 2.



Tábla 2

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Ollfhoirmiú Caiptil Sheasta an Rialtais Ghinearálta sna réigiúin lagfhorbartha mar chuid de OTI

X

X

X

X

X

X

X

(c) Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha is bun leis an leibhéal caiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh a sholáthar don Choimisiún.

(d) Sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin lagfhorbartha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 65 % den daonra, déanfaidh na Ballstáit sin freisin faisnéis maidir leis an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar ollfhoirmiú caipitil sheasta sna réigiúin sin a sholáthar don Choimisiún. Chun na críche sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as sonraí infheistíochta poiblí ar an leibhéal réigiúnach i gcás ina mbeidh siad ar fáil. Sa chás nach mbeidh na sonraí sin ar fáil, nó i gcásanna cuí-réasúnaithe eile, lena n-áirítear i gcás ina ndearna Ballstát athrú suntasach ar an miondealú réigiúnach mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 le haghaidh na tréimhse 2014-2020, féadfar ollfhoirmiú caipitil sheasta a mheas trí tháscairí caiteachais phoiblí réigiúnacha nó an daonra réigiúnach a chur i bhfeidhm i leith sonraí infheistíochta poiblí ar an leibhéal náisiúnta.

(e) A luaithe a bheidh comhaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát, áireofar Tábla 1 agus, i gcás inarb infheidhme, Tábla 2 i gComhaontú Comhpháirtíochta an Bhallstáit lena mbaineann mar leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh a bheidh le cothabháil sna blianta 2014-2020.

2.2   Fíorú meántéarma

(a) Tráth an fhíoraithe mheántéarma, measfar go mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag Ballstát má tá an meánchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2017 comhionann le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

(b) Tar éis an fhíoraithe mheántéarma, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstát, leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta a athbhreithniú más rud é go bhfuil athrú suntasach tagtha ar staid eacnamaíoch an Bhallstáit ón staid a measadh nuair a glacadh an Comhaontú Comhpháirtíochta.

2.3   Fíorú ex post

Tráth an fhíoraithe ex post, measfar go mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag Ballstát má tá an meánchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2020 comhionann le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

3.   RÁTAÍ CEARTAITHE AIRGEADAIS TAR ÉIS FÍORÚ EX POST

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur cheart ceartú airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 95(6), gheofar ráta an cheartaithe airgeadais trí bhíthin 3 % a dhealú ón difríocht idir an leibhéal tagartha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus an leibhéal a baineadh amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha, agus an toradh a roinnt ar 10. Cinnfear an ceartú airgeadais, trí bhíthin ráta sin an cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm i leith rannchuidiú na gCistí leis an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin lagfhorbartha agus réigiúin trasdula le haghaidh na clárthréimhse ina hiomláine.

I gcás ina mbeidh an difríocht idir an leibhéal tagartha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus an leibhéal a bhainfear amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, comhionann le 3 % nó níos lú, ní dhéanfar aon cheartú airgeadais.

Ní rachaidh an ceartú airgeadais thar 5 % de leithdháileadh na gCistí ar an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin lagfhorbartha le haghaidh na clárthréimhse ina hiomláine.




IARSCRÍBHINN XI

Coinníollachtaí ex ante



CUID 1:  Coinníollachtaí téamacha ex ante

Cuspóirí téamacha

Tosaíochtaí infheistíochta

Coinníollachtaí ex ante

Critéir atá le comhlíonadh

1.  Taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú

(Sprioc Taighde agus Forbartha)

(dá dtagraítear i bpointe (1) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CFRE:

— Tosaíochtaí infheistíochta go léir faoi chuspóir téamach uimh. 1

1.1.  Taighde agus nuálaíocht: Straitéis náisiúnta nó réigiúnach um speisialtóireacht chliste a bheith ann i gcomhréir leis an gClár um Athchóiriú Náisiúnta, chun caiteachas príobháideach ar thaighde agus nuálaíocht a ►C1  luamhánú ◄ , a chomhlíonann gnéithe chóras T&N náisiúnta nó réigiúnach a fheidhmíonn go maith.

— Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach um speisialtóireacht chliste i bhfeidhm:

— 

— atá bunaithe ar anailís láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí (SWOT) nó ar anailís cosúil leis sin chun acmhainní a dhíriú ar líon teoranta tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta;

— a leagann amach bearta chun infheistíocht phríobháideach in TFD a spreagadh;

— ina bhfuil sásra faireacháin.

— Tá creat glactha ina leagtar amach na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil don taighde agus nuálaíocht.

CFRE:

— Feabhas a chur ar bhonneagar taighde agus nuálaíochta (T&N), agus ar acmhainní chun barr feabhais T&N a fhorbairt agus ionaid inniúlachta a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a bhfuil leas Eorpach ag baint leo.

1.2  Bonneagar Taighde agus Nuálaíochta. Plean ilbhliantúil maidir le buiséadú agus beartú tosaíochta infheistíochtaí a bheith ann.

—  Plean ilbhliantúil táscach glactha maidir le buiséadú agus beartú tosaíochta infheistíochtaí atá nasctha le tosaíochtaí an Aontais, agus i gcás inarb iomchuí, glacadh an Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde - ESFRI.

2.  Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda)

(dá dtagraítear i bpointe (2) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CFRE:

— Seirbhísí agus táirgí TFC agus ríomhthráchtáil a fhorbairt agus éileamh ar TFC a fheabhsú.

— Feidhmchláir TFC le haghaidh ríomhrialtais, ríomhfhoghlama, ríomhchuimsithe, ríomhchultúir agus ríomhshláinte a neartú.

2.1.  Fás digiteach: Creat beartais straitéiseach maidir le fás digiteach chun seirbhísí poiblí agus príobháideacha atá ar phraghas réasúnta, ar ardchaighdeán agus atá idir-inoibritheach le TFC aspreagadh agus líon na saoránach, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, na ngnólachtaí agus na ranna riaracháin phoiblí, lena n-áirítear tionscnaimh trasteorann a úsáideann iad a mhéadú.

—  Creat beartais straitéiseach maidir le fás digiteach, mar shampla, sa straitéis náisiúnta nó réigiúnach um speisialtóireacht chliste maidir le speisialtóireacht chliste i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas:

— buiséadú agus beartú tosaíochta gníomhaíochtaí trí bhíthin anailís SWOT nó anailís atá cosúil leis sin a dhéantar i gcomhréir le Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip;

— anailís a bheith déanta ar thacaíocht a chothromú idir an t-éileamh ar TFC agus soláthar TFC;

— táscairí chun dul chun cinn ar idirghabhálacha i réimsí amhail an litearthacht dhigiteach, an ríomhchuimsiú, an rochtain leictreonach, agus an dul chun cinn ar ríomhshláinte a thomhas laistigh de theorainneacha Airteagal 168 CFAE atá ailínithe, i gcás inarb iomchuí, leis na straitéisí ábhartha earnála Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana;

— measúnú ar riachtanais chun forbairt acmhainní TFC a threisiú.

CFRE:

— Cur le húsáid leathanbhanda agus le feidhmiú céimneach líonraí ardluais agus tacú le glacadh teicneolaíochtaí agus líonraí don gheilleagar digiteach atá ag teacht chun cinn.

2.2.  Bonneagar de Ghréasán don chéad Ghlúin Eile (NGN): Pleananna náisiúnta nó réigiúnacha NGN a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d'fhonn spriocanna an Aontais maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach, a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíochas agus Státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.

—  Tá plean náisiúnta nó réigiúnach NGN curtha ar bun ina bhfuil na nithe seo a leanas:

— plean infheistíochtaí sa bhonneagar atá bunaithe ar anailís eacnamaíoch ag cur san áireamh bonneagair phríobháideacha agus phoiblí atá ann cheana agus infheistíochtaí pleanáilte;

— samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain arbhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí;

— bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh.

3.  Iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a fheabhsú

(dá dtagraítear i bpointe (3) den chéad mhír fd'Airteagal 9)

CFRE:

— Fiontraíocht a chur chun cinn, go háirithe trí shaothrú eacnamaíoch smaointe nua a éascú agus cruthú gnólachtaí nua a chothú lena n-áirítear trí ghorlanna gnó.

— Tacú le cumas FBManna chun páirt a ghlacadh i bpróisis an fháis i margaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus i bpróisis nuálaíochta;

3.1.  Rinneadh gníomhaíochtaí sonracha chun tacú le fiontraíocht a chur chun cinn agus an Gníomh um Ghnólachtaí Beaga (GGB) á chur san áireamh.

—  Is éard atá sna gníomhaíochtaí sonracha sin:

— bearta a cuireadh i bhfeidhm a bhfuil mar chuspóir acu laghdú a dhéanamh ar an am agus ar an gcostas a bhaineann le gnóthas a bhunú agus spriocanna GGB á gcur san áireamh;

— cuireadh bearta i bhfeidhm agus mar chuspóir acu an t-am a laghdú is gá chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a dhéanamh agus spriocanna an GGB á gcur san áireamh;

— tá sásra i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bhearta GGB a cuireadh ar bun agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na reachtaíochta ar FBManna.

4.  Tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile

(dá dtagraítear i bpointe (4) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CRFE + Ciste Comhtháthaithe:

— Tacú le héifeachtúlacht fuinnimh, bainistiú cliste fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite i mbonneagair phoiblí, lena n-áirítear i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil tithíochta;

4.1.  Rinneadh gníomhaíochtaí ar mhaithe le feabhas costas-éifeachtach ar éifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus infheistíocht chostas-éifeachtach in éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus foirgnimh á dtógáil nó á n-athchóiriú

—  Is éard atá sna gníomhaíochtaí sin:

— bearta lena áirithiú go bhfuil íoscheanglais a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfeidhm atá comhsheasmhach le hAirteagal 3, le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

— Bearta atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíochtfuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE..

— bearta le pleanáil straitéiseach a áirithiú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, atá comhsheasmhach le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

— bearta atá comhsheasmhach le hAirteagal 13 de Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh chun a áirithiú go dtugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh a mhéid is féidir sin a dhéanamh go teicniúil, a mhéid atá sé réasúnta ó thaobh airgeadais de agus comhréireach maidir le coigiltí fuinnimh a d'fhéadfadh a bheith ann.

CFRE + Ciste Comhtháthaithe:

— Úsáid ardéifeachtúil an teasa agus an fhuinnimh chomhghinte a chur chun cinn bunaithe ar éileamh úsáideach teasa.

4.2.  Rinneadh gníomhaíochtaí chun ardéifeachtúlacht a chur chun cinn maidir le comhghiniúint teasa agus cumhachta.

—  Is éard atá sna gníomhaíochtaí sin:

— Tacaíocht do chomhghiniúint bunaithe ar éileamh ar theas úsáideach agus ar choigiltí fuinnimh phríomha atá i gcomhréir le hAirteagal 7.1 agus le pointe (a) agus le pointe (b) d'Airteagal 9.1. de Threoir 2004/8/CE, rinne na Ballstáit nó a gcomhlachtaí inniúla meastóireacht ar an gcreat reachtach agus rialúcháin atá ann cheana féin maidir le nósanna imeachta um údarú nó le nósanna imeachta eile d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

— 

(a)  dearadh aonad comhghiniúna a spreagadh chun freagairt d'éilimh atá inchosanta go heacnamaíoch ar aschurteasa úsáidigh agus táirgeadh teasa seachas teas úsáideach a sheachaint; agus

(b)  na bacainní rialúcháin agus neamh-rialúcháin ar mhéadú ar chomhghiniúint a laghdú.

CRFE + Ciste Comhtháthaithe:

— Táirgeadh agus dáileadh fuinnimh a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

4.3.  Rinneadh gníomhaíochtaí chun táirgeadh agus dáileadh foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn (4).

— Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach nó rochtain ráthaithe agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n-oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm agus comhsheasmhach le hAirteagal 14(1), le hAirteagal 16(2) agus le hAirteagal 16(3) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus tá siad curtha ar fáil don phobal.

— Ghlac Ballstát plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE.

5.  Oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn

(Sprioc an Athraithe Aeráide) (dá dtagraítear i bpointe (5) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CRFE + Ciste Comhtháthaithe:

— Infheistíocht a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt

5.1.  Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: Measúnuithe náisiúnta nó réigiúnacha riosca um bainistíocht tubaistí a bheith ann. agus oiriúnú don athrú aeráide á chur san áireamh

—  Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

— tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar na sonraí neamh-íogair a úsáidtear chun measúnú riosca náisiúnta a dhéanamh mar aon le cur síos ar na critéir riosca-bhunaithe a bhaineann le beartú tosaíochta infheistíochta;

— tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí;

— straitéisí náisiúnta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

6.  An comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainne a chur chun cinn

(dá dtagraítear i bpointe (6) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CFRE + Ciste Comhtháthaithe:

— Infheistiú san earnáil uisce chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithníonn na Ballstáit le haghaidh infheistíochta a théann thar na ceanglais sin.

6.1.  Earnáil an uisce: Na nithe seo a bheith ann: a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) rannchuidiú leordhóthanach na n-úsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú ar ráta a chinntear sa phlean bainistithe abhantraí d'infheistíocht a dhéantar trí na cláir.

— In earnálacha a fhaigheann tacaíocht ó CRFE agus ón gCiste Comhtháthaithe, tá sé áirithithe ag Ballstát go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce de réir earnála a ghnóthú i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d'Airteagal 9(1) de Threoir 2000/60/CE, agus ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, do na héifeachtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha den ghnóthú agus ar dhálaí geografacha agus aeráide an réigiúin nó na réigiún a mbeidh tionchar acu air/orthu.

— Tá plean bainistithe abhantraí glactha le haghaidh limistéar na habhantraí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

CFRE + Ciste Comhtháthaithe:

— Infheistiú san earnáil dramhaíola chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithníonn na Ballstáit le haghaidh infheistíochta a théann thar na ceanglais sin.

6.2.  Earnáil na dramhaíola: Infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil san earnáil dramhaíola a chur chun cinn, go háirithe trí phleananna bainistithe dramhaíola a fhorbairt i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl, agus le hord na réiteach dramhaíola.

— Cuireadh tuarascáil ar chur chun feidhme arna hiarraidh in Airteagal 11(5) de Threoir 2008/98/CE faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn i dtaobh chomhlíonadh na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir 2008/98/CE.

— Plean bainistithe dramhaíola amháin nó níos mó a bheith ann mar a cheanglaítear faoi Airteagal 28 de Threoir 2008/98/CE.

— Cláir maidir le dramhaíl a chosc a bheith ann, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE;

— Glacadh bearta riachtanacha chun na spriocanna maidir le hullmhú don athúsáid agus don athchúrsáil a bhaint amach faoi 2020, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 2008/98/CE.

7.  Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus baic i bpríomhbhonneagair líonraí a bhaint

(dá dtagraítear i bpointe (7) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CFRE + Ciste Comhtháthaithe:

— Tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh in TEN-T;

— Córais iarnróid chuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn.

— Córais iompair neamhdhíobhálacha don chomhshaol (lena n-áirítear íseal-torainn) agus íseal-charbóin a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, chun soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil inbhuanaithe a chur chun cinn;

CFRE:

— Soghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN-T, lena n-áirítear nóid ilmhódacha;

7.1.  Iompar: Plean nó creat cuimsitheach nó pleananna nó creataí cuimsitheacha a bheith ann le haghaidh infheistíochta san iompar i gcomhréir le heagrú institiúideach na mBallstát (lena n-áirítear iompar poiblí ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil) lena dtacaítear le forbairt bonneagair agus lena gcuirtear feabhas ar na croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T.

— Plean nó creat cuimsitheach nó pleananna nó creataí cuimsitheacha iompair a bheith ann le haghaidh infheistíochta san iompar lena gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla maidir le measúnú straitéiseach comhshaoil agus lena leagtar amach an méid seo a leanas:

— 

— an rannchuidiú leis an Limistéar Iompair Eorpach aonair i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear tosaíochtaí i gcomhair infheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

— 

— croíghréasán TEN-T agus an gréasán cuimsitheach a mbeartaítear go ndéanfaidh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe infheistíocht iontu: agus

— lúdracht thánaisteach;

— plean réalaíoch agus aibí do na tionscadail atá beartaithe le haghaidh tacaíochta ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe;

— Bearta a áiritheoidh cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála plean an tionscadail a chur i gcrích.

CFRE + Ciste Comhtháthaithe:

— Tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Iompair Tras-Eorpach (TEN-T);

— Córais iarnróid chuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn.

— Córais iompair neamhdhíobhálacha don chomhshaol (lena n-áirítear íseal-torainn) agus íseal-charbóin a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, chun soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil inbhuanaithe a chur chun cinn;

CFRE:

— Soghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN-T, lena n-áirítear nóid ilmhódacha;

7.2.  Iarnród: Roinn shonrach maidir le forbairt iarnróid a bheith sa phlean nó creat cuimsitheach nó sna pleananna nó creataí cuimsitheacha iompair náisiúnta le haghaidh infheistíochta san iompar i gcomhréir le heagrú institiúideach na mBallstát (lena n-áirítear maidir le hiompar poiblí arleibhéal réigiúnach agus áitiúil) lena dtacaítear le forbairt bonneagair agus lena gcuirtear feabhas ar lúdracht leis na croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T. Cuimsítear sócmhainní soghluaiste, idir-inoibritheacht agus forbairt acmhainní sna hinfheistíochtaí.

— Roinn shoiléir maidir le forbairt iarnróid a bheith sa phlean nó creat cuimsitheach nó sna pleananna nó creataí cuimsitheacha iompair mar a leagtar amach thuas, lena gcomhlíontar ceanglais dhlíthiúla i gcomhair measúnústraitéiseach comhshaoil agus lena leagtar síos plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n-áirítear tráthchlár agus creat buiséadach);

— Bearta a áiritheoidh cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála plean an tionscadail a chur i gcrích.

CRFE + Ciste Comhtháthaithe:

— Tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Iompair Tras-Eorpach (TEN-T);

— Córais iarnróid chuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn.

— Córais iompair neamhdhíobhálacha don chomhshaol (lena n-áirítear íseal-torainn) agus íseal-charbóin a fhorbairt agus a fheabhsú lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, chun soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil inbhuanaithe a chur chun cinn;

CFRE:

— Soghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN-T, lena n-áirítear nóid ilmhódacha;

7.3.  Móid eile iompair, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt: Roinn shoiléir a bheith sa phlean nó creat cuimsitheach nó sna pleananna nó creataí cuimsitheacha maidir le cuid sonrach ar uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt a chuidíonn le feabhas ar na croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T agus le soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn.

— Roinn a bheith sa phlean nó sa chreat cuimsitheach nó sna pleananna nó sna creataí cuimsitheacha maidir le huiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt:

— 

— a chomhlíonann na ceanglais dhlíthiúla don mheasúnú straitéiseach comhshaoil;

— a leagann amach plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n-áirítear tráthchlár, creat buiséadach);

— Bearta a áiritheoidh cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála plean an tionscadail a chur i gcrích.

CFRE:

— Éifeachtúlacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair a fheabhsú trí chórais chliste a fhorbairt chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus trí ghiniúint dháilte ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú;

7.4  Córais imdháileadh, stórála agus tarchur cliste fuinnimh a fhorbairt;

Pleananna cuimsitheacha a bheith ann maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagair fuinnimh chliste agus bearta rialúcháin a rannchuidíonn le héifeachtúlacht fuinnimh agus le slándáil soláthair a fheabhsú

— Pleananna cuimsitheacha a dhéanann cur síos ar thosaíochtaí bonneagair náisiúnta fuinnimh atá i gcrích:

— 

— i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2009/72/CE agus de Threoir 2009/73/CE, i gcás inarb infheidhme, agus

— i gcomhréir leis na pleananna ábhartha infheistíochta réigiúnaí faoi Airteagal 12 agus leis an bplean deich mbliana forbartha gréasáin i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus

— ag luí le hAirteagal 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahirle (8);

— Áireofar sna pleananna seo:

— 

— plean tionscadail réalaíoch agus aibí do na tionscadail atá beartaithe le haghaidh tacaíochta ón CFRE.

— bearta chun comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch mar aon le cosaint chomhshaoil a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 3(10) de Threoir 2009/72/CE agus le hAirteagal 3(7) de Threoir 2009/73/CE;

— bearta chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 3(11) de Threoir 2009/72/CE agus le hAirteagal 3(8) de Threoir 2009/73/CE;

8.  Fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair;

(Sprioc na fostaíochta)

(dá dtagraítear i bpointe (8) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CSE:

— Rochtain ag cuardaitheoirí poist agus daoine neamhghníomhacha ar fhostaíocht, lena n-áirítear daoine dífhostaithe go fadtéarmach agus atá i bhfad ón margadh saothair, agus freisin trí thionscnaimh áitiúla fostaíochta agus tacaíocht do shoghluaisteacht saothair.

8.1.  Tá beartais ghníomhacha um margadh an luchta saothair ullmhaithe agus seachadta i bhfianaise na dtreoirlínte fostaíochta.

— Tá sé ar chumas na seirbhísí fostaíochta na nithe seo a leanas a dhéanamh agus a sheachadadh:

— 

— seirbhísí pearsantaithe, comhairleoireacht agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist ach fócas a bheith ar ghrúpaí i mbaol eisiaimh shóisialta lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe;

— eolas cuimsitheach agus trédhearcach maidir le folúntais nua post agus deiseanna fostaíochta agus riachtanais athraitheacha na margaí saothair á gcur san áireamh.

— Tá socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla comhair le geallsealbhóirí ábhartha bunaithe ag seirbhísí fostaíochta.

CSE:

— Fiontraíocht, féinfhostaíocht agus cruthú gnó lena n-áirítear fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhicrifhiontair nuálacha.

CFRE:

— Tacú le gorlanna gnó a fhorbairt agus tacaíocht infheistíochta a thabhairt d'fhéinfhostaíocht, do mhicrifhiontair agus do chruthú gnó.

8.2.  Féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú gnó: creat beartais straitéiseach a bheith ann do thosú cuimsitheach.

—  Tá creat beartais straitéiseach do thacaíocht do ghnólacht nuathionscanta chuimsitheach i bhfeidhm a bhfuil na gnéithe seo a leanas aige:

— cuireadh bearta i bhfeidhm a bhfuil mar chuspóir acu laghdú a dhéanamh ar an am agus ar an gcostas a bhaineann le gnóthas a bhunú agus spriocanna an GGB á gcur san áireamh;

— cuireadh bearta i bhfeidhm agus mar chuspóir acu an t-am a laghdú is gá chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a dhéanamh agus spriocanna an GGB á gcur san áireamh;

— gníomhaíochtaí lena nasctar seirbhísí oiriúnacha forbartha gnó agus seirbhísí airgeadais (rochtain ar chaipiteal), lena n-áirítear for-rochtain a dhéanamh le grúpaí faoi mhíbhuntáiste nó le limistéir faoi mhíbhuntáiste, nó le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus le limistéir faoi mhíbhuntáiste araon, nuair is gá.

CSE:

— Nua-aoisiú institiúidí an mhargaidh saothair, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, comhoiriúnú a fheabhsú maidir le riachtanais an mhargaidh saothair lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a fheabhsóidh soghluaiseacht thrasnáisiúnta trí scéimeanna soghluaisteachta agus comhar níos fearr idir na hinstitiúidí agus na geallsealbhóirí ábhartha.

CFRE:

— Infheistiú i mbonneagar do sheirbhísí fostaíochta.

8.3.  Tá institiúidí mhargadh an tsaothair nuachóirithe agus neartaithe i bhfianaise na dTreoirlínte Fostaíochta;

Gabhfaidh creat beartais straitéiseach soiléir agus measúnú ex ante, lena n-áirítear maidir le gné na hinscne, roimh athchóirithe ar institiúidí mhargadh an tsaothair

— Gníomhaíochtaí chun seirbhísí fostaíochta a athchóiriú, a bhfuil d'aidhm leo a chur a chumas na seirbhísí na nithe seo a leanas a sheachadadh:

— 

— seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar oscailt do gach cuardaitheoir poist ach fócas a bheithar ghrúpaí i mbaol eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe;

— eolas cuimsitheach agus trédhearcach maidir le folúntais nua post agus deiseanna fostaíochta agus riachtanais athraitheacha na margaí saothair á gcur san áireamh.

— Áireofar san athchóiriú a dhéanfar ar na seirbhísí fostaíochta gréasáin fhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla chomhair a chruthú le geallsealbhóirí ábhartha.

CSE:

— Aosú gníomhach agus sláintiúil

8.4.  Aosú gníomhach agus sláintiúil: Deartar na beartais don aosú gníomhach i bhfianaise na dTreoirlínte Fostaíochta

— Tá na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach i ndearadh agus i mbearta leantacha na mbeartas don aosú gníomhach chun féachaint le hoibrithe scothaosta a choimeád ar mhargadh an tsaothair agus chun iad a bheith á bhfostú a chur chun cinn.

— Tá bearta i bhfeidhm ag Ballstát chun aosú gníomhach a chur chun cinn.

CSE:

— Inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d'athrú

8.5.  Inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d'athrú: Beartais a bheith ann arb é is aidhm dóibh taobhú leis an athrú agus leis an athstruchtúrú is dóigh a tharlóidh agus taobhú lena ndea-bhainistiú.

—  Tá ionstraimí i bhfeidhm chun tacú le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis phoiblí chun cineálacha cur chuige réamhghníomhacha a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu maidir le hathrú agus le hathstruchtúrú, ina bhfuil na bearta seo a leanas:

— bearta chun ionchasú athraithe a chur chun cinn;

— bearta chun ullmhú agus bainistiú an phróisis athstruchtúrúcháin a chur chun cinn.

CSE:

— Daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil fostaithe nó in oideachas nó in oiliúint, lena n-áirítear daoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta agus daoine óga ó phobail imeallaithe, a chomhtháthú i margadh an tsaothair ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme.

8.6.  Creat beartais straitéiseach a bheith ann chun fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg.

Níl feidhm ag an gcoinníollacht ex ante seo ach amháin maidir le TFAO a chur chun feidhme

—  Tá creat beartais straitéiseach maidir le fostaíocht don aos óg a chur chun cinn i bhfeidhm:

— atá bunaithe ar fhianaise lena dtomhastar na torthaí do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta,oideachais náoiliúna agus ar bonn í chun beartais spriocdhírithe a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí;

— ina sainaithnítear an t-údarás poiblí ábhartha atá freagrach as na bearta fostaíochat don aos óg a bhainistiú agus comhpháirtíochtaí ar fud na leibhéal agus na n-earnálacha uile a chomhordú;

— a bhaineann leis na geallsealbhóirí atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht an ógra;

— ina gceadaítear idirghabháil luath agus gníomhachtú luath;

— ina gcuimsítear bearta tacaíochta le haghaidh rochtain a dhéanamh ar fhostaíocht, lena bhfeabhsaítear scileanna, soghluaisteacht saothair agus comhtháthú inbhuanaithe i margadh an tsaothair ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna.

9.  Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac;

(sprioc na bochtaineachta)

(dá dtagraítear i bpointe (9) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CSE:

— Cuimsiú gníomhach lena n-áirítear d'fhonn comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn agus infhostaitheacht a fheabhsú;

CFRE:

— Infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi is go laghdaítear neamhionannas i dtéarmaí stádais sláinte, agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí rochtainfheabhsaithe ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha, agus áineasa agus an trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí pobal-bhunaithe.

— Tacaíocht d'athghiniúint fhisiciúil, eacnamaíoch agus shóisialta pobal díothach i limistéir uirbeacha agus tuaithe

9.1.  Creat beartais straitéiseach do laghdú na bochtaineachta a bheith ann arb é is aidhm dó daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach i bhfianaise na dtreoirlínte Fostaíochta.

— Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta do laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm, arb é an cuimsiú gníomhach is aidhm dó:

— 

— lena gcuirtear bonn leordhóthanach faisnéise ar fáil chun beartais a fhorbairt chun an bhochtaineacht a laghdú agus lena ndéantar faireachán ar a mbíonn ag titim amach;

— ina bhfuil bearta a thacaíonn le gnóthú na sprice um bochtaineacht náisiúnta agus eisiamh sóisialta (mar a shainítear sa Chlár Athchóirithe Náisiúnta) lena n-áirítear deiseannainbhuanaithe agus cáilíochta do dhaoine atá i mbaol mór eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear daoine ó na pobail imeallaithe.

— a bhfuil geallsealbhóirí ábhartha bainteach leis agus an bhochtaineacht á comhrac;

— ag brath ar na riachtanais shainaitheanta ina n-áirítear bearta maidir leis an athrú ó chúram institiúideach go cúram pobail;

— Nuair a iarrtar sin agus i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, féadfar tacaíocht a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha chun iarratais ar thionscadail a dhéanamh agus chun na tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme agus a bhainistiú.

CSE:

— Comhtháthú socheacnamaíoch pobal imeallaithe amhail na Romaigh.

CFRE:

— Infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi is go laghdaítear neamhionannas i dtéarmaí stádais sláinte, ag cur cuimsithe shóisialta chun cinn trí rochtain feabhsaithe ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha agus áineasa agus leis an trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí bunaithe sa phobal.

— Tacaíocht d'athghiniúint fhisiciúil, eacnamaíoch agus shóisialta pobal díothach i limistéir uirbeacha agus tuaithe.

— Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt.

9.2.  Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta um chuimsiú na Romach i bhfeidhm

— Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta um lánpháirtiú na Romach i bhfeidhm:

— 

— ina leagtar síos spriocanna náisiúnta indéanta maidir le lánpháirtiú na Romach chun an bhearna idir na Romaigh agus an gnáthphobal a laghdú. Ba cheart do na spriocanna sin aghaidh a thabhairt ar na ceithre sprioc um lánpháirtiú na Romach san AE a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thithíocht;

— ina n-aithnítear, i gcás inarb ábhartha, na micriréigiúin atá faoi mhíbhuntáiste nó na comharsanachtaí deighilte, ina bhfuil na pobail is díothaí, ach táscairí socheacnamaíocha agus críochacha atá ar fáil cheana a úsáid (i.e. leibhéal an-íseal oideachais, dífhostaíocht fhadtéarmach, etc.);

— lena n-áirítear modhanna láidre faireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bheidh gníomhaíochtaí lánpháirtithe na Romach agus meicníocht athbhreithnithe chun an straitéis a oiriúnú.

— atá deartha agus curtha chun feidhme i ndlúthchomhar agus i gcomhphlé leanúnach le sochaí shibhialta na Romach, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus a ndéantar faireachán uirthi i ndlúthchomhar leo freisin.

— Nuair a iarrtar sin agus i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, déanfar tacaíocht a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha chun iarratais ar thionscadail a dhéanamh agus chun na tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme agus a bhainistiú.

CSE:

— Rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta, lena n-áirítear cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta de leas ginearálta;

CFRE:

— Infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi sin ag laghdú éagothroime i dtéarmaí stádais sláinte, ag cur cuimsithe shóisialta chun cinn trí rochtain feabhsaithe ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha agusáineasa agus leis an trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí bunaithe sa phobal.

9.3.  Sláinte: Creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach don tsláinte a bheith ann faoi theorainneacha Airteagal 168 CFAE lena n-áirithítear an inbhuanaitheacht eacnamaíoch.

— Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach don tsláinte i bhfeidhm ina bhfuil an méid seo a leanas:

— 

— bearta comhordaithe chun an rochtain ar sheirbhísí sláinte a fheabhsú;

— bearta chun éifeachtúlacht a spreagadh san earnáil sláinte trí úsáid samhlacha seachadta seirbhíse agus bonneagair;

— córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di.

— Tá creat glactha ag Ballstát nó ag réigiún lena léirítear, ar bhealach táscach, acmhainní buiséadacha atáar fáil agus díriú costéifeachtach acmhainní ar riachtanais tosaíochta don chúram sláinte.

10.  Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus gairmoiliúint le haghaidh scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil;

(Sprioc oideachais)

(dá dtagraítear i bpointe (10) den chéad mhír d'Airteagal 9)

CSE:

— Líon na leanaí a fhágann an scoil go luath a laghdú agus a chosc agus rochtain chothrom ar oideachas luath-óige, ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas de dhea-cháilíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear conairí foghlama foirmiúla, nach bhfuil foirmiúil, agus neamhfhoirmiúla chun páirt a athghlacadh san oideachas agus san oiliúint;

CFRE:

— Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt.

10.1.  Luathfhágáil na scoile: Creat beartais straitéiseach a bheith ann chun luathfhágáil na scoile (LFS) a laghdú laistigh de theorainneacha Airteagal 165 CFAE.

— Tá córas i bhfeidhm chun sonraí agus faisnéis LFS a bhailiú agus a anailísiú ar leibhéil ábhartha:

— 

— lena gcuirtear bonn leordhóthanach faisnéise ar fáil chun beartais spriocdhírithe a fhorbairt lena ndéantar faireachán ar a mbíonn ag titim amach.

— Tá creat beartais straitéiseach maidir le LFS i bhfeidhm:

— 

— atá bunaithe ar fhianaise;

— lena gcumhdaítear earnálacha ábhartha oideachais, lena n-áirítear forbairt luath an pháiste, lena ndírítear go háirithe ar na grúpaí is mó atá i mbaol LFS, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe, agus lena dtugtar aghaidh ar bhearta coiscthe, idirghabhála agus cúitimh;

— a bhfuil gach earnáil beartais agus gach geallsealbhóir bainteach leis atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar LFS.

CSE:

— Caighdeán agus éifeachtúlacht oideachais tríú leibhéal agus a choibhéiseagus rochtain air a fheabhsú d'fhonn rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

CFRE:

— Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt.

10.2.  Ardoideachas: Creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann chun gnóthachtáil, cáilíocht agus éifeachtúlacht oideachais threasaigh a mhéadú laistigh de theorainneacha Airteagal 165 CFAE.

—  Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach don oideachas treasach i bhfeidhm lena gcuimsítear na gnéithe seo a leanas:

— i gcás inar gá, bearta chun rannpháirtíocht agus gnóthachtáil amhéadú lena ndéantar na nithe seo a leanas:

— 

— rannpháirtíocht san ardoideachas a mhéadú i measc grúpaí ísealioncaim agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht go háirithe maidir le daoine faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe;

— rátaí luathfhágála na scoile a mhaolú/rátaí comhlíonta a fheabhsú.

— bearta chun ábhar nuálaíoch agus dearadh cláir a spreagadh;

— bearta chun infhostaitheacht agus fiontraíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas:

— 

— forbairt "scileanna trasnaí" a spreagadh, lena n-áirítear fiontraíocht i gcláir ábhartha ardoideachais;

— difríochtaí inscne a laghdú i roghanna acadúla agus gairmoideachais.

CSE:

— Trí rochtain chothrom ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do gach grúpa i suímh fhoirmiúla, i suímh nach bhfuil foirmiúil agus i suímh neamhfhoirmiúla, trí fhaisnéis, scileanna agus inniúlachtaí an luchta saothair a uasghrádú agus conairí solúbtha foghlama a chur chun cinn lena n-áirítear trí ghairmthreoir agus bailíochtú inniúlachtaí faighte;

CFRE:

— Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus νfoghlamaar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt.

10.3.  Foghlaim ar feadh an tsaoil: Creat beartais straitéiseach náisiúnta agus/nó réigiúnach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bheith ann laistigh de theorainneacha Airteagal 165 CFAE.

—  Tá creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil i bhfeidhm ina gcuimsítear na nithe seo a leanas:

— bearta chun tacú leis na seirbhísí forbartha agus nasctha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (FFS) lena n-áirítear a gcur chun feidhme agus uasghrádú scileanna (i.e. bailíochtú, treorú, oideachas agus oiliúint) agus le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhpháirtíocht le geallsealbhóirí ábhartha;

— bearta chun forbairt scileanna a chur ar fáil lena bhfreagraítear do na riachtanais atá ag spriocghrúpaí éagsúla i gcás ina sainaithnítear i gcreat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach gur grúpaí tosaíochta iad siúd (mar shampla, daoine óga faoi ghairmoiliúint, daoine fásta, tuismitheoirí ag filleadh ar mhargadh an tsaothair, oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe níos sine, imircigh agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine faoi mhíbhuntáiste);

— bearta chun rochtain ar FFS a leathnú, lena n-áirítear trí iarrachtaí chun uirlisí trédhearcachta a chur chun feidhme go héifeachtach (mar shampla an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí, ECVET, an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint);

— Bearta chun ábharthacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú ó thaobh mhargadh an tsaothair de agus chun í a oiriúnú do riachtanais na spriocghrúpaí sainaitheanta (mar shampla daoine óga faoi ghairmoiliúint, daoine fásta, tuismitheoirí ag filleadh ar mhargadh an tsaothair, oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe eile, imircigh agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine faoi mhíbhuntáiste).

CSE:

— Ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna maidir le margadh an tsaothair a fheabhsú, aistriú ó oideachas go hobair a éascú, agus córais gairmoideachais agus gairmoiliúna agus agcaighdeán a neartú, lena n-áirítear trí shásraí d'oirchill scileanna, oiriúnú curaclaim agus bunú agus forbairt na gcóras foghlama bunaithe ar obair, lena n-áirítear déchórais foghlama agus scéimeanna printíseachta;

CFRE:

— Infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt.

10.4  Creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann chun cáilíocht agus éifeachtúlacht córais GG a mhéadú laistigh de theorainneacha Airteagal 165 CFAE.

—  Creat beartais straitéiseach náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann chun cáilíocht agus éifeachtúlacht córaisGG a mhéadú laistigh de theorainneacha Airteagal 165 CFAE, lena n-áirítear bearta don mhéid seo a leanas:

— ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna maidir le margadh an tsaothair a fheabhsú i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear trí shásraí d'oirchill scileanna, oiriúnú curaclam agus soláthar na gcóras foghlama bunaithe ar an obair ina fhoirmeacha éagsúla a threisiú;

— Bearta chun cáilíocht agus tarraingteacht GG a mhéadú trí chur chuige náisiúnta a bhunú do dhearbhú cáilíochta do GG (mar shampla a i gcomhréir leis an gCreat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúina) agus lena gcuirtear chun feidhme na huirlisí trédhearcachta agus aitheantais, mar shampla an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas. (ECVET).

11.  Cumas institiúideach na n-údaráis phoiblí agus na ngeallsealbhóirí mar aon le riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú.

(dá dtagraítear i bpointe (11) den chéad mhír d'Airteagal 9)

ESF:

— Infheistíocht a dhéanamh gcumas institiúideach agus in éifeachtúlacht riarachán poiblí agus seirbhísí poiblí ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar mhaithe le hathchóirithe, rialáil níos fearr agus dea-rialachas;

CFRE:

— Feabhas a chur ar chumas institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus ar riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chuncumas institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme CFRE a neartú, agus trí thacú le gníomhaíochtaí faoi CSE chun an cumas institiúideach agus éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a neartú.

Ciste Comhtháthaithe:

— Feabhas a chur ar chumas institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus ar riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chun cumas institiúideach agus éifeachtúlacht riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a neartú.

—  Creat beartais straitéiseach a bheith ann chun éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát a threisiú, lena n-áirítear athchóiriú ar riarachán poiblí

—  Tá creat beartais straitéiseach chun éifeachtúlacht riaracháin údarás poiblí Ballstáit agus a scileanna a threisiú leis na heilimintí seo a leanas i bhfeidhm agus á chur chun feidhme.

— anailís agus pleanáil straitéiseach ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus/nó athchóirithe nós imeachta;

— forbairt córais bhainistíochta cháilíochta;

— gníomhaíochtaí comhtháite do shimpliú agus do chuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin;

— forbairt agus cur chun feidhme straitéisí agus beartais acmhainní daonna lena gcumhdaítear na príomhbhearnaí arna sainaithint sa réimse seo;

— forbairt scileanna ar gach leibhéal den ordlathas gairmiúil laistigh de na húdaráis phoiblí;

— forbairt nósanna imeachta agus uirlisí i gcomhair faireacháin agus meastóireachta.

(1)   Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(2)   Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle of 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(3)   Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht chríochúsáide fuinnimh agus le seirbhísí fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 93/76/CEE ón gComhairle (IO L 114, 27.4.2006, lch. 64).

(4)   Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE agus lena n-aisghairtear na Treoracha sin ina dhiaidh sin (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(5)   IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

(6)   Rialachán ó Pharlaimint na 1315 hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt 2011/0294 (COD) (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(7)   Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).

(8)   Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(9)   Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(10)   Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú



CUID II:  Coinníollachtaí ginearálta ex-ante

Réimse

Coinníollacht ex ante

Critéir atá le comhlíonadh

1.  Frith-idirdhealú

Cumas riaracháin a bheith ann maidir le dlí agus beartas frith-idirdhealaithe an Aontais i réimse Chistí SIE a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

— Socruithe i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát maidir le rannpháirtíocht na gcuideachtaí atá freagrach as cóir chomhionann na ndaoine go léir le linn cláir a bheith á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme, lena n-áirítear comhairle a bheith á cur ar fáil maidir le comhionannas sna gníomhaíochtaí a bhaineann le cistí SIE

— Socruithe maidir le hoiliúint le haghaidh fhoireann na n-údarás atá rannpháirteach i mbainistiú agus i rialú na gCistí SIE i réimsí dlí agus beartais fhrith-idirdhealaithe an AE.

2.  Inscne

Cumas riaracháin a bheith ann maidir le dlí agus beartas comhionannais inscne an Aontais i réimse Chistí SIE a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm

— Socruithe i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát maidir le rannpháirtíocht na gcuideachtaí atá freagrach as comhionannas inscne le linn cláir a bheith á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme, lena n-áirítear comhairle a bheith á cur ar fáil maidir le comhionannas inscne sna gníomhaíochtaí a bhaineann le cistí SIE;

— Socruithe maidir le hoiliúint le haghaidh bhaill foirne na n-údarás atá rannpháirteach i mbainistiú agus i rialú Chistí SIE i réimsí dlí comhionannais inscne agus beartais an Aontais agus maidir le príomhshruthú inscne.

3.  Míchumas

Cumas riaracháin a bheith ann maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine atá faoi mhíchumas (UNCRPD) i réimse Chistí SIE i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle (1)

— Socruithe i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát maidir le comhairliúcháin agus rannpháirtíocht cuideachtaí i bhfeighil ar chosaint chearta daoine faoi mhíchumas nó eagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine faoi mhíchumas agus geallsealbhóirí ábhartha eile le linn ullmhú agus chur chun feidhme clár;

— Socruithe le haghaidh oiliúna maidir le baill foirne na n-údarás atá rannpháirteach i mbainistiú agus i rialú Chistí SIE i réimsí dhlí agus bheartais an Aontais agus an dlí náisiúnta faoi mhíchumas is infheidhme, lena n-áirítear inrochtaineacht agus cur i bhfeidhm an UNCRPD mar a léirítear i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta, mar is iomchuí;

— Socruithe chun faireachán maidir le cur chun feidhme Airteagal 9 de UNCRPT i ndáil le Cistí SIE le linn ullmhú agus chur chun feidhme na gclár.

4.  Soláthar poiblí

Socruithe a bheith ann chun dlí soláthair phoiblí an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach i réimse Chistí SIE

— Socruithe chun dlí soláthair phoiblí an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach trí shásraí iomchuí;

— Socruithe lena n-áiritheofar nósanna imeachta trédhearcacha maidir le dámhachtain conarthaí;

— Socruithe don oiliúint agus don scaipeadh faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme chistí SIE;

— Socruithe chun acmhainní riaracháin a áirithiú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm rialacha soláthair phoiblí an Aontais.

5.  Státchabhair

Socruithe a bheith ann chun rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a chur i bhfeidhm go héifeachtach i réimse Chistí SIE

— Socruithe chun rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a chur i bhfeidhm go héifeachtach;

— Socruithe don oiliúint agus don scaipeadh faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí SIE;

— Socruithe chun acmhainní riaracháin a áirithiú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.

6.  Reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus leis an measúnacht straitéiseach comhshaoil (MSC)

Socruithe a bheith ann chun reachtaíocht chomhshaoil an Aontais i ndáil le MTC agus MSC a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

— Socruithe chun Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (MTC) agus Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (MSC) a chur i bhfeidhm go héifeachtach;

— Socruithe don oiliúint agus don scaipeadh faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme Threoir MTC agus Threoir MSC;

— Socruithe chun acmhainní leordhóthanacha riaracháin a áirithiú.

7.  Córais staidrimh agus táscairí toraidh

Bonn staidrimh a bheith ann atá riachtanach chun tabhairt faoi mheastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na gclár.

Córas a bheith ann de tháscairí ar thorthaí is gá chun gníomhaíochtaí a roghnú, lena rannchuidítear ar an mbealach is éifeachtaí le torthaí inmhianaithe, chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo torthaí agus chun measúnú tionchair a dhéanamh.

— Tá socruithe i bhfeidhm chun sonraí staidrimh a bhailiú agus a chomhiomlánú go tráthúil ina bhfuil na gnéithe seo a leanas:

— 

— sainaithint na bhfoinsí agus na sásraí chun bailíochtú staidrimh a áirithiú;

— socruithe maidir le foilsiú agus le hinfhaighteacht phoiblí sonraí comhiomlánaithe;

— córas éifeachtach de tháscairí ar thorthaí, lena n-áirítear:

— 

— roghnú táscairí toraidh do gach clár, lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na nithe sin lena spreagtar roghnú na ngníomhaíochtaí beartais a mhaoinítear leis an gclár;

— spriocanna a bhunú do na táscairí sin;

— urramú gach táscaire, lena gceanglaítear an méid seo a leanas: stóinseacht agus bailíochtú staidrimh, soiléireacht an léirmhínithe normataigh, sofhreagracht don bheartas, bailiú tráthúil sonraí;

— Nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú go nglacfaidh na hoibríochtaí uile a mhaoinítear faoin gclár córas éifeachtach táscairí.

(1)   Cinneadh ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35)

(2)   Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(3)   Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú




IARSCRÍBHINN XII

FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID AR THACAÍOCHT Ó NA CISTÍ

1.   LIOSTA OIBRÍOCHTAÍ

Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 115(2), i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad:

 ainm an tairbhí (eintitis dhlíthúla amháin; ní ainmneofar daoine nádúrtha ar bith);

 ainm na hoibríochta;

 achoimre ar an oibríocht;

 dáta tosaithe na hoibríochta;

 dáta críochnaithe na hoibríochta (an dáta a bhfuiltear ag súil go mbeidh an oibríocht críochnaithe go fisiciúil nó curtha chun feidhme go hiomlán);

 an caiteachas iomlán incháilithe arna leithdháileadh ar an oibríocht;

 ráta cómhaoinithe Aontais (in aghaidh na haise tosaíochta);

 postchód na hoibríochta; nó táscaire suímh iomchuí eile;

 tír;

 ainm an chatagóra idirghabhála don oibríocht i gcomhréir le pointe (b) (vi) den chéad fhomhír d'Airteagal 96(2);

 dáta an nuashonraithe is déanaí ar an liosta oibríochtaí.

Cuirfear ceannteidil na réimsí sonraí ar fáil freisin i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais.

2.   BEARTA FAISNÉISE AGUS CUMARSÁIDE DON PHOBAL

Glacfaidh an Ballstát, an t-údarás bainistíochta agus na tairbhithe na céimeanna is gá chun faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus cumarsáid a dhéanamh leis, faoi oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi chlár oibríochtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.1.   Freagrachtaí an Bhallstáit agus an údaráis bhainistíochta

1. Áiritheoidh an Ballstát agus an t-údarás bainistíochta go gcuirtear na bearta faisnéise agus cumarsáide chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide agus go bhféachtar leis na bearta sin le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna meáin uile trí leas á bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar an leibhéal iomchuí.

2. Beidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta freagrach as na bearta faisnéise agus cumarsáide seo a leanas ar a laghad a eagrú:

(a) mórghníomhaíocht faisnéise a eagrú lena ndéantar poiblíocht maidir le seoladh an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, fiú roimh na straitéisí cumarsáide ábhartha a fhormheas;

(b) mórghníomhaíocht faisnéise amháin in aghaidh na bliana a eagrú ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistithe agus na straitéisí arna saothrú agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, mórthionscadail, comhphleananna gníomhaíochta agus samplaí eile tionscadail;

(c) taispeáint fheathal an Aontais ag áitreabh gach údaráis bhainistíochta;

(d) foilsiú leictreonach an liosta oibríochtaí i gcomhréir le Roinn 1 den Iarscríbhinn seo;

(e) samplaí d'oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir oibríochtúla, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh ghréasáin; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;

(f) nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an chláir oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a phríomh-mhórghníomhartha, ar an láithreán gréasáin aonair nó ar láithreán gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach aonair láithreáin ghréasáin.

3. Socróidh an t-údarás bainistíochta, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta faisnéise agus cumarsáide i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta:

(a) na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b) ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin, agus oifigí eolais de chuid Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit;

(c) institiúidí oideachais agus taighde.

Scaipfidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis a thuairiscítear in Airteagal 115(1) go forleathan.

2.2.   Freagrachtaí na dtairbhithe

1. Déanfaidh gach beart faisnéise agus cumarsáide a chuireann an tairbhí i bhfeidhm tacaíocht ó na Cistí don oibríocht a aithint trína nithe seo a leanas a thaispeáint:

(a) feathal an Aontais, a thaispeáint i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 115(4), chomh maith le tagairt don Aontas;

(b) tagairt don Chiste nó do na Cistí atá ag tacú leis an oibríocht.

I gcás go mbaineann beart faisnéise nó cumarsáide le hoibríocht nó le roinnt oibríochtaí atá cómhaoinithe ag Ciste amháin nó níos mó, féadfar an tagairt do Chistí SIE a chur in ionad na tagartha dá bhforáiltear i bpointe (b).

2. Le linn chur chun feidhme oibríochta, cuirfidh an tairbhí an pobal ar an eolas faoin tacaíocht a fuarthas ó na Cistí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) cur síos gairid ar an oibríocht i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta a chur ar fáil ar láithreán gréasáin an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid de láithreán gréasáin, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim a chur ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas;

(b) i gcás oibríochtaí nach gcumhdaítear faoi phointe 4 agus faoi phointe 5, póstaer amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis faoin tionscadal (A3 ar a laghad), lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais ón Aontas, a chur in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, amhail limistéar bhealach isteach foirgnimh.

3. I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE, agus i gcásanna iomchuí i gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, áiritheoidh an tairbhí gur cuireadh iad siúd a ghlacann páirt in oibríocht ar an eolas faoin gcistiú sin.

Aon doiciméad a bhaineann le hoibríocht a chur chun feidhme a úsáidtear don phobal nó do rannpháirtithe, lena n-áirítear aon teastas tinrimh nó teastas eile, áireofar ann ráiteas go bhfuair an clár tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí.

4. Le linn chur chun feidhme oibríocht CFRE nó oibríocht de chuid an Chiste Chomhtháthaithe, déanfaidh an tairbhí clár fógraí sealadach a chur suas, in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, clár de mhéid shuntasach do gach oibríocht arb é maoiniú bonneagair nó oibríochtaí tógála a bhfuil an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os cionn EUR 500 000 atá inti.

5. Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis chríochnú oibríochta, déanfaidh an tairbhí, in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca, plaic bhuan nó clár fógraí buan de mhéid shuntasach a chur suas do gach oibríocht a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) tá an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os cionn EUR 500 000 ;

(b) is é atá san oibríocht ceannach ruda fhisicigh nó maoiniú oibríochtaí bonneagair nó tógála.

Sonrófar ar an bplaic nó ar an gclár fógraí ainm agus príomhchuspóir na hoibríochta. Ullmhófar í/é i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 115(4).

3.   BEARTA FAISNÉISE DO THAIRBHITHE FÉIDEARTHA AGUS DO THAIRBHITHE

3.1.   Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha

1. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide, go ndéantar straitéis agus cuspóirí an chláir oibríochtúil agus deiseanna cistithe a chuirtear ar fáil trí thacaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus ón mBallstát ar fáil a scaipeadh go forleathan i measc tairbhithe féideartha agus gach páirtí leasmhair, le sonraí faoin tacaíocht airgeadais ó na Cistí lena mbaineann.

2. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta a áirithiú go bhfuil rochtain ag tairbhithe ionchasacha ar fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis nuashonraithe i gcás inar gá, agus inrochtaineacht seirbhísí eile leictreonacha nó cumarsáide do thairbhithe ionchasacha áirithe á gcur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) na deiseanna cistithe agus iarrataí ar iarratais a sheoladh;

(b) incháilitheacht na gcoinníollacha caiteachais atá le comhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil;

(c) cur síos ar na nósanna imeachta chun iarratais ar chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist;

(d) na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a roghnú;

(e) na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla;

(f) an fhreagracht atá ar thairbhithe féideartha chun an pobal a chur ar an eolas faoi aidhm na hoibríochta agus faoin tacaíocht ó na Cistí don oibríocht i gcomhréir le pointe 2.2. D'fhéadfadh an t-údarás bainistíochta iarraidh ar thairbhithe féideartha gníomhaíochtaí cumarsáide táscacha atá comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, sna hiarratais.

3.2.   Bearta faisnéise do thairbhithe

1. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

2. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta uirlisí cumarsáide agus poiblíochta ar fáil, lena n-áirítear teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe a n-oibleagáidí atá leagtha amach i bpointe 2.2 a chomhlíonadh, i gcás inarb infheidhme.

4.   GNÉITHE NA STRAITÉISE CUMARSÁIDE

Áireofar na gnéithe seo a leanas sa straitéis chumarsáide a dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta agus, más iomchuí an Ballstát, a tharraingt suas:

(a) cur síos ar an gcur chuige a úsáideadh, lena n-áirítear na príomhbhearta faisnéise agus cumarsáide atá le déanamh ag an mBallstát nó ag an údarás bainistíochta agus atá dírithe ar thairbhithe féideartha, ar thairbhithe, ar iolraitheoirí agus ar an bpobal i gcoitinne, ag féachaint do na haidhmeanna a gcuirtear síos orthu in Airteagal 115;

(b) cur síos ar ábhair a chuirfear ar fáil i bhformáid inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas;

(c) cur síos ar an gcaoi a dtacófar le tairbhithe ina ngníomhaíochtaí cumarsáide;

(d) an buiséad táscach do chur chun feidhme na straitéise;

(e) cur síos ar na comhlachtaí riaracháin, lena n-áirítear na hacmhainní foirne, atá freagrach as na bearta faisnéise agus cumarsáide a chur chun feidhme;

(f) na socruithe do na bearta faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i bpointe 2, lena n-áirítear an suíomh gréasáin nó an tairseach suímh ghréasáin ar a bhfuil fáil ar shonraí den sórt sin;

(g) tásc ar an gcaoi a ndéanfar measúnú ar na bearta faisnéise agus cumarsáide i dtéarmaí infheictheacht an bheartais agus feasacht i leith an bheartais, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí, agus ról na gCistí agus an Aontais;

(h) i gcás inarb iomchuí, cur síos ar úsáid phríomhthorthaí an chláir oibríochtúil roimhe sin;

(i) nuashonrú bliantúil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá le déanamh an bhliain dar gcionn.




IARSCRÍBHINN XIII

CRITÉIR CHUN AN T-ÚDARÁS BAINISTÍOCHTA AGUS AN T-ÚDARÁS DEIMHNIÚCHÁIN A AINMNIÚ

1.   TIMPEALLACHT RIALAITHE INMHEÁNACH

(i) Beidh struchtúr eagrúcháin ann a chumhdóidh feidhmeanna na n-údarás bainistíochta agus deimhniúcháin agus leithdháileadh na bhfeidhmeanna laistigh de gach ceann de na húdaráis sin, agus a áiritheoidh go n-urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna i gcás inarb iomchuí.

(ii) I gcás ina ndéantar tascanna a tharmligean do chomhlachtaí idirmheánacha, beidh creat ann chun go ndeimhneofar go sainainmnítear a gcuid cúraimí agus oibleagáidí faoi seach, go bhfíorófar a gcumas chun tabhairt faoi na tascanna tarmligthe agus go bhfuil ann do nósanna imeachta maidir le tuairisciú.

(iii) Beidh ann do nósanna imeachta maidir le tuairisciú agus faireachán i ndáil le mírialtachtaí agus le haghaidh airgead a íocadh a aisghabháil nuair nár cheart sin a íoc ar dtús.

(iv) Beidh plean ann chun acmhainní daonna cuí a fhostú ag leibhéil éagsúla agus i bhfeidhmeanna éagsúla laistigh den eagraíocht agus go mbeidh na scileanna teicniúla riachtanacha acu.

2.   BAINISTÍOCHT RIOSCA

Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, beidh ann do chreat lena n-áiritheofar go ndéanfar beart cuí maidir le bainistiú riosca nuair is gá sin agus, go háirithe, i gcás modhnuithe móra ar na gníomhaíochtaí.

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ BAINISTÍOCHTA AGUS RIALAITHE

A.   An t-údarás bainistíochta

(i) Beidh nósanna imeachta ann maidir le hiarratais ar dheontais, iarratais a mheas, iarratais a roghnú lena gcistiú, lena n-áireofar rialacha agus treoracha chun a áirithiú go rannchuidíonn oibríochtaí le ►C1  cuspóirí sonracha ◄ agus torthaí na tosaíochta ábhartha a bhaint amach, i gcomhréir le pointe (a)(i) d'Airteagal 125(3).

(ii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le fíorú bainistíochta lena n-áireofar fíorú riaracháin i ndáil le gach iarratas ar aisíocaíocht a thagann ó thairbhithe agus maidir le hoibríochtaí a bhaineann le fíoruithe ar an láthair.

(iii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le hiarratais a thagann ó thairbhithe a láimhseáil i ndáil le haisíocaíochtaí agus le húdarú íocaíochtaí.

(iv) Beidh nósanna imeachta ann maidir le sonraí a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm leictreonach maidir le gach oibríocht lena n-áireofar, nuair is iomchuí, sonraí ar rannpháirtithe aonair agus maidir le briseadh síos a dhéanamh ar na sonraí i ndáil le táscairí de réir inscne nuair is gá sin agus déanfar seo d'fhonn deimhniú go mbeidh an córas slándála ar aon dul le caighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta.

(v) Bunóidh an t-údarás bainistíochta nósanna imeachta d'fhonn deimhniú go gcoimeádann tairbhithe córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leordhóthanach maidir le gach idirbheart a bhaineann le hoibríocht.

(vi) Beidh nósanna imeachta ann maidir le bearta frithchalaoise a bheidh éifeachtach agus comhréireach.

(vii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le córas cartlainne agus rian iniúchóireachta a bheidh leordhóthanach.

▼C1

(viii) Beidh nósanna imeachta ann maidir leis an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a dhréachtú maille leis an achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear na laigí a sainaithníodh, dá dtagraítear in Airteagal 59(5) de.

▼B

(ix) Beidh nósanna imeachta ann maidir le doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach na coinníollacha le haghaidh gach oibríochta.

B.   An t-údarás deimhniúcháin

(i) Beidh nósanna imeachta ann maidir le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a dheimhniú don Choimisiún.

(ii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le cuntais a chur le chéile agus le deimhniú go bhfuil siad ceart, iomlán agus cruinn agus go ndéanfaidh an caiteachas dlí is infheidhme a chomhlíonadh lena gcuirfear san áireamh torthaí gach iniúchta.

(iii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le rian iniúchóireachta leordhóthanach trí thaifead cuntasaíochta a choimeád i bhfoirm leictreonach agus ina gcuirfear méideanna atá inghnóthaithe, gnóthaithe agus astarraingthe maidir le gach oibríocht.

(iv) Beidh nósanna imeachta ann, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go bhfaighfidh an t-údarás deimhniúcháin go leor faisnéise ón údarás bainistíochta maidir leis na fíoruithe a rinneadh agus maidir le torthaí na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht siúd.

4.   FAIREACHÁN

A.   An túdarás bainistíochta

(i) Beidh nósanna imeachta ann d'fhonn tacú le hobair an choiste faireacháin.

(ii) Beidh nósanna imeachta ann maidir le tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme a dhréachtú agus a chuir faoi bhráid an Choimisiúin.

B.   An túdarás deimhniúcháin

Beidh nósanna imeacht ann maidir le comhlíonadh chúraimí an údaráis deimhniúcháin i ndáil le faireachán a dhéanamh ar thorthaí na bhfíoruithe bainistíochta agus ar thorthaí na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht siúd sula gcuirfear iarratais ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin.




IARSCRÍBHINN XIV



TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh 1083/2006

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3 agus Airteagal 4

Airteagal 89

Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 8

Airteagal 90

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 4 and Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 4(1)

Airteagal 11

Airteagal 5

Airteagal 12

Airteagal 4(4)

Airteagal 13

Airteagal 4(5)

Airteagal 14

Airteagal 4(7) agus (8) agus Airteagal 73

Airteagal 15

Airteagal 95

Airteagal 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 8

Airteagal 18

Airteagal 91

Airteagal 19 go hAirteagal 21

Airteagal 92

Airteagal 22

Airteagal 93 agus Airteagal 94

Airteagal 23

Airteagal 92(6)

Airteagal 24

Airteagal 91(3)

Airteagal 25

Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 26

Airteagal 12

Airteagal 27

Airteagal 15

Airteagal 28

Airteagal 14 agus Airteagal 16

Airteagal 29

Airteagal 52

Airteagal 30

Airteagal 53

Airteagal 31

Airteagal 113

Airteagal 32

Airteagal 26, Airteagal 29 agus Airteagal 96(9) agus (10)

Airteagal 33

Airteagal 30 agus Airteagal 96(11)

Airteagal 34

Airteagal 98

Airteagal 35

Airteagal 99

Airteagal 36

Airteagal 31

Airteagal 37

Airteagal 27 agus Airteagal 96(1) go (8)

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 100

Airteagal 40

Airteagal 101

Airteagal 41

Airteagal 102 agus Airteagal 103

Airteagal 42

Airteagal 123(7)

Airteagal 43

Airteagal 43a

Airteagal 67

Airteagal 43b

Airteagal 67

Airteagal 44

Airteagal 37 go hAirteagal 46

Airteagal 45

Airteagal 58 agus Airteagal 118

Airteagal 46

Airteagal 59 agus Airteagal 119

Airteagal 47

Airteagal 54

Airteagal 48

Airteagal 55, Airteagal 56(1) go (3), Airteagal 57 agus Airteagal 114(1) agus (2)

Airteagal 49

Airteagal 56(4), Airteagal 57 agus Airteagal 114(3)

Airteagal 50

Airteagal 20 go hAirteagal 22

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 121

Airteagal 53 agus Airteagal 54

Airteagal 60 agus Airteagal 120

Airteagal 55

Airteagal 61

Airteagal 56

Airteagal 65 go hAirteagal 70

Airteagal 57

Airteagal 71

Airteagal 58

Airteagal 73

Airteagal 59

Airteagal 123

Airteagal 60

Airteagal 125

Airteagal 61

Airteagal 126

Airteagal 62

Airteagal 127

Airteagal 63

Airteagal 47

Airteagal 64

Airteagal 48

Airteagal 65

Airteagal 110

Airteagal 66

Airteagal 49

Airteagal 67

Airteagal 50 agus Airteagal 111

Airteagal 68

Airteagal 51 agus Airteagal 112

Airteagal 69

Airteagal 115 go hAirteagal 117

Airteagal 70

Airteagal 74 agus Airteagal 122

Airteagal 71

Airteagal 124

Airteagal 72

Airteagal 75

Airteagal 73

Airteagal 128

Airteagal 74

Airteagal 148

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 76

Airteagal 77 agus Airteagal 129

Airteagal 77

Airteagal 78 agus Airteagal 130

Airteagal 78 agus Airteagal 78a

Airteagal 131

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 132

Airteagal 81

Airteagal 80 agus Airteagal 133

Airteagal 82

Airteagal 81 agus Airteagal 134

Airteagal 83

Airteagal 84

Airteagal 82

Airteagal 85 go hAirteagal 87

Airteagal 135

Airteagal 88

Airteagal 89

Airteagal 141

Airteagal 90

Airteagal 140

Airteagal 91

Airteagal 83

Airteagal 92

Airteagal 142

Airteagal 93

Airteagal 86 agus Airteagal 136

Airteagal 94

Airteagal 95

Airteagal 96

Airteagal 87

Airteagal 97

Airteagal 88

Airteagal 98

Airteagal 143

Airteagal 99

Airteagal 85 agus Airteagal 144

Airteagal 100

Airteagal 145

Airteagal 101

Airteagal 146

Airteagal 102

Airteagal 147

Airteagal 103 agus Airteagal 104

Airteagal 150

Airteagal 105

Airteagal 152

Airteagal 105a

Airteagal 106

Airteagal 151

Airteagal 107

Airteagal 153

Airteagal 108

Airteagal 154




Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67

Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.




Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaí

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:

i. leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;

ii. leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.




Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1

Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.




Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamh

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:

 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;

 ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);

 iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo).

( 2 ) Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 maidir le treoirlínte leathana le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (IO L 191, 23.7.2010, lch. 28)

( 3 ) Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 308, 24.11.2010, lch. 46).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 den Chonradh maidir le cabhair de minimus (IO L 379, 28.12.2006, lch. 5).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimus in earnáil na táirgeachta talmhaíochta (IO L 337, 21.12.2007, lch. 35).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimus in earnáil an iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1860/2004 (IO L 193, 25.7.2007, lch. 6).

( 7 ) Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

( 8 ) Rialachán (EC) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

( 9 ) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

( 10 ) Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25)

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1).

( 12 ) Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.05.2013, lch. 1).

( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nóis imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6)

( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 16 ) Treoir 2013/36/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( 17 ) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

( 18 ) Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (IO L 310, 30.11.1996, lch. 1)

( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1).

( 20 ) Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO L 83, 27.3.1999, lch. 1).

( 21 ) COM(2011) 809 leagan deireanach.

( 22 ) Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE. (Féach leathanach 33 den Iris Oifigiúil seo).

( 23 ) Cinneadh ón gCoimisiún 2010/670/AE an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh inathnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil lámhaltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal arna bhunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).

( 24 ) Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (Féach leathanach 185 den Iris Oifigiúil seo).

( 25 ) Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+":clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil seo).

( 26 ) Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (Féach leathanach 238 den Iris Oifigiúil seo). IO: cuir isteach, le do thoil, tagairt an doiciméid atá in COD(2011)0270.

( 27 ) Rialachán 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

( 28 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

( 29 ) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

( 30 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

Top