EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Mótarfheithiclí agus leantóirí sábháilte

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 — cineál-cheadú le haghaidh mótarfheithiclí agus leantóirí

ACHOIMRE

Ní mór do mhótarfheithiclí úra na ceanglais theicniúla chéanna a chomhlíonadh ar fud an Aontais Eorpaigh (AE). Leis sin cuidítear le hardleibhéal um shábháilteacht ar bhóithre agus um chosaint an chomhshaoil a chinntiú, agus déantar an earnáil mhótarfheithiclí AE níos iomaíche.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leagtar amach na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta ann lena chinntiú go gcomhlíonann mótarfheithiclí úra caighdeáin um shábháilteacht agus éifeachtúlacht fuinnimh AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sa rialachán seo bunaítear na ceanglais maidir le cineál-cheadú:

  • sábháilteacht mótarfheithiclí agus a leantóirí;
  • éifeachtúlacht fuinnimh mótarfheithiclí (trína dhéanamh éigeantach córais mhonatóireachta bhrú na mbonn agus táscairí giarluamháin a shuiteáil);
  • sábháilteacht agus éifeachtúlacht fuinnimh bonn agus a leibhéal astaíochtaí torainn.

Baineann sé le:

  • mótarfheithiclí ar a bhfuil ceithre bhonn ar a laghad, a úsáidtear chun paisinéirí a iompar (catagóir M);
  • mótarfheithiclí ar a bhfuil ceithre bhonn ar a laghad, atá beartaithe le haghaidh earraí a iompar (catagóir N);
  • leantóirí (catagóir O).

Cineál-Cheadú*

Tríd an Rialachán seo, cloíonn AE le líon rialachán de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh mótarfheithiclí. Meastar go gcomhlíonann cineál-cheadú feithicle faoi na rialacháin UNECE seo caighdeáin um chineál-cheadú an Choimisiúin.

I Rialachán 2015/166, lena bhforlíontar agus lena leasaítear an bunrialachán, leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha, na ceanglais theicniúla shonracha agus tástálacha sonracha um chineál-cheadú. Cuimsítear comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh do mhótarfheithiclí ann chomh maith.

Oibleagáidí na monaróirí

Ní mór do dhéantóirí a ráthú go bhfuil feithiclí úra a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an rialachán seo.

Chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre, ní mór do gach feithicil a bheith feistithe le córas leictreonach rialaithe cobhsaíochta. Ní mór d’fheithiclí sna catagóirí M2, M3, N2 agus N3 a bheith feistithe le hardchóras coscánaithe éigeandála agus córas rabhaidh imeacht ó lána. Beidh feidhm aige seo maidir le gach leoraí agus bus úr ón 1 Samhain 2015.

Ní mór do bhoinn na ceanglais a bhaineann leis an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • fliuchghreim
  • friotaíocht rollach
  • torann rollach.

Ina theannta sin, ní mór do mhótarfheithiclí i gcatagóir M1 a bheith feistithe le córas monatóireachta bhrú na mbonn, meabhrúchán crios sábhála agus táscairí giarluamháin, i measc a lán sonraíochtaí mionsonraithe eile maidir le gach catagóir feithiclí.

Oibleagáid do thíortha AE

Ní dheonaítear cineál-cheadú an Choimisiúin nó cineál-cheadú náisiúnta ach ar fheithiclí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sa rialachán seo.

CÚLRA

Sábháilteacht san earnáil mótarfheithiclí.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Cineál-cheadú: rud lena dtaispeántar gur tástáladh an cineál feithicle lena chinntiú go gcomhlíonann sé na ceanglais ábhartha rialála, teicniúla agus sábháilteachta.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

20.8.2009

IO L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24

Ceartúchán

IO L 337, 20.12.2011, lch. 27

Gníomh leasaitheach (gníomhartha leasaitheacha)

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 407/2011

1.5.2011

IO L 108, 28.4.2011, lgh. 13-20

Rialachán (AE) Uimh. 523/2012

11.7.2012

IO L 160, 21.6.2012, lgh. 8-12

Rialachán (AE) 2015/166

24.2.2015

IO L 28, 4.2.2015, lgh. 3-39

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais um chineál-cheadú plátaí reachtúla monaróirí agus maidir le huimhir aitheantais feithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Eanáir 2011 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, 12.1.2011, lgh. 1-13)

Nuashonraithe 24.09.2015

Top