EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0810-20160412

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/2016-04-12

02009R0810 — GA — 12.04.2016 — 004.005


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí

(Cód Víosaí)

(IO L 243 15.9.2009, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION REGULATION (EU) No 977/2011 of 3 October 2011 (*)

  L 258

9

4.10.2011

►M2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 154/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Feabhra 2012

  L 58

3

29.2.2012

►M3

RIALACHÁN (AE) Uimh. 610/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013

  L 182

1

29.6.2013

►M4

RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Márta 2016

  L 77

1

23.3.2016


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 284, 12.11.2018, lch.  38 (810/2009)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí

(Cód Víosaí)



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

▼M3

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh idirthuras trí chríoch na mBallstát nó le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát, agus nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

▼B

2.  Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le haon náisiúnach tríú tír nach mór víosa a bheith aige ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin ( 1 ) gan dochar don mhéid seo leanas:

(a) na cearta saorghluaiseachta atá ag náisiúnaigh tríú tíortha ar daoine de theaghlaigh shaoránaigh an Aontais iad,

(b) na cearta coibhéiseacha a theachtann náisiúnaigh tríú tíortha agus daoine dá dteaghlaigh, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlaigh faoi chomhaontuithe idir an Comhphobal agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus idir an Comhphobal agus na tríú tíortha sin, ar an taobh eile.

3.  Leis an Rialachán seo, liostaítear freisin na tríú tíortha a gceanglaítear ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu mar eisceacht ó phrionsabal an tsaor-idirthurais a leagtar síos in Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint chun críche idirthurais trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt na mBallstát.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh;

2. ciallaíonn ‘víosa’ údarú arna eisiúint ag Ballstát d’fhonn:

▼M3

(a) go ndéanfaí idirthuras trí chríoch na mBallstát nó go bhfanfaí ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá ón dáta a rachfar isteach den chéad uair ar chríoch na mBallstát,

▼B

(b) go ndéanfaí idirthuras trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt na mBallstát.

3. ciallaíonn ‘víosa aonfhoirmeach’ víosa atá bailí do chríoch iomlán na mBallstát;

4. ciallaíonn ‘víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige’ víosa atá bailí do chríoch Ballstáit amháin nó do chríoch níos mó ná Ballstáit amháin ach nach bhfuil bailí do chríoch na mBallstát go léir;

5. ciallaíonn ‘víosa idirthurais aerfoirt’ víosa atá bailí le haghaidh idirthurais trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfort amháin nó níos mó d’aerfoirt na mBallstát;

6. ciallaíonn ‘greamán víosa’ an fhormáid aonfhoirmeach do víosaí faoi mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 an 29 Bealtaine 1995 ag leagan síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí ( 2 );

7. ciallaíonn ‘doiciméad taistil aitheanta’ doiciméad taistil arna aithint ag Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin chun críche víosaí a ghreamú de;

8. ciallaíonn ‘leathán ar leith le haghaidh víosa a ghreamú de’ an fhormáid aonfhoirmeach do na foirmeacha a ngreamaítear an víosa díobh arna n-eisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ar seilbh acu ar doiciméid iad nach n-aithníonn an Ballstát a tharraingíonn suas an fhoirm a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach d’fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag Ballstát chuig daoine atá i seilbh doiciméad taistil nach n-aithníonn an Ballstát a tharraing suas an fhoirm ( 3 );

9. ciallaíonn ‘consalacht’ misean taidhleoireachta Ballstáit nó post consalach Ballstáit atá údaraithe chun víosaí a eisiúint agus atá faoi cheannas oifigigh chonsalachta ghairmiúil faoi mar a shainmhínítear é i gCoinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963;

10. ciallaíonn ‘iarratas’ iarratas ar víosa;

11. ciallaíonn ‘idirghabhálaí tráchtála’ gníomhaireacht riaracháin phríobháideach, cuideachta iompair nó gníomhaireacht taistil (tionscnóir turas nó miondioltóir).



TEIDEAL II

VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT

Airteagal 3

Náisiúnaigh tríú tíortha a gceanglaítear orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu

1.  Ceanglófar ar náisiúnaigh de chuid na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IV víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch na mBallstát.

2.  I gcásanna práinneacha ina mbeidh insreabhadh mór d’inimircigh neamhdhleathacha isteach sa tír, féadfaidh Ballstáit aonair a cheangal ar náisiúnaigh tríú tíortha is náisiúnaigh de thríú tíortha iad seachas na tíortha dá dtagraítear i mír 1, víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar a gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cinntí sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus faoi tharraingt siar cheanglais den sórt sin i dtaca le víosa idirthurais aerfoirt.

3.  Laistigh de chreat an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 52(1), déanfar athbhreithniú ar na fógraí sin ar bhonn bliantúil d’fhonn an tríú tír lena mbaineann a aistriú chuig an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

4.  Mura n-aistrítear an tríú tír chuig an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an ceanglas i dtaca le víosa idirthurais aerfoirt a choimeád ar bun nó a tharraingt siar, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá i mír 2.

5.  Díolmhaítear na catagóirí daoine seo a leanas ón gceanglas dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 maidir le víosa idirthurais aerfoirt a shealbhú:

(a) sealbhóirí víosa bailí aonfhoirmí, víosa fadfhanachta náisiúnta nó ceada chónaithe arna heisiúint nó arna eisiúint ag Ballstát;

▼M2

(b) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó ag Ballstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus a liostaítear in Iarscríbhinn V, lena ráthaítear go nglacfar isteach an athuair an sealbhóir gan choinníoll;

(c) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu do Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, do Bhallstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó do Cheanada, don tSeapáin nó do Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;

▼B

(d) daoine de theaghlaigh shaoránaigh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a);

(e) sealbhóirí pasanna taidhleoireachta;

(f) criú eitilte ar náisiúnaigh iad de Pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.



TEIDEAL III

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LE VÍOSAÍ A EISIÚINT



CAIBIDIL I

Na húdaráis a ghlacfaidh páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

Airteagal 4

Na húdaráis atá inniúil chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

1.  Scrúdóidh consalachtaí iarratais agus déanfaidh siad cinntí fúthu.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine iarratais a scrúdú agus a chinneadh fúthu ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 36.

3.  I gcríocha thar lear neamh–Eorpacha na mBallstát, féadfaidh na húdaráis a bheidh ainmnithe ag an mBallstát lena mbaineann na hiarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh fúthu.

4.  Féadfaidh Ballstát a cheangal go mbeadh údaráis eile rannpháirteach, seachas na húdaráis atá ainmnithe i mír 1 agus i mír 2, i scrúdú agus i gcinneadh iarratas.

5.  Féadfaidh Ballstát a cheangal go rachaidh Ballstát eile i gcomhairle leis nó go gcuirfidh Ballstát eile ar an eolas é i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 31.

Airteagal 5

Ballstát atá inniúil ar iarratas a scrúdú agus a chinneadh

1.  Is é seo an Ballstát a bheidh inniúil ar iarratas ar víosa aonfhoirmeach a scrúdú agus a chinneadh:

(a) an Ballstát arb ionann a chríoch agus ceann scríbe aonair na cuairte nó na gcuairteanna, nó

(b) má chuimsíonn an chuairt níos mó ná ceann scríbe amháin, an Ballstát arb ionann a chríoch agus príomhcheann scríbe na cuairte nó na gcuairteanna maidir le fad nó cuspóir an fhanachta, nó

(c) mura féidir an príomhcheann scríbe a chinneadh, an Ballstát a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir a theorainn sheachtrach a thrasnú chun dul isteach ar chríoch na mBallstát.

2.  Is é an Ballstát atá inniúil ar iarratas ar víosa aonfhoirmeach idirthurais a scrúdú agus a chinneadh:

(a) i gcás idirthurais trí Bhallstát amháin, an Ballstát lena mbaineann, nó

(b) i gcás idirthurais trí níos mó ná Ballstát amháin, an Ballstát a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir a theorainn sheachtrach a thrasnú le tús a chur leis an idirthuras.

3.  Is é an Ballstát atá inniúil ar iarratas ar víosa idirthurais aerfoirt a scrúdú agus a chinneadh:

(a) i gcás idirthurais aerfoirt amháin, an Ballstát ar ina chríoch atá an t-aerfort idirthurais, nó

(b) i gcás idirthuras dhá aerfort nó idirthurais ilaerfoirt, an Ballstát ar ina chríoch atá an chéad aerfort idirthurais.

4.  Rachaidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun nach dtarlóidh sé nach ndéanfar iarratas a scrúdú agus a chinneadh toisc nach bhfuil an Ballstát atá inniúil, i gcomhréir le mír 1 go mír 3, i láthair sa tríú tír ina ndéanann an t-iarratasóir iarratas ar víosa a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 6, nó toisc nach bhfuil ionadaíocht aige inti.

Airteagal 6

Inniúlacht chríochach chonsalach

1.  Déanfaidh consalacht an Bhallstáit inniúil, ar ina dhlínse a bhfuil cónaí ar an iarratasóir go dleathach, iarratas a scrúdú agus a chinneadh.

2.  Scrúdóidh agus cinnfidh consalacht an Bhallstáit inniúil iarratas arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír a bheidh i láthair go dleathach ina dhlínse ach nach mbeidh cónaí air ann, má thugann an t-iarratasóir údar maith leis an iarratas a thaisceadh ag an gconsalacht sin.

Airteagal 7

Inniúlacht maidir le víosaí a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach laistigh de chríoch Ballstáit

Déanfaidh náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach ar chríoch Bhallstáit agus a gceanglófar orthu víosa a bheith ar seilbh acu chun dul isteach ar chríoch Bhallstáit amháin eile nó níos mó iarratas ar víosa ag consalacht an Bhallstáit atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2).

Airteagal 8

Socruithe maidir le hionadaíocht

1.  Féadfaidh Ballstát aontú go ndéanfaidh sé ionadaíocht ar Bhallstát eile a bheidh inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 chun críche iarratais a scrúdú agus víosaí a eisiúint thar ceann an Bhallstáit sin. Féadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh do Bhallstát eile freisin ar bhealach teoranta chun iarratais a bhailiú agus chun aitheantóirí bithmhéadracha a chlárú, agus chun na gcríoch sin amháin.

2.  Nuair a bheidh sé beartaithe ag consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige diúltú d’iarratas, cuirfidh sí an t-iarratas faoi bhráid údaráis ábhartha an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air chun go ndéanfaidh siad an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 23(1), (2) nó (3).

3.  Déanfar comhaid agus sonraí a bhailiú agus a tharchur chuig an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, agus na rialacha ábhartha cosanta sonraí agus slándála sonraí á gcomhlíonadh.

4.  Déanfar socrú déthaobhach idir an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, is socrú ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(a) sonrófar ann ré na hionadaíochta sin, mura bhfuil inti ach ionadaíocht shealadach, agus na nósanna imeachta maidir lena foirceannadh;

(b) féadfar a fhoráil leis, go háirithe i gcás ina mbeidh consalacht sa tríú tír lena mbaineann ag an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, go soláthróidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó áitreabh, foireann agus íocaíochtaí;

(c) féadfar a fhoráil leis go ndéanfaidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige iarratais ó aicmí áirithe de náisiúnaigh tríú tír a tharchur chuig údaráis láir an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air le haghaidh comhairle roimh ré faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 22;

(d) de mhaolú ar mhír 2, féadfar a údarú leis go ndiúltóidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige víosa a eisiúint tar éis an t-iarratas a scrúdú.

5.  Féachfaidh Ballstáit nach bhfuil a gconsalacht féin acu i dtríú tír le socruithe maidir le hionadaíocht a thabhairt i gcrích le Ballstáit a bhfuil consalachtaí acu sa tír sin.

6.  D’fhonn a áirithiú nach gcuirfidh drochbhonneagar iompair nó achair fhada i réigiún áirithe nó i limistéar geografach áirithe dua díréireach ar iarratasóirí ó thaobh rochtain a fháil ar chonsalacht, féachfaidh Ballstáit nach mbeidh a gconsalacht féin acu sa réigiún nó sa limistéar sin le socruithe maidir le hionadaíocht a thabhairt chun críche le Ballstáit a mbeidh consalachtaí acu sa réigiún nó sa limistéar sin.

7.  Tabharfaidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air fógra faoi na socruithe maidir le hionadaíocht, nó faoi fhoirceannadh na socruithe sin, don Choimisiún sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm nó sula bhfoirceannfar iad.

8.  Cuirfidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige in iúl, go comhuaineach, do chonsalachtaí na mBallstát eile agus do thoscaireacht an Choimisiúin sa dlínse lena mbaineann, cad iad na socruithe maidir le hionadaíocht nó maidir le foirceannadh na socruithe sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm nó sula bhfoirceannfar iad.

9.  Má chinneann consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 43 nó le hidirghabhálaithe creidiúnaithe tráchtála dá bhforáiltear in Airteagal 45, cuimseoidh an comhar sin iarratais a chumhdaítear le socruithe maidir le hionadaíocht. Cuirfear téarmaí an chomhair sin in iúl roimh ré d’údaráis láir an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air.



CAIBIDIL II

Iarratas

Airteagal 9

Modhanna praiticiúla chun iarratas a thaisceadh

1.  Taiscfear iarratais tráth nach túisce ná trí mhí roimh thosach na cuairte a bheidh beartaithe. Féadfaidh sealbhóirí víosa dul isteach iolrach an t-iarratas a thaisceadh roimh dháta éaga na víosa a bheidh bailí ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad.

2.  Féadfar a cheangal ar iarratasóirí coinne a shocrú chun iarratas a thaisceadh. De ghnáth, beidh an coinne ann laistigh de thréimhse dhá sheachtain ón dáta ar iarradh an coinne.

3.  I gcásanna práinne a mbeidh bonn cirt leo, féadfaidh an chonsalacht a cheadú d’iarratasóirí a n-iarratas a thaisceadh gan coinne a bheith acu nó tabharfar coinne dóibh láithreach.

4.  Féadfaidh an t-iarratasóir nó idirghabhálaithe creidiúnaithe tráchtála, dá bhforáiltear in Airteagal 45(1), iarratais a thaisceadh ag an gconsalacht, gan dochar d’Airteagal 13, nó i gcomhréir le hAirteagal 42 nó le hAirteagal 43.

Airteagal 10

Rialacha ginearálta chun iarratas a thaisceadh

1.  Gan dochar d’fhorálacha Airteagail 13, 42, 43 agus 45, beidh iarratasóirí i láthair go pearsanta nuair a bheidh iarratas á thaisceadh.

2.  Féadfaidh consalachtaí an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 a tharscaoileadh nuair is eol dóibh gur duine ionraic agus iontaofa é an t-iarratasóir.

3.  Déanfaidh an t-iarratasóir, tráth a mbeidh an t-iarratas á thaisceadh aige:

(a) foirm iarratais a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b) doiciméad taistil a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c) grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 nó, i gcás ina mbeidh feidhm leis an VIS de bhun Airteagal 48 de Rialachán VIS, i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 13 den Rialachán seo;

(d) bailiú a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 13(2), i gcás inarb infheidhme;

(e) an táille ar víosa a íoc i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f) doiciméid tacaíochta a chur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hIarscríbhinn II;

(g) más infheidhme, tabharfaidh an t-iarratasóir cruthúnas go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach aige i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 11

Foirm iarratais

1.  Tíolacfaidh gach iarratasóir foirm a bheidh comhlánaithe agus sínithe, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfaidh daoine a áirítear i ndoiciméad taistil an iarratasóra foirm iarratais ar leithligh a thíolacadh. Tíolacfaidh mionaoisigh foirm iarratais a bheidh sínithe ag duine a fheidhmíonn údarás tuismitheora buan nó sealadach nó caomhnóireacht dhleathach.

2.  Cuirfidh na consalachtaí an fhoirm iarratais ar fáil saor in aisce agus go forleathan d’iarratasóirí agus beidh rochtain éasca acu uirthi.

3.  Beidh an fhoirm ar fáil sna teangacha seo a leanas:

(a) teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil víosa á iarraidh ina leith,

(b) teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na tíre óstaí,

(c) teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na tíre óstaí agus teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil víosa á iarraidh ina leith,

(d) i gcás ionadaíochta, teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige.

I dteannta na teanga nó na dteangacha dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar an fhoirm a chur ar fáil i gceann eile de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh.

4.  Más rud é nach mbeidh an fhoirm iarratais ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre óstaí, cuirfear aistriúchán sa teanga sin nó sna teangacha sin ar fáil d’iarratasóirí.

5.  Cuirfear aistriúchán den fhoirm iarratais ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre óstaí faoi shocruithe i dtaca le comhar áitiúil Schengen, dá bhforáiltear in Airteagal 48.

6.  Cuirfidh an chonsalacht an teanga nó na teangacha a fhéadfar a úsáid chun an fhoirm iarratais a chomhlánú in iúl d’iarratasóirí.

Airteagal 12

An doiciméad taistil

Tíolacfaidh an t-iarratasóir doiciméad bailí taistil a chomhlíonfaidh na critéir seo a leanas:

(a) mairfidh a thréimhse bailíochta trí mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó chríoch na mBallstát nó, i gcás roinnt cuairteanna éagsúla, tar éis an dáta imeachta deiridh atá beartaithe ó chríoch na mBallstát. Ar a shon sin, féadfar an oibleagáid seo a tharscaoileadh i gcásanna éigeandála a mbeidh bonn cirt leo;

(b) beidh ar a laghad dhá leathanach fholmha ann;

(c) beidh sé arna eisiúint laistigh de na deich mbliana roimhe sin.

Airteagal 13

Aitheantóirí bithmhéadracha

1.  Baileoidh na Ballstáit aitheantóirí bithmhéadracha de chuid an iarratasóra arb éard a bheidh iontu grianghraf agus na deich gcinn de mhéarloirg an iarratasóra i gcomhréir leis na cosaintí a leagtar síos i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

2.  Ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta an tráth a mbeidh an chéad iarratas á chur isteach. An tráth sin, baileofar na haitheantóirí bithmhéadracha seo a leanas de chuid an iarratasóra:

 grianghraf a scanadh nó a tógadh tráth an iarratais, agus

 na deich gcinn dá mhéarloirg a tógadh agus na méara leata agus a bailíodh go digiteach.

3.  Más rud é gur cuireadh méarloirg a tógadh ón iarratasóir mar chuid d’iarratas níos túisce isteach den chéad uair sa Chóras Faisnéise Víosa (VIS) tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, déanfar iad a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.

I gcás ina mbeadh amhras réasúnta ann, áfach, maidir le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an chonsalacht na méarloirg a bhailiú laistigh den tréimhse a shonraítear sa chéad fhomhír.

Thairis sin, más rud é, an tráth a dtaiscfear an t-iarratas ar víosa, nach féidir a dheimhniú láithreach gur bailíodh na méarloirg laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go mbaileofaí iad.

4.  I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán VIS, cuirfear isteach sa VIS an grianghraf a bheidh i gceangal le gach iarratas. Ní chuirfear de cheangal ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta chun na críche sin.

Beidh na ceanglais theicniúla don ghrianghraf i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta faoi mar a leagtar amach iad i ndoiciméad 9303, cuid 1, an 6ú heagrán, de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta ICAO.

5.  Glacfar na méarloirg i gcomhréir le caighdeáin ICAO agus i gcomhréir le Cinneadh 2006/648/CE an 22 Meán Fómhair 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le caighdeáin do ghnéithe bithmheádracha a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a fhorbairt ( 4 )

6.  Is iad foireann cháilithe, chuí-údaraithe na n-údarás, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3) a bheidh inniúil chun na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú. Faoi mhaoirseacht na gconsalachtaí, féadfaidh foireann cháilithe, chuí-údaraithe chonsail oinigh, dá dtagraítear in Airteagal 42, nó soláthraí seirbhíse seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 43, na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú freisin. Forálfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, i gcás ina mbeadh aon amhras orthu, go bhféadfar méarloirg a fhíorú ag an gconsalacht, ar méarloirg iad a ghlac an soláthraí seirbhíse seachtrach.

7.  Beidh na hiarratasóirí seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

(a) leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois;

(b) daoine a bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgú a dhéanamh orthu. Más féidir an méarlorgú a dhéanamh ar níos lú ná deich gcinn de mhéara, tógfar an líon uasta méarlorg. I gcás áfach, go mbeadh sé dodhéanta go sealadach é a dhéanamh, ceanglófar ar an iarratasóir na méarloirg a thabhairt tráth a mbeidh an chéad iarratas eile á dhéanamh. Beidh na húdaráis a bheidh inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3) i dteideal soiléiriú breise a iarraidh i ndáil lena bheith dodhéanta go sealadach méarlorgú a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí bunaithe chun go ráthófar dínit an iarratasóra i gcás ina mbeidh deacrachtaí clárúcháin ann.

(c) ceannairí Stáit nó rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta leis na céilí a bheidh á dtionlacan, agus comhaltaí dá dtoscaireachtaí oifigiúla nuair a thabharfaidh rialtais Bhallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críoch oifigiúil;

(d) flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, nuair a thabharfaidh rialtais Ballstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críoch oifigiúil.

8.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 7, cuirfear an focal ‘neamh-infheidhme’ isteach sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 8(5) den Rialachán VIS.

Airteagal 14

Doiciméid tacaíochta

1.  Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa aonfhoirmeach ag an iarratasóir, tíolacfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a) doiciméid lena léirítear cuspóir an turais;

(b) doiciméid maidir le cóiríocht, nó cruthúnas go bhfuil cóir leordhóthanach aige chun a chóiríocht nó a cóiríocht a chumhdach;

(c) doiciméid lena gcuirtear in iúl go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála ag an iarratasóir don ré fanachta atá beartaithe aige agus dá thuras abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí aige ann, nó d’idirthuras chuig triú tír ar deimhin go ligfear isteach ann é, nó go bhfuil sé i riocht an chóir sin a fháil go dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) agus (3) de Chód Teorainneacha Schengen;

(d) faisnéis lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar rún an iarratasóra críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

2.  Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa idirthurais aerfoirt ag an iarratasóir, tíolacfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a) doiciméid maidir leis an turas ar aghaidh chuig an gceann scríbe deireanach i ndiaidh an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;

(b) faisnéis lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar rún an iarratasóra gan dul isteach ar chríoch na mBallstát.

3.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta a fhéadfaidh an chonsalacht a iarraidh ar an iarratasóir d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a liostaítear i mír 1 agus i mír 2 d’Iarscríbhinn II a fhíorú.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hiarratasóirí cruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht phríobháideach a thíolacadh trí fhoirm arna tarraingt suas ag gach Ballstát a chomhlánú. Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, ar an bhfoirm sin:

(a) cibé acu an cruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht é a cuspóir;

(b) cibé acu an duine ar leithligh, cuideachta nó eagraíocht é an t-óstach;

(c) céannacht agus sonraí teagmhála an óstaigh;

(d) an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí ar tugadh cuireadh dóibh;

(e) seoladh na cóiríochta;

(f) fad agus cuspóir an fhanachta;

(g) naisc teaghlaigh a d’fhéadfadh a bheith aige leis an óstach.

Chomh maith le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit, tarraingeofar suas an fhoirm i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh. Soláthróidh an fhoirm an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 37(1) de Rialachán VIS don duine a bheidh á síniú. Tabharfar cóip shamplach den fhoirm don Choimisiún.

5.  Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, déanfar measúnú ar an ngá atá leis na liostaí de dhoiciméid tacaíochta a chomhlánú agus a chomhchuibhiú i ngach dlínse d’fhonn imthosca áitiúla a chur san áireamh.

6.  Féadfaidh consalachtaí ceann amháin nó níos mó de cheanglais mhír 1 a tharscaoileadh i gcás inarb eol dóibh go bhfuil iarratasóir ionraic agus iontaofa, go háirithe i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin, mura mbeidh aon amhras ann go gcomhlíonfaidh sé ceanglais Airteagal 5(1) de Chód Teorainneacha Schengen tráth a mbeidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú aige.

Airteagal 15

Árachas liachta taistil

1.  Cruthóidh iarratasóirí ar víosaí aonfhoirmeacha chun dul isteach uair amháin nó chun dul isteach faoi dhó go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach, bailí acu chun aon chostais a chumhdach a d’fhéadfadh eascairt i dtaca le haisdúichiú ar chúiseanna liachta, nó i dtaca le cóir liachta phráinneach agus/nó i dtaca le cóireáil éigeandála in ospidéal nó i gcás báis, le linn a bhfanachta ar chríoch na mBallstát.

2.  CCruthóidh iarratasóirí ar víosa aonfhoirmeach chun dul isteach breis agus faoi dhó (‘dul isteach iolrach’) go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí acu lena gcumhdófar tréimhse na chéad chuairte a bheidh beartaithe acu.

Chomh maith leis sin, déanfaidh na hiarratasóirí sin an ráiteas, a leagtar amach san fhoirm iarratais, a shíniú lena ndearbhaíonn siad go bhfuil a fhios acu gur gá árachas liachta taistil a bheith acu le haghaidh cuairteanna ina dhiaidh sin.

3.  Beidh an t-árachas bailí ar fud chríoch na mBallstát agus cumhdóidh sé tréimhse iomlán fanachta bheartaithe nó idirthurais bheartaithe an duine. Is EUR 30 000 an t-íosmhéid cumhdaigh a bheidh i gceist.

Nuair a eiseofar víosa a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige a chumhdóidh críoch níos mó ná Ballstáit amháin, beidh an cumhdach árachais bailí ar a laghad sna Ballstáit lena mbaineann.

4.  Déanfaidh iarratasóirí, i bprionsabal, árachas a fháil dóibh féin sa tír ina bhfuil cónaí orthu. I gcás nach mbeidh sé seo indéanta, déanfaidh siad iarracht árachas a fháil dóibh féin i dtír éigin eile.

Nuair a fhaigheann duine eile árachas in ainm an iarratasóra, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.

5.  Agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu an bhfuil an cumhdach árachais leordhóthanach, fionnfaidh consalachtaí cibé acu an mbeadh éilimh i gcoinne na cuideachta árachais inghnóthaithe i mBallstát.

6.  Féadfar a mheas gur comhlíonadh an ceanglas maidir le hárachas i gcás ina suífear go bhféadfar a thoimhdiú go bhfuil leibhéal leordhóthanach árachais ann i bhfianaise staid ghairmiúil an iarratasóra. Féadfaidh sé go mbainfidh an díolúine ó chruthúnas a thíolacadh i leith árachais liachta taistil le grúpaí gairmiúla áirithe, amhail maraithe, atá cumhdaithe cheana féin leis an árachas liachta taistil mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla.

7.  Beidh sealbhóirí pasanna taidhleoireachta díolmhaithe ón gceanglas árachas liachta taistil leordhóthanach a shealbhú.

Airteagal 16

Táille víosa

1.  Íocfaidh iarratasóirí táille víosa EUR 60.

2.  Íocfaidh leanaí atá sé bliana d’aois nó os a chionn ach atá faoi bhun dhá bhliain déag d’aois táille víosa EUR 35.

3.  Athbhreithneofar an táille víosa go rialta chun go gcuirfear na costais riaracháin san áireamh.

4.  Déanfar an táille víosa a tharscaoileadh i gcás iarratasóirí a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a) leanaí atá faoi bhun sé bliana d’aois;

(b) daltaí scoile, mic léinn, mic léinn iarchéime agus múinteoirí a bheidh á dtionlacan agus iad ag fanacht in áit chun críoch staidéir nó chun críoch oiliúna oideachais;

(c) taighdeoirí ó thríú tíortha atá ag taisteal chun taighde eolaíochta a dhéanamh, faoi mar a shainmhínítear é i Moladh Uimh. 2005/761/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 d’fhonn eisiúint víosaí aonfhoirmeacha gearrfhanachta ag na Ballstáit a éascú do thaighdeoirí ó thríú tíortha a bhíonn ag taisteal laistigh den Chomhphobal chun taighde eolaíoch a dhéanamh ( 5 );

(d) ionadaithe eagraíochtaí neamhbhrabúis atá 25 bliana d’aois nó faoina bhun agus atá rannpháirteach i seimineáir, i gcomhdhálacha, i spórt, in imeachtaí cultúrtha nó oideachais, arna n-eagrú ag eagraíochtaí neamhbhrabúis.

5.  Féadfar an táille víosa a tharscaoileadh:

(a) i gcás leanaí atá os cionn sé bliana d’aois ach atá faoi bhun 12 bhliain d’aois;

(b) i gcás sealbhóirí pas taidhleoireachta agus pas seirbhíse;

(c) i gcás rannpháirtithe atá 25 bliana d’aois nó faoina bhun agus iad ina rannpháirtithe i seimineáir, i gcomhdhálacha, i spórt, in imeachtaí cultúrtha nó oideachais, arna n-eagrú ag eagraíochtaí neamhbhrabúis.

Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, beidh sé d’aidhm ag Ballstáit cur i bhfeidhm na ndíolúintí sin a chomhchuibhiú.

6.  I gcásanna aonair, féadfar tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na táille víosa a mhuirearófar nuair a fhónann déanamh amhlaidh chun leasanna cultúrtha nó spóirt a chur chun cinn mar aon le leasanna i réimse an bheartais eachtraigh, an bheartais forbartha agus i réimsí eile a bhfuil leas poiblí bunriachtanach ag gabháil leo nó ar chúiseanna daonchairdiúla.

7.  Is in euro, in airgeadra náisiúnta an tríú tír, nó san airgeadra a úsáidtear de ghnáth sa tríú tír ina mbeidh an t-iarratas á thaisceadh a dhéanfar an táille a mhuirearú, agus ní bheidh sí inaisíoctha ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus in Airteagal 19(3).

Nuair a mhuirearófar méid na táille víosa in airgeadra eile seachas an euro, déanfar méid na táille víosa a mhuirearófar san airgeadra sin a shocrú agus a athbhreithniú go tráthrialta i bhfeidhmiú an ráta tagartha malairte coigríche euro arna leagan síos ag an mBanc Ceannais Eorpach. Féadfar an méid a mhuirearaítear a shlánú suas agus áiritheoidh consalachtaí go muirearóidh siad táillí comhchosúla faoi shocruithe chomhar áitiúil Schengen.

8.  Tabharfar admháil don iarratasóir ar an táille víosa a íocadh.

Airteagal 17

Táille seirbhíse

1.  Féadfaidh soláthraí seirbhísí seachtrach, dá bhforáiltear in Airteagal 43, táille bhreise seirbhíse a mhuirearú. Beidh an táille seirbhíse i gcomhréir leis na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhíse seachtrach agus é i mbun ceann nó níos mó ná ceann amháin de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(6).

2.  Déanfar an táille seirbhíse a shonrú san ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

3.  Faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen, áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh an táille seirbhíse a ghearrfar ar an iarratasóir na seirbhísí a thairgeann an soláthraí seirbhíse seachtrach go cuí agus go ndéanfar í a oiriúnú do chúinsí áitiúla. Ina theannta sin, beidh sé d’aidhm acu comhchuibhiú a dhéanamh ar an táille seirbhíse a chuirfear i bhfeidhm.

4.  Ní mó ná leath de mhéid tháille an víosa a leagtar amach in Airteagal 16(1) a bheidh sa táille seirbhíse, gan féachaint d’aon laghduithe nó díolúintí ón táille víosa a fhéadfaidh a bheith ann agus dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), (4), (5) agus (6).

5.  Coimeádfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an deis ar bun, is deis í a bheidh ag na hiarratasóirí go léir, iarratais a thaisceadh go díreach ag a chonsalachtaí nó a gconsalachtaí.



CAIBIDIL III

Iarratas a scrúdú agus a chinneadh

Airteagal 18

Inniúlacht chonsalachta a fhíorú

1.  Nuair a thaiscfear iarratas, fíoróidh an chonsalacht cibé an bhfuil sí inniúil ar an iarratas a scrúdú agus a chinneadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 5 agus Airteagal 6.

2.  Mura mbeidh an chonsalacht inniúil, seolfaidh sí an fhoirm iarratais agus aon doiciméad a thíolaic an t-iarratasóir ar ais gan mhoill, mar aon leis an táille víosa a aisíoc, agus tabharfaidh sí le fios cad í an chonsalacht atá inniúil.

Airteagal 19

Inghlacacht

1.  Fíoróidh an chonsalacht inniúil:

 cibé acu ar taisceadh an t-iarratas laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(1),

 cibé acu an bhfuil na nithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 10(3) san iarratas,

 cibé acu ar bailíodh sonraí bithmhéadracha an iarratasóra, agus

 cibé acu ar bailíodh an táille víosa.

2.  I gcás ina gcinnfidh an chonsalacht inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht:

 na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 8 de Rialachán VIS a leanúint, agus

 an t-iarratas a scrúdú tuilleadh.

▼C1

I gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 6, le hAirteagal 7 agus le pointí (5) agus (6) d’Airteagal 9 den Rialachán VIS, is daoine cuí-údaraithe den fhoireann chonsalach, agus na daoine sin amháin, a iontrálfaidh sonraí sa VIS.

▼B

3.  I gcás ina bhfionnann an chonsalacht inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas neamh-inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht gan mhoill:

 an fhoirm iarratais agus aon doiciméad a thíolaic an t-iarratasóir a chur ar ais,

 na sonraí bithmhéadracha a bailíodh a scriosadh,

 an táille víosa a aisíoc, agus

 an t-iarratas a fhágáil gan scrúdú.

4.  De mhaolú, féadfar a mheas go bhfuil iarratas nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i mír 1 inghlactha ar chúiseanna daonchairdiúla nó ar chúiseanna leasa náisiúnta.

Airteagal 20

Stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

1.  Nuair a bheidh iarratas inghlactha, stampálfaidh an chonsalacht inniúil doiciméad taistil an iarratasóra. Is mar atá leagtha amach san eiseamláir atá in Iarscríbhinn III a bheidh an stampa agus greamófar i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin é.

2.  Ní stampálfar pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla agus pasanna speisialta.

3.  Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le consalachtaí na mBallstát go dtí an dáta a mbeidh an VIS ag feidhmiú go hiomlán i ngach réigiún, i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán VIS.

Airteagal 21

Coinníollacha iontrála a fhíorú agus measúnú riosca

1.  I scrúdú iarratais ar víosa aonfhoirmeach, fionnfar an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha iontrála atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen, agus tabharfar aird ar leith ar mheasúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil baol na hinimirce neamhdhlíthiúla nó baol do shlándáil na mBallstát ag roinnt leis an iarratasóir agus an bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

2.  Déanfar an VIS a cheadú i ndáil le gach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus le hAirteagal 15 de Rialachán VIS. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear lánúsáid as na critéir chuardaigh uile faoi Airteagal 15 den Rialachán VIS d’fhonn diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

3.  Agus seiceáil á dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha iontrála, fíoróidh an chonsalacht an méid seo a leanas:

(a) nach bhfuil an doiciméad a tíolacadh bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(b) bonn cirt an iarratasóra maidir le cuspóir agus coinníollacha an fhanachta bheartaithe, agus go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála aige do ré an fhanachta bheartaithe agus chun filleadh ar a thír thionscnaimh nó ar a thír chónaithe, nó don idirthuras chuig tríú tír inar cinnte go scaoilfear isteach é, nó go bhfuil sé i riocht an chóir sin a fháil go dleathach;

(c) cibé an duine é ar eisíodh foláireamh ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chun cead dul isteach a dhiúltú dó;

(d) nach meastar gur bagairt é an t-iarratasóir do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí faoi mar a shainítear í in Airteagal 2(19) de Chód Teorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás nár eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna;

(e) go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí ag an iarratasóir, más infheidhme.

4.  Fíoróidh an chonsalacht, más infheidhme, fad tréimhsí fanachta roimhe sin agus fad tréimhsí fanachta atá beartaithe d’fhonn a fhíorú nach bhfuil ré uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, gan féachaint do thréimhsí féideartha fanachta arna n-údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát eile.

5.  Déanfar measúnú ar chóir mhaireachtála don fhanacht atá beartaithe i gcomhréir le ré agus cuspóir an fhanachta agus faoi threoir meánphraghsanna cothaithe agus iostais i gcóiríocht bheagchostais sa Bhallstát/sna Ballstáit lena mbaineann, arna méadú faoi líon na laethanta a fhanfar, ar bhonn na méideanna tagartha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen. Féadfaidh sé gur fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála é cruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht phríobháideach.

6.  Le linn iarratais ar víosa idirthurais aerfoirt a scrúdú, fíoróidh an chonsalacht an méid seo a leanas go háirithe:

(a) nach bhfuil an doiciméad a tíolacadh bréagach, góchumtha nó brionnaithe,

(b) pointí imeachta agus cinn scríbe an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus comhchuibheas an chúrsa taistil agus an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;

(c) cruthúnas ar an turas ar aghaidh chuig an gceann scríbe deireanach.

7.  Beidh scrúdú an iarratais bunaithe go sonrach ar bharántúlacht agus ar iontaofacht na ndoiciméad a thíolacfar agus ar fhírinneacht agus ar iontaofacht na ráiteas a dhéanfaidh an t-iarratasóir.

8.  Le linn iarratais a scrúdú, féadfaidh consalachtaí, i gcásanna a mbíonn bonn cirt leo, an t-iarratasóir a ghlaoch le haghaidh agallaimh agus féadfaidh siad doiciméid bhreise a iarraidh.

9.  Ní leanfaidh diúltú uathoibríoch iarratais nua as diúltú víosa roimhe sin. Déanfar measúnú ar iarratas nua ar bhonn na faisnéise uile a bheidh ar fáil.

Airteagal 22

Comhairliúchán roimh ré le húdaráis láir Ballstát eile

1.  Féadfaidh Ballstát a cheangal ar údaráis láir Ballstát eile dul i gcomhairle lena údaráis láir le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó aicmí sonracha de na náisiúnaigh sin. Ní bheidh feidhm ag an gcomhairliúchán sin maidir le hiarratais ar víosaí idirthurais aerfoirt.

2.  Tabharfaidh na húdaráis láir a rachfar i gcomhairle leo freagra críochnaitheach laistigh de sheacht lá féilire ón lá a rachfar i gcomhairle leo. Mura bhfaighfear freagra laistigh den spriocdháta seo, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhorais acu agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir le comhairliúchán roimh ré a thabhairt isteach nó a tharraingt siar sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin laistigh de chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.

4.  Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na fógraí sin.

5.  Ón dáta a ndéanfar ionadú ar Líonra Comhairliúcháin Schengen, dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán VIS, déanfar comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán sin.

Airteagal 23

An t-iarratas a chinneadh

1.  Déanfar iarratais a chinneadh laistigh de 15 lá féilire ón dáta a dtaiscfear iarratas atá inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

2.  Féadfar síneadh 30 lá féilire ar a mhéid a chur leis an tréimhse sin i gcásanna ar leith, go háirithe nuair a bheidh gá le grinnscrúdú breise ar an iarratas nó i gcás ionadaíochta nuair a rachfar i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadíocht á déanamh air.

3.  Go heisceachtúil, nuair a bheidh gá le doiciméid bhreise i gcásanna sonracha, féadfar 60 lá féilire ar a mhéid a chur leis an tréimhse.

4.  Mura mbeidh an t-iarratas tarraingthe siar, cinnfidh an chonsalacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) víosa aonfhoirmeach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24,

(b) víosa a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25,

(c) diúltú víosa a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32, nó

(d) scor den iarratas a scrúdú agus é a tharchur chuig údaráis ábhartha an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air i gcomhréir le hAirteagal 8(2).

Nuair a bheidh sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13(7)(b), ní bheidh tionchar aige sin ar víosa a eisiúint nó a dhiúltú.



CAIBIDIL IV

Víosa a eisiúint

Airteagal 24

Víosa aonfhoirmeach a eisiúint

1.  Beidh tréimhse bailíochta víosa agus fad an fhanachta a údarófar bunaithe ar an scrúdú a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

Féadfar víosa a eisiúint do dhul isteach uair amháin, do dhul isteach faoi dhó nó do dhul isteach iolrach. Ní rachaidh an tréimhse bailíochta thar chúig bliana.

I gcás idirthurais, freagróidh fad an fhanachta a údarófar don am is gá chun críche an idirthurais.

Gan dochar d’Airteagal 12(a), cuimseoidh tréimhse bailíochta an víosa ‘tréimhse cairde’ 15 lá.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan tréimhse cairde den sórt sin a dheonú ar chúiseanna an bheartais phoiblí nó mar gheall ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

2.  Gan dochar d’Airteagal 12(a), eiseofar víosaí dul isteach iolrach a mbeidh tréimhse bailíochta idir sé mhí agus cúig bliana acu, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go gcruthóidh an t-iarratasóir a riachtanas taisteal go minic agus/nó go tráthrialta, nó go gcuirfidh sé nó sí bonn cirt leis an rún taistil sin, de bharr a stádais ghairme nó de bharr a stádais teaghlaigh, amhail daoine gnó, státseirbhísigh i mbun teagmhálacha oifigiúla tráthrialta le Ballstáit agus le hinstitúidí an AE, ionadaithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheidh ag taisteal chun críoch oiliúna oideachais, seimineár agus comhdhálacha, daoine de theaghlaigh shaoránaigh an Aontais, daoine de theaghlaigh náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí orthu sna Ballstáit agus maraithe, agus,

(b) go gcruthóidh an t-iarratasóir a ionracas agus a iontaofacht, go háirithe úsáid dhleathach víosaí aonfhoirmeacha nó víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus an rún a bheidh aige, dáiríre, críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

3.  Déanfar na sonraí atá leagtha amach in Airteagal 10(1) de Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 25

Víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisiúint

1.  Eiseofar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:

(a) nuair a mheasann an Ballstát lena mbaineann gur gá, ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta,

(i) maolú a dhéanamh ar an bprionsabal nach mór na coinníollacha iontrála a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh;

(ii) víosa a eisiúint d’ainneoin agóid ón mBallstát a rachfar i gcomhairle leis i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith víosa aonfhoirmeach a eisiúint; nó

(iii) víosa a eisiúint ar chúiseanna práinne, cé nach ndearnadh an comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 22,

▼M3

(b) nuair, ar chúiseanna a measfaidh an chonsalacht bonn cirt a bheith leo, a eisítear víosa nua le haghaidh fanachta i rith na tréimhse céanna 180 lá chuig iarratasóir a bhain úsáid cheana, le linn na tréimhse 180 lá seo, as víosa aonfhoirmeach nó as víosa a raibh bailíocht chríochach theoranta aige a cheadaigh fanacht ar feadh 90 lá.

▼B

2.  Beidh víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige bailí do chríoch an Bhallstáit eisiúna. Féadfaidh sé a bheith bailí, go heisceachtúil, do chríoch níos mó ná Ballstáit amháin, faoi réir thoiliú gach ceann de na Ballstáit sin.

3.  Má bhíonn doiciméad taistil ar seilbh ag an iarratasóir agus nach dtabharfaidh Ballstát amháin nó níos mó aitheantas dó, ach go dtabharfaidh roinnt Ballstát aitheantas dó, eiseofar víosa a bheidh bailí do chríoch na mBallstát a thabharfaidh aitheantas don doiciméad. Mura dtabharfaidh an Ballstát eisiúna aitheantas do dhoiciméad taistil an iarratasóra, is don Bhallstát sin amháin a bheidh an víosa bailí.

4.  Nuair a eiseofar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 1(a), déanfaidh údaráis láir an Bhallstáit eisiúna an fhaisnéis ábhartha a scaipeadh gan mhoill ar údaráis láir na mBallstát eile, tríd an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán VIS.

5.  Déanfar na sonraí atá leagtha amach in Airteagal 10(1) de Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 26

Víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint

1.  Beidh víosa idirthurais aerfoirt bailí d’idirthuras trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt atá suite ar chríoch na mBallstát.

2.  Gan dochar d’Airteagal 12(a), cuimseoidh tréimhse bailíochta an víosa ‘tréimhse cairde’ 15 lá.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan tréimhse cairde den sórt sin a dheonú ar chúiseanna an bheartais phoiblí nó mar gheall ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

3.  Gan dochar d’Airteagal 12(a), féadfar víosaí idirthurais ilaerfoirt a mbeidh uastréimhse bailíochta sé mhí acu a eisiúint.

4.  Tá na critéir seo a leanas ábhartha go háirithe maidir leis an gcinneadh víosaí idirthurais ilaerfoirt a eisiúint:

(a) riachtanas an iarratasóra taisteal go minic agus/nó go rialta, agus

(b) ionracas agus iontaofacht an iarratasóra, go háirithe úsáid dhleathach víosaí aonfhoirmeacha roimhe sin, víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu nó víosaí idirthurais aerfoirt, a staid eacnamaíoch ina thír thionscnaimh agus an rún atá aige, dáiríre, leanúint lena thuras ar aghaidh.

5.  Má cheanglaítear ar an iarratasóir víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh aige i gcomhréir le forálacha Airteagal 3(2), ní bheidh an víosa idirthurais aerfoirt bailí ach amháin d’idirthuras trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

6.  Déanfar na sonraí a leagtar amach in Airteagal 10(1) den Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 27

Greamán víosa a líonadh isteach

1.  Nuair bheidh an greamán víosa líonta isteach, cuirfear isteach na hiontrálacha éigeantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus líonfar isteach an crios meaisín-inléite, dá bhforáiltear i ndoiciméad ICAO 9303, Cuid 2.

2.  Féadfaidh na Ballstáit iontrálacha náisiúnta a chur leis an roinn dar teideal ‘barúlacha’ den ghreamán víosa, agus ní dhéanfar dúbláil leo ar na hiontrálacha éigeantacha atá in Iarscríbhinn VII.

3.  Déanfar na hiontrálacha go léir ar an ngreamán víosa a phriontáil agus ní dhéanfar aon athrú de láimh ar ghreamán víosa clóbhuailte.

4.  Ní fhéadfar na greamáin víosa a comhlánaíodh de láimh ach amháin i gcás force majeure teicniúil. Ní dhéanfar aon athrú ar ghreamán víosa a líonfar isteach de láimh.

5.  Nuair a bheidh greamán víosa comhlánaithe i gcomhréir le mír 4 den Rialachán seo, déanfar an fhaisnéis sin a chur isteach sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(k) den Rialachán VIS.

Airteagal 28

Greamáin víosa comhlánaithe a chur ó bhail

1.  Má aimsítear earráid ar ghreamán víosa nár greamaíodh den doiciméad taistil go fóill, déanfar an greamán víosa a chur ó bhail

2.  Má aimsítear earráid tar éis an greamán víosa a ghreamú den doiciméad taistil, déanfar an greamán víosa a chur ó bhail trí chros i ndúch doscriosta a tharraingt ar an ngreamán víosa agus greamófar greamán víosa nua ar leathanach eile.

3.  Má aimsítear earráid tar éis na sonraí ábhartha a bheith curtha isteach san VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán VIS, ceartófar an earráid i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán sin.

Airteagal 29

Greamán víosa a ghreamú

1.  Greamófar an greamán víosa clóbhuailte ar a mbeidh na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus in Iarscríbhinn VII den doiciméad taistil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

2.  I gcás nach dtabharfaidh an Ballstát a d’eisigh an víosa aitheantas do dhoiciméad taistil an iarratasóra, is é an leathán ar leithligh le haghaidh víosaí a ghreamú de a úsáidfear.

3.  Nuair a bheidh greamán víosa greamaithe den leathán ar leithligh le haghaidh víosaí a ghreamú de, cuirfear an fhaisnéis sin isteach san VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(j) den Rialachán VIS.

4.  Maidir le víosaí aonair a eiseofar do dhaoine a bheidh luaite freisin ar dhoiciméad taistil an iarratasóra, greamófar den doiciméad taistil sin iad.

5.  I gcás nach dtabharfaidh an Ballstát eisiúna aitheantas don doiciméad taistil a mbeidh na daoine sin luaite air, greamófar na greamáin víosa aonair de na leatháin ar leithligh le haghaidh víosa a ghreamú díobh.

Airteagal 30

Cearta a dhíorthaítear ó víosa a eisíodh

Ní thabharfar ceart chead isteach uathoibríoch do dhuine go díreach toisc víosa aonfhoirmeach nó víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a bheith ina sheilbh aige.

Airteagal 31

Udaráis láir na mBallstát eile a chur ar an eolas

1.  Féadfaidh Ballstát a cheangal go gcuirfear a údaráis láir ar an eolas maidir le víosaí a eiseoidh consalachtaí Ballstát eile chuig náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó chuig aicmí sonracha de na náisiúnaigh sin, seachas i gcás víosaí idirthurais aerfoirt.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt isteach nó a tharraingt siar sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin laistigh de chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.

3.  Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na fógraí sin.

4.  Tarchuirfear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán sin ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán sin.

Airteagal 32

Víosa a dhiúltú

1.  Gan dochar d’Airteagal 25(1), diúltófar víosa a eisiúint:

(a) más amhlaidh maidir leis an iarratasóir:

(i) go dtíolacann sé doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(ii) nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;

(iii) nach gcuireann sé ar fáil fianaise i dtaca le cóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuiltear deimhin de go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;

▼M3

(iv) gur fhan sé 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

▼B

(v) gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith san SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;

(vi) go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí faoi mar a shainítear í in Airteagal 2(19) de Chód Teorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna;

(vii) nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;

(b) má bhíonn amhras réasúnach ann faoi bharántúlacht na ndoiciméad tacaíochta a thíolacfaidh an t-iarratasóir nó faoi fhírinneacht na faisnéise a bheidh iontu, faoi iontaofacht na ráiteas a dhéanfaidh an t-iarratasóir nó faoi rún a bheith aige críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

2.  Tabharfar fógra don iarratasóir faoi chinneadh maidir leis an diúltú agus faoi na cúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

3.  Beidh ceart achomhairc ag na hiarratasóirí a ndiúltófar víosa dóibh. Seolfar na hachomhairc in aghaidh an Bhallstáit a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomharc a bheith ann, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI.

4.  Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 8(2), cuirfidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige an t-iarratasóir ar an eolas faoin gcinneadh a ghlacfaidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air.

5.  Déanfar faisnéis faoi víosa a diúltaíodh a iontráil san VIS i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán VIS.



CAIBIDIL V

Víosa a eisíodh a mhodhnú

Airteagal 33

Fadú

1.  Fadófar tréimhse bailíochta agus/nó ré fanachta víosa a eisíodh i gcás ina measfaidh údarás inniúil Ballstáit go mbeidh cruthúnas tugtha ag sealbhóir víosa ar force majeure nó ar chúiseanna daonchairdiúla a chuirfidh cosc leis críoch an Bhallstáit a fhágáil sula rachaidh tréimhse bailíochta an víosa nó ré an fhanachta a údaraítear leis an víosa in éag. Deonfar fadú den sórt sin a dheonú saor in aisce.

2.  Féadfar tréimhse bailíochta agus/nó ré fanachta víosa a eisíodh a fhadú má chuireann sealbhóir an víosa cruthúnas ar fáil i dtaobh cúiseanna pearsanta tromchúiseacha a thabharfaidh bonn cirt don tréimhse bailíochta nó don ré fanachta. Gearrfar táille EUR 30 ar fhadú den sórt sin.

3.  Mura gcinnfidh an t-údarás a fhadóidh an víosa a mhalairt, beidh an bhailíocht chríochach chéanna ag an víosa fadaithe agus a bhí ag an víosa bunaidh.

4.  Is é an t-údarás a bheidh inniúil ar víosa a fhadú údarás an Bhallstáit a mbeidh náisiúnach an tríú tír i láthair ar a chríoch tráth a mbeidh iarratas ar fhadú á dhéanamh aige.

5.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis a bheidh inniúil ar víosaí a fhadú.

6.  Is i bhfoirm greamáin víosa a bheidh fadú víosaí.

7.  Iontrálfar faisnéis faoi víosa a fadaíodh sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán VIS.

Airteagal 34

Neamhniú agus cúlghairm

1.  Déanfar víosa a neamhniú sa chás go dtiocfaidh sé chun solais nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an víosa a eisiúint an tráth ar eisíodh an víosa sin, go háirithe má bhíonn cúiseanna dáiríre ann lena chreidiúint go bhfuarthas an víosa go calaoiseach. I bprionsabal, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an víosa a dhéanfaidh víosa a neamhniú. Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit eile víosa a neamhniú, agus sa chás sin cuirfear údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an víosa ar an eolas faoin neamhniú sin.

2.  Déanfar víosa a chúlghairm i gcás ina dtiocfaidh sé chun solais nach bhfuil na coinníollacha chun í a eisiúint á gcomhlíonadh a thuilleadh. I bprionsabal, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an víosa a dhéanfaidh í a chúlghairm. Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit eile víosa a chúlghairm, agus sa chás sin cuirfear údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an víosa ar an eolas faoin gcúlghairm sin.

3.  Féadfar víosa a chúlghairm má iarrann an sealbhóir víosa é. Cuirfear údaráis inniúla na mBallstát a d’eisigh an víosa ar an eolas faoi chúlghairm den sórt sin.

4.  Má mhainníonn an sealbhóir víosa ceann amháin nó níos mó de na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a thabhairt ar aird ag an teorainn, ní hionann sin agus go leanfaidh cinneadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm go huathoibríoch as.

5.  Sa chás go ndéantar víosa a neamhniú nó a chúlghairm, greamófar stampa leis an bhfocal ‘NEAMHNITHE’ nó „CÚLGHAIRTHE“air agus déanfar neamhbhailíocht ar an ngné athrathais optúil den ghreamán víosa, ar an ngné slándála ‘éifeacht na híomhá folaigh’ chomh maith leis an téarma ‘víosa’ trína scriosadh amach.

6.  Cuirfear cinneadh maidir le neamhniú nó cúlghairm víosa agus na cúiseanna a mbeidh an cinneadh sin bunaithe air in iúl don iarratasóir trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

7.  Beidh sé de cheart ag sealbhóir víosa, a ndearnadh a víosa a neamhniú nó a chúlghairm, achomharc a dhéanamh, mura i ndán agus gur ar iarratas uaidh a cúlghaireadh an víosa i gcomhréir le mír 3. Seolfar achomhairc in aghaidh an Bhallstáit a ghlacfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an neamhniú nó maidir leis an gcúlghairm agus déanfar é sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomharc a bheith ann.

8.  Iontrálfar san VIS faisnéis faoi víosaí a neamhníodh nó a cúlghaireadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán VIS.



CAIBIDIL VI

Víosaí a eisítear ag teorainneacha seachtracha

Airteagal 35

Víosaí a ndéantar iarratais orthu ag an teorainn sheachtrach

1.  I gcásanna eisceachtúla, féadfar víosaí a eisiúint ag pointí trasnaithe teorann, má bhíonn na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen á gcomhlíonadh ag an iarratasóir,

(b) nach raibh an t-iarratasóir in ann cur isteach ar iarratas roimh ré agus go dtíolacfaidh sé doiciméid tacaíochta, má iarrtar é sin air, a thugann bunús le cúiseanna práinneacha maidir le cead dul isteach, cúiseanna nárbh fhéidir a thuar, agus

(c) go meastar gur cinnte go bhfillfidh an t-iarratasóir ar a thír thionscnaimh nó ar a thír nó ar a tír chónaithe nó ar a thír nó ar a tír idirthurais trí Stáit seachas Ballstáit a bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme go hiomlán acu.

2.  I gcás ina gcuirfear isteach ar víosa ag an teorainn sheachtrach, féadfar an ceanglas gur cheart don iarratasóir árachas liachta taistil a bheith ina sheilbh aige a tharscaoileadh nuair nach mbeidh an t-árachas liachta taistil sin ar fáil ag an bpointe trasnaithe teorann sin nó ar chúiseanna daonchairdiúla.

3.  Maidir le víosa a eiseofar ag an teorainn sheachtrach, is víosa aonfhoirmeach a bheidh ann lena gceadófar don sealbhóir fanacht ar feadh ré nach faide ná 15 lá, ag brath ar chuspóir agus ar choinníollacha an fhanachta a bheidh beartaithe. I gcás idirthurais, freagróidh fad an fhanachta a údarófar don am is gá chun críoch an idirthurais.

4.  I gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen á gcomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis a bheidh freagrach as an víosa a eisiúint ag an teorainn, víosa a eisiúint a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige, i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(a) den Rialachán seo, do chríoch an Bhallstáit eisiúna amháin.

5.  I bprionsabal, ní eiseofar víosa ag an teorainn sheachtrach do náisiúnach tríú tír is náisiúnach de chatagóir daoine a gceanglaítear réamhchomhairliúchán a bheith ann maidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 22.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfar víosa, a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige do chríoch an Bhallstáit eisiúna, a eisiúint chuig na daoine sin ag an teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(a).

6.  I dteannta na cúiseanna maidir le víosa a dhiúltú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1), diúltófar víosa ag an bpointe trasnaithe teorann, mura gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal seo.

7.  Beidh feidhm ag na forálacha maidir le bonn cirt agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhiúltuithe agus maidir leis an gceart achomharc a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 32(3) agus in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 36

Víosaí arna n-eisiúint chuig maraithe idirthurais ag an teorainn sheachtrach

1.  Féadfar víosa chun críche idirthurais a eisiúint chuig maraí a gceanglaítear air víosa a bheith ina sheilbh agus é ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35(1), agus

(b) i gcás ina mbeidh sé ag dul trasna na teorann a bheidh i gceist chun dul ar bord loinge, chun dul ar bord loinge an athuair nó chun teacht i dtír ó long a mbeidh sé ag obair uirthi mar mharaí nó a raibh sé ag obair uirthi mar mharaí.

2.  Sula n-eiseoidh siad víosa ag an teorainn chuig maraí idirthurais, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na rialacha a shonraítear in Iarscríbhinn IX, Cuid 1, agus cinnteoidh siad gur malartaíodh an fhaisnéis is gá maidir leis an maraí a bheidh i gceist trí bhíthin foirme a bheidh comhlánaithe go cuí le haghaidh maraithe idirthurais, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn IX, Cuid 2.

3.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 35(3), (4) agus (5).



TEIDEAL IV

BAINISTÍOCHT RIARACHÁIN AGUS EAGRÚ RIARACHÁIN

Airteagal 37

Eagrú na rannán víosaí

1.  Beidh na Ballstáit freagrach as rannáin víosaí a gcuid consalachtaí a eagrú.

Ionas nach dtiocfaidh meath ar leibhéal an fhorairdill agus ionas nach gcuirfear brú ar leibhéal áitiúil ar an bhfoireann, bunófar scéimeanna uainíochta do chomhaltaí foirne a bheidh ag déileáil go díreach le hiarratasóirí, i gcás inarb iomchuí. Tabharfar aird ar leith ar struchtúir shoiléire oibre a bheith ann agus ar fhreagrachtaí a leithdháileadh/a roinnt go glan maidir le cinntí críochnaitheacha a dhéanamh faoi iarratais. Ní bheidh rochtain ar an VIS agus ar an SIS agus ar fhaisnéis eile a bheidh faoi rún ach ag líon teoranta cuí-údaraithe den fhoireann. Glacfar bearta cuí chun rochtain neamhúdaraithe ar na bunachair sonraí sin a chosc.

2.  Beidh stóráil agus láimhseáil na ngreamán víosa faoi réir beart leordhóthanach slándála chun an chalaois nó an caillteanas a sheachaint. Coimeádfaidh gach consalacht cuntas ar an stoc greamán víosaí atá aici agus déanfaidh sí clárú ar an gcaoi ar úsáideadh gach greamán víosa.

3.  Coimeádfaidh consalachtaí na mBallstát cartlann maidir le hiarratais. I ngach comhad aonair beidh an fhoirm iarratais, cóipeanna de na doiciméid tacaíochta ábhartha, taifead de na seiceálacha a rinneadh agus uimhir thagartha na víosa a eisíodh, ionas go mbeidh an fhoireann in ann an cúlra a bhí leis an gcinneadh a rinneadh faoin iarratas a athchruthú, más gá.

Is ar feadh dhá bhliain ar a laghad a choimeádfar comhaid iarratais aonair, amhail ón dáta a ndéanfar cinneadh ar an iarratas, dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Airteagal 38

Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun faireachán a dhéanamh ar chonsalachtaí

1.  Cuirfidh na Ballstáit líon leordhóthanach comhaltaí foirne iomchuí ar fáil chun na cúraimí a bhaineann le scrúdú n-iarratas a dhéanamh, ar chaoi agus go n-áiritheofar caighdeán na seirbhíse don phobal a bheidh réasúnta agus comhchuibhithe.

2.  Déanfaidh áitreabh riachtanais fheidhmiúla iomchuí na leordhóthanachta a chomhlíonadh agus bearta slándála iomchuí a cheadú.

3.  Cuirfidh údaráis láir na mBallstát oiliúint leordhóthanach ar na comhaltaí foirne easaoránacha agus ar na comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go háitiúil agus beidh siad freagrach as faisnéis iomlán, bheacht, a bheidh cothrom le dáta a chur ar fáil faoin dlí ábhartha Comhphobail agus faoin dlí ábhartha náisiúnta.

4.  Cinnteoidh údaráis láir na mBallstát go ndéanfar monatóireacht rialta agus leordhóthanach ar an gcaoi a scrúdófar na hiarratais agus glacfaidh siad bearta ceartaitheacha nuair a bhraitear aon neamhrialtachtaí maidir le forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 39

Iompar na foirne

1.  Áiritheoidh consalachtaí na mBallstát go gcuirfear fáilte chúirtéiseach roimh na hiarratasóirí.

2.  Agus iad i mbun a ndualgas, déanfaidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí dínit an duine a urramú. Beidh aon bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

3.  Fad a bheidh a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach leatrom ar dhaoine bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch ná eitneach, ar reiligiún ná ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois ná ar chlaonadh gnéasach.

Airteagal 40

Cineálacha comhair

1.  Beidh gach Ballstát freagrach as na nósanna imeachta a bhaineann leis na hiarratais a eagrú. I bprionsabal, déanfar iarratais a thaisceadh ag consalacht de chuid Ballstáit.

2.  Maidir leis na Ballstáit

(a) déanfaidh siad a gcuid consalachtaí agus a n-údaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha a fheistiú leis an ábhar is gá chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, chomh maith le hoifigí na gconsal oinigh, aon uair a bhainfidh siad leas astu, chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 42, agus/nó

(b) rachaidh siad i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó, laistigh de chreat comhair áitiúil Schengen nó trí theagmhálacha iomchuí eile, i bhfoirm ionadaíochta teoranta, i bhfoirm comhlonnaithe, nó i bhfoirm Ionaid Choitinn Iarratais i gcomhréir le hAirteagal 41.

3.  In imthosca sonracha nó ar chúiseanna a bhaineann leis an staid áitiúil, i gcásanna mar a leanas:

(a) i gcás nach gceadóidh an líon ard iarratasóirí go n-eagrófar bailiú iarratas nó bailiú sonraí ar mhodh tráthúil agus i gcoinníollacha a bheadh go maith, nó

(b) i gcás nach féidir cumhdach críochach maith ar an triú tír lena mbaineann a áirithiú ar aon bhealach eile,

agus i gcás ina dtarlóidh sé nach mbeidh na cineálacha comhair dá dtagraítear i mír 2(b) iomchuí don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh Ballstát, mar rogha dheireanach dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le pointe 43.

4.  Gan dochar don cheart chun an t-iarratasóir a ghlaoch le haghaidh agallaimh phearsanta, dá bhforáiltear in Airteagal 21(8), ní bheidh de thoradh ar an gcineál eagraíochta a roghnaítear go mbeidh ar an iarratasóir teacht i láthair go pearsanta i níos mó ná láthair amháin d’fhonn iarratas a thaisceadh.

5.  Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an mbealach a mbeartaíonn siad na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais a eagrú i ngach láthair chonsalachta.

Airteagal 41

Comhar idir na Ballstáit

1.  I gcás ina roghnófar ‘comhlonnú’, déanfaidh foireann consalachtaí ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais (lena n-áirítear aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú) a bheidh dírithe chucu ag consalacht Ballstáit eile agus trealamh an Bhallstáit sin a roinnt. Comhaontóidh na Ballstáit lena mbaineann ré an chomhlonnaithe agus na coinníollacha maidir lena fhoirceannadh agus comhaontóidh siad cionmhaireacht na táille víosa a bheidh le fáil ag an mBallstát a mbeidh a chonsalacht á húsáid.

2.  I gcás ina mbunófar ‘Ionaid Choiteanna Iarratais’, cuirfear foireann na gconsalachtaí de chuid dhá Bhallstát nó níos mó i dteannta a chéile in aon fhoirgneamh amháin chun deis a thabhairt d’iarratasóirí iarratais a thaisceadh (lena n-áirítear na haitheantóirí bithmhéadracha). Treorófar na hiarratasóirí chuig an mBallstát a bheidh freagrach as scrúdú agus cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an iarratas. Comhaontóidh na Ballstáit ré an chomhair sin agus na coinníollacha maidir leis an gcomhar sin a fhoirceannadh, agus chomh maith leis na costais a roinnfear idir na Ballstáit rannpháirteacha. Beidh Ballstát amháin freagrach as na conarthaí maidir le lóistíocht agus maidir leis an gcaidreamh taidhleoireachta leis an tír óstach.

3.  I gcás ina ndéanfar foirceannadh tobann ar an gcomhar leis na Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.

Airteagal 42

Leas a bhaint as consail oinigh

1.  Féadfar a údarú freisin do chonsail oinigh cuid de na cúraimí nó na cúraimí uile dá bhforáiltear in Airteagal 43(6) a fheidhmiú. Glacfar bearta leordhóthanacha chun slándáil sonraí agus cosaint sonraí a áirithiú.

2.  I gcás nach státseirbhíseach de chuid Ballstáit é an consal oinigh, comhlíonfaidh feidhmiú na gcúraimí sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn X, seachas na forálacha i bpointe D(c) den Iarscríbhinn sin.

3.  I gcás inar státseirbhíseach de chuid Ballstáit é an consal oinigh, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais atá inchomparáide leis na ceanglais a bheadh i bhfeidhm dá bhfeidhmeodh consalacht na cúraimí sin.

Airteagal 43

An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

1.  Féachfaidh na Ballstáit le dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach agus le Ballstát amháin nó níos mó gan dochar do rialacha soláthair phoiblí agus iomaíochta.

2.  Beidh an comhar le soláthraí seirbhíse seachtrach bunaithe ar ionstraim dlí a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

3.  Malartóidh na Ballstáit faisnéis, faoi chuimsiú chreat comhair áitiúil Schengen, maidir le roghnú soláthraithe seirbhíse seachtracha agus maidir le bunú théarmaí agus choinníollacha a n–ionstraimí dlí faoi seach.

4.  Is é an chonsalacht amháin a dhéanfaidh an scrúdú ar iarratais, na hagallaimh (i gcás inarb iomchuí), an cinneadh maidir le hiarratais agus greamáin víosaí a phriontáil agus a ghreamú.

5.  Ní bheidh rochtain ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha ar an VIS in imthosca ar bith. Forchoimeádfar rochtain ar an VIS go heisiach do chomhaltaí foirne cuí-údaraithe na gconsalachtaí.

6.  Féadfar an cúram a thabhairt do sholáthraí seirbhíse seachtrach ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a fheidhmiú:

(a) faisnéis ghinearálta ar cheanglais víosaí agus ar fhoirmeacha iarratais a chur ar fáil;

(b) an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir leis na doiciméid tacaíochta atá riachtanach, ar bhonn seicliosta;

(c) sonraí agus iarratais a bhailiú (lena n-áirítear aitheantóirí bithmhéadracha) agus an t-iarratas a tharchur chuig an gconsalacht;

(d) an táille víosa a bhailiú;

(e) bainistiú a dhéanamh ar na coinní maidir le teacht i láthair go pearsanta ag an gconsalacht nó ag an soláthraí seirbhíse seachtrach;

(f) na doiciméid taistil a bhailiú (lena n-áirítear fógra maidir le diúltú más infheidhme) ón gconsalacht agus iad a thabhairt ar ais don iarratasóir.

7.  Agus soláthraí seirbhíse seachtrach á roghnú acu, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann mionscrúdú ar shócmhainneacht agus ar iontaofacht na cuideachta (lena n-áirítear na ceadúnais riachtanacha, an clárú tráchtála, reachta na cuideachta, conarthaí bainc) agus áiritheoidh sé nó siad nach mbeidh easaontacht leasanna i gceist.

8.  Áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach a roghnaítear, na téarmaí agus na coinníollacha a shanntar dó san ionstraim dlí dá dtagraítear i mír 2.

9.  Is é an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann a bheidh freagrach as comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí agus déanfar maoirseacht ar an mBallstát sin nó ar na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 95/46/CE.

Maidir le comhar a dhéanfar le soláthraí seirbhíse seachtrach, ní chuirfidh sé teorainn ná cosc dá bharr ar an dliteanas faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann i leith sáruithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta iarratasóirí agus feidhmíocht cheann amháin nó níos mó de na cúraimí dá dtagraítear i mír 6. Tá an fhoráil seo gan dochar d’aon chaingean a fhéadfar a thógáil go díreach i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh faoi dhlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann.

10.  Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann oiliúint ar fáil don soláthraí seirbhíse seachtrach a fhreagraíonn don eolas is gá chun seirbhís iomchuí agus faisnéis leordhóthanach a thairiscint d’iarratasóirí.

11.  Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann dian-fhaireachán ar chur chun feidhme na hionstraime dlí dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear:

(a) an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na ceanglais i leith víosaí agus na foirmeacha iarratais a sholáthair an soláthraí seirbhíse seachtrach do na hiarratasóirí;

(b) na bearta slándála uile is gá, idir theicniúil agus eagraíochtúil, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé mídhleathach nó trí thaisme, ar chailliúint trí thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta de gach cineál eile;

(c) bailiú agus tarchur na n-aitheantóirí bithmhéadracha;

(d) na bearta a ghlactar chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le cosaint sonraí.

Chun na críche sin, déanfaidh consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann spotseiceálacha ar áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh.

12.  I gcás ina ndéanfar foirceannadh ar an gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach d’aon chineál, áiritheoidh na Ballstáit go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.

13.  Cuirfidh na Ballstáit cóip den ionstraim dlí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don Choimisiún

Airteagal 44

Criptiú agus aistriú slán sonraí

1.  I gcás socruithe maidir le hionadaíocht idir na Ballstáit agus comhar na mBallstát le soláthraí seirbhíse seachtrach agus leas a bhaint as consail oinigh, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit a ndéanfar ionadaíocht air nó orthu nó an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil na sonraí go hiomlán criptithe, cibé an aistrítear go leictreonach nó go fisiceach iad ar mheán leictreonach stórála ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a ndéanfar ionadaíocht air nó orthu nó ón soláthraí seirbhíse seachtrach nó ón gconsal oinigh go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

2.  I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar chriptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit nó údaráis na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air nó orthu nó ón soláthraí seirbhíse seachtrach nó ón gconsal oinigh go dtí údaráis an Bhallstáit nó údaráis na mBallstát lena mbaineann, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air nó orthu don Bhallstát lena mbaineann nó don soláthraí seirbhíse seachtrach a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige sonraí a aistriú go leictreonach.

Sa chás sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air nó orthu nó an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach Bhallstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiciúil i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála ó údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige nó acu go dtí údaráis an Bhallstát nó na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air nó orthu nó ón soláthraí seirbhíse seachtrach nó ón gconsal oinigh go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, nó i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, go ndéanfaí iad a aistriú ar bhealach slán, sábháilte eile, mar shampla, trí oibreoirí seanbhunaithe a mbeadh taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann.

3.  I ngach cás, déanfar leibhéal na slándála don aistriú a oiriúnú de réir íogaireacht na sonraí.

4.  Déanfaidh na Ballstáit nó an Comhphobal a ndícheall chun teacht ar chomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann le go gcuirfear ar leataobh an toirmeasc i gcoinne criptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit nó údaráis mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air nó orthu nó ón soláthraí seirbhíse seachtrach nó ón gconsal oinigh go dtí údaráis an Bhallstáit nó údaráis na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 45

Comhar idir na Ballstáit agus idirghabhálaithe tráchtála

1.  Féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhar le hidirghabhálaithe tráchtála, le haghaidh iarratais a thaisceadh, seachas i gcomhair aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

2.  Beidh an comhar sin bunaithe ar chreidiúnú a bheith á dheonú ag údaráis ábhartha na mBallstát. Beidh an creidiúnú, go háirithe, bunaithe ar fhíorú na ngnéithe seo a leanas:

(a) stádas reatha an idirghabhálaí tráchtála: ceadúnas reatha, an clár tráchtála, conarthaí le bainc;

(b) na conarthaí reatha atá acu le comhpháirtithe tráchtála atá bunaithe sna Ballstáit agus a thairgeann cóiríocht agus seirbhísí eile ar cuid de thurais láneagraithe iad;

(c) conarthaí a bheith acu le cuideachtaí taistil, ar conarthaí iad a gcaithfidh turas amach, chomh maith le turas fillte socraithe agus ráthaithe a bheith iontu.

3.  Déanfar faireachán rialta ar idirghabhálaithe creidiúnaithe tráchtála go rialta trí spotseiceálacha lena ngabhann agallaimh duine le duine nó agallamh ar an teileafón le hiarratasóirí, fíorú na dturas agus na cóiríochta, fíorú go bhfuil an t-árachas liachta taistil a chuirtear ar fáil leordhóthanach agus go gcumhdaítear taistealaithe aonair leis, agus aon uair a mheasfar gur gá, fíorú a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann le filleadh grúpa.

4.  Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, malartófar faisnéis faoi fheidhmíocht na n-idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe maidir le mírialtachtaí a braitheadh, maidir le diúltú iarratas a thíolaic idirghabhálaithe tráchtála, agus maidir le cineálacha calaoise a braitheadh a bhain le doiciméid taistil agus maidir le mainneachtain maidir le turais sceidealta a dhéanamh.

5.  Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, malartófar liostaí d’idirghabhálaithe tráchtála ar thug gach consalacht creidiúnú dóibh agus ar baineadh creidiúnú díobh, mar aon leis na cúiseanna ar baineadh an creidiúnú díobh.

Áiritheoidh gach consalacht go mbeidh an pobal ar an eolas faoin liosta idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe a mbeidh sí i gcomhar leo.

Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

Tiomsóidh na Ballstáit staidreamh bliantúil maidir le víosaí, i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn XII. Tíolacfar an staidreamh sin faoin 1 Márta gach bliain don bhliain roimhe sin.

Airteagal 47

Faisnéis don phobal i gcoitinne

1.  Cuirfidh údaráis láir na mBallstát agus a gconsalachtaí gach faisnéis ábhartha ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le hiarratas ar víosa a dhéanamh, go háirithe:

(a) na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosa;

(b) an modh chun coinne a fháil, más iomchuí;

(c) an áit a bhféadfar an t-iarratas a thíolacadh (an chonsalacht inniúil, an tIonad Coiteann Iarratais nó an soláthraí seachtrach seirbhíse);

(d) idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe;

(e) maidir leis an stampa, dá bhforáiltear le hAirteagal 20, a bheith gan aon impleachtaí dlíthiúla;

(f) na teorainneacha ama maidir le hiarratais a scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 23(1), (2) agus (3);

(g) na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh nó catagóirí sonracha dá náisiúnaigh faoi réir réamhchomhairliúcháin nó faisnéise.

(h) nach mór fógra a thabhairt don iarratasóir faoi chinntí diúltacha maidir le hiarratais, nach mór sna cinntí sin na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua agus go bhfuil sé de cheart ag na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas achomharc a dhéanamh, mar aon le faisnéis faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomhairc lena n-áirítear an t -údarás inniúil, chomh maith leis an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh;

(i) nach dtugtar cead isteach do dhuine díreach toisc víosa a bheith ina sheilbh aige agus go n-iarrfar ar shealbhóirí víosa cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach ag an teorainn sheachtrach, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Chód Teorainneacha Schengen, á gcomhlíonadh acu.

2.  Cuirfidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi aon socruithe a dhéanfar maidir le hionadaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8 sula dtiocfaidh na socruithe sin i bhfeidhm.



TEIDEAL V

COMHAR ÁITIÚIL SCHENGEN

Airteagal 48

Comhar áitiúil Schengen idir consalachtaí na mBallstát

1.  D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an comhbheartas víosa a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe, agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, oibreoidh consalachtaí na mBallstát agus an Coimisiún i gcomhar le chéile laistigh de gach dlínse agus déanfaidh siad measúnú ar an ngá a bheidh ann na nithe seo a leanas, go háirithe, a bhunú:

(a) liosta comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta a bheidh le tíolacadh ag iarratasóirí, agus Airteagal 14 agus Iarscríbhinn II á gcur san áireamh;

(b) critéir choiteanna chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais maidir le díolúintí ón táille víosa a íoc i gcomhréir le hAirteagal 16(5) agus ábhair a bhaineann leis an bhfoirm iarratais a aistriú, i gcomhréir le hAirteagal 11(5);

(c) liosta uileghabhálach de na doiciméid taistil arna eisiúint ag an tír óstach a thabharfar cothrom le dáta go rialta.

Maidir le ceann amháin nó níos mó de phointí (a) go (c), má dhearbhaíonn an measúnú laistigh de chomhar áitiúil Schengen gur gá cur chuige comhchuibhithe áitiúil, glacfar bearta maidir le cur chuige den sórt sin de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

2.  Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, bunófar leathán coiteann faisnéise maidir le víosaí aonfhoirmeacha agus víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu agus víosaí idirthurais aerfoirt eadhon na cearta atá intuigthe leis an víosa agus na coinníollacha a bhaineann le hiarratas a dhéanamh air, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, liosta na ndoiciméad tacaíochta dá dtagraítear i mír 1(a).

3.  Malartófar an fhaisnéis seo a leanas laistigh de chomhar áitiúil Schengen:

(a) staidreamh míosúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, na víosaí idirthurais aerfoirt a eisíodh, chomh maith leis an líon víosaí a diúltaíodh;

(b) i dtaca le measúnú rioscaí imirce agus/nó slándála amhail, faisnéis maidir leis na méid seo a leanas:

(i) struchtúr socheacnamaíoch na tíre óstaí;

(ii) foinsí faisnéise ar leibhéal áitiúil, lena n-áirítear an tslándáil shóisialta, árachas sláinte, cláir fhioscacha agus clárú ar dhul isteach agus ar imeacht;

(iii) doiciméid bhréige, ghóchumtha nó bhrionnaithe a úsáid;

(iv) bealaí inimirce neamhdhleathaí;

(v) diúltuithe;

(c) faisnéis maidir le comhar le cuideachtaí iompair;

(d) faisnéis ar chuideachtaí árachais a sholáthraíonn árachas liachta taistil leordhóthanach, lena n-áirítear an cineál cumhdaigh a fhíorú agus méid an bharrachais a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

4.  Eagrófar cruinnithe comhair áitiúil Schengen idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhonn rialta chun déileáil go sonrach le saincheisteanna oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm an chomhbheartais víosa. Is é laistigh de dhlínse an Choimisiúin a thionólfar na cruinnithe seo, mura socrófar a mhalairt ar iarratas ón gCoimisiún.

Féadfar cruinnithe faoi aon ábhar amháin a eagrú agus fo-ghrúpaí a bhunú chun staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna laistigh de chomhar áitiúil Schengen.

5.  Tarraingeofar suas tuarascálacha faoi chruinnithe comhair áitiúil Schengen ar bhonn córasach agus scaipfear go háitiúil iad. Féadfaidh an Coimisiún tarraingt suas na dtuarascálacha a tharmligean chuig Ballstát. Seolfaidh consalachtaí gach Ballstáit na tuarascálacha chuig a n-údaráis láir.

Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil laistigh de gach dlínse a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

6.  Féadfar cuireadh a thabhairt, ar bhonn ad hoc, d’ionadaithe chonsalachtaí na mBallstát nach bhfuil acquis an Chomhphobail maidir le víosaí á chur i bhfeidhm acu, nó d’ionadaithe tríú tíortha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe chun faisnéis a mhalartú faoi ábhair shonracha a bhaineann le víosaí.



TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Socruithe i ndáil leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha

Cuirfidh na Ballstáit a bhfuil óstáil á déanamh acu ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar na Cluichí Para-Oilimpeacha i bhfeidhm na nósanna imeachta sonracha agus na coinníollacha lena n-éascaítear víosaí a eisiúint a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 50

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII agus XII, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Airteagal 51

Treoracha maidir leis an gCód Víosaí a chur i bhfeidhm go praiticiúil

Tarraingeofar suas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(2), treoracha oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste (an Coiste Víosaí), cúnamh don Choimisiún..

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de agus ar choinníoll nach modhnóidh na bearta cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta seo bunfhorálacha an Rialacháin seo.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 53

Fógra

1.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na nithe seo a leanas:

(a) na socruithe maidir le hionadaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b) tríú tíortha a gceanglaíonn Ballstáit aonair ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar a gcríoch, dá dtagraítear in Airteagal 3.

(c) an fhoirm náisiúnta do chruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht phríobháideach dá dtagraítear in Airteagal 14(4) más infheidhme;

(d) liosta de na tríú tíortha a gceanglaítear réamhchomhairliúchán, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a leanúint ina leith;

(e) liosta de na tríú tíortha a gceanglaítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(1) a thabhairt ina leith;

(f) na hiontrálacha breise náisiúnta a chuirtear sa mhír ‘barúlacha’ den ghreamán víosa dá dtagraítear in Airteagal 27(2);

(g) na húdaráis a bheidh inniúil as víosaí a fhadú, dá dtagraítear in Airteagal 33(5);

(h) na cineálacha comhair a roghnófar dá dtagraítear in Airteagal 40;

(i) staidreamh a thiomsófar i gcomhréir le hAirteagal 46 agus le hIarscríbhinn XII.

2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi in iúl de bhun mhír 1 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal trí fhoilseachán leictreonach a thabharfar cothrom le dáta go leanúnach.

Airteagal 54

Leasuithe ar Rialachán (CE) 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

1. leasaítear Airteagal 4(1) mar seo a leanas:

(a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) “víosa aonfhoirmeach” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (“Cód Víosaí”) ( *1 );

(b) scriosfar pointe (b);

(c) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) “víosa idirthurais aerfoirt” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009’.

(d) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) “víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009’

(e) scriosfar pointe (e);

2. In Airteagal 8(1), cuirfear:

‘Nuair a bheidh an t-iarratas inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 in ionad ar iarratas a fháil’;.

3. Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas

(a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Sonraí le cur isteach ar iarratas’;

(b) leasaítear pointe (4) mar a leanas:

▼C1

(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) sloinne (ainm teaghlaigh), sloinne breithe, (sloinne/sloinnte roimhe sin) céadainm/céadainmeacha; (ainm tugtha nó ainmneacha tugtha); dáta breithe, áit bhreithe, tír bhreithe, inscne;’.

(ii) scriosfar pointe (e);

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) Ballstát nó Ballstáit chinn scríbe agus ré an fhanachta bheartaithe nó an idirthurais;’

(iv) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h) príomhchuspóir nó príomhchuspóirí an turais;’;

(v) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) an dáta atá beartaithe teacht isteach i limistéar Schengen agus an dáta atá beartaithe imeacht as limistéar Schengen;’

(vi) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j) Ballstát na chéad iontrála;’

(vii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

‘(k) seoladh baile an iarratasóra’;

(viii) i bpointe (l), cuirfear ‘an bhunachais oideachais’ in ionad ‘na scoile’;

(ix) i bpointe (m) cuirfear na focail ‘athair agus máthair’ in ionad ‘údarás tuismitheora nó caomhnóir dleathach’

4. Cuirfear an pointe seo a leanas le hAirteagal 10(1):

‘(k) más infheidhme, an fhaisnéis lena léirítear gur comhlánaíodh an greamán víosa de láimh.’

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre thosaigh in Airteagal 11

‘I gcúinsí ina scoirfidh an t-údarás víosaí a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige ar Bhallstát den iarratas a scrúdú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:’.

6. Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a) i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) faisnéis stádais lena léirítear gur diúltaíodh an víosa agus cibé acu ar dhiúltaigh an t-údarás sin é thar ceann Ballstáit eile;’.

(b) cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  Cuirfear in iúl sa chomhad iarratais an foras nó na forais ar diúltaíodh an víosa, ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:

(a) Maidir leis an iarratasóir:

(i) go dtíolacann sé nó sí doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(ii) nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;

(iii) nach gcuireann sé ar fáil fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig a tír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuil sé nó sí deimhin go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;

(iv) gur fhan sé nó sí cheana féin ar feadh sé mhí i rith na tréimhse sé mhí reatha ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmeach nó víosa a raibh bailíocht chríochach theoranta aige;

(v) gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith sa SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;

(vi) go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí a shainítear in Airteagal 2(19) de Chód Theorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna.

(vii) nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;

(b) ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh, maidir le bonn cirt an chuspóra agus maidir le coinníollacha an fhanachta a bhí beartaithe iontaofa

(c) nach bhféadfaí a fhionnadh go raibh rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachadh an víosa in éag;

(d) nár cuireadh ar fáil an fhianaise leordhóthanach nach raibh an t-iarratasóir i riocht cur isteach ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh bonn cirt maidir le hiarratas a dhéanamh ag an teorainn;’

7. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Sonraí atá le cur leis an gcomhad do víosa a neamhníodh nó a cúlghaireadh

1.  I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás a rinne an cinneadh na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

(a) faisnéis stádais lena léirítear go ndearnadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm;

(b) an t-údarás a rinne an víosa a neamhniú nó a chúlghairm, agus an áit a bhfuil sé lonnaithe;

(c) an dáta a ndearnadh an cinneadh, agus an áit ina ndearnadh é.

2.  Cuirfear in iúl freisin sa chomhad iarratais an foras nó na forais a bheidh le neamhniú nó le cúlghairm, arb éard a bheidh iontu:

(a) ceann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear in Airteagal 12(2);

(b) an iarraidh ón sealbhóir víosa an víosa a chúlghairm.’

8. Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre tosaigh:

‘1.  I gcás ina ndearnadh cinneadh síneadh a chur leis an tréimhse bailíochta agus/nó tréimhse fanachta víosa atá eisithe, cuirfidh an t-údarás víosa a chuir síneadh leis an víosa an fhaisnéis seo a leanas leis an gcomhad iarratais:‘;

(ii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) uimhir ghreamán víosa an víosa a bheidh á fhadú;’;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) an chríoch a bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann, má tá bailíocht chríochach an víosa a bheidh á fhadú éagsúil le bailíocht an víosa bhunaidh;’;

(b) scriosfar pointe (c) i mír 2;

9. In Airteagal 15(1), cuirfear ‘nó an víosa a fhadú’ in ionad ‘tréimhse bailíochta an víosa a fhadú nó a ghiorrú’.

10. leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘4. Ballstát na chéad iontrála;’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘6. an cineál víosa a eisíodh;’;

(c) cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11. príomhchuspóir(í) an turais;’;

11. In Airteagal 18(4)(c), Airteagal 19(2)(c), Airteagal 20(2)(d), Airteagal 22(2)(d), scriosfar ‘nó giorraithe’.

12. In Airteagal 23(1) d, scriosfar an focal ‘giorraithe’.

▼M4 —————

▼B

Airteagal 56

Aisghairmeacha

1.  Déanfar Airteagal 9 go hAirteagal 17 den Choinbhinsiún maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a aisghairm.

2.  Aisghairtear an méid seo a leanas:

(a) Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 28 Aibreán 1999 maidir le leaganacha críochnaitheacha den Lámhleabhar Coiteann agus de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha SCH/Com-ex (99) 13, (na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha, lena n-áirítear na hIarscríbhinní);

(b) Cinntí Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 14 Nollaig 1993 lena ndéantar síneadh a chur leis an víosa aonfhoirmeach (SCH/Com-ex (93) 21) agus maidir leis na prionsabail choiteanna i ndáil leis an víosa aonfhoirmach a chealú, a chúlghairm nó maidir le tréimhse bailíochta na víosa sin a ghiorrú, (SCH/Com-ex (93) 24), Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 22 Nollaig 1994 maidir le faisnéis staidrimh i ndáil le heisiúint víosaí aonfhoirmeacha (SCH/Com-ex (94) 25) Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 21 Aibreán 1998 maidir le staidreamh i ndáil le heisiúint víosaí a mhalartú (SCH/Com-ex (98) 12) agus foirm chomhchuibhithe a thabhairt isteach agus Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 16 Nollaig 1998 maidir le foirm chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun cruthúnas a thabhairt ar chuireadh, ar urraíocht agus ar chóiríocht (SCH/Com-ex (98) 57);

(c) Gníomhaíocht chomhpháirteach 96/197/JHA an 4 Márta 1996 maidir le socruithe i dtaobh idirthurais aerfoirt ( 6 );

(d) Rialachán (CE) Uimh 789/2001 an 24 Aibreán 2001 lena bhforcoimeádtar don Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil le forálacha sonracha áirithe agus nósanna imeachta praiticiúla chun iarratais ar víosaí a scrúdú ( 7 );

(e) Rialachán (CE) Uimh. 1091/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le saoirse gluaiseachta le víosa fadfhanachta ( 8 );

(f) Rialachán (CE) Uimh. 415/2003 ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le víosaí a eisiúint ag an teorainn, lena n-airítear víosaí den sórt sin a eisiúint chuig maraithe ar idirthuras ( 9 );

(g) Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 390/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha i ndáil leis an mbithmhéadracht a thabhairt isteach lena n-áirítear forálacha faoi eagrúchán ghlacadh agus faoi phróiseáil na n-iarratas ar víosaí ( 10 ).

3.  Déanfar tagairtí do na hionstraimí a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII iad.

Airteagal 57

Faireachán agus meastóireacht

1.  Dhá bhliain tar éis d’fhorálacha uile an Rialacháin seo teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a chur i bhfeidhm ar fáil. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán seo scrúdú ar na torthaí a baineadh amach maidir leis na cuspóirí agus maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo gan dochar do na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3.

2.  Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin. tíolacfaidh an Coimisiún, más gá, tograí cuí chun an Rialachán seo a leasú.

3.  Trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an VIS i a thabhairt i bhfeidhm, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme Airteagail 13, 17, 40 go 44 den Rialachán seo, lena n-áirítear bailiú agus úsáid aitheantóirí bithmhéadracha a chur chun feidhme, cé chomh hoiriúnach atá an caighdeán ICAO a roghnaíodh, comhlíonadh na rialacha cosanta sonraí, an taithí le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus tagairt shonrach á déanamh do bhailiú sonraí bithmhéadracha, cur chun feidhme an riail 59-mí do chóipeáil méarlorg agus eagrú na nósanna imeachta a bhaineann leis na hiarratais. Áireofar sa tuarascáil freisin, ar bhonn Airteagal 17(12), (13) agus (14) agus Airteagal 50(4) den Rialachán VIS, na cásanna nárbh fhéidir na méarloirg a sholáthar go hiarbhír nó nár ceanglaíodh iad a sholáthar ar chúiseanna dlí, i gcomparáid le líon na gcásanna inar tógadh méarloirg. Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine nach raibh in ann méarloirg a sholáthar go hiarbhír. Beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inar gá.

4.  Sa cheád cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, tabharfar aghaidh freisin ar an tsaincheist faoi leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú, i gcás linbh atá faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar an gcaoi a dtagann éabhlóid ar mhéarloirg agus daoine ag dul in aois, ar bhonn staidéir a cuireadh i gcrích faoi fhreagracht an Choimisiúin.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón 5 Aibreán 2010.

3.  Beidh feidhm ag Airteagal 52 agus ag Airteagal 53(1)(a) go (h) agus (2) ón 5 Deireadh Fómhair 2009.

4.  A mhéid a bhaineann le Líonra Comhairliúcháin Schengen (Sonraíochtaí Teicniúla), beidh feidhm ag Airteagal 56(2)(d) ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán VIS.

5.  Beidh feidhm ag Airteagal 32(2) agus (3), ag Airteagal 34(6) agus (7) agus ag Airteagal 35(7) ón 5 Aibreán 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN I

image

image

image




IARSCRÍBHINN II

Liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta

Féadfaidh na doiciméid seo a leanas a bheith i measc na ndoiciméad tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14 agus a bheidh le tíolacadh ag iarratasóirí ar víosa:

A. DOICIMÉID A BHAINEANN LE CUSPÓIR AN TURAIS

(1) do thurais gnó:

(a) cuireadh ó ghnólacht nó ó údarás chun freastal ar chruinnithe, ar chomhdhálacha nó ar imeachtaí a bhaineann le trádáil, le tionscail nó leis an obair;

(b) doiciméid eile a léiríonn gurb ann do chaidreamh trádála nó do chaidreamh chun críocha oibre;

(c) ticéid iontrála d’aontaí agus do chomhdhálacha, más iomchuí;

(d) doiciméid a chruthaíonn gníomhaíochtaí gnó na cuideachta;

(e) doiciméid lena gcruthaítear stádas fostaíochta an iarratasóra sa chuideachta.

(2) do thurais a dtugtar fúthu chun críocha eile seachas chun críocha an staidéir nó cineálacha eile oiliúna:

(a) deimhniú go bhfuil an t-iarratasóir ar an rolla i mbunachas oideachais chun freastal ar chúrsaí gairme nó ar chúrsaí teoiriciúla faoi chuimsiú na bunoiliúna agus na breisoiliúna;

(b) cártaí mic léinn nó teastais i leith na gcúrsaí a bhfreastalófar orthu;

(3) do thurais ar tugadh fúthu chun críocha eile seachas chun críocha turasóireachta nó ar chúiseanna príobháideacha:

(a) doiciméid a bhaineann le cóiríocht:

 cuireadh ón óstach má táthar le fanacht le hóstach;

 doiciméad ón mbunachas atá le cóiríocht a chur ar fáil nó aon doiciméad eile a chuireann in iúl an chóiríocht atá beartaithe;

(b) doiciméid a bhaineann leis an gcúrsa taistil:

 dearbhú gur cuireadh an turas eagraithe in áirithe nó aon doiciméad eile a chuireann in iúl na pleananna taistil atá beartaithe;

 i gcás idirthurais: víosa nó cead eile dul isteach don tríú tír is ceann scríbe; ticéid don chéad chuid eile den turas;

(4) i gcás turas a dtugtar fúthu chun críocha imeachtaí polaitiúla, eolaíochta, cultúrtha, spóirt nó creidimh nó ar chúiseanna eile:

 ticéid iontrála ar cuireadh, cláruithe nó cláir ina luaitear, aon uair is féidir é, ainm na heagraíochta óstaí agus fad an fhanachta nó aon doiciméad iomchuí eile a léiríonn cuspóir an turais;

(5) i gcás turas de chuid toscaireachtaí oifigiúla a mbeidh páirt á glacadh acu, de bhonn cuiridh oifigiúil, i gcruinnithe, i gcomhairliúcháin, in idirbheartaíocht nó i gcláir um malartú, nó in imeachtaí a reachtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch Ballstáit:

 litir arna heisiúint ag údarás de chuid an tríú tír lena mbaineann, lena ndearbhaítear gur comhalta é an t-iarratasóir de chuid na toscaireachta oifigiúla atá ag taisteal chuig Ballstát chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí thuasluaite, maille le cóip den chuireadh oifigiúil;

(6) i gcás turas a dtugtar fúthu ar chúiseanna leighis:

 doiciméad oifigiúil de chuid na hinstitiúide leighis lena ndearbhaítear an gá atá ann le cóir leighis san institiúid sin agus cruthúnas go bhfuil cóir airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as an gcóir leighis sin.

B. DOICIMÉADACHT LENAR FÉIDIR MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR AN RÚN ATÁ AG AN IARRATASÓIR IMEACHT AS CRÍOCH NA mBALLSTÁT

(1) áirithint de thicéad fillte nó de thicéid turais iomlán;

(2) cruthúnas go bhfuil an chóir airgeadais ag an iarratasóir sa tír ina bhfuil cónaí air;

(3) cruthúnas ar fhostaíocht: ráitis bainc;

(4) cruthúnas ar mhaoin eastáit réadaigh;

(5) cruthúnas go bhfuil an t-iarratasóir imeasctha sa tír ina bhfuil sé ina chónaí: gaol muintearais; stádas gairmiúil.

C. DOICIMÉADACHT MAIDIR LE STAID TEAGHLAIGH AN IARRATASÓRA

(1) toiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil (nuair nach lena thuismitheoirí nó lena chaomhnóirí a bheidh mionaoiseach ag taisteal);

(2) cruthúnas go bhfuil gaol muintearais aige leis an óstach/an té a bhfuil an cuireadh á thabhairt aige.




IARSCRÍBHINN III

FORMÁID AONFHOIRMEACH AGUS ÚSÁID AN STAMPA A LÉIRÍONN GO bhFUIL AN tIARRATAS AR VÍOSA INGHLACTHA



… víosa …… (1)

 

xx/xx/xxxx (2)

… (3)

Sampla:

 

Víosa C FR

 

22.4.2009

Consulat de France

Djibouti

 

(1)   Cód an Bhallstáit a bhfuil an t-iarratas á scrúdú aige. Úsáidtear na cóid mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, pointe 1.1.

(2)   An dáta iarratais (ocht ndigit: xx lá, xx mí, xxxx bliain).

(3)   An tÚdarás a scrúdóidh an t-iarratas ar víosa.

Cuirfear an stampa ar an gcéad leathanach a bheidh ar fáil sa doiciméad taistil nach mbeidh aon iontrálacha ná aon stampaí air.




IARSCRÍBHINN IV

Liosta comhchoiteann de thriú tíortha a liostaítear in iarscríbhinn i a ghabhann le rialachán (CE) uimh 539/2001, a bhfuil sé de cheanglas ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina seilbh acu agus iad ag dul trí limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá lonnaithe ar chríoch na mballstát

AN AFGANASTÁIN

AN BHANGLAIDÉIS

CONGÓ (POBLACHT DHAONLATHACH AN CHONGÓ)

AN EIRITRÉ

AN AETÓIP

GÁNA

AN IARÁIN

AN IARÁIC

AN NIGÉIR

AN PHACASTÁIN

AN tSOMÁIL

SRÍ LANCA




IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A THUGANN TEIDEAL DÁ SEALBHÓIRÍ IDIRTHURAS A DHÉANAMH TRÍ AERFOIRT NA mBALLSTÁT GAN É A BHEITH DE CHEANGAL ORTHU VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT A BHEITH INA SEILBH

ANDÓRA:

  Tarjeta provisional de estancia y de trabajo (cead cónaithe agus oibre go sealadach) (bán). eisítear an cead seo d’oibreoirí séasúracha braithfidh tréimhse na bailíochta ar ré na fostaíochta, ach ní rachaidh sí riamh thar 6 mhí. Ní féidir an cead seo a athnuachan.

  Tarjeta de estancia y de trabajo (cead cónaithe agus oibre) (bán). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse shé mhí agus féadfar é a athnuachan go ceann bliana eile.

  Tarjeta de estancia (cead cónaithe) (bán). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse shé mhí agus féadfar é a athnuachan go ceann bliana eile.

  Tarjeta temporal de residencia (cead cónaithe sealadach) (bándearg). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse bliana amháin agus féadfar é a athnuachan faoi dhó, go ceann bliana sa dá chás.

  Tarjeta ordinaria de residencia (gnáthchead cónaithe) (buí). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse thrí bliana agus féadfar é a athnuachan go ceann trí bliana eile.

  Tarjeta privilegiada de residencia (cead cónaithe speisialta) (uaine). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse chúig bliana agus féadfar é a athnuachan, go ceann cúig bliana eile i ngach cás.

  Autorización de residencia (údarú cónaithe) (uaine). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse bliana agus féadfar é a athnuachan, go ceann trí bliana i ngach cás.

  Autorización temporal de residencia y de trabajo (údarú cónaithe agus oibre sealadach) (bándearg). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse dhá bhliain agus féadfar é a athnuachan go ceann dhá bhliain eile.

  Autorización ordinaria de residencia y de trabajo (gnáthúdarú cónaithe agus oibre) (buí). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse chúig bliana.

  Autorización privilegiada de residencia y de trabajo (údarú speisialta cónaithe agus oibre) (uaine). Eisítear an cead seo ar feadh tréimhse deich mbliana agus féadfar é a athnuachan, go ceann deich mbliana eile i ngach cás.

CEANADA:

 Cárta buanchónaitheora (cárta plaisteach).

AN tSEAPÁIN:

 Cead dul isteach an athuair sa tSeapáin.

SAN MAIRÍNE:

  Permesso di soggiorno ordinario (validità illimitata) (Cead gnáthchónaithe (gan aon dáta éaga)).

  Permesso di soggiorno continuativo special (validità illimitata) (Cead buanchónaithe speisialta (gan aon dáta éaga)).

  Carta d’identità de San Marino (validità illimitata) (Cárta aitheantais San Mairíne (gan aon dáta éaga)).

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ:

 Foirm I-551 cárta buanchónaitheora (bailí go ceann idir dhá bhliain agus deich mbliana).

 Foirm I-551 Cárta admhála ar chlárú eachtrannaigh (bailí go ceann idir dhá bhliain agus deich mbliana).

 Foirm I-551 Cárta admhála ar chlárú eachtrannaigh (gan aon dáta éaga).

 Foirm I-327 Doiciméad dul isteach athuair (bailí go ceann dhá bhliain - eisítear chuig sealbhóirí I-551 é).

 Cárta eachtrannaigh chónaithigh (bailí go ceann dhá bhliain nó deich mbliana nó gan aon dáta éaga. Ní ráthaíonn an doiciméad seo go bhfillfidh an sealbhóir ach amháin sa chás nach rachaidh a fhanacht nó a fanacht lasmuigh de SAM thar bhliain).

 Cead dul isteach an athuair (bailí go ceann dhá bhliain. Ní rathaíonn an doiciméad seo go bhfillfidh an sealbhóir ach amháin sa chás nach rachaidh a fhanacht nó a fanacht lasmuigh de SAM thar dhá bhliain).

 Stampa cónaithe shealadaigh bailí i bpas bailí (bailí go ceann bliana ón dáta a n-eiseofar é)




IARSCRÍBHINN VI

image

►(1) M3  

image




IARSCRÍBHINN VII

AN GREAMÁN VÍOSA A CHOMHLÁNÚ

1.   Roinn na n-iontrálacha sainordaitheacha

1.1.   Ceannteideal ‘BAILÍ DO’:

Taispeántar faoin gceannteideal seo an chríoch ina bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal.

Caithfear an ceannteideal seo a chomhlánú ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas, agus ar an mbealach nó ar na bealaí sin amháin:

(a) Stáit Schengen;

(b) Stát Schengen nó Stáit Schengen dá bhfuil bailíocht an víosa teoranta (sa chás seo úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas):

BE

AN BHEILG

CZ

POBLACHT NA SEICE

DK

AN DANMHAIRG

DE

AN GHEARMÁIN

EE

AN EASTÓIN

GR

AN GHRÉIG

ES

AN SPÁINN

FR

AN FHRAINC

IT

AN IODÁIL

LV

AN LAITVIA

LT

AN LIOTUÁIN

LU

LUCSAMBURG

HU

AN UNGÁIR

MT

MÁLTA

NL

AN ÍSILTÍR

AT

AN OSTAIR

PL

AN PHOLAINN

PT

AN PHORTAINGÉIL

SI

AN tSLÓIVÉIN

SK

AN tSLÓVAIC

FI

AN FHIONLAINN

SE

AN tSUALAINN

IS

AN ÍOSLAINN

NO

AN IORUA

CH

AN EILVÉIS

1.2.

Nuair a bheidh an greamán á úsáid chun víosa aonfhoirmeach a eisiúint, cuirtear an nath ‘Stáit Schengen’ isteach sa cheannteideal seo i dteanga Bhallstát eisiúna an víosa.

1.3.

Nuair a bheidh an greamán á úsáid chun víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici de bhun Airteagal 25(1) den Rialachán seo a eisiúint, cuirtear sa cheannteideal seo ainm/ainmneacha an Bhallstáit/na mBallstát dá bhfuil fanacht an tsealbhóra víosa teoranta, i dteanga Bhallstát eisiúna na víosa.

1.4.

Nuair a bheidh an greamán á úsáid chun víosa a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici de bhun Airteagal 25(3) den Rialachán seo, féadfar na roghanna seo a leanas a úsáid do na cóid a bheidh le cur isteach:

(a) cóid a iontráil do na Ballstáit lena mbaineann;

(b) na focail ‘Stáit Schengen’ a iontráil agus an comhartha lúide idir lúibíní ina dhiaidh sin agus cóid na mBallstát sin nach bhfuil an víosa bailí dá gcríocha.

(c) sa chás nach mbeidh an fearann ‘bailí do’ mór go leor chun cóid na mBallstát uile a aithníonn (nó nach n-aithníonn) an doiciméad taistil a chur isteach, laghdaítear clómhéid na litreacha dá réir.

2.   Ceannteideal ‘ÓN … GO dTÍ AN’:

Léiríonn an ceannteideal seo tréimhse fanachta an tsealbhóra víosa, faoi mar a údaraítear leis an víosa í.

I ndiaidh an fhocail ‘ÓN’, scríobhtar an dáta ónar féidir leis an sealbhóir víosa dul isteach sa chríoch a bhfuil an víosa bailí di mar a leanas:

 scríobhtar an lá ina dhá dhigit, nialas ar an gcéad cheann acu mura mbeidh sa lá a bheidh i gceist ach aon digit amháin,

 dais chothrománach,

 scríobhtar an mhí ina dhá digit, nialas ar an gcéad cheann acu mura mbeidh sa mhí a bheidh i gceist ach aon digit amháin,

 dais chothrománach.

 scríobhtar an bhliain ina dhá digit arb iad an dá dhigit dheireanacha den bhliain iad.

Mar shampla: 05-12-07 = 5 Nollaig 2007.

I ndiaidh na bhfocal ‘GO dTÍ AN’, scríobhtar dáta lá deireanach thréimhse fanachta údaraithe an tsealbhóra víosa agus scríobhtar an dáta seo sa tslí chéanna leis an gcéad dháta. Caithfidh an sealbhóir víosa a bheith imithe as an gcríoch a bhfuil an víosa bailí di faoi mheán oíche ar an dáta sin.

3.   Ceannteideal ‘LÍON UAIREANTA A CHEADAÍTEAR DUL ISTEACH’:

Léiríonn an ceannteideal seo líon na n-uaireanta a cheadófar do shealbhóir víosa dul isteach sa chríoch a bhfuil an víosa bailí di, i.e. tagraíonn sí do líon na dtréimhsí fanachta a fhéadfaidh a bheith scaipthe thar an tréimhse bailíochta uile, féach 4.

Féadfaidh dul isteach uair amháin, faoi dhó, nó níos minice ná sin a bheith i gceist. Scríobhtar an uimhir seo ar thaobh na láimhe deise den chuid réamhchlóite, le ‘01’, ‘02’ nó leis an ngiorrúchán ‘IOL’, i gcás ina n-údaróidh an víosa dul isteach breis agus faoi dhó.

Agus víosa idirthurais ilaerfoirt á heisiúint de bhun Airteagal 26(3) den Rialachán seo, ríomhfar bailíocht an víosa mar a leanas: an chéad dáta imeachta móide sé mhí.

Ní bheidh an víosa bailí a thuilleadh nuair is ionann líon iomlán na n-uaireanta a d’imigh an sealbhóir víosa as an gcríoch agus líon na n-uaireanta dul isteach a údaraíodh, fiú mura mbeidh líon na laethanta a údaraíodh leis an víosa ídithe aige.

4.   Ceannteideal ‘RÉ AN FHANACHTA ... LAETHANTA’:

Taispeánann an ceannteideal seo líon na laethanta a fhéadfaidh an sealbhóir víosa fanacht sa chríoch a bhfuil an víosa bailí di. Féadfaidh sé gur laethanta i ndiaidh a chéile a bheadh i gceist, nó, ag brath ar líon na laethanta a údaraítear, d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt tréimhsí i gceist idir an dá dháta a luadh i mír 2, ag cur an líon uaireanta a údaraíodh dul isteach i mír 3 san áireamh.

Scríobhtar líon na laethanta a údaraítear sa spás bán idir ‘RÉ AN FHANACHTA’ agus ‘LAETHANTA’, i bhfoirm dhá dhigit, nialas ar an gcéad cheann acu más lú ná 10 líon na laethanta.

Is é 90 lá líon uasta na laethanta is féidir a iontráil faoin gceannteideal seo.

▼M3

Nuair atá víosa bailí ar feadh níos mó ná sé mhí, is 90 lá in aon tréimhse 180 lá tréimhsí na fanachta.

▼B

5.   Ceannteideal ‘ARNA hEISIÚINT I/IN/SA ... AN …’

Leis an gceannteideal seo, tugtar ainm na láithreach ina bhfuil an t-údarás eisiúna suite. Taispeántar an dáta eisiúna i ndiaidh ‘AN’.

Scríobhtar an dáta eisiúna mar a scríobhtar an dáta dá dtagraítear in 2.

6.   Ceannteideal ‘UIMHIR AN PHAS’:

Léirítear leis an gceannteideal seo uimhir an doiciméid taistil a bhfuil an greamán víosa greamaithe de.

I gcás ina mbeidh an duine ar eisíodh an víosa dó san áireamh i bpas an chéile, i bpas an údaráis tuismitheora nó an chaomhnóra dhlíthiúil, sonraítear uimhir dhoiciméad taistil an duine sin.

I gcás nach n-aithneoidh an Ballstát a bhfuil an víosa á heisiúint aige doiciméad taistil an iarratasóra, úsáidtear an fhormáid aonfhoirmeach don leathán ar leith le haghaidh víosa a ghreamú de chun an víosa a ghreamú.

Ní hí uimhir an phas atá le hiontráil faoin gceannteideal seo, má ghreamaítear an greamán víosa den leathán ar leith, ach an uimhir chlóghrafach chéanna atá ar an bhfoirm, a bhfuil sé cinn de dhigití inti.

7.   Ceannteideal ‘AN CINEÁL VÍOSA’:

Chun cúrsaí a éascú do na húdaráis rialaithe, sonraítear leis an gceannteideal seo cineál na víosa de réir na litreacha A, C agus D mar a leanas:

A

:

víosa idirthurais aerfoirt (faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) den Rialachán seo é)

C

:

víosa (faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo é)

D

:

víosa fadfhanachta

8.   Ceannteideal ‘SLOINNE AGUS CÉADAINM’:

Scríobhtar an chéad fhocal atá sa bhosca ‘sloinne’ agus ansin an chéad fhocal atá sa bhosca ‘céadainm’ i ndoiciméad taistil an tsealbhóra víosa san ord sin. Fíoraíonn an t-údarás eisiúna gurb ionann an sloinne agus an céadainm atá sa doiciméad taistil agus atá le cur isteach faoin gceannteideal seo agus sa roinn a ndéanfar scanadh leictreonach uirthi agus an t-ainm agus an céadainm atá san iarratas ar víosa. Más mó líon na gcarachtar a theastaíonn chun an sloinne agus an céadainm a scríobh ná na spásanna atá ar fáil, cuirtear ponc (.) in áit na gcarachtar breise.

9.

(a) Iontrálacha éigeantacha atá le cur isteach sa roinn ‘BARÚLACHA’

 I gcás ina n-eisítear víosa thar ceann Ballstáit eile de bhun Airteagal 8, cuirtear an tagairt seo isteach: ‘R/[Cód an Bhallstáit a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh air]’.

 I gcás ina n-eisítear víosa chun críoch idirthurais, cuirtear an tagairt seo isteach: ‘IDIRTHURAS’.

▼M1

 Where all data referred to in Article 5(1) of the VIS Regulation is registered in the Visa Information System, the following mention is added: ‘VIS’.

 Where only the data referred to in points (a) and (b) of Article 5(1) of the VIS Regulation is registered in the Visa Information System but the data referred to in point (c) of that paragraph was not collected because the collection of fingerprints was not mandatory in the region concerned, the following mention is added: ‘VIS 0’.

▼B

(b) Iontrálacha náisiúnta sa roinn ‘BARÚLACHA’

Tá na barúlacha a bhaineann le forálacha náisiúnta sa roinn seo freisin i dteanga Bhallstát eisiúna na víosa. Ní bheidh athrá sna barúlacha seo ar a mbeidh sna barúlacha éigeantacha dá dtagraítear i bPointe 1.

(c) Roinn don ghrianghraf

Cuirfear grianghraf daite den sealbhóir víosa sa spás a áirithítear chuige sin.

Caithfear cloí leis na rialacha seo a leanas i ndáil leis an ngrianghraf a chuirfear ar an ngreamán víosa.

Beidh méid an chinn ó smig go baithis an chinn idir 70 % agus 80 % de mhéid dhromchla ingearach an ghrianghraif.

Is iad seo a leanas na ceanglais a bheidh i gceist maidir le híosghléineacht:

 300 picteilín in aghaidh an orlaigh (ppi) neamhchomhbhrúite, más le scanadh atá an grianghraf,

 720 ponc in aghaidh an orlaigh (dpi) más grianghraf é atá le priontáil go lándaite.

10.

Roinn meaisín-inléite

Is éard a bheidh sa roinn seo dhá líne a mbeidh 36 carachtar iontu (OCR B-10 cpi).

An 1ú líne: 36 charachtar (sainordaitheach)



Suímh

Líon na gcarachtar

An ceannteideal

Sonraíochtaí

1-2

2

Cineál an doiciméid taistil

An 1ú charachtar: V

An 2ú carachtar: cód lena léirítear cineál an víosa (A, C nó D)

3-5

3

An Ballstát eisiúna

Cód aibítre 3-charachtar ICAO: BEL, CHE, CZE, DNK, D<<, EST, GRC, ESP, FRA, ITA, LVA, LTU, LUX, HUN, MLT, NLD, AUT, POL, PRT, SVN, SVK, FIN, SWE, ISL, NOR.

6-36

31

Sloinne agus céadainm

Ba cheart go mbeadh 2 shiombail (<<) idir an sloinne agus na céadainmneacha; ba cheart go mbeadh siombail amháin (<) idir chomhpháirteanna indibhidiúla an ainm; ba cheart spásanna nach bhfuil gá leo a líonadh isteach le siombail (<) amháin.

An 2ú líne: 36 charachtar (sainordaitheach)



Suímh

Líon na gcarachtar

An ceannteideal

Sonraíochtaí

1

9

Uimhir an Víosa

Seo í an uimhir atá priontáilte in uachtar ar thaobh na láimhse deise den ghreamán.

10

1

Carachtar rialaithe

Is toradh é an carachtar ar ríomh casta, bunaithe ar an limistéar a bhí ann roimhe sin, de réir algartaim arna shainiú ag an ICAO.

11

3

Náisiúntacht an iarratasóra

Códú aibítre de réir cód 3-charachtar ICAO.

14

6

Dáta breithe

Is é an t-ord ba cheart a leanúint LLMMBB agus:

BB = an bhliain (sainordaitheach)

MM = an mhí nó << mura mbeidh a fhios an mhí a bhí i gceist

LL = an lá nó << mura mbeidh a fhios an lá a bhí i gceist

20

1

Carachtar rialaithe

Is toradh é an carachtar ar ríomh casta, bunaithe ar an limistéar a bhí ann roimhe sin, de réir algartaim arna shainiú ag an ICAO.

21

1

Gnéas

B = Baineann,

F = Fireann

< = Ní shonraítear.

22

6

Dáta a dtagann deireadh le bailíocht an víosa.

Is é an t-ord a leantar BBMMLL gan mír bhreise ar bith.

28

1

Carachtar rialaithe

Is toradh é an carachtar ar ríomh casta, bunaithe ar an limistéar a bhí ann roimhe sin, de réir algartaim arna shainiú ag an ICAO.

29

1

Bailíocht chríochach

a)  I gcomhair víosaí LTV, cuirtear isteach an litir T.

b)  I gcomhair víosaí aonfhoirmeacha, cuirtear isteach an mhír bhreise <.

30

1

Líon na n-uaireanta isteach:

1, 2, nó M

31

2

Ré na fanachta

a)  Gearrfhanacht: ba cheart líon na laethanta a chur isteach sa spás don tsúil-léitheoireacht.

b)  Fadfhanacht: <<

33

4

Tús na bailíochta

Is é an struchtúr a bheidh ann dó seo MMLL gan mír bhreise ar bith.’




IARSCRÍBHINN VIII

AN GREAMÁN VÍOSA A GHREAMÚ

1. Greamófar an greamán víosa den chéad leathanach den doiciméad taistil nach mbeidh aon iontrálacha ná aon stampaí air - seachas an stampa lena dtaispeánfar go mbeidh iarratas inghlactha.

2. Ailíneofar an greamán le himeall leathanach an doiciméid taistil agus greamófar den imeall sin é. Ailíneofar crios meaisín-inléite an ghreamáin le himeall an leathanaigh.

3. Cuirfear stampa na n-údarás eisiúna sa roinn dar teideal ‘BARÚLACHA’ sa chaoi is go sínfidh sé amach thar an ngreamán ar leathanach an doiciméid taistil.

4. I gcás inar gá comhlánú na ranna a bheidh le scanadh go leictreonach a tharscaoileadh, féadfar an stampa a chur sa roinn sin chun nach bhféadfar úsáid a bhaint aisti. Leagfaidh rialacha náisiúnta an Bhallstáit síos méid agus ábhar an stampa a úsáidfear.

5. Le go gcoiscfear athúsáid a bhaint as greamán a bheidh greamaithe de leathán ar leithligh chun víosa a ghreamú, déanfar séala na n-údarás eisiúna a stampáil ar dheis, chun go gclúdófaí an greamán agus an leathán ar leithligh, ar dhóigh nach gcuirfidh an séala isteach ar léamh na gceannteideal ná ar léamh na mbarúlacha agus nach rachaidh sé isteach sa chrios meaisín-inléite.

6. Is i bhfoirm greamáin víosa a dhéanfar fadú ar víosa, de bhun Airteagal 33 den Rialachán seo. Greamófar séala na n-údarás eisiúna den ghreamán víosa.




IARSCRÍBHINN IX

CUID 1

Rialacha le haghaidh víosaí a eisiúint ag an teorainn do mharaithe idirthurais atá faoi réir ag ceanglais víosaí

Baineann na rialacha seo le malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát maidir le maraithe idirthurais atá faoi réir ag ceanglais víosaí. A mhéid gur ar bhonn na faisnéise a malartaíodh a eiseofar víosa ag an teorainn, is ar an mBallstát a eiseoidh an víosa a bheidh an fhreagracht.

Chun críocha na rialacha seo:

‘Ciallaíonn calafort Ballstáit’: calafort ar teorainn sheachtrach Ballstáit é.

‘Ciallaíonn aerfort Ballstáit’: aerfort ar teorainn sheachtrach Ballstáit é.

I.   Clárú ar shoitheach atá ar ancaire nó a bhfuiltear ag súil leis i gcalafort Ballstáit (dul isteach ar chríoch na mBallstát)

 cuirfidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire in iúl do na húdaráis inniúla i gcalafort an Bhallstáit ina mbeidh an long ar ancaire nó ina mbeidh súil léi go bhfuil maraithe atá faoi réir ceanglas víosa le dul isteach ann trí aerfort Ballstáit, trí theorainn ar muir nó ar tír. Síneoidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire ráthaíocht i ndáil leis na maraithe sin, go gcumhdóidh an chuideachta loingseoireachta gach costas a bhaineann le fanacht na maraithe agus, más gá, na costais a bhaineann lena n-aisdúichiú;

 fíoróidh na húdaráis inniúla sin a luaithe is féidir cé acu an bhfuil an fhaisnéis a chuir an chuideachta loingseoireachta nó an gníomhaire ar fáil cruinn agus scrúdóidh siad cé acu an gcomhlíontar na coinníollacha eile le haghaidh dul isteach i gcríoch na mBallstát. Fíorófar freisin an cúrsa taistil laistigh de chríoch na mBallstát e.g. trí thagairt do na ticéid (aerlíne);

 nuair a bheidh maraithe le dul isteach trí aerfort Ballstáit, cuirfidh na húdaráis inniúla ag calafort an Bhallstáit na húdaráis inniúla ag an aerfort Ballstáit a rachfar isteach ann ar an eolas faoi thorthaí an fhíoraithe, trí fhoirm chuí-chomhlánaithe do mharaithe idirthurais atá faoi réir ag ceanglais víosa (faoi mar a leagtar amach iad i gCuid 2), a sheolfar ar facs, leis an bpost leictreonach nó trí mhodh eile, agus sonróidh siad cé acu an bhféadfar víosa a eisiúint, i bprionsabal, ag an teorainn nó nach bhféadfar. Nuair a bheidh maraithe le dul isteach trí theorainn ar muir nó ar tír, cuirfear na húdaráis inniúla ag an bpost teorainn trína rachaidh an maraí isteach ar chríoch an Bhallstáit ar an eolas tríd an nós imeachta céanna.

 i gcás ina bhfíorófar go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil fíor agus i gcás ina mbeidh an toradh ar comhréir le dearbhú nó le doiciméid an mharaí, féadfaidh na húdaráis inniúla ag an aerfort Ballstáit trína rachfar isteach nó amach víosa a eisiúint ag an teorainn agus beidh an fanacht a údarófar dá cuid ag freagairt don fhanacht is gá chun críoch an idirthurais. Chomh maith leis sin, sna cásanna sin, cuirfear stampa dul isteach nó stampa imeachta Ballstáit ar dhoiciméad taistil an mharaí, agus tabharfar don mharaí lena mbaineann é.

II.   Éirí as seirbhís ar shoitheach a chuaigh isteach i gcalafort Ballstáit (imeacht as críoch na mBallstát)

 cuirfidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire in iúl do na húdaráis inniúla ag an gcalafort Ballstáit sin ina bhfuil maraithe ag dul isteach atá faoi réir ag ceanglais víosa agus atá le héirí as seirbhís agus imeacht as críoch na mBallstát trí aerfort Ballstáit, trí theorainn ar muir nó ar tír. Síneoidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire ráthaíocht i ndáil leis na maraithe sin go gcumhdóidh an chuideachta loingseoireachta gach costas a bhaineann le fanacht na maraithe agus, más gá, na costais a bhaineann lena n-aisdúichiú;

 fíoróidh na húdaráis inniúla a luaithe is féidir an bhfuil an fhaisnéis a chuir an chuideachta loingseoireachta nó an gníomhaire ar fáil cruinn agus scrúdóidh siad cé acu ar comhlíonadh na coinníollacha eile le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát. Fíorófar freisin an cúrsa taistil laistigh de chríoch na mBallstát e.g. trí thagairt do na ticéid (aerlíne);

 i gcás ina ndéanfar fíorú deimhneach ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil, féadfaidh na húdaráis inniúla víosa a eisiúint lena mbeidh an fanacht a údarófar ag freagairt don fhanacht is gá chun críche an idirthurais.

III.   Aistriú ó shoitheach a chuaigh isteach i gcalafort Ballstáit chuig soitheach eile

 cuirfidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire in iúl do na húdaráis inniúla ag an gcalafort Ballstáit sin ina bhfuil maraithe ag dul isteach atá faoi réir ag ceanglais víosa agus atá le héirí as seirbhís agus imeacht as críoch na mBallstát trí chalafort Ballstáit eile. Síneoidh an chuideachta loingseoireachta nó a gníomhaire ráthaíocht i ndáil leis na maraithe sin go gcumhdóidh an chuideachta loingseoireachta gach costas a bhaineann le fanacht na maraithe agus, más gá, na costais a bhaineann lena n-aisdúichiú;

 fíoróidh na húdaráis inniúla a luaithe is féidir cé acu an bhfuil an fhaisnéis a chuir an chuideachta loingseoireachta nó an gníomhaire ar fáil cruinn agus scrúdóidh siad cé acu ar comhlíonadh na coinníollacha eile le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát. Chun críocha an scrúdaithe, rachfar i dteagmháil leis na húdaráis inniúla ag an gcalafort Ballstáit óna bhfágfaidh na maraithe críoch na mBallstát ar long. Déanfar seiceáil le cinntiú go bhfuil an long a n-imeoidh siad inti ar ancaire ann nó go bhfuil súil léi ann. Fíorófar freisin an cúrsa taistil laistigh de chríoch na mBallstát;

 i gcás ina ndéanfar fíorú deimhneach ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil, féadfaidh na húdaráis inniúla víosa a eisiúint lena mbeidh an fanacht a údarófar ag freagairt don fhanacht is gá chun críche an idirthurais.

CUID 2

image

CUR SÍOS MIONSONRAITHE AR AN bhFOIRM

Pointí 1 – 4: céannacht an mharaí



(1)

A.  Sloinne (Sloinnte)

B.  Céadainm (céadainmneacha)

C.  Náisiúntacht

D.  Céim/Grád

(2)

A.  Áit bhreithe

B.  Dáta breithe

(3)

A.  Uimhir an phas

B.  Dáta eisiúna

C.  Tréimhse bailíochta

(4)

A.  Uimhir an leabhair mairnéalaigh

B.  Dáta eisiúna

C.  Tréimhse bailíochta

Maidir le pointí 3 agus 4: féadfar doiciméad taistil nó leabhar mairnéalaigh a úsáid chun críocha céannachta, ag brath ar náisiúntacht an mharaí agus ag brath ar an mBallstát a mbeidh an maraí ag dul isteach ann.

Pointí 5 – 8: an gníomhaire loingseoireachta agus an soitheach lena mbaineann



(5)

Ainm an ghníomhaire loingseoireachta (an duine aonair nó an chorparáid a bheidh i láthair agus a dhéanann ionadaíocht ar úinéir na loinge i ngach ábhar a bhaineann le dualgais úinéir na loinge ó thaobh an soitheach a fheistiú) faoi 5A agus a uimhir theileafóin (agus sonraí teagmhála eile amhail uimhir facs, seoladh ríomhphoist) faoi 5B.

(6)

A.  Ainm an tsoithigh:

B.  An uimhir IMO (7 n-uimhir atá san uimhir seo a dtugtar ‘uimhir Lloyds’ freisin uirthi).

C.  An bhratach (faoina bhfuil an soitheach trádála seo ag seoladh)

(7)

A.  Dáta theachtan tsoithigh

B.  Calafort ónar tháinig an soitheach

Tagraíonn an litir ‘A’ don dáta a dtiocfaidh an soitheach i dtír sa chalafort ina mbeidh an maraí le clárú.

(8)

A.  Dáta imeachta an tsoithigh

B.  Ceann scríbe an tsoithigh (an chéad chalafort eile)

Maidir le pointí 7A agus 8A: tugtar sonraí faoin bhfad a fhéadfaidh an maraí a chaitheamh ag taisteal chun clárú.

Ba cheart a chuimhneamh go mbeidh an cúrsa a leantar go mór faoi réir cur isteach gan choinne agus faoi réir gnéithe seachtracha amhail stoirmeacha, cliseadh etc.

Pointí 9 – 12: an cuspóir atá le turas an mharaí agus a cheann scríbe

(9) Is é an ‘ceann scríbe deireanach’ deireadh thuras an mharaí. D’fhéadfadh sé gurbh é seo an calafort a bhfuil sé le clárú ann nó an tír ar a bhfuil a thriall más ag éirí as seirbhís atá sé.

(10) Na cúiseanna atá leis an iarratas

(a) I gcás clárú, is é an ceann scríbe deireanach an calafort ina mbeidh an maraí le clárú.

(b) I gcás aistriú go soitheach eile laistigh de chríoch na mBallstát, is é an calafort ina mbeidh an maraí le clárú freisin é. I gcás aistriú chuig soitheach eile atá suite lasmuigh de chríoch na mBallstát, caithfear a mheas gur éirí as seirbhís atá i gceist.

(c) I gcás ina mbeifear ag éirí as seirbhís, d’fhéadfadh sé tarlú ar chúiseanna éagsúla, amhail deireadh an chonartha, tionóisc ag an obair, cúiseanna práinneacha teaghlaigh etc.

(11) Modh iompair

Liosta de na modhanna a ndearna an maraí idirthurais atá faoi réir ag ceanglais víosa úsáid a bhaint astu laistigh de chríoch na mBallstát d’fhonn a cheann scríbe deireanach a bhaint amach. Síltear gurb iad na trí fhéidearthacht seo a leanas a bheidh i gceist ar an bhfoirm:

(a) Gluaisteán (nó cóiste)

(b) Traein

(c) Eitleán

(12) Dáta teachta (i gcríoch na mBallstát)

Baineann sé seo go príomha le maraí ag an gcéad aerfort Ballstáit nó ag an gcéad phointe trasnaithe teorann Ballstáit (ós rud é nach aerfort a bheidh i gceist i gcónaí) ag an teorainn sheachtrach trínar mian leis teacht isteach i gcríoch na mBallstát.

Dáta an idirthurais

Is é seo an dáta a ndíchláróidh an maraí i gcalafort ar chríoch na mBallstát agus a dtabharfaidh sé aghaidh ar chalafort eile atá suite freisin ar chríoch na mBallstát.

Dáta imeachta

Is é seo an dáta a ndíchláróidh an maraí i gcalafort ar chríoch na mBallstát chun aistriú chuig soitheach eile i gcalafort atá suite lasmuigh de chríoch na mBallstát nó an dáta a ndíchláróidh an maraí ar chríoch na mBallstát chun filleadh ar an mbaile (lasmuigh de chríoch na mBallstát).

Tar éis na trí mhodh taistil a chinneadh, ba cheart an fhaisnéis a bhfuil fáil uirthi maidir leis na modhanna sin a sholáthar:

(a) gluaisteán, cóiste: cláruimhir

(b) traein: ainm, uimhir, etc.

(c) sonraí na heitilte: dáta, am, uimhir

(13) Dearbhú foirmiúil arna shíniú ag an ngníomhaire loingseoireachta nó ag úinéir na loinge lena ndeimhnítear gurb é a bheidh freagrach as costais fanachta an mharaí agus, i gcás inar gá, gurb é a bheidh freagrach as an maraí a athdhúichiú.




IARSCRÍBHINN X

LIOSTA DE NA CEANGLAIS ÍOSTA A ÁIREOFAR SAN IONSTRAIM DLÍ SA CHÁS GO RACHFAR I GCOMHAR LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE SEACHTRACHA

A. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le cosaint sonraí:

(a) cinnteoidh sé nach ndéanfar aon léamh neamhúdaraithe, aon chóipeáil neamhúdaraithe, aon mhodhnú neamhúdaraithe ná aon scriosadh neamhúdaraithe ar shonraí, aon tráth, agus go háirithe le linn do na sonraí sin a bheith á dtarchur chuig misean taidhleoireachta nó chuig post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát a bheidh inniúil i leith phróiseáil an iarratais.

(b) i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, tarchuirfidh sé na sonraí,

 go leictreonach, i bhfoirm chriptithe, nó

 go fisiciúil, i slí dhaingnithe;

(c) tarchuirfidh sé na sonraí a luaithe agus is féidir:

 i gcás sonraí a tharchuirtear go fisiciúil, ar a laghad uair amháin sa tseachtain;

 i gcás sonraí criptithe a tharchuirtear go leictreonach, faoi dheireadh an lae a bhailítear iad, ar a dhéanaí;

(d) scriosfaidh sé na sonraí a luaithe agus a bheidh siad tarchurtha aige agus áiritheoidh sé nach bhféadfar aon sonraí a choinneáil seachas ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra chun críocha coinní a shocrú, mar aon le huimhir an phas, go dtí go dtabharfar an pas ar ais don iarratasóir, nuair is iomchuí;

(e) áiritheoidh sé go nglacfar gach beart slándála is gá, idir bhearta teicniúla agus eagraíochtúla, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé neamhdhleathach nó de thaisme, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe má bhaineann an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig misean taidhleoireachta nó post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

(f) próiseálfaidh sé na sonraí chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun na críche sin amháin;

(g) déanfaidh sé caighdeáin um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm a bheidh ar a laghad coibhéiseach leis na caighdeáin a leagtar amach i dTreoir 95/46/CE;

(h) déanfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 37 den Rialachán VIS a chur ar fáil d’iarratasóirí.

B. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le hiompar na foirne:

(a) cinnteoidh sé go bhfuil an fhoireann oilte mar is iomchuí;

(b) áiritheoidh sé go ndéanfaidh an fhoireann na nithe seo a leanas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu:

 go gcuirfidh sí fáilte chúirtéiseach roimh iarratasóirí;

 go n-urramóidh sí dínit agus ionracas na n-iarratasóirí;

 nach ndéanfaidh sí leatrom ar dhaoine ar bhonn gnéis, bunadh ciníoch ná eitneach, reiligiún ná creideamh, aois ná claonadh gnéis, agus

 go n-urramóidh sí na rialacha rúndachta, a mbeidh feidhm leo chomh maith nuair a fhágfaidh na baill foirne a bpost agus tar éis don ionstraim dlí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis di a bheith foirceanta;

(c) soláthróidh sé i gcónaí sonraí aitheantais na gcomhaltaí foirne a bheidh ag obair don soláthraí seirbhíse seachtrach;

(d) cruthóidh sé nach bhfuil taifid choiriúla ag aon daoine den fhoireann agus go bhfuil an saineolas is gá acu.

C. Maidir le fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú a ngníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) gan fógra a bheith faighte roimh ré, tabharfaidh sé cead isteach ar a áitreabh i gcónaí do dhaoine foirne a bhfuil cead rochtana tugtha dóibh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, go háirithe chun críocha cigireachta;

(b) áiritheoidh sé go bhféadfar cianrochtain a fháil ar a chóras coinní, chun críocha cigireachta;

(c) áiritheoidh sé go n-úsáidfear na modhanna ábhartha faireacháin (e.g. iarratasóirí tástála; ceamara gréasáin);

(d) áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ar fáil ar chruthúnas maidir le comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuairisciú, iniúchtaí seachtracha agus spotseiceálacha tráthrialta;

(e) cuirfidh sé tuarascáil chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill faoi aon sárú ar shlándáil nó faoi aon ghearáin ó iarratasóirí maidir le mí-úsáid sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn teacht ar réiteach, agus tabharfaidh sé freagairt mhínitheach gan mhoill ar na hiarratasóirí i mbun gearán;

D. Maidir leis na ceanglais ghinearálta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) gníomhóidh sé faoi threoracha an Bhallstáit nó na mBallstát a bheidh i inniúil ar an iarratas a phróiseáil;

(b) glacfaidh sé bearta iomchuí frith-éillithe (e.g. forálacha maidir le híocaíocht na foirne; comhar maidir le roghnú na mball foirne le haghaidh an chúraim; riail na beirte; prionsabal na huainíochta);

(c) urramóidh sé go huile agus go hiomlán forálacha na hionstraime dlí, a mbeidh clásal fionraí nó clásal maidir le foirceannadh inti, go háirithe má sháraítear na rialacha atá bunaithe, mar aon le clásal maidir le hathbhreithniú d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an cleachtas is fearr san áireamh san ionstraim dlí.




IARSCRÍBHINN XI

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA SONRACHA LENA nÉASCAÍTEAR EISIÚINT VÍOSAÍ DO DHAOINE DEN TEAGHLACH OILIMPEACH ATÁ AG GLACADH PÁIRTE SNA CLUICHÍ OILIMPEACHA AGUS SNA CLUICHÍ PARA-OILIMPEACHA



CAIBIDIL I

Cuspóir agus Sainmhínithe

Airteagal 1

Cuspóir

Éascaíonn na nósanna imeachta agus na coinníollacha sonracha seo a leanas iarratais ar víosaí agus eisiúint víosaí do dhaoine den teaghlach Oilimpeach ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha a eagraíonn Ballstát.

Chomh maith leis sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha acquis an Chomhphobail maidir le nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosaí víosaí a eisiúint.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. Baineann ‘eagraíochtaí atá freagrach’ le bearta chun na nósanna imeachta a éascú chun iarratais ar víosaí a dhéanamh thar ceann duine den teaghlach Oilimpeach ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha agus chun víosaí a eisiúint dóibh, agus ciallaíonn siad na heagraíochtaí oifigiúla, i dtéarmaí na Cairte Oilimpí, atá i dteideal liostaí de dhaoine den teaghlach Oilimpeach a chur faoi bhráid Choiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha chun go ndéanfaí cártaí creidiúnaithe a eisiúint do na Cluichí;

2. Ciallaíonn ‘ball den teaghlach Oilimpeach’ aon duine ar comhalta é den Choiste Idirnáisiúnta Oilimpeach, den Choiste Idirnáisiúnta Para-Oilimpeach, de Chónaidhmeanna Idirnáisiúnta, de na Coistí Náisiúnta Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha agus de Choistí Eagrúcháin na gCluichí Oilimpeacha agus de na cumainn náisiúnta, amhail lúthchleasaithe, moltóirí/réiteoirí, traenálaithe agus teicneoirí spóirt eile, pearsanra míochaine a ghabhann le foirne nó fir nó mná spóirt aonair agus tuairisceoirí atá creidiúnaithe ag na meáin, feidhmeannaigh shinsearacha, deontóirí, urraitheoirí nó daoine eile ar tugadh cuireadh oifigiúil dóibh agus a thoilíonn a bheith faoi threoir na Cairte Oilimpí, a ghníomhaíonn faoi rialú agus faoi údarás an Choiste Idirnáisiúnta Oilimpigh, a chuirtear san áireamh ar na liostaí de na heagraíochtaí atá freagrach agus a bhfuil creidiúnú tugtha dóibh ag Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha a eagrú mar rannpháirtithe i gCluichí Oilimpeacha agus/nó i gCluichí Para-Oilimpeacha [bliain];

3. déanann ‘cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha’ a eisíonn Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta ceann amháin de dhá dhoiciméad shlána, ceann amháin do na Cluichí Oilimpeacha agus ceann amháin do na Cluichí Para-Oilimpeacha agus grianghraf den sealbhóir ar gach ceann díobh, lena ndéantar céannacht an duine den teaghlach Oilimpeach a chinneadh agus lena n-údaraítear rochtain ar na saoráidí a reáchtáiltear na comórtais agus na himeachtaí sceidealta eile iontu ar feadh ré na gCluichí;

4. Ciallaíonn ‘Ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha’ an tréimhse ina mbíonn na Cluichí Oilimpeacha ar siúl agus an tréimhse ina mbíonn na Cluichí Para-Oilimpeacha ar siúl;

5. Ciallaíonn ‘Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha’ an Coiste arna bhunú ag an mBallstát atá ina óstach i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta chun na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha a eagrú, arb é an Coiste a dhéanann cinneadh faoi chreidiúnú a thabhairt do dhaoine den teaghlach Oilimpeach a mbeidh páirt á glacadh sna Cluichí sin acu;

6. Ciallaíonn ‘seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint’ na seirbhísí arna n-ainmniú ag Ballstát atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha chun na hiarratais a scrúdú agus chun víosaí a eisiúint chuig daoine den teaghlach Oilimpeach.



CAIBIDIL II

Víosaí a eisiúint

Airteagal 3

Coinníollacha

Ní fhéadfar víosa a eisiúint de bhun an Rialacháin seo ach amháin i gcás:

(a) ina mbeidh an duine lena mbaineann ainmnithe ag ceann amháin de na heagraíochtaí atá freagrach agus é creidiúnaithe ag Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha mar rannpháirtí sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha;

(b) ina mbeidh ar seilbh an duine lena mbaineann doiciméad bailí taistil a údaraíonn dó teorainneacha seachtracha a thrasnú, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chód Teorainneacha Schengen;

(c) nach duine é an duine lena mbaineann ar eisíodh foláireamh ina leith chun críocha cead isteach a dhiúltú;

(d) nach measfar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil náisiúnta nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

Airteagal 4

An t-iarratas a chur isteach

1.  I gcás ina ndéanfaidh eagraíocht atá freagrach liosta de na daoine atá roghnaithe chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha, féadfaidh sí, i dteannta le hiarratas ar chárta creidiúnaithe Oilimpeach a eisiúint do na daoine atá roghnaithe, iarratas tiomsaitheach a chur isteach ar víosaí do na daoine sin atá roghnaithe agus a bhfuil de cheangal orthu víosa a bheith ar a seilbh acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát ar a seilbh acu, nó cead cónaithe arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe nó ag Éirinn, i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát ( 11 ).

2.  Seolfar iarratas tiomsaitheach ar víosaí do na daoine lena mbaineann chuig Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha ag an tráth céanna a sheolfar iarratais ar chárta creidiúnaithe Oilimpigh i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunóidh an Coiste sin.

3.  Tíolacfar iarratais víosa indibhidiúla do gach duine a ghlacann páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha.

4.  Seolfaidh Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha chuig na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint, iarratas tiomsaitheach ar víosaí a luaithe is féidir, mar aon le cóipeanna d’iarratais ar chárta creidiúnaithe Oilimpigh do na daoine uile lena mbaineann, ar a mbeidh a n-ainm iomlán, a náisiúntacht, a ngnéas, dáta agus áit a mbreithe agus uimhir, cineál agus dáta éaga an doiciméid taistil.

Airteagal 5

Scrúdú a dhéanamh ar an iarratas tiomsaitheach ar víosaí agus an cineál víosa a eiseofar

1.  Is iad na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint a eiseoidh an víosa, tar éis scrúdú a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh.

▼M3

2.  An víosa a eiseofar, is víosa aonfhoirmeach do dhul isteach iolrach a bheidh ann, lena n-údarófar fanacht nach faide ná 90 lá ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus/nó na gCluichí Para-Oilimpeacha.

▼B

3.  I gcás nach gcomhlíonfaidh ball den teaghlach Oilimpeach lena mbaineann na coinníollacha a shonraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) d’Airteagal 3, féadfaidh na seirbhísí a bheidh freagrach as víosaí a eisiúint víosa a eisiúint a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Foirm na víosa

1.  Dhá uimhir a iontrálfar ar an gcárta creidiúnaithe Oilimpeacha a bheidh sa víosa. An chéad uimhir is uimhir na víosa í. I gcás víosa aonfhoirmí, beidh seacht (7) gcarachtar san uimhir sin, sé (6) dhigit agus an litir ‘C’ rompu. I gcás víosa a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aici, beidh ocht (8) gcarachtar san uimhir sin, (6) dhigit agus na litreacha ‘XX’ ( 12 ) rompu. Uimhir dhoiciméad taistil an duine lena mbaineann a bheidh sa dara huimhir.

2.  Seolfaidh na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint na huimhreacha víosa ar aghaidh chuig Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit a bheidh ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha chun críocha cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha a eisiúint.

Airteagal 7

Táillí a tharscaoileadh

Ní dhéanfaidh na seirbhísí a bheidh freagrach as víosaí a eisiúint aon táillí a ghearradh as scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais ar víosaí ná as na víosaí a eisiúint.



CAIBIDIL III

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 8

Víosa a chealú

I gcás ina leasófar liosta na ndaoine a bheidh ina rannpháirtithe sna Cluichí Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha sula gcuirfear tús leis na Cluichí, cuirfidh na heagraíochtaí atá freagrach é sin in iúl gan aon mhoill do Choiste Eagrúcháin an Bhallstáit a bheidh ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha, ionas gur féidir cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha na ndaoine a baineadh den liosta a chúlghairm. Cuirfidh an Coiste Eagrúcháin é sin in iúl i bhfógra do na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint agus cuirfidh sé líon na víosaí atá i gceist in iúl freisin.

Cealóidh na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint víosaí na ndaoine lena mbaineann. Cuirfidh siad é sin in iúl láithreach do na húdaráis atá freagrach as seiceálacha teorann agus cuirfidh na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát eile.

Airteagal 9

Seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha

1.  Ní dhéanfar de sheiceáil ar theacht isteach dóibh ar dhaoine den teaghlach Oilimpeach ar eisíodh víosaí dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nuair a thrasnóidh siad teorainneacha seachtracha na mBallstát, ach a sheiceáil go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus/nó na gCluichí Para-Oilimpeacha:

(a) greamófar stampaí dul isteach agus stampaí imeachta den chéad leathanach glan de dhoiciméad taistil na mball sin den teaghlach Oilimpeach dá bhfuil sé sin riachtanach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Chód Teorainneacha Schengen. Ar dhul isteach den chéad uair, sonrófar uimhir na víosa ar an leathanach céanna;

(b) measfar go mbeidh na coinníollacha maidir le dul isteach agus dá bhforáiltear in Airteagal 5(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen comhlíonta a luaithe a chreidiúnófar go cuí ball den teaghlach Oilimpeach.

3.  Beidh feidhm ag mír 2 maidir le daoine den teaghlach Oilimpeach ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, cibé acu an mbeidh siad faoi réir an cheanglais víosa faoi Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 nó nach mbeidh.




IARSCRÍBHINN XII

STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LEIS NA VÍOSAÍ AONFHOIRMEACHA, NA VÍOSAÍ A BHFUIL BAILÍOCHT CHRÍOCHACH THEORANTA ACU AGUS VÍOSAÍ IDIRTHURAIS AERFOIRT

Sonraí a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach suíomh i gcás ina n-eiseoidh Ballstáit aonair víosaí laistigh den spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 46:

 Líon iomlán na víosaí A a ndearnadh iarratas ina leith (lena n-áirítear víosaí iolracha A),

 Líon iomlán na víosaí A a eisíodh (lena n-áirítear víosaí iolracha A),

 Líon iomlán na víosaí iolracha A a eisíodh,

 Líon iomlán na víosaí A nár eisíodh (lena n-áirítear víosaí iolracha A),

 Líon iomlán na víosaí C a ndearnadh iarratas ina leith (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),

 Líon iomlán na víosaí C a eisíodh (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),

 Líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach C a eisíodh,

 Líon iomlán na víosaí C nár eisíodh (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),

 Líon iomlán na víosaí LTV a eisíodh.

Rialacha ginearálta maidir le sonraí a chur isteach:

 Tiomsófar na sonraí don bhliain iomlán roimhe sin in aon chomhad aonair amháin,

 Soláthrófar na sonraí agus an teimpléad coiteann (arna sholáthar ag an gCoimisiún) á úsáid,

 Beidh na sonraí ar fáil maidir leis na suímh aonair ina n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann víosaí, agus na sonraí á ngrúpáil de réir tríú tír,

 Leis na focail ‘níor eisíodh’, cumhdaítear sonraí ar víosaí a diúltaíodh agus ar iarratais inar scoireadh den scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

I gcás nach mbeidh sonraí ar fáil agus nach mbeidh na sonraí sin ábhartha maidir le catagóir faoi leith agus tríú tír, fágfaidh na Ballstáit an chill folamh (gan ‘0’ (neamhní), ‘N.I (níl sé infheidhme) ná aon luach eile a chur isteach).




IARSCRÍBHINN XIII



TÁBLA COMHGHAOIL

Foráil an Rialacháin seo

An fhoráil de Choinbhinsiún Schengen (CSA), de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha (CCI) nó de Choiste Feidhmiúcháin Schengen (SCH/COM-ex) a ngabhtar a hionad

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

CCI, Cuid I.1. Raon Feidhme (CSA Airteagal 9 agus Airteagal 10)

Airteagal 2

Sainmhínithe

(1)-(4)

CCI, Cuid I.2. Sainmhínithe agus cineálacha víosaí

CCI, Cuid IV ‘Bunús Dlí’

CSA, Airteagal 11(2), Airteagal 14(1), Airteagal 15, Airteagal 16

TEIDEAL II

VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT

Airteagal 3

Náisiúnaigh tríú tíortha a gceanglaítear orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu

Comhghníomhaíocht 96/197/CGB, Cuid I. 2.1.1

TEIDEAL III

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LE VÍOSAÍ A EISIÚINT

CAIBIDIL I

Na húdaráis a ghlacfaidh páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

Airteagal 4

Na húdaráis atá inniúil chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

CCI, Cuid II 4., CSA, Airteagal 12(1) Rialachán 415/2003

Airteagal 5

An Ballstát atá inniúil ar iarratas a scrúdú agus a chinneadh

CCI, Cuid II.1. 1(a)(b), CSA Airteagal 12(2)

Airteagal 6

Inniúlacht chonsalach

CCI, Cuid II, 1.1 agus 3

Airteagal 7

Inniúlacht ar víosaí a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach laistigh de chríoch Ballstáit

Airteagal 8

Comhaontuithe maidir le hionadaíocht

CCI, Cuid II, 1.2

CAIBIDIL II

An tIarratas

Airteagal 9

Modhanna praiticiúla chun iarratas a thaisceadh

CCI, Iarscríbhinn 13, nóta (Airteagal 10(1))

Airteagal 10

Rialacha ginearálta chun iarratas a thaisceadh

Airteagal 11

Foirm iarratais

CCI, Cuid III 1.1.

Airteagal 12

Doiciméad taistil

CCI, Cuid III 2. (a), CSA, Airteagal 13(1) agus (2)

Airteagal 13

Aitheantóirí bithmhéadracha

CCI, Cuid III 1.2 (a) agus (b)

Airteagal 14

Doiciméid tacaíochta

CCI, Cuid II.2 (b) agus Cuid V.1.4, Com-ex (98) 57

Airteagal 15

Árachas liachta taistil

CCI, Cuid V, 1.4

Airteagal 16

Táille víosa

CCI, Cuid VII 4. agus Iarscríbhinn 12

Airteagal 17

Táille seirbhíse

CCI, Cuid VII, 1.7

CAIBIDIL III

Iarratas a scrúdú agus a chinneadh

Airteagal 18

Inniúlacht chonsalach a fhíorú

Airteagal 19

Inghlacthacht

Airteagal 20

Stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

CCI, Cuid VIII, 2

Airteagal 21

Coinníollacha maidir le teacht isteach a fhíorú agus measúnú riosca

CCI, Cuid III.4 agus Cuid V.1

Airteagal 22

Comhairliúchán roimh ré le húdaráis láir Ballstát eile

CCI, Cuid II, 2.3 agus Cuid V, 2.3(a)-(d)

Airteagal 23

Cinneadh maidir le hiarratas

CCI,Cuid V, 2.1 (an dara fleasc), 2.2, CCI

CAIBIDIL IV

An víosa a eisiúint

Airteagal 24

Víosa aonfhoirmeach a eisiúint

CCI, Cuid V, 2.1

Airteagal 25

Víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici a eisiúint

CCI, Cuid V, 3 Iarscríbhinn 14, CSA 11(2), 14(1) agus 16

Airteagal 26

Víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint

CCI, Cuid I, 2.1.1 – Comhghníomhaíocht 96/197/CGB,

Airteagal 27

Greamán víosa a chomhlánú

CCI, Cuid VI. 1-2-3-4

Airteagal 28

Greamán víosa comhlánaithe a chur ó bhail

CCI, Cuid VI, 5.2

Airteagal 29

Greamán víosa a ghreamú

CCI, Cuid VI, 5.3

Airteagal 30

Cearta a dhíorthaítear ó víosa a eisíodh

CCI, Cuid I, 2.1, an abairt dheireanach

Airteagal 31

Údaráis láir na mBallstát eile a chur ar an eolas

Airteagal 32

Víosa a dhiúltú

CAIBIDIL V

Víosa a eisíodh a mhodhnú

Airteagal 33

Fadú

Com-ex 93 (21)

Airteagal 34

Neamhniú agus cúlghairm

Com-ex 93 (24) agus Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an CCI

CAIBIDIL VI

Víosaí arna n-eisiúint ag teorainneacha seachtracha

Airteagal 35

Víosaí a ndearnadh iarratas orthu ag teorainn sheachtrach

Rialachán (CE) Uimh. 415/2003

Airteagal 36

Víosaí arna n-eisiúint chuig maraithe idirthurais ag an teorainn sheachtrach

TEIDEAL IV

BAINISTÍOCHT RIARACHÁIN AGUS EAGRÚ RIARACHÁIN

Airteagal 37

Eagrú na rannán víosaí

CCI, VII, 1 - 2 - 3

Airteagal 38

Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chonsalachtaí

 

CCI, Cuid VII, 1A

Airteagal 39

Iompar na foirne

CCI, Cuid III. 5

Airteagal 40

Cineálacha comhair

CCI, Cuid VII, 1AA

Airteagal 41

An comhar idir Ballstáit

Airteagal 42

Leas a bhaint as consail oinigh

CCI, Cuid VII, AB

Airteagal 43

An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

CCI, Cuid VII, 1B

Airteagal 44

Criptiú agus aistriú slán sonraí

CCI, Cuid II, 1.2. CUID VII, 1.6, an 6ú, an 7ú, an 8ú agus an 9ú fomhír

Airteagal 45

Comhar na mBallstát le hidirghabhálaithe tráchtála

CCI, VIII, 5.2

Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

SCH Com-ex 94 (25) agus (98) 12

Airteagal 47

Faisnéis don phobal i gcoitinne

TEIDEAL V

COMHAR ÁITIÚIL SCHENGEN

Airteagal 48

Comhar consalach áitiúil Schengen idir chonsalachtaí na mBallstát

CCI, VIII, 1 -3 -4

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Socruithe i ndáil leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha

Airteagal 50

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Airteagal 51

Treoracha maidir leis an gCód Víosaí a chur i bhfeidhm go praiticiúil

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

Airteagal 53

Fógra a thabhairt

Airteagal 54

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 55

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh 562/2006

Airteagal 56

Aisghairmeacha

Airteagal 57

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm




IARSCRÍBHINNÍ



Iarscríbhinn I

An fhoirm iarratais chomhchuibhithe

CCI, Iarscríbhinn 16

Iarscríbhinn II

Liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta:

Cuid de CCI, V, 1.4.

Iarscríbhinn III:

Formáid aonfhoirmeach agus úsáid stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

CCI, VIII, 2

Iarscríbhinn IV:

Liosta coiteann de thriú tíortha, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán 539/2001, a bhfuil de cheanglas ar a gcuid náisiúnach víosa idirthurais aerfoirt a bheith acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch na mBallstát

CCI, Iarscríbhinn 3, Cuid I

Iarscríbhinn V

Liosta de na ceadanna cónaithe a thugann teideal dá sealbhóirí idirthuras a dhéanamh trí aerfoirt na mBallstát gan é a bheith de cheangal orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina seilbh acu

CCI, Iarscríbhinn 3, Cuid III

Iarscríbhinn VI:

Foirm chomhchuibhithe chun fógra a thabhairt maidir le diúltú, cealú nó cúlghairm víosa, agus chun na cúiseanna a bhí leis an méid sin a thabhairt

Iarscríbhinn VII

An greamán víosa a chomhlánú

CCI, Cuid VI, 1-4, Iarscríbhinn 10

Iarscríbhinn VIII:

An greamán víosa a ghreamú

CCI, Cuid VI, 5.3.

Iarscríbhinn IX

Rialacha maidir le víosaí a eisiúint ag an teorainn chuig maraithe atá faoi réir cheanglais víosa

Rialachán (CE) Uimh. 415/2003, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn X

Liosta de na ceanglais íosta a áireofar san ionstraim dlí sa chás go rachfar i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha.

CCI, Iarscríbhinn 19

Iarscríbhinn XI

Nósanna imeachta agus coinníollacha sonracha lena n-éascaítear eisiúint víosaí do dhaoine den teaghlach Oilimpeach atá ag glacadh páirte sna cluichí Oilimpeacha agus sna cluichí Para-Oilimpeacha

Iarscríbhinn XII

Staidreamh bliantúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu agus na víosaí idirthurais aerfoirt



( 1 ) IO L 81, 21.3.2001, lch 1.

( 2 ) IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

( 3 ) IO L 53, 23.2.2002, lch 4.

( 4 ) IO L 267, 27.9.2006, lch. 41.

( 5 ) IO L 289, 3.11.2005, lch. 23.

( *1 ) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1’

( 6 ) IO L 63, 13.3.1996, lch. 8.

( 7 ) IO L 116, 26.4.2001, lch. 2.

( 8 ) IO L 150, 6.6.2001, lch. 4.

( 9 ) IO L 64, 7.3.2003, lch. 1.

( 10 ) IO L 131, 28.5.2009, lch. 1.

( 11 ) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.

( 12 ) Tagairt do chód ISO an Bhallstáit eagrúcháin.

Top