EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Caidreamh AE leis an tSín

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 2616/85 maidir le conclúid Comhaontaithe maidir leis an Trádáil agus leis an gComhar Eacnamaíoch idir AE agus an tSín

Comhaontú maidir leis an Trádáil agus leis an gComhar Eacnamaíoch idir AE agus an tSín

Clár Oibre Straitéiseach AE-na Síne um Chomhar 2020

Teachtaireacht chomhpháirteach (JOIN(2016) 30 final) — Gnéithe le haghaidh straitéis úr AE maidir leis an tSín

Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis AE maidir leis an tSín

CAD IS AIDHM LEIS NA DOICIMÉID?

Leagtar amach iontu an bonn le haghaidh Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-na Síne, a d’fhorbair ó thrádáil agus ó chomhar eacnamaíoch chun gnóthaí eachtracha agus cúrsaí slándála a chur san áireamh, chomh maith le dul i ngleic le dúshláin idirnáisiúnta amhail athrú aeráide agus rialachas eacnamaíoch domhanda.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é Clár Oibre Straitéiseach AE-na Síne 2020 an doiciméad treorach don chaidreamh idir an dá pháirtí. Tá sé miondealaithe i gceithre phríomhchatagóir:

  • Síocháin agus slándáil: tacaíonn AE agus an tSín le comhar treisithe agus idirphléite neartaithe maidir le ceisteanna slándála idirnáisiúnta agus réigiúnaí ag a bhfuil impleachtaí domhanda.
  • Rathúnas: díríonn AE agus an tSín ar phríomhthionscnaimh amhail:
    • trádáil agus infheistíocht níos oscailte;
    • malartuithe faisnéise tionsclaíche;
    • comhar i dtaighde talmhaíochta; agus
    • tuilleadh comhair in iompar agus i bhforbairt bonneagair.
  • Forbairt inbhuanaithe: díríonn AE agus an tSín ar a bhfreagracht chomhpháirteach maidir le forbairt dhomhanda a chur chun cinn trí chomhar san:
  • Malartuithe duine le duine: le chéile, is ionann AE agus an tSín agus os cionn ceathrú de dhaonra an domhain, mar sin tá sé tábhachtach go ndéanfaí méadú ar na teagmhálaithe idir daoine ar an dá thaobh chun comhthuiscint a fheabhsú. Dá bhrí sin, tá fócas ar chultúr, ar oideachas agus ar idirphlé leis an óige. Bíonn AE agus an tSín páirteach in os cionn 60 idirphlé rialta maidir le réimsí tábhachtacha beartais eachtraigh, chomh maith le topaicí teicniúla amhail beartas tionsclaíoch, oideachas, custaim, fuinneamh núicléach agus cosaint tomhaltóirí.

Cur chuige úr

  • Tá straitéis agus beartas maidir le rannpháirtíocht AE leis an tSín thar na chéad 5 bliana eile bunaithe ar:
  • Le chéile, dírítear iontu sin ar:
    • guth láidir, soiléir agus aontaithe don Aontas Eorpach a bhunú ina chur chuige maidir leis an tSín a chuireann chun cinn daonlathas, riail an dlí, cearta an duine, meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta;
    • borradh a chur faoi thrádáil agus infheistíocht trí chomhaontú cuimsitheach ar infheistíocht a chur i gcrích. Leis sin ba cheart cothrom na féinne a chruthú agus deiseanna margaidh a chur ar fáil don Aontas Eorpach agus don tSín, as a dtiocfadh, b’fhéidir, a luaithe is a bheidh na dálaí ceart, uaillmhianta trádála níos leithne, amhail comhaontú saorthrádála agus peirspictíocht fhadtéarmach. Lena chois sin tá AE ag súil go gcuirfear comhaontú i gcrích maidir le táscairí geografacha bunaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta is airde um chosaint; agus
    • méadú a dhéanamh ar chomhar prionsabálta, praiticiúil agus pragmatach idir beartas eachtrach agus slándáil AE agus na Síne. Oibreoidh an dá thaobh go dlúth lena chéile, ar bhonn déthaobhach agus in eagraíochtaí iltaobhacha cosúil le NA, chun dul i ngleic le ceisteanna domhanda amhail imirce, cúnamh forbartha agus athrú aeráide a chomhrac.

CÚLRA

  • Bunaíodh caidreamh taidhleoireachta idir AE (CEE an tráth sin) agus an tSín sa bhliain 1975. Ó shin i leith, tháinig an chomhpháirtíocht chun cinn chun dul i ngleic le speictream leathan dúshlán domhanda idir neamhiomadú arm ollscriosta go dtí an cás slándála san Áise, go dtí téamh domhanda, go dtí an comhrac i gcoinne imirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine
  • Mar chomhpháirtithe straitéiseacha, tá méadú ag teacht ar an gcomhar idir AE agus an tSín maidir le príomhcheisteanna idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus comhroinneann an dá thaobh an fhreagracht as slándáil, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn chun tairbhe cách.
  • Is é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSín, agus is í an tSín an dara comhpháirtí is mó atá ag AE. Tá an caidreamh trádála agus infheistíochta eatarthu ina fhoinse thábhachtach rachmais, post, forbartha agus nuálaíochta don dá thaobh.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CEE) Uimh. 2616/85 ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1985 maidir le conclúid Comhaontaithe maidir leis an Trádáil agus leis an gComhar Eacnamaíoch idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Daon-Phoblacht na Síne (IO L 250, 19.9.1985, lch. 1)

Comhaontú maidir leis an Trádáil agus leis an gComhar Eacnamaíoch idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Daon-Phoblacht na Síne (IO L 250, 19.9.1985, lch. 2-7)

Clár Oibre Straitéiseach AE-na Síne um Chomhar 2020

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Gnéithe le haghaidh straitéis úr AE maidir leis an tSín (JOIN(2016) 30 final, 22.6.2016)

Straitéis AE maidir leis an tSín — Conclúidí ón gComhairle, (An Bhruiséil, 18.7.2016)

Nuashonraithe 20.03.2017

Top