EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02012R0966-20160101

Consolidated text: Rialachán (AE, Euratom ) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/966/2016-01-01

2012R0966 — GA — 01.01.2016 — 002.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼C1

RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

▼B

(IO L 298 26.10.2012, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Bealtaine 2014

  L 163

18

29.5.2014

►M2

RIALACHÁN (AE, EURATOM) 2015/1929 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 28 Deireadh Fómhair 2015

  L 286

1

30.10.2015


Arna cheartú le

►C1

Ceartúchán, IO L 266, 30.9.2016, lch.  9 (966/2012)




▼B

▼C1

RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

▼B

CLÁR

CUID A hAON

FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 3

Comhlíonadh reachtaíochta tánaistí leis an Rialachán seo

Airteagal 4

Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama

Airteagal 5

Cosaint sonraí pearsanta

TEIDEAL II

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 6

Na prionsabail bhuiséadacha a urramú

Caibidil 1

Prionsabal na haontachta agus prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 7

Raon feidhme an bhuiséid

Airteagal 8

Rialacha sonracha maidir le prionsabal na haontachta agus le prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

Caibidil 2

Prionsabal na bliantúlachta

Airteagal 9

Sainmhíniú

Airteagal 10

Cineál leithreasaí

Airteagal 11

Cuntasaíocht i ndáil le hioncam agus leithreasaí

Airteagal 12

Leithreasaí a chur faoi chomhair oibleagáidí

Airteagal 13

Leithreasaí a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

Airteagal 14

Rialacha tabhairt anonn maidir le hioncam sannta

Airteagal 15

Saoradh leithreasaí

Airteagal 16

Na rialacha is infheidhme maidir leis an mbuiséad a ghlacadh go déanach

Caibidil 3

Prionsabal na cothromaíochta

Airteagal 17

Sainmhíniú agus raon feidhme

Airteagal 18

Iarmhéid ón mbliain airgeadais

Caibidil 4

Prionsabal an aonaid cuntais

Airteagal 19

An euro a úsáid

Caibidil 5

Prionsabal na huilíochta

Airteagal 20

Sainiú agus raon feidhme

Airteagal 21

Ioncam sannta

Airteagal 22

Tabhartais

Airteagal 23

Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar ráta malairte

Caibidil 6

Prionsabal na sonraíochta

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

Airteagal 25

Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún

Airteagal 26

Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún

Airteagal 27

Tograí i leith aistrithe a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag institiúidí agus a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle

Airteagal 28

Rialacha sonracha maidir le haistrithe

Airteagal 29

Aistrithe faoi réir forálacha speisialta

Caibidil 7

Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 30

Prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta

Airteagal 31

Ráiteas airgeadais éigeantach

Airteagal 32

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 33

Córais rialaithe chost-éifeachtúla

Caibidil 8

Prionsabal na trédhearcachta

Airteagal 34

Cuntais, buiséid agus tuarascálacha a fhoilsiú

Airteagal 35

Faisnéis maidir le faighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú

TEIDEAL III

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID

Caibidil 1

Bunú an Bhuiséid

Airteagal 36

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas

Airteagal 37

Buiséad measta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 200

Airteagal 38

Dréachtbhuiséad

Airteagal 39

An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad

Airteagal 40

Oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as an mbuiséad a ghlacadh

Airteagal 41

Dréachtbhuiséid leasaitheacha

Airteagal 42

Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath

Caibidil 2

Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 43

Struchtúr an bhuiséid

Airteagal 44

Ainmníocht bhuiséadach

Airteagal 45

Toirmeasc ar ioncam diúltach

Airteagal 46

Forálacha

Airteagal 47

Cúlchiste diúltach

Airteagal 48

Cúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála

Airteagal 49

Tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 50

Rialacha maidir le pleananna bunaíochta don fhoireann

Caibidil 3

An smacht buiséadach

Airteagal 51

An creat airgeadais ilbhliantúil a chomhlíonadh

Airteagal 52

Gníomhartha an Aontais a bheith i gcomhréir leis an mbuiséad

TEIDEAL IV

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 53

An buiséad a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 54

An bunghníomh agus eisceachtaí

Airteagal 55

An buiséad arna chur chun feidhme ag institiúidí seachas an Coimisiún

Airteagal 56

Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean

Airteagal 57

Coinbhleacht leasa

Caibidil 2

Modhanna cur chun feidhme

Airteagal 58

Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 59

Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit

Airteagal 60

Bainistíocht indíreach

Airteagal 61

Measúnuithe ex ante agus comhaontuithe tarmligin

Airteagal 62

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Airteagal 63

Teorainneacha le tarmligean cumhachtaí

Caibidil 3

Gníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 64

Cúraimí a leithscaradh

Roinn 2

An t-oifigeach údarúcháin

Airteagal 65

An t-oifigeach údarúcháin

Airteagal 66

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh údarúcháin

Airteagal 67

Cumhachtaí agus dualgais Chinn Thoscaireachtaí an Aontais

Roinn 3

An t-oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 68

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh chuntasaíochta

Airteagal 69

Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean

Roinn 4

An riarthóir óinchiste

Airteagal 70

Cuntais óinchiste

Caibidil 4

Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Rialacha Ginearálta

Airteagal 71

An tarmligean a tharraingt siar agus na cúraimí a tugadh do ghníomhaithe airgeadais a chur ar fionraí

Airteagal 72

Dliteanas an oifigigh údarúcháin maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, nó éilliú

Roinn 2

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean agus trí fho-tharmligean

Airteagal 73

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

Roinn 3

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste

Airteagal 74

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh cuntasaíochta

Airteagal 75

Rialacha is infheidhme maidir le riarthóirí óinchiste

Caibidil 5

Oibríochtaí ioncaim

Roinn 1

Acmhainní dílse a chur ar fáil

Airteagal 76

Acmhainní dílse

Roinn 2

Na Méideanna is infhaighte a mheas

Airteagal 77

Na méideanna is infhaighte a mheas

Roinn 3

Na méideanna is infhaighte a shuí

Airteagal 78

Na méideanna is infhaighte a shuí

Roinn 4

Gnóthú a údarú

Airteagal 79

Gnóthú a údarú

Roinn 5

Gnóthú

Airteagal 80

Rialacha maidir le gnóthú

Airtegal 81

Tréimhse teorann

Airteagal 82

Conas caitheamh le teidlíochtaí de chuid an Aontais sna Ballstáit

Airteagal 83

Fíneálacha, pionóis agus ús fabhraithe arna bhforchur ag an gCoimisiún

Caibidil 6

Oibríochtaí caiteachais

Airteagal 84

Cinntí maidir le maoiniú

Roinn 1

Caiteachas a ghealladh

Airteagal 85

Cineálacha gealltanas

Airteagal 86

Rialacha is infheidhme maidir le gealltanais

Airteagal 87

Seiceálacha is infheidhme maidir le gealltanais

Roinn 2

Caiteachas a bhailíochtú

Airteagal 88

Caiteachas a bhailíochtú

Roinn 3

Caiteachas a údarú

Airteagal 89

Caiteachas a údarú

Roinn 4

Caiteachas a íoc

Airteagal 90

Cineálacha íocaíochtaí

Airteagal 91

Íocaíocht atá teoranta do na cistí atá ar fáil

Roinn 5

Teorainneacha ama d'oibríochtaí caiteachais

Airteagal 92

Teorainneacha ama

Caibidil 7

Córais TF agus r-Rialtas

Airteagal 93

Oibríochtaí a bhainistiú go leictreonach

Airteagal 94

Doiciméid a tharchur

Airteagal 95

r-Rialtas

Caibidil 8

Prionsabail riaracháin

Airteagal 96

Dea-riarachán

Airteagal 97

Léiriú ar mhodhanna sásaimh

Caibidil 9

Iniúchóir inmheánach

Airtegal 98

Iniúchóir inmheánach a cheapadh

Airteagal 99

Cumhachtaí agus cúraimí an iniúchóra inmheánaigh

Airteagal 100

Neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh

TEIDEAL V

SOLÁTHAR POIBLÍ AGUS LAMHÁLTAIS

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Roinn 1

Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana

Airteagal 101

Sainmhínithe chun críocha an Teidil seo

Airteagal 102

Prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí poiblí

Roinn 2

Foilsiú

Airteagal 103

Bearta poiblíochta

Roinn 3

Nósanna imeachta soláthair soláthair

Airteagal 104

Nósanna imeachta soláthair

Airteagal 104a

Soláthar idirinstitiúideach agus soláthar comhpháirteach

Airteagal 105

Nós imeachta soláthair a ullmhú

Airteagal 105a

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin rioscaí a bhrath agus smachtbhannaí riaracháin a fhorchur

Airteagal 106

Critéir eisiaimh agus smachtbhannaí riaracháin

Airteagal 107

Diúltú i gcás nós imeachta soláthair ar leith

Airteagal 108

An córas luathbhraite agus luatheisiaimh

Airteagal 110

Dámhachtain conarthaí

Airteagal 111

Cur isteach, cumarsáid leictreonach agus meastóireacht

Airteagal 112

Teagmhálacha le linn an nós imeachta soláthair

Airteagal 113

Cinneadh na dámhachtana agus faisnéis d'iarrthóirí nó do thairgeoirí

Airteagal 114

An nós imeachta soláthair a chur ar ceal

Airteagal 114a

Feidhmíocht an chonartha agus modhnuithe air

Roinn 4

Ráthaíochtaí agus gníomhaíocht cheartaitheach

Airteagal 115

Ráthaíochtaí

Airteagal 116

Earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois

Caibidil 2

Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag na hinstitiúidí as a stuaim féin

Airteagal 117

An t-údarás conarthach

Airteagal 118

Tairseacha is infheidhme agus tréimhse neamhghníomhaíochta

Airteagal 119

Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

Airteagal 120

Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda

TEIDEAL VI

DEONTAIS

Caibidil 1

Raon feidhme agus foirm na ndeontas

Airteagal 121

Raon feidhme na ndeontas

Airteagal 122

Tairbhithe

Airteagal 123

Foirm na ndeontas

Airteagal 124

Cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh

Caibidil 2

Prionsabail

Airteagal 125

Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais

Airteagal 126

Costais incháilithe

Airteagal 127

Cómhaoiniú comhchineáil

Airteagal 128

Trédhearcacht

Airteagal 129

Prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí

Airteagal 130

Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta

Caibidil 3

Nós imeachta um dhámhachtain

Airteagal 131

Iarratais ar dheontais

Airteagal 132

Critéir roghnúcháin agus deonúcháin

Airteagal 133

An nós imeachta meastóireachta

Caibidil 4

Íocaíocht agus rialú

Airteagal 134

Ráthaíocht réamh-mhaoinithe

Airteagal 135

Deontais agus rialuithe a íoc

Airteagal 136

Tréimhsí chun taifid a choimeád

Caibidil 5

Cur chun feidhme

Airteagal 137

Conarthaí cur chun feidhme agus tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe

TEIDEAL VII

DUAISEANNA

Airteagal 138

Rialacha ginearálta

TEIDEAL VIII

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 139

Raon feidhme

Airteagal 140

Na prionsabail agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais

TEIDEAL IX

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

Caibidil 1

Na cuntais a thíolacadh

Airteagal 141

Struchtúr na gCuntas

Airteagal 142

Tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus bainistíocht airgeadais

Airteagal 143

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

Airteagal 144

Prionsabail cuntasaíochta

Airteagal 145

Ráitis airgeadais

Airteagal 146

Tuarascálacha cur chun feidhme buiséadacha

Airteagal 147

Cuntais shealadacha

Airteagal 148

Na cuntais chomhdhlúite deiridh a fhormheas

Caibidil 2

Faisnéis maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Airteagal 149

Tuarascáil ar na ráthaíochtaí agus ar na rioscaí buiséadacha

Airteagal 150

Faisnéis maidir le cur chun feidhme an bhuiséid

Caibidil 3

Cuntasaíocht

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 151

An córas cuntasaíochta

Airteagal 152

Comhcheanglais do chóras cuntasaíochta na hinstitiúide

Roinn 2

Cúntais ghinearálta

Airteagal 153

Na cuntais ghinearálta

Airteagal 154

Iontrálacha sna cuntais ghinearálta

Airteagal 155

Coigeartuithe cuntasaíochta

Roinn 3

Cuntais bhuiséadacha

Airteagal 156

Cuntasaíocht bhuiséadach

Caibidil 4

Fardail maoine

Airteagal 157

An fardal

TEIDEAL X

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH

Caibidil 1

Iniúchóireacht sheachtrach

Airteagal 158

Iniúchóireacht sheachtrach arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí

Airteagal 159

Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht

Airteagal 160

Seiceálacha ar urrúis agus ar airgead tirim

Airteagal 161

Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 162

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 163

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

Caibidil 2

Urscaoileadh

Airteagal 164

Amchlár an nós imeachta um urscaoileadh

Airteagal 165

An nós imeachta um urscaoileadh

Airteagal 166

Bearta leantacha

Airteagal 167

Forálacha sonracha maidir leis an SEGS

CUID A DÓ

FORÁLACHA SPEISIALTA

TEIDEAL I

AN CISTE EORPACH UM RÁTHAÍOCHT TALMHAÍOCHTA

Airteagal 168

Forálacha speisialta maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta

Airteagal 169

Gealltanais leithreasaí CERT

Airteagal 170

Gealltanais shealadacha fhoriomlána leithreasaí CERT

Airteagal 171

Sceideal agus uainiú ghealltanais bhuiséadacha CERT

Airteagal 172

Cuntasaíocht chaiteachas CERT

Airteagal 173

Leithreasaí CERT a aistriú

Airteagal 174

Ioncam sannta CERT

TEIDEAL II

NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COMHTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE, CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA mBAINISTIÚ FAOIN mBAINISTÍOCHT ROINNTE AGUS AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA

Airteagal 175

Forálacha speisialta

Airteagal 176

Na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a urramú

Airteagal 177

Ranníocaíochtaí a íoc, íocaíochtaí eatramhacha agus aisíocaíochtaí

Airteagal 178

Leithreasaí a shaoradh

Airteagal 178a

Tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Airteagal 179

Leithreasaí a aistriú

Airteagal 180

Bainistíocht, roghnú agus iniúchóireacht

TEIDEAL III

TAIGHDE

Airteagal 181

Cistí taighde

Airteagal182

Gealltanais maidir leis an gCiste Taighde

Airteagal183

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde

TEIDEAL IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 184

Gníomhaíochtaí seachtracha

Caibidil 2

Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 185

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme

Roinn 2

Tacaíocht buiséid agus cistí iontaobhais ildeontóirí

Airteagal 186

Tacaíocht bhuiséideach a úsáid

Airteagal 187

Cistí iontaobhais an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

Roinn 3

Modhanna eile bainistíochta

Airteagal 188

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach

Airteagal 189

Comhaontuithe maoiniúcháin ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí seachtracha

Caibidil 3

Soláthar

Airteagal 190

Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar

Airteagal 191

Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

Caibidil 4

Deontais

Airteagal 192

Gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine

Airteagal 193

Rialacha is infheidhme maidir le deontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

Caibidil 5

Iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais

Airteagal 194

Iniúchóireacht an Aontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

TEIDEAL V

OIFIGÍ EORPACHA

Airteagal 195

Na hOifigí Eorpacha

Airteagal 196

Leithreasaí i ndáil leis na hoifigí Eorpacha

Airteagal 197

Oifigeach Údarúcháin na n-oifigí Eorpacha

Airteagal 198

Cuntais na n-oifigí idirinstitiúideacha Eorpacha

Airteagal 199

Cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean d'oifigí idirinstitiúideacha Eorpacha

Airteagal 200

Seirbhísí do thríú páirtithe

TEIDEAL VI

LEITHREASAÍ RIARACHÁIN

Airteagal 201

Forálacha ginearálta

Airteagal 202

Gealltanais

Airteagal 203

Forálacha sonracha maidir le leithreasaí riaracháin

TEIDEAL VII

SAINEOLAITHE

Airteagal 204

Saineolaithe seactracha a íoctar

CUID A TRÍ

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 205

Forálacha idirthréimhseacha

Airteagal 206

Iarrataí ar fhaisnéis ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Airteagal 207

Tairseacha agus méideanna

Airteagal 208

Rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom

Airteagal 209

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

Airteagal 210

An tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 211

Athbhreithniú

Airteagal 212

Aisghairm

Airteagal 213

Athbhreithniú maidir le SEGS

Airteagal 214

Teacht i bhfeidhm

IARSCRÍBHINN

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Comhráiteas ar shaincheisteanna a bhaineann le CAI

Ráiteas comhpháirteach maidir le caiteachas a bhaineann le foirgnimh faoi threoir Airteagal 203

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 203(3)



CUID A hAON

FORÁLACHA COITEANNA



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha do bhunú agus do chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus na rialacha do thíolacadh agus iniúchadh na gcuntas.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do Ghníomhaireacht Soláthair Euratom.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn "Aontas" an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

(b) tagraíonn "institiúid" do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, don Choimisiún Eorpach, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún, don Ombudsman Eorpach, don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (an "SEGS"); ní mheasfar gur institiúid de chuid an Aontais é an Banc Ceannais Eorpach;

(c) ciallaíonn "buiséad" an ionstraim lena dtuartar agus lena n-údaraítear, do gach bliain airgeadais, an t-ioncam agus an caiteachas go léir a mheastar a bheith riachtanach don Aontas;

(d) ciallaíonn "bunghníomh" gníomh dlíthiúil lena soláthraítear bunús dlí do ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh arna iontráil sa bhuiséad.

Féadfaidh bunghníomh a bheith i gceann ar bith de na foirmeacha seo a leanas:

(i) i gcur chun feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), i bhfoirm rialacháin, treorach nó cinnidh de réir bhrí Airteagal 288 CFAE; nó

(ii) i gcur chun feidhme Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), féadfaidh bunghníomh a bheith i gceann de na foirmeacha a shonraítear in Airteagail 26(2), 28(1), 29, 31(2), 33, agus 37 CAE.

Ní bunghníomhartha iad moltaí agus tuairimí;

(e) ciallaíonn "modh do chur i bhfeidhm" an modh lena gcuirtear an buiséad i bhfeidhm mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 58, in Airteagal 59 nó in Airteagal 60;

(f) ciallaíonn "comhaontú tairmligin" comhaontú a tugadh i gcrích le heintitis nó le daoine ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme buiséid orthu de bhun phointe (i) go pointe (viii) d'Airteagal 58(1)(c);

(g) ciallaíonn "tairbhí" aon duine nádúrtha nó dlítheanach lena bhfuil comhaontú deontais sínithe nó ar tugadh fógra dó maidir le cinneadh deontais;

(h) ciallaíonn "conraitheoir" duine nádúrtha nó dlítheanach lena bhfuil conradh soláthair tugtha chun críche;

(i) ciallaíonn "faighteoir" tairbhí, conraitheoir, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann duaiseanna nó cistí faoi ionstraim airgeadais;

(j) ciallaíonn "duais" ranníocaíocht airgeadais a thugtar mar luach saothair tar éis comórtais.

(k) ciallaíonn "iasacht" comhaontú lena gcuirtear d'oibleagáid ar an iasachtóir suim airgid chomhaontaithe a chur ar fáil don iasachtaí do thréimhse chomhaontaithe ama agus faoina bhfuil sé d'oibleagáid ar an iasachtaí an méid sin a aisíoc laistigh den am comhaontaithe;

(l) ciallaíonn "ráthaíocht" gealltanas i scríbhinn ó thríú páirtí an fhreagracht a ghlacadh as iomlán nó cuid den fhiach ag tríú pháirtí nó, den oibleagáid nó den fheidhmíocht rathúil ag tríú páirtí sa chás ina spreagtar ráthaíocht den sórt sin, amhail mainneachtain iasachta;

(m) ciallaíonn "infheistíocht chothromais" caipiteal a sholáthar do ghnólacht, arna infheistiú go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar úinéireacht iomlán nó pháirteach ar an ngnólacht sin agus go bhféadfaidh an t-infheisteoir cothromais cuid de rialú bainistíochta an ghnólachta a ghlacadh chuige féin nó brabús an ghnólachta a roinnt;

(n) ciallaíonn "infheistíocht cuasachothromais" cineál maoinithe atá aicmithe idir cothromas agus fiachas, agus ag a bhfuil riosca is airde ná fiachas sinsearach agus riosca is lú ná gnáthchothromas. Is féidir infheistíochtaí cuasachothromais a struchtúrú mar fhiachas, iad neamhurraithe agus fo-ordaithe go tipiciúil agus i gcásanna áirithe in-chomhshóite i gcothromas, nó mar chothromas tosaíochta;

(o) ciallaíonn "ionstraimí roinnte riosca" ionstraim airgeadais lena gceadaítear riosca sainithe a roinnt idir dhá eintiteas nó níos mó, i gcás inarb iomchuí mar mhalairt ar luach saothair comhaontaithe;

(p) ciallaíonn "ionstraimí airgeadais" bearta Aontais maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthraítear ón mbuiséad ar bhonn comhlántach d'fhonn aghaidh a thabhairt ar shainchuspóir beartais amháin nó níos mó de chuid an Aontais. Féadfaidh ionstraimí den sórt sin a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí eile roinnte riosca agus féadfar iad, i gcás inarb iomchuí, a chomhcheangal le deontais;

(q) ciallaíonn "Rialacháin Foirne" Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 1 );

(r) ciallaíonn "rialú" aon bheart a ghlactar chun dearbhú réasúnta a sholáthar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochta, iontaofacht tuairiscithe, acmhainní agus faisnéis a chosaint, calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath agus a cheartú agus lena leanúint, bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, ag cur san áireamh cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann. D'fhéadfadh seiceálacha éagsúla a bheith ag baint le rialuithe, mar aon le cur i bhfeidhm aon pholasaithe agus nósanna imeachta chun na cuspóir a dhéantar cur síos orthu sa chéad abairt a bhaint amach;

(s) ciallaíonn "seiceáil" fíorú a dhéanamh ar ghné shonrach d'oibríocht ioncaim nó caiteachais

Airteagal 3

Comhlíonadh reachtaíochta tánaistí leis an Rialachán seo

1.  Déanfaidh forálacha maidir le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas an bhuiséid, agus atá ar áireamh i mbunghníomh, na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha amach i dTeideal II de Chuid a hAon a urramú.

2.  Gan dochar do mhír 1, déanfaidh aon togra nó leasú ar thogra a chuirtear faoi bhráid údaráis reachtaigh a bhfuil maoluithe ar fhorálacha seachas na forálacha i dTeideal II de Chuid a hAon nó ar ghníomhartha tarmligthe ann a glacadh de bhun an Rialacháin seo na maoluithe sin a chur in iúl go soiléir agus na cúiseanna sonracha a thugann údar maith dóibh a lua in aithrisí agus i meabhrán míniúcháin na dtograí sin.

Airteagal 4

Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama

Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama ( 2 ) i ndáil le sprioc-amanna a leagtar síos leis an Rialachán síos seo.

Airteagal 5

Cosaint sonraí pearsanta

Tá an Rialachán seo gan dochar do cheanglais Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin ( 3 ) agus gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.



TEIDEAL II

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 6

Na prionsabail bhuiséadacha a urramú

Bunófar agus cuirfear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le prionsabail na haontachta, prionsabail an chruinnis bhuiséadaigh, prionsabail na bliantúlachta, prionsabail na cothromaíochta, prionsabail an aonaid chuntais, prionsabail na huilíochta, prionsabail na sonraíochta, prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a dteastaíonn rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil lena aghaidh, agus prionsabal na trédhearcachta mar atá leagtha amach sa Rialachán seo.



CAIBIDIL 1

Prionsabal na haontachta agus prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 7

Raon feidhme an bhuiséid

1.  Is éard a bheidh sa bhuiséad:

(a) ioncam agus caiteachas an Aontais, lena n-áirítear caiteachas riaracháin de chuid na n-institiúidí arb é is údar leis forálacha an CAE maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus an caiteachas oibríochtúil arb é is údar leis cur chun feidhme na bhforálacha sin ina muirearaítear é sin ar an mbuiséad;

(b) ioncam agus caiteachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

2a.  Déanfar taifead sa bhuiséad den ráthaíocht le haghaidh oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a nglacann an tAontas páirt iontu lena n-áirítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus oibríochtaí an Chiste Cobhsaíochta Airgeadais Eorpaigh, i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 49(1).

Airteagal 8

Rialacha sonracha maidir le prionsabal na haontachta agus le prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

1.  Gan dochar d'Airteagal 83, ní dhéanfar aon ioncam a bhailiú ná ní dhéanfar aon chaiteachas a chur i gcrích ach amháin má shanntar do líne sa bhuiséad é.

2.  Ní fhéadfar aon chaiteachas a ghealladh nó a údarú a sháraíonn na leithreasaí údaraithe.

3.  Ní fhéadfar aon leithreasú a iontráil sa bhuiséad ach amháin más d'ítim chaiteachais é a mheastar a bheith riachtanach.

4.  Aon ús a thiocfaidh as na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe a dhéantar ón mbuiséad, ní bheidh sé dlite don Aontas, ach amháin mura bhforáiltear a mhalairt sna comhaontuithe tarmligin, seachas na comhaontuithe sin a tugadh i gcrích le tríú tíortha nó le comhlachtaí a d'ainmnigh siad. I gcásanna ina ndéantar foráil dó, déanfar an t-ús sin a athúsáid don ghníomh comhfhreagrach, a asbhaint ó na hiarrataí íocaíochta i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) nó a ghnóthú.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cuntasaíocht úis a thiocfaidh as na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe.



CAIBIDIL 2

Prionsabal na bliantúlachta

Airteagal 9

Sainmhíniú

Na leithreasaí a iontrálfar sa bhuiséad, údarófar iad do bhliain airgeadais, a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 10

Cineál leithreasaí

1.  Beidh leithreasaí difreáilte sa bhuiséad arb éard a bheidh iontu leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, agus beidh leithreasaí neamhdhifreáilte ann freisin.

2.  Leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí cumhdófar costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil a ghlactar ar láimh i rith na bliana airgeadais, faoi réir Airteagal 86(3) agus Airteagal 189(2).

3.  Leis na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí cumhdófar na híocaíochtaí a dhéantar chun gealltanais dhlíthiúla na bliana airgeadais reatha nó na mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh.

4.  Beidh mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo gan dochar d'fhorálacha speisialta Theideal I, Theideal IV agus Theideal VI de Chuid a Dó agus ní choiscfear leo leithreasaí a ghealladh ina n-iomláine ná gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh ina dtráthchodanna bliantúla.

Airteagal 11

Cuntasaíocht i ndáil le hioncam agus leithreasaí

1.  Iontrálfar ioncam na bliana airgeadais i gcuntais na bliana airgeadais ar bhonn na méideanna a bhailítear i rith na bliana airgeadais sin. Mar sin féin, féadfar acmhainní dílse mhí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin a fháil roimh ré, de bhun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2007/436/CE, Euratom maidir le córas acmhainní dlínse na gComhphobal Eorpach ( 4 ).

2.  Maidir leis na hiontrálacha a bhaineann le hacmhainní dílse ón gcáin bhreisluacha, leis an acmhainn bhreise atá bunaithe ar olltáirgeacht náisiúnta, agus aon ranníocaíochtaí airgeadais, féadfar iad a choigeartú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000.

3.  Maidir leis na leithreasaí a údarófar do bhliain airgeadais ar leith, déanfar iad a úsáid ach chun caiteachas a gealladh agus a íocadh an bhliain airgeadais sin a chumhdach agus chun méideanna a chumhdach a bheidh dlite i gcoinne gealltanas blianta airgeadais roimhe sin.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210a i dtaobh rialacha mionsonraithe a bhaineann le leithreasaí don bhliain airgeadais.

4.  Iontrálfar na gealltanais sna cuntais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil a tugadh go dtí an 31 Nollaig. Mar eisceacht, déanfar na gealltanais bhuiséadacha dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 86(4)) agus na comhaontuithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 189(2) agus arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha a iontráil sna cuntais ar bhonn na ngealltanas buiséadach go dtí an 31 Nollaig.

5.  Iontrálfar íocaíochtaí sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a rinne an t-oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Nollaig den bhliain sin.

6.  De mhaolú ar mhír 3, ar mhír 4 agus ar mhír 5, iontrálfar caiteachas an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta sna cuntais do bhliain airgeadais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTeideal I de Chuid a Dó.

Airteagal 12

Leithreasaí a chur faoi chomhair oibleagáidí

Féadfar na leithreasaí a cuireadh isteach sa bhuiséad a ghealladh le héifeacht ón 1 Eanáir, a luaithe a ghlacfar an buiséad go cinntitheach, mura bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I agus i dTeideal VI de chuid a dó.

Airteagal 13

Leithreasaí a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

1.  Leithreasaí nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais dár gcuireadh isteach iad, cuirfear ar ceal iad.

Féadfar iad a thabhairt anonn, áfach, ach amháin don chéad bhliain airgeadais eile, le cinneadh arna ghlacadh ag an institiúid lena mbaineann faoin 15 Feabhra, i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3, nó féadfar iad a thabhairt anonn go huathoibríoch i gcomhréir le mír 4.

2.  Leithreasaí difreáilte faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí neamhdhifreáilte nár gealladh faoi dheireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt anonn sna cásanna a leanas:

(a) méideanna a chomhfhreagraíonn do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí nó do leithreasaí neamhdhifreáilte a bhaineann le tionscadail tógála, a bhfuil formhór chéimeanna ullmhúcháin an nós imeachta um ghealltanas ina leith críochnaithe faoin 31 Nollaig. Féadfar méideanna den sórt sin a ghealladh go dtí an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin, nó go dtí an 31 Nollaig den bhliain ina dhiaidh sin le haghaidh méideanna a bhaineann le tionscnaimh foirgníochta;

(b) méideanna a bhfuil gá leo nuair atá an t-údarás reachtach tar éis bunghníomh a ghlacadh i ráithe deiridh na bliana airgeadais agus nach raibh an Coimisiún in ann na leithreasaí a cuireadh ar fáil lena n-aghaidh a ghealladh faoin 31 Nollaig;

▼M1

(c) méideanna a chomhfhreagraíonn do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don Chúlchiste Cúnaimh Éigeandála.

Féadfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile amháin.

▼B

3.  Féadfar leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a thabhairt anonn i ndáil le méideanna a theastaíonn chun gealltanais atá ann cheana nó gealltanais atá nasctha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a tugadh anonn a chumhdach, nuair nach leordhóthanach iad na leithreasaí íocaíochtaí dá bhforáiltear sna línte ábhartha den bhuiséad don bhliain ina dhiaidh sin na riachtanais atá ann a chumhdhach.

I dtús báire, úsáidfidh an institiúid i dtrácht na leithreasaí a údaraíodh don bhliain airgeadais reatha agus ní úsáidfear na leithreasaí a tugadh anonn go dtí go mbeidh na chéad leithreasaí údaraithe sin ídithe.

4.  Na leithreasaí neamhdhifreáilte a chomhfhreagraíonn d'oibleagáidí a glacadh ar láimh mar is cuí i ndeireadh na bliana airgeadais, ní thabharfar anonn go huathoibríoch iad ach amháin don chéad bhliain airgeadais eile.

5.  Cuirfidh an institiúid i dtrácht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin 15 Márta maidir leis an gcinneadh a ghlac sí i leith na leithreasaí a thabhairt anonn agus míneoidh sí an chaoi ar cuireadh na critéir atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 3 i bhfeidhm i gcás gach tabhartha anonn.

▼M1

6.  Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus d’Airteagal 14, ní dhéanfar leithreasaí a cuireadh i gcúlchiste agus leithreasaí le haghaidh caiteachais foirne a thabhairt anonn. Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn caiteachas foirne luach saothair agus liúntais chomhaltaí agus fhoireann na n-institiúidí a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo.

▼B

7.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cealú agus tabhairt anonn leithreasaí.

Airteagal 14

Rialacha tabhairt anonn maidir le hioncam sannta

Déanfaidh tabhairt anonn ioncaim shannta dá dtagraítear in Airteagal 21 agus leithreasaí nach n-úsáidtear agus atá ar fáil an 31 Nollaig a thagann as an ioncam sin, na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) déanfar ioncam sannta seachtrach a thabhairt anonn go huathoibríoch agus ní mór é a úsáid ina iomláine faoin am a bheidh na hoibríochtaí uile a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó é déanta. Féadfar ioncam sannta seachtrach a fuarthas le linn na bliana deireanaí den chlár nó den ghníomhaíocht a úsáid sa chéad bhliain den ghníomhaíocht nó den chlár ina dhiaidh sin;

(b) déanfar ioncam inmheánach sannta a thabhairt anonn ar feadh bliana amháin, cé is moite den ioncam sannta inmheánach atá sainmhínithe i bpointe (g) d'Airteagal 21(3), a thabharfar anonn go huathoibríoch.

Airteagal 15

Saoradh leithreasaí

Gan dochar d'Airteagal 178 agus d'Airteagal 182, i gcás ina ndéanfar leithreasaí a shaoradh in aon bhliain airgeadais tar éis na bliana a cuireadh na leithreasaí isteach sa bhuiséad, mar thoradh ar neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach na ngníomhaíochtaí ar cuireadh in áirithe iad lena n-aghaidh, cuirfear ar ceal na leithreasaí i dtrácht.

Airteagal 16

Na rialacha is infheidhme maidir leis an mbuiséad a ghlacadh go déanach

1.  I gcás nach mbeidh an buiséad glactha go cinntitheach ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhme ag an nós imeachta a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 315 CFAE (an córas dóú codanna déag sealadacha). Féadfar gealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.  Féadfar gealltanais a dhéanamh in aghaidh na caibidle suas go dtí an ceathrú cuid, ar a mhéid, d'iomlán na leithreasaí atá údaraithe i gcaibidil ábhartha na bliana airgeadais roimhe sin móide an dóú cuid déag in aghaidh gach míosa atá caite.

Ní fhéadfar teorainn na leithreasaí dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad atá á ullmhú a shárú.

Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh go míosúil in aghaidh na caibidle suas go dtí, ar a mhéid, agus an dóú cuid déag de na leithreasaí atá údaraithe i gcaibidil ábhartha na bliana airgeadais roimhe sin. Ní sháróidh an tsuim sin áfach, an dóú cuid déag de na leithreasaí dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad.

3.  Na leithreasaí a údaraítear sa chaibidil ábhartha den bhliain airgeadais roimhe sin, mar a shonraítear i mír 1 agus mír 2, tuigfear go dtagraítear leo do na leithreasaí a vótáladh sa bhuiséad, lena n-áirítear na buiséid leasaitheacha, agus tar éis an choigeartaithe do na haistrithe a rinneadh i rith na bliana airgeadais sin.

4.  Más gá, ar mhaithe le gníomhaíocht an Aontais a bheith comhleanúnach agus ar mhaithe le riachtanais bhainistíochta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún, caiteachas de bhreis ar dhóú cuid déag sealadach amháin ach nach mó ná ceithre dhóú cuid déag sealadach, ach amháin i gcásanna cuí-údaraithe, a údarú le haghaidh gealltanais agus íocaíochtaí araon, de bhreis ar na cinn a chuirtear ar fáil go huathoibríoch i gcomhréir le mír 1 agus mír 2. Cuirfidh sí an cinneadh maidir leis an údarú sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa gan mhoill.

Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm 30 lá tar éis a ghlactha ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa:

(a) a chinneadh, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, an caiteachas sin a laghdú laistigh den teorainn ama sin, agus sa chás sin tíolacfaidh an Coimisiún togra nua; nó

(b) an Chomhairle agus an Coimisiún a chur ar an eolas nach dteastaíonn uaithi an caiteachas sin a laghdú agus sa chás sin tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm sula rachaidh an 30 lá in éag.

Údarófar na dóú codanna déag sin ina n-iomláine agus ní bheidh siad inroinnte.

5.  Más rud é, i gcás caibidle ar leith, nach leor an t-údarú de cheithre dhóú codanna déag sealadacha a deonaíodh i gcomhréir le mír 4, chun an caiteachas riachtanach a chumhdach chun easpa leanúnachais a sheachaint i ngníomhaíocht an Aontais sa réimse arna cumhdach leis an gcaibidil sin, d'fhéadfadh sé go n-údarófaí ar bhonn eisceachtúil méid na leithreasaí a iontráladh i gcaibidil chomhfhreagrach bhuiséad na bliana airgeadais roimhe sin a shárú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in mír 4. Ní fhéadfar, áfach, méid foriomlán na leithreasaí atá ar fáil i mbuiséad na bliana airgeadais roimhe sin nó sa dréachtbhuiséad, mar atá beartaithe, a shárú



CAIBIDIL 3

Prionsabal na cothromaíochta

Airteagal 17

Sainmhíniú agus raon feidhme

1.  Beidh ioncam agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí ar comhardú.

2.  Faoi chuimsiú an bhuiséid, ní fhéadfaidh an tAontas ná na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208, iasachtaí a thógáil.

Airteagal 18

Iarmhéid ón mbliain airgeadais

1.  Cuirfear an iarmhéid ó gach bliain airgeadais isteach mar ioncam i mbuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin i gcás barrachais nó mar leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí i gcás easnaimh.

2.  Cuirfear na meastacháin ar an ioncam sin nó ar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí sin isteach sa bhuiséad le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus i litir leasaitheach a thíolacfar de bhun Airteagal 39. Dréachtófar na meastacháin i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000.

3.  Tar éis na cuntais shealadacha do gach bliain airgeadais a thíolacadh, cuirfear isteach aon mhíréireacht idir na cuntais sin agus na meastacháin sa bhuiséad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin trí bhuiséad leasaitheach a bheidh dírithe ina iomláine ar an míréireacht sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad leasaitheach a chur isteach i gcomhthráth chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi cheann 15 lá ón dáta a chuirfear isteach na cuntais shealadacha.



CAIBIDIL 4

Prionsabal an aonaid Chuntais

Airteagal 19

An euro a úsáid

1.  Is in euro a tharraingeofar suas agus a chuirfear chun feidhme an creat airgeadais bliantúil agus an buiséad agus is in euro a thíolacfar na cuntais. Chun na críocha a bhaineann le sreafaí airgid dá dtagraítear in Airteagal 68(1), áfach, údarófar an t-oifigeach cuntasaíochta, agus i gcás chuntais an óinchiste, riarthóirí an óinchiste, agus riachtanais bhainistíocht riaracháin an Choimisiúin agus SEGS an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, oibríochtaí a dhéanamh in airgeadraí eile mar atá leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an ráta comhshó idir an euro agus airgeadraí eile.



CAIBIDIL 5

Prionsabal na huilíochta

Airteagal 20

Sainiú agus raon feidhme

Gan dochar d'Airteagal 21, cumhdófar leis an ioncam iomlán leithreasaí faoi chomhair íocaíochta iomlána. Gan dochar d'Airteagal 23, cuirfear isteach an t-ioncam agus an caiteachas go léir ina n-iomláine gan aon choigeartú in aghaidh a chéile.

Airteagal 21

Ioncam sannta

1.  Déanfar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach a úsáid chun ítimí sonracha caiteachais a mhaoiniú.

2.  Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a) ranníocaíochtaí airgeadais ó Bhallstáit le cláir taighde áirithe de bhun an Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000;

(b) ranníocaíochtaí airgeadais ó Bhallstáit, agus ó thríú tíortha, lena n-áirítear, sa dá chás sin, ranníocaíochtaí óna ngníomhaireachtaí poiblí, óna n-eintitis dhlíthiúla, nó ó dhaoine nádúrtha, le tionscadail nó cláir áirithe chúnaimh arna maoiniú ag an Aontas agus arna mbainistiú ag an gCoimisiún thar a gceann;

(c) ús ar thaiscí agus ar na fíneálacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 an 7 Iúil 1997 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air ( 5 );

(d) ioncam atá curtha in áirithe do chríoch shonrach, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, ó fhóirdheontais, ó bhronntanais agus ó thiomnachtaí, lena n-áirítear an t-ioncam atá curtha in áirithe go sonrach do gach institiúid;

(e) ranníocaíochtaí airgeadais, nach gcumhdaítear le pointe (b), i gcomhair ghníomhaíochtaí an Aontais ó thríú tíortha nó ó chomhlachtaí neamh-Aontais;

(f) ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 181(2) agus in Airteagal 183(2);

(g) ioncam sannta inmheánach dá dtagraítear i mír 3, sa mhéid agus go bhfuil sé coimhdeach leis an ioncam eile faoin mír seo.

3.  Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a) ioncam ó thríú páirtithe a bhaineann le hearraí, seirbhísí nó obair a chuirfear ar fáil arna iarraidh sin dóibh;

(b) fáltais ó dhíol feithiclí, trealaimh, suiteálacha, ábhar, agus gairis eolaíochta agus teicneolaíochta, ar nithe iad atá á n-athsholáthar nó á gcaitheamh i dtraipisí nuair atá an luach de réir na leabhar dímheasta ina iomláine;

(c) ioncam a thagann ó aisíocaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 80, méideanna a íocadh go mícheart;

(d) ioncam a thagann ó ús ar íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, faoi réir Airteagal 8(4);

(e) fáltais ó earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar thar ceann ranna laistigh d'institiúid, institiúidí nó comhlachtaí eile, lena n-áirítear aisíocaíochtaí liúntas misin ó institiúidí eile agus ó chomhlachtaí eile, a íocadh thar a gceann;

(f) íocaíochtaí árachais a fuarthas;

(g) ioncam ó ligean;

(h) ioncam a tháinig as foilseacháin agus scannáin a dhíol, lena n-áirítear foilseacháin agus scannáin ar mheán leictreonach;

(i) aisíocaíochtaí ar ionstraimí airgeadais de bhun Airteagal 140(6);

(j) ioncam a thagann ó aisíocaíocht i leith cánach de bhun phointe (b) d'Airteagal 23(3).

4.  Féadfar freisin le bunghníomh ioncam a shannadh d'ítimí sonracha caiteachais. Mura sonrófar a mhalairt sa bhunghníomh, is ioncam sannta inmheánach a bheidh san ioncam sin.

5.  Beidh línte ar áireamh sa bhuiséad chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach agus, gach uair is féidir, léireofar an méid i gceist.

Ní fhéadfar ioncam sannta a áireamh sa dréachtbhuiséad ach amháin i gcás na méideanna atá cinnte tráth bunaithe an dréachtbhuiséid.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le struchtúr a leagan síos chun ioncam sannta seachtrach agus inmheánach a chur san áireamh agus soláthar leithreasaí comhfhreagracha, agus maidir le rialacha le haghaidh ranníocaíochtaí ó Bhallstáit do chláir taighde. Ina theannta sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir leis na fáltais ó smachtbhannaí a fhorchuirtear de bhun Airteagal 126(11) CFAE, agus maidir le hioncam sannta a thig ó rannpháirtíocht stáit CSTE i gcláir áirithe an Aontais.

Airteagal 22

Tabhartais

1.  Féadfaidh an Coimisiún glacadh le haon tabhartas don Aontas, amhail fondúireachtaí, fóirdheontais, bronntanais agus tiomnachtaí.

2.  Is faoi réir údarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacfar le tabhartas arb é EUR 50 000 nó níos mó a luach agus a mbeidh muirear airgeadais ag roinnt leo, lena n-áirítear costais leantacha a sháraíonn 10 % de luach an tabhartais, agus déanfaidh siad cinneadh i leith na ceiste laistigh de dhá mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil ón gCoimisiún. Mura ndéanfar aon agóid laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún an cinneadh deiridh maidir leis an tabhartas a ghlacadh.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le tabhartais a thugtar don Aontas a ghlacadh.

Airteagal 23

Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar ráta malairte

1.  Féadfar na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh ó iarrataí íocaíochtaí a chuirfear ar aghaidh le haghaidh an glanmhéid a íoc.

(a) pionóis a ghearrtar ar pháirtithe i gconarthaí soláthair nó ar thairbhithe;

(b) lascainí, aisíocaíochtaí agus lacáistí ar shonraisc indibhidiúla agus ar ráitis chostais;

(c) ús a ghintear trí íocaíochtaí réamh-mhaoinithe;

(d) coigeartuithe le haghaidh méideanna atá íoctha go míchuí.

Féadfar coigeartuithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a dhéanamh, trí asbhaint dhíreach, ar íocaíocht nua eatramhach nó comhardú na híocaíochta don íocaí céanna faoin gcaibidil, faoin airteagal agus faoin mbliain airgeadais arb ina leith a rinneadh an íocaíocht iomarcach.

Beidh feidhm ag rialacha cuntasaíochta an Aontais maidir leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chead fhomhír.

2.  Déanfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena n-áirítear cánacha a d'aisíoc na Ballstáit de bhun an Phrótacail ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, a mhuirearú ar an mbuiséad don mhéid roimh cháin.

3.  Féadfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena n-áirítear cánacha a d'aisíoc tríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha, a mhuirearú ar an mbuiséad:

(a) don mhéid roimh cháin san áireamh; nó

(b) don mhéid le cáin san áireamh. I gcás den sórt sin, caithfear le haisíocaíochtaí cánacha ina dhiaidh sin mar ioncam sannta inmheánach.

4.  Féadfar coigeartuithe a dhéanamh maidir leis na difríochtaí sna rátaí malairte a tharlóidh i gcur chun feidhme an bhuiséid. Áireofar an gnóthachan deiridh nó an caillteanas deiridh san iarmhéid don bhliain.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i ndáil leis na cuntais i gcomhair cánacha inghnóthaithe.



CAIBIDIL 6

Prionsabal na sonraíochta

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

Cuirfear leithreasaí in áirithe chun críocha sonracha de réir teidil agus caibidle. Foroinnfear na caibidlí ansin ina n-airteagail agus ina n-ítimí.

Airteagal 25

Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún

1.  Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, leithreasaí a aistriú:

(a) ó theideal go chéile, suas le huasmhéid 10 % de leithreasaí na bliana atá léirithe ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh;

(b) ó chaibidil go chéile agus ó Airteagal go chéile gan teorainn.

2.  Trí seachtaine sula ndéanfaidh an institiúid aistriú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh. Sa chás go luafaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cúiseanna cuí-réasúnaithe laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27.

3.  Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile a sháraíonn teorainn 10 % de leithreasaí na bliana a luaitear ar an líne óna bhfuil an t-aistriú le déanamh. Is faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 27 a bheidh na haistrithe sin.

4.  Féadfaidh aon institiúid seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh laistigh d'airteagail gan Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle a chur ar an eolas roimh ré.

4a.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le céatadáin aistrithe a dhéanann institiúidí seachas an Coimisiún a ríomh.

Airteagal 26

Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.  Laistigh dá roinn féin den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún:

(a) leithreasaí a aistriú go neamhspleách laistigh de gach caibidil;

(b) maidir le caiteachas ar fhoireann agus ar chúrsaí riaracháin a bhaineann le roinnt teideal, leithreasaí a aistriú go neamhspleách ó theideal amháin go teideal eile suas go huasmhéid 10 % de na leithreasaí don bhliain atá léirithe ar an líne a ndéantar an t-aistriú inti, agus suas go huasmhéid 30 % de na leithreasaí don bhliain atá léirithe ar an líne a ndéantar an t-aistriú chuici;

(c) maidir le caiteachas oibríochtúil, leithreasaí a aistriú go neamhspleách idir caibidlí laistigh den teideal céanna, suas le huasmhéid 10 % de leithreasaí na bliana atá léirithe ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh.

Trí seachtaine sula ndéanfaidh an Coimisiún na haistrithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go bhfuil beartaithe aige déanamh amhlaidh. Sa chás go luafaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cúiseanna cuí-réasúnaithe laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27.

Mar eisceacht ón dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún, le linn dhá mhí dheireanacha na bliana airgeadais, leithreasaí a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, ar fhoireann sheachtrach agus ar ghníomhairí eile, a aistriú go neamhspleách ó theideal amháin go teideal eile laistigh den teorainn iomlán de 5 % de leithreasaí na bliana airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas laistigh de choicís óna chinneadh maidir leis na haistrithe sin.

2.  Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, cinneadh a dhéanamh maidir leis na leithreasaí a leanas a aistriú ó theideal go chéile, ar chuntar go gcuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach i dtaobh an chinnidh:

(a) leithreasaí ón teideal ar a dtugtar "forálacha" agus dá dtagraítear in Airteagal 46 a aistriú, más rud é gurb é an t-aon choinníoll amháin chun an cúlchiste a fhuascailt bunghníomh a ghlacadh de bhun Airteagal 294 CFAE.

(b) i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe amhail tubaistí agus éigeandála daonnúla idirnáisiúnta a tharlaíonn tar éis an 1 Nollaig den bhliain airgeadais, féadfar fuílleach na leithreasaí don bhliain airgeadais sin atá fós le fáil sna teidil bhuiséid a thagann faoi cheannteideal 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil a aistriú chuig na teidil bhuiséid a bhaineann le cabhair um bainistiú éigeandála agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le céatadáin na n-aistrithe inmheánacha a dhéanann an Coimisiún a ríomh agus maidir le forais i gcomhair iarrataí ar aistrithe.

Airteagal 27

Tograí i leith aistrithe a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag institiúidí agus

1.  Déanfaidh gach institiúid a dtograí i leith aistrithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go comhuaineach.

2.  Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistriú leithreasaí mar a fhoráiltear i mír 3 go mír 6 den Airteagal seo, mura bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó.

3.  Ach amháin in imthosca práinne, pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí thromlach cáilithe, an togra i leith aistrithe laistigh de shé seachtaine tar éis don dá institiúid é a fháil.

4.  Formheasfar an togra i leith aistrithe, más rud é gur fíor aon cheann díobh seo a leanas, laistigh den tréimhse sé seachtaine:

(a) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é;

(b) go bhformheasfaidh ceann amháin de Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é gan an ceann eile acu gníomhú;

(c) go staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhú nó nach gcinnfidh siad i gcoinne an togra i leith aistrithe a leasú nó a dhiúltú.

5.  Déanfar an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear i mír 3 a laghdú go trí seachtaine, mura n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a mhalairt, sna cásanna a leanas:

(a) gur lú an t-aistriú ná 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 000 000 é;

(b) gur le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí amháin a bhaineann an t-aistriú agus nach mó ná EUR 100 000 000 méid iomlán an aistrithe.

6.  Má leasaíonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle méid an aistrithe agus má fhormheasann an institiúid eile é nó má staonann sí ó ghníomhú, nó má leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon méid an aistrithe, measfar gurb é an méid is lú den dá mhéid an méid atá formheasta, ach amháin má tharraingíonn an institiúid lena mbaineann siar a togra i leith aistrithe.

Airteagal 28

Rialacha sonracha maidir le haistrithe

1.  Ní fhéadfar leithreasaí a aistriú ach amháin chuig línte buiséid a bhfuil leithreasaí údaraithe ag an mbuiséad ina leith nó a bhfuil iontráil chomharthach "pro memoria" ag gabháil leo.

2.  Ní fhéadfar leithreasaí a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a aistriú ach sa chás amháin go n-úsáidfear an t-ioncam sin chun na críche ar sannadh dó é.

Airteagal 29

Aistrithe faoi réir forálacha speisialta

1.  Aistrithe a dhéanfar laistigh de theidil an bhuiséid a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, leis na Cistí Struchtúrtha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Iascaigh, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus le Taighde, beidh siad faoi réir forálacha speisialta faoi Theideal I, faoi Theideal II agus faoi Theideal III de Chuid a Dó.

2.  Ar thogra ón gCoimisiún déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistrithe lena gceadófaí an Cúlchiste Cúnaimh Éigeandála a úsáid. Ní mór togra ar leith a thíolacadh do gach gníomhaíocht éigeandála.

Chun críocha na míre seo, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27(3) agus in Airteagal 27(4). Mura n-aontóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún agus mura bhféadfaidh siad teacht ar chomhsheasamh maidir le húsáid an chúlchiste sin, staonfaidh siad ó ghníomhú ar an togra ón gCoimisiún i leith aistrithe.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na hiarrataí ar aistrithe ón gCúlchiste Cúnaimh Éigeandála.



CAIBIDIL 7

Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 30

Prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta

1.  Úsáidfear leithreasaí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, eadhon i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

2.  Ceanglaítear le prionsabal na barainneachta go gcuirfear ar fáil in am trátha, sa chainníocht iomchuí, sa cháilíocht iomchuí agus ag an bpraghas is fearr, na hacmhainní a úsáidfidh an institiúid agus í ag gabháil dá gníomhaíochtaí.

Baineann prionsabal na héifeachtúlachta leis an ngaol is fearr idir na hacmhainní a úsáidfear agus na torthaí a bhainfear amach.

Baineann prionsabal na héifeachtachta leis na cuspóirí sonracha atá leagtha amach a chur i gcrích agus na torthaí atá ceaptha a bhaint amach.

3.  Déanfar cuspóirí sonracha, intomhaiste, indéanta agus amaithe a leagan amach don uile earnáil den ghníomhaíocht a chumhdaíonn an buiséad. Déanfar monatóireacht ar ghnóthú na gcuspóirí sin trí mheán táscairí feidhmíochta do gach gníomhaíocht agus déanfaidh na húdaráis caiteachais an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 38(3) a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Soláthrófar an fhaisnéis sin uair sa bhliain agus ar a dhéanaí tráth a chuirtear isteach na doiciméid a ghabhann leis an dréachtbhuiséad.

4.  D'fhonn cinnteoireacht a fheabhsú, déanfaidh na hinstitiúidí meastóireachtaí ex ante agus ex post a bheidh ag teacht leis an treoir a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Cuirfear meastóireachtaí den sórt sin i bhfeidhm ar gach clár agus ar gach gníomhaíocht a mbíonn torthaí caiteachais shuntasaigh agus torthaí meastóireachta ag baint leo agus cuirfear iad chuig údaráis chaiteachais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le meastóireachtaí ex ante, lár téarma agus ex post.

Airteagal 31

Ráiteas airgeadais éigeantach

1.  Maidir le haon togra nó tionscnamh a thíolacfaidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an "Ardionadaí") nó Ballstát chuig an údarás reachtach, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, ní mór ráiteas airgeadais agus meastóireacht ex-ante dá bhforáiltear in Airteagal 30(4) a bheith ag gabháil leis.

Aon leasú ar thogra nó ar thionscnamh a chuirfear faoi bhráid an údaráis reachtaigh a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige don bhuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, caithfidh ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis arna ullmhú ag an institiúid a bhfuil an leasú á mholadh aici.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais an ráitis airgeadais.

2.  Le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá le haghaidh comparáide a dhéanamh idir athruithe sna leithreasaí a éilítear agus na chéad réamhaisnéisí a dhéantar sa ráiteas airgeadais i bhfianaise dul chun cinn an phlé i ndáil leis an togra nó leis an tionscnamh a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh.

3.  D'fhonn an riosca calaoise agus mírialtachtaí a laghdú, beidh sa ráiteas airgeadais dá dtagraítear i mír 1 faisnéis maidir leis an gcóras inmheánach rialaithe atá bunaithe, meastachán ar chostais agus ar thairbhí na rialuithe atá i gceist leis an gcóras sin agus measúnú ar leibhéal an bhaoil earráide a thuartar, agus beidh faisnéis ann freisin faoi na bearta atá ann cheana agus a phleanáiltear, ar bearta cosanta agus bearta chun calaois a chosc iad.

Déanfaidh an anailís sin scála dóchúil agus cineál na n-earráidí a chur san áireamh mar aon le coinníollacha sonracha an réimse beartais lena mbaineann agus na rialacha is infheidhme maidir léi.

Airteagal 32

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

1.  Cuirfear an buiséad chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil mar is iomchuí i ngach modh don chur i bhfeidhm, agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

2.  Chun críocha chur chun feidhme an bhuiséid, sainmhínítear rialú inmheánach mar phróiseas atá infheidhme ar gach leibhéal bainistíochta agus atá ceaptha chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a) éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí;

(b) iontaofacht tuairiscithe;

(c) acmhainní agus faisnéis a chosaint;

(d) calaois agus mírialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a mheasúnú go leantach;

(e) bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, ag cur san áireamh cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

3.  Beidh rialú éifeachtach inmheánach bunaithe ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

(a) cúraimí a leithscaradh;

(b) straitéis riosca bainistíochta agus rialaithe iomchuí lena n-áirítear rialú ag leibhéal an fhaighteora;

(c) leasanna coinbhleachta a sheachaint;

(d) rianta iniúchta leordhóthanacha agus sláine sonraí i gcórais sonraí;

(e) nósanna imeachta i dtaobh comhlíonadh agus measúnú leantach a dhéanamh ar laigí rialaithe inmheánacha aitheanta agus ar eisceachtaí;

(f) measúnú tréimhsiúil ar dhea-fheidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh.

4.  Beidh rialú éifeachtach inmheánach bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a) straitéis riosca bainistíochta agus rialaithe iomchuí a bheith comhardaithe i measc gníomhaithe iomchuí a bhfuil baint acu leis an slabhra rialaithe a chur chun feidhme;

(b) inrochtaineacht ag na gníomhaithe uile iomchuí sa slabhra rialaithe ar na torthaí ó rialuithe a dhéantar;

(c) iontaoibh, i gcás inarb iomchuí, a chur i ndearbhuithe bainistíochta comhpháirtithe cur chun feidhme agus tuairimí neamhspleácha iniúchta, a fhad agus go bhfuil cáilíocht na bunoibre leordhóthanach agus inghlactha agus go ndéanfar an obair sin i gcomhréir leis na caighdeáin chomhaontaithe;

(d) cur i bhfeidhm tráthúil beart ceartaitheach lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, pionóis athchomhairleacha;

(e) reachtaíocht shoiléir agus gan débhrí a bheith mar bhun leis na beartais;

(f) deireadh a chur le rialuithe iolracha;

(g) cóimheas costais-tairbhe rialuithe a fheabhsú.

5.  Más rud é, le linn cur chun feidhme, go bhfuil an leibhéal earráid ard go dianseasmhach, déanfaidh an Coimisiún na laigí sna córais rialaithe a shainaithint, anailís ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le bearta ceartaitheacha ionchasacha agus gníomhú iomchuí a dhéanamh nó a mholadh, amhail na forálacha is infheidhme a shimpliú, na córais rialaithe a fheabhsú agus an clár nó na córais seachadta a athdhearadh.

Airteagal 33

Córais rialaithe chost-éifeachtúla

Agus tograí caiteachais nua nó athbhreithnithe á dtíolacadh ag an gCoimisiún, déanfaidh sé meastachán ar chostais agus tairbhí na gcóras rialaithe, mar aon leis an leibhéal riosca earráide dá dtagraítear in Airteagal 31(3).



CAIBIDIL 8

Prionsabal na trédhearcachta

Airteagal 34

Cuntais, buiséid agus tuarascálacha a fhoilsiú

1.  Bunófar an buiséad agus cuirfear chun feidhme é agus tíolacfar na cuntais i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.

2.  Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an buiséad agus aon bhuiséad leasaitheacha, mar atá arna nglacadh go críochnaitheach, a chur á bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseofar na buiséid laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dhearbhófar go bhfuil siad glactha go críochnaitheach.

Déanfaidh gach institiúid na cuntais chomhdhlúite bhliantúla agus an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais a tharraingt suas agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le foilsiú sealadach an bhuiséid.

Airteagal 35

Faisnéis maidir le faighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú

1.  Aon fhaisnéis maidir le hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí thar ceann thríú páirtithe, beidh sí ag gabháil leis an mbuiséad in Iarscríbhinn.

2.  Cuirfidh an Coimisiún ar fáil, ar bhealach iomchuí agus ar mhodh tráthúil, faisnéis faoi fhaighteoirí, mar aon le nádúr agus feidhm an bhirt a mhaoinítear as an mbuiséad agus an buiséad á chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 58(1), agus faisnéis faoi fhaighteoirí arna soláthar ag na heintitis, na daoine nó na Ballstáit. a ndéantar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar a n-iontaoibh faoi mhodhanna cur chun feidhme.

Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír freisin maidir le hinstitiúidí eile i ndáil lena bhfaighteoirí.

3.  Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta agus slándála, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta.

Chomh fada agus a bhaineann le daoine nádúrtha, beidh an foilsiú teoranta d'ainm agus dúiche an fhaighteora, an méid a bhronnfar agus feidhm na híocaíochta.Beidh nochtadh na sonraí sinbunaithe ar chritéir ábhartha amhail tréimhsiúlacht na híocaíochta, nó cineál nó tábhacht na híocaíochta. Cuirfear san áireamh leis na critéir um nochtadh agus leibhéal na sonraí a fhoilseofar sainiúlachtaí na hearnála agus gach modh don chur i bhfeidhm.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi fhaighteoirí. I gcás inarb infheidhme, déanfar leibhéal an mhionsonraithe agus na critéir a shainmhíniú sna rialacha earnáilsonracha.



TEIDEAL III

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID



CAIBIDIL 1

An buiséad a bhunú

Airteagal 36

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas

1.  Déanfaidh gach institiúid seachas an Coimisiún meastachán a tharraingt suas maidir lena ioncam agus maidir lena chaiteachas agus seolfaidh siadé chuig an gCoimisiún, agus go comhthreomhar, mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, roimh an 1 Iúil gach bliain.

2.  Rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na Comhaltaí sin den Choimisiún atá freagrach as an mbeartas forbartha, as an mbeartas comharsanachta agus comhar idirnáisiúnta, as cabhair dhaonnúil agus freagairt i gcás géarchéime, maidir leis na freagrachtaí atá orthu faoi seach.

3.  Tarraingeoidh an Coimisiún a mheastacháin féin agus seolfaidh sé iad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go díreach tar éis iad a ghlacadh.Agus a mheastacháin á n-ullmhú aige, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37.

Airteagal 37

Buiséad measta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208

Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 208, i gcomhréir leis an ionstraim lenar bunaíodh é, meastachán a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ar a ioncam agus ar a chaiteachas, lena n-áirítear a phlean bunaíochta agus a dhréachtchlár oibre.

Airteagal 38

Dréachtbhuiséad

1.  Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an buiséad le cur chun feidhme. Déanfaidh sé an togra a tharchur, mar fhaisnéis, chuig na parlaimintí náisiúnta freisin.

Beidh ráiteas achomair ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas an Aontais sa dréachtbhuiséad agus comhdhlúthófar leis na meastacháin dá dtagraítear in Airteagal 36. Féadfar freisin meastacháin dhifriúla ó na meastacháin arna dtarraingt suas ag na hinstitiúidí a bheith san áireamh ann.

Leanfaidh an buiséad an struchtúr agus an leagan amach atá leagtha amach in Airteagal 44 go hAirteagal 49.

Beidh ag gabháil roimh gach roinn den dréachtbhuiséad réamhrá arna tharraingt suas ag an institiúid lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún réamhrá ginearálta an dréachtbhuiséid a tharraingt suas. Is éard a bheidh sa réamhrá ginearálta táblaí airgeadais ina mbeidh na príomhshonraí de réir teideal agus na bunúis atá leis na hathruithe ar na leithreasaí ó bhliain airgeadais go chéile de réir chatagóirí caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúla.

2.  D'fhonn tuartha níos cruinne agus níos iontaofa a sholáthar maidir le himpleachtaí buiséadacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm agus maidir leis na tograí reachtacha ar feitheamh, cuirfidh an Coimisiún clárú airgeadais le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin i gceangal leis an dréachtbhuiséad.

Déanfar an clárú airgeadais a nuashonrú tar éis don bhuiséad a bheith glactha, d'fhonn torthaí an nós imeachta bhuiséadaigh agus aon chinneadh eile ábhartha a chorprú.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le clárú airgeadais.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gceangal leis an dréachtbhuiséad:

(a) i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna a bhfuil meastacháin dhifriúla ó na meastacháin arna dtarraingt suas ag institiúidí eile sa dréachtbhuiséad;

(b) aon dhoiciméad oibre a mheasann sé a bheith úsáideach i ndáil le pleananna bunaíochta na n-institiúidí agus na ranníocaíochtaí a thugann an Coimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus do na Scoileanna Eorpacha. Déanfaidh aon dhoiciméad oibre den sórt sin an méid seo a leanas a chur in iúl agus an plean bunaíochta údaraithe is déanaí á léiriú aige:

(i) an fhoireann uile atá fostaithe ag an Aontas, lena n-áirítear a eintitis atá scartha go dlíthiúil, arna dtaispeáint de réir chineál an chonartha,

(ii) ráiteas faoin mbeartas i ndáil le poist agus le pearsanra seachtrach agus cothromaíocht inscne,

(iii) líon na bpost atá líonta go hiarbhír ag tús na bliana ina ndéantar an dréachtbhuiséad a thíolacadh, lena léirítear a ndáileadh de réir gráid agus aonaid riaracháin,

(iv) liosta de phoist a mhiondealú de réir réimse beartais,

(v) i gcomhair gach catagóire d'fhoireann sheachtrach, an líon measta tosaigh de choibhéisí foirne lánaimseartha ar bhonn na leithreasaí údaraithe, chomh maith le líon iarbhír na ndaoine atá socraithe ag tús na bliana ina gcuirfear an dréachtbhuiséad i láthair, lena léirítear conas a dháiltear iad de réir an ghrúpa feidhme agus, de réir mar is iomchuí, de réir an ghráid.

(c) doiciméad oibre maidir le cur chun feidhme pleanáilte na leithreasaí don bhliain airgeadais agus na gealltanais gan réiteach, maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus na Scoileanna Eorpacha, agus maidir leis na tionscadail phíolótacha agus na gníomhaíochtaí ullmhúcháin;

(d) maidir le maoiniú d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, doiciméad oibre ina mbeidh:

(i) achoimre ar na ranníocaíochtaí uile, lena ngabhfaidh miondealú de réir clár nó ciste Aontais agus de réir na heagraíochta idirnáisiúnta,

(ii) ráiteas ina mínítear na cúiseanna go raibh sé níos éifeachtaí don Aontas na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin a mhaoiniú seachas gníomhú go díreach;

(e) ráitis ghníomhaíochta nó aon doiciméad eile is ábhartha ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(i) faisnéis maidir leis na cuspóirí sonracha, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus amaithe arna socrú roimhe a bhaint amach do na gníomhaíochtaí éagsúla mar aon leis na cuspóirí nua a thomhasfar trí tháscairí,

(ii) an bonn cirt na hathruithe atá molta ar leibhéal na leithreasaí lena n-áirítear anailís costais agus tairbhe maidir leis na hathruithe sin,

(iii) réasúnaíocht shoiléir le haghaidh idirghabhála ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir, inter alia, le prionsabal na coimhdeachta,

(iv) faisnéis maidir le rátaí cur chun feidhme ghníomhaíocht na bliana roimhe agus rátaí cur chun feidhme don bhliain roimhe sin,

(v) achoimre ar thorthaí meastóireachta i gcás inarb ábhartha sin maidir le hathruithe buiséadacha,

(vi) faisnéis maidir le duaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó;

(f) ráiteas achomair ar sceideal na n-íocaíochtaí atá dlite sna blianta airgeadais ina dhiaidh sin chun gealltanais bhuiséadacha a rinneadh i mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh.

4.  Sa chás go gcuirfidh an Coimisiún cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna), cuirfidh sé ag gabháil leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina mbeidh:

(a) tuarascáil bhliantúil maidir le CPPanna cur chun feidhme atá ann cheana sa bhliain airgeadais roimhe, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an bhfoirm dhlíthiúil agus maidir le scairshealbhóirí eintiteas iontaobhaithe faoi phointe (vii) d'Airteagal 58(1)(c);

(b) na spriocanna atá leagtha amach don bhliain airgeadais lena mbaineann an dréachtbhuiséad, lena léirítear aon riachtanais shonracha bhuiséadacha atá dírithe ar an sprioc seo a bhaint amach;

(c) na costais riaracháin agus an buiséad arna chur chun feidhme san iomlán agus de réir comhlachais mar dá dtagraítear in Airteagal 209 agus de réir CPP sa bhliain airgeadais roimhe;

(d) méid na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéantar ón mbuiséad, méid na ranníocaíochtaí airgeadais agus luach na ranníocaíochtaí comhchineáil arna ndéanamh ag comhpháirtithe eile le haghaidh gach CPP;

I gcás ina n-úsáideann CPPanna ionstraimí airgeadais, áfach, cuirfear an fhaisnéis a bhaineann leis na hionstraimí sin san áireamh sa doiciméad oibre dá dtagraítear i mír 5.

5.  I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún ionstraimí airgeadais, cuirfidh sé ag gabháil leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina mbeidh an mbeidh an méid seo a leanas:

(a) méid iomlán na gceangaltas buiséadach agus na n-íocaíochtaí ón mbuiséad i gcás gach ionstraim airgeadais;

(b) ioncaim agus aisíocaíochta faoi Airteagal 140(6) agus fabhrú i gcomhair acmhainní breise don bhliain airgeadais;

(c) méid iomlán na na bhforálacha maidir le rioscaí agus dliteanais mar aon le faisnéis faoi neamhchosaint airgeadais ar riosca an Aontais;

(d) lagú sócmhainní i dtaobh ionstraimí cothromais nó ionstraimí roinnte riosca agus ráthaíochtaí glaoite i gcás ionstraimí ráthaíochta, don bhliain roimhe agus do na figiúirí camtha araon;

(e) an mheánré idir an gealltanas buiséadach do na hionstraimí airgeadais agus na gealltanais dhlíthiúla do thionscadail indibhidiúla i bhfoirm cothromais nó fiachais, sa chás go rachaidh a dtréimhse thar thrí bliana. Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna a mhíniú sa tuarascáil dá bhforáiltear faoi Airteagal 140(8) agus plean gnímh a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an ré atá i gcreat an nós imeachta bhliantúil um tharscaoileadh a laghdú;

(f) an caiteachas riaracháin a thig ó tháillí bainistíochta agus ó mhuirir airgeadais agus oibríochta eile a íoctar i leith ionstraimí airgeadais a bhainistiú, i gcás ina gcuirfear an bhainistíocht de chúram ar thríú páirtithe, san iomlán agus de réir páirtí bainistíochta agus de réir na hionstraime airgeadais a bhainistítear.

6.  Déanfaidh an Coimisiún aon dhoiciméad oibre breise a thacaíonn, dar leis, lena iarratais bhuiséid a chur i dteannta an dréachtbhuiséid.

7.  I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí ( 6 ) agus chun trédhearcacht bhuiséadach i limistéar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar aon leis an dréachtbhuiséad, doiciméad oibre ina leagfar amach ar bhealach cuimsitheach:

(a) gach caiteachas riaracháin agus oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta agus a mhaoinítear ón mbuiséad;

(b) caiteachas riaracháin foriomlán an SEGS don bhliain roimhe sin, arna mhiondealú go dtí caiteachas de réir thoscaireacht an Aontais agus caiteachas ar riarachán lárnach SEGS; mar aon le caiteachas oibríochtúil de réir limistéir gheografaigh (réigiúin, tíortha), de réir réimsí téamacha, de réir Thoscaireacht an Aontais agus de réir misin.

8.  Déanfaidh an doiciméad oibre freisin dá dtagraítear i mír 7:

(a) an líon post do gach grád i ngach catagóir mar aon leis an líon post buan agus an líon post sealadach, lena n-áirítear an fhoireann ar conradh agus an fhoireann áitiúil atá údaraithe, laistigh de theorainneacha leithreasaí an bhuiséid, i ngach ceann de Thoscaireachtaí an Aontais agus i riarachán lárnach an SEGS;

(b) aon mhéadú nó laghdú ar an líon post i riarachán lárnach an SEGS agus ar Thoscaireachtaí an Aontais ina n-iomláine, de réir gráid agus catagóire, agus an méid sin a bheith bunaithe ar an mbliain airgeadais roimhe sin;

(c) an líon post údaraithe don bhliain airgeadais, an líon post údaraithe don bhliain roimhe sin, agus an líon post atá líonta ag taidhleoirí ar iasacht ó na Ballstáit, agus ag foireann ón gComhairle agus ag foireann ón gCoimisiún;

(d) cur síos mion ar an bhfoireann go léir a bheidh i dToscaireachtaí an Aontais tráth thíolacadh an dréachtbhuiséid, lena n-áirítear miondealú de réir limistéir gheografaigh, inscne, tíre agus misin ar leith, idirdhealú idir poist atá ann de réir an phlean bunaíochta, gníomhairí ar conradh, gníomhairí áitiúla agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus leithreasaí a iarradh sa dréachtbhuiséad do chineálacha eile pearsanra maille leis na meastacháin chomhfhreagracha den choibhéis foirne lánaimseartha a d'fhéadfaí a fhostú gan teorainneacha na leithreasaí a iarradh a shárú.

Airteagal 39

An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad

Ar bhonn aon fhaisnéise nua nach raibh ar fáil nuair a leagadh amach an dréachtbhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó cheann de na hinstitiúidí eile, gach ceann acu i leith a ranna féin, litreacha ina mbeidh leasuithe ar an dréachtbhuiséad a thíolacadh go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle sula dtionólfar an Coiste Idir-Réitigh dá dtagraítear in Airteagal 314 CFAE. Féadfar a bheith ar áireamh sna litreacha, go háirithe, litir leasaitheach lena ndéanfar na meastacháin ar chaiteachais talmhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 40

Oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as an mbuiséad a ghlacadh

1.  Dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an buiséad glactha go críochnaitheach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 314(9) CFAE agus in Airteagal 106a de Chonradh Euratom.

2.  A luaithe a dhearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, beidh sé de cheangal ar gach Ballstát ón 1 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin nó ón dáta a ndearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, más tharlaíonn sé seo tar éis an 1 Eanáir, na híocaíochtaí atá dlite don Aontas a íoc, mar a shonraítear i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000.

Airteagal 41

Dréachtbhuiséid leasaitheacha

1.  Féadfaidh an Coimisiún dréachbhuiséid leasaitheacha a thíolacadh a bhaineann le hioncam go príomha de bharr na gcúiseanna seo a leanas:

 comhardú na bliana airgeadais roimhe a iontráil sa bhuiséad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18,

 an réamhaisnéis maidir le hacmhainní dílse a athmheas bunaithe ar na réamhaisnéisí eacnamaíocha nuashonraithe, agus

 an réamhaisnéis athmheasta ar acmhainní dílse agus ar ioncam eile a nuashonrú, mar aon le hathbhreithniú a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar an ngá le leithreasaí i gcomhair íocaíochta.

Más rud é go bhfuil imthosca dosheachanta, eisceachtúla agus neamhthuartha ann, go háirithe ag féachaint do shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha a thíolacadh atá dírithe ar chaiteachas go príomha.

2.  Is chuig an gCoimisiún a chuirfear iarrataí ar bhuiséid leasaitheacha arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún sna cúinsí céanna dá dtagraítear i mír 1.

Sula dtíolacfaidh siad dréachtbhuiséad leasaitheach, déanfaidh an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile an raon feidhme maidir le hath-leithroinnt na leithreasaí ábhartha a scrúdú, ag tagairt go háirithe do chur chun feidhme ar leithreasaí atá faoi bhun na céime cur chun feidhme a rabhthas ag súil léi.

Beidh feidhm ag Airteagal 40 maidir le buiséid leasaitheacha. Tabharfar bunús do bhuiséid leasaitheacha le tagairt don bhuiséad a bhfuil leasú a dhéanamh acu ar a mheastacháin.

3.  Tíolacfaidh an Coimisiún, seachas i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar maith leo nó i gcás shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ar féidir dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh ina leith ag aon tráth den bhliain, a dhréachtbhuiséid leasaitheacha go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 1 Meán Fómhair de gach bliain airgeadais. Féadfaidh sé tuairim a chur i gceangal leis na hiarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó na hinstitiúidí eile.

4.  Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an dréachtbhuiséad leasaitheach agus aird chuí á tabhairt ar an bpráinn atá leo.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le dréachtbhuiséid leasaitheacha.

Airteagal 42

Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath

Féadfaidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar aontú le dátaí áirithe a thabhairt ar aghaidh maidir leis na meastacháin a tharchur, agus maidir leis an dréachtbhuiséid a ghlacadh agus a tharchur. Ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh ar an socrú a leithéid, áfach, go ngiorrófar ná go gcuirfear síneadh leis na tréimhsí a fhoráiltear do na téacsanna sin a bhreithniú faoi Airteagal 314 CFAE agus faoi Airteagal 160a de Chonradh Euratom.



CAIBIDIL 2

Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 43

Struchtúr an bhuiséid

Is éard a bheidh sa bhuiséad:

(a) ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas;

(b) ranna ar leithligh do gach institiúid, seachas an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle a roinnfidh an roinn chéanna, foroinnte ina ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas.

Airteagal 44

Ainmníocht bhuiséadach

1.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aicmiú ar ioncam an Choimisiúin, agus ar ioncam agus ar chaiteachas na n-institiúidí eile, de réir a gcineáil nó de réir na húsáide a shanntar dóibh faoi theidil, faoi chaibidlí, faoi airteagail agus faoi ítimí.

2.  Leagfar amach ráiteas caiteachais roinn an Choimisiúin ar bhonn ainmníochta arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus aicmeofar de réir críche é.

Comhfhreagróidh gach teideal do réimse beartais agus freagróidh gach caibidil, de ghnáth, do ghníomhaíocht.

Féadfar leithreasaí oibríochtúla agus leithreasaí riaracháin a bheith ar áireamh i ngach teideal.

Laistigh den teideal céanna, déanfar na leithreasaí riaracháin a ghrúpáil in aon chaibidil amháin.

3.  Nuair a thíolactar iad de réir feidhme, déanfar leithreasaí riaracháin i gcomhair teidil indibhidiúla a aicmiú mar seo a leanas:

(a) caiteachas ar fhoireann údaraithe sa phlean bunaíochta: beidh méid leithreasaí agus líon post sa phlean bunaíochta a bheidh comhfhreagrach leis an gcaiteachas sin;

(b) caiteachas ar phearsanra seachtrach agus caiteachas eile dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 26(1) agus atá maoinithe faoin gceannteideal "riarachán" den chreat airgeadais ilbhliantúil;

(c) caiteachas ar fhoirgnimh agus ar chaiteachas gaolmhar eile, lena n-áirítear glanadh agus cothabháil, cíos agus fruiliú, teileachumarsáid, uisce, gás agus leictreachas;

(d) pearsanra eachtrach agus cúnamh teicniúil atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na gclár.

Déanfar aon chaiteachas riaracháin an Choimisiúin maidir le cineál is gnách do roinnt teideal a leagan amach i ráiteas achomair ar leith agus a aicmiú de réir cineáil.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le haicmiú an bhuiséid.

Airteagal 45

Toirmeasc ar ioncam diúltach

1.  Ní bheidh ioncam diúltach sa bhuiséad.

2.  Glanmhéideanna a bheidh sna hacmhainní dílse a íocfar faoi Chinneadh 2007/436/CE, Euratom, ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach ( 7 ) agus taispeánfar amhlaidh iad sa ráiteas achomair ar ioncam sa bhuiséad.

Airteagal 46

Forálacha

1.  Féadfar an teideal "forálacha" a bheith i ngach roinn den bhuiséad. Cuirfear leithreasaí isteach sa teideal seo i gcás:

(a) nach ann d'aon bhunghníomh don ghníomhaíocht i dtrácht agus an buiséad á bhunú; nó

(b) ina mbeidh forais láidre amhrais ann faoi leordhóthanacht na leithreasaí nó faoin bhféidearthacht go gcuirfear chun feidhme, faoi choinníollacha i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fhónta airgeadais, na leithreasaí arna n-iontráil ar na línte i dtrácht.

Ní fhéadfar na leithreasaí sa teideal sin a úsáid go dtí go mbeidh siad aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 26(1) den Rialachán seo, i gcás ina mbeidh glacadh an bhunghnímh faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 CFAE, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 24 den Rialachán seo i ngach cás eile.

2.  I gcás ina mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha cur chun feidhme ann, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, i rith bliana airgeadais, go n-aistreofaí leithreasaí chuig an teideal "forálacha". Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leis na haistrithe sin, mar a fhoráiltear le hAirteagal 27.

Airteagal 47

Cúlchiste diúltach

Féadfaidh "cúlchiste diúltach" a mbeidh EUR 200 000 000 ar a mhéad ann a bheith i roinn an Choimisiúin den bhuiséad. Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a bheidh sa chúlchiste a leithéid amháin, ar cúlchiste é a iontrálfar i dteideal ar leith é.

Ní mór an cúlchiste diúltach sin a úsáid roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 26 agus in Airteagal 27.

Airteagal 48

Cúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála

1.  Áireofar cúlchiste le haghaidh cúnaimh éigeandála do thríú tíortha i roinn an Choimisiúin den bhuiséad.

2.  Úsáidfear an cúlchiste dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 27 agus in Airteagal 28.

Airteagal 49

Tíolacadh an bhuiséid

1.  Léireofar an méid seo a leanas sa bhuiséad:

(a) sa ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas:

(i) ioncam measta an Aontais don bhliain airgeadais lena mbaineann ('bliain n');

(ii) ioncam measta don bhliain airgeadais roimhe sin agus an t-ioncam do bhliain n - 2;

(iii) na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain n;

(iv) na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais roimhe sin;

(v) an caiteachas a gealladh agus an caiteachas a íocadh i mbliain n-2, an cás deiridh a bheith sloinnte freisin mar chéatadán den bhuiséad don bhliain n;

(vi) nótaí tráchta iomchuí maidir le gach foroinn, mar atá leagtha amach in Airteagal 44(1);

(b) i ngach roinn, an t-ioncam agus an caiteachas de réir an struchtúir chéanna atá i bpointe (a);

(c) maidir le cúrsaí foirne:

(i) i gcás gach roinne, plean bunaíochta lena socrófar líon na bpost do gach grád i ngach catagóir agus i ngach seirbhís agus líon na bpost buan agus sealadach arna n-údarú laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséid;

(ii) plean bunaíochta don fhoireann arna híoc as na leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch le haghaidh gníomhaíochta dírí agus plean bunaíochta don fhoireann arna híoc as na leithreasaí céanna le haghaidh gníomhaíochta indírí; aicmeofar na pleananna bunaíochta de réir catagóire agus gráid agus déanfar idirdhealú iontu idir poist bhuana agus poist shealadacha, arna n-údarú laistigh de theorainneacha na leithreasaí;

(iii) maidir le foireann eolaíochta agus theicniúil, féadfar an t-aicmiú a bhunú ar ghrúpaí grád, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i ngach buiséad; caithfear líon an phearsanra ardcháilithe eolaíochta nó theicniúil, a dtugtar buntáistí speisialta dóibh faoi fhorálacha sonracha na Rialachán Foirne, a lua sa phlean bunaíochta;

(iv) plean bunaíochta lena socrófar líon na bpost de réir gráid agus catagóire do gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 208 ar comhlacht iad a fhaigheann ranníocaíocht arna mhuirearú ar an mbuiséad. Sna pleananna bunaíochta, taispeánfar líon na bpost a údaraítear don bhliain airgeadais le hais líon na bpost a údaraíodh don bhliain roimhe sin;

(d) maidir le hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí:

(i) sa ráiteas ginearálta ar ioncam, na línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha agus atá ceaptha taifead a choimeád ar aon aisíocaíochtaí a fhaightear ó fhaighteoirí a mhainnigh i dtosach, rud a raibh cur i ngníomh na ráthaíochta um fheidhmiú mar thoradh air. Beidh iontráil chomharthach "pro memoria" ag gabháil leis na línte sin agus beidh nótaí tráchta ábhartha ag gabháil leo;

(ii) i roinn an Choimisiúin:

 na línte buiséid ina bhfuil ráthaíochtaí um fheidhmíocht an Aontais i leith na n-oibríochtaí lena mbaineann. Beidh iontráil chomharthach "pro memoria" ag gabháil leis na línte sin, ar chuntar nár eascair aon mhuirear éifeachtach atá le cumhdach faoi acmhainní cinntitheacha;

 nótaí tráchta ina dtabharfar an tagairt don bhunghníomh agus líon na n-oibríochtaí atá beartaithe, an fad agus an ráthaíocht airgeadais a thug an tAontas i leith na n-oibríochtaí a leithéid,

(iii) i ndoiciméad a bheidh i gceangal le roinn an Choimisiúin, mar léiriúchán:

 oibríochtaí caipitiúla leanúnacha agus bainistíocht fiach,

 na hoibríochtaí caipitiúla agus an bhainistíocht fiach don bhliain airgeadais lena mbaineann;

(e) maidir le hionstraimí airgeadais faoi Theideal VIII de Chuid a hAon:

(i) tagairt don bhunghníomh;

(ii) línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha;

(iii) cur síos ginearálta ar na hionstraimí airgeadais, lena n-áirítear a ré agus a dtionchar ar an mbuiséad;

(iv) na hoibríochtaí beartaithe, lena n-áirítear na spriocmhéideanna atá bunaithe ar an gcóimheas giarála a eascraíonn ó na hionstraimí airgeadais atá ann cheana;

(f) maidir leis an maoiniú chuig eintiteas ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (vii) d'Airteagal 58(1)(c):

(i) tagairt do bhunghníomh an chláir ábhartha;

(ii) línte buiséid comhfhreagracha;

(iii) cur síos ginearálta ar na cúraimí atá ar iontaoibh, lena n-áirítear a ré agus a dtionchar ar an mbuiséad;

(g) iomlán an chaiteachais ar CBES a iontráladh i gcaibidil; dar teideal 'CBES', le hairteagail sonracha ag gabháil léi. Cumhdóidh na hairteagail sin caiteachas ar CBES agus beidh línte sonracha iontu ina sainaithneofar, ar a laghad, na mórmhisin aonair.

2.  De bhreis ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aon doiciméid ábhartha eile a chur i gceangal leis an mbuiséad.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le tíolacadh an bhuiséid, lena n-áirítear sainmhíniú a thabhairt ar chaiteachas iarbhír sa bhliain airgeadais dheireanach dár dúnadh na cuntais, maidir le nótaí tráchta buiséid agus maidir leis na pleananna bunaíochta.

Airteagal 50

Rialacha maidir le pleananna bunaíochta don fhoireann

1.  Beidh an plean bunaíochta a thuairiscítear i bpointe (c) d'Airteagal 49(1) ina theorainn dhosháraithe ag gach institiúid nó comhlacht; ní fhéadfar aon cheapachán a dhéanamh a sháróidh an teorainn arna socrú.

Mar sin féin, féadfaidh gach institiúid nó comhlacht a pleananna bunaíochta a mhodhnú suas le 10 % ó thaobh líon na bpost arna n-údarú, seachas i gcás ghrád AD16, ghrád AD 15 agus ghrád AD 14, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) nach bhfuil difear déanta do líon na leithreasaí foirne a chomhfhreagraíonn do bhliain airgeadais iomlán,

(b) nach bhfuil an teorainn ar líon iomlán na bpost arna n-údarú le gach plean bunaíochta sáruithe; agus

(c) go bhfuil an institiúid nó an comhlacht tar éis páirt a ghlacadh i gcleachtadh tagarmharcála le hinstitiúidí eile agus comhlachtaí eile an Aontais de réir mar a rinne cleachtadh scagtha fhoireann an Choimisiúin é a thionscnamh.

Cuirfidh an institiúid Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh trí seachtaine sula ndéanfar na modhnuithe dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cúiseanna a mbeidh údar cuí tugtha leo a lua, staonfaidh an institiúid ó na modhnuithe a dhéanamh agus beidh feidhm ag an ngnáthnós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41.

2.  De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar éifeachtaí na hoibre páirtaimseartha, arna húdarú ag an údarás ceapacháin i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, a chúiteamh trí cheapacháin eile.



CAIBIDIL 3

Smacht buiséadach

Airteagal 51

An creat airgeadais ilbhliantúil a chomhlíonadh

Comhlíonfaidh an buiséad ceanglais an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 52

Gníomhartha an Aontais a bheith i gcomhréir leis an mbuiséad

I gcás ina sáraítear na leithreasaí atá ar fáil sa bhuiséad trí ghníomh an Aontais a chur chun feidhme, ní fhéadfar an gníomh sin a chur chun feidhme i dtéarmaí airgeadais go dtí go mbeidh an buiséad leasaithe dá réir.



TEIDEAL IV

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME



CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 53

An buiséad a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

1.  Déanfaidh an Coimisiún ioncam agus caiteachas an bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoina fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí arna n-údarú.

2.  Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go n-úsáidfear na leithreasaí i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus maidir le faisnéis faoi aistrithe sonraí pearsanta chun críocha iniúchóireachta.

Airteagal 54

An bunghníomh agus eisceachtaí

1.  Glacfar bunghníomh sula bhféadfar na leithreasaí arna n-iontráil sa bhuiséad d'aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais a úsáid.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfar an méid seo a leanas a chur chun feidhme d'uireasa bunghnímh ar choinníoll go dtiocfaidh na gníomhaíochtaí a bhfuil siad ceaptha a mhaoiniú faoi réim inniúlachtaí an Aontais:

(a) na leithreasaí a bhaineann le treoirthionscadail de chineál turgnamhach agus atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar a indéanta agus ar a úsáidí atá an ghníomhaíocht. Ní fhéadfar na leithreasaí ábhartha faoi chomhair oibleagáidí a iontráil sa bhuiséad ach le haghaidh dhá bhliain airgeadais as a chéile ar a mhéid.

Ní bheidh méid iomlán na leithreasaí do na tionscadail phíolótacha níos mó ná EUR 40 000 000 in aon bhliain airgeadais;

(b) leithreasaí le haghaidh beart ullmhúcháin i réimse chur i bhfeidhm an CFAE agus Chonradh Euratom, arb é is aidhm leo tograí a ullmhú d'fhonn bearta a ghlacadh sa todhchaí. Déanfaidh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cur chuige comhchuí a leanúint agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirmeacha éagsúla. Ní fhéadfar na leithreasaí ábhartha faoi chomhair oibleagáidí a iontráil sa bhuiséad ach ar feadh trí bliana airgeadais as a chéile ar a mhéad. Ní mór don nós imeachta lena ndéantar an bunghníomh ábhartha a ghlacadh a thabhairt i gcrích roimh dheireadh an tríú bliain airgeadais. Le linn an nós imeachta sin, beidh gealladh na leithreasaí ag freagairt do shaintréithe na gníomhaíochta ullmhúcháin a fhad maidir leis na gníomhaíochtaí arna mbeartú, na haidhmeanna arna saothrú agus na faighteoirí. Dá thoradh sin, ní bheidh na modhanna arna gcur chun feidhme chomh líonmhaire céanna leis na modhanna arna mbeartú chun an ghníomhaíocht chinntitheach féin a mhaoiniú.

Ní fhéadfaidh méid iomlán na leithreasaí i gcomhair gníomhaíochtaí nua ullmhúcháin dá dtagraítear faoi bpointe seo a bheith níos mó ná EUR 50 000 000 in aon bhliain airgeadais, agus ní fhéadfaidh méid iomlán na leithreasaí atá geallta go hiarbhír i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bheith níos mó ná EUR 100 000 000 ;

(c) leithreasaí a bhaineann le bearta ullmhúcháin i réimse Theideal V den CAE. Ní bheidh sa bhearta a leithéid ach tréimhse ghairid agus ceapfar iad chun na coinníollacha a bhunú faoina ndéanfar gníomhaíocht de chuid an Aontais d'fhonn cuspóirí a bhaineann le CBES a bhaint amach agus d'fhonn na hionstraimí dlíthiúla is gá a ghlacadh.

Chun críocha oibríochtaí an Aontais um bainistiú géarchéime, ceapfar bearta ullmhúcháin, inter alia, chun na ceanglais oibríochtúla a mheas, foráil a dhéanamh do mhear-imscaradh tosaigh acmhainní, nó chun dálaí ar an talamh a ullmhú chun an oibríocht a sheoladh.

Comhaontóidh an Chomhairle bearta ullmhúcháin, ar thogra ón Ardionadaí.

Chun a áirithiú go gcuirfear bearta ullmhúcháin chun feidhme go tapa, déanfaidh an tArdionadaí Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a chur ar an eolas a luaithe is féidir maidir le rún na Comhairle beart ullmhúcháin a lainseáil agus go háirithe maidir leis na hacmhainní a meastar a bheidh riachtanach chun na críche sin. Déanfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun eisíocaíocht sciobtha na gcistí a áirithiú;

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le bearta ullmhúcháin a mhaoiniú i réimse CBES.

(d) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí aonuaire, nó a bhaineann fiú amháin le gníomhaíochtaí a mhaireann go ceann tréimhse éiginnte, arna gcur i gcrích ag an gCoimisiún de bhua cúraimí a eascraíonn óna shainchumais ar an leibhéal institiúideach de bhun an CFAE agus Chonradh Euratom, amach óna cheart maidir le tionscnamh reachtach dá dtagraítear i bpointe (b), agus faoi chumhachtaí sonracha a thugtar dó leis na Conarthaí sin agus a bhfuil liosta díobh le tabhairt sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;

(e) leithreasaí a bhaineann le hoibriú gach institiúide atá faoina neamhspleáchas riarthach.

Agus an dréachtbhuiséad á thíolacadh aige, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír agus beidh measúnú ar na torthaí agus ar na gníomhaíochtaí leantacha atá beartaithe sa tuarascáil sin freisin.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an mbunghníomh agus na heisceachtaí a áirítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 55

An buiséad arna chur chun feidhme ag institiúidí seachas an Coimisiún

Tabharfaidh an Coimisiún do na hinstitiúidí eile na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme.

Féadfar socruithe mionsonraithe a chomhaontú idir an SEGS agus an Coimisiún, d'fhonn cur chun feidhme leithreasaí riaracháin Thoscaireachtaí an Aontais a éascú. Ní bheidh aon mhaolú sna socruithe a leithéid ar an Rialachán seo ná ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 56

Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean

1.  Féadfaidh an Coimisiún agus gach ceann de na hinstitiúidí eile, laistigh dá ranna féin, a gcumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos leis an Rialachán seo agus i gcomhréir lena rialacha inmheánacha agus laistigh de na teorainneacha a leagfaidh siad síos in ionstraim an tarmligin. Na daoine sin a chumhachtófar amhlaidh, gníomhóidh siad laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh go sainráite.

2.  Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme buiséid maidir le leithreasaí oibriúcháin a roinne féin a tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Cuirfidh sé sin in iúl don Ardionadaí ag an am céanna. Nuair a ghníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin, cuirfidh siad rialacha an Choimisiúin maidir le chur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin.

Féadfaidh an Coimisiún an tarmligean sin a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an tArdionadaí na bearta is gá chun comhoibriú idir Toscaireachtaí an Aontais agus ranna de chuid an Choimisiúin a éascú.

Airteagal 57

Coinbhleacht leasa

1.  Gníomhaithe airgeadais agus daoine eile a mbeidh baint aige le cur chun feidhme, agus bainistíocht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ullmhúcháin chuige sin, iniúchóireacht nó rialú an bhuiséid, cuirfear toirmeasc air aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leasa féin agus leasa an Aontais.

I gcás riosca den sórt sin a bheith ann, staonfaidh an duine i dtrácht ó ghníomhaíochtden sórt sin agus déanfaidh sé nó sí an ní a tharchur chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean a dhearbhóidh i scríbhinn an bhfuil coinbhleacht leasa i gceist. Déanfaidh an duine i dtrácht an t-oifigeach uachtarach a chur an eolas. Más rud é go bhfuil coinbhleacht leasa ann, scoirfidh an duine i dtrácht dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí sa réimse. Glacfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean aon ghníomh iomchuí breise go pearsanta.

2.  Chun críocha mhír 1, bíonn coinbhleacht leasa ann nuair a chuirtear as d'fheidhmiú oibiachtúil, neamhchlaonta fheidhmeanna an ghníomhaí airgeadais nó duine eile, dá dtagraítear i mír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas eile is coiteann dó agus don faighteoir.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a leagfaidh amach cad is dóigh a bheadh ina gcoinbhleacht leasa mar aon leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcásanna den sórt sin.



CAIBIDIL 2

Modhanna cur chun feidhme

Airteagal 58

Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid

1.  Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar na bealaí a leanas:

(a) go díreach ('bainistíocht dhíreach'), ag a ranna, lena n-áirítear a fhoireann i dToscaireachtaí an Aontais faoi údarás a gCinn Toscaireachta faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 56(2), nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62;

(b) faoin mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit, ('bainistíocht roinnte); nó

(c) go hindíreach ('bainistíocht indíreach'), i gcás go bhforáiltear dó sa bhunghníomh nó sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe den chéad fhomhír d'Airteagal 54(2), trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh siúd a leanas:

(i) tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

(ii) eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí;

(iii) BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(iv) comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209;

(v) comhlachtaí dlí phoiblí;

(vi) comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

(vii) comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil;

(viii) daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme sa CES de bhun Theideal V den CAE agus a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

2.  Beidh an Coimisiún freagrach i gcónaí as cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le hoibríochtaí a dhéanfaidh eintitis agus daoine ar cuireadh ar a n-iontaobh de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. I gcás ina n-aithneofar an t-eintiteas nó an duine ar cuireadh ar iontaoibh i mbunghníomh, áireofar leis an ráiteas airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 31 na bonn cirt iomlán leis an eintiteas nó leis an duine ar leith a roghnú.

3.  Comhoibreoidh na heintitis agus na daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais. Forálfar le comhaontuithe tarmligin do cheart na Cúirte Iniúchóirí agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a n-innúlachtaí a fheidhmiú go cuimsitheach faoi CFAE maidir le cistí a iniúchadh.

Cuirfidh an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme buiséid ar iontaoibh eintiteas faoi phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar an gcoinníoll go bhfuil nósanna imeachta athbhreithnithe trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, éifeachtúla agus éifeachtacha ann i ndáil le cur chun feidhme iarbhír cúraimí den sórt sin.

4.  Cuirfear na comhaontuithe tarmligin uile ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar iarraidh uathu.

5.  Déanfaidh eintitis agus daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 35(2), go ndéantar faisnéis ar fhaighteoirí a fhoilsiú go bliantúil ar bhonn ex post. Cuirfear fógra chuig an gCoimisiún maidir leis na bearta a glacadh.

6.  Eintitis agus daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) de mhír 1, ní bheidh stádas oifigigh údarúcháin trí tharmligean acu.

7.  Ní fhéadfaidh an Coimisiún cumhachtaí feidhmiúcháin a chur de chúram ar thríú páirtithe má tá go leor lánrogha ó thaobh cinntí polaitiúla a dhéanamh de ag baint leis na cumhachtaí sin.

▼M2

8.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le modhanna cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear bainistíocht dhíreach, feidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus forálacha sonracha maidir le bainistíocht indíreach le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, le comhlachtaí dlí phoiblí nó comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, le comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach de chuid Ballstáit agus ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach a chur chun feidhme agus le daoine ar cuireadh cur chun feidhme gníomhaíochtaí sonracha in CBES de chúram orthu. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh critéar chun eagraíochtaí neamhbhrabúis a thabhairt isteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta..

▼B

Airteagal 59

Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit

1.  Sa chás go gcuireann an Coimisiún an buiséid chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte, déanfar cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig na Ballstáit. Urramóidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamhidirdhealaithe agus áiritheoidh siad feiceálacht gníomhaíocht an Aontais agus cistí an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a n-oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta faoi seach, agus glacfaidh siad chucu na freagrachtaí a thiocfaidh as sin agus dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Leagfar síos forálacha comhlántacha i rialacha earnáilsonracha.

2.  Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, eadhon:

(a) a áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí arna maoiniú ón mbuiséad a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtach agus i gcomhréir le rialacha infheidhme earnáilsonracha agus chun na críche sin, comhlachtaí a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistí an Aontais a ainmniú i gcomhréir le mír 3 agus a rialú;

(b) neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhraith agus a cheartú.

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh na Ballstáit, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus na rialacha ábhartha earnáilsonracha, rialuithe ex ante agus ex post, i gcás inarb iomchuí, rialuithe ar an láthair ar idirbhearta ionadaíocha agus/nó ar shamplaí idirbheart atá riosca-bhunaithe. Déanfaidh siad freisin cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú agus imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá i dtaca leis sin.

Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha athchomhairleacha chomhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i rialacha earnáilsonracha agus i bhforálacha sonracha sa reachtaíocht náisiúnta.

Mar chuid dá mheasúnú riosca agus i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chórais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ina obair iniúchóireachta, prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh leibhéal an riosca measúnaithe i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

3.  I gcomhréir leis na critéir agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i rialacha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit ar an leibhéal iomchuí, comhlachtaí a bheidh freagrach i ndáil le bainistiú agus rialú chistí an Aontais a ainmniú. Féadfaidh na comhlachtaí a leithéid cúraimí a dhéanamh nach mbaineann le bainistiú chistí an Aontais agus féadfaidh siad roinnt áirithe dá gcúraimí a chur ar iontaoibh comhlachtaí eile.

Agus ainmníocht comhlachtaí á cinneadh, féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh a bhunú i dtaobh arb ionann na córais bainistithe agus rialaithe go bunúsach agus na cinn atá i bhfeidhm cheana féin ón tréimhse roimhe agus i dtaobh an raibh siad ag feidhmiú go héifeachtach.

Má léiríonn torthaí iniúchóireachta agus rialaithe nach bhfuil na critéir a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha á gcomhlíonadh a thuilleadh ag na comhlachtaí ainmnithe, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na heasnaimh i gcur chun feidhme chúraimí na gcomhlachtaí sin a leigheas, lena n-áirítear tríd an ainmníocht fhoirceannadh i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

Déanfaidh na rialacha earnáilsonracha ról an Choimisiúin a shainmhíniú sa phróiseas a leagtar amach sa mhír seo.

4.  Déanfaidh comhlachtaí ainmnithe de mhír 3:

(a) córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú;

(b) córas cuntasaíochta a úsáid lena soláthraítear faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c) an fhaisnéis a éilítear faoi mhír 5 a chur ar fáil;

(d) foilsiú ex-post a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 35(2). Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta, comhlíonfaidh sé forálacha náisiúnta chur chun feidhme Threoir 95/46/CE.

5.  Faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, soláthróidh na comhlachtaí arna n-ainmniú de bhun mhír 3 na nithe a leanas don Choimisiún:

(a) a cuntais maidir leis an gcaiteachas a rinneadh, le linn na tréimhse ábhartha tagartha de réir mar a shainmhínítear sna rialacha earnáilsonracha, i bhfeidhmiú a gcúraimí agus a tíolacadh don Choimisiún le haghaidh aisíocaíochta. Beidh san áireamh sna cuntais sin réamh-mhaoiniú agus suimeanna a bhfuil nósanna imeachta um ghnóthú ar siúl nó atá críochnaithe. Beidh dearbhú bainistíochta ag gabháil leis a dheimhníonn an méid seo a leanas i dtuairim iad siúd atá i bhfeighil ar chistí a bhainistiú:

 go dtíolactar an fhaisnéis i gceart agus gur faisnéis iomlán chruinn atá inti;

 gur úsáideadh an caiteachas chun na críocha a ceapadh dó, mar a shainmhínítear iad sna rialacha earnáilsonracha;

 go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

(b) achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a dhéantar, lena n-áirítear anailís ar nádúr agus méid na n-earráidí arna sainaithint sna córais, mar aon le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a glacadh nó a pleanáladh.

Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta comhaontaithe ag gabháil leis na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) agus an achoimre dá dtagraítear i bpointe (b). Suífidh an tuairim, an dtugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom, an bhfuil caiteachas a ndearnadh aisíocaíocht a iarraidh ina leith ón gCoimisiún dlíthiúil agus rialta agus an bhfeidhmíonn na córais rialaithe atá i bhfeidhm i gceart. Ina theannta sin, luafaidh an tuairim an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a dhéantar sa dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a).

Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am den 15 Feabhra in imthosca eisceachtúla go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a fhoilsiú.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit dearbhuithe a chur ar fáil atá sínithe ar an leibhéal iomchuí bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo.

6.  Chun a áirithiú go n-úsáidtear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún:

(a) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntais comhlachtaí ainmnithe a iniúchadh agus a ghlacadh, agus a áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán, chruinn agus fíor;

(b) eisíocaíochtaí a ndearnadh íocaíochtaí ina leith a sháraigh an dlí infheidhme a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais.

(c) sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí má fhoráiltear amhlaidh sna rialacha earnáilsonracha.

Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an mbriseadh nó cuid den stop leis na spriocamanna íocaíochta nó leis na híocaíochtaí a chur ar fionraí i ndiaidh do Bhallstát a barúlacha a thíolacadh agus chomh luath agus a bheidh aon bhearta riachtanacha glactha aige. Déanfaidh tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 66(9) na hoibleagáidí uile faoin bhfomhír seo a chumhdach.

7.  Cuirfidh na rialacha earnáilsonracha san áireamh riachtanais chláir an Chomhair Críche Eorpaigh maidir le, go háirithe, ábhar an dearbhaithe bainistíochta, an próiseas a leagtar amach i mír 3 agus an fheidhm iniúchóireachta.

8.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit, lena n-áirítear tiomsú clár de chomhlachtaí atá freagrach as cistí an Aontais a bhainistiú agus a rialú, agus na bearta chun na cleachtais is fearr a chur chun cinn.

Airteagal 60

Bainistíocht indíreach

1.  Eintitis agus daoine ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme buiséid orthu de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1), urramóidh siad prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal na neamh-idirdhealaithe agus áiritheoidh siad feiceálacht ghníomhaíocht an Aontais agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu. Agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu, ráthóidh siad leibhéal cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo, agus tabharfaidh siad aird iomchuí ar na nithe a leanas:

(a) cineál na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh agus na méideanna i gceist;

(b) na rioscaí airgeadais i gceist;

(c) an leibhéal dearbhaithe a eascraíonn óna gcóras, óna rialacha agus óna nósanna imeachta mar aon leis na bearta a rinne an Coimisiún chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh acu agus chun tacú leis an gcur chun feidhme sin.

2.  Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh na heintitis agus na daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1), i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta:

(a) córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú;

(b) córas cuntasaíochta a úsáid a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c) dul faoi iniúchóireacht sheachtrach neamhspleách, arna déanamh i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, ag seirbhís iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh a feidhmeanna de ar an duine i gceist;

▼M2

(d) rialacha agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú as cistí an Aontais a chur ar fáil trí sholáthar, deontais, duaiseanna agus ionstraimí airgeadais lena n-áirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 108(12);

▼B

(e) an fhaisnéis ar fhaighteoirí a fhoilsiú ex posta áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 35(2).

(f) cosaint réasúnta ar shonraí pearsanta a áirithiú, mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Glacfaidh na daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (viii) d'Airteagal 58(1)(c) a rialacha airgeadais ach toiliú a fháil ón gCoimisiún roimh ré. Comhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i bpointe (a) go dtí (e) den mhír seo tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thús a sainordaithe. Más rud é, ag deireadh na tréimhse seo, nach gcomhlíonann siad na ceanglais seo ach i bpáirt glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí leasúcháin chun tacú le cur chun feidhme cúraimí atá curtha ar n-iontaoibh agus chun maoirseacht a dhéanamh orthu.

▼M2

3.  Déanfaidh na heintitis agus na daoine ar cuireadh de chúram orthu de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) mírialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a chur ina gceart agus a chur in iúl don Choimisiún agus cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á ndéanamh acu. Chuige sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, déanfaidh siad rialuithe ex ante agus ex post, lena n-áirítear, i gcás inarb is iomchuí, seiceálacha ar an láthair ar idirbhearta ionadaíocha agus/nó ar shamplaí d'idirbhearta atá riosca-bhunaithe, d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí arna maoiniú ón mbuiséad á ndéanamh go héifeachtach agus á gcur chun feidhme mar is ceart. Déanfaidh siad freisin cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú, eisiamh a dhéanamh ó rochtain ar chistí an Aontais nó pionóis airgeadais a fhorchur agus imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i gcás inar gá sin i dtaca leis sin.

▼B

4.  Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis na heintitis agus leis na daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) a chur ar fionraí, go háirithe nuair a bhraitear earráidí sistéamacha a dhéanann iontaofacht chórais rialaithe inmheánaigh an eintitis nó an duine lena mbaineann, nó dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, a chur in amhras.

D'ainneoin Airteagal 92, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach íocaíochtaí le heintitis nó le daoine den sórt sin a stopadh ina n-iomláine nó i bpáirt chun críche tuilleadh seiceálacha i gcás:

(i) go gcuirtear faisnéis in iúl dó a thugann le fios don oifigeach údarúcháin atá freagrach go bhfuil easpa mhór i bhfeidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh nó a thugann le fios go bhfuil baint ag an gcaiteachas a dheimhnigh an t-eintiteas nó an duine i dtrácht le mírialtacht thromchúiseach agus nár cuireadh an mhírialtacht ina cheart;

(ii) go mbeidh gá leis an stopadh sin chun damáiste mhór do leasanna airgeadais an Aontais a chosc.

5.  Gan dochar do mhír 7, déanfaidh na heintitis agus na daoine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún:

(a) tuarascáil ar chur chun feidhme na gcúraimí a cuireadh ar iontaoibh acu;

(b) a gcuntais arna dtarraingt suas i leith an chaiteachais thabhaithe agus na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh á ndéanamh; Beidh dearbhú bainistíochta ag gabháil leis na cuntais a dheimhníonn i dtuairim iad siúd atá i bhfeighil ar chistí a bhainistiú:

(i) go dtíolactar an fhaisnéis i gceart agus gur faisnéis iomlán chruinn atá inti;

(ii) gur úsáideadh an caiteachas chun na críocha a ceapadh dó, mar a shainítear iad sna comhaontuithe tarmligin nó más infheidhme sna rialacha ábhartha earnáilsonracha,

(iii) go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

(c) achoimre ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a dhéantar, lena n-áirítear anailís ar nádúr agus méid na n-earráidí agus na láigí arna sainaithint sna córais, mar aon le gníomhaíocht ceartaitheacha a glacadh nó a pleanáladh.

Maidir leis na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách, arna tharraingt i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, ag gabháil leo. Suífear leis an tuairim sin an dtugann na cuntais léargas fíor agus cothrom, an bhfuil na córais rialaithe ag feidhmiú i gceart agus an bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim freisin an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta faoi phointe (b) den chéad fhomhír.

Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra den chéad bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Soláthrófar an tuairim dá dtagraítear sa dara fomhír don Choimisiún faoin 15 Márta ar a dhéanaí.

Beidh na hoibleagáidí atá leagtha amach sa mhír seo gan dochar do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Beidh ar áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin, ar a laghad, an ceanglas ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha sin ráiteas a sholáthar gach bliain don Choimisiún, maidir leis an mbliain airgeadais i dtrácht, gur úsáideadh agus gur cuireadh i gcuntas ranníocaíochtaí an Choimisiúin i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i mír 2 agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá leagtha síos i gcomhaontuithe den sórt sin.

6.  Gan dochar do mhír 7, déanfaidh an Coimisiún:

(a) maoirseacht a dhéanamh go gcomhlíonann na daoine agus na heintitis sin a bhfreagrachtaí go háirithe trí iniúchtaí agus meastóireachtaí a dhéanamh ar an gclár cur chun feidhme;

(b) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le eintitis agus daoine atá ar iontaoibh a iniúchadh agus a ghlacadh, agus a áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán, chruinn agus fíor;

(c) eisíocaíochtaí a sháraigh na rialacha infheidhme a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais.

▼M2

7.  Ní bheidh feidhm ag mír 5 agus ag mír 6 i ndáil le ranníocaíocht an Aontais chuig eintitis atá faoi réir nós imeachta um urscaoileadh ar leithligh faoi Airteagal 208 agus faoi Airteagal 209.

8.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le bainistíocht indíreach, lena n-áirítear na coinníollacha faoi bhainistíocht indíreach faoina bhfuil na córais, na rialacha agus na nósanna imeachta eintiteas agus daoine le bheith coibhéiseach le cinn an Choimisiúin, dearbhuithe bainistíochta agus ráitis chomhlíontachta agus na nósanna imeachta maidir le cuntais a iniúchadh agus a ghlacadh, maidir leis an oibleagáid i ndáil le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chalaois agus neamhrialtachtaí a bhraitear, maidir le caiteachas tabhaithe lena sáraítear na rialacha is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais agus maidir le pionóis airgeadais a fhorchur.

▼B

Airteagal 61

Measúnuithe ex ante agus comhaontuithe tarmligin

1.  Sula gcuirfidh an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme an bhuiséid de chúram ar eintitis nó ar dhaoine de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1), gheobhaidh sé faisnéis lena léirítear go bhfuil ceanglais phointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 60(2) á gcomhlíonadh.

Sa chás go ndéantar athruithe ar na córais nó ar na rialacha maidir le heintiteas nó duine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1), nó ar nósanna imeachta a bhaineann leis an mbainistiú atá curtha ar an eintiteas nó ar an duine maidir le cistí an Aontais.Déanfaidh an t-eintiteas nó an dune lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an colas ina leith sin gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na comhaontuithe tarmligin a tugadh i gcrích leis an eintiteas nó leis an duine i dtrácht d'fhonn a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 60(2).

2.  Mura rud é go sainaithnítear an t-eintiteas atá ar iontaoibh sa bhunghníomh, roghnóidh an Coimisiún eintiteas ó cheann amháin de na catagóirí atá liostaithe i bpointí (ii), (v), (vi) agus (vii) d'Airteagal 58(1)(c), agus tabharfaidh sé aird chuí ar chineál na gcúram atá le cur ar iontaoibh an eintitis mar aon le taithí agus acmhainn oibríochtúil agus airgeadais na n-eintiteas lena mbaineann. Déanfar an rogha ar bhealach trédhearcach agus beidh údar leis ar fhorais oibiachtúla agus ní fhéadfaidh coinbhleacht leasa teacht as.

3.  Sonrófar i gcomhaontuithe tarmligin na ceanglais atá leagtha síos i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 60(2). Saineofar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh an eintitis agus beidh gealltanas ann ón eintiteas nó ó na daoine i gceist go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe (e) go pointe (f) den chéad fhomhír d'Airteagal 60(2) agus nach ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith de thoradh air.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le measúnú ex ante ar rialacha agus nósanna imeachta faoi bhainistiú indíreach agus maidir le hinneachar comhaontuithe tarmligin.

Airteagal 62

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

1.  Féadfaidh an Coimisiún cumhachtaí a tharmligean chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin clár nó tionscadal Aontais go hiomlán nó go páirteach, thar ceann an Choimisiúin agus faoina fhreagracht, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú ( 8 ). Is le Cinneadh ón gCoimisiún a chuirfear na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ar bun, agus is daoine dlítheanacha a bheidh iontu faoi dhlí an Aontais.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis feidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

2.  Is é stiúrthóir na gníomhaireachta feidhmiúcháin a chuirfidh chun feidhme na leithreasaí comhfhreagracha oibríochtúla faoi bhainistíocht dhíreach.

Airteagal 63

Teorainneacha le tarmligean cumhachtaí

1.  Ní dhéanfaidh an Coimisiún cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme chistí an Choimisiúin, lena n-áirítear íocaíocht agus gnóthú, a chur ar iontaoibh eintiteas nó comhlachtaí na hearnála príobháidí, ach amháin sa chás dá dtagraítear i bpointe (v) i bpointe (vi) agus i bpointe (vii) d'Airteagal 58(1)(c), nó i gcásanna sonracha:

(i) ina mbeidh na híocaíochtaí i dtrácht le déanamh i gcomhair íocaithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún;

(ii) ina mbeidh na híocaíochtaí i dtrácht faoi réir coinníollacha agus méideanna arna socrú ag an gCoimisiún; agus

(iii) nach mbainfidh na híocaíochtaí i dtrácht faoi fheidhmiú lánrogha an entitis ná an chomhlachta a dhéanann na híocaíochtaí.

2.  Féadfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas le conradh a chur ar iontaoibh eintiteas nó comhlachtaí na hearnála príobháidí nach bhfuil misean seirbhíse poiblí acu: cúraimí saineolacha teicniúla agus cúraimí riaracháin, ullmhúcháin agus cúntacha nach mbainfidh le feidhmiú an údaráis phoiblí ná le cumhachtaí lánroghnacha breithiúnais a úsáid.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh eintiteas nó comhlachtaí áirithe ón earnáil phríobháideach i gcomhréir leis na rialacha soláthair phoiblí a leagtar amach i dTeideal V de chuid a hAon.



CAIBIDIL 3

Gníomhaithe airgeadais



Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 64

Cúraimí a leithscaradh

1.  Beidh dualgais an oifigigh údarúcháin agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta leithscartha agus comheisiatach ar a chéile.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cearta agus oibleagáidí na ngníomhaithe airgeadais uile.



Roinn 2

Oifigeach údarúcháin

Airteagal 65

An t-oifigeach údarúcháin

1.  Comhlíonfaidh gach institiúid dualgais oifigigh údarúcháin.

2.  Chun críocha an Teidil seo, tagraíonn an téarma 'foireann' do dhaoine arna gcumhdach ag na Rialacha Foirne.

3.  Déanfaidh gach institiúid a tharmligean, i gcomhréir leis na coinníollacha in a rialacha nós imeachta, cúraimí an údaráis oifigigh chuig baill foirne ar an leibhéal iomchuí. Sonróidh sí ina rialacha inmheánacha riaracháin na baill foirne a dtarmligeann sí na dualgais sin chucu, raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean agus go bhféadfaí na daoine sin a ndéanfar na cumhachtaí a tharmligean chucu, na cumhachtaí a fho-tharmligean iad féin.

4.  Chuig an bhfoireann amháin a dhéanfar cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean nó a fho-tharmligean.

5.  Maidir le hoifigigh údarúcháin atá freagrach, gníomhóidh siad laistigh de na teorainneacha a shocraítear le hionstraim an tarmligin nó le hionstraim an fho-tharmligin. Agus a chúram á dhéanamh aige, féadfaidh a bheith de chúnamh ag oifigeach údarúcháin atá freagrach ball foirne amháin nó níos mó ar cuireadh de chúram air, faoi fhreagracht an oifigigh sin, oibríochtaí áirithe a chur i gcrích atá riachtanach chun an buiséad a chur chun feidhme agus chun na cuntais a thíolacadh.

6.  I gcás ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), beidh siad faoi réir an Choimisiúin mar institiúid a bheidh freagrach as sainmhíniú, feidhmiú, faireachán agus breithmheas a gcuid dualgas agus freagrachtaí mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean. Cuirfidh an Coimisiún, ag an tráth céanna, é sin in iúl don Ardionadaí ag an am céanna.

7.  Féadfaidh foireann, faoi fhreagracht an oifigigh atá freagrach, ar cuireadh cúraimí áirithe is gá le haghaidh cur chun feidhme an bhuiséid agus tháirgeadh na faisnéise airgeadais agus bainistíochta ar a n-iontaoibh, cúnamh a thabhairt dó lena dhualgais. Beidh an fhoireann a chabhróidh le hoifigigh atá freagrach faoi réir Airteagal 57.

8.  Déanfaidh gach institiúid an Chúirt Iniúchóirí, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean, iniúchóirí inmheánacha agus oifigigh chuntasaíochta a cheapadh agus a scaoileadh agus maidir le haon rialacha inmheánacha a ghlacfaidh sé i dtaobh cúrsaí airgeadais.

9.  Déanfaidh gach institiúid an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas maidir le hoifigigh óinchiste a cheapadh agus cinntí tarmligthe faoi Airteagal 69(1) agus Airteagal 70.

10.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cúnamh a sholáthar d'oifigigh údarúcháin atá freagrach agus na forálacha inmheánacha lena rialaítear tarmligin.

Airteagal 66

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh údarúcháin

1.  Beidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach i ngach institiúid as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus as a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht.

2.  Chun críocha mhír 1, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, i gcomhréir le hAirteagal 32 agus leis na híoschaighdeáin arna nglacadh ag gach institiúid agus ag féachaint go cuí do na rioscaí a bhaineann le cúrsaí bainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú, an struchtúr eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh a fheileann d'fheidhmiú a dhualgais a chur ar bun. Beidh anailís chuimsitheach riosca ina thacú agus an struchtúr sin agus na córais sin á mbunú agus cuirfidh an anailís sin a gcost-éifeachtacht san áireamh.

3.  D'fhonn caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach atá freagrach gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a ghlacadh, caiteachas a bhailíochtú, íocaíochtaí a údarú agus réamhchéimeanna chur chun feidhme na leithreasaí a ghlacadh.

4.  Is éard a bheidh i gceist le cur chun feidhme ioncaim, meastacháin a tharraingt suas ar na méideanna is infhaighte, teidlíochtaí atá le gnóthú a bhunú agus orduithe gnóthúcháin a eisiúint. Beidh tarscaoileadh teidlíochtaí bunaithe i gceist leis sin nuair is iomchuí.

5.  Beidh gach oibríocht faoi réir rialú ex ante ar a laghad, arna bhunú ar dhoiciméid agus ar na torthaí ar rialuithe a rinneadh cheana agus atá le fáil, ar ghnéithe oibríochtúla agus airgeadais na hoibríochta.

Beidh idir thionscnamh agus fhíorú na hoibríochta sna rialuithe ex ante.

I gcás aon idirbhirt ar leith, déanfaidh na baill foirne seachas na baill foirne a thionscain an oibríocht an fíorú. Ní bheidh na baill foirne a dhéanann an fíorú faoi cheannas na mball foirne a thionscain an oibríocht.

6.  Féadfaidh an t-oifigeach trí tharmligean rialuithe ex post a chur ar bun d'fhonn oibríochtaí a formheasadh cheana, tar éis rialuithe ex ante, a fhíorú. Féadfar rialuithe den sórt sin a eagrú ar bhonn sampla de réir riosca.

Is baill foirne nach ionann iad agus an fhoireann atá freagrach as na rialuithe ex post a dhéanfaidh na rialuithe ex ante. Ní bheidh na baill foirne atá freagrach as na rialuithe ex post faoi cheannas na mball foirne atá freagrach as na rialuithe ex ante.

Más rud é go ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean iniúchtaí airgeadais ar thairbhithe a chur chun feidhme mar rialuithe ex-post, beidh na rialacha iniúchóireachta gaolmhara soiléir, leanúnach agus trédhearcach agus urramóidh siad cearta an Choimisiún agus na n-iniúchaithe araon.

7.  Maidir leis na baill foirne uile a bheidh freagrach as bainistíocht na n-oibríochtaí airgeadais a rialú, beidh na scileanna gairmiúla is gá acu. Urramóidh siad cód sonrach maidir le caighdeáin ghairmiúla arna bhunú ag gach institiúid.

8.  Más rud é go measann aon bhall foirne a bheidh bainteach le hidirbhearta a bhainistiú ó thaobh airgeadais de agus le hidirbhearta a rialú, maidir le cinneadh a gcuirfidh a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach iallach air nó uirthi a chur i bhfeidhm nó aontú leis, nach bhfuil an cinneadh sin ag teacht le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ná leis na rialacha gairmiúla nó go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin nó ar na rialacha gairmiúla sin a cheanglaítear ar an mball foirne sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach ar an eolas dá réir sin. Más rud é go ndéanfaidh an ball foirne amhlaidh i scríbhinn, cuirfidh an t-oifigeach uachtarach an freagra i scríbhinn. Má mhainníonn an t-oifigeach uachtarach gníomhú nó má dhearbhaíonn sé an cinneadh nó an treoir tosaigh agus má chreideann an ball foirne nach ionann an dearbhú sin agus freagra réasúnach ar an imní, déanfaidh an ball foirne an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar an eolas i scríbhinn. Mura ngníomhóidh an t-oifigeach sin, beidh sé de cheanglas ar an mball foirne é a chur in iúl don phainéal ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 73(6).

I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Aontais, cuirfidh an ball foirne na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme ar an eolas. Forálfar le conarthaí le hiniúchóirí eachtracha a dhéanann iniúchtaí ar bhainistiú airgeadais an Aontais d'oibleagáid an iniúchóra eachtraigh an t-oifigeach údarúcháin a chur ar an eolas trí tharmligean maidir le haon ghníomhaíocht, calaois nó éillitheacht amhrasta mhídhleathach a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais.

9.  Tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin, i bhfoirm tuarascála gníomhaíochta bliantúla, dá institiúid nó dá hinstitiúd maidir le comhlíonadh a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus beidh sa tuarascáil sin faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe agus dearbhú, ach amháin nuair a shonrófar a mhalairt in aon fhorchoimeádas a bhainfidh le réimsí sainiúla ioncaim agus caiteachais, go bhfuil forchinntiú réasúnta aige nó aici:

(a) go bhfuil léargas cothrom fíor i bhfaisnéis na tuarascála;

(b) gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil chun na críocha ar ceapadh dóibh iad agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

(c) go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart.

▼M2

Léireofar leis an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí torthaí na n-oibriúchán faoi threoir na gcuspóirí a leagadh amach, na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, an úsáid a baineadh as na hacmhainní a soláthraíodh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánach, lena n-áirítear measúnú foriomlán ar chostais agus ar thairbhí rialuithe. Áireofar leis freisin faisnéis maidir le feidhmíocht fhoriomlán na n-oibríochtaí sin, chomh maith le measúnú ar an méid a chuir an caiteachas oibríochtúil údaraithe a rinneadh lena bhfuil bainte amach le beartas agus ar an méid a gineadh breisluach don Aontas leis.

▼B

Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh, seolfaidh an Coimisiún achoimre ar thuarascálacha bliantúla gníomhaíochta na bliana roimhe sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gach bliain. Déanfar tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar fáil freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

▼M2

Déanfar tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-oifigeach údarúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean de chuid na n-institiúidí, na n-oifigí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí a fhoilsiú ar láithreán idirlín na hinstitiúide, na hoifige, an chomhlachta nó na gníomhaíochta faoi seach, ar bhealach inrochtana, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil gach bliain don bhliain roimhe, faoi réir rúndachta a bhfuil bonn cirt cuí léi agus faoi réir tosca slándála.

▼B

10.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le rialuithe ex ante agus ex post, doiciméid tacaíochta a choinneáil, maidir le cód na gcaighdeán gairmiúil, maidir le mainneachtain an oifigigh údarúcháin gníomhú, maidir le faisnéis a tharchur chuig an oifigeach cuntasaíochta agus maidir le tuarascálacha ar nósanna imeachta arna gcaibidil.

Airteagal 67

Cumhachtaí agus dualgais Chinn Thoscaireachtaí an Aontais

1.  I gcás ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le cistí a chur chun feidhme mar is iomchuí, d'fhonn dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistíocht cistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú go háirithe.

Chuige sin, déanfaidh siad na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid ina bhféadfaí freagracht an Choimisiúin as cur chun feidhme an bhuiséid arna fho-tharmligean chucu a chur i ngeall agus chun cosc a chur ar aon choinbhleacht tosaíochtaí ar dócha go mbeidh tionchar acu ar chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu.

I gcás ina dtiocfaidh staid nó coinbhleacht dá ar nós iad sin dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais é sin in iúl gan mhoill do na hArdstiúrthóirí freagracha den Choimisiún agus don SEGS. Déanfaidh na hArdstiúrthóirí bearta iomchuí chun an scéal a leigheas.

2.  Nuair a bhíonn Chinn Thoscaireachtaí an Aontais i gcás dá dtagraítear in Airteagal 66(8), rachaidh sé i muinín an tsainphainéil um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 73(6). Má bhíonn aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó aon chalaois nó aon éilliú ann a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh sé na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.

3.  Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), tuarascáil a thabhairt dá n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach sin a dtuarascálacha a chorprú ina thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta nó ina tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 66(9). Beidh sna tuarascálacha ó na Cinn Toscaireachtaí faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach rialaithe atá ina dToscaireachtaí, chomh maith le bainistíocht na n-oibriúchán arna bhfo-tharmligean chucu, agus tabharfar iontu an dearbhú dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 73(5). Déanfar na tuarascálacha sin a chur i gceangal mar iarscríbhinn le tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin atá freagrach trí tharmligean agus ba cheart go mbeadh siad sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus ag féachaint go cuí ar rúndacht na dtuarascálacha sin sa chás inarb iomchuí.

Comhoibreoidh na Cinn Toscaireachta go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis bhreise is gá. Sa chomhthéacs seo, d'fhéadfaí a iarraidh orthu a bheith i láthair ag cruinnithe de na comhlachtaí ábhartha agus cúnamh a thabhairt don Oifigeach Údarúcháin trí tharmligean atá freagrach.

4.  Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), freagra a thabhairt ar aon iarraidh a dhéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó, i gcomhthéacs an urscaoilte, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.

5.  Áiritheoidh an Coimisiún nach dochar iad na cumhachtaí fo-tharmligin don nós imeachta um urscaoileadh faoi Airteagal 319 CFAE.



Roinn 3

Oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 68

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh cuntasaíochta

1.  Ceapfaidh gach institiúid oifigeach cuntasaíochta a bheidh freagrach, i ngach institiúid, as na nithe seo a leanas:

(a) íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a ghnóthú;

(b) na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal IX de Chuid a hAon;

(c) na cuntais a choimeád i gcomhréir le Teideal IX de Chuid a hAon;

(d) na nósanna imeachta cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le Teideal IX de Chuid a hAon;

(e) na córais cuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, nuair is iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t-oifigeach údarúcháin síos d'fhonn faisnéis cuntasaíochta a sholáthar nó d'fhonn údar a thabhairt léi; i ndáil le sin cumhachtófar an t-oifigeach cuntasaíochta a fhíorú tráth ar bith go bhfuil na critéir maidir le bailíochtú á gcomhlíonadh;

(f) an cisteán a bhainistiú.

Is le roinn an SEGS den bhuiséad amháin, mar a chuirfidh an SEGS chun feidhme í, a bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an SEGS. Leanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach as roinn an Choimisiúin den Bhuiséad ina hiomláine, lena n-áirítear oibriúcháin chuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais.

Gníomhóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin, faoi réir Airteagal 213, freisin mar Oifigeach Cuntasaíochta an SEGS maidir le chur chun feidhme roinn an SEGS den bhuiséad.

2.  Is é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a bheidh freagrach as na rialacha cuntasaíochta agus cairt chomhchuibhithe na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le Teideal IX de Chuid a hAon.

3.  An fhaisnéis go léir is gá d'fhonn cuntais a sholáthar a thabharfaidh léargas fíor agus cothrom maidir le staid airgeadais na n-institiúidí agus ar chur chun feidhme an bhuiséid, gheobhaidh an t-oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin í ó na hoifigigh údarúcháin. Tabharfaidh na hoifigigh údarúcháin ráthaíocht maidir lena hiontaofacht.

4.  Sula nglacfaidh an institiúid nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 208 na cuntais, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta a ainm nó a hainm leo á deimhniú leis sin go bhfuil dearbhú réasúnta aige go bhfuil léargas cothrom agus fíor ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an chomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 208.

Chun na críche sin, fíoróidh an t-oifigeach gur ullmhaíodh na cuntais i gcomhréir le rialacha, dá dtagraítear in Airteagal 1143, agus nósanna imeachta cuntasaíochta, dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo, an Aontais agus gur iontráladh gach ioncam agus caiteachas sna cuntais.

Cuirfidh na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean aon fhaisnéis ar aghaidh atá ag teastáil ón oifigeach cuntasaíochta d'fhonn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

Leanfaidh na hoifigigh údarúcháin de bheith lánfhreagrach as ceartúsáid na gcistí a bhainistíonn siad, as dlíthiúlacht agus as rialtacht an chaiteachais faoina rialú, agus as iomláine agus cruinneas na faisnéise a chuirtear ar aghaidh chuig an oifigeach cuntasaíochta.

5.  Cumhachtófar don oifigeach cuntasaíochta an fhaisnéis a gheofar a sheiceáil agus aon seiceálacha eile a dhéanamh a mheasfaidh sé nó sí a bheidh riachtanach d'fhonn a ainm a chur leis na cuntais.

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta forchoimeádais, más gá, á míniú go beacht cineál agus raon feidhme na bhforchoimeádas sin.

6.  Is don oifigeach cuntasaíochta amháin a chumhachtófar airgead tirim agus coibhéis airgid a bhainistiú, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Beidh an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach as iad a choimeád slán.

7.  I gcomhthéacs clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar cuntais mhuiníne a oscailt in ainm an Choimisiúin nó thar a cheann, ionas go bhféadfaidh eintiteas ar cuireadh ar a iontaobh de bhuni phointí (ii), (iii), (v) nó (vi) d'Airteagal 58(1)(c).

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin atá i bhfeighil chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta agus i gcomhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a osclófar na cuntais sin.

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin a bhainisteofar na cuntais sin.

8.  Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin rialacha a leagan síos maidir le cuntais mhuiníneacha a oscailt, a bhainistiú agus a dhúnadh agus maidir lena n-úsáid.

9.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cumhachtaí agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta, lena n-áirítear a cheapadh nó a ceapadh agus foirceannadh a dhualgas nó a dualgas, a thuairim nó a tuairim maidir le córais chuntasaíochta agus fardail, cistíocht agus cuntais bainc a bhainistiú, sínithe ar chuntais, iarmhéid cuntais a bhainistiú, oibríochtaí tarchuir agus comhshó, modhanna íocaíochta, comhaid um eintitis dhlíthiúla agus doiciméid tacaíochta choinneáil.

Airteagal 69

Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean

1.  Agus a dhualgais nó a dualgais á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cúraimí áirithe a tharmligean chuig baill foirne faoina cheannas.

Leagfar síos le hionstraim an tarmligin na cúraimí sin.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le daoine atá cumhachtaithe chun cuntais a riaradh in aonad áitiúil.



Roinn 4

Riarthóir óinchiste

Airteagal 70

Cuntais óinchiste

1.  Féadfar cuntais óinchiste a oscailt chun ioncam eile seachas acmhainní dílse a bhailiú agus chun suimeanna beaga a íoc mar atá sainithe sna gníomhartha tarmligthe arna glacadh de bhun an Rialacháin seo.

Mar sin féin, féadfar leas a bhaint as cuntais óinchiste, i dtaca le cabhair um bainistiú géarchéime agus i dtaca le hoibríochtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil de réir bhrí Airteagal 128, agus ní chuirfear aon teorainn leis an méid a bheidh i gceist agus urramófar leibhéal na leithreasaí arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir leis an líne chomhfhreagrach buiséid don bhliain reatha airgeadais.

2.  Is é oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide a mhaoineoidh na cuntais óinchiste agus is faoi fhreagracht riarthóirí óinchiste arna n-ainmniú ag oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide a chuirfear na cuntais sin.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh coinníollacha le haghaidh cuntas óinchiste, lena n-áirítear uasmhéideanna a bheidh le híoc ag riarthóirí óinchiste agus rialacha do ghníomhaíochtaí eachtracha freisin, lena n-áirítear rialacha maidir leis na riarthóirí óinchiste a roghnú, cuntais óinchiste a dhearlacadh, seicéalacha a bheith á ndéanamh ag oifigigh údarúcháin agus chuntasaíochta agus nósanna imeachta soláthair a bheith á n-urramú acu. Ina theannta sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i ndáil le cuntais óinchiste a chruthú agus i ndáil le riarthóirí óinchiste i dToscaireachtaí Aontais.



CAIBIDIL 4

Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais



Roinn 1

Rialacha Ginearálta

Airteagal 71

An tarmligean a tharraingt siar agus na cúraimí a tugadh do ghníomhaithe airgeadais a chur ar fionraí

1.  Maidir leis na hoifigigh údarúcháin atá freagrach, féadfaidh an t-údarás a cheap na hoifigigh sin an tarmligean sin nó an fo-tharmligean sin a tharraingt siar, tráth ar bith, go sealadach nó go cinntitheach, gan dochar d'aon bheart araíonachta.

2.  Maidir leis an oifigeach cuntasaíochta, leis na riarthóirí óinchiste, nó iad araon, féadfaidh an t-údarás a cheap na riarthóirí sin iad a chur ar fionraí, tráth ar bith, go sealadach nó go cinntitheach óna ndualgais.

3.  Beidh an tAireteagal seo gan dochar d'aon ghníomhaíocht araíonachta i ndáil leis na gníomhaithe airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 72

Dliteanas an oifigigh údarúcháin maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, nó éilliú

1.  Tá an Chaibidil seo gan dochar d'aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d'fhéadfadh na gníomhaithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 68 a thabhú mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh na mBallstát i dtreis ann.

2.  Gan dochar d'Airteagal 73, d'Airteagal 74, ná d'Airteagal 75, Beidh gach oifigeach údarúcháin atá freagrach, gach oifigeach cuntasaíochta agus gach riarthóir óinchiste faoi dhliteanas birt araíonachta agus beidh siad faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne,. I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Aontais, cuirfear an cás faoi bhráid na n-údarás agus na gcomhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme go háirithe faoi bhráid OLAF.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le dliteanas na n-oifigeach údarúcháin agus an riarthóra óinchiste i gcás go bhfuil gníomhaíocht mhídhleathach, calaois nó éillitheacht a bheith ann.



Roinn 2

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh atá freagrach

Airteagal 73

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

1.  Beidh an t-oifigeach údarúcháin atá údaraithe faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

2.  Maidir leis an oibleagáid cúiteamh a íoc, beidh feidhm aici, go háirithe, sna cásanna seo a leanas: déanann an t-oifigeach údarúcháin atá údaraithe, d'aon turas nó le mórfhaillí ar a pháirt nó ar a páirt:

(a) cinneadh maidir leis na teidlíochtaí a bheidh le gnóthú nó eisíonn sé orduithe gnóthaithe, déanann sé caiteachas nó síníonn sé ordú íocaíochta gan an Rialachán seo ná na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;

(b) mura dtarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin suas, d'aon turas nó trí mhór-fhaillí i dtaca leis féin, doiciméad lena mbunaítear méid is infhaighte, nó mura n-eiseoidh sé ordú gnóthúcháin nó má tá moill air á eisiúint nó má tá moill air agus ordú íocaíochta á eisiúint aige, rud a fhágfaidh go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne na hinstitiúide.

3.  Oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean a mheasfaidh, maidir le cinneadh a bheidh sé de fhreagracht air nó uirthi a dhéanamh, nach bhfuil sé nó sí ag teacht le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó a mheasfaidh go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl i scríbhinn don údarás tarmligin. Má thugann an t-údarás tarmligin treoir réasúnaithe i scríbhinn don oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean an cinneadh sin a dhéanamh ina dhiaidh sin, ní bheidh dliteanas ar bith ar an oifigeach údarúcháin.

4.  I gcás ina ndéanfar fo-tharmligean laistigh dá sheirbhísí, is é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a bheidh freagrach i gcónaí as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras bainistíochta inmheánaí agus na gcóras rialaithe inmheánaigh atá ann agus is é a bheidh freagrach freisin as an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean a roghnú.

5.  I gcás fo-tharmligin chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean freagrach as sainiú na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe atá ann, mar aon le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as bunú agus feidhmiú leormhaith na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí tharmligean, agus as bainistíocht na gcistí agus na n-oibriúchán a dhéanann siad laistigh de Thoscaireacht an Aontais atá faoina gcúram. Sula rachaidh siad i gcionn dualgais, caithfidh siad cúrsaí oiliúna sainiúla a dhéanamh ar chúraimí agus ar fhreagrachtaí na n-oifigeach údarúcháin agus ar chur chun feidhme an bhuiséid.

Ullmhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais tuarascáil maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 67(3).

Gach bliain, soláthróidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais dearbhú d'oifigeach údarúcháin trí tharmligean an Choimisiúin maidir le bainistiú inmheánach agus córais rialaithe atá ina dToscaireacht, mar aon le dearbhú maidir le hoibríochtaí a ndéantar a fho-tharmligean chucu agus na torthaí na n-oibríochtaí sin, chun a cheadú don oifigeach údarúcháin an dearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 66(9) a dhéanamh.

6.  Cuirfidh gach institiúid sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais ar bun nó beidh siad rannpháirteach i bpainéal comhpháirteach arna bhunú ag roinnt institiúidí. Feidhmeoidh na painéil go neamhspleách ar a chéile agus cinnfidh siad an raibh mírialtacht airgeadais ann agus cé na hiarmhairtí ba cheart a bheith ann más ceart iad a bheith ann in aon chor.

I bhfianaise thuairim an phainéil sin, cinnfidh an institiúid an ndéanfaidh sí imeachtaí a thionscnamh i ndáil le beart araíonachta nó cúiteamh a íoc. Má aimsíonn an painéal deacrachtaí sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, ina mbeidh moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin agus chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean, mura rud é gurb é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an té atá i gceist, agus seolfaidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin í.

7.  I gcás ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), is é an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 6 den Airteagal seo a bheidh inniúil i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

Má aimsíonn an painéal deacrachtaí sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, ina mbeidh moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin, chuig an Ardionadaí agus chuig oifigeach údarúcháin trí tharmligean an Choimisiúin, mura rud é gurb é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an té atá i gceist, agus seolfaidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin í.

Ar bhonn thuairim an phainéil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Ardionadaí, i gcáil an Ardionadaí mar údarás ceapacháin, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh oifigeach údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin má bhaineann na mírialtachtaí le hinniúlachtaí an Choimisiúin arna bhfo-tharmligean chucu, ar imeachtaí iad a bhféadfadh gníomh araíonachta nó íoc cúitimh leanúint astu. I gcás den sórt sin, déanfaidh an tArdionadaí bearta iomchuí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne chun na cinntí maidir le gníomhaíocht araíonachta agus/nó íoc cúitimh, de réir mar a mholfaidh an Coimisiún, a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh na Ballstáit lántacaíocht don Aontas agus aon dliteanas á chur chun feidhme, faoi Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne, i leith foirne sealadaí a bhfuil feidhm ag pointe (e) d'Airteagal 2 de Choinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach maidir léi.

8.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean lena n-áirítear deimhniú treorach agus ról an Phainéal um Mírialtachtaí Airgeadais.



Roinn 3

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh cuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste

Airteagal 74

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh cuntasaíochta

1.  Beidh oifigeach cuntasaíochta faoi dhliteanas birt araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar atá leagtha síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Féadfaidh, go háirithe, mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas oifigeach cuntasaíochta a chur faoi dhliteanas:

(a) airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram nó faoina cúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b) cuntais bhainc nó cuntais ghíoró oifige poist a athrú go mícheart;

(c) méideanna nach bhfuil i gcomhréir leis na horduithe gnóthúcháin ná leis na horduithe íocaíochta comhfhreagrach a ghnóthú nó a íoc;

(d) gan ioncam atá dlite a bhailiú.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i maidir le dliteanas oifigeach cuntasaíochta i gcás foirmeacha eile mí-iompair.

Airteagal 75

Rialacha is infheidhme maidir le riarthóirí óinchiste

1.  Beidh riarthóir óinchiste faoi dhliteanas birt araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar atá leagtha síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Féadfaidh mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas riarthóir óinchiste a chur faoi dhliteanas:

(a) airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b) gan a bheith in ann na doiciméid is a sholáthar a thacaíonn leis na híocaíochtaí a rinne sé;

(c) íocaíochtaí a dhéanamh le daoine seachas na daoine atá ina dteideal;

(d) gan ioncam atá dlite a bhailiú.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le dliteanas riarthóirí óinchiste i gcás foirmeacha eile mí-iompair.



CAIBIDIL 5

Oibriúcháin ioncaim



Roinn 1

Acmhainní dílse a chur ar fáil

Airteagal 76

Acmhainní dílse

1.  Maidir le meastachán ar ioncam a thagann as acmhainní dílse, dá dtagraítear i gCinneadh 2007/436/CE, Euratom maidir le córas acmhainní dílse an Aontais, déanfar é a iontráil sa bhuiséad in euro. Cuirfear ar fáil é i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir le hacmhainní dlínse.



Roinn 2

Na méideanna is infhaighte a mheas

Airteagal 77

Na méideanna is infhaighte a mheas

1.  Nuair atá ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach aon fhaisnéis leordhóthanach iontaofa maidir le beart nó staid a bhféadfadh méid a bheadh dlite don Aontas a theacht as, déanfaidh an t-oifigeach sin meastachán ar an méid is infhaighte.

2.  Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid is infhaighte a choigeartú a luaithe is eol dó nó di eachtra a bheith ann a athraíonn an beart nó ar an staid arbh é ba chúis leis an meastachán a dhéanamh.

Agus ordú gnóthúcháin á bhunú maidir le beart nó staid ar tháinig meastachán ar mhéideanna infhaighte as roimhe sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an meastachán sin a choigeartú dá réir sin.

Má tharraingítear suas an t-ordú gnóthúcháin don mhéid céanna agus an bunmheastachán do mhéideanna is infhaighte, laghdófar an meastachán ar mhéideanna is infhaighte go nialas.

3.  De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfar aon mheastachán ar an méid is infhaighte sula ndéanfaidh na Ballstáit méideanna na n-acmhainní dílse atá sainithe i gCinneadh 2007/436/CE, Euratom a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar méideanna iad a íocann na Ballstáit ag tráthanna réamhshocraithe. Eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú gnóthúcháin i ndáil leis na méideanna sin.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis meastachán ar na méideanna is infhaighte.



Roinn 3

Méideanna is infhaighte a bhunú

Airteagal 78

Na méideanna is infhaighte a shuí

1.  Is éard atá i gceist leis an méid is infhaighte a bhunú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin an méid seo a leanas:

(a) fíorú sé gurb ann don fhiach;

(b) cinneadh nó fíorú go bhfuil an fiach ann go fírinneach agus cinnfidh sé nó fíoróidh sé méid an fhéich sin;

(c) na coinníollacha faoina bhfuil an fiach dlite a fhíorú.

2.  Maidir leis na hacmhainní dílse a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus maidir le haon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, déanfar iad a bhunú le hordú gnóthúcháin chuig an oifigeach cuntasaíochta agus ní mór nóta dochair a chur chuig an bhféichiúnaí ina dhiaidh sin, an dá cheann acu le tarraingt suas ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach.

3.  Déanfar méideanna a íocadh trí dhearmad a ghnóthú.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir méideanna is infhaighte a shuí, lena n-áirítear doiciméid nós imeachta agus tacaíochta agus ús mainneachtana.



Roinn 4

Gnóthú a údarú

Airteagal 79

Gnóthú a údarú

1.  Is éard atá i gceist le gnóthú a údarú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir a thabhairt don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú gnóthúcháin a eisiúint, méid is infhaighte a bhunaigh an t-oifigeach údarúcháin sin a ghnóthú.

2.  Féadfaidh an institiúid méid a shuí go foirmiúil mar mhéid is infhaighte ó dhaoine seachas ó Stáit trí chinneadh a dhéanamh a bheidh in-fhorfheidhmithe de réir bhrí Airteagal 299 CFAE.

Má éilítear amhlaidh le cosaint éifeachtach agus thráthúil leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, an cinneadh infheidhmithe sin a ghlacadh chun tairbhe institiúidí eile ar iarraidh uathu i dtaobh éileamh maidir le foireann a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an ordú gnóthúcháin a shuíomhiúidí eile.



Roinn 5

Gnóthú

Airteagal 80

Rialacha maidir le gnóthú

1.  Rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe gnóthúcháin i ndáil le méideanna is infhaighte arna mbunú go cuí ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin a dhícheall cuí le háirithiú go bhfaighidh an tAontas a ioncam agus áiritheoidh sé go gcosnófar cearta an Aontais.

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta méideanna a ghnóthú trína bhfritháireamh i gcoinne éileamh comhionann atá ag an Aontas i ndáil le haon fhéichiúnaí a bhfuil éileamh aige féin ar an Aontas. Ní mór do na héilimh sin a bheith cinnte, socraithe agus dlite.

2.  I gcás ina mbeartaíonn an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean gnóthú a tharscaoileadh nó a tharscaoileadh i bpáirt i leith méid is infhaighte arna bhunú, áiritheoidh sé nó sí go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus go mbeidh sé i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na comhréireachta. Ní mór bunús a bheith leis an gcinneadh maidir leis an tarscaoileadh. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an cinneadh maidir leis an tarscaoileadh a tharmligean.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal ina iomláine nó i bpáirt. Ní hionann méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal i bpáirt agus teidlíocht bhunaithe de chuid an Aontais a tharscaoileadh.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an modh lena ndéanfar gnóthú, lena n-áirítear gnóthú trí fhritháireamh, nós imeachta um ghnóthú in éagmais íocaíochta deonaí, am breise i gcomhair íocaíochta, fíneálacha agus pionóis eile a ghnóthú, gnóthú a tharscaoileadh agus méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal.

3.  Beidh na Ballstáit freagrach sa chéad chéim as rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh agus as méideanna a caitheadh go míchuí a ghnóthú, de réir mar a fhoráiltear sna rialacha earnáilsonracha. Sa mhéid agus go n-aimsíonn agus go gceartaíonn Ballstáit mírialtachtaí ina gcuntas féin, beidh siad díolmhaithe ó cheartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an Coimisiún maidir leis na mírialtachtaí sin.

4.  Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais ar Bhallstáit chun caiteachas tabhaithe a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais lena sháraítear dlí an Aontais is infheidhme. Déanfaidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais a bhunú ar mhéideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint agus ar na himpleachtaí airgeadais ó bhuiséad an Aontais. Sa chás nach féidir iad méideanna den sórt sin a shainaithint go beacht, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

Déanfaidh an Coimisiún, agus méid an cheartaithe airgeadais á chinneadh aige, nádúr agus tromchúis an tsáraithe ar an dlí is infheidhme mar aon leis na himpleachtaí airgeadais don bhuiséad a chur san áireamh, lena n-áirítear sa chás go bhfuil easnaimh sna córais bainistithe agus rialaithe.

Féadfar na critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais a shuí agus an nós imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm a leagan síos sna rialacha earnáilsonracha

5.  Déanfar an mhodheolaíocht maidir le ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm a leagan síos i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha chun a chumasú don Choimisiún leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Airteagal 81

Tréimhse teorann

1.  Gan dochar d'fhorálacha rialachán sonrach ná do chur i bhfeidhm Chinneadh 2007/436/CE, Euratom, beidh teidlíochtaí an Aontais i ndáil le tríú páirtithe agus teidlíochtaí tríú páirtithe i ndáil leis an Aontas faoi réir tréimhse teorann cúig bliana.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an tréimhse teorann.

Airteagal 82

Conas caitheamh le teidlíochtaí de chuid an Aontais sna Ballstáit

I gcás nósanna imeachta um dhócmhainneacht, tabharfar an chóir fhabhrach chéanna do theidlíochtaí an Aontais agus a thugtar do theidlíochtaí den nádúr céanna atá dlite ag comhlachtaí poiblí sna Ballstáit ina ndéanfar na nósanna imeachta um ghnóthú.

Airteagal 83

Fíneálacha, pionóis agus ús fabhraithe arna bhforchur ag an gCoimisiún

1.  Ní dhéanfar méideanna a gheofar trí fhíneálacha, trí phionóis, trí smachtbhannaí ná aon ús fabhraithe nó ioncam eile a gineadh dá mbarr a thaifeadadh mar ioncam buiséid fad a fhéadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na cinntí lena bhforchuirtear iad a chur ar ceal.

2.  Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 a thaifead mar ioncam buiséadach a luaithe agus is féidir agus ar a dhéanaí sa bhliain tar éis gach leigheas dlíthiúil a bheith ídithe. Ní dhéanfar méideanna a bheidh le tabhairt ar ais don eintiteas a d'íoc leo i ndiaidh breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thaifead mar ioncam buiséadach.

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cinntí i dtaobh cuntais a imréiteach ná i dtaobh ceartuithe airgeadais.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na méideanna a fuarthas ó fhíneálacha, píonóis agus ús fabhraithe.



CAIBIDIL 6

Oibriúcháin chaiteachais

Airteagal 84

Cinntí maidir le maoiniú

1.  Déanfar gach ítim caiteachais a ghealladh, a bhailíochtú, a údarú agus a íoc.

2.  Amach ó leithreasaí a fhéadfar a chur chun feidhme gan bhunghníomh i gcomhréir le pointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 54(5), déanfaidh an institiúid nó na húdaráis ar tarmligeadh cumhachtaí chucu cinneadh maidir le maoiniú sula dtabharfar gealltanas maidir le caiteachas

3.  Sonrófar sa chinneadh maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 2 an cuspóir a leantar, na torthaí ionchasacha, an modh cur chun feidhme agus a mhéid iomláine. Cuimseofar ann freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú agus léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár cur chun feidhme táscach.

I gcás bainistiú indíreach, sonrófar freisin sa chinneadh maoiniúcháin an t-eintiteas nó an duine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1), na critéir a úsáideadh chun an t-eintiteas nó chun an duine agus na cúraimí a cuireadh ar iontaoibh an t-eintiteas nó an duine sin a roghnú.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cinntí maoiniúcháin.



Roinn 1

Caiteachas a ghealladh

Airteagal 85

Cineálacha gealltanas

1.  Is éard atá sa ghealltanas buiséadach an oibríocht lena ndéantar an leithreasú is gá a choimeád d'fhonn íocaíochtaí iardain a chumhdach ionas go gcomhlíonfar gealltanas dlíthiúil.

Is éard a bheidh sa ghealltanas dlíthiúil an gníomh lena rachaidh an t-oifigeach údarúcháin faoi chomhair oibleagáide nó lena mbunóidh sé oibleagáid a mbeidh muirear mar thoradh uirthi.

Is é an t-oifigeach údarúcháin céanna a ghlacfaidh an gealltanas buiséid agus an gealltanas dlíthiúil, ach amháin i gcásanna a mbeidh call cuí leo agus mar a fhoráiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha gealltanais, gealltanais fhoriomlána a ghlacadh, síniú singil, agus caiteachas riaracháin arna gcumhdach le gealltanais shealadacha.

3.  Tiocfaidh gealltanais bhuiséadacha faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a) aonair: gealltanas buiséadacha aonair a bheidh i gceist nuair is eol cé an tairbhí agus an méid caiteachas i gceist.

(b) foriomlán: gealltanas buiséid foriomlán a bheidh i gceist nuair nach eol i gcónaí ceann amháin, ar a laghad, de na heilimintí is gá chun an gealltanas aonair a shainaithint.

(c) sealadach: Gealltanas buiséid a bheidh i gceist nuair a bheidh sé beartaithe an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 170 nó an gnáthchaiteachas riaracháin a chumhdach agus nuair nach eol go cinntitheach an méid caiteachais i gceist ná cé na híocaithe deiridh.

4.  Ní fhéadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta ach amháin i gcás ina bhforálfar amhlaidh leis an mbunghníomh nó nuair a bhaineann siad le caiteachais riaracháin.

Airteagal 86

Rialacha is infheidhme maidir le gealltanais

1.  Maidir le haon bheart a bhféadfadh caiteachas inmhuirearaithe ar an mbuiséad teacht as, ní mór don oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanas buiséadach a thabhairt sula rachaidh sé faoi chomhair gealltanais dlíthiúil le tríú páirtithe nó sula n-aistreoidh sé cistí chuig ciste iontaobhais ar bhonn Airteagal 187.

2.  An oibleagáid gealltanas buiséadach a dhéanamh sula ndéanfar gealltanas dlíthiúil dá bhforáiltear i mír 1, níl sí infheidhme maidir le gealltanais dlíthiúla arna dtabhairt i gcrích tar éis cás éigeandála a bheith fógartha faoi chuimsiú an phlean um leanúnachas gnó, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag aon institiúid eile de bhua a neamhspleáchais riaracháin.

3.  I gcás oibríochtaí cabhrach daonnúla, oibríochtaí cosanta sibhialta agus cabhrach um bainistiú géarchéime, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 má éilítear go ndéanfadh an tAontas gealltanas dlíthiúil le tríú páirtithe d'fhonn idirghabháil an Aontais a chur chun críche go héifeachtach agus nach féidir gealltanas buiséadach aonair a chur sna cuntais roimh ré. Déanfar an gealltanas buiséadach gan mhoill i ndiaidh gealltanas dlíthiúil a dhéanamh le tríú páirtí.

4.  Faoi réir fhorálacha speisialta Theideal IV de Chuid a Dó, cumhdófar leis na gealltanais fhoriomlána buiséadacha costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil aonair comhfhreagrach arna dtabhairt i gcrích go dtí an 31 Nollaig de bhliain n + 1.

Faoi réir Airteagal 85(4) agus Airteagal 203(2), déanfar na gealltanais dhlíthiúla aonair a bhaineann le gealltanais aonair buiséadacha nó le gealltanais shealadacha buiséadacha a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig de bhliain n.

I ndeireadh na dtréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, saorfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fuílleach na ngealltanas buiséid nár úsáideadh.

Tar éis gealltanas buiséadach foriomlán a thabhairt, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid atá i gceist le gach gealltanas dlíthiúil aonair a chlárú sna cuntais bhuiséadacha, sula síneofar iad, agus cuirfear in áirithe é don ghealltanas buiséadach foriomlán.

5.  Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla agus bhuiséadacha a thabharfar i ndáil le gníomhaíochta ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin iad agus maidir leis na gealltanais buiséid a ghabhann leo, leagfar síos dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, ach amháin i gcás caiteachais foirne, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Aon chodanna de na gealltanais sin nach mbeidh curtha i gcrích sé mhí tar éis an dáta sin, déanfar iad a shaoradh i gcomhréir le hAirteagal 15.

An méid de ghealltanas buiséadacha a chomhfhreagraíonn do ghealltanas dlíthiúil nach ndearnadh aon íocaíocht de réir bhrí Airteagal 90 ina leith laistigh de dhá bhliain ón dáta a síníodh an gealltanas dlíthiúil, déanfar é a shaoradh. ach amháin má bhaineann an méid sin le cásanna atá faoi dhlíthíocht os comhair cúirteanna breithiúnacha nó comhlachtaí eadrána nó sa chás ina bhfuil forálacha speisialta leagtha síos i rialacha earnáilsonracha.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla lena n-áirítear gealltanais indibhidiúla a chlárú.

Airteagal 87

Seiceálacha is infheidhme maidir le gealltanais

1.  Agus gealltanas buiséadacha á ghlacadh aige, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a) go ndearnadh an caiteachas a mhuirearú ar an ítim cheart sa bhuiséad;

(b) go mbeidh na leithreasaí ar fáil;

(c) go mbeidh an caiteachas i gcomhréir leis na Conarthaí leis an mbuiséad, leis an Rialachán seo, leis na gníomhartha tarmligthe arna glacadh de bhun an Rialacháin seo agus leis na gníomhartha uile arna ghlacadh de bhun na gConarthaí agus aon rialacháin eile;

(d) go urramófar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Maidir leis an oiriúnacht íocaíochtaí a réamh-mhaoiniú, méid na n-íocaíochtaí sin agus sceideal ginearálta na n-íocaíochtaí, beidh siad i gcomhréir leis an bhfad atá beartaithe, leis an dul chun cinn ó thaobh an chur chun feidhme de agus leis na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an réamh-mhaoiniú sin.

2.  Agus gealltanas dlíthiúil á chlárú aige le síniú fisiceach nó leictreonach, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a) go mbeidh an gealltanas cumhdaithe ag an ngealltanas comhfhreagrach buiséid;

(b) go mbeidh an caiteachas i gcomhréir leis na Conarthaí leis an mbuiséad, leis an Rialachán seo, leis na gníomhartha tarmligthe arna glacadh de bhun an Rialacháin seo agus leis na gníomhartha uile arna ghlacadh de bhun na gConarthaí agus aon rialacháin eile;

(c) go n-urramófar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na seicéalacha is infheidhme i leith na ngealltanas.



Roinn 2

Caiteachas a bhailíochtú

Airteagal 88

Caiteachas a bhailíochtú

1.  Is éard atá i gceist le caiteachas a bhailíochtú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin an méid seo a leanas:

(a) fíorú gurb ann do theidlíocht an chreidiúnaí;

(b) cinneadh nó fíorú gurb ann don éileamh agus méid an éilimh sin a chinneadh nó a fhíorú.

(c) na coinníollacha faoina bhfuil an íocaíocht dlite a fhíorú.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le caiteachas a bhailíochtú, lena n-áirítear caiteachas foirne a cheadú le haghaidh íocaíochta agus íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí comhordaithe de chonarthaí soláthair agus de dheontais, agus iad deimhnithe a bheith ceart d'íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, agus foirmeacha lena ngabhann "ceadaithe lena n-íoc" agus deimhnithe a bheith ceart.



Roinn 3

Caiteachas a údarú

Airteagal 89

Caiteachas a údarú

1.  Is éard atá i gceist le caiteachas a údarú, an gníomh lena dtugann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir don oifigeach cuntasaíochta, tar éis dó a fhíorú go bhfuil na leithreasaí ar fáil, trí ordú íocaíochta a eisiúint, méid caiteachais atá bailíochtaithe ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach a íoc.

I gcás ina ndéanfar íocaíochtaí tréimhsiúla maidir le seirbhísí arna soláthar, lena n-áirítear seirbhísí cíosa nó earraí a sheachadadh, agus faoi réir na hanailíse a dhéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin ar riosca, féadfaidh sé údarúcháin a ordú go gcuirfí i bhfeidhm córas dochair dhírigh.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le caiteachas a údarú, lena n-áirítear mionsonraí ar orduithe íocaíochta agus ar sheiceálacha arna déanamh ag oifigeach údarúcháin ar orduithe íocaíochta.



Roinn 4

Caiteachas a íoc

Airteagal 90

Cineálacha íocaíochtaí

1.  Déanfar íocaíocht nuair a thabharfar cruthúnas ar aird go bhfuil an ghníomhaíocht ábhartha i gcomhréir le forálacha an bhunghnímh nó le forálacha an chonartha agus cumhdóidh sí ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a) an méid iomlán atá dlite a íoc;

(b) an méid atá dlite a íoc ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(i) réamh-mhaoiniú, rud a fhéadfar a roinnt ina íocaíochtaí tar éis don chomhaontú tarmligin, don chonradh nó don chomhaontú deontais a bheith sínithe, nó tar éis don chinneadh deontais a chur in iúl;

(ii) íocaíocht eatramhach amháin nó níos mó mar chontrapháirt d'fheidhmiú i bpáirt na gníomhaíochta;

(iii) iarmhéid na méideanna atá dlite a íoc nuair atá an ghníomhaíocht curtha i gcrích ina hiomláine.

2.  Déanfar idirdhealú sna cuntais bhuiséadacha idir na cineálacha éagsúla íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 tráth a dhéanfar gach íocaíocht.

3.  Áireofar leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 152 na rialacha a bhaineann leis an réamh-mhaoiniú sna cuntais a imréiteach agus cáilitheacht na gcostas a aithint.

4.  Imréiteoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe go rialta ag brath ar chineál eacnamaíoch agus tráthúlacht an bhuntionscadail.

Más rud é go measann an t-oifigeach údarúcháin freagrach gur neamhéifeachtúil é ráiteas airgeadais a iarraidh ó thairbhithe agus ó chonraitheoirí, déanfaidh sé nó sí, maidir le deontais agus conarthaí is mó ná EUR 5 000 000 , faisnéis a fháil uathu ar a laghad uair sa bhliain maidir le caiteachas carnach.

Chun críocha an dara fomhír, áireofar na forálacha iomchuí sna conarthaí, sna cinntí deontais agus sna comhaontuithe agus sna comhaontuithe tarmligin freisin.

Tá an mhír seo gan dochar do na rialacha sonracha atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Dó.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha íocaíochta agus na doiciméid tacaíochta.

Airteagal 91

Íocaíocht atá teoranta do na cistí atá ar fáil

Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a íocfaidh an caiteachas, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de theorainn na gcistí atá ar fáil.



Roinn 5

Teorainneacha ama d'oibríochtaí caiteachais

Airteagal 92

Teorainneacha ama

1.  Déanfar íocaíochtaí laistigh de:

(a) 90 lá féilire do chomhaontuithe tarmligin, do chonarthaí, do chomhaontuithe deontais agus do chinntí ina dtagann seirbhísí teicniúla i gceist nó gníomhaíochtaí atá thar a bheith coimpléascach maidir le meastóireacht a dhéanamh agus a bhfuil an íocaíocht ag brath ar faomhadh tuarascála nó deimhnithe;

(b) 60 lá féilire do na comhaontuithe tarmligin, na conarthaí, na comhaontuithe deontais agus na cinntí uile eile a bhfuil an íocaíocht ag brath ar faomhadh tuarascála nó deimhnithe;

(c) 30 lá féilire do na comhaontuithe tarmligin, na conarthaí, na comhaontuithe deontais agus na cinntí uile eile.

2.  Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an teorainn ama i gcomhair íocaíochta a chur ar fionraí nuair

a) nach bhfuil suim an iarratais íocaíochta dlite; nó

b) nach bhfuil na doiciméid tacaíochta iomchuí curtha ar fáil.

Más rud é, go dtagann faisnéis in iúl don oifigeach údarúcháin freagrach a chuireann in amhras incháilitheacht caiteachais in iarratas íocaíochta, féadfaidh sé nó sí údarúcháin an teorainn ama i gcomhair íocaíochta a chur ar fionraí chuna fhionnadh, roimh an íocaíocht a dhéanamh, go bhfuil an caiteachas incháilithe, lena n-áirítear trí bhíthinn seiceálacha ar an láthair.

3.  Cuirfear na cúiseanna maidir leis an bhfionraí in iúl i scríbhinn do na creidiúnaithe lena mbaineann.

4.  Sa chás go mairfidh an fionraí níos mó ná dhá mhí, féadfaidh an creidiúnaí cinneadh a iarraidh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach cibé an leanfar leis an bhfhionraí.

5.  Seachas i gcás na mBallstát, ar dhul in éag de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 1, beidh an creidiúnaí i dteideal ús a fháil.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le teorainneacha ama don íocaíocht agus sonrú na ndálaí ina mbeidh creidiúnaithe a íoctar go déanach i dteideal ús mainneachtana a fháil a mhuirearófar ar an líne ónar íocadh an phríomhíocaíocht.



CAIBIDIL 7

Córais TF agus r-Rialtas

Airteagal 93

Oibríochtaí a bhainistiú go leictreonach

1.  I gcás ina ndéanfar oibríochtaí ioncaim agus caiteachais a bhainistiú le córais ríomhaireachta, féadfar doiciméid a shíniú trí nós imeachta ríomhairithe nó trí nós imeachta leictreonach.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú leictreonach oibríochtaí.

Airteagal 94

Doiciméid a tharchur

Faoi réir comhaontaithe na n-institiúidí agus na mBallstát i dtrácht roimh ré, féadfar tarchur doiciméad eatarthu a dhéanamh trí mheán leictreonach.

Airteagal 95

r-Rialtas

1.  Faoin gmbainistíocht roinnte, déanfar na malartuithe uile faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún tríd na modhanna a léirítear sna rialacha earnáilsonracha. Forálfar leis na rialacha sin d'idir-inoibritheacht sonraí a bhailítear nó a fhaightear ar bhealach eile agus tharchuirtear i mbainistiú an bhuiséid.

2.  Déanfaidh na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, mar aon le na gníomhaireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 caighdeáin aonfhoirmeacha a leagan síos agus a chur i bhfeidhm maidir le malartú leictreonach faisnéise le tríú páirtithe a ghlacann páirt i nósanna imeachta soláthair agus um dheontas. Déanfaidh siad, go háirithe, a mhéid is féidir, réitigh a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir le sonraí, arna gcur isteach i nósanna imeachta deontais agus soláthair, a thíolacadh, a stóráil agus a phróiseáil agus chuige sin, déanfaidh siad 'limistéar um chómhalartú faisnéise leictreonaí a chur ar bun le haghaidh iarratasóirí, iarrthóirí agus fothairgeoirí.

3.  Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le dul chun cinn i gcur chun feidhme r-Rialtas.



CAIBIDIL 8

Prionsabail riaracháin

Airteagal 96

Dea-riarachán

1.  Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chur in iúl gan mhoill an gá atá le fianaise agus/nó doiciméadúcháin, a bhfhoirm agus a n-ábhar réamhriachtanais a sholáthar, mar aon le, i gcás inarb iomchuí, an tráthchlár táscach maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain a thabhairt chun críche.

2.  Más rud é, de bharr earráid shoiléir chléireachais ar thaobh an iarratasóra nó an fhothairgeoranach ndéanann an t-iarratasóir nó an fothairgeoir fianaise a thíolacadh nó ráitis a dhéanamh, iarrfaidh an coiste meastóireachta nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oifigeach údarúcháin freagrach, seachas i gcásanna cuí-údaraithe, ar an iarratasóir nó ar an bhfothairgeoir an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar nó doiciméid tacaíochta a shoiléiriú. Ní fhéadfaidh an fhaisnéis nó na soiléirithe sin an togra a athrú go substaintiúil ná téarmaí na tairisceana a athrú.

Airteagal 97

Léiriú ar mhodhanna sásaimh

I gcás ina n-imreoidh gníomh nós imeachta drochthionchar ar chearta iarratasóra nó fothairgeora, tairbhí nó conraitheora, beidh léiriú sa ghníomh sin maidir leis na modhanna sásaimh riaracháin agus/nó breithiúnacha atá ar fáil chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh sin.

Déanfar, go háirithe, cineál an tsásaimh, an comhlacht nó na comhlachtaí ar os a chomhair nó os a gcomhair is féidir an agóid a dhéanamh, mar aon leis na teorainneacha ama lena bhfeidhmiú a léiriú.



CAIBIDIL 9

Iniúchóir inmheánach

Airteagal 98

Iniúchóir inmheánach a cheapadh

1.  Bunóidh gach institiúid feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chaithfear a fheidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta. Beidh an t-iniúchóir inmheánach arna cheapadh ag an institiúid, freagrach don institiúid sin maidir lena fhíorú go bhfuil córais agus nósanna imeachta maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme á n-oibriú mar is ceart. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir inmheánach a bheith ina oifigeach údarúcháin ná ina oifigeach cuntasaíochta.

2.  Chun críocha iniúchóireacht inmheánach an SEGS, beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 56(2), faoi réir chumhachtaí fíoraithe iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ó thaobh na bainistíochta airgeadais arna fo-tharmligean chucu.

Ba cheart d'iniúchóir inmheánach an Choimisiúin gníomhú freisin mar iniúchóir inmheánach an SEGS maidir le chur chun feidhme roinn an SEGS den bhuiséad, faoi réir Airteagal 213.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hiniúchóir inmheánach a cheapadh.

Airteagal 99

Cumhachtaí agus cúraimí an iniúchóra inmheánaigh

1.  Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach comhairle ar a institiúid nó ar a hinstitiúid maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha a eisiúint i ndáil le caighdeán na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar na dálaí ina gcuirtear oibríochtaí chun feidhme agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

Beidh an t-iniúchóir inmheánach freagrach, go háirithe, as an méid seo a leanas:

(a) measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá na córais bainistíochta inmheánaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ranna maidir le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir na rioscaí a ghabhann leo;

(b) measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúla agus a éifeachtaí atá na córais rialaithe inmheánaigh agus na córais iniúchóireachta inmheánaí is infheidhme maidir le gach oibríocht faoi leith lena ndéanfar an buiséad a chur chun feidhme.

2.  Comhlíonfaidh an t-iniúchóir inmheánach a dhualgais nó a dualgais maidir le gach gníomhaíocht a bhíonn ar bun ag an institiúid agus maidir le gach ceann de ranna na hinstitiúide. Beidh rochtain iomlán gan teorainn aige nó aici ar an bhfaisnéis go léir a theastóidh chun go bhféadfaidh sé a dhualgais nó a a dualgais a chomhlíonadh agus, más gá, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar an láthair, agus sna Ballstáit agus i dtríú tíortha chomh maith céanna.

Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach aird ar thuarascáil bhliantúil na n-oifigeach údarúcháin agus ar aon fhaisnéis eile a shainaithneofar.

3.  Tuairisceoidh an t-iniúchóir inmheánach don institiúid maidir lena chinntí agus maidir lena mholtaí. Áiritheoidh an institiúid go rachfar i mbun gníomhaíochta maidir leis na moltaí a éireoidh as na hiniúchóireachtaí. Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach tuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach faoi bhráid na hinstitiúide freisin ina léireofar líon agus cineál na n-iniúchóireachtaí inmheánacha a rinneadh, na moltaí a rinneadh agus an ghníomhaíocht a rinneadh maidir leisna moltaí sin.

▼M2

3a.  Gach bliain, i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le hurscaoileadh agus i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh, arna iarraidh sin, a thuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach de réir bhrí mhír 3 den Airteagal seo agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta.

▼B

4.  Déanfaidh an institiúid sonraí teagmháil an iniúchóra inmheánaigh a chur ar fáil d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil baint acu le hoibríochtaí caiteachais, sa chaoi gur féidir dul i dteagmháil leis an iniúchóir inmheánach go rúnda.

5.  Gach bliain, cuirfidh an institiúid tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina mbeidh achoimre ar líon agus ar chineál na n-iniúchóireachtaí inmheánacha a rinneadh agus ar na moltaí a rinneadh agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh i bhfianaise na moltaí sin.

6.  Ní bheidh rochtain ag an bpobal ar thuarascálacha agus cinntí an iniúchóra inmheánaigh, mar aon le tuarascáil na hinstitiúide, go dtí go ndéanfaidh an t-iniúchóir inmheánach na gníomhaíochtaí a dhéantar maidir lena gcur chun feidhme a bhailíochtú.

7.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cumhachtaí agus dualgais an iniúchóra inmheánaigh.

Airteagal 100

Neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh

1.  Leagfaidh an institiúid síos rialacha speisialta a bheidh infheidhme maidir leis an iniúchóir inmheánach sa tslí go dtabharfar ráthaíocht go mbeidh an t-iniúchóir inmheánach go hiomlán neamhspleách agus a chuid nó a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici agus sa tslí is go gcinnfear na freagrachtaí a bheidh ar an iniúchóir inmheánach.

Más ball foirne é an t-iniúchóir inmheánach, feidhmeoidh an t-iniúchóir inmheánacha fheidhmeanna iniúchóireachta eisiacha ar bhealach iomlán neamhspleách agus gabhfaidh sé freagracht air féin faoi mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne agus faoi mar atá leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le neamhspleáchas agus le dliteanas an iniúchóra inmheánaigh, lena n-áirítear an ceart don iniúchóir inmheánach caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.



▼M2

TEIDEAL V

SOLÁTHAR POIBLÍ AGUS LAMHÁLTAIS

▼B



CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta



Roinn 1

Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana

▼M2

Airteagal 101

Sainmhínithe chun críocha an Teidil seo

1.  Chun críocha an Teidil seo

(a) ciallaíonn “soláthar” go bhfaigheann údarás conarthach amháin nó níos mó oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí, trí mheán conartha agus go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh atá ann cheana nó maoin dhochorraithe eile nó go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh atá ann cheana nó maoin dhochorraithe eile ar cíos, ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag na húdaráis chonarthacha sin;

(b) ciallaíonn “conradh poiblí” conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117 agus Airteagal 190, le go ndéanfar sócmhainní inchorraithe nó dochorraithe a sholáthar dóibh, oibreacha a dhéanamh dóibh nó seirbhisí a thabhairt dóibh ach praghas a íoc agus é ag teacht ina iomláine nó go páirteach ón mbuiséad.

Is conarthaí poiblí iad seo a leanas:

(i) conarthaí tógála;

(ii) conarthaí soláthair;

(iii) conarthaí oibreacha;

(iv) conarthaí seirbhíse;

(c) ciallaíonn “conradh lamháltais” conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117 agus Airteagal 190, d'fhonn cur i gcrích nó soláthar agus bainistiú seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch (an “lamháltas”). Is é a bheidh sa luach saothair an ceart chun leas a bhaint as na hoibreacha nó as na seirbhísí, é sin amháin, nó é sin maille le híocaíocht. Agus conradh lamháltais á dhámhachtain, aistreofar riosca oibriúcháin don lamháltóir maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin, arbh fhéadfadh sé gur riosca éilimh nó riosca soláthair nó an dá riosca a bheadh ann. Measfar gur ghlac an lamháltóir riosca oibriúcháin i gcás, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach ráthaítear go n-athghnófaidh sé, agus na hoibreacha nó na seirbhísí atá i gceist á n-oibriú aige, na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na costais a tabhaíodh;

(d) ciallaíonn “conradh” conradh poiblí nó conradh lamháltais;

(e) ciallaíonn “creatchonradh” conradh poiblí arna thabhairt i gcrích idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó, arb é is cuspóir dó na téarmaí a bhunú lena rialófar conarthaí sonracha faoi a bheidh le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, go háirithe ó thaobh an phraghais agus, i gcás inarb iomchuí, ó thaobh na cainníochta atá beartaithe;

(f) ciallaíonn “córas ceannaigh dinimiciúil” próiseas atá iomlán leictreonach chun ceannacháin a úsáidtear go coitianta a dhéanamh;

(g) ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear eintiteas poiblí nó grúpa de dhaoine mar sin, a thairgeann táirgí a sholáthar, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí nó maoin dhochorraithe a chur ar fáil;

(h) ciallaíonn “doiciméad soláthair” aon doiciméad arna chur ar fáil ag an údarás conarthach nó dá ndearna sé tagairt chun cur síos a dhéanamh ar ghnéithe den nós imeachta soláthair nó chun iad a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i) na bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 103;

(ii) an glao ar thairiscintí;

(iii) na sonraíochtaí tairisceana, lena n-áireofar na sonraíochtaí teicniúla agus na critéir ábhartha, nó na doiciméid thuairisciúla i gcás idirphlé iomaíoch;

(iv) an dréachtchonradh;

(i) ciallaíonn “cinneadh riaracháin críochnaitheach” cinneadh ó údarás riaracháin a bhfuil éifeacht críochnaitheach agus cheangailteach aige i gcomhréir le dlí na tíre ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch bunaithe, nó ina bhfuil an t-údarás conarthach lonnaithe, nó i gcomhréir leis an dlí de chuid an Aontais is infheidhme;

(j) ciallaíonn “comhlacht lárnach ceannaigh” údarás conarthach a chuireann gníomhaíochtaí láraithe ceannaigh agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí coimhdeacha ceannaigh ar fáil;

(k) ciallaíonn “tairgeoir” oibreoir eacnamaíoch a bhfuil tairiscint curtha isteach aige;

(l) ciallaíonn “iarrthóir” oibreoir eacnamaíoch a lorg cuireadh nó ar tugadh cuireadh dó chun páirt a ghlacadh i nós imeachta srianta, i nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, in idirphlé iomaíoch, i gcomhpháirtíocht nuála, i gcomórtas dearaí nó i nós imeachta idirbheartaithe;

(m) ciallaíonn “díoltóir” oibreoir eacnamaíoch atá cláraithe ar liosta de dhíoltóirí a n-iarrfar orthu iarratais ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a chur isteach;

(n) ciallaíonn “fochonraitheoir” oibreoir eacnamaíoch arna mholadh ag iarrthóir nó tairgeoir nó conraitheoir chun cuid de chonradh a chur i gcrích. Níl aon ghealltanas dlíthiúil díreach ag an bhfochonraitheoir i ndáil leis an údarás conarthach.

2.  Conradh measctha a chumhdaíonn dhá chineál soláthair nó níos mó (oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí) nó dhá chineál lamháltais (oibreacha nó seirbhísí) nó an dá rud thuas, déanfar é a dhámhachtain i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme don chineál soláthair lena mbaineann príomhábhar an chonartha i dtrácht.

3.  Seachas i gcás Airteagal 105a go hAirteagal 108, ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais, nó maidir le conarthaí i gcomhair cúnamh teicniúil mar atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 125(8) arna dtabhairt i gcrích le BEI nó leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.

4.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe i ndáil le sainmhíniú breise agus raon feidhme conarthaí poiblí agus lamháltais, i ndáil leis an ainmníocht is infheidhme de réir an “Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar”, i ndáil le conarthaí measctha, i ndáil le hoibreoirí eacnamaíocha agus i ndáil le creatchonarthaí agus conarthaí sonracha bunaithe orthu sin, lena gcumhdófar tréimhse uasta na gcreatchonarthaí agus dámhachtain agus modhanna cur chun feidhme conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí a thugtar i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó le roinnt oibreoirí eacnamaíocha éagsúla, faoi seach.

▼B

Airteagal 102

Prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí poiblí

1.  Maidir leis na conarthaí poiblí go léir a bheidh á maoiniú ina n-iomláine nó i bpáirt ag an mbuiséad, urramóidh siad prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

▼M2

2.  Cuirfear na conarthaí go léir amach ar tairiscint ar an mbonn is leithne is féidir, ach amháin nuair a bheidh úsáid á baint as an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 104(1).

Ní fhéadfar luach measta conartha a chinneadh d'fhonn dul timpeall ar na rialacha is infheidhme, ná ní fhéadfar conradh a scoilt chun na críche sin.

Déanfaidh an t-údarás conarthach conradh a roinnt ina míreanna, aon uair is iomchuí, agus tabharfar aird chuí ar iomaíocht leathan.

▼M2

3.  Ní úsáidfidh údaráis chonarthacha creatchonarthaí go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

▼B



Roinn 2

Foilsiú

▼M2

Airteagal 103

Bearta poiblíochta

1.  Maidir le nósanna imeachta a bhfuil luach acu atá cothrom le nó níos mó ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190, déanfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a) fógra conartha chun nós imeachta a sheoladh, ach amháin i gcás an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 104(1);

(b) fógra dáfa conartha maidir le torthaí an nós imeachta.

2.  Déanfar nósanna imeachta ar ísle a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190 a fhógairt le modhanna iomchuí.

3.  Féadfar gan faisnéis áirithe faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsiú más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar shlí eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais i ndáil le conarthaí a fhógairt de réir a luacha i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1), maidir le fógraíocht ar féidir leis an údarás conarthach tabhairt fúithi i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus maidir le hábhar agus le foilsiú na bhfógraí.

▼B



Roinn 3

Nósanna imeachta soláthair

▼M2

Airteagal 104

Nósanna imeachta soláthair

1.  Nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí lamháltais nó poiblí a dhámhachtain, lena n-áirítear creatchonarthaí, beidh siad i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) nós imeachta oscailte;

(b) nós imeachta srianta, lena n-áirítear trí chóras ceannaigh dinimiciúil;

(c) comórtas dearaí;

(d) nós imeachta idirbheartaithe, lena n-áirítear gan é a fhoilsiú roimh ré;

(e) idirphlé iomaíoch;

(f) nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht;

(g) comhpháirtíocht nuálaíochta;

(h) nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise.

2.  I nósanna imeachta oscailte, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis é tairiscint a chur isteach.

3.  I nósanna imeachta srianta, in idirphlé iomaíoch, i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht agus i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch iarraidh a chur isteach chun páirt a ghlacadh tríd an bhfaisnéis a iarrann an t-údaras conarthach a chur ar fáil. Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar gach iarrthóir, a chomhlíonann na critéir roghnúcháin agus nach bhfuil in aon cheann de na staideanna a leagtar amach in Airteagal 106 agus in Airteagal 107, tairiscint a chur isteach.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an t-údarás conarthach líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu páirt a ghlacadh sa nós imeachta a theorannú ar bhonn critéar roghnúcháin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chuirfear in iúl san fhógra conarthach nó sa ghlao ar léiriú spéise. Iarrfar ar go leor iarrthóirí chun go n-áiritheofar fíoriomaíochas.

4.  I ngach nós imeachta lena ngabhann idirbheartaíocht, rachaidh an t-údarás conarthach i mbun idibheartaíochta le tairgeoirí maidir leis an gcéad tairiscint agus aon tairiscintí ina dhiaidh sin nó codanna díobh, seachas a gcuid tairiscintí deiridh, chun feabhas a chur ar a n-inneachar. Na híoscheanglais agus na híoschritéir a shonraítear sna doiciméid soláthair, ní bheidh siad faoi réir idirbheartaíochta.

Féadfaidh údarás conarthach conradh a dhámhachtain ar bhonn na chéad tairisceana gan idirbheartaíocht i gcás inar léirigh sé sna doiciméid soláthair go bhforchoimeádann sé an deis chun é sin a dhéanamh.

5.  Féadfaidh an t-údarás conarthach na nithe a leanas a úsáid:

(a) an nós imeachta oscailte nó an nós imeachta srianta do cheannach ar bith;

(b) na nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise do chonarthaí a bhfuil luach orthu faoi na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1), chun iarrthóirí a réamhroghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach mar fhreagairt ar ghlaonna srianta ar thairiscint amach anseo, nó liosta díoltóirí a bhailiú a dtabharfaí cuireadh dóibh iarrataí a chur isteach chun páirt a ghlacadh nó chun tairiscintí a chur isteach;

(c) an comórtas dearaí chun plean nó dearadh a fháil a roghnaigh giúiré tar éis iad a bheith curtha amach ar comórtas;

(d) an chomhpháirtíocht nuála chun táirge nuálach, seirbhís nuálach nó oibreacha nuálacha a fhorbairt, agus chun an soláthar, na seirbhísí nó na hoibreacha atá de thoradh orthu a cheannach ina dhiaidh;

(e) an nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nó an t-idirphlé iomaíoch i gcomhair conarthaí lamháltais, do na conarthaí seirbhíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), i gcásanna nuair nár tíolacadh ach tairiscintí neamhrialta nó do-ghlactha mar fhreagairt ar nós imeachta oscailte nó srianta tar éis an nós imeachta tosaigh a chur i gcrích, agus i gcásanna ina mbeidh údar leis sin de bharr na gcúinsí sonracha a bhaineann, inter alia, le cineál nó le castacht ábhar an chonartha nó le cineál sonrach an chonartha, mar atá mionsonraithe tuilleadh sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;

(f) an nós imeachta idirbheartaíochta maidir le conarthaí ar lú a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) nó an nós imeachta idirbheartaithe nár foilsíodh roimh ré, do chineálacha áirithe ceannacháin amháin a thagann lasmuigh de raon feidhme Threoir 2014/24/AE agus in imthosca eisceachtúla arna sainiú go ríshoiléir mar atá leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

6.  An córas dinimiciúil ceannaigh, beidh sé ar oscailt le linn a ré d'aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann na critéir roghnúcháin.

Comhlíonfaidh an t-údarás conarthach rialacha an nós imeachta srianta do sholáthar trí chóras dinimiciúil ceannaigh.

7.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha agus na socruithe mionsonraithe breise do nósanna imeachta soláthair maidir le dámhachtain conarthaí dá dtagraítear i mír 1 de réir a luacha i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1), maidir leis an líon íosta iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh i leith gach cineál nós imeachta, maidir leis na coinníollacha breise le haghaidh na nósanna imeachta éagsúla a úsáid, maidir le córas dinimiciúil ceannaigh agus maidir le tairiscintí neamhrialta agus do-ghlactha.

▼M2

Airteagal 104a

Soláthar idirinstitiúideach agus soláthar comhpháirteach

1.  I gcás inar spéis le dhá institiúid nó níos mó, le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin nó níos mó nó le dhá chomhlacht nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, conradh poiblí nó creatchonradh, agus aon uair a d'fhéadfaí an éifeachtúlacht a mhéadú, féadfaidh na húdaráis chonarthacha ábhartha nós imeachta agus bainistiú an chonartha nó an chreatchonartha iardain a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach faoi cheannaireacht ceann de na húdaráis chonarthacha.

Féadfaidh na comhlachtaí arna mbunú ag an gComhairle faoi CBES de bhun Theideal V de CAE páirt a ghlacadh i nósanna imeachta idirinstitiúideacha freisin.

Ní fhéadfaidh téarmaí creatchonartha a bheith i bhfeidhm ach amháin idir na húdaráis chonarthacha atá aitheanta chun na críche sin ó seoladh an nós imeachta soláthair agus na hoibreoirí eacnamaíocha sin atá ina bpáirtithe sa chreatchonradh.

2.  I gcás inar gá conradh nó creatchonradh chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó Bhallstáit, féadfaidh an institiúid agus na húdaráis chonarthacha an nós imeachta soláthair a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile.

Féadfar soláthar comhpháirteach a dhéanamh le stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas má foráladh go sonrach don deis sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach.

I gcás nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh feidhm ag na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí.

I gcás ina bhfuil an cion a bhaineann leis an údarás conarthach de chuid Ballstáit, nó an cion atá á bhainistiú aige, i luach iomlán measta an chonartha cothrom le nó níos mó ná 50 %, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo, féadfaidh an institiúid a chinneadh go mbeidh feidhm ag na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an údarás conarthach ó Bhallstát maidir le soláthar comhpháirteach, ar an gcoinníoll gur féidir a mheas gur coibhéiseach iad na rialacha sin leo sin atá ag an institiúid.

An institiúid agus an t-údarás conarthach ó Bhallstát, ó Stát de chuid CSTE nó ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, a mbaineann an nós imeachta maidir le soláthar comhpháirteach leis nó léi, tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú go háirithe maidir leis na socruithe mionsonraithe praiticiúla chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrataí ar rannpháirtíocht nó ar na tairiscintí, maidir le dámhachtain an chonartha, maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh agus maidir leis an gcúirt inniúil chun díospóidí a éisteacht.

3.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le soláthar idirinstitiúideach.

▼M2

Airteagal 105

Nós imeachta soláthair a ullmhú

1.  Sula seolfaidh sé nós imeachta soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh d'fhonn an nós imeachta a ullmhú.

2.  Sna doiciméid soláthair, déanfaidh an t-údarás conarthach ábhar an tsoláthair a aithint trí thuairisc a chur ar fáil ar a riachtanais agus ar na saintréithe is gá do na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le ceannach agus sonróidh sé na critéir is infheidhme maidir le heisiamh, roghnú agus dámhachtain. Sonróidh an t-údarás conarthach freisin cé na gnéithe a shainíonn na ceanglais íosta a bheidh le comhlíonadh ag gach tairiscint. Áireofar sna ceanglais íosta comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair arna mbunú faoi dhlí an Aontais, faoi reachtaíocht náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE.

3.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na ndoiciméad soláthair, go háirithe maidir leis na dréachtchonarthaí, maidir le tréithe na lipéad, norm agus caighdeán comhshaoil, sóisialta nó eile, agus maidir leis an réamhchomhairliúchán margaidh.

▼M2

Airteagal 105a

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin rioscaí a bhrath agus smachtbhannaí riaracháin a fhorchur

1.  D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún córas luathbhraite agus luatheisiaimh.

Is é a bheidh mar chuspóir le córas den sórt sin gurbh fhusa a bheidh sé:

(a) rioscaí a bhrath go luath atá ina mbagairt ar leasanna airgeadais an Aontais;

(b) oibreoir eacnamaíoch a eisiamh atá i gceann de na staideanna eisiaimh a liostaítear in Airteagal 106(1);

(c) pionós airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch de bhun Airteagal 106(13).

2.  Déanfaidh an t-údarás conarthach an cinneadh maidir le pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur. Beidh cinneadh den sórt sin bunaithe ar bhreithiúnas críochnaitheach nó ar chinneadh riaracháin críochnaitheach.

Mar sin féin, sna staideanna dá dtagraítear in Airteagal 106(2), déanfaidh an t-údarás conarthach an cás a tharchur chuig an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 d'fhonn measúnú láraithe ar na staideanna sin a áirithiú. I gcásanna den sórt sin, glacfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh bunaithe ar réamhaicmiú sa dlí, ag féachaint don mholadh ón bpainéal.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás conarthach imeacht ó mholadh an phainéil, míneoidh sé bonn cirt an chinnidh sin don phainéal.

3.  Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 107, déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a dhiúltú i gcás nós imeachta ar leith.

▼M2

Airteagal 106

Critéir eisiaimh agus smachtbhannaí riaracháin

1.  Déanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair atá á rialú leis an Rialachán seo, sna cásanna seo a leanas:

(a) tá an t-oibreoir eacnamaíoch ina fhéimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, i gcás ina bhfuil a sócmhainní á riaradh ag leachtaitheoir nó ag cúirt, i gcomhshocraíocht le creidiúnaithe, go bhfuil a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, nó ina bhfuil sé in aon chor atá cosúil leo sin a eascraíonn as nós imeachta comhchosúil dá bhforáiltear i reachtaíocht nó rialacháin náisiúnta;

(b) suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ag sárú a chuid oibleagáidí i ndáil le cáin nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta i gcomhréir le dlí na tíre ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla sa tír ina bhfuil an t-údarás conarthach lonnaithe nó i gcomhréir le dlí thír chomhlíonta an chonartha;

(c) suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach trí dhlíthe nó rialacháin nó caighdeáin eiticiúla is infheidhme na gairme lena mbaineann an t-oibreoir eacnamaíoch a shárú, nó go ndearna sé aon iompar éagórach a bhfuil tionchar aige ar a inchreidteacht ghairmiúil i gcás ina léirítear leis an iompar sin intinn éagórach nó mórfhaillí, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) bréagléiriú a thabhairt go calaoiseach nó go faillíoch ar fhaisnéis a theastaíonn chun fíorú a dhéanamh nach bhfuil forais ann i gcomhair eisiaimh nó chun na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh nó i gcomhlíonadh an chonartha;

(ii) dul i mbun comhaontú le hoibreoirí eacnamaíocha eile d'fhonn iomaíocht a shaobhadh;

(iii) cearta maoine intleachtúla a shárú;

(iv) ag iarraidh tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta an údaráis chonarthaigh le linn an nós imeachta soláthair;

(v) iarracht a dhéanamh teacht ar fhaisnéis rúnda a d'fhéadfadh buntáistí míchuí a thabhairt dó sa nós imeachta soláthair;

(d) suíodh é le breithiúnas críochnaitheach go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach in aon cheann díobh seo a leanas:

(i) calaois, de réir bhrí Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Iúil 1995 ón gComhairle ( 10 );

(ii) éilliú, mar a shainmhínítear é in Airteagal 3 den Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Bealtaine 1997 ón gComhairle ( 11 ) agus in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle ( 12 ), chomh maith le héilliú mar atá sainmhínithe i ndlí na tíre ina bhfuil an t-údarás conarthach suite, na tíre ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch bunaithe nó i dtír fheidhmithe an chonartha;

(iii) rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear í in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle ( 13 );

(iv) sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear é in Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );

(v) cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1 agus Airteagal 3 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle ( 15 ), faoi seach, nó na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chinneadh sin;

(vi) fostú páistí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 );

(e) gur léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch easnaimh shuntasacha maidir le príomhoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le conradh a chomhlíonadh arna maoiniú ag an mbuiséad, as ar eascair a fhoirceannadh go luath nó cur i bhfeidhm damáistí leachtaithe nó pionóis chonarthacha eile nó a fuarthas amach tar éis seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe arna ndéanamh ag oifigeach údarúcháin, ag OLAF nó ag an gCúirt Iniúchóirí;

(f) suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go ndearna an t-oibreoir eacnamaíoch neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle ( 17 ).

2.  In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, cinneadh riaracháin críochnaitheach sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (f) de mhír 1, nó sa chás dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ar bhonn réamhaicmiú dlí iompair dá dtagraítear sna pointí sin, ag féachaint d'fhíorais sheanbhunaithe nó do thorthaí eile atá i moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108.

Ní dhéantar réamhbhreithiúnas leis an réamhaicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an measúnú ar iompar an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Déanfaidh an t-údarás conarthach athbhreithniú ar a chinneadh an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur air gan mhoill tar éis an fhógra maidir le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach. I gcásanna nach leagtar síos tréimhse an eisiaimh sa bhreithiúnas críochnaitheach ná sa chinneadh riaracháin críochnaitheach, sonróidh an t-údarás conarthach an tréimhse sin ar bhonn fíoras agus cinntí seanbhunaithe agus ag féachaint don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108.

I gcás ina suítear le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach den sórt sin nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach san iompar atá faoi réir réamhaicmiú dlí, agus gur ar an mbonn sin a eisíodh é, déanfaidh an t-údarás conarthach, gan mhoill, deireadh a chur leis an eisiamh sin agus/nó, de réir mar is iomchuí, aon phionós airgeadais a forchuireadh a aisíoc.

Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna fíorais agus sna torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) fíorais a suíodh i gcomhthéacs imscrúduithe nó iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí, OLAF nó iniúchadh inmheánach, nó aon seiceáil, iniúchóireacht nó rialú eile arna dhéanamh nó arna déanamh faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin;

(b) cinntí riaracháin neamhchríochnaitheacha a bhféadfaidh bearta araíonachta a ghlac an comhlacht maoirseachta inniúil atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chaighdeáin na heitice gairmiúla a bheith san áireamh;

(c) cinntí ó BCE, ó BEI, ón gCiste Eorpach Infheistíochta nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d) cinntí ón gCoimisiún maidir le rialacha iomaíochta an Aontais a shárú nó ó údarás inniúil náisiúnta maidir le dlí iomaíochta Aontais nó dlí iomaíochta náisiúnta a shárú.

3.  Aon chinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh a dhéanfar faoi Airteagal 106 go hAirteagal 108 nó, i gcás inarb infheidhme, aon mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, déanfar iad i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt go háirithe ar thromchúis an cháis, lena n-áirítear an tionchar ar leasanna airgeadais nó ar íomhá airgeadais an Aontais, ar an méid ama a d'imigh thart ó rinneadh an t-iompar ábhartha, ar ré an iompair agus ar atarlú an iompair, ar rún a bheith ann i dtaobh na faillí nó ar mhéid na faillí, ar an méid teoranta a bhí i gceist maidir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó aon imthosca maolaitheacha eile, amhail an méid a chomhoibrigh an t-oibreoir eacnamaíoch i dtaca leis an údarás ábhartha inniúil agus a rannchuidiú leis an imscrúdú mar a aithneoidh an t-údarás conarthach é, nó ar staid an eisiaimh a nochtadh tríd an dearbhú dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

4.  Déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina mbeidh duine i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) de mhír 1, ar duine é atá ina chomhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an oibreora eacnamaíoch sin nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe aige maidir leis an oibreoir eacnamaíoch sin. Déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin i gcás ina mbeidh duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fhiacha an oibreora eacnamaíoch sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1.

5.  I gcás ina gcuirfear an buiséad chun feidhme trí bhainistíocht indíreach le tríú tíortha, féadfaidh an Coimisiún, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, cinneadh eisiaimh a dhéanamh nó pionós airgeadais a fhorchur faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin, má mhainníonn an tríú tír é sin a dhéanamh, arbh é cúram na tíre sin é a dhéanamh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1). Ní bheidh aon tionchar aige sin ar an bhfreagracht, faoi Airteagal 60(3), atá ar an tríú tír neamhrialtachtaí agus an chalaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a chur in iúl, nó cinneadh eisiaimh a dhéanamh nó pionóis airgeadais a fhorchur.

6.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh go sealadach gan moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108 roimh ré, i gcás ina mbeadh bagairt thromchúiseach, láithreach ann ar leasanna airgeadais an Aontais dá mbeadh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann rannpháirteach i nós imeachta soláthair. I gcásanna den sórt sin, tarchuirfidh an t-údarás conarthach an cás láithreach chuig an bpainéal agus déanfaidh sé cinneadh deiridh tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an moladh ón bpainéal a fháil

7.  Ní dhéanfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó bheith rannpháirteach i nós imeachta soláthair más rud é:

(a) go bhfuil bearta feabhais déanta ag an oibreoir eacnamaíoch a shonraítear i mír 8 den Airteagal seo, a léiríonn, ar an gcaoi sin, a iontaofacht. Ní bheidh feidhm ag an bpointe sin sa chás dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) go bhfuil sé fíor-riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, ar feadh ré teoranta agus go dtí go nglacfar na bearta feabhais a shonraítear i mír 8 den Airteagal seo;

(c) go mbeadh eisiamh den sórt sin díréireach ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina gceannaítear soláthairtí faoi théarmaí fíorthairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige ná ó na leachtaitheoirí i nós imeachta féimheachta, i gcás socrú le creidiúnaithe, nó i gcás nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta.

I gcásanna an neamheisiaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, sonróidh an t-údarás conarthach na cúiseanna nár eisiadh an t-oibreoir eacnamaíoch agus déanfaidh sé na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don phainéal dá dtagraítear in Airteagal 108.

8.  Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 7 lena réiteofar an staid eisiaimh, féadfar a áireamh iontu go háirithe:

(a) bearta chun tionscnaimh na staideanna sin is cúis le heisiamh a shainaithint agus bearta nithiúla teicniúla, eagrúcháin agus pearsanra laistigh den réimse ábhartha gnó, ar réimse de chuid an oibreora eacnamaíoch é, atá iomchuí chun an t-iompar a cheartú agus chun cosc a chur ar a atarlú;

(b) cruthúnas go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch tar éis bearta a dhéanamh chun an damáiste nó an díobháil a rinneadh do leasanna airgeadais an Aontais, de bharr na bhfiricí bunúsacha ba chúis leis an staid eisiamh, a chúiteamh nó a cheartú;

(c) cruthúnas gur íoc an t-oibreoir eacnamaíoch aon fhíneáil a ghearr an t-údarás inniúil nó aon chánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 nó gur áirithigh sé gur íocadh an méid sin uile.

9.  Déanfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh athbhreithnithe ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, gan mhoill, athbhreithniú ar a chinneadh oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ex officio nó arna iarraidh sin don oibreoir eacnamaíoch sin, i gcás ina ndearna sé sin bearta feabhais ar leor iad chun a iontaofacht a léiriú, nó má sholáthair sé gnéithe nua lena léirítear nach ann don staid eisiaimh dá dtagraítear I mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh.

10.  Dearbhóidh iarrthóir nó tairgeoir ag an am a thíolacfar an t-iarratas ar pháirt a ghlacadh nó ar an tairiscint a chur isteach, an bhfuil sé i gceann de na staideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 107(1), agus, i gcás inarb infheidhme, an ndearna sé aon bhearta réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 den Airteagal seo. Soláthróidh an t-iarrthóir nó an tairgeoir, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céanna agus é sínithe ag eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas. Féadfaidh an t-údarás conarthach, áfach, na ceanglais sin a tharscaoileadh i gcás conarthaí ar luach an-íseal a shaineofar sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 210.

11.  Déanfaidh an t-iarrthóir, an tairgeoir, mar aon leis an eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas an méid seo a leanas a sholáthar arna iarraidh sin tráth ar bith don údarás conarthach agus i gcás inar gá sin chun a áirithiú go seolfar an nós imeachta mar is cuí:

(a) fianaise iomchuí nach bhfuil an t-iarrthóir, an tairgeoir ná an t-eintiteas i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear i mír 1;

(b) faisnéis faoi dhaoine atá ina gcomhaltaí de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an iarrthóra, an tairgeora nó an eintitis, nó ag a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe maidir leis an iarrthóir, leis an tairgeoir nó leis an eintiteas sin agus fianaise iomchuí nach bhfuil duine amháin nó níos mó de na daoine sin i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) de mhír 1;

(c) fianaise iomchuí nach bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fiacha an iarrthóra, an tairgeora nó an eintitis sin i staid eisiaimh dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1.

12.  Féadfaidh an t-údarás conarthach mír 1 go mír 11 a chur i bhfeidhm maidir le fochonraitheoir. I gcás den sórt sin, cuirfidh an t-údarás conarthach de cheangal go ndéanfaidh iarrthóir nó tairgeoir fochonraitheoir nó eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas agus atá i staid eisiaimh a ionadú.

13.  Chun éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, pionós airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch a rinne iarracht rochtain a fháil ar chistí an Aontais trí pháirt a ghlacadh nó trí iarraidh a dhéanamh páirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair, agus é i gceann de na staideanna eisiaimh seo a leanas, gan an staid sin a dhearbhú i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo:

(a) i ndáil leis na staideanna sin dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) de mhír 1 den Airteagal seo, mar rogha malartach ar chinneadh an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh, i gcás ina mbeadh an t-eisiamh sin díréireach ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(b) maidir leis na staideanna dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (e) de mhír 1 den Airteagal seo, de bhreis ar eisiamh a bheadh riachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, i gcás inar léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch iompar córasach, atarlaitheach agus é mar aidhm aige cistí de chuid an Aontais a fháil go míchuí.

Idir 2 % agus 10 % de luach iomlán an chonartha a bheidh i méid an phionóis airgeadais.

14.  Ní mhairfidh ré an eisiaimh níos mó ná aon cheann de na tréimhsí seo a leanas:

(a) an ré, más ann di, a leagfar síos sa bhreithiúnas deiridh nó sa chinneadh riaracháin críochnaitheach de chuid Ballstáit;

(b) cúig bliana do na cásanna dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1;

(c) trí bliana do na cásanna dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus (f) de mhír 1.

Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh má tá sé i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1.

15.  Cúig bliana a bheidh sa tréimhse teorann chun oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó pionóis airgeadais a fhorchur air, agus ríomhfar í ó aon cheann de na dátaí seo a leanas:

(a) an dáta a ndéanfar an t-iompar is cúis leis an eisiamh nó, i gcás gníomhartha leanúnacha nó gníomhartha a tharlaíonn arís agus arís eile, an dáta ar a stopfar an t-iompar, sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d) agus (e) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) dáta an bhreithiúnais deiridh a dhéanfaidh dlínse náisiúnta nó dáta an chinnidh riaracháin chríochnaithigh sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

Brisfear an tréimhse teorann le gníomh ón gCoimisiún, ó OLAF, ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 nó ó aon eintiteas a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an bhuiséid, a dtabharfar fógra faoi don oibreoir eacnamaíoch agus a bhainfidh le himscrúduithe nó le himeachtaí breithiúnacha. Cuirfear tús le tréimhse teorann nua an lá tar éis an idirbhriste.

Chun críocha phointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an tréimhse teorann chun oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó chun pionóis airgeadais a fhorchur air dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

I gcás ina dtiocfaidh iompar an oibreora eacnamaíoch faoi roinnt foras éagsúil a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, is í an tréimhse teorann don fhoras is tromchúisí de na forais sin a mbeidh feidhm aige.

16.  D'fhonn éifeacht dhíspreagthach an eisiaimh agus/nó an phionóis airgeadais a atreisiú, i gcás inar gá sin, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir chinneadh an údaráis chonarthaigh, an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an eisiaimh agus, i gcás inarb infheidhme, an pionós airgeadais do na cásanna dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) de mhír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar a láithreán idirlín:

(a) ainm an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann;

(b) an staid eisiaimh trí thagairt do mhír 1 den Airteagal seo;

(c) tréimhse an eisiaimh agus/nó méid an phionóis airgeadais.

I gcás ina ndearnadh an cinneadh maidir leis an eisiamh agus/nó maidir leis an bpionós airgeadais, ar bhonn réamhaicmiú amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfear in iúl san fhoilsiú nach bhfuil aon bhreithiúnas críochnaitheach ann nó, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil aon chinneadh riaracháin críochnaitheach ann. Sna cásanna sin, déanfar faisnéis faoi aon achomhairc, faoi stádas agus torthaí na n-athchomharc sin, mar aon le cinneadh athbhreithnithe ar bith de chuid an údaráis chonarthaigh, a fhoilsiú gan mhoill. I gcás inar forchuireadh pionós airgeadais, sonrófar san fhoilsiú freisin ar íocadh an pionós sin.

Déanfaidh an t-údarás conarthach an cinneadh an fhaisnéis a fhoilsiú tar éis an bhreithiúnais chríochnaithigh ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an chinnidh riaracháin chríochnaithigh, nó tar éis an mholta ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, de réir mar a bheidh. Beidh éifeacht ag an gcinneadh sin trí mhí tar éis fógra a thabhairt ina leith don oibreoir eacnamaíoch.

An fhaisnéis a fhoilseofar, bainfear í a luaithe a bheidh deireadh leis an eisiamh. I gcás pionós airgeadais, bainfear an foilsiú sé mhí tar éis an pionós sin a bheith íoctha.

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, sa mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, cuirfidh an páirtí conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch ar an eolas i ndáil lena chearta faoi na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i ndáil leis na nósanna imeachta a bheidh ar fáil maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

17.  Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 16 den Airteagal seo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) i gcás inar gá an rúndacht a bhaineann le himscrúdú nó a bhaineann le nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú;

(b) i gcás ina ndéanfaí damáiste díréireach, leis an bhfoilsiú, don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann nó go mbeadh an foilsiú díréireach ar bhealach eile, bunaithe ar chritéir na comhréireachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus do mhéid an phionóis airgeadais;

(c) i gcás ina mbeidh duine nádúrtha i gceist, mura mbeidh bonn cirt eisceachtúil ann na sonraí pearsanta a fhoilsiú, inter alia, de bharr thromchúis an iompair nó de bharr a thionchair ar leasanna airgeadais an Aontais. I gcásanna den sórt sin, déanfar an ceart chun príobháideachta agus na cearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur san áireamh go cuí.

18.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, maidir leis an bhfianaise dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11 den Airteagal seo, nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na staideanna eisiaimh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh don Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar amhail dá bhforáiltear in Airteagal 59(2) de Threoir 2014/24/AE, agus maidir leis na staideanna ina bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-údarás conarthach a chur de cheangal go dtíolacfar an dearbhú sin nó an fhianaise sin.

Airteagal 107

Diúltú i gcás nós imeachta soláthair ar leith

1.  Ní dhámhfaidh an t-údarás conarthach conradh ar oibreoir eacnamaíoch i gcás nós imeachta soláthair ar leith ar fíor an méid seo a leanas i leith an oibreora sin:

(a) tá sé i staid eisiaimh arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 106;

(b) rinne sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa nós imeachta, nó mhainnigh sé an fhaisnéis sin a sholáthar;

(c) bhí baint aige cheana le doiciméid soláthair a ullmhú ar bhealach ina bhfuil saobhadh iomaíochta i gceist nach féidir a leigheas ar shlí eile.

2.  Sula ndéanfaidh sé cinneadh oibreoir eacnamaíoch a dhiúltú i gcás nós imeachta soláthair ar leith, tabharfaidh an t-údarás conarthach an deis don oibreoir eacnamaíoch a chuid barúlacha a chur faoina bhráid, mura rud é gur míníodh údar an diúltaithe i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, de bharr cinneadh eisiaimh a rinneadh maidir leis an oibreoir eacnamaíoch, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a chuid barúlacha.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus maidir leis an dearbhú agus fianaise nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na staideanna a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 108

An córas luathbhraite agus luatheisiaimh

1.  Faisnéis a mhalartaítear laistigh den chóras luathbhraite agus luatheisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 105a den Rialachán seo, déanfar í ar fad a chur sa bhunachar sonraí a bhunaigh an Coimisiún agus déanfar í a bhainistiú i gcomhréir iomlán leis an gceart chun príobháideachta agus leis na cearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (“an bunachar sonraí”).

Cuirfidh an t-údarás conarthach ábhartha faisnéis isteach sa bhunachar sonraí i gcomhthéacs na nósanna imeachta um sholáthar a bheidh idir lámha agus na gconarthaí atá ann cheana, tar éis dó fógra a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann. Féadfar fógra den sórt sin a chur siar go heisceachtúil i gcás ina mbeidh forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht imscrúdaithe nó imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú, go dtí nach mbeidh na forais dhlisteanacha láidre sin chun rúndacht a chaomhnú ann a thuilleadh.

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, aon oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir an chórais luathbhraite agus luatheisiaimh, beidh sé de cheart aige go gcuirfear ar an eolas é maidir leis na sonraí atá á stóráil sa bhunachar sonraí, arna iarraidh sin ar an gCoimisiún.

Déanfar an fhaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí, i ndiaidh do cheartú nó modhnú a bheith déanta ar shonraí nó i ndiaidh do shonraí a bheith scriosta. Ní fhoilseofar í ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 106(16) agus (17) den Rialachán seo.

2.  Beidh luathbhrath na rioscaí a bheidh ina mbagairt ar leasanna airgeadais an Aontais, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 105a(1) den Rialachán seo, bunaithe ar fhaisnéis a tharchuireann aon cheann acu seo a leanas chuig an gCoimisiún:

(a) OLAF i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ) i gcás ina léirítear le fiosrúchán atá ar bun ag OLAF go bhféadfadh sé a bheith iomchuí bearta réamhchúraim a ghlacadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus aird chuí á tabhairt ar urramú ar chearta nós imeachta agus ar chearta bunúsacha, agus ar chosaint sceithirí;

(b) oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin nó de chuid oifige Eorpaí a bhunaigh an Coimisiún nó de chuid gníomhaireachta feidmiúcháin, i gcás ina dtoimhdítear mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, mírialtacht, calaois, éilliú, nó sárú tromchúiseach ar chonradh;

(c) institiúid, oifig nó gníomhaireacht Eorpach seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo nó comhlacht sna cásanna ina dtoimhdítear mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, mírialtacht, calaois, éilliú nó sárú tromchúiseach ar chonradh;

(d) eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 59 den Rialachán seo i gcásanna inar braitheadh calaois agus/nó neamhrialtacht, i gcás ina gceanglaítear sin le rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith;

(e) eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán seo i gcásanna inar braitheadh calaois agus/nó neamhrialtacht.

3.  Ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis le cur isteach i gcomhréir le rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, áireofar ar an bhfaisnéis a bheidh le tarchur de bhun mhír 2 den Airteagal seo an méid seo a leanas:

(a) céannacht an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann;

(b) achoimre ar na rioscaí a braitheadh nó na fíorais atá i gceist;

(c) faisnéis a d'fhéadfadh cuidiú leis an oifigeach údarúcháin an fíorú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a dhéanamh nó cinneadh a dhéanamh maidir le heisiamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 106(1) nó (2), nó cinneadh a dhéanamh chun pionós airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 106(13) a fhorchur;

(d) i gcás inarb infheidhme, aon bhearta speisialta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht na faisnéise arna tarchur, lena n-áirítear bearta chun fianaise a chosaint le go gcosnófar an t-imscrúdú nó na himeachtaí breithiúnacha náisiúnta.

4.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar aghaidh gan mhoill chuig a n-oifigigh údarúcháin agus chuig oifigigh a ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin, chuig na hinstitiúidí eile go léir, chuig comhlachtaí agus chuig oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha chun gur féidir leo an fíorú is gá a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta um sholáthar a bheidh idir lámha agus na conarthaí atá ann cheana.

Agus an fíorú sin á dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú de réir mar a fhoráiltear faoi Airteagal 66 agus ní rachaidh sé nó sí níos faide ná mar a leagtar amach i dtéarmaí agus coinníollacha na ndoiciméad soláthair agus na bhforálacha conarthacha.

Ní bheidh an tréimhse choinneála i gcomhair tharchur na faisnéise i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo níos faide ná bliain amháin. Más rud é, i rith na tréimhse sin, go n-iarrann an t-údarás conarthach ar an bpainéal go n-eiseofaí moladh i gcás eisiaimh, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse choinneála go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás conarthach.

5.  Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur ná ní fhéadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú ach amháin tar éis dó moladh a fháil ón bpainéal i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar réamhaicmiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 106(2).

6.  Tionólfar an painéal ar iarraidh ó aon údarás conarthach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 117.

7.  Is iad a bheidh ar an bpainéal:

(a) cathaoirleach neamhspleách ardleibhéil;

(b) beirt ionadaithe ón gCoimisiún, mar úinéir an chórais, a mbeidh comhsheasamh acu; agus

(c) ionadaí amháin ón údarás conarthach is iarrthóir.

Léireofar le comhdhéanamh an phainéil go n-áiritheofar an saineolas dlíthiúil agus teicniúil is iomchuí.

Beidh rúnaíocht bhuan de chúnamh ag an bpainéal, a chuirfidh an Coimisiún ar fáil, agus beidh sí freagrach as riar leanúnach an phainéil.

8.  Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis an bpainéal:

(a) cuirfidh an t-údarás conarthach is iarrthóir an cás faoi bhráid an phainéil maille leis an bhfaisnéis is gá dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, na fíorais agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 106(2) agus an staid eisiaimh a líomhnaítear;

(b) cuirfidh an painéal an t-oibreoir eacnamaíoch ar an eolas gan mhoill faoi na fíorais a bheidh i gceist mar aon lena réamhaicmiú dlí, arbh fhéadfadh sé gur staid eisiaimh é amhail dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1) agus/nó arbh fhéadfadh sé go bhforchuirfí pionós airgeadais mar thoradh air. Cuirfidh an painéal an fógra céanna chuig na húdaráis chonarthacha eile go comhuaineach;

(c) sula nglacfaidh sé aon mholadh, tabharfaidh an painéal an deis don oibreoir eacnamaíoch agus do na húdaráis chonarthacha dá dtugtar fógra barúlacha a chur in iúl. Beidh cúig lá dhéag ar a laghad ag an oibreoir eacnamaíoch agus ag na húdaráis chonarthacha a fuair fógra chun a gcuid barúlacha a chur in iúl;

(d) má tá forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht imscrúdaithe nó rúndacht imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú, sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d'Airteagal 106(1), féadfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus an deis dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a chur siar go heisceachtúil go dtí nach mbeidh ann a thuilleadh do na forais dhlisteanacha láidre sin chun an rúndacht a choinneáil;

(e) i gcás ina bhfuil iarraidh an údaráis chonarthaigh bunaithe, inter alia, ar an bhfaisnéis a chuir OLAF ar fáil, comhoibreoidh an Oifig sin leis an bpainéal i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, agus tabharfar aird chuí ar an urraim ar chearta nós imeachta agus bunúsacha, agus ar chosaint do sceithirí;

(f) déanfaidh an painéal an moladh a ghlacadh laistigh de 45 lá ón tráth a bhfaighfear an iarraidh ón údarás conarthach. I gcás ina n-iarrfaidh an painéal faisnéis bhreise ón oibreoir eacnamaíoch, cuirfear fad suas go 15 lá leis an tréimhse sin. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, féadfaidh an painéal fad suas go dtí mí amháin a chur leis an tréimhse chun an moladh a ghlacadh. I gcás ina dteipfidh ar an oibreoir eacnamaíoch a chuid barúlacha a thíolacadh nó faisnéis a iarrtar a sholáthar laistigh den teorainn ama a shonraítear, féadfaidh an painéal dul ar aghaidh lena mholadh a ghlacadh.

9.  Beidh na gnéithe seo a leanas sa mholadh ón bpainéal go ndéanfaí pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur, i gcás inarb infheidhme:

(a) na fíorais nó na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 106(2) agus a réamhaicmiú faoin dlí;

(b) measúnú ar an ngá le pionós airgeadais a fhorchur agus méid an phionóis sin;

(c) measúnú ar an ngá leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a eisiamh, agus, sa chás sin, moladh faoi ré an eisiaimh sin;

(d) measúnú ar an ngá leis an bhfaisnéis a fhoilsiú a bhaineann leis an oibreoir eacnamaíoch atá eisiata agus/nó atá faoi réir pionóis airgeadais;

(e) measúnú ar na bearta ceartaitheacha arna ndéanamh ag an oibreoir eacnamaíoch, más ann dóibh.

I gcás ina mbeartaíonn an t-údarás conarthach cinneadh níos déine a ghlacadh ná an méid a mhol an painéal, áiritheoidh sé go ndéanfar an ceart chun éisteacht a fháil agus na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú go cuí nuair a dhéanfar cinneadh den sórt sin.

10.  Le linn na tréimhse eisiaimh déanfaidh an painéal athbhreithniú ar an moladh uaidh arna iarraidh sin don údarás conarthach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(9) nó tar éis do chinneadh faoi bhreithniúnas deiridh a bheith curtha in iúl nó cinneadh deiridh riaracháin lena mbunaítear na forais i gcomhair eisiaimh i gcás nach leagtar síos ina leith, le breithiúnas den sórt sin nó le cinneadh den sórt sin, tréimhse an eisiaimh, amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 106(2).

Tabharfaidh an painéal fógra gan mhoill don údarás conarthach is iarrthóir faoina mholadh athbhreithnithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh an t-údarás conarthach athbhreithniú ar a chinneadh.

11.  Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoina ndéanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó faoina ndéanfaidh sé pionós airgeadais a fhorchur air, lena n-áirítear trí thréimhse an eisiaimh a laghdú nó a mhéadú agus/nó an pionós airgeadais a fhorchuirtear a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

12.  Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an bhfaisnéis faoi chinntí i dtaobh eisiaimh do na heintitis uile a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le Airteagal 58 le go mbeidh siad in ann a fhíorú an bhfuil ann d'eisiamh sa chóras d'fhonn an fhaisnéis sin a chur san áireamh, mar is iomchuí agus ar a bhfreagracht féin, agus conarthaí á ndámhachtain i gcur chun feidhme an bhuiséid.

13.  Mar chuid den tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, amhail dá dtagraítear in Airteagal 325(5) CFAE, déanfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán a sholáthar ar na cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis chonarthacha faoi Airteagail 105a go 108 den Rialachán seo. Sa tuarascáil sin freisin, cuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le haon chinntí a ghlacfaidh na húdaráis chonarthacha de bhun phointe (b) d'Airteagal 106(7) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 106(17) den Rialachán seo agus maidir le haon chinntí a dhéanann na húdaráis chonarthacha chun imeacht ó mholadh an phainéil de bhun an tríú fomhír d'Airteagal 105a(2) den Rialachán seo.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a sholáthar, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta, agus ní chumasófar léi, go háirithe, an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a aithint.

14.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210, ar gníomhartha iad a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le córas an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir lena bhunachar sonraí agus a nósanna imeachta caighdeánaithe, maidir le heagrú agus comhdhéanamh an phainéil, maidir le ceapadh agus neamhspleáchas an chathaoirligh, agus maidir le coinbhleachtaí leasa a bhaineann leis an gcathaoirleach agus le comhaltaí an phainéil a chosc agus a bhainistiú.

▼M2 —————

▼M2

Airteagal 110

Dámhachtain conarthaí

1.  Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar dámhachtana ar choinníoll gur fhíoraigh an t-údarás conarthach na coinníollacha seo a leanas:

(a) go gcomhlíonann an tairiscint na ceanglais íosta a shonraítear sna doiciméid soláthair;

(b) nach bhfuil an t-iarrthóir nó an tairgeoir eisiata faoi Airteagal 106 nó nár diúltaíodh iad faoi Airteagal 107, agus

(c) go gcomhlíonann an t-iarrthóir nó an tairgeoir na critéir roghnúcháin a shonraítear sna doiciméid soláthair agus nach bhfuil sé faoi réir leasanna coinbhleachta rud a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar chomhlíonadh an chonartha.

2.  Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir roghnúcháin i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht an iarrthóra nó an tairgeora. Ní fhéadfar baint a bheith ag critéir roghnúcháin ach amháin leis an inniúlacht dhlíthiúil agus rialála chun an ghníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú, leis an acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais, agus leis an acmhainn theicniúil agus ghairmiúil.

3.  Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir dhámhachtana i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar an tairiscint.

4.  Is ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a bhunóidh an t-údarás conarthach dámhachtain conarthaí, agus is é a bheidh i gceist leis sin ceann amháin de thrí mhodh dámhachtana: an praghas is ísle, an costas is ísle nó an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr.

Maidir leis an modh is ísle costais, déanfaidh an t-údarás conarthach cur chuige éifeachtúlachta costais a úsáid, lena n-áirítear costáil saolré.

Chun an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr a fháil, cuirfidh an t-údarás conarthach san áireamh an praghas nó an costas agus critéir cháilíochta eile a bhaineann le hábhar an chonartha.

5.  Tabharfar an cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le mionsonraí a bhaineann leis na critéir roghnúcháin, leis na critéir dhámhachtana, lena n-áirítear critéir cháilíochta, agus leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch chomh maith leis na bealaí as a mbainfear leas chun na costais saolré a bhaineann leis an gceannach a mheas. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na ndoiciméad ar cruthúnas iad ar inniúlacht dhlíthiúil, ar acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais agus i dtaobh fianaise ar acmhainn theicniúil agus ghairmiúil agus i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ceantanna leictreonacha agus maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal.

Airteagal 111

Cur isteach, cumarsáid leictreonach agus meastóireacht

1.  Na socruithe maidir le tairiscintí a chur isteach, is de chineál iad lena n-áiritheofar go mbeidh fíor-iomaíocht ann agus go bhfanfaidh inneachair na dtairiscintí rúnda go dtí go ndéanfar iad ar fad a oscailt ag an am céanna.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún, trí mhodhanna iomchuí agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 95, go bhféadfaidh tairgeoirí inneachair na dtairiscintí agus aon fhianaise tacaíochta a chur isteach i bhformáid leictreonach (“ríomhsholáthar”), seachas i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo atá sonraithe sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 210. Aon chóras cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun tacú le cumarsáid agus le malartuithe faisnéise, beidh sé neamh-idirdhealaitheach, ar fáil go ginearálta agus beidh sé idir-inoibritheach le táirgí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) atá in úsáid go ginearálta agus ní chuirfidh siad srian ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha ar an nós imeachta soláthair.

Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go rialta faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na míre seo.

3.  Má mheastar é a bheith iomchuí agus comhréireach, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí ráthaíocht a chur isteach roimh ré chun a ráthú nach n-aistarraingeofar na tairiscintí a rinneadh. Beidh an ráthaíocht a cheanglófar comhréireach le luach measta an chonartha agus socrófar í ar leibhéal cuí chun cosc a chur ar idirdhealú i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha éagsúla.

4.  Osclóidh an t-údarás conarthach gach iarraidh ar rannpháirtíocht agus gach tairiscint. Mar sin féin, diúltóidh sé an méid seo a leanas:

(a) iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí nach gcomhlíonann an teorainn ama maidir lena bhfáil, gan iad a oscailt;

(b) tairiscintí a fhaightear agus iad ar oscailt cheana féin, gan scrúdú a dhéanamh ar a n-inneachar.

5.  Déanfaidh an t-údarás conarthach meastóireacht ar gach iarraidh ar rannpháirtíocht nó tairiscintí nár diúltaíodh le linn na réamhchéime atá leagtha síos i mír 4 ar bhonn na gcritéar a shonraítear sna cáipéisí soláthair d'fhonn an conradh a dhámhachtain nó dul ar aghaidh le ceant leictreonach.

6.  Diúltófar d'iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí nach gcomhlíonann na ceanglais íosta a leagtar amach sna doiciméid soláthair.

Ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, iarrfaidh an coiste meastóireachta nó an t-údarás conarthach ar na hiarrthóirí nó tairgeoirí ábhar breise nó doiciméid atá in easnamh a sholáthar, soiléiriú a dhéanamh ar na doiciméid a thacaíonn leis na critéir eisiaimh agus roghnúcháin, nó míniú a thabhairt ar thairiscintí atá thar a bheith íseal, laistigh den teorainn ama a shonróidh sé.

7.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 faoi rialacha mionsonraithe maidir leis na teorainneacha ama maidir le tairiscintí agus iarratais ar rannpháirtíocht a fháil, maidir le rochtain ar dhoiciméid soláthair, na teorainneacha ama maidir le faisnéis bhreise a sholáthar, na teorainneacha ama i gcásanna práinneacha, fairis an modh cumarsáide chun tairiscintí agus catalóga leictreonacha a chur isteach, rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais theicniúla agus dhlíthiúla le haghaidh córas malartaithe leictreonaigh agus maidir leis an eisceacht ó leas a bhaint as tairiscintí a chur isteach go leictreonach, i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Ina theannta sin, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe faoin deis ráthaíocht tairisceana a iarraidh, agus na dálaí faoin ráthaíocht a iarraidh agus a scaoileadh, tairiscintí agus iarrataí a oscailt agus a mheas chun bheith rannpháirteach agus bunú coistí oscailte agus meastóireachta agus comhdhéanamh na gcoistí sin.

Airteagal 112

Teagmhálacha le linn an nós imeachta soláthair

1.  Agus an nós imeachta soláthair faoi lán seoil, comhlíonfaidh na teagmhálacha uile idir an t-údarás conarthach agus na hiarrthóirí nó na tairgeoirí na coinníollacha lena n-áirithítear trédhearcacht, cóir chomhionann agus dea-riarachán mar a leagtar amach in Airteagal 96 iad. Nuair atá an teorainn ama istigh maidir le tairiscintí a fháil, rachaidh an t-údarás conarthach i dteagmháil leis an tairgeoir d'fhonn earráidí soiléire cléireachais a cheartú nó dearbhú maidir le gné theicniúil nó gné ar leith a cheangal, ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Ní bheidh athruithe ar na doiciméid soláthair nó athruithe substaintiúla ar théarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar thoradh ar na teagmhálacha a luadh cheana ná mar thoradh ar aon teagmhálacha eile, ach amháin i gcás ina gceadaítear é sin go sonrach le nós imeachta soláthair a leagtar amach in Airteagal 104(1).

2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le teagmhálacha a cheadaítear agus teagmhálacha a cheanglaítear idir an t-údarás conarthach agus iarrthóirí nó tairgeoirí le linn an nós imeachta sholáthair.

Airteagal 113

Cinneadh na dámhachtana agus faisnéis d'iarrthóirí nó do thairgeoirí

1.  Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cé dó a bhfuil an conradh le dámhachtain, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh sonraithe sna cáipéisí soláthair.

2.  Cuirfidh an t-údarás conarthach na forais ar a ndearnadh an cinneadh in iúl do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí ar fad, ar diúltaíodh a n-iarratas a bheith rannpháirteach nó a dtairiscintí, chomh maith le fad na tréimhse neamhghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Maidir le conarthaí sainiúla a dhámhachtain faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, cuirfidh an t-údarás conarthach toradh na meastóireachta in iúl do na tairgeoirí.

3.  Cuirfidh an t-údarás conarthach gach tairgeoir nach bhfuil i staid eisiaimh, a bhfuil a thairiscint ag teacht leis na doiciméid soláthair agus a chuireann iarraidh isteach i scríbhinn, ar an eolas faoi aon cheann díobh seo a leanas:

(a) ainm an tairgeora, nó na dtairgeoirí i gcás creatchonartha, ar dámhadh an conradh dó agus, ach amháin i gcás conradh sonrach faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt iomaíochta, saintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana ar éirigh léi, an praghas a íocadh nó luach an chonartha, cibé acu is iomchuí;

(b) dul chun cinn na hidirbheartaíochta agus an idirphlé le tairgeoirí.

Féadfaidh an t-údarás conarthach faisnéis áirithe a choimeád siar más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail nó go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó dá mba rud é go bhféadfadh sé iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin a shaobhadh.

4.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais don tuarascáil meastóireachta agus a bhfuil inti agus cinneadh na dámhachtana, agus maidir le faisnéis d'iarratasóirí agus do thairgeoirí.

Airteagal 114

An nós imeachta soláthair a chur ar ceal

Féadfaidh an t-údarás conarthach, sula ndéanfar an conradh a shíniú, an nós imeachta soláthair a chur ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Tabharfar údar cuí i leith an chinnidh agus tarraingeofar aird na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí air a luaithe is féidir.

▼M2

Airteagal 114a

Feidhmíocht an chonartha agus modhnuithe air

1.  Ní chuirfear tús le feidhmíocht an chonartha sula síneofar an conradh.

2.  Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach conradh nó creatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 3 agus ar an gcoinníoll nach n-athróidh an modhnú ábhar an chonartha nó an chreatchonartha.

3.  Féadfar conradh nó conradh sonrach faoi chreatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) maidir le hoibreacha, soláthairtí nó seirbhísí breise á ndéanamh ag an gconraitheoir bunaidh a bhfuil gá leo anois agus nár cuireadh san áireamh sa chéad soláthar, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) nach féidir conraitheoir a athrú ar chúiseanna teicniúla atá nasctha le ceanglais idirmhalartachta nó idir-inoibritheachta le trealamh, seirbhísí nó suiteálacha atá ann cheana;

(ii) bheadh dúbláil mhór costais ar an údarás conarthach mar gheall ar athrú conraitheora; agus

(iii) aon mhéadú ar phraghas, lena n-áirítear glanluach carnach na modhnuithe i ndiaidh a chéile, nach mó ná 50 % de luach tosaigh an chonartha é;

(b) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) ní fhéadfadh údarás conarthach dúthrachtach na himthosca is cúis leis an modhnú a thuar roimh ré; agus

(ii) aon mhéadú ar phraghas, ní mó ná 50 % de luach tosaigh an chonartha é;

(c) i gcás ina bhfuil luach an mhodhnaithe faoi bhun na dtairseach seo a leanas:

(i) na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 190(2) i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha is infheidhme tráth an mhodhnaithe; agus

(ii) 10 % de luach tosaigh an chonartha le haghaidh conarthaí seirbhísí poiblí agus soláthair agus conarthaí lamháltais le haghaidh oibreacha nó seirbhísí agus 15 % de luach tosaigh an chonartha le haghaidh conarthaí oibreacha poiblí;

(d) i gcás nach mbeidh athrú i gceist leis na ceanglais íosta don nós imeachta tosaigh soláthair. Sa chás sin, beidh aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an luach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) den fhomhír seo, mura n-eascróidh modhnú den sórt sin ar an luach ó chur i bhfeidhm dian na ndoiciméad soláthair nó na bhforálacha conarthacha.

Féadfar feidhm a bheith ag pointe (a), ag pointe (c) agus ag pointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le creatchonarthaí.

Ní chuirfear athbhreithnithe ar phraghas san áireamh le luach tosaigh an chonartha.

Ní bheidh glanluach carnach roinnt modhnuithe a rinneadh i ndiaidh a chéile faoi phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo níos mó ná aon tairseach dá dtagraítear ann.

Déanfaidh an t-údarás conarthach na bearta poiblíochta ex post a leagtar amach in Airteagal 103(1) a chur i bhfeidhm.

▼B



Roinn 4

Ráthaíochtaí agus gníomhaíocht cheartaitheach

▼M2

Airteagal 115

Ráthaíochtaí

1.  I gcásanna seachas conarthaí ar luach íseal, féadfaidh an t-údarás conarthach, má mheasann sé gurb iomchuí agus gur comhréireach é de réir an cháis agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh chun aon cheann de nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc;

(b) a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí suntasacha conarthacha i gcás oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí casta;

(c) feidhmíocht iomlán an chonartha a áirithiú le linn thréimhse dhliteanais an chonartha.

2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha ráthaíochtaí a d'fhéadfaí a cheangal ar chonraitheoirí, lena n-áirítear critéir maidir le hainailís riosca, agus ar mhéid uasta gach cineál ráthaíochta mar chéatadán de luach iomlán an chonartha.

Airteagal 116

Earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois

1.  Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “earráid mhór” aon sárú ar fhoráil de chuid conartha a eascraíonn as gníomh nó neamhghníomh, atá, nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanas don bhuiséad.

2.  I gcás ina gcruthófar go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta, déanfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bhearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear an nós imeachta a chur ar ceal.

3.  I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a shíniú, go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois i nós imeachta nó i bhfeidhmíocht an chonartha, féadfaidh an t-údarás conarthach feidhmíocht an chonartha a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, an conradh a fhoirceannadh.

Is féidir feidhmíocht conarthaí a chur ar fionraí freisin le fíorú a dhéanamh ar chásanna ina dtoimhdítear gur tharla earráidí substaintiúla, mírialtachtaí nó calaois.

I gcás inarb é an conraitheoir is cúis leis na hearráidí móra, na mírialtachtaí nó an chalaois sin, féadfaidh an t-údarás conarthach, ina theannta sin, diúltú na híocaíochtaí a íoc nó méideanna a íocadh cheana go míchuí a ghnóthú, i gcomhréir lena thromchúisí atá na hearráidí móra, na mírialtachtaí nó an chalaois.

4.  Feidhmeoidh OLAF na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 19 ) ón gComhairle chun cigireachtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus leis na comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le feidhmíocht conartha a chur ar fionraí i gcás earráidí móra, mírialtachtaí nó calaoise.

▼B



CAIBIDIL 2

Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag na hinstitiúidí as a stuaim féin

▼M2

Airteagal 117

An t-údarás conarthach

1.  Maidir leis na hinstitiúidí de réir bhrí Airteagal 2, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 208 agus Airteagal 209, measfar gur údaráis chonarthacha iad i gcás conarthaí a bheidh á ndámhachtain as a stuaim féin, ach amháin i gcás ina gceannóidh siad ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ranna de na hinstitiúidí sin, ní mheasfar gur údaráis chonarthacha iad i gcás ina dtabharfaidh siad socruithe riaracháin i gcrích eatarthu féin.

Tarmligfidh na hinstitiúidí sin, i gcomhréir le hAirteagal 65, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis chonarthaigh a fheidhmiú.

2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le feidhm údaráis chonarthaigh a tharmligean agus le comhlachtaí lárnacha ceannaigh.

Airteagal 118

Tairseacha is infheidhme agus tréimhse neamhghníomhaíochta

1.  Chun conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais a dhámhachtain, cloífidh an t-údarás conarthach leis na tairseacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1) den Rialachán seo á roghnú aige. Déanfar na bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 103(1) agus (2) den Rialachán seo a chinneadh de réir na dtairseach sin.

2.  Faoi réir eisceachtaí agus coinníollacha atá le sonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ní shíneoidh an t-údarás conarthach, i gcás conarthaí ar mó a luach ná na tairsigh dá dtagraítear i mír 1, an conradh ná an creatchonradh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite.

3.  Mairfidh an tréimhse neamhghníomhaíochta ar feadh 10 lá agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha cumarsáide, agus, mairfidh sí 15 lá, agus úsáid á baint as modhanna eile.

4.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le conarthaí leithleacha agus conarthaí lena ngabhann baisc, meastachán a dhéanamh ar luach conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais, agus an tréimhse neamhghníomhaíochta roimh shíniú an chonartha.

Airteagal 119

Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta soláthair ar oscailt ar choinníollacha comhionanna do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, lonnaithe i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta aici leis an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise atá le soláthair i ndáil le rochtain ar sholáthar.

Airteagal 120

Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda

I gcás ina mbeidh feidhm ag an gComhaontú iltaobhach maidir le Soláthar Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Trádála Domhanda, beidh an nós imeachta um sholáthar ar oscailt freisin d'oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sna stáit a dhaingnigh an comhaontú sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.

▼B



TEIDEAL VI

DEONTAIS



CAIBIDIL 1

Raon feidhme agus foirm na ndeontas

Airteagal 121

Raon feidhme na ndeontas

1.  Is ranníocaíochtaí díreacha airgeadais ón mbuiséad iad deontais, a dhéantar trí thabhartas, d'fhonn aon cheann de na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a) gníomhaíocht a bheartaítear d'fhonn cuspóir de chuid bheartas an Aontais a bhaint amach;

(b) feidhmiú comhlachta a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú aige nó ag a bhfuil cuspóir ar cuid de bheartas an Aontais é ('deontais oibriúcháin'), agus a bhfuil an beartas sin á thacú aige.

Cumhdófar na deontais le comhaontú i scríbhinn nó le cinneadh ón gCoimisiún a chuirfear in iúl d'iarratasóir deontais a n-éireoidh leis.

Féadfaidh an Coimisiún córais leictreonacha shlána a bhunú i gcomhair malartuithe leis na tairbhithe.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh raon feidhme na ndeontas a shonrú go mionchruinn agus i dtaobh rialacha lena gcinnfear cibé acu atá comhaontuithe deontais nó cinntí deontais le húsáid. Thairis sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh mionsonraí maidir leis an gcóras malartaithe sonraí, lena n-áirítear na coinníollacha faoina measfar na doiciméid sin, agus comhaontuithe deontais san áireamh, a thíolacfar trí bhíthin na gcóras sin, a bheith ina ndoiciméid bhunaidh agus a bheith sínithe, agus úsáid comhpháirtíochtaí réime.

2.  Ní deontais iad sna nithe seo a leanas de réir bhrí an Teidil seo:

(a) caiteachas ar chomhaltaí agus ar fhoireann na n-institiúidí agus ranníocaíochtaí leis na scoileanna Eorpacha;

(b) conarthaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 101 agus cabhair a íoctar mar chúnamh macra-airgeadais agus mar thacaíocht bhuiséadach;

(c) ionstraimí airgeadais mar aon le scairshealbha nó rannpháirtíochta cothromais in institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó sainchomhlachtaí de chuid an Aontais amhail an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(d) ranníocaíochtaí a d'íoc an tAontas mar shíntiús le comhlachtaí a bhfuil sé ina chomhalta díobh;

(e) caiteachas a cuireadh chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte agus faoin mbainistíocht indíreach de réir bhrí Airteagal 58, Airteagal 59 agus Airteagal 60, mura rud é go sonraítear a mhalairt sna rialacha airgeadais is infheidhme do bhuiséad na n-eintiteas nó na ndaoine ar cuireadh ar a n-iontaobh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) nó sna comhaontuithe tarmligin;

(f) ranníocaíochtaí chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62, a rinneadh de bhua ghnímh bunaidh gach gníomhaireacht;

(g) caiteachas a bhaineann le margaí iascaigh amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta ( 20 );

(h) aisíocaíocht ar chaiteachas taistil agus ar chaiteachas cothaithe a thabhaigh daoine ar thug na hinstitiúidí cuireadh dóibh nó ar thug na hinstitiúidí sainordú dóibh nó, i gcás inarb iomchuí, aon slánaíochtaí eile a íocadh leis na daoine sin.

(i) duaiseanna a dámhadh de thoradh comórtais, a bhfuil feidhm ag Teideal VII de Chuid a hAon ina leith.

3.  Déileálfar le lacáistí ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta mar dheontais ar choinníoll nach gcomhthiomsaítear iad i mbeart aonair le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i dTeideal VIII de Chuid a hAon.

Beidh na lacáistí sin agus na fóirdheontais sin faoi réir fhorálacha an Teidil seo, cé is moite díobh seo a leanas:

(a) an prionsabal cómhaoinithe mar a leagtar amach in Airteagal 125(3);

(b) an prionsabal neamhbhrabúis mar a leagtar amach in Airteagal 125(4);

(c) i gcomhair gníomhaíochtaí arb é an cuspóir é acmhainn airgeadais tairbhí a neartú nó ioncam a ghiniúint, measúnú acmhainn airgeadais an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 132(1).

4.  Féadfaidh gach institiúid deontais a dhámhachtain do ghníomhaíochtaí cumarsáide nuair nach iomchuí, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí tugtha leo, úsáid a bhaint as nósanna imeachta soláthair poiblí.

Airteagal 122

Tairbhithe

1.  I gcás ina gcomhlíonann roinnt eintiteas na critéir le deontas a dhámhachtain dóibh agus gur eintiteasamháin iad le chéile, féadfar déileáil leis an eintiteas sin mar an tairbhí aonair, lena n-áirítear sa chás ina mbunaítear an t-eintiteas go sonrach chun críche cur chun feidhme na gníomhaíochta a bheidh le maoiniú leis an deontas.

2.  Chun críche an Teidil seo, measfar na heintitis seo a leanas mar eintitis atá cleamhnaithe leis an tairbhí:

(a) eintitislena arb iad an tairbhí iad i gcomhréir le mír 2;

(b) eintitisa chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus nach bhfuil i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 131(3) agus a bhfuil nasc acu leis an tairbhí, go háirithe nasc dlíthiúil nó nasc caipitil, ar nasc é nach bhfuil teorannaithe don ghníomhaíocht ná bunaithe chun críche a cur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh inneachar íosta comhaontuithe deontais nó cinntí, go háirithe sa chás go ndéantar deontas a dhámhachtain do roinnt eintiteas éagsúil, oibleagáidí sainiúla an chomhordaitheora, más ann dóibh, agus oibleagáidí na dtairbhithe eile, an córas freagrachta is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tairbhí a chur leis an liosta nó tairbhí a bhaint den liosta.

Airteagal 123

Foirm na ndeontas

1.  Féadfaidh na deontais bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) aisíocaíocht ar chion sonraithe de na costais incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 126, a tabhaíodh iarbhír;

(aa) aisíocaíocht ar bhonn costas aonaid;

(b) cnapshuimeanna;

(d) maoiniú ar ráta comhréidh;

(e) meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

2.  Agus foirm iomchuí deontais á cinneadh, cuirfear san áireamh leasanna na dtairbhithe ionchasacha agus na modhanna cuntasaíochta a mhéid is féidir.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha maidir leis na cineálacha éagsúla deontas, lena n-áirítear deontais ar luach íseal.

Airteagal 124

Cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh

1.  Gan dochar d'fhorálacha an bhunghnímh, déanfar úsáid cnapshuimeanna, costais aonaid maoiniú ar ráta comhréidh a údarú trí chinneadh ón gCoimisiún lena n-áiritheofar urraim do phrionsabal na córa comhionainne i gcás tairbhithe do ghníomhaíochtaí nó cláir oibre atá sa chatagóir céanna.

I gcás nach sáraíonn an uasmhéid in aghaidh an deontais méid deontais ar luach íseal, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an t-údarú a thabhairt.

2.  Beidh na nithe seo a leanas, ar a laghad, de thaca ag an údarú:

(a) údar maith i dtaobh iomchuibheas na bhfoirmeacha maoinithe sin i dtaca le cineál na ngníomhaíochtaí atá nó na gclár oibre atá á dtacú, agus i dtaca le rioscaí na mírialtachtaí agus na calaoise agus leis na costais rialaithe;

(b) sainaithint na gcostas nó catagóirí na gcostas arna gcumhdach le cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh, rud a dhéanfaidh costais neamh-incháilithe faoi na rialacha Aontais is infheidhme a eisiamh;

(c) tuairisc ar na modhanna lena gcinnfear cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh, agus ar na coinníollacha chun a áirithiú go réasúnach go gcomhlíontar an prionsabal neamhbhrabúis agus an prionsabal cómhaoinithe agus go ndéantar maoiniú dúbailte costas a sheachaint. Beidh na modhanna sin bunaithe ar:

(i) sonraí staitistiúla nó modhanna oibiachtúla dá samhail; nó

(ii) cur chuige tairbhí de réir tairbhí faoi threoir sonraí stairiúla deimhnithe nó so-iniúchta an tairbhí nó faoi threoir a ngnáthchleachtas cuntasaíochta costála.

3.  I gcás ina n-údaraítear dul ar iontaoibh na ngnáthchleachtas cuntasaíochta costála an tairbhí, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach comhlíonadh na gcleachtas sin a mheasúnú ar bhonn ex ante leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó tríd an straitéis iomchuí do rialuithe ex post.

Má suíodh ar bhonn ex ante comhlíonadh ghnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfar méideanna na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoinithe ar ráta comhréidh a chinnfear trí chur i bhfeidhm na gcleachtas sin a agóid trí rialuithe ex post.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a mheas go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 á gcomhlíonadh ag gnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí, má ghlacann na húdaráis náisiúnta leo faoi scéimeanna maoinithe inchomparáide.

4.  Féadfar leis an gcinneadh deontais nó leis an gcomhaontú maoiniú ar chostais indíreacha an tairbhí a údarú nó a fhorchur, i bhfoirm rátaí comhréidh, suas go dtí uasmhéid 7 % d'iomlán na gcostas díreach incháilithe don ghníomhaíocht, ach amháin i gcás ina mbeidh deontas oibriúcháin arna mhaoiniú ag an mbuiséad á fháil ag an tairbhí ó bhuiséad an Aontais. Féadfar an uasteorainn 7 % a shárú ar bhonn cinnidh réasúnaithe ón gCoimisiún.

5.  Féadfaidh úinéirí FBManna, agus daoine nádúrtha eile nach bhfaigheann tuarastal, costais phearsanta incháilithe a dhearbhú don obair a dhéanfar faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre, ar bhonn na gcostas aonaid a chinnfear le cinneadh ón gCoimisiún.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh.



CAIBIDIL 2

Prionsabail

Airteagail 125

Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais

1.  Beidh deontais faoi réir phrionsabal na trédhearcachta agus faoi réir phrionsabal na córa comhionainne.

2.  Gan dochar d'Airteagal 130, ní fhéadfaidh deontais a bheith carnach ná ní fhéadfar iad a dhámhachtain go cúlghabhálach.

3.  Beidh réamh-mhaoiniú mar chuid de na deontais, gan dochar do na rialacha sonracha atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Dó.

Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, tá na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus na rialacha maidir lena maoiniú leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú ( 21 ).

4.  Ní fhéadfaidh sé a bheith de chuspóir ná d'éifeacht ag deontais brabús a dhéanamh faoi chuimsiú ghníomhaíochta nó chlár oibre an tairbhí ('an prionsabal neamhbhrabúis').

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a) gníomhaíochtaí arb é a gcuspóir cumas airgeadais an tairbhí a neartú, nó gníomhaíochtaí a dhéanann ioncam a ghiniúint chun a leanúnachas a áirithiú tar éis thréimhse mhaoinithe an Aontais dá bhforáiltear sa chinneadh deontais nó sa chomhaontú;

(b) scoláireachtaí staidéir, taighde, nó oiliúna a íoctar le daoine nádúrtha;

(c) tacaíocht dhíreach eile a íoctar le daoine nádúrtha is mó a bhfuil gá acu léi, amhail daoine dífhostaithe agus dídeanaithe.

(d) deontais atá bunaithe ar rátaí comhréidh agus/nó cnapshuimeanna/nó costais aonaid i gcás ina gcomhlíonann siad sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 124(2);

(e) deontais ar luach íseal.

I gcás ina ndéantar brabús, beidh an Coimisiún i dteideal céatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn le ranníocaíocht an Aontais do na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí go hiarbhír chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre a chur i gcrích a ghnóthú

5.  Chun críche an Teidil seo, déanfar brabús a shainmhíniú mar bharrachas na bhfáltas os cionn na gcostas incháilithe a thabhaigh an tairbhí, nuair a dhéantar an iarraidh d'íocaíocht na hiarmhéide.

Déanfar na fáltais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a theorannú don ioncam a ghinfear leis an ngníomhaíocht nó leis an gclár oibre, chomh maith leis na ranníocaíochtaí airgeadais a shannfaidh na deontóirí do mhaoiniú na gcostas incháilithe.

I gcás deontais oibriúcháin, ní chuirfear na méideanna a thiomnaítear do chúlchistí a thiomargadh a chur san áireamh chun críche comhlíonadh a fhíorú leis an bprionsabal neamhbhrabúis.

6.  Má bhaineann páirtí polaitiúil ar leibhéal an Aontais amach barrachas ioncaim a sháraíonn caiteachas i ndeireadh bliana airgeadais a raibh deontas oibriúcháin faighte aige lena linn, féadfar, de mhaolú ar phrionsabal an neamhbhrabúis atá leagtha síos i mír 4, an chuid den bharrachas a chomhfhreagraíonn do suas le 25 % d'ioncam iomlán na bliana sin a thabhairt anonn go dtí an bhliain ina dhiaidh sin ar choinníoll go n-úsáidfear roimh dheireadh na chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin í.

Chun comhlíonadh an phrionsabail neamhbhrabúis a fhíorú, ní chuirfear san áireamh acmhainní dílse ar an leibhéal Eorpach, go háirithe tabhartais agus táillí comhaltais, arna gcomhiomlánú in oibríochtaí bliantúla an pháirtí pholaitiúil ar leibhéal an Aontais, a sháraíonn 15 % de na costais incháilithe atá le híoc ag an tairbhí.

Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír má sháraíonn cúlchistí airgeadais páirtí pholaitiúil ar leibhéal an Aontais 100 % de mheánioncam bliantúil an pháirtí pholaitiúil sin.

7.  Féadfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thairiscintí chuig BEI nó chuig an gCiste Eorpach Infheistíochta i gcomhair gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil. Sna cásanna sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 131(2) go (5) agus ag Airteagal 132(1)

8.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 lena ndéantar na prionsabail ghinearálta is infheidhme do dheontais, lena n-áirítear an prionsabal neamhbhrabúis agus an prionsabal cómhaoinithe, a chomhlánú. Thairis sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh sainmhíniú cúnaimh theicniúil.

Airteagal 126

Costais incháilithe

1.  Ní sháróidh na deontais uasteorainn fhoriomlán arna sloinneadh i dtéarmaí dearbhluacha a dhéanfar a bhunú ar bhonn na gcostas measta incháilithe.

Ní sháróidh na deontais na costais incháilithe.

2.  Is iad na costais incháilithe na costais a dhéanann tairbhí deontais a thaibhiú iarbhír, agus is costais iad lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

(a) tabhaítear iad le linn thréimhse na gníomhaíochta nó an chláir oibre, cé is moite de na costais i dtaobh tuarascálacha deiridh agus i dtaobh deimhnithe iniúchóireachta;

(b) sonraítear iad sa bhuiséad foriomlán measúnaithe den ghníomhaíocht nó den chlár oibre;

(c) tá siad riachtanach maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta nó an chláir oibre arb é ábhar an deontais é.

(d) tá siad inaitheanta agus infhíoraithe, go háirithe iad á dtaifeadadh i dtaifid chuntasaíochta an tairbhí agus cinneadh á dhéanamh orthu de réir chaighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an tairbhí bunaithe agus de réir ghnáthchleachtais chuntasaíochta an tairbhí;

(e) comhlíonann siad ceanglais na reachtaíochta cánach agus sóisialta is infheidhme;

(f) tá siad réasúnach, tá bonn cirt leo agus comhlíonann siad le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

3.  Sonrófar sna glaonna ar thairiscintí na catagóirí costas a mheastar a bheith incháilithe do mhaoiniú Aontais.

Gan dochar don bhunghníomh agus de bhreis ar mhír 2, beidh feidhm ag na coinníollacha incháilitheachta costas seo a leanas maidir leis sna catagóirí costas, sa chás ina measann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na catagóirí costas sin a bheith incháilithe faoin nglao ar thairiscintí:

(a) costais maidir le ráthaíocht réamh-mhaoinithe a thaisceann tairbhí an deontais, sa chás ina n-éilíonn an t-oifigeach údarúcháin é sin de bhun Airteagal 134(1);

(b) costais maidir le hiniúchóireachtaí seachtracha sa chás ina n-éilíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach é sin mar thaca leis na hiarrataí ar íocaíochtaí;

(c) cáin bhreisluacha ("CBL") sa chás nach bhfuil sé sin inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL agus go n-íocann tairbhí seachas duine neamh-inchánach mar a shainítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha ( 22 ) í.

(d) costais dímheasa, sa chás ina ndéanann an tairbhí iad sin a thaibhiú iarbhír;

(e) costais tuarastail phearsanra riarachán náisiúnta a mhéid a bhaineann siad le costais gníomhaíochtaí nach gcuirfeadh na húdaráis phoiblí ábhartha i gcrích mura ngabhfaí an tionscadal lena mbaineann ar láimh.

4.  Costais a thabhóidh eintitis atá cleamhnaithe le tairbhí mar a thugtar tuairisc orthu in Airteagal 122, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faoin nglao ar thairiscintí glacadh leo a bheith incháilithe faoin nglao ar thairiscintí. Sa chás sin, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas go carnach:

(a) sanaithnítear na heintitis lena mbaineann sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh;

(b) ní mór do na heintitis lena mbaineann cloí leis na rialacha is infheidhme don tairbhí faoin gcomhaontú deontais nó faoin gcinneadh maidir le hincháilitheacht na gcostas agus na gceart seiceálacha agus iniúchóireachta arna ndéanamh ag an gCoimisiún, OLAF agus ag an gCúirt Iniúchóirí.

5.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh sonraíochtaí breise maidir le costais incháilithe.

Airteagal 127

Cómhaoiniú comhchineáil

1.  Chun críche ríomh a dhéanamh ar an mbrabús a ghinfear leis an deontas, ní chuirfear san áireamh cómhaoiniú i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil.

2.  Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach glacadh le ranníocaíochtaí comhchineáil mar chómhaoiniú, má mheastar iad a bheith riachtanach nó iomchuí. I gcás ina dtairgtear cómhaoiniú comhchineáil mar thaca le deontais ar luach íseal agus ina gcinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach é sin a dhiúltú, tabharfaidh sé nó sí údar maith le cén fáth a bhfuil sé neamhriachtanach nó míchuí.

Ní rachaidh na ranníocaíochtaí sin thar:

(a) na costais a thabhóidh na tríú páirtithe iarbhír, ar costais iad a mbeidh doiciméid chuntasaíochta mar thaca go cuí leo.

(b) nó, in éagmais doiciméid den chineál sin, na costais a chomhfhreagraíonn do na costais a nglactar leo i gcoitinne ar an margadh atá i gceist.

Cuirfear ranníocaíochtaí comhchineáil i láthair go leithleach sa bhuiséad measúnaithe chun léiriú a thabhairt ar iomlán na n-acmhainní a leithdháilfear ar an ngníomhaíocht. Déanfar an t-aonad luacha seo a mheasúnú sa bhuiséad sealadach agus ní bheidh sé faoi réir athruithe ina dhiaidh sin.

Comhlíonfaidh ranníocaíochtaí comhchineáil rialacha cánach náisiúnta agus slándála sóisialta.

Airteagal 128

Trédhearcacht

1.  Beidh deontais faoi réir cláir oibre a fhoilseofar sula gcuirfear chun feidhme é.

Cuirfear an clár oibre sin chun feidhme trí ghlao ar thograí a fhoilsiú, seachas i gcásanna eisceachtúla práinne a bhfuil call cuí tugtha leo nó mura bhfuil an dara rogha ann maidir le gníomhaíocht faoi leith mar gheall ar shaintréithe an tairbhí nó na gníomhaíochta, nó i gcás ina sainaithneofar an tairbhí sa bhunghníomh mar dhuine a fhaigheann deontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair um bainistiú géarchéime, oibríochtaí cosanta sibhialta agus oibríochtaí cabhrach daonnúla.

2.  Sonrófar sna glaonna ar thairiscintí an dáta a bhfuil sé pleanáilte faoina mbeidh na hiarratasóirí go léir curtha ar an eolas maidir le toradh mheastóireacht a n-iarratais agus an dáta táscach maidir le síniú comhaontuithe deontais nó fógra maidir le cinntí deontais.

Socrófar na dátaí sin ar bhonn na dtréimhsí seo a leanas:

(a) maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoi thoradh mheastóireacht a n-iarratais, uasmhéid sé mhí ón dáta deiridh chun na tograí iomlána a chur isteach;

(b) maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí nó iad a chur ar an eolas faoi chinntí deontais, uasmhéid trí mhí ón dáta a gcuirfear iarratasóirí ar éirí leo ar an eolas

Féadfar na tréimhsí sin a choigeartú chun go ndéanfaí aon am a mbeidh gá leis chun na nósanna imeachta sonracha a fhéadfar a éileamh leis an mbunghníomh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ) a chur san áireamh agus féadfar na spriocdhátaí a shárú i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, go háirithe i gcás gníomhartha casta, sa chás ina bhfuil líon mór tairiscintí ann nó moilleanna atá inchurtha i leith na n-iarratasóirí.

I dtuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin, déanfaidh sé nó sí trí tharmligean tuairisciú ar an am meánach maidir le hiarratasóirí a chur ar an eolas, comhaontuithe deontais a shíniú nó maidir le fógra a thabhairt faoi chinntí deontais. I gcás ina sáraítear na tréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír, tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cúiseanna ina thaobh agus, sa chás nach dtugtar údar cuí dóibh i gcomhréir leis an tríú fomhír, déanfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha a mholadh.

3.  Foilseofar gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3), na deontais go léir a dámhadh le linn na bliana airgeadais.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais i leith an chláir oibre, inneachar na nglaonna ar thairiscintí, na n-eisceachtaí do ghlaonna ar thairiscintí, faisnéise d'iarrthóirí agus foilsiú ex post.

Airteagal 129

Prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí

1.  I gcás gach gníomhaíochta, ní dhámhfar ach aon deontas amháin ón mbuiséad ar aon tairbhí amháin, seachas i gcás ina n-údarófar a mhalairt sna bunghníomhartha ábhartha.

Ní fhéadfar ach aon deontas oibriúcháin amháin a dhámhachtain ón mbuiséad ar thairbhí in aghaidh na bliana airgeadais.

Cuirfidh an t-iarratasóir na hoifigigh údarúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon iarratas iolrach agus aon deontas iolrach a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó leis an gclár oibre céanna.

Ní mhaoineofar leis an mbuiséad na costais chéanna faoi dhó i gcás ar bith.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le prionsabal dámhachtana na ndeontas neamhcharnaí.

Airteagal 130

Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta

1.  Ní fhéadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana ach i gcás ina bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais nó sula dtabharfar fógra an chinnidh deontais.

Sna cásanna sin, ní fhéadfar na costais atá incháilithe do mhaoiniú a bheith tabhaithe roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar an deontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha leo de réir mar a fhoráiltear sa bhunghníomh nó i gcás fíorphráinne a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime, maidir le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le cabhair dhaonnúil, nó i staideanna garchontúirte nó contúirte láithrí a d'fhéadfadh géarú le bheith ina choinbhleacht armtha nó tír a dhíchobhsú, sa chás ina mbeadh páirtíocht luath ón Aontas ríthábhachtach i gcosc coinbhleachtaí a chur chun cinn.

Ní fhéadfar aon deontas a dhámhachtain go haisghníomhach do ghníomhaíochtaí a tugadh i gcrích cheana.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta.

2.  I gcás deontas oibriúcháin, déanfar an comhaontú deontais a shíniú nó tabharfar fógra faoin gcinneadh deontais laistigh de shé mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí. Ní fhéadfar na costais is incháilithe do mhaoiniú a thabhú sula ndéanfar an t-iarratas ar dheontas ná sula gcuirfear tús le bliain airgeadais an tairbhí.



CAIBIDIL 3

Nós imeachta um dhámhachtain

Airteagal 131

Iarratais ar dheontais

1.  Déanfar na hiarratais ar dheontais a chur isteach i scríbhinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i bhformáid leictreonach slán.

Soláthróidh an Coimisiún, i gcás ina measann sé é a bheith indéanta, an fhéidearthacht iarratais ar dheontais ar líne a dhéanamh.

2.  Glacfar le hiarratais ar dheontais má dhéanann na daoine seo a leanas iad a chur isteach:

(a) daoine dlítheanacha; nó

(b) daoine nádúrtha, a mhéid a éilíonn cineál nó tréithe na gníomhaíochta nó an chuspóra atá á shaothrú ag an iarratasóir sin.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh iarratais ar dheontais a bheith incháilithe má dhéanann eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme iad a chur isteach, ar choinníoll go mbeidh an cumas ag a n-ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh orthu féin thar ceann an eintitis agus má ráthaítear go dtabharfar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais atá coibhéiseach leis na ráthaíochta sin a thairgeann daoine dlítheanacha.

3.  Luafar san iarratas stádas dlíthiúil an iarratasóra agus taispeánfar a acmhainn nó a hacmhainn airgeadais agus oibríochtúil chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a chur i gcrích.

Chun na críche sin cuirfidh an t-iarratasóir dearbhú isteach ar a onóir nó ar a honóir agus, mura rud é gur deontas ar luach íseal é an deontas, aon doiciméid tacaíochta arna iarraidh, ar bhonn measúnú riosca ón oifigeach údarúcháin atá freagrach. Sonrófar na doiciméid réamhriachtanacha sa ghlao ar thairiscintí

I dtaca le fíorú na hacmhainne airgeadais, ní bheidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha a bheidh ag fáil scoláireachtaí, maidir le daoine nádúrtha is mó gátar agus atá ag fáil tacaíocht dhíreach, maidir le comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ag brath ar an measúnú riosca, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an oibleagáid a tharscaoileadh chun acmhainn oibríochtúil comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhíorú.

▼M2

4.  Airteagal 105a, mír 1 go mír 4, mír 6 agus mír 7 seachas pointe (b) den chéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír sin, míreanna 8, 9, 11 agus 13 go 17 d'Airteagal 106 agus Airteagal 108, beidh feidhm acu maidir le hiarratasóirí deontais agus tairbhithe. Beidh feidhm ag Airteagal 107 maidir le hiarratasóirí. Dearbhóidh na hiarratasóirí an bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 106(1) nó in Airteagal 107 agus, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil bearta leighis tógtha acu, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 106(7).

Nuair a bheidh an fíorú is gá á dhéanamh ag an oifigeach údarúcháin i gcomhréir le hAirteagal 108(4) maidir lena nósanna imeachta deontais atá i gcónaí ann agus leis na comhaontuithe atá aige cheana féin, áiritheoidh sé go dtabharfar an deis don iarratasóir nó don tairbhí a bharúlacha a chur in iúl sula nglacfaidh an t-oifigeach aon bheart a dhéanfaidh dochar dá chearta.

▼M2 —————

▼M2

6.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe maidir leis na socruithe i leith iarratas ar dheontais, fianaise nach bhfuil siad i staid eisiaimh, iarratasóirí gan pearsantacht dhlíthiúil, daoine dlíthiúla lena ndéantar iarratasóir amháin, critéir incháilitheachta agus deontais ar luach íseal.

▼B

Airteagal 132

Critéir roghnúcháin agus deonúcháin

1.  Beidh na critéir roghnúcháin a fhógrófar san iarratas ar thograí de chineál gur féidir measúnú a dhéanamh ar chumas an iarratasóra an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a thabhairt chun críche.

2.  Beidh na critéir dámhachtana a fhógrófar sa ghlao ar thairiscintí de chineál gur féidir measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na dtairiscintí a chuirfear isteach i bhfianaise na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a leagfar síos.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le critéir roghnúcháin agus dámhachtana.

Airteagal 133

An nós imeachta meastóireachta

1.  Déanfar na tograí a mheas, ar bhonn na gcritéar roghnúcháin agus na gcritéar dámhachtana a réamhfhógraíodh, d'fhonn na tograí a fhéadfar a mhaoiniú a chinneadh.

2.  Tarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach suas, ar bhonn na meastóireachta dá bhforáiltear i mír 1, liosta de na tairbhithe agus de na méideanna atá formheasta.

3.  Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n-iarratas in iúl do na hiarratasóirí i scríbhinn. Mura ndámhfar an deontas ar a ndearnadh iarraidh, cuirfidh an institiúid lena mbaineann na cúiseanna ar diúltaíodh an t-iarratas in iúl, faoi threoir na gcritéar roghnúcháin agus na gcritéar dámhachtana.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le meastóireacht agus dámhadh na ndeontas agus le faisnéis a thabhairt d'iarratasóirí.



CAIBIDIL 4

Íocaíocht agus rialú

Airteagal 134

Ráthaíocht réamh-mhaoinithe

1.  Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, más mheasann sé nó sí é a bheith iomchuí agus comhréireach, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir anailís riosca, a cheangal ar an tairbhí ráthaíocht a thaisceadh roimh ré chun teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc.

2.  D'ainneoin mhír 1, ní éileofar ráthaíochtaí i gcás deontas ar leibhéal íseal.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an ráthaíocht réamh-mhaoinithe.

Airteagal 135

Deontais agus rialuithe a íoc

1.  Ní shocrófar méid an deontais go dtí go nglacfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach leis na tuarascálacha deiridh agus leis na cuntais deiridh, gan dochar do sheiceálacha a dhéanfaidh an institiúid lena mbaineann ina dhiaidh sin, ar seiceálacha iad a dhéanfar go tráthúil.

2.  I gcás ina gcruthófar go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta um dhámhachtain, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé cibé bearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear an nós imeachta a chur ar ceal. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach OLAF ar an eolas láithreach faoi aon chásanna amhrasta calaoise.

3.  I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a dhámhachtain go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois nó sárú na n-oibleagáidí sa nós imeachta um dhámhachtain, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ag brath ar an staid ag a bhfuil an nós imeachta agus, ar an gcoinníoll gur tugadh deis don iarratasóir nó don tairbhí a bharúlacha a thabhairt:

(a) diúltú an comhaontú deontais a shíniú nó fógra a thabhairt faoin gcinneadh deontais,

(b) cur chun feidhme an deontais a chur ar fionraí; nó

(c) i gcás inarb iomchuí, an comhaontú deontais nó an cinneadh deontais a fhoirceannadh.

4.  I gcás ina bhféadfar na hearráidí, na mírialtachtaí nó an chalaois sin a chur i leith an tairbhí, nó más rud é go ndéanann an tairbhí na hoibleagáidí faoi chomhaontú deontais nó faoi chinneadh deontais a shárú, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, sa bhreis air sin, an deontas a laghdú nó na méideanna a íocadh go míchuí faoin gcomhaontú deontais nó faoin gcinneadh deontais a ghnóthú, i gcomhréir le tromchúis na n-earráidí, na mírialtachtaí nó na calaoise nó le tromchúis shárú na n-oibleagáidí, ar choinníoll go bhfuil an deis tugtha don tairbhí a bharúlacha a dhéanamh.

5.  I gcás ina léiríonn rialuithe nó iniúchóireachtaí, gurb ann ar bhonn sistéamach nó athfhillteach earráidí, mírialtachtaí, calaois nó sárú córasach nó aisfhillteach ar oibleagáidí agus go bhféadfar a chur i leith an tairbhí agus go bhfuil tionchar ábhartha acu ar roinnt deontas a dámhadh don tairbhí sin faoi choinníollacha comhchosúla, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cur chun feidhme na ndeontas go léir lena mbaineann a fhionraí, nó i gcás inarb iomchuí, na comhaontuithe deontais nó na cinntí lena mbaineann leis an tairbhí sin a fhoirceannadh, i gcomhréir le tromchúis na n-earráidí, na mírialtachtaí nó na calaoise nó le tromchúis shárú na n-oibleagáidí, ar choinníoll deis a bheith tugtha don tairbhí a bharúlacha a dhéanamh.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ina theannta sin, tar éis nós imeachta sáraíochta, na deontais a laghdú nó na méideanna a íocadh go míchuí i leith na ndeontas go léir a ndearna earráidí, mírialtachtaí, nó sárú oibleagáidí, ar bhonn córasach nó athfhillteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear dóibh, agus ar deontais iad a fhéadfar iniúchóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais nó na cinntí deontais.

6.  Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin lena mbaineann atá freagrach na méideanna a bheidh le laghdú nó le gnóthú, i gcás inar féidir agus inar praiticiúil sin, ar bhonn na gcostas a bheidh deimhnithe go míchuí a bheith incháilithe do gach deontas lena mbaineann, tar éis na ráitis airgeadais athbhreithnithe arna dtíolacadh ag an tairbhí a bheith glactha.

7.  I gcás nach féidir nó nach bhfuil sé praiticiúil méid na gcostas neamh-incháilithe a chainníochtú go beacht do gach deontas lena mbaineann, féadfar na méideanna a bheidh le laghdú nó le gnóthú a chinneadh tríd an ráta um laghdú nó um ghnóthú, a chuirtear i bhfeidhm maidir le deontais ar taispeánadh earráidí sistéamacha nó aisfhillteacha ina leith, a eachtarshuí, sa chás nach féidir costais incháilithe a bheith mar bhonn chun na méideanna a bheidh le laghdú nó le gnóthú a chinneadh, tríd an ráta comhréidh a chur i bhfeidhm, ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta. Tabharfar an deis don tairbhí a bharúlacha a thabhairt maidir leis an modh eachtarshuímh nó an modh comhréidh a bheidh le cur i bhfeidhm agus chun modh nó ráta malartach cuí-réasúnaithe a mholadh sula ndéanfar an laghdú nó an gnóthú.

8.  Déanfaidh an Coimisiún cóir comhionann a áirithiú maidir le tairbhithe cláir, go háirithe nuair a chuireann roinnt oifigeach údarúcháin an clár sin chun feidhme.

Cuirfear tairbhithe ar an eolas maidir leis na bealaí chun na cinntí a dhéanfar faoi mhíreanna 3, 4, 5, 6 agus 7 den Airteagal seo a chonspóid, i gcomhréir le hAirteagal 97.

9.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le deontais agus rialuithe a íoc, lena n-áirítear rialacha maidir le doiciméid tacaíochta agus maidir le deontais a fhionraí nó a laghdú.

Airteagal 136

Tréimhsí chun taifid a choimeád

1.  Coimeádfaidh tairbhithe taifid, doiciméid tacaíochta, taifid staidrimh agus taifid eile a bhaineann le deontas go ceann cúig bliana tar éis an iarmhéid a íoc, agus go ceann trí bliana i gcás deontas ar luach íseal.

2.  Coinneofar taifid a bhaineann le hiniúchóireachtaí, achomhairc, dlíthíocht nó saothrú éileamh a eascraíonn as feidhmíocht an tionscadail go dtí go ndéanfar na hiniúchóireachtaí sin, na hachomhairc sin, an dlíthíocht sin nó na héilimh a dhiúscairt.



CAIBIDIL 5

Cur chun feidhme

Airteagal 137

Conarthaí cur chun feidhme agus tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe

1.  I gcás ina gceanglófar tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtithe chun gníomhaíocht nó clár oibre a chur chun feidhme, féadfaidh an tairbhí an tacaíocht airgeadais sin a thabhairt ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) go bhfíoróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, sula ndeonófar an deontas, go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtairiscint ag an tairbhí maidir leis na méideanna atá dlite don Choimisiún a ghnóthú;

(b) go saineofar go cruinn na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht sin sa chinneadh deontais nó sa chomhaontú idir an tairbhí agus an Coimisiún, ionas nach bhféadfaidh an tairbhí lánrogha a dhéanamh;

(c) bíonn na méideanna lena mbaineann íseal, ach amháin sa chás gurb é tacaíocht airgeadais príomhaidhm na gníomhaíochta.

2.  Forálfar go sainráite i ngach cinneadh deontais nó le gach comhaontú go bhfeidhmeoidh an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí rialaithe ar dhoiciméid agus ag an áitreabh agus ar fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis atá stóráilte ar mheán leictreonach, i ndáil le gach tríú páirtí a fuair cistí de chuid an Aontais.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le conarthaí cur chun feidhme agus le tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe.



TEIDEAL VII

DUAISEANNA

Airteagal 138

Rialacha ginearálta

1.  Urramóidh duaiseanna prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne agus cuirfear chun cinn leo gnóthú chuspóirí beartas an Aontais.

2.  Chun na críche sin, beidh duaiseanna faoi réir cláir oibre a fhoilseofar sula gcuirfear chun feidhme é. Cuirfear an clár oibre chun feidhme trí chomórtais a fhoilsiú.

Maidir le duaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó, ní fhéadfar iad a fhoilsiú ach amháin dá bhforáiltear sna ráitis nó in aon doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear dóibh i bpointe (e) d'Airteagal 38(3).

▼M2

Leagfar síos le rialacha an chomórtais ar a laghad na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear na critéir eisiaimh, na critéir dhámhachtana, méid na duaise agus na socruithe íocaíochta. Airteagal 105a, mír 1 go mír 4, mír 6 agus mír 7, seachas pointe (b) den chéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír sin, míreanna 8, 9, 11 agus 13 go 17 d'Airteagal 106 agus Airteagal 108, beidh feidhm acu maidir le rannpháirtithe agus le buaiteoirí. Beidh feidhm ag Airteagal 107 maidir le rannpháirtithe.

▼B

Ní fhéadfar duaiseanna a dhámhachtain go díreach gan chomórtas, agus foilseofar iad go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3).

3.  Déanfaidh painéal saineolaithe meastóireacht ar iontrálacha i gcomórtas ar bhonn rialacha foilsithe an chomórtais.

Dámhfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duaiseanna ansin, ar bhonn na meastóireachta a sholáthróidh an painéal saineolaithe, ar fúthu a bheidh sé a chinneadh duaiseanna a dhámhachtain nó gan iad a dhámhachtain ag brath ar a meastachán ar chaighdeán na n-iontrálacha.

4.  Ní bheidh nasc idir luach na duaise agus na costais a thabhóidh an buaiteoir.

5.  I gcás ina n-éilítear le cur chun feidhme gníomhaíochta nó cláir oibre go dtabharfaidh tairbhí deontais de chuid an Aontais duaiseanna do thríú páirtithe, féadfaidh an tairbhí sin na duaiseanna sin a thabhairt ar choinníoll go ndéanfar an t-íosmhéid inneachar rialacha an chomórtais, mar a leagtar síos i mír 2, a shainiú go cruinn sa chinneadh deontais nó sa chomhaontú deontais idir an tairbhí agus an Coimisiún, gan lamháil ar bith le haghaidh lánrogha.

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le duaiseanna, lena n-áirítear cláreagrú, rialacha comórtais, foilsiú ex post, meastóireacht, faisnéis agus fógra maidir leis na buaiteoirí.



TEIDEAL VIII

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 139

Raon feidhme

1.  Údarófar ionstraimí airgeadais trí bhíthin bunghnímh.

D'ainneoin an chéad fhomhír, féadfar ionstraimí airgeadais a bhunú, i gcásanna cuí-údaraithe, agus gan iad a bheith údaraithe trí bhíthin bunghnímh, ar choinníoll go n-áirítear na hionstraimí sin sa bhuiséad i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 49(1).

2.  I gcás in soláthraítear tacaíocht an Aontais trí bhíthin ionstraimí airgeadais agus í comhcheangailte ina beart aonair le heilimintí atá gaolmhar go díreach le hionstraimí airgeadais a dhíríonn ar na faighteoirí deiridh céanna, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, lacáistí ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta, beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le heilimintí uile an bhirt sin.

3.  Nuair a dhéantar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais faoi Theideal VI de Chuid a hAon maidir le heilimintí nach bhfuil gaol díreach acu le hionstraimí airgeadais, coimeádfar taifid leithleacha do gach foinse maoinithe.

4.  Féadfaidh an Coimisiún ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme i mbainistíocht dhíreach, nó i mbainistíocht indíreach, mar a leagtar amach sa bhunghníomh, trí chúraimí a chur de chúram ar na heintitis de bhun phointí (ii), (iii), (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c).

Agus a n-ionstraimí airgeadais á bhfeidhmiú acu, féadfaidh na heintitis de bhun phointí (ii), (iii), (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c)cuid den chur chun feidhme sin a chur ar iontaoibh sa bhreis, faoina bhfreagracht, ar idirghabhálaithe airgeadais, ar choinníoll go n-áirithíonn na heintitis sin go gcomhlíonann na hidirghabhálaithe airgeadais na critéir a leagtar síos in Airteagal 140(1), in Airteagal 140(3), agus in Airteagal 140(5). Roghnófar idirghabhálaithe airgeadais bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, trína seachnófar coinbhleachtaí leasa.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar leis an gcreat cur chun feidhme d'ionstraimí airgeadais prionsabal na bainistíochta fhónta airgeadais agus go dtacaítear leis an gcreat sin cuspóirí beartais atá sainithe agus amaithe a ghnóthú, ar cuspóirí iad agus atá intomhaiste i dtéarmaí aschuir agus torthaí. Beidh an Coimisiún cuntasach as cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais gan dochar do fhreagracht dhlíthiúil agus chonarthach na n-eintiteas iontaobhaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

5.  I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhbhainstíocht leis na Ballstáit, beidh na forálacha a mbeidh feidhm acu maidir leis na hionstraimí sin, lena n-áirítear na rialacha maidir le ranníocaíochtaí i leith ionstraimí airgeadais a dhéantar a bhainistiú go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis an Teideal seo leagtha síos sna Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175.

▼M2

5a.  Beidh feidhm ag Airteagal 105a, mír 1, ach amháin pointe (e) agus pointe (f) den mhír sin, míreanna 2 go 4, 6 go 9 agus 13 go 17 d'Airteagal 106, agus ag Airteagal 107 agus Airteagal 108 maidir le meáin thiomanta infheistíochta nó le hidirghabhálaithe airgeadais. Déanfaidh faighteoirí deiridh dearbhú sínithe onóra, lena ndeimhneofar nach bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d'Airteagal 106(1) nó i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 107(1), a chur ar fáil d'idirghabhálaithe airgeadais.

▼B

6.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hionstraimí airgeadais, lena n-áirítear roghnú na n-eintiteas a gcuirfear ar a n-iontaoibh na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, inneachar na gcomhaontuithe tarmligin, costais agus táillí bainistíochta, na rialacha sonracha maidir le cuntais mhuiníneacha, cur chun feidhme díreach na n-ionstraimí airgeadais agus roghnú bainisteoirí, idirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh.

Airteagal 140

Na prionsabail agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais

1.  Úsáidfear ionstraimí airgeadais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir lena gcuspóirí, agus, i gcás inarb infheidhme, an tréimhse a bhunaítear sa bhunghníomh do na hionstraimí airgeadais sin.

2.  Comhlíonfar leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) tabharfaidh siad aghaidh ar mhainneachtainí sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar cruthaíodh go bhfuil siad inmharthana ó thaobh airgeadais de ach nach n-eascraíonn maoiniú leordhóthanach ó fhoinsí margaidh astu;

(b) breisíocht: ní bheidh sé mar aidhm le hionstraimí airgeadais go dtiocfaidh siad in ionad ionstraimí airgeadais Ballstáit, nó maoiniú príobháideach nó idirghabháil eile airgeadais de chuid an Aontais.

(c) neamh-shaobhadh iomaíochais sa mhargadh inmheánach agus comhsheasmhacht le rialacha maidir le státchabhair.

(d) éifeacht ghiarála: beidh sé mar aidhm le rannchuidiú ón Aontas d'ionstraim airgeadais ar infheistíocht fhoriomlán a ghríosú ar mó í ná an rannchuidiú ón Aontas de réir táscairí a shaineofar roimh ré;

(e) ailíniú úis: áiritheoidh an Coimisiún, agus ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme aige, go bhfuil leas comhchoiteann ann maidir leis na cuspóirí beartais arna sainmhíniú i gcomhair ionstraime airgeadais a bhaint amach, ar leas é a d'fhéadfaí a chothú le forálacha amhail comhinfheistíocht, ceanglais lena roinntear riosca nó dreasachtaí airgeadais, le linn cosc a chur le coinbhleacht leasa le gníomhaíochtaí eile an eintitis iontaobhaithe.

(f) bunófar ionstraimí airgeadais ar bhonn meastóireachta ex ante, lena n-airítear meastóireacht ar an athúsáid a d'fhéadfaí a dhéanamh d'acmhainní breise dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 8.

3.  Ní shárófar leis an gcaiteachas buiséadach atá nasctha le hionstraim airgeadais agus le dliteanas airgeadais an Aontais i gcás ar bith méid an ghealltanais bhuiséadaigh ábhartha a rinneadh ina leith, agus eisiafar ar an gcaoi sin dliteanais a d'fhéadfadh a bheith ann do bhuiséad an Aontais.

4.  Comhlíonfaidh na heintitis ar cuireadh ar a n-iontaobh de bhun phointí (ii), (iii,) (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c) agus na hidirghabhálaithe airgeadais uile a roghnófar a bheith rannpháirteach i bhforfheidhmiú oibríochtaí airgeadais faoi ionstraim airgeadais na caighdeáin ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir le sciúradh airgid a chosc, maidir leis an gcomhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus maidir le calaois chánach. Maidir le cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais i gcomhréir leis an Teideal seo, ní dhéanfar na heintitis dá dtagraítear i bpointe (ii), i bpointe (iii), i bpointe (v) agus i bpointe (vi) d'Airteagal 58(1)(c) a bhunú, agus ní choimeádfaidh siad caidreamh gnó leo le heintitis chorpraithe, i gcríocha nach gcomhoibríonn a ndlínsí leis an Aontas maidir le cur i bhfeidhm caighdeán cánach atá comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ní dhéanfaidh siad na ceanglais sin a thrasuí ina gconarthaí leis na hidirghabhálaithe airgeadais a bheidh roghnaithe.

5.  Maidir le heintitis heintitis ar cuireadh ar a n-iontaobh de bhun phointí (ii), (iii) (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c), idirghabhálaithe airgeadais amhail dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus a bhfuil baint acu le hionstraimí an Aontais a bhainistiú, agus faighteoirí deiridh de thacaíocht an Aontais faoin Teideal seo, cuirfidh siad na saoráidí uile ar fáil don Chúirt Iniúchóirí agus tabharfaidh siad di an fhaisnéis go léir a mheasann an Chúirt Iniúchóirí is gá chun an cúram a chur i gcrích, de bhun Airteagal 161.

Beidh feidhm ag Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 24 ) maidir le tacaíocht an Aontais faoin Teideal seo.

6.  Maidir le méideanna a chomhfhreagraíonn, ar a laghad, do ranníocaíocht an Aontais, nó, i gcás inarb infheidhme, méideanna iolraithe de sin, úsáidfear iad chun na sainchuspóirí beartais a bheidh á saothrú tríd an ionstraim airgeadais a ghnóthú agus ní ghinfear buntáistí míchuí leo, go háirithe i bhfoirm díbhinní míchuí nó i bhfoirm brabús do thríú páirtithe.

Gan dochar do rialacha earnáilsonracha don bhainistíocht roinnte, déanfar ioncaim lena n-áirítear díbhinní, gnóchain chaipitiúla, táillí ráthaíochta agus úis ar iasachtaí agus ar chuntais mhuiníne a aisíocfar leis an gCoimisiún nó cuntais mhuiníneacha arna n-oscailt d'ionstraimí airgeadais an Chomhphobail agus atá curtha i leith na tacaíochta ón mbuiséad faoi ionstraim airgeadais, a iontráil sa bhuiséad tar éis na costais agus na táillí bainistíochta a asbhaint.

Maidir le haisíocaíochtaí bliantúla, lena n-áirítear aisíocaíochtaí caipitiúla, ráthaíochtaí arna scaoileadh, agus aisíocaíochtaí príomhshuim iasachtaí, a aisíoctar don Choimisiún nó do na cuntais mhuiníne arna n-oscailt d'ionstraimí airgeadais agus atá curtha i leith na tacaíochta ó bhuiséad an Aontais faoi ionstraim airgeadais, is éard a bheidh iontu ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21 agus úsáidfear iad don ionstraim chéanna airgeadais, gan dochar do mhír 9 den Airteagal seo, ar feadh tréimhse nach sáraíonn an tréimhse i gcomhair gealltanas leithreasaí móide dhá bhliain, mura rud é go sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh.

7.  Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí chuig cuntais mhuiníne ar bhonn iarrataí íocaíochta atá cuí-réasúnaithe le tuartha eisíocaíochtaí, agus na hiarmhéideanna atá ar fáil ar na cuntais mhuiníne agus an gá chun iarmhéideanna iomarcacha maidir leis na méideanna sin á gcur san áireamh. I gcás inar leor na méideanna ar chuntais mhuiníne chun an cúlchiste íosta a leagtar síos go conarthach maidir leis na cuntais mhuiníneacha, arna méadú leis na tuartha eisíocaíochtaí don bhliain airgeadais reatha agus na méideanna is gá chun eisiamh a dhéanamh ar na dliteanais theagmhasacha i ndáil leis na hoibleagáidí íocaíochta in airgeadraí seachas an euro, a chumhdach, ní dhéanfar aon íocaíocht bhreise chuig na cuntais mhuiníneacha. Soláthrófar tuartha eisíocaíochtaí ar bhonn bliantúil nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn leathbhliantúil.

8.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na gníomhaíochtaí i ndáil le hionstraimí airgeadais. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais tacaithe, ar áireamh sa tuarascáil:

(a) sainaithint den ionstraim airgeadais agus den bhunghníomh;

(b) tuairisc ar an ionstraim airgeadais, ar na socruithe cur chun feidhme agus ar bhreisluach na ranníocaíochta ón Aontas;

(c) na hinstitiúidí airgeadais a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme, lena n-áirítear aon saincheisteanna i ndáil le cur chun feidhme mhír 5;

(d) méid comhiomlán na ngealltanas buiséadach agus na n-íocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais i gcás gach ionstraime airgeadais;

(e) feidhmíocht na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear na hinfheistíochta a cuireadh i gcrích;

(f) meastóireacht ar úsáid aon mhéideanna a tugadh ar ais don ionstraim mar ioncam sannta inmheánach faoi mhír 6;

(g) iarmhéid an chuntas muiníneach;

(h) ioncaim agus íocaíochtaí faoi mhír 6;

(i) luach infheistíochtaí cothromais, maidir le blianta roimhe sin;

(j) na figiúirí carntha maidir le lagú ar shócmhainní cothromais nó ionstraimí roinnte riosca, agus maidir le ráthaíochtaí glaoite i gcás ionstraimí ráthaíochta

(k) an spriocéifeacht ghiarála, agus an éifeacht ghiarála a cuireadh i gcrích;

(l) a rannchuidiú chun cuspóirí an chláir lena mbaineann a bhaint amach mar a thomhaistear é leis na táscairí bunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-éagsúlú geografach.

9.  I gcás ina measann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle nár baineadh amach a cuspóirí go héifeachtach le hionstraim airgeadais, féadfaidh siad a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh bunghnímh athbhreithnithe d'fhonn an ionstraim a fhoirceannadh. I gcás ina ndéantar ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, measfar aon aisíocaíochtaí nua ón ionstraim sin de bhun an tríú fomhír de mhír 6 mar ioncam ginearálta.

10.  Déanfar cuspóir na n-ionstraimí airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, a bhfoirm dhlíthiúil shonrach agus a n-áit dhlíthiúil chlárúcháin a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

11.  I gcás ionstraimí airgeadais, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a áirithiú maidir leis na ráitis airgeadais, lena gcumhdaítear an tréimhse 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig agus i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 143 agus le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí (IPSAS), chomh maith le haon fhaisnéis is gá chun ráitis airgeadais a thabhairt ar aird i gcomhréir le hAirteagal 68(3), go gcuirfidh na heintitis ar cuireadh ar a n-iontaobh de bhun phointí (ii), (iii,) (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c) ar fáil iad faoin 15 Feabhra den bhliain dár gcionn. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a áirithiú freisin go gcuirfidh na heintitis sinráitis airgeadais d'ionstraimí airgeadais iniúchta ar fáil faoin 15 Bealtaine den bhliain dár gcionn.

12.  Déanfaidh an Coimisiún bainistíocht chomhchuibhithe ar ionstraimí airgeadais a áirithiú, go háirithe i réimse na cuntasaíochta, an tuairiscithe, an fhaireacháin agus na bainistíochta riosca airgeadais.

13.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear na coinníollacha lena n-úsáid, an éifeacht ghiarála, an mheastóireacht ex-ante, faireachán agus déileáil le ranníocaíochtaí ó na Cistí dá dtagraítear in Airteagal 175.



TEIDEAL IX

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT



CAIBIDIL 1

Na cuntais a thíolacadh

Airteagal 141

Struchtúr na gCuntas

Is éard a bheidh sna cuntais:

(a) na ráitis airgeadais chomhdhlúite ina dtíolactar i bhfoirm chomhiomlánaithe an fhaisnéis airgeadais atá i ráitis airgeadais na n-institiúidí arna maoiniú ag an mbuiséad, agus ráitis airgeadais na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus na gcomhlachtaí eile nach mór a gcuntas a chomhdhlúthú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 143;

(b) na cuntais bhuiséadacha chomhiomlánaithe a thíolacann an fhaisnéis atá i gcuntais bhuiséadacha na n-institiúidí.

Airteagal 142

Tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus bainistíocht airgeadais

1.  Ullmhóidh gach institiúid agus comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 132 tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais.

Cuirfidh siad an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.  Tabharfar cuntas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, i ndearbthéarmaí agus arna shloinneadh mar chéatadán, ar a laghad, ar ráta chur chun feidhme na leithreasaí mar aon le faisnéis achomair ar aistrithe leithreasaí i measc na n-ítimí éagsúla den bhuiséad.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i maidir leis an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais.

Airteagal 143

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

1.  Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin rialacha a ghlacadh a bheidh bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo don earnáil phoiblí. Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta imeacht ó na caighdeáin sin má mheasann sé nó sí go mbeidh gá leis sin, chun léargas fíorcheart a thabhairt ar shócmhainní agus ar dhliteanais, ar mhuirir, ar ioncam agus ar shreabhadh airgid. I gcás ina n-imeoidh riail chuntasaíochta go bunúsach ó na caighdeáin sin, nochtfaidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais an méid sin agus na cúiseanna atá leis.

2.  Comhlíonfar leis na cuntais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 141 na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha síos sa Rialachán seo. Tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar an ioncam buiséadach agus ar oibríochtaí caiteachais.

Airteagal 144

Prionsabail cuntasaíochta

1.  Tíolacfar leis na ráitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 141 faisnéis, lena n-áirítear faisnéis maidir le beartais chuntasaíochta, ar bhealach lena n-áireofar go bhfuil sí ábhartha, fónta, inchomparáide agus intuigthe. Tarraingeofar suas na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail cuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta agus atá leagtha amach sna rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 143.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún an creat a bhunú maidir lena chúraimí faoin Airteagal seo agus faoi Airteagail 145, 146, 148, 151, 154, 156 agus 157 a bheith á gcur chun feidhme ag an oifigeach údarúcháin.

Airteagal 145

Ráitis airgeadais

1.  Tíolacfar na ráitis airgeadais ina milliúin euro agus is éard a bheidh iontu:

(a) an clár comhardaithe agus an ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, a chuimsíonn na sócmhainní agus na dliteanais uile, an staid airgeadais agus an toradh eacnamaíoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin; tíolacfar iad i gcomhréir leis na rialacha ábhartha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airtegal 143.

(b) an ráiteas sreafa airgid ina léirítear na méideanna a bailíodh agus na méideanna a eisíocadh i rith na bliana agus staid deiridh an chisteáin;

(c) an ráiteas maidir leis na hathruithe ar shócmhainní glana ina dtabharfar léargas ar na gluaiseachtaí i rith na bliana i ndáil le cúlchistí agus torthaí carntha.

2.  Beidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais ina bhforlíonadh agus ina dtrácht ar an bhfaisnéis a thíolacfar sna ráitis dá dtagraítear i mír 1 agus soláthrófar iontu an fhaisnéis bhreise ar fad arna forordú ag cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh leis go hidirnáisiúnta i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ábhartha do ghníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal 146

Tuarascálacha cur chun feidhme buiséadacha

1.  Tíolacfar na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid ina milliúin euro. Is éard a bheidh sna tuarascálacha sin:

(a) tuarascálacha lena gcomhiomlánófar na hoibríochtaí buiséadacha ar fad don bhliain i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais;

(b) nótaí míniúcháin, ina gcuirfear leis an bhfaisnéis a bheidh sna tuarascálacha sin agus ina ndéanfar trácht uirthi.

2.  Beidh an struchtúr na dtuarascálacha cur chun feidhme buiséadacha mar an gcéanna le struchtúr an bhuiséid féin.

Airteagal 147

Cuntais shealadacha

1.  Déanfaidh oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 141 a gcuntais shealadacha a sheoladh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain ina dhiaidh sin.

2.  Déanfaidh oifigigh cuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 141 beart tuarascála a sheoladh freisin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe, mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críche comhdhlúthaithe, faoin 1 Márta den bhliain ina dhiaidh sin.

3.  Comhdhlúthóidh oifigeach chuntasaíochta an Choimisiúin na cuntais shealadacha sin le cuntais shealadacha an Choimisiúin agus seolfaidh sé cuntais shealadacha an Choimisiúin agus cuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 148

Na cuntais chomhdhlúite deiridh a fhormheas

1.  Tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí a barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha na institiúidí eile seachas an Coimisiún agus gach comhlachta dá dtagraítear in Airteagal 141 faoin 1 Meitheamh, agus tabharfaidh sí a barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha an Choimisiúin agus ar chuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais faoin 15 Meitheamh.

2.  Déanfaidh na hinstitiúidí, seachas an Coimisiún, agus gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 141, a gcuntais deiridh a tharraingt suas agus seolfaidh siad iad chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 1 Iúil den d'fhonn na cuntais chomhdhlúite deiridh a tharraingt suas.

Déanfaidh oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 141 beart tuarascála a sheoladh freisin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe, mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críche comhdhlúthaithe, faoin 1 Iúil.

3.  Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta gach institiúide agus comhlachta dá dtagraítear in Airteagal 141 litir ionadaíochta ag cumhdach na gcuntas deiridh sin a sheoladh chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus seolfaidh sé cóip chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, an dáta céanna a tharchuirfidh sé na cuntais deiridh sin.

Beidh nóta arna tharraingt suas ag an oifigeach cuntasaíochta ag gabháil leis na cuntais deiridh, ina ndearbhóidh sé gur ullmhaíodh iad i gcomhréir leis an Teideal seo agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta is infheidhme.

4.  Tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas na cuntais chomhdhlúite deiridh ar bhonn na faisnéise a dhéanfaidh institiúidí seachas an Coimisiún agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 141 a thíolacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh nóta arna tharraingt suas ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ag gabháil leis na cuntais chomhdhlúite deiridh, ina ndearbhóidh an t-oifigeach cuntasaíochta gur ullmhaíodh na cuntais chomhdhlúite deiridh i gcomhréir leis an Teideal seo agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

5.  Tar éis dó na cuntais chomhdhlúite deiridh agus a chuntais deiridh féin a fhormheas, seolfaidh an Coimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí iad faoin 31 Iúil.

Faoin dáta céanna, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin litir ionadaíochta a tharchur chuig an gCúirt Iniúchóirí a chumhdaíonn na cuntais chomhdhlúite deiridh.

6.  Foilseofar na cuntais chomhdhlúite deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ráiteas urrúis arna thabhairt ag an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE agus le hAirteagal 160a de Chonradh Euratom faoin 15 Samhain.



CAIBIDIL 2

Faisnéis maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Airteagal 149

Tuarascáil ar na ráthaíochtaí agus ar na rioscaí buiséadacha

I dteannta na ráiteas agus na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 145 agus in Airteagal 146, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle uair amháin sa bhliain maidir leis na ráthaíochtaí buiséadacha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 49(1) agus na rioscaí comhfhreagracha.

Seolfar an fhaisnéis sin chuig an gCúirt Iniúchóirí ag an am céanna.

Airteagal 150

Faisnéis maidir le cur chun feidhme an bhuiséid

1.  Le cois na ráiteas agus na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 145 agus in Airteagal 146, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin figiúirí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, uair sa mhí, ar figiúirí iad a chomhiomlánófar ag leibhéal na caibidle ar a laghad, agus a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, i ndáil le caiteachas agus ioncam araon i gcoinne na leithreasaí ar fad.

Tabharfar sonraí sna figiúirí sin freisin ar úsáid na leithreasaí a thugtar anonn.

Seolfar na figiúirí laistigh de 10 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa.

2.  Trí huaire in aghaidh na bliana, laistigh de na 30 lá oibre ón 31 Bealtaine, ón 31 Lúnasa, agus ón 31 Nollaig, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid, lena gcumhdófar ioncam agus caiteachas araon arna miondealú de réir caibidle, airteagail agus míre, a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Tabharfar sonraí sna tuarascálacha sin ar úsáid na leithreasaí a tugadh anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin.

3.  Seolfar na figiúirí agus an tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid chuig an gCúirt Iniúchóirí ag an am céanna agus foilseofar iad ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

4.  Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, seolfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tuarascáil ina mbeidh faisnéis maidir leis na rioscaí reatha a tugadh chun suntais, na treochtaí ginearálta a tugadh faoi deara, na saincheisteanna nua cuntasaíochta ar thángthas orthu, dul chun cinn ar chúrsaí cuntasaíochta, lena n-áirítear iad siúd a bheidh tarraingthe anuas ag an gCúirt Iniúchóirí, agus faisnéis faoi ghnóthúcháin.



CAIBIDIL 3

Cuntasaíocht



Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 151

An córas cuntasaíochta

1.  Eagrófar le córas cuntasaíochta institiúide an fhaisnéis bhuiséadach agus airgeadais sa chaoi is gur féidir figiúirí a iontráil, a chomhdú agus a chlárú.

2.  Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséadacha a bheidh sa chóras cuntasaíochta. Coimeádfar na cuntais in euro agus ar bhonn na bliana féilire.

3.  Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntais anailíseacha a choinneáil freisin.

Airteagal 152

Comhcheanglais do chóras cuntasaíochta na hinstitiúide

Glacfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 143, tar éis dó dul i gcomhairle le hoifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 1341 na rialacha cuntasaíochta agus cairt chomhchuibhithe na gcuntas a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí go léir atá á maoiniú ag an mbuiséad, ag na hoifigí dá dtagraítear i dTeideal V de Chuid a Dó agus ag na comhlachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 141.



Roinn 2

Cuntais ghinearálta

Airteagal 153

Na cuntais ghinearálta

Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord croineolaíoch agus ag baint úsáide as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 141.

Airteagal 154

Iontrálacha sna cuntais ghinearálta

1.  Déanfar iarmhéideanna agus gluaiseachtaí sna cuntais ghinearálta a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.

2.  Beidh gach iontráil chuntasaíochta, lena n-áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh na hiontrálacha dóibh.

3.  Ní mór córas cuntasaíochta a bheith ann a fhágann rian soiléir iniúchóireachta le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.

Airteagal 155

Coigeartuithe cuntasaíochta

Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis dhúnadh na bliana airgeadais, agus suas go dtí an dáta ar a dtíolacfar na cuntais ghinearálta, aon choigeartuithe is gá, nach mbainfidh le heisíoc nó le bailiú i dtaca leis an mbliain sin, d'fhonn léargas fíor agus ceart a thabhairt ar na cuntais sin. Comhlíonfaidh na coigeartuithe sin na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 143.



Roinn 3

Cuntais bhuiséadacha

Airteagal 156

Cuntasaíocht bhuiséadach

1.  Cuirfidh na cuntais bhuiséadacha taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid.

2.  Chun críocha mhír 1, taifeadfar sna cuntais bhuiséadacha gach oibríocht ioncaim agus caiteachais bhuiséadaigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Chuid a hAon.



CAIBIDIL 4

Fardail maoine

Airteagal 157

An fardal

1.  Coinneoidh gach institiúid agus gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 141 fardail lena léirítear méid agus luach shócmhainní inláimhsithe, neamh-inláimhsithe agus airgeadais uile an Aontais i gcomhréir le heiseamláir a tharraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas.

Seiceálfaidh gach institiúid agus gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 141 go gcomhfhreagraíonn na hiontrálacha san fhardal don fhíorstaid.

2.  Déanfar fógraíocht chuí ar shócmhainní inláimhsithe an Aontais a bheith á díol.



TEIDEAL X

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH



CAIBIDIL 1

Iniúchóireacht sheachtrach

Airteagal 158

Iniúchóireacht sheachtrach arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach cinneadh agus gach riail arna nglacadh de bhun Airteagail 13, 16, 21, 25, 26, 29 agus 40 in iúl don Chúirt Iniúchóirí.

Airteagal 159

Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht

1.  Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an t-ioncam go léir agus ar tabhaíodh an caiteachas go léir ar bhealach dleathach cuí, féachfar do na Conarthaí, don bhuiséad, don Rialachán seo, do na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus na gníomhartha eile go léir arna nglacadh de bhun na gConarthaí.

2.  Agus a cúram á fheidhmiú aici, beidh an Chúirt Iniúchóirí i dteideal gach doiciméad agus faisnéis a cheadú, ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 161, a bhaineann le bainistíocht airgeadais ranna nó comhlachtaí i ndáil le hoibríochtaí arna maoiniú nó arna gcómhaoiniú ag an Aontas. Beidh sé de chumhacht aici aon oifigeach atá freagrach as oibríocht ioncaim nó caiteachais a éisteacht agus úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta um iniúchóireacht atá iomchuí i ndáil leis na ranna nó na comhlachtaí sin. Déanfar an iniúchóireacht sna Ballstáit i gcuibhreann leis na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta nó, i gcás nach mbeidh na cumhachtaí riachtanacha acu, i gcomhar leis na ranna náisiúnta atá inniúil. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus institiúidí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean.

Chun an fhaisnéis go léir a fháil atá riachtanach chun an cúram a chomhlíonadh a chuireann na Conarthaí nó na gníomhartha arna nglacadh dá mbun de chúram ar an gCúirt Iniúchóirí, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a bheith i láthair, arna iarraidh sin di, le linn na n-oibríochtaí iniúchóireachta arna ndéanamh faoi chuimsiú chur chun feidhme an bhuiséid ag aon institiúid, nó thar ceann aon institiúide.

Arna iarraidh sin don Chúirt Iniúchóirí, údaróidh gach institiúid d'institiúidí airgeadais a bhfuil taiscí Aontais ina seilbh acu a chur ar chumas na Cúirte Iniúchóirí a áirithiú go réiteoidh na sonraí seachtracha leis na cuntais.

3.  D'fhonn a cúram a dhéanamh, tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí fógra do na hinstitiúidí agus do na húdaráis lena mbaineann an Rialachán seo faoi ainmneacha a mball foirne a bhfuil sé de chumhacht acu iniúchóireacht a dhéanamh orthu.

Airteagal 160

Seiceálacha ar urrúis agus ar airgead tirim

Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go seiceálfar gach urrús agus airgead tirim atá i dtaisce nó ar láimh i gcoinne dearbhán arna síniú ag na taisclanna nó i gcoinne meabhrán oifigiúil an airgid thirim agus na n-urrús atá i seilbh. Féadfaidh sí féin na seiceálacha a dhéanamh.

Airteagal 161

Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí

1.  Déanfaidh an Coimisiún, na hinstitiúidí eile, na comhlachtaí a riarann ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus faighteoirí deiridh íocaíochtaí ón mbuiséad, na saoráidí uile agus an fhaisnéis uile a chur ar fáil don Chúirt Iniúchóirí a mheasann an Chúirt is gá chun a cúram a chur i gcrích. Cuirfidh siad ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach doiciméad a bhaineann le dámhachtain agus feidhmíocht conarthaí arna maoiniú ag an mbuiséad agus gach cuntas airgid thirim nó cuntas ábhair, gach taifead cuntasaíochta nó doiciméad tacaíochta, agus gach doiciméad riaracháin lena mbaineann, gach doiciméad a bhaineann le hioncam agus le caiteachas, gach fardal, cairteanna eagraíochtúla uile na ranna, a mheasann an Chúirt Iniúchóirí is gá chun iniúchóireacht a dhéanamh ar an tuarascáil ar an gcur chun feidhme buiséadach agus airgeadais ar bhonn na dtaifead nó iniúchóireachta ar an láthair agus, chun na críocha céanna, na doiciméid agus na sonraí uile arna gcruthú nó arna stóráil go leictreonach.

Cuirfidh na comhlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seirbhísí eile na rialtas náisiúnta i dtrácht ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach saoráid a mheasann sí is gá chun a cúram a chur i gcrích.

2.  Déanfaidh oifigigh a ndéanann an Chúirt Iniúchóirí seiceáil ar a gcuid oibríochtaí an méid seo a leanas:

(a) a dtaifid ar airgead tirim ar láimh, nó ar aon airgead tirim eile, aon urrúis eile agus aon ábhair eile de chineál ar bith, agus na doiciméid tacaíochta maidir lena maoirseacht ar na cistí atá de chúram orthu, agus aon leabhar, aon chlár nó aon doiciméad eile a bhaineann leo a nochtadh;

(b) an comhfhreagras agus doiciméid ar bith eile a theastaíonn i gcomhair chur chun feidhme iomlán na hiniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 159(1) a thíolacadh.

Ní fhéadfaidh ach an Chúirt Iniúchóirí an fhaisnéis arna soláthar faoi phointe (b) den chéad fhomhír a iarraidh.

3.  Beidh sé de chumhacht ar an gCúirt Iniúchóirí iniúchóireacht a dhéanamh ar na doiciméid maidir le hioncam agus le caiteachas an Aontais atá i seilbh ranna na n-institiúidí agus, go háirithe, atá i seilbh na ranna atá freagrach as cinntí maidir leis an ioncam agus an caiteachas sin, atá i seilbh na gcomhlachtaí a riarann ioncam agus caiteachas thar ceann an Aontais, agus atá i seilbh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad.

4.  Áireofar mar chuid den chúram a bhaineann le háirithiú go bhfuarthas an t-ioncam agus gur tabhaíodh an caiteachas ar bhealach dleathach agus cuí agus go raibh an bhainistíocht airgeadais fónta, an fheidhm a bhain comhlachtaí lasmuigh de na hinstitiúidí as cistí de chuid an Aontais a fuarthas trí ranníocaíocht.

5.  Maoiniú an Aontais a íocfar le faighteoirí lasmuigh de na hinstitiúidí, beidh sé faoi réir chomhaontaithe i scríbhinn ó na faighteoirí sin nó, in éagmais comhaontaithe óna dtaobhsan, ó na conraitheoirí nó ó na fochonraitheoirí, agus beidh an maoiniú sin faoi réir iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí maidir leis an úsáid a baineadh as an maoiniú a deonaíodh.

6.  Cuirfidh an Coimisiún ar fáil don Chúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis faoi oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt.

7.  Ní bheidh sé de thoradh ar úsáid córas comhtháite ríomhaireachta go laghdófaí rochtain ag na Cúirte Iniúchóirí ar na doiciméid tacaíochta.

Airteagal 162

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

1.  Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí don Choimisiún agus do na hinstitiúidí i dtrácht faoin 30 Meitheamh aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith sa tuarascáil bhliantúil. Fanfaidh na barúlacha sin faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta sáraíochta. Cuirfidh gach institiúid a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

2.  Beidh measúnú ar fhóntas na bainistíochta airgeadais sa tuarascáil bhliantúil.

3.  Beidh roinn do gach institiúid sa tuarascáil bhliantúil. Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí aon tuarascáil achomair nó aon bharúlacha ginearálta a mheasann sí a bheith iomchuí, a chur leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide ar a barúlacha in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad.

4.  Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig na húdaráis atá freagrach as urscaoileadh a thabhairt agus chuig na hinstitiúidí eile, faoin 15 Samhain, a tuarascáil bhliantúil mar aon le freagraí na n-institiúidí agus áiritheoidh sí go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

5.  A luaithe a tharchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí an tuarascáil bhliantúil, cuirfidh an Coimisiún mionsonraí na tuarascála sin in iúl do na Ballstáit lena mbaineann láithreach, ar sonraí iad a bhaineann le bainistíocht na gcistí a bhfuil siad freagrach astu faoi na rialacha is infheidhme.

Tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil, tabharfaidh na Ballstáit freagra chuig an gCoimisiún laistigh de 60 lá. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis sin a tharchur chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 28 Feabhra.

Airteagal 163

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

▼M2

1.  Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith i dtuarascáil speisialta. Fanfaidh na barúlacha sin faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta sáraíochta.

Déanfaidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann, de ghnáth laistigh de shé seachtaine tar éis na barúlacha sin a tharchur, aon fhreagraí is mian leo a thabhairt a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí i dtaca leis na barúlacha sin. Déanfar an tréimhse sin a fhionraí i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe más rud é, le linn nós imeachta na sáraíochta, gur gá go bhfaighidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann aiseolas ó na Ballstáit d'fhonn bailchríoch a chur ar a fhreagra.

Leis na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht lena mbaineann tabharfar aghaidh go díreach agus go heisiach ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go ndréachtófar tuarascálacha speisialta agus go nglacfar iad laistigh de thréimhse chuí ama, ar tréimhse í nach mbeidh de ghnáth níos faide ná 13 mhí.

Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagairt.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar, i dteannta na tuarascála speisialta, na freagraí ar a barúlacha ó gach institiúid nó ó gach comhlacht lena mbaineann, mar aon leis an amlíne chun an tuarascáil speisialta a dhréachtú.

▼B

2.  Maidir leis na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 287(4) CFAE ar tuairimí iad nach mbaineann leis na tograí ná leis na dréachtaí a chumhdaítear leis an nós imeachta um chomhairliúchán reachtach, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí a cinneadh maidir le foilsiú tar éis di dul i gcomhairle leis an institiúid a d'iarr an tuairim nó a mbaineann an tuairim léi. Beidh nótaí ó na hinstitiúidí i dtrácht ag gabháil leis na tuairimí a fhoilseofar.



CAIBIDIL 2

Urscaoileadh

Airteagal 164

Amchlár an nós imeachta um urscaoileadh

1.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún roimh an 15 Bealtaine de bhliain n + 2, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain n.

2.  Mura féidir cloí leis an dáta dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in iúl don Choimisiún na cúiseanna atá lena chur siar.

3.  Má chuireann Parlaimint na hEorpa siar an cinneadh lena dtugtar urscaoileadh, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht bearta a ghlacadh, a luaithe is féidir, chun na constaicí atá roimh an gcinneadh sin a bhaint nó chun gur fusa iad a bhaint.

Airteagal 165

An nós imeachta um urscaoileadh

1.  Cumhdófar leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais, an t-iarmhéid a thig uathu sin agus sócmhainní agus dliteanais an Aontais a léirítear sa chlár comhardaithe.

2.  D'fhonn an t-urscaoileadh a dheonú, scrúdóidh Parlaimint na hEorpa na cuntais, na ráitis airgeadais agus an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 318 CFAE, tar éis don Chomhairle an méid céanna a dhéanamh. Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa freisin an tuarascáil bhliantúil arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí mar aon le freagraí na n-institiúidí a mbeidh iniúchóireacht á déanamh orthu, agus aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann agus ráiteas urrúis na Cúirte Iniúchóirí i dtaca le hiontaofacht na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbhearta.

3.  Aon fhaisnéis atá ag teastáil chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE.

▼M2

Airteagal 166

Bearta leantacha

1.  I gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE agus Airteagal 106a de Chonradh Euratom, glacfaidh an Coimisiún, na hinstitiúidí eile agus na comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 den Rialachán seo gach céim iomchuí chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa agus de bhun na dtráchtaí a ghabhann leis an moladh maidir le hurscaoileadh arna ghlacadh ag an gComhairle.

2.  Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil ar na bearta a glacadh i bhfianaise na mbarúlacha agus na dtráchtaí sin agus, go háirithe, ar na treoracha a thug siad do na ranna sin dá gcuid atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trína chur in iúl dó faoi na bearta a ghlac siad chun gníomhú de bhun na mbarúlacha sin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún na bearta sin a chur san áireamh agus a thuarascáil féin á tarraingt suas aige. Déanfar na tuarascálacha ó na hinstitiúidí eile a tharchur freisin chuig an gCúirt Iniúchóirí.

▼B

Airteagal 167

Forálacha sonracha maidir leis an SEGS

Beidh SEGS faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 CFAE agus in Airteagal 164, in Airteagal 165 agus in Airteagal 166 den Rialachán seo. Comhoibreoidh an SEGS go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh sé, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trína bheith i láthair ag cruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.



CUID A DÓ

FORÁLACHA SPEISIALTA



TEIDEAL I

AN COISTE EORPACH UM RÁTHAÍOCHT TALMHAÍOCHTA

Airteagal 168

Forálacha speisialta maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta

1.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, maidir le caiteachas arna dhéanamh ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear sna rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), agus maidir le hioncam.

2.  Oibríochtaí arna mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i gCuid a hAon agus i gCuid a Trí.

Airteagal 169

Gealltanais leithreasaí CERT

1.  I gcás gach bliana airgeadais, áireofar i leithreasaí CERT neamhdhifreáilte, seachas caiteachas a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, ar caiteachas é a chumhdófar le leithreasaí difreáilte.

2.  Leithreasaí íocaíochta a tugadh anonn ach nár baineadh úsáid astu sa bhliain airgeadais, déanfar iad a chur ar ceal.

3.  Leithreasaí nár gealladh agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, ní fhéadfar iad a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais dár gcionn.

An tabhairt anonn sin, ní sháróidh sí, laistigh de theorainn 2 % de na leithreasaí tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an méid den choigeartú ar íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le scéimeanna um thacaíocht dhíreach faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe d'fheirmeoirí ( 25 ) agus a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana airgeadais roimhe sin.

Leithreasaí a thugtar anonn, cuirfear ar ais go heisiach iad do na línte buiséadacha lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear bpointe (c) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.

Mar thoradh ar an tabhairt anonn sin, féadfaidh íocaíocht bhreise a bheith ann do na faighteoirí deiridh a bhí faoi réir an choigeartaithe ar íocaíochtaí díreacha le linn na bliana airgeadais roimhe sin, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus do na tairbhithe deiridh sin amháin.

Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir leis an tabhairt anonn an 15 Feabhra an bhliain a mbeidh an tabhairt anonn á déanamh chuici, agus cuirfidh an Coimisiún sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi sin.

Airteagal 170

Gealltanais shealadacha fhoriomlána leithreasaí CERT

1.  Aisíocfaidh an Coimisiún caiteachas CERT a thabhóidh na Ballstáit.

2.  Maidir leis na cinntí ón gCoimisiún lena socraítear méideanna na n-aisíocaíochtaí sin, is gealltanais shealadacha fhoriomlána a bheidh iontu, agus ní fhéadfaidh siad na leithreasaí iomlána a iontráladh do CERT a shárú.

3.  Ón 15 Samhain na mbliana airgeadais, féadfar gnáthchaiteachas bainistíochta do CERT a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasaí dár foráladh don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh na gealltanais sin, áfach, trí cheathrú de na leithreasaí comhfhreagracha iomlána don bhliain airgeadais a shárú. Ní bheidh feidhm acu ach maidir le caiteachas a bhfuil an prionsabal leagtha síos dó i mbunghníomh atá ann cheana.

Airteagal 171

Sceideal agus uainiú ghealltanais bhuiséadacha CERT

1.  Laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear na ráitis arna gcur isteach ag na Ballstáit, beidh an caiteachas a dhéanfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear sna rialacha a bhaineann le CERT ina ábhar gealltanais de réir caibidle, de réir airteagail agus de réir ítime. Féadfar gealltanais den sórt sin a thabhairt nuair a bheidh an tréimhse dhá mhí sin caite nuair atá gá le nós imeachta um aistriú leithreasaí maidir leis na línte buiséid ábhartha. Déanfar na méideanna a mhuirearú mar íocaíochtaí laistigh den tréimhse dhá mhí chéanna, seachas i gcás nach mbeidh íocaíocht déanta go fóill ag na Ballstáit nó i gcás ina mbeidh amhras faoi cháilitheacht.

Déanfar na gealltanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a asbhaint den ghealltanas sealadach iomlán dá dtagraítear in Airteagal 170.

2.  Maidir leis na gealltanais shealadacha fhoriomlána a tugadh i ndáil le bliain airgeadais agus nach raibh aon ghealltanas ar línte sonracha san ainmníocht bhuiséadach tagtha dá mbarr faoin 1 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfear ar ceal iad i dtaca leis an mbliain airgeadais lena mbaineann.

3.  Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 faoi réir na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh.

Airteagal 172

Cuntasaíocht chaiteachas CERT

Sa chuntasaíocht bhuiséadach, cuirfear caiteachas sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig ar den bhliain airgeadais, ar choinníoll go mbeidh an t-ordú íocaíochta faighte ag an oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Airteagal 173

Leithreasaí CERT a aistriú

1.  I gcás ina bhféadfaidh an Coimisiún leithreasaí a aistriú de bhun Airteagal 26(1), déanfaidh sé a chinneadh faoin 31 Eanáir ar den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar a fhoráiltear in Airteagal 26(1).

2.  I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tograí aistrithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir den bhliain ina dhiaidh sin.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí faoi na haistrithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27, ach chun críche an Airteagail seo, trí seachtaine a bheidh sa teorainn ama.

Airteagal 174

Ioncam sannta CERT

1.  Ioncam atá sannta faoin Teideal seo, déanfar é a shannadh de réir tionscnaimh an ioncaim i gcomhréir le hAirteagal 21(3).

2.  Toradh na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, déanfar é a iontráil in airteagal aonair.



▼M1

TEIDEAL II

NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COMHTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE, CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA mBAINISTIÚ FAOIN mBAINISTÍOCHT ROINNTE AGUS AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA

▼B

Airteagal 175

Forálacha speisialta

1.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir le caiteachas a dhéanfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 i ndáil le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ( 26 ), Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ( 27 ), Rialachán (CE) Uimh. 183/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe ( 28 ), Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe ( 29 ), Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh ( 30 ), agus cistí i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais, lena n-áirítear na cistí faoin gClár "Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce" arna mbainistiú faoin mbainistíocht roinnte de bhun Airteagal 59 (na "Cistí"), agus maidir lena n-ioncam, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

2.  Oibríochtaí arna mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i gCuid a hAon agus i gCuid a Trí.

Airteagal 176

Na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a urramú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithdháiltí do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí dá bhforáiltear sna gníomhartha bunúsacha ábhartha um oibríochtaí struchtúrtha, um an bhforbairt tuaithe agus um an gCiste Eorpach Iascaigh a urramú.

Airteagal 177

Ranníocaíochtaí a íoc, íocaíochtaí eatramhacha agus aisíocaíochtaí

1.  Is i gcomhréir leis na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175 a íocfaidh an Coimisiún ranníocaíochtaí airgeadais ó na Cistí.

2.  Is i gcomhréir leis na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175 a leagfar síos an teorainn ama d'íocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin.

3.  I gcomhréir leis na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175, ní bheidh d'éifeacht ag an íocaíocht réamh-mhaoinithe a bheith á híoc go hiomlán nó go páirteach i dtaca le hoibríocht ar leith go laghdaítear an ranníocaíocht ó na Cistí chuig an oibríocht lena mbaineann.

Is éard a bheidh i méideanna a bheidh aisíoctha ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 21(3).

Is leis na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175 a rialófar an bealach a ndéileálfar le haisíocaíochtaí ó na Ballstáit chomh maith leis na himpleachtaí a leanann as sin do mhéid na ranníocaíochtaí ó na Cistí.

4.  De mhaolú ar Airteagal 14, féadfar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá le fáil an 31 Nollaig, ar leithreasaí iad a thagann as íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a thabhairt anonn go dtí tráth dúnta an chláir agus a úsáid nuair is gá ós rud é nach bhfuil leithreasaí eile faoi chomhair oibleagáidí le fáil a thuilleadh.

5.  Sa chuntasaíocht bhuiséadach, cuirfear caiteachas sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-aisíocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais sin, lena n-áirítear an caiteachas a mhuirearófar faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin i gcoinne na leithreasaí íocaíochta a chuirfear ar fáil sa mhí tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 179.

Airteagal 178

Leithreasaí a shaoradh

1.  Saorfaidh an Coimisiún go huathoibríoch na leithreasaí a gealladh, mar a fhoráiltear sna Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175.

2.  Féadfar na leithreasaí arna saoradh a chur ar fáil arís i gcás earráid shoiléir is inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin.

Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais a saoradh le linn na bliana roimhe sin (n -1) a scrúdú agus cinnfidh sé, faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais reatha, ar bhonn na riachtanas a bheidh ann, an gá na leithreasaí comhfhreagracha a chur ar fáil arís.

▼M1

3.  Cuirfear na leithreasaí saortha ar fáil arís sna cásanna seo a leanas:

(a) saoradh na leithreasaí ó chlár faoi na socruithe chun an cúlchiste feidhmíochta a bhunaítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme ( 31 );

(b) saoradh na leithreasaí ó chlár atá tiomnaithe d’ionstraim airgeadais ar leith i bhfabhar FBManna tar éis scor de rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais, faoi mar a thagraítear dó sa seachtú fomhír d’Airteagal 39 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 178a

Tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

1.  Do na blianta airgeadais 2014, 2015 agus 2016, leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh tionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus óng Comhairle ( 32 ) nár gealladh fós faoi dheireadh na bliana airgeadais, ní fhéadfar iad a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile agus go dtí an bhliain sin amháin.

2.  Déanfaidh an Coimisiún tograí thabhairt anonn i leith na bliana airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais reatha.

3.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an dara ceann acu ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, gach togra thabhairt anonn a phlé faoin 31 Márta den bhliain airgeadais reatha.

4.  Formheasfar an togra thabhairt anonn más rud é, faoin spriocdháta a leagtar amach i mír 3, go dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é;

(b) go bhformheasfaidh ceann amháin de Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é gan an ceann eile acu gníomhú;

(c) go staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhú nó nach gcinnfidh siad é a dhiúltú.

▼B

Airteagal 179

Leithreasaí a aistriú

1.  Maidir leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear sa Teideal seo, féadfaidh an Coimisiún, ach amháin i gcás an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll gurb ionann cuspóir na leithreasaí lena mbaineann de réir bhrí na Rialachán lena rialaítear na cistí dá dtagraítear in Airteagal 175, nó ar choinníoll gur caiteachas é a bhaineann le Cúnamh Teicniúil. Déanfaidh an Coimisiún a chinntí faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.  I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún tograí i gcomhair leithreasaí íocaíochta a aistriú chuig na Cistí íocaíochta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir den bhliain ina dhiaidh. Féadfar aistriú na leithreasaí íocaíochta a dhéanamh ó aon ítim den bhuiséad. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí faoi na haistrithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27, ach chun críche an Airteagail seo, laistigh de trí seachtaine a bheidh an teorainn ama.

3.  Mura ndéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an t-aistriú a fhormheas nó gan an t-aistriú a fhormheas ach go páirteach, muirearófar an chuid chomhfhreagrach den chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 177(4a) ar na leithreasaí íocaíochta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Airteagal 180

Bainistíocht, roghnú agus iniúchóireacht

Maidir le bainistíocht agus le roghnú tionscadal agus a n-iniúchóireacht, beidh siad faoi rialú ag na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 175.



TEIDEAL III

TAIGHDE

Airteagal 181

Cistí taighde

1.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Déanfar leithreasaí den sórt sin a iontráil i gceann de na teidil sa bhuiséad a bhaineann le taighde sna réimsí beartais atá nasctha le "Taighde indíreach" agus "Taighde díreach" nó i gcaibidil a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde i dteideal eile.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha oibríochtaí a bhfuil taighde á dhéanamh orthu.

2.  Na leithreasaí a bhaineann leis an ioncam arna ghiniúint ag an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Prótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag, agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach atá i gceangal le CAE agus CFAE, déileálfar leo mar ioncam sannta de réir bhrí Airteagal 21. Na leithreasaí gealltanais arna nginiúint Le hioncam den sórt seo, cuirfear ar fáil iad a luaithe a dhéanfar an méid is infhaighte a mheas agus cuirfear ar fáil na leithreasaí íocaíochta a luaithe a gheofar an t-ioncam.

3.  Maidir leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear sa Teideal seo, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go chéile, ar choinníoll gur chun na críche céanna a bhainfear úsáid as na leithreasaí.

4.  Na saineolaithe arna n-íoc ó leithreasaí um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch, earcófar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos nuair a bheidh gach ceann de na cláir réime taighde á nglacadh acu nó i gcomhréir leis na rialacha comhréireacha maidir le rannpháirtíocht gnóthais, ionaid taighde agus ollscoileanna.

Airteagal 182

Gealltanais maidir leis an gCiste Taighde

1.  I gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo, na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chomhfhreagraíonn do mhéid an ghealltanais a saoradh de bharr nár cuireadh chun feidhme ina n-iomláine nó in aon chor na tionscadail bainteach le taighde a raibh na leithreasaí seo curtha in áirithe dóibh, féadfar iad a chur ar fáil arís i gcás ina mbeidh sé riachtanach an clár a bhí beartaithe i dtosach a chur i gcrích, mura mbeidh cistí chun na críche sin sa bhuiséad don bhliain airgeadais lena mbaineann (an bhliain n).

2.  Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Coimisiún, ag tús gach bliana airgeadais, scrúdú ar na gealltanais a saoradh i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin (an bhliain n -1) agus déanfaidh sé measúnú, i bhfianaise na riachtanas, ar an ngá atá leis na leithreasaí a chur ar fáil arís.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Feabhra gach bliain airgeadais, ar tograí iad ina luafar le gach ítim sa bhuiséad na cúiseanna a bhaineann leis na leithreasaí sin a chur ar fáil arís.

3.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh laistigh de shé seachtaine maidir leis na tograí ón gCoimisiún. I gcás nach ndéanfar cinneadh laistigh den teorainn ama sin, measfar gur ceadaíodh na tograí.

Ní sháróidh méid na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chuirfear ar fáil arís i mbliain n, i gcás ar bith, 25 % den iomlán a saoradh ó oibleagáidí ar an líne chéanna buiséid sa bhliain n -1.

4.  Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chuirfear ar fáil arís, ní dhéanfar iad a thabhairt anonn.

Na gealltanais dhlíthiúla a bhaineann leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís, tabharfar i gcrích faoin 31 Nollaig de bhliain n iad.

I ndeireadh bhliain n, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fuílleach na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís ach nár úsáideadh a shaoradh go cinntitheach.

Airteagal 183

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde

1.  Féadfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) glacadh le maoiniú arna mhuirearú do leithreasaí a iontráladh lasmuigh de na teidil agus lasmuigh de na caibidlí dá dtagraítear in Airteagal 181(1) maidir lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair agus deontais, de réir Theideal V agus Theideal VI de Chuid a hAon, ar nósanna imeachta iad a mhaoinítear ina n-iomláine nó i bpáirt ón mbuiséad ginearálta.

Chun críocha rannpháirtíochta sna nósanna imeachta um soláthair agus deontais, measfar an ACT a bheith ina duine dlíthiúil atá bunaithe i mBallstát.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ACT.

2.  Déileálfar le leithreasaí a bhaineann leis an méid seo a leanas mar ioncam sannta de réir bhrí Airteagal 21(2):

(a) nósanna imeachta um deontais agus soláthair ina bhfuil an ACT rannpháirteach;

(b) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an ACT thar ceann tríú páirtithe; nó

(c) leithreasaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chomhaontú riaracháin le hinstitiúidí eile nó le ranna eile an Choimisiúin d'fhonn seirbhísí teicniúla-eolaíocha a chur ar fáil.

Maidir leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a ghinfear leis an ioncam dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear ar fáil iad a luaithe a bheidh an méid is infhaighte measta.

Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear ar ceal leithreasaí nach n-úsáidtear laistigh de chúig bliana.

3.  Léireofar úsáid na leithreasaí i dtacar de chuntais anailíseacha i gcuntas cur chun feidhme an bhuiséid do gach catagóir gníomhaíochta lena mbaineann sé; scarfar í ó ioncam de thionscnamh airgeadais ó thríú páirtithe (poiblí nó príobháideach) agus ó ioncam ó sheirbhísí eile a dhéanfaidh an Coimisiún do thríú páirtithe.

▼M2

4.  Agus é rannpháirteach i nósanna imeachta deontais nó soláthair i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 105a, in Airteagal 106, i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 107(1), in Airteagal 108 agus in Airteagal 131(4) maidir le forálacha d'eisiamh agus do phionóis i ndáil le soláthar agus deontais.

▼B

Glacfar leis go gcomhlíonann an ACT na ceanglais a bhaineann le hacmhainn eacnamaíoch agus airgeadais.

Díolmhófar an ACT ó ráthaíochtaí a thaisceadh dá dtagraítear in Airteagal 115 agus in Airteagal 134.

5.  Na rialacha maidir le soláthar atá i dTeideal V de Chuid a hAon, ní bheidh feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí an ACT thar ceann tríú páirtithe.

6.  De mhaolú ar Airteagal 26, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de theideal an bhuiséid a bhaineann leis an réimse beartais "Taighde Dhíreach", aistrithe a dhéanamh idir caibidlí suas le 15 % den leithreasú sa líne óna ndéantar an t-aistriú.



TEIDEAL IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA



CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 184

Gníomhaíochtaí seachtracha

1.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na gníomhaíochtaí seachtracha arna maoiniú ón mbuiséad, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe maidir leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoi na gníomhaíochtaí seachtracha.

2.  Úsáidfidh an Coimisiún na leithreasaí do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a) faoi chuimsiú na cabhrach arna deonú ar bhonn neamhspleách; nó

(b) i gcomhpháirtíocht le tríú tír dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 58(1)(c), trí chomhaontú airgeadais a shíniú;

3.  I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí seachtracha a chómhaoiniú ó leithreasaí a iontráiltear sa bhuiséad agus ó ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 21(2), déanfar na cistí nach mbeidh geallta tar éis dheireadh na tréimhse conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 189(2) don ghníomhaíocht ábhartha a aisíoc ar bhonn pro rata, tar éis asbhainte de chnapshuim a dhéanamh a chomhfhreagraíonn d'iniúchóireacht, do mheastóireacht agus do theagmhais is féidir a ghealladh ag tráth níos déanaí.

4.  Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 90(4) maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Teideal seo.

I gcás deontais faoi bhainistíocht dhíreach ar mó iad ná EUR 5 000 000 lena maoinítear gníomhaíochtaí seachtracha, ní bheidh níos mó ná dhá íocaíocht réamh-mhaoinithe fós gan imréiteach le linn thréimhse an ghnímh.



CAIBIDIL 2

Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme



Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 185

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme

Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Teideal seo a chur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún de bhun phointe (a) d'Airteagal 58(1), faoin mbainistíocht roinnte de bhun phointe (b) d'Airteagal 58(1), nó go hindíreach ag aon eintiteas nó duine ar cuireadh ar a n-iontaoibh de bhun de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) i gcomhréir le forálacha ábhartha Airteagal 58 go hAirteagal 63. Féadfar leithreasaí do ghníomhaíochtaí seachtracha a chomhcheangal le cistí ó fhoinsí eile chun comhchuspóir a chur i gcrích.



Roinn 2

Tacaíocht buiséid agus cistí iontaobhais ildeontóirí

Airteagal 186

Tacaíocht bhuiséadach a úsáid

1.  I gcás ina bhforáiltear sin sna bunghníomhartha ábhartha, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht bhuiséadach a sholáthar do thríú tír is tairbhí má tá bainistiú airgeadais phoiblí na tíre is tairbhí trédhearcach, iontaofa agus éifeachtach go leor.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le tacaíocht buiséid a úsáid agus le hoibleagáidí faighteoirí.

2.  Sonrófar leis an gcinneadh maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84 na cuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir le tacaíocht buiséid a sholáthar do thríú tír is tairbhí. Beidh íocaíocht ranníocaíocht an Aontais bunaithe ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith á gcomhlíonadh, lena n-áirítear feabhas a chur ar bhainistiú an airgeadais phoiblí, agus ar tháscairí feidhmíochta atá soiléir agus oibiachtúil lena bhfoirmítear an bonn chun dul chun cinn san earnáil lena mbaineann a thomhas in imeacht ama.

3.  Áiríonn an Coimisiún sa chomhaontú airgeadais comhfhreagrach arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 184(2), na forálacha iomchuí ar dá mbun atá an tír thairbhíoch lena mbaineann le gealltanas a thabhairt an maoiniú oibríochta ábhartha go léir, nó cuid de, a aisíoc, sa chás ina suitear go bhfuil íocaíocht na gcistí Aontais ábhartha curtha ar neamhní trí mhírialtachtaí tromchúiseacha atá inchurtha i leith na tíre sin.

D'fhonn na haisíocaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil, féadfar an dara fomhír d'Airteagal 80(1) a chur i bhfeidhm.

4.  Tacóidh an Coimisiún i dtríú tíortha is tairbhí le hacmhainní um rialú parlaiminteach agus um iniúchóireacht a fhorbairt agus trédhearcacht mar aon le rochtain phoiblí ar fhaisnéis a mhéadú.

Airteagal 187

Cistí iontaobhais an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

1.  Maidir le gníomhaíochtaí éigeandála, iar-éigeandála nó téamacha, féadfaidh an Coimisiún cistí iontaobhais a chruthú faoi chomhaontú a tugadh i gcrích le deontóirí eile. Saineoidh gníomh bunaidh gach ciste iontaobhais cuspóirí an chiste iontaobhais.

2.  Déanfar cistí iontaobhais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne, agus i gcomhréir leis na cuspóirí sainiúla a shainítear i ngach gníomh bunaidh.

Déanfaidh an Coimisiún cistí iontaobhais an Aontais a chur chun feidhme go díreach de bhun phointe (a) d'Airteagal 58(1), cé is moite de na cistí iontaobhais an Aontais maidir le gníomhaíocht éigeandála nó iar-éigeandála a fhéadfar a chur chun feidhme go hindíreach freisin trí chúraimí cur chun feidhme buiséid a chur ar iontaoibh na n-eintiteas de bhun phointe (i), (ii), (v) agus (vi) d'Airteagal 58(1)(c).

3.  Comhlíonfaidh cistí iontaobhais an Aontais na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá breisluach leis an idirghabháil ón Aontas: ní dhéanfar cistí iontaobhais a chruthú nó a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ach amháin más rud é gur féidir a gcuspóirí, go háirithe mar thoradh ar a scála nó ar a n-éifeachtaí féideartha a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta;

(b) tabharfaidh cistí iontaobhais an Aontais infheictheacht pholaitiúil agus buntáistí bainistíochta chomh maith le rialú níos fearr AE ar rioscaí agus ar eisíocaíochtaí de chuid an Aontais agus ar ranníocaíochtaí deontóirí eile. Níor cheart iad a chruthú mura ndéanann siad ach na bealaí maoiniúcháin reatha nó ionstraimí comhchosúla a dhúbailt gan aon bhreisíocht a chur ar fáil.

4.  Bunófar bord, a mbeidh an Coimisiún ina chathaoirleach air, do gach ciste iontaobhais an Aontais ionas go n-áiritheofar ionadaíocht na ndeontóirí agus, agus,ar na Ballstáit i gcáil breathnóirí, nach bhfuil ag ranníoc agus chun an úsáid a bhainfear as na cistí a chinneadh.

5.  Cruthófar cistí iontaobhais an Aontais go ceann tréimhse teoranta a chinntear sa ghníomh bunaidh. Féadfar an tréimhse sin a fhadú le cinneadh ón gCoimisiún arna iarraidh sin don bhord den chiste iontaobhais lena mbaineann.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún scor de na leithreasaí don chiste iontaobhais sin nó an gníomh bunaidh a athbhreithniú d'fhonn an ciste iontaobhais a leachtú, i gcás inarb iomchuí. Sa chás sin, tabharfar ar ais aon chistí iarmhéide ar bhonn pro rata go dtí an buiséad mar ioncam ginearálta do na Ballstáit a bhíonn ag ranníoc agus do dheontóirí eile.

6.  Taiscfear ranníocaíochtaí an Aontais agus na ndeontóirí i gcuntas sonrach bainc. Déanfar ranníocaíochtaí an Aontais a aistriú chuig an gcuntas sin ar bhonn iarrataí íocaíochta atá cuí-réasúnaithe le tuartha eisíocaíochtaí, agus na t-iarmhéid atá ar fáil ar an gcuntas agus an gá a eascraíonn as sin maidir le híocaíochtaí breise á gcur san áireamh. Soláthrófar tuartha eisíocaíochtaí ar bhonn bliantúil nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn leathbhliantúil.

Ní bheidh na ranníocaíochtaí sin corpraithe sa bhuiséad agus déanfaidh an Coimisiún iad a bhainistiú faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin trí tharmligean.

Feidhmeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta chiste iontaobhais an Aontais. Beidh sé nó sí freagrach as nósanna imeachta cuntasaíochta a leagan síos mar aon le cairt na gcuntas is coiteann do gach ciste iontaobhais an Aontais.

Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin agus an Chúirt Iniúchóirí na cumhachtaí céanna ar an gciste iontaobhais is a fheidhmíonn siad i ndáil le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a osclóidh agus a dhúnfaidh an cuntas sonrach bainc den chiste iontaobhais.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh deighilt dhocht ann idir dualgais cuntasaíochta agus na n-oifigeach údarúcháin.

Is iad gníomhaithe airgeadais an Choimisiúin, amhail a shainítear i gCaibidil 3 de Theideal IV de Chuid a hAon, a dhéanfaidh cistí a ghealladh agus a íoc.

7.  Tabharfar údarás don Choimisiún uasmhéid 5 % de na méideanna a chomhthiomsaítear sa chiste iontaobhais a aistarraingt chun a chostais bhainistíochta a chlúdach ó na blianta inar cuireadh tús leis na ranníocaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 6 a úsáid. Fad an chiste iontaobhais, comhshamhlaífear táillí bainistíochta den sórt sin le hioncaim sannta de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 21(2).

Gníomhóidh an t-oifigeach cuntasaíochta ar bhonn na n-orduithe gnóthúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gciste iontaobhais. Cuirfear ar ais chuig cuntas sonrach bainc an chiste iontaobhais aon ioncam a thagann as aisíocaíocht na n-orduithe gnóthúcháin sin. Déanfar na horduithe gnóthúcháin a chur ar ceal agus a tharscaoileadh faoi na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 80.

8.  Déanfaidh an Coimisiún a dhréachtchinntí maidir le ciste iontaobhais an Aontais a chruthú, a fhadú agus a leachtú a chur chuig an gcoiste inniúil dá bhforáiltear sa bhunghníomh faoina soláthraítear ranníocaíocht an Aontais chuig ciste iontaobhais an Aontais.

9.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú, tuairisciú agus rialachas a dhéanamh ar chistí iontaobhais i gcomhair gníomhaíochtaí seachtracha.

10.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair agus mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a bhfuil cistí iontaobhais an Aontais ag tacú leo, maidir lena gcur chun feidhme agus lena bhfeidhmíocht, agus maidir lena gcuntais. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil i gceangal leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear sa triú fomhír d'Airteagal 66(9).



Roinn 3

Modhanna eile bainistíochta

Airteagal 188

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach

1.  Beidh cur chun feidhme gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme go hindíreach de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) faoi réir grinnscrúdú an Choimisiúin agus Thoscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 56(2). Déanfar an grinnscrúdú sin trí fhormheas roimh ré, trí sheiceálacha ex post nó trí nós imeachta comhcheangailte.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí seachtracha trí bhainistíocht indíreach.

Airteagal 189

Comhaontuithe maoiniúcháin ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí seachtracha

1.  Beidh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí seachtracha a chuirfear i gcrích ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí seo a leanas:

(a) comhaontú maoinithe idir an Coimisiún agus eintiteas nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 185;

(b) conradh nó comhaontú deontais idir an Coimisiún agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as na gníomhaíochtaí a chur i gcrích.

Leagfar síos na téarmaí faoina dtabharfar cabhair sheachtrach san ionstraim lena ndéanfar bainistíocht ar na comhaontuithe maoinithe nó ar na conarthaí nó ar na deontais dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír.

2.  Tabharfar comhaontuithe maoiniúcháin leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 chun críche faoin 31 Nollaig de bhliain n+1, nuair is ionann bliain n agus an bhliain ar tugadh an gealltanas buiséid.

Leagfar síos sna comhaontuithe maoiniúcháin an tréimhse a ndéanfaidh na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 na conarthaí agus na deontais aonair ar fad a chuireann an ghníomhaíocht chun feidhme a thabhairt i gcrích lena linn. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná trí bliana tar éis an dáta a dtugtar an comhaontú maoinithe i gcrích, ach amháin:

(a) i gcás gníomhaíochtaí ildeontóirí;

(b) i gcásconarthaí aonair a bhaineann le hiniúchóireacht agus le meastóireacht;

(c) sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:

(i) cuirtear aguisíní le conarthaí atá tugtha i gcrích cheana féin;

(ii) tá conarthaí aonair le tabhairt i gcrích nuair a chuirfear deireadh luath le conradh reatha;

(iii) athruithe ar eintiteas ar cuireadh na cúraimí ar iontaoibh orthu.

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na cláir ilbhliantúla a chuirtear chun feidhme trí ghealltanais scoilte sna cásanna seo a leanas:

(a) an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais

(b) an Ionstraim um an mbeartas Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.

Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún na leithreasaí a shaoradh go huathoibríoch i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha.

3a.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le comhaontuithe maoinithe i ndáil le gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme.



CAIBIDIL 3

Soláthar

Airteagal 190

Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar

1.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar.

▼M2

2.  Forálacha Chaibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon a bhaineann leis na forálacha ginearálta maidir le soláthar, beidh siad infheidhme maidir le conarthaí a chumhdaítear leis an Teideal seo faoi réir na bhforálacha speisialta a bhaineann le tairseacha agus na socruithe maidir le conarthaí seachtracha a dhámhachtain a leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 117 ná ag Airteagal 120 maidir leis an soláthar atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) soláthar i gcás nach ndéanann an Coimisiún conarthaí a dhámhachtain as a stuaim féin;

(b) soláthar a dhéanann eintitis nó daoine a gcuirtear de chúram orthu de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) i gcás ina bhforáiltear dó sin sa chomhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 189.

▼B

3.  Leagfar amach na nósanna imeachta soláthair sna comhaontuithe maoinithe dá bhforáiltear in Airteagal 189.

▼M2

4.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gníomhaíochtaí faoi bhunghníomhartha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, a bhfuil baint acu le cabhair dhaonnúil um bainistiú géarchéime, le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

Airteagal 191

Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

1.  Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta soláthair oscailte ar théarmaí comhionanna do na daoine go léir atá faoi réim na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí a rialaíonn an earnáil comhair i dtrácht. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

2.  Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 54(2), féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla a bhfuil foras cuí tugtha ina leith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach leo, go ligfear do náisiúnaigh tríú tíortha, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tairiscint a chur isteach ar chonarthaí.

3.  I gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú ar leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí ar páirtí dó an tAontas, beidh na nósanna imeachta soláthair do chonarthaí arna maoiniú ón mbuiséad oscailte do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha lonnaithe i dtríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair.

▼B



CAIBIDIL 4

Deontais

Airteagal 192

Gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine

Ní fhéadfar gníomhaíocht a mhaoiniú ina hiomláine ón mbuiséad i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun í a chur i gcrích.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine.

Airteagal 193

Rialacha is infheidhme maidir le deontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

Maidir leis na nósanna imeachta deontais a bheidh le cur i bhfeidhm faoi bhainistíocht indíreach ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 185, leagfar síos iad sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus na heintitis sin.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta deontais is infheidhme faoi bhainistíocht indíreach.



CAIBIDIL 5

Cuntais a iniúchadh

Airteagal 194

Iniúchóireacht an Aontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

Ní mór a fhoráil go sainráite i ngach comhaontú idir an Coimisiún agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 185, nó i ngach comhaontú deontais nó cinneadh deontais, go mbeidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais.



TEIDEAL V

OIFIGÍ EORPACHA

Airteagal 195

Na hOifigí Eorpacha

1.  Chun críocha an Teidil seo is iad na "oifigí Eorpacha" na struchtúir riaracháin a bhunaigh institiúid amháin nó níos mó chun cúraimí leathana sonracha a chomhlíonadh.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le raon feidhme na n-oifigí Eorpacha agus maidir le toscaireachtaí ó na hinstitiúidí chuig na hoifigí Eorpacha.

2.  Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hoibriú OLAF, cé is moite d'Airteagal 198, d'Airteagal 199 agus d'Airteagal 200.

3.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir le hoibriú na n-oifigí Eorpacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

Airteagal 196

Leithreasaí i ndáil leis na hoifigí Eorpacha

1.  Maidir leis na leithreasaí do gach oifig Eorpach, a ndéanfar an méid iomlán a bheidh i gceist leo a leagan amach i líne shonrach buiséid laistigh den roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún, leagfar amach go mionchruinn iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an roinn sin.

Is i bhfoirm ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas a bheidh an Iarscríbhinn, agus í foroinnte ar an mbealach céanna leis na ranna den bhuiséad.

Na leithreasaí a chuirfear isteach san Iarscríbhinn sin, cumhdófar leo riachtanais airgeadais gach oifige Eorpaí i gcomhlíonadh a dualgas di thar ceann na n-institiúidí.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na leithreasaí do na hoifigí Eorpacha, lena n-áirítear cúraimí áirithe a bheith á dtarmligean ag an oifigeach cuntasaíochta, cisteán agus cuntais bainc.

2.  Cuirfear an plean bunaíochta a bheidh ag gach oifig Eorpach i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin.

3.  Déanfaidh Stiúrthóir gach oifige Eorpaí cinntí ar aistrithe laistigh den Iarscríbhinn dá bhforáiltear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis na haistrithe sin.

4.  Is cuid dhílis de chuntais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 141 a bheidh i gcuntais gach oifige Eorpaí.

Airteagal 197

Oifigeach Údarúcháin na n-oifigí Eorpacha

Maidir leis na leithreasaí a cuireadh isteach san Iarscríbhinn do gach oifig Eorpach, déanfaidh an Coimisiún cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig Stiúrthóir na hoifige Eorpaí i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 65.

Airteagal 198

Cuntais na n-oifigí idirinstitiúideacha Eorpacha

1.  Tarraingeoidh gach oifig idirinstitiúideach Eorpach suas cuntais anailíseacha dá caiteachas agus beifear in ann a chinneadh ar an gcaoi sin an céatadán dá seirbhísí a cuireadh ar fáil do gach institiúid. Stiúrthóir na hoifige Eorpaí i dtrácht, glacfaidh sé na critéir ar a mbunófar an córas cuntasaíochta, tar éis dá Coiste Bainistíochta iad a fhormheas.

2.  Sna nótaí a bhaineann le gach líne shonrach buiséid ina gcuirtear isteach an leithreas iomlán do gach oifig idirinstitiúideach Eorpach, léireofar meastachán ar chostas na seirbhísí a chuireann an oifig sin ar fáil do gach institiúid. Beidh sé sin bunaithe ar na cuntais anailíseacha dá bhforáiltear i mír 1.

3.  Tabharfaidh gach oifig idirinstitiúideach Eorpach fógra do na hinstitiúidí i dtrácht faoi thorthaí na gcuntas anailíseach.

Airteagal 199

Cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean d'oifigí idirinstitiúideacha Eorpacha

1.  Féadfaidh gach institiúid cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig stiúrthóir oifige idirinstitiúidí Eorpaí d'fhonn leithreasaí a cuireadh isteach ina roinn a bhainistiú, agus leagfaidh sí amach na teorainneacha agus na coinníollacha don tarmligean cumhachtaí sin.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cumhachtaí oifigigh údarúcháin a bheith á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige idirinstitiúidí Eorpaigh.

2.  Déanfaidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na freagrachtaí uile atá leagtha síos i gCaibidil 9 de Theideal IV de Chuid a hAon a fheidhmiú.

Airteagal 200

Seirbhísí do thríú páirtithe

Más cuid de chúram oifige Eorpaí soláthairtí a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh leasa airgid, déanfaidh a Stiúrthóir, tar éis formheas a fháil ón gCoiste Bainistíochta, na forálacha sonracha a leagan síos lena rialaítear soláthar na soláthairtí agus coinneáil na gcuntas comhfhreagrach.



TEIDEAL VI

LEITHREASAÍ RIARACHÁIN

Airteagal 201

Forálacha ginearálta

1.  Beidh feidhm ag Cuid a hAon agus ag Cuid a Trí maidir leis na leithreasaí riaracháin, mura bhforáiltear a mhalairt sa teideal seo.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe maidir le raon feidhme leithreasaí riaracháin agus ráthaíochtaí cíosa.

Airteagal 202

Gealltanais

1.  Ón 15 Deireadh Fómhair gach bliain, féadfar gnáthchaiteachas riaracháin a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasaí dá bhforáiltear don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh na gealltanais sin, áfach, aon cheathrú de na leithreasaí a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an líne chomhfhreagrach bhuiséadach don bhliain airgeadais reatha a shárú. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith acu maidir le caiteachas de chineál nach bhfuil formheasta i bprionsabal fós sa bhuiséad deireanach a glacadh mar is iomchuí.

2.  Caiteachas a chaithfear a íoc roimh ré de bhun forálacha conarthacha nó dlíthiúla, cíosanna mar shampla, ón 1 Nollaig ar aghaidh féadfaidh sé a bheith ina chúis le híocaíochtaí a chur de mhuirear ar na leithreasaí don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 203

Forálacha sonracha maidir le leithreasaí riaracháin

1.  Is leithreasaí neamhdhifreáilte a bheidh sna leithreasaí riaracháin.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe maidir le leithreasaí riaracháin sainiúla, lena n-áirítear foirgnimh agus airleacain chuig comhaltaí foirne d'institiúidí.

2.  Caiteachas riaracháin a éireoidh as conarthaí lena gcumhdaítear tréimhsí a leanann níos faide ar aghaidh ná an bhliain airgeadais, i gcomhréir le cleachtas áitiúil nó bainteach le soláthar trealaimh, muirearófar é ar bhuiséad na bliana airgeadais ina dtarlaíonn sé.

3.  Soláthróidh gach institiúid do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, faoin 1 Meitheamh gach bliain, doiciméad oibre maidir lena bheartas foirgníochta ina mbeidh an t-eolas seo a leanas:

(a) do gach foirgneamh, an caiteachas agus an t-achar dromchla atá cumhdaithe ag leithreasaí na línte buiséid comhfhreagracha;

(b) éabhlóid ionchasach chláreagrú foriomlán an achair dhromchla agus na suíomhanna do na blianta atá le teacht lena ngabhann cur síos ar na tionscadail foirgníochta sa chéim pleanála a bhfuil sainaithint déanta orthu cheana féin.

(c) téarmaí agus costais chríochnaitheacha chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme tionscadal i leith tionscadal nua foirgníochta a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin nós imeachta a bhunaítear i mír (4) agus i mír (5) agus nach bhfuil áirithe i ndoiciméid oibre na bliana roimhe sin.

4.  Maidir le haon tionscadal foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais aige ar an mbuiséad, cuirfidh an institiúid Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe is féidir faoin achar dromchla foirgníochta a éileofar agus faoin bpleanáil shealadach sula ndéanfar aon sirtheoireacht sa mhargadh áitiúil i gcás conarthaí tógála agus sula n-eiseofar cuirí chun tairisceana, nó sula dtarlóidh siad i gcás oibríochtaí foirgníochta.

5.  Maidir le haon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais aige ar an mbuiséad, tíolacfaidh an institiúid an tionscadal foirgníochta, lena n-áirítear a chostais mheasta mhionsonraithe agus a mhaoiniú, chomh maith le liosta de na dréachtchonarthaí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid, agus déanfaidh sí formheas a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle sula dtabharfar na conarthaí chun críche. Arna iarraidh sin don institiúid, déileálfar leis na doiciméid a thíolacfar i ndáil leis an tionscadal tógála ar mhodh rúin.

Cé is moite de chásanna force majeure, pléifidh an Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tionscadal foirgníochta laistigh de cheithre seachtaine tar éis don dá institiúid é a fháil.

Measfar an tionscadal foirgníochta a bheith formheasta ar dhul in éag don tréimhse ceithre seachtaine sin, mura rud é go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha don togra laistigh den tréimhse ama sin.

Má ardaíonn Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle cúiseanna imní cuí-réasúnaithe laistigh den tréimhse ceithre seachtaine sin, cuirfear fad dhá sheachtain uair amháin leis an tréimhse sin.

Má ghlacann Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha an tionscadail tógála, tarraingeoidh an institiúid lena mbaineann a togra siar agus féadfaidh sí togra nua a thíolacadh.

6.  I gcásanna force majeure, féadfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 4 a thíolacadh go comhpháirteach leis an tionscadal foirgníochta. Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tionscadal foirgníochta laistigh de 2 sheachtain tar éis don dá institiúid é a fháil. Measfar go mbeidh an tionscadal foirgníochta formheasta ar dhul in éag don tréimhse dhá sheachtain sin, mura rud é go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha don togra laistigh den tréimhse ama sin.

7.  Measfar gur thionscadail foirgníochta iad seo a leanas a mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais ar an mbuiséad acu:

(i) aon fháltas talún;

(ii) fáltas, díol, athchóiriú struchtúrtha, tógáil foirgneamh nó aon tionscadal lena gcomhcheanglaítear na heilimintí sin a bheidh le cur chun feidhme a sa fhráma ama céanna, ar tionscadal ar mó é ná EUR 3 000 000 ;

(iii) aon chonradh nua foirgníochta (lena n-áirítear cearta úsáide,léasanna fadtéarmacha agus athnuachan ar chonarthaí tógála atá ann cheana faoi choinníollacha is lú fabhar) nach gcumhdaítear le pointe (ii) lena ngabhann muirear bliantúil de EUR 750 000 ar a laghad;

(iv) fad a chur leis na conarthaí foirgníochta atá ann cheana, nó iad a athnuachan (lena n-áirítear cearta úsáide agus léasanna fadtéarmacha) faoi na coinníollacha céanna nó coinníollacha is mó fabhar, lena ngabhann ar a laghad muirear bliantúil EUR 3 000 000 .

Beidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail foirgníochta ar de chineál idirinstitiúideach iad, chomh maith le toscaireachtaí an Aontais.

8.  Gan dochar d'Airteagal 17, féadfar tionscadal fála foirgníochta a mhaoiniú trí iasacht, faoi réir formheasa roimh ré ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Déanfar iasachtaí a chur ar chonradh agus a aisíoc i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus ag féachaint go cuí do na leasanna airgeadais is fearr de chuid an Aontais.

Nuair a bheartaíonn an institiúid an fáltas a mhaoiniú trí iasacht, déanfaidh an plean maoiniúcháin a bheidh le tíolacadh, i dteannta na hiarrata le haghaidh formheas roimh ré arna dhéanamh ag an institiúid lena mbaineann, a shonrú go háirithe an méid uasta maoiniúcháin, an tréimhse maoiniúcháin, an cineál maoiniúcháin, na coinníollacha maoiniúcháin agus na coigiltis le hais cineálacha eile socruithe conarthacha.

Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle arna iarraidh le haghaidh formheasa roimh ré laistigh de cheithre seachtaine, ar féidir fad dhá sheachtain a chur leis uair amháin, ón dáta a mbeidh an togra sin faighte ag an dá institiúid. Measfar an fáltas trí iasacht a bheith diúltaithe mura mbeidh sé formheasta go sainráite ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh den spriocam.



TEIDEAL VII

SAINEOLAITHE

Airteagal 204

Saineolaithe seachtracha a íoctar

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le saineolaithe seachtracha, lena n-áirítear nós imeachta sonrach maidir le daoine nádúrtha a roghnú mar shaineolaithe seactracha a íoctar, cúnamh a thabhairt d'institiúidí chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar dheontais, ar thionscadail agus ar thairiscintí, agus tuairimí agus comhairle a sholáthar i gcásanna sonracha.

Íocfar saineolaithe den sórt sin ar bhonn méid shocraithe a fhógrófar roimh ré, agus roghnófar iad ar bhonn a gcumas gairmiúil. Déanfar an roghnóireacht ar bhonn critéar roghnóireachtaa urramaíonn prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus in éagmais aon choinbhleacht leasa.

▼M2

Beidh saineolaithe faoi réir Airteagal 105a, mír 1 go mír 3 agus mír 7, ach amháin pointe (b) den chéad fhomhír, agus an dara fomhír den mhír sin, faoi réir mhír 8 go mír 10, phointe (a) de mhír 11, mhír 13 go mír 17 d'Airteagal 106, agus faoi réir Airteagal 107 agus Airteagal 108.

▼B



CUID A TRÍ

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA AGUS IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 205

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ag féachaint do na Cistí dá dtagraítear in Airteagal 175(1) ar aisghaireadh na bunghníomhartha a bhain leo roimh an 1 Eanáir 2013, féadfar leithreasaí arna saoradh agus Airteagal 178 á chur i bhfeidhm a chur ar fáil arís i gcás earráide soiléire a bheidh inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin nó i gcás foiche Dé a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a fhaigheann maoiniú ó na Cistí sin.

2.  Maidir le haistriú leithreasaí a bhaineann le caiteachas oibríochtúil dá dtagraítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1260/1999, (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 1080/2006, (CE) Uimh. 1081/2006, (CE) Uimh. 1083/2006, (CE) Uimh. 1084/2006 agus (CE) Uimh. 1198/2006 a gcaithfear íocaíochtaí de chuid an Aontais a dhéanamh fós ina leith chun gealltanais an Aontais gan íoc go dtí tráth dúnta an chúnaimh a shocrú ó thaobh airgeadais de, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go dtí teideal eile ar chuntar gurb é an cuspóir céanna atá ag na leithreasaí lena mbaineann nó go bhfuil baint acu le tionscnaimh de chuid an Aontais nó le cúnamh teicniúil agus bearta nuálaíocha agus go n-aistrítear chuig bearta den chineál céanna iad.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le forálacha idithréimhseacha, lena n-áirítear maidir le leachtú an chuntais ráthaíochta agus nuashonrú a dhéanamh ar na tairseacha agus ar na méideanna.

Airteagal 206

Iarrataí ar fhaisnéis ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Beidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dteideal aon fhaisnéis nó míniú maidir le hábhair bhuiséadacha laistigh dá réimsí inniúlachta a fháil.

Airteagal 207

Tairseacha agus méideanna

Cumhachtófar don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaca leis na tairseacha agus na méideanna a leagtar síos sa Rialachán seo, gan dochar d'Airteagal 118.

Airteagal 208

Rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom

1.  Cumhachtófar don Choimisiún rialachán réime airgeadais a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 210 le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar an mbuiséad.

Beidh an rialachán réime airgeadais bunaithe ar na prionsabail agus ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí sin imeacht ón rialachán réime airgeadais ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus le réamhchead ón gCoimisiún.

2.  Is í Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, a urscaoilfidh cur chun feidhme bhuiséid na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1. Comhoibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trína bheith i láthair ag cruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.

3.  Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus na cumhachtaí a fheidhmíonn sé i leith ranna an Choimisiúin.

4.  Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách a fhíorú go dtugann na cuntais bhliantúla na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 léargas ceart ar an ioncam, an chaiteachas agus an staid airgeadais an chomhlachta ábhartha roimh an gcomhdhlúthú i gcuntais deiridh an Choimisiúin. Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh dá dtagraítear i mír 1, ullmhóidh an Chúirt Iniúchóirí Tuarascáil Bhliantúil Shonrach maidir le gach comhlacht i gcomhréir le ceanglais Airteagal 287(1) CFAE. Agus an tuarascáil sin á hullmhú aici, breithneoidh an Chúirt an obair iniúchóireachta a bheidh déanta ag an iniúchóir seachtrach neamhspleách agus an ghníomhaíocht a bheidh glactha mar fhreagairt ar thorthaí an iniúchóra.

Airteagal 209

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

►M2  1. ◄   Maidir leis na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu arna mbunú le bunghníomh agus ar cuireadh cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí-príobháidí ar a n-iontaoibh, glacfaidh siad a rialacha airgeadais.

Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú.

Cumhachtófar don Choimisiún eiseamláir de rialachán airgeadais a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 210 lena leagfar síos na prionsabail is gá chun bainistíocht fónta airgeadais ar cistí an Aontais a áirithiú agus a bheidh bunaithe ar Airteagal 60.

Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí sin imeacht ón eiseamláir de rialachán airgeadais ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus le cead roimh ré ón gCoimisiún.

▼M2

2.  Beidh feidhm ag mír 2 go mír 4 d'Airteagal 208.

▼B

Airteagal 210

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 11, 13, 19, 21, 22, 23, 25, 26, 29, 30, 31, 34, 35, 38, 41, 44, 49, 53, 54, 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 72, 73, 74, 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81, 83, 84, 85, 86, 87, 88, 89, 90, 92, 93, 98, 99, 100, 101, 103, 104, 105, 106, 107, 108, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 117, 118, 119, 121, 122, 123, 124, 125, 126, 128, 129, 130, 131, 132, 133, 134, 135, 137, 138, 139, 140, 142, 144, 181, 183, 184, 186, 187, 188, 189, 190, 191, 192, 193, 195, 196, 199, 201, 203, 204, 205, 207, 208 agus 209, déanfar é a tharmligean don Choimisiún suas go dtí deireadh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil iar-2013 dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná dhá bhliain roimh dheireadh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil iar-2013 dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí a chomhfhreagraíonn do chreataí airgeadais ilbhliantúla ina dhiaidh sin, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse bhailíochta an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil chomhfreagraigh.

3.  Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 11, 13, 19, 21, 22, 23, 25, 26, 29, 30, 31, 34, 35, 38, 41, 44, 49, 53, 54, 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 72, 73, 74, 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81, 83, 84, 85, 86, 87, 88, 89, 90, 92, 93, 98, 99, 100, 101, 103, 104, 105, 106, 107, 108, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 117, 118, 119, 121, 122, 123, 124, 125, 126, 128, 129, 130, 131, 132, 133, 134, 135, 137, 138, 139, 140, 142, 144, 181, 183, 184, 186, 187, 188, 189, 190, 191, 192, 193, 195, 196, 199, 201, 203, 204, 205, 207, 208 agus 209 féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5.  Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 8, 11, 13, 19, 21, 22, 23, 25, 26, 29, 30, 31, 34, 35, 38, 41, 44, 49, 53, 54, 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 72, 73, 74, 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81, 83, 84, 85, 86, 87, 88, 89, 90, 92, 93, 98, 99, 100, 101, 103, 104, 105, 106, 107, 108, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 117, 118, 119, 121, 122, 123, 124, 125, 126, 128, 129, 130, 131, 132, 133, 134, 135, 137, 138, 139, 140, 142, 144, 181, 183, 184, 186, 187, 188, 189, 190, 191, 192, 193, 195, 196, 199, 201, 203, 204, 205, 207, 208 agus 209, ní thiocfaidh siad i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 211

Athbhreithniú

Déanfar an Rialachán seo a athbhreithniú nuair is gá, agus in aon chás dhá bhliain ar a dhéanaí roimh dheireadh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil post-2013.

▼M2

Cumhdófar in athbhreithniú den sórt sin, inter alia, cur chun feidhme fhorálacha Theideal VIII de Chuid a hAon agus na spriocamanna a leagtar amach in Airteagal 163(1).

▼B

Airteagal 212

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a aisghairm. le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, cé is moite de:

(a) Airteagal 56 go hAirteagal 60, a mbeidh feidhm fós acu maidir le gealltanais a bheidh déanta go dtí an 31 Nollaig 2013;

(b) pointe (a) d'Airteagal 174(3), a mbeidh feidhm fós aige maidir le gealltanais a bheidh déanta go dtí an 31 Nollaig 2012; agus

(c) pointe (b) d'Airteagal 174(3), a mbeidh feidhm fós aige maidir leis na gealltanais a bheidh déanta idir 1 Eanáir 2013 agus an 31 Nollaig 2013.

Teideal VI de Chuid a hAon de Rialachán (CE, Euratom) Uimh 1605/2002, a mbeidh feidhm aige fós maidir le comhaontuithe deontais arna síniú agus cinntí deontais a mbeidh fógra tugtha fúthu suas go dtí an 31 Nollaig 2013 faoi chuimsiú na ngealltanas foriomlán faoin mbuiséad do 2012 nó do bhlianta roimhe sin, má mheasann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach amhlaidh, ag féachaint do phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.

Airteagal 213

Athbhreithniú maidir le SEGS

Déanfar an tríú fomhír d'Airteagal 68(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 98(2) a athbhreithniú in 2013 agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlacht SEGS agus go háirithe ar shainiúlacht thoscaireachtaí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar acmhainn leormhaith bainistíochta airgeadais SEGS.

Airteagal 214

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013, cé is moite de:

(a) Airteagal 58 go hAirteagal 63, nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le gealltanais a bheidh déanta ón 1 Eanáir 2014.

(b) Pointe (ba) den dara fomhír d'Airteagal 50(1) agus Airteagal 82, Airteagal 139 agus Airteagal 140, a mbeidh feidhm acu amhail ón 1 Eanáir 2014.

(c) Airteagal 177, Airteagal 179 agus Airteagal 210, a mbeidh feidhm acu ón 27 Deireadh Fómhair 2012

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.




IARSCRÍBHINN



AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

Rialachán Nua

Teidil

CUID A hAON

CUID A hAON

FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL I

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Airteagal 1

Ábhar

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 2

Airteagal 3

Reachtaíocht thánaisteach a bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo

Airteagal 5

Cosaint sonraí pearsanta

TEIDEAL II

TEIDEAL II

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 3

Airteagal 6

Na prionsabail bhuiséadacha a urramú

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Prionsabal na haontachta agus prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 4

Airteagal 7

Raon feidhme an bhuiséid

Airteagal 5

Airteagal 8

Na rialacha sonracha maidir le prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 5a

Airteagal 4

Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Prionsabal na bliantúlachta

Airteagal 6

Airteagal 9

Sainmhíniú

Airteagal 7

Airteagal 10

Cineálacha leithreasaí

Airteagal 8

Airteagal 11

Cuntasaíocht maidir le hioncam agus leithreasaí

Airteagal 9

Airteagal 13

Leithreasaí a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

Airteagal 10

Airteagal 14

Rialacha maidir le hioncam sannta a thabhairt anonn

Airteagal 11

Airteagal 15

Leithreasaí a shaoradh

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 16

Na rialacha is infheidhme maidir leis an mbuiséad a ghlacadh go déanach

CAIBIDIL 3

CAIBIDIL 3

Prionsabal na cothromaíochta

Airteagal 14

Airteagal 17

Sainiú agus raon feidhme

Airteagal 15

Airteagal 18

Iarmhéid ón mbliain airgeadais

CAIBIDIL 4

CAIBIDIL 4

Prionsabal an aonaid chuntais

Airteagal 16

Airteagal 19

Úsáid an Euro

CAIBIDIL 5

CAIBIDIL 5

Prionsabal na huilíochta

Airteagal 17

Airteagal 20

Sainmhíniú agus raon feidhme

Airteagal 18

Airteagal 21

Ioncam sannta

Airteagal 19

Airteagal 22

Tabhartais

Airteagal 20

Airteagal 23

Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar ráta malairte

CAIBIDIL 6

CAIBIDIL 6

Prionsabal na sonraíochta

Airteagal 21

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

Airteagal 22

Airteagal 25

Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí seachas an Coimisiún

Airteagal 23

Airteagal 26

Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún

Airteagal 24

Airteagal 27

Tograí i ndáil le haistriú a chuireann na hinstitiúidí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle

Airteagal 25

Airteagal 28

Rialacha sonracha maidir le haistrithe

Airteagal 26

Airteagal 29

Aistrithe faoi réir forálacha speisialta

CAIBIDIL 7

CAIBIDIL 7

Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 27

Airteagal 30

Prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta

Airteagal 28

Airteagal 31

Ráiteas airgeadais éigeantach

Airteagal 32

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 33

Córais rialaithe

CAIBIDIL 8

CAIBIDIL 8

Prionsabal na trédhearcachta

Airteagal 29

Airteagal 34

Cuntais, buiséid agus tuarascálacha a fhoilsiú

Airteagal 30

Airteagal 35

Faisnéis faoi fhaighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú

TEIDEAL III

TEIDEAL III

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL I

An buiséid a bhunú

Airteagal 31

Airteagal 36

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas

Airteagal 32

Airteagal 37

Buiséad measta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 200

Airteagal 33

Airteagal 38

Dréachtbhuiséad

Airteagal 34

Airteagal 39

An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 40

Oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as an mbuiséad a ghlacadh

Airteagal 37

Airteagal 41

Dréachtbhuiséid leasaitheacha

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 42

Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 40

Airteagal 43

Struchtúr an bhuiséid

Airteagal 41

Airteagal 44

Ainmníocht bhuiséadach

Airteagal 42

Airteagal 45

Toirmeasc ar ioncam diúltach

Airteagal 43

Airteagal 46

Forálacha

Airteagal 44

Airteagal 47

Cúlchiste diúltach

Airteagal 45

Airteagal 48

Cúlchiste le haghaidh cúnaimh éigeandála

Airteagal 46

Airteagal 49

Tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 47

Airteagal 50

Rialacha maidir leis an bplean bunaíochta don fhoireann

CAIBIDIL 3

An smacht buiséadach

Airteagal 51

An creat airgeadais ilbhliantúil a chomhlíonadh

Airteagal 52

Gníomhartha an Aontais a bheith i gcomhréir leis an mbuiséad

TEIDEAL IV

TEIDEAL IV

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 48

Airteagal 53

An buiséad a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 49

Airteagal 54

An bunghníomh agus eisceachtaí

Airteagal 50

Airteagal 55

An buiséad arna chur chun feidhme ag institiúidí seachas an Coimisiún

Airteagal 51

Airteagal 56

Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean

Airteagal 52

Airteagal 57

Coinbhleacht leasa

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Modhanna cur chun feidhme

Airteagal 53

Airteagal 58

Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 53a

Airteagal 53b

Airteagal 59

Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit

Airteagal 53c

Airteagal 60

Bainistíocht indíreach

Airteagal 53d

Airteagal 54

Airteagal 61

Measúnuithe ex ante agus comhaontuithe tarmligin

Airteagal 55

Airteagal 62

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 63

Teorainneacha le tarmligean cumhachtaí

CAIBIDIL 3

CAIBIDIL 3

Gníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 58

Airteagal 64

Cúraimí a leithscaradh

Roinn 2

Roinn 2

An t-oifigeach údarúcháin

Airteagal 59

Airteagal 65

An t-oifigeach údarúcháin

Airteagal 60

Airteagal 66

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh údarúcháin

Airteagal 60a

Airteagal 67

Cumhachtaí agus dualgais Chinn Thoscaireachtaí an Aontais

Roinn 3

Roinn 3

An t-oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 61

Airteagal 68

Cumhachtaí agus cúraimí an oifigigh chuntasaíochta

Airteagal 62

Airteagal 69

Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean

Roinn 4

Roinn 4

An riarthóir óinchiste

Airteagal 63

Airteagal 70

Cuntais óinchiste

CAIBIDIL 4

CAIBIDIL 4

Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Roinn 1

Rialacha Ginearálta

Airteagal 64

Airteagal 71

An tarmligean a tharraingt siar agus na cúraimí a tugadh do ghníomhaithe airgeadais a chur ar fionraí

Airteagal 65

Airteagal 72

Dliteanas an oifigigh údarúcháin maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, nó éilliú

Roinn 2

Roinn 2

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

Airteagal 66

Airteagal 73

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

Roinn 3

Roinn 3

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste

Airteagal 67

Airteagal 74

Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta

Airteagal 68

Airteagal 75

Rialacha is infheidhme maidir le riarthóirí óinchiste

CAIBIDIL 5

CAIBIDIL 5

Oibríochtaí ioncaim

Roinn 1

Roinn 1

Acmhainní dílse a chur ar fáil

Airteagal 69

Airteagal 76

Acmhainní dílse

Roinn 2

Roinn 2

Méideanna is infhaighte a mheas

Airteagal 70

Airteagal 77

Na méideanna is infhaighte a mheas

Roinn 3

Roinn 3

Na méideanna is infhaighte a bhunú

Airteagal 71

Airteagal 78

Na méideanna is infhaighte a bhunú

Roinn 4

Roinn 4

Gnóthú a údarú

Airteagal 72

Airteagal 79

Gnóthú a údarú

Roinn 5

Roinn 5

Gnóthú

Airteagal 73

Airteagal 80

Rialacha maidir le gnóthú

Airteagal 73a

Airteagal 81

Tréimhse teorann

Airteagal 82

Conas caitheamh le teidlíochtaí de chuid an Aontais sna Ballstáit

Airteagal 74

Airteagal 83

Fíneálacha, pionóis agus ús fabhraithe arna bhforchur ag an gCoimisiún Toc278806515

CAIBIDIL 6

CAIBIDIL 6

Oibríochtaí caiteachais

Airteagal 75

Airteagal 84

Cinntí maidir le maoiniú

Roinn 1

Roinn 1

Caiteachas a ghealladh

Airteagal 76

Airteagal 85

Cineálacha gealltanas

Airteagal 77

Airteagal 86

Rialacha is infheidhme maidir le gealltanais

Airteagal 78

Airteagal 87

Seiceálacha is infheidhme maidir le gealltanais

Roinn 2

Roinn 2

Caiteachas a bhailíochtú

Airteagal 79

Airteagal 88

Caiteachas a bhailíochtú

Roinn 3

Roinn 3

Caiteachas a údarú

Airteagal 80

Airteagal 89

Caiteachas a údarú

Roinn 4

Roinn 4

Caiteachas a íoc

Airteagal 81

Airteagal 90

Cineálacha íocaíochtaí

Airteagal 82

Airteagal 91

Íocaíocht atá teoranta do na cistí atá ar fáil

Roinn 5

Roinn 5

Teorainneacha ama d'oibríochtaí caiteachais

Airteagal 83

Airteagal 92

Teorainneacha ama

CAIBIDIL 7

CAIBIDIL 7

Córais TF agus r-Rialtas

Airteagal 84

Airteagal 93

Oibríochtaí a bhainistiú go leictreonach

Airteagal 94

Doiciméid a tharchur

Airteagal 95

r-Rialtas

CAIBIDIL 8

Prionsabail riaracháin

Airteagal 96

Dea-riarachán

Airteagal 97

Léiriú ar mhodhanna sásaimh

CAIBIDIL 8

CAIBIDIL 9

Iniúchóir inmheánach

Airteagal 85

Airteagal 98

Iniúchóir inmheánach a cheapadh

Airteagal 86

Airteagal 99

Cumhachtaí agus cúraimí an iniúchóra inmheánaigh

Airteagal 87

Airteagal 100

Neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh

TEIDEAL V

TEIDEAL V

SOLÁTHAR POIBLÍ

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Roinn 1

Roinn 1

Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana

Airteagal 88

Airteagal 101

Conarthaí poiblí a shainiú

Airteagal 89

Airteagal 102

Prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí poiblí

Roinn 2

Roinn 2

Foilsiú

Airteagal 90

Airteagal 103

Conarthaí poiblí a fhoilsiú

Roinn 3

Roinn 3

Nósanna imeachta soláthair

Airteagal 91

Airteagal 104

Nósanna imeachta soláthair

Airteagal 92

Airteagal 105

Inneachar na ndoiciméad tairisceana

Airteagal 93

Airteagal 106

Rialacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um soláthair

Airteagal 94

Airteagal 107

Critéir eisiaimh is infheidhme

Airteagal 95

Airteagal 108

Bunachar sonraí lárnach maidir le heisiamh

Airteagal 96

Airteagal 109

Pionóis riaracháin agus airgeadais

Airteagal 97

Airteagal 110

Critéir maidir le conarthaí a dhámhachtain

Airteagal 98

Airteagal 111

Tairiscintí a chur isteach

Airteagal 99

Airteagal 112

Prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta

Airteagal 100

Airteagal 113

Cinneadh na dámhachtana

Airteagal 101

Airteagal 114

An nós imeachta soláthair a chur ar ceal

Roinn 4

Roinn 4

Ráthaíochtaí agus gníomhaíocht cheartaitheach

Airteagal 102

Airteagal 115

Ráthaíochtaí

Airteagal 103

Airteagal 116

Earráidí, mírialtachtaí agus calaois sa nós imeachta

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag na hinstitiúidí a stuaim féin

Airteagal 104

Airteagal 117

An t-údarás conarthach

Airteagal 105

Airteagal 118

Tairseacha is infheidhme

Airteagal 106

Airteagal 119

Rialacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um thairiscintí

Airteagal 107

Airteagal 120

Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda

TEIDEAL VI

TEIDEAL VI

DEONTAIS

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Raon feidhme agus foirm na ndeontas

Airteagal 108

Airteagal 121

Raon feidhme na ndeontas

Airteagal 122

Tairbhithe

Airteagal 108a

Airteagal 123

Foirmeacha deontas

Airteagal 124

Cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Prionsabail

Airteagal 109

Airteagal 125

Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais

Airteagal 126

Costais incháilithe

Airteagal 127

Cómhaoiniú comhchineáil

Airteagal 110

Airteagal 128

Trédhearcacht

Airteagal 111

Airteagal 129

Prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí

Airteagal 112

Airteagal 130

Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta

Airteagal 113

CAIBIDIL 3

CAIBIDIL 3

Nós imeachta um dhámhachtain

Airteagal 114

Airteagal 131

Iarratais ar dheontais

Airteagal 115

Airteagal 132

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

Airteagal 116

Airteagal 133

An nós imeachta meastóireachta

Airteagal 117

CAIBIDIL 4

CAIBIDIL 4

Íocaíocht agus rialú

Airteagal 118

Airteagal 134

Ráthaíocht réamh-mhaoinithe

Airteagal 119

Airteagal 135

Deontais a íoc agus rialuithe

Airteagal 136

Tréimhsí chun taifid a choimeád

CAIBIDIL 5

CAIBIDIL 5

Cur chun feidhme

Airteagal 120

Airteagal 137

Conarthaí cur chun feidhme agus tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe

TEIDEAL VII

DUAISEANNA

Airteagal 138

Rialacha Ginearálta

TEIDEAL VIII

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 139

Sainmhíniú agus raon feidhme

Airteagal 140

Prionsabail agus coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais

TEIDEAL VII

TEIDEAL IX

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Na cuntais a thíolacadh

Airteagal 121

Airteagal 141

Struchtúr na gcuntas

Airteagal 122

Airteagal 142

Tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus ar bhainistíocht airgeadais

Airteagal 123

Airteagal 143

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

Airteagal 124

Airteagal 144

Prionsabail chuntasaíochta

Airteagal 125

Airteagal 126

Airteagal 145

Ráitis airgeadais

Airteagal 127

Airteagal 146

Tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 128

Airteagal 147

Cuntais shealadacha

Airteagal 129

Airteagal 148

Na cuntais chomhdhlúite deiridh a fhormheas

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Faisnéis maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Airteagal 130

Airteagal 149

Tuarascáil ar na ráthaíochtaí agus ar na rioscaí buiséadacha

Airteagal 131

Airteagal 150

Faisnéis maidir le cur chun feidhme an bhuiséid

CAIBIDIL 3

CAIBIDIL 3

Cuntasaíocht

Roinn 1

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 132

Airteagal 151

An córas cuntasaíochta

Airteagal 133

Airteagal 152

Comhcheanglais do chóras cuntasaíochta na n-institiúidí

Roinn 2

Roinn 2

Cuntais ghinearálta

Airteagal 134

Airteagal 153

Na cuntais ghinearálta

Airteagal 135

Airteagal 154

Iontrálacha sna cuntais ghinearálta

Airteagal 136

Airteagal 155

Coigeartuithe cuntasaíochta

Roinn 3

Roinn 3

Cuntais bhuiséadacha

Airteagal 137

Airteagal 156

Cuntasaíocht bhuiséadach

CAIBIDIL 4

CAIBIDIL 4

Fardail maoine

Airteagal 138

Airteagal 157

An fardal

TEIDEAL VIII

TEIDEAL X

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH

CAIBIDIL 1

CAIBIDIL 1

Iniúchóireacht sheachtrach

Airteagal 139

Airteagal 158

Iniúchóireacht sheachtrach arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí

Airteagal 140

Airteagal 159

Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht

Airteagal 141

Airteagal 160

Seiceálacha ar urrúis agus ar airgead tirim

Airteagal 142

Airteagal 161

Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 143

Airteagal 162

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 144

Airteagal 163

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Urscaoileadh

Airteagal 145

Airteagal 164

Amchlár an nós imeachta um urscaoileadh

Airteagal 146

Airteagal 165

An nós imeachta um urscaoileadh

Airteagal 147

Airteagal 166

Bearta leantacha

Airteagal 147a

Airteagal 167

Forálacha sonracha maidir leis an SEGS

CUID A DÓ

CUID A DÓ

FORÁLACHA SPEISIALTA

TEIDEAL I

TEIDEAL I

AN CISTE EORPACH UM RÁTHAÍOCHT TALMHAÍOCHTA

Airteagal 148

Airteagal 168

Forálacha speisialta maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta

Airteagal 149

Airteagal 169

Gealltanais leithreasaí CERT

Airteagal 150

Airteagal 170

Gealltanais shealadacha fhoriomlána leithreasaí CERT

Airteagal 151

Airteagal 171

Sceideal agus uainiú ghealltanais bhuiséadacha CERT

Airteagal 152

Airteagal 172

Cuntasaíocht chaiteachas CERT

Airteagal 153

Airteagal 173

Leithreasaí CERT a aistriú

Airteagal 154

Airteagal 174

Ioncam sannta chistí CERT

TEIDEAL II

TEIDEAL II

NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COMHTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE AGUS CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA mBAINISTIÚ FAOIN mBAINISTÍOCHT ROINNTE

Airteagal 155

Airteagal 175

Forálacha speisialta

Airteagal 176

Na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a urramú

Airteagal 156

Airteagal 177

Ranníocaíochtaí a íoc, íocaíochtaí eatramhacha agus aisíocaíochtaí

Airteagal 157

Airteagal 178

Leithreasaí a shaoradh

Airteagal 158

Airteagal 179

Leithreasaí a aistriú

Airteagal 159

Airteagal 180

Bainistíocht, roghnú agus iniúchóireacht

TEIDEAL III

TEIDEAL III

TAIGHDE

Airteagal 160

Airteagal 181

Cistí taighde

Airteagal 160a

Airteagal 182

Gealltanais maidir leis an gCiste Taighde

Airteagal 161

Airteagal 183

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde

TEIDEAL IV

TEIDEAL IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

CAIBIDIL I

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 162

Airteagal 184

Gníomhaíochtaí seachtracha

CAIBIDIL 2

CAIBIDIL 2

Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 163

Airteagal 185

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme

Roinn 2

Tacaíocht buiséid agus cistí iontaobhais ildeontóirí

Airteagal 186

Úsáid tacaíocht buiséid

Airteagal 164 (aisghairthe)

Airteagal 187

Cistí iontaobhais an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

Roinn 3

Modhanna eile bainistíochta

Airteagal 165

Airteagal 188

Gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach

Airteagal 166

Airteagal 189

Comhaontuithe maoiniúcháin ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí seachtracha

CAIBIDIL 3

CAIBIDIL 3

Soláthar

Airteagal 167

Airteagal 190

Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar

Airteagal 168

Airteagal 191

Rialacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um thairiscintí

CAIBIDIL 4

CAIBIDIL 4

Deontais

Airteagal 169

Airteagal 192

Gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine

Airteagal 169a

Airteagal 193

Rialacha is infheidhme maidir le deontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

CAIBIDIL 5

CAIBIDIL 5

Iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais

Airteagal 170

Airteagal 194

Iniúchóireacht an Aontais i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach

TEIDEAL V

TEIDEAL V

OIFIGÍ EORPACHA

Airteagal 171

Airteagal 195

Na hOifigí Eorpacha

Airteagal 172

Airteagal 196

Leithreasaí i ndáil leis na h-oifigí Eorpacha

Airteagal 173

Airteagal 197

Oifigeach Údarúcháin na n-oifigí Eorpacha

Airteagal 174

Airteagal 198

Cuntais na n-oifigí Eorpacha

Airteagal 174a

Airteagal 199

Cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean d'oifigí

Airteagal 175

Airteagal 200

Seirbhísí do thríú páirtithe

Airteagal 176 (aisghairthe)

TEIDEAL VI

TEIDEAL VI

LEITHREASAÍ RIARACHÁIN

Airteagal 177

Airteagal 201

Forálacha ginearálta

Airteagal 178

Airteagal 202

Gealltanais

Airteagal 179

Airteagal 203

Forálacha sonracha maidir le leithreasaí riaracháin

TEIDEAL VII

TEIDEAL VII

SAINEOLAITHE

Article 179a

Airteagal 204

Saineolaithe seachtracha a íoctar

CUID A TRÍ

CUID A TRÍ

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA AGUS IDIRTHRÉIMHSEACHA

TEIDEAL I

Airteagal 180 (aisghairthe)

Airteagal 181

Airteagal 205

Forálacha idirthréimhseacha

TEIDEAL II

Airteagal 182

Airteagal 206

Faisnéis a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Tairseacha agus méideanna

Airteagal 183

Airteagal 207

An tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 185

Airteagal 210

Rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom

Airteagal 208

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

Airteagal 184

Airteagal 209

Athbhreithniú

Airteagal 186

Airteagal 211

Aisghairm

Airteagal 186a

Airteagal 212

Athbhreithniú maidir leis an SEGS

Airteagal 187

Airteagal 213

Teacht i bhfeidhm




COMHRÁITEAS AR SHAINCHEISTEANNA A BHAINEANN LE CAI

"Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-aithbhreithneofaí an Rialachán Airgeadais chun go n-áireofaí na leasuithe is gá de bharr thoradh na caibidlíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas:

 na rialacha tabhartha anonn don Chúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála agus do thionscadail arna maoiniú faoin Áis Chónasctha don Eoraip;

 na leithreasaí nár úsáideadh agus comhordú an bhuiséid a thabhairt anonn, chomh maith leis an togra gaolmhar chun iad sin a chur isteach i gcúlchiste d'íocaíochtaí agus do ghealltanais;

 an bhféadfaí an Ciste Eorpach Forbraíochta a áireamh i mbuiséad an Aontais;

 na cistí atá mar thoradh ar na comhaontuithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála neamhdhleathaí ar tháirgí tobac a láimhseáil."




RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE CAITEACHAS A BHAINEANN LE FOIRGNIMH FAOI THREOIR AIRTEAGAL 203

"Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an méid seo a leanas:

1. an nós imeachta luathrabhaidh dá bhforáiltear in Airteagal 203(4)agus an nós imeachta um fhormheas roimh ré dá bhforáiltear in Airteagal 203(5) níl feidhm acu maidir le talamh a fháil saor in aisce nó ar mhéid siombalach;

2. aon tagairtí do "foirgnimh" in Airteagal 203, ní bheidh feidhm acu ach amháin maidir le foirgnimh neamhchónaitheacha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aon fhaisnéis a iarraidh a bhaineann le foirgnimh chónaitheacha;

3. in imeachtaí eisceachtúla nó in imeachtaí polaitiúla práinne, féadfar an fhaisnéis i dtaca le tionscadail foirgníochta a bhaineann le toscaireachtaí AE nó oifigí i dtríú tíortha dá bhforáiltear in Airteagal 203(4) in a thíolacadh go comhpháirteach leis an tionscadal foirgníochta faoi Airteagal 203(5); Sna cásanna sin gabhann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún orthu féin déileáil leis an tionscadal foirgníochta a luaithe is féidir;

4. an nós imeachta um fhormheas roimh ré dá bhforáiltear in Airteagal 203(5) agus (6), níl feidhm aige maidir le conarthaí ná staidéir is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chostas mionsonraithe agus ar mhaoiniú an tionscadail foirgníochta;

5. áirítear feistiú an fhoirgnimh sna tairseacha EUR 750 000 nó EUR 3 000 000 dá dtagraítear i bpointí (ii) go (iv) d'Airteagal 203(7); maidir le conarthaí cíosa, tá feidhm ag má tairseacha sin maidir le cíos gan mhuirir ach áirítear ann costais a bhaineann le foirgneamh a fheistiú;

6. ní áirítear muirir sa chaiteachas a luaitear faoi Airteagal 203(3)(a);

7. bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 203".




RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA HEORPA, ÓN GCOMHAIRLE AGUS ÓN GCOIMISIÚN MAIDIR LE HAIRTEAGAL 203(3)

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar forálacha coibhéiseacha sa Chreat-Rialachán Airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoin CFAE agus faoin gConradh Euratom.



( 1 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

( 2 ) IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

( 3 ) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

( 4 ) IO L 130, 31.5.2000, lch. 1.

( 5 ) IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

( 6 ) IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.

( 7 ) IO L 163, 23.6.2007, lch 17.

( 8 ) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

( 9 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

( 10 ) IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.

( 11 ) IO C 195, 25.6.1997, lch. 1.

( 12 ) Cinneadh Réime 2003/568/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54).

( 13 ) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

( 14 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

( 15 ) Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).

( 16 ) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

( 17 ) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

( 18 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 19 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 20 ) IO L 209, 11.08.2005, lch. 1.

( 21 ) IO L 297, 15.11.2003, lch. 1.

( 22 ) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

( 23 ) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

( 24 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

( 25 ) IO L 30, 31.1.2009, lch. 16.

( 26 ) IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

( 27 ) IO L 210, 31.7.2006, lch. 1.

( 28 ) IO L 210, 31.7.2006, lch. 12.

( 29 ) IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

( 30 ) IO L 210, 31.7.2006, lch. 79.

( 31 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

( 32 ) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

Top