EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ábhair agus nithe gníomhacha agus cliste a bhíonn i dtadhall le bia

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 450/2009 — ábhair agus nithe gníomhacha agus cliste a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis le rialacha sonracha a leagan síos le haghaidh ábhair agus nithe gníomhacha* agus cliste*, lena bhforlíontar na cinn atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, an rialachán ginearálta ar ábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia.
  • Bunaítear leis riachtanais shonracha maidir le margú na n–ábhar agus na nithe sin agus leagtar amach leis an nós imeachta chun iad a údarú ar leibhéal AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Baineann an rialachán le hábhair agus nithe gníomhacha nó cliste a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.

Ceanglais maidir le hábhair agus nithe gníomhacha agus cliste

Maidir le hábhair agus nithe gníomhacha agus cliste:

  • ní mór dóibh a bheith oiriúnach agus éifeachtach don chuspóir úsáide atá beartaithe;
  • ní ceadmhach go scaoilfeadh siad aon chomhpháirteanna* isteach sa bhia i gcainníocht lar leor iad chun sláinte an duine a chur i mbaol nó chun athrú do-ghlactha a dhéanamh do chomhdhéanamh, blas nó boladh bia;
  • gan tomhaltóirí a chur amú trína n–ábhar lipéadaithe, trína gcur i láthair nó trína bhfógraíochta.

Tá na ceanglais shonracha sin gan dochar do rialacha AE nó náisiúnta is infheidhme maidir le hábhair agus nithe a gcuirtear comhpháirteanna gníomhacha nó cliste isteach iontu nó a bhfuil siad ionchorpraithe iontu. Féadfaidh na hábhair sin a bheith faoi réir reachtaíocht shonrach eile, amhail Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha i dtadhall le bia.

Comhdhéanamh

  • A luaithe a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm go hiomlán, is iad na substaintí sin amháin atá san áireamh i Liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe is féidir a úsáid i gcomhpháirteanna d’ábhair agus nithe gníomhacha agus cliste. Tiocfaidh sé i bhfeidhm go hiomlán tar éis don Choimisiún Eorpach liosta substaintí a fhoilsiú a fhéadfar a úsáid i monarú comhpháirteanna gníomhacha agus cliste.
  • Féadfar na substaintí a leanas a úsáid i gcomhpháirteanna d’ábhair agus nithe gníomhacha agus cliste gan iad a bheith ar an liosta:
    • substaintí gníomhacha a scaoiltear, a chuirtear isteach nó a ionchorpraítear le teicnící amhail beangú nó díluailiú a úsáidtear i gcomhlíonadh iomlán rialacha ábhartha AE agus náisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán (mar shampla, reachtaíocht ar bhreiseáin bia agus einsímí bia);
    • substaintí a úsáidtear sna comhpháirteanna nach bhfuil i dtadhall díreach leis an mbia nó le timpeallacht an bhia; agus go bhfuil bacainn fheidhmiúil eatarthu ón mbia, agus mura bhfuil siad só-ghineach, carcanaigineach, nó tocsaineach d’atáirgeadh nó do shubstaintí a tháirgtear d’aon ghnó i méid cáithnín a thaispeánann airíonna ceimiceacha agus fisiciúla atá éagsúil go mór ó chinn ar scála níos mó.

Iarratais ar údarú substaintí arb ionann iad agus comhpháirteanna ábhar agus nithe gníomhacha agus cliste

  • Tá iarratais ar údarú substaintí arb ionann iad agus comhpháirteanna d’ábhair agus nithe gníomhacha agus cliste agus earraí le déanamh leis na húdaráis inniúla i dtír AE i dteannta sainchomhad teicniúil ina bhfuil an fhaisnéis a thuairiscítear sa treoir maidir le measúnú sábháilteachta arna hullmhú ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA).
  • Seolann an tír AE an t–iarratas chuig EFSA atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann an tsubstaint na coinníollacha thuas.

Liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe

Le bheith ar liosta an Aontais, ní mór do shubstaintí arb ionann iad agus comhpháirteanna ábhar agus nithe gníomhacha agus cliste na ceanglais a bhaineann leis na táirgí sin a chomhlíonadh (féach thuas).

Ní mór don Choimisiún liosta an Aontais a ghlacadh tar éis do EFSA a thuairim a thabhairt ar na substaintí go léir a bhfuil iarratas bailí ar údarú margaidh curtha isteach ina leith.

Sonraítear i liosta an Aontais:

  • céannacht na substainte/na substaintí;
  • feidhm na substainte/na substaintí;
  • an uimhir thagartha;
  • coinníollacha úsáide na substainte/na substaintí nó na comhpháirte más gá.

Lipéadú

Maidir le hábhair agus nithe gníomhacha agus cliste:

  • a bhíonn i dtadhall le bia tá siad le lipéadú go cuí ionas go mbeidh an tomhaltóir ábalta na codanna neamh-inite a aithint. Sa chás seo ní mór na focail “NÁ hITH” a chur leis an lipéad chomh maith leis an tsiombail a atáirgeadh in Iarscríbhinn I (más féidir);
  • ní mór é a lipéadú ionas go bhfuil sé soiléir go bhfuil siad gníomhach agus/nó cliste.

Meastar gur comhábhair iad substaintí gníomhacha scaoilte agus ní mór iad a lipéadú de réir Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le lipéadú ar earraí bia

Pacáistiú

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go gcuimsítear roinnt rialacha a bhaineann go díreach le hábhair ghníomhacha agus chliste, lena n–áirítear sainmhínithe agus ceanglais lipéadaithe i Rialachán sin (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le pacáistiú sábháilte ar bhianna Údaraítear eis pacáistiú gníomhach agus cliste a úsáid, ar féidir leis cur le seilfré bia agus faisnéis a thabhairt ar úire an bhia, ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh an pacáistiú dochar don chomhdhéanamh.

Dearbhú comhlíontachta

  • Ní mór do ghnólachtaí dearbhú scríofa comhlíontachta a eisiúint ag céimeanna margaíochta seachas ag an bpointe díola chuig an tomhaltóir deiridh, ina mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hábhair agus na nithe gníomhacha agus cliste i dtadhall le bia.
  • Ní mór an dearbhú seo a eisiúint freisin maidir leis na comhpháirteanna atá ceaptha chun na hábhair agus na nithe sin a mhonarú nó na substaintí atá ceaptha chun iad siúd a mhonarú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 19 Nollaig 2009.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ábhair agus nithe gníomhacha: ábhair agus nithe a bhfuil sé mar aidhm acu an tseilfré a leathnú nó bail an bhia phacáistithe a chothabháil nó a fheabhsú. Tá siad deartha chun comhpháirteanna a ionchorprú d’aon ghnó a scaoilfeadh substaintí isteach sa bhia pacáistithe nó ar an mbia pacáistithe nó isteach i dtimpeallacht an bhia.
Ábhair agus nithe cliste: ábhair agus nithe lena ndéantar faireachán ar bhail an bhia phacáistithe nó ar an timpeallacht a bhaineann leis an mbia.
Comhpháirt: substaint aonair nó teaglaim de shubstaintí aonair is cúis le feidhm ghníomhach agus/nó chliste ábhair nó ní, lena n–áirítear táirgí d’imoibriú in situ ó na substaintí sin; ní áirítear leis na páirteanna éighníomhacha, amhail an t–ábhar lena gcuirtear iad nó ina n–ionchorpraítear iad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 450/2009 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2009 maidir le hábhair agus nithe gníomhacha agus cliste a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia (IO L 135, 30.5.2009, lgh. 3-11)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair agus nithe plaisteacha a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lgh. 1-89)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n–aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 11.07.2019

Top