EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinníollacha maidir le náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach chun críocha staidéar, oiliúna nó seirbhíse deonaí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/114/CE — comhrialacha maidir le náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé deartha chun comhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar choinníollacha thíortha AE maidir le náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach chun críocha staidéir nó chun a bheith rannpháirteach i malartuithe daltaí, in oiliúint neamhchúitithe nó i seirbhís dheonach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar amach sa treoir seo na rialacha maidir le náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach san AE ar feadh tréimhse os cionn 3 mhí chun staidéar a dhéanamh nó chun a bheith rannpháirteach i malartuithe daltaí, in oiliúint neamhchúitithe nó i seirbhís dheonach. Ní mór do thíortha AE na rialacha ar mhic léinn a chorprú ina ndlíthe naisiúnta; tá siad saor, áfach, gan sin a dhéanamh maidir leis na catagóirí eile.
  • Ní chlúdaítear catagóirí áirithe daoine sa treoir:
    • iarrthóirí tearmainn agus daoine aonair a chlúdaítear ag fochineálacha cosanta (i.e. bheadh fíorphriacal orthu go bhfulaingeoidís ó dhíobháil thromchúiseach dá bhfillfidís ar thír a ndúchais) nó faoi scéimeanna cosanta sealadaí;
    • náisiúnaigh neamh-AE ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh AE;
    • náisiúnaigh neamh-AE a bhfuil stádas mar chónaitheoirí fadtéarmacha i dtír AE i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle a thugann an ceart dóibh cónaí i dtír eile AE chun staidéar a dhéanamh nó chun tabhairt faoi oiliúint dheonach faoi choinníollacha áirithe.

Coinníollacha iontrála

  • Sa treoir leagtar amach rialacha ceangailteacha maidir le mic léinn ar náisiúnaigh thíortha neamh-AE iad a ligean isteach. Fágann sé faoi na tíortha aonair AE iad féin é áfach, cinneadh a dhéanamh má tá sé chun a cuid forálacha a chur i bhfeidhm maidir le daltaí scoile, saorálaithe agus oiliúnaithe neamhchúitithe.
  • Le hiarratasóirí nach saoránaigh AE a ligean isteach san AE chun críocha staidéir, ní mór dóibh roinnt coinníollacha ginearálta a chomhlíonadh chomh maith leis na sainchoinníollacha seo a leanas.
    • go bhfuil ardionad oideachais tar éis glacadh leo;
    • go bhfuil go leor acmhainní acu chun a gcostais cothaithe, staidéir agus taistil abhaile arís a chlúdach;
    • go leor eolais a bheith acu ar theanga an chúrsa atá i gceist (coinníoll solúbtha a fhágtar faoi lánrogha thíortha aonair AE);
    • na táillí a ghearrann an t-ionad atá i gceist a íoc sula dtaistealaíonn siad chuig an AE (coinníoll solúbtha a fhágtar faoi lánrogha thíortha aonair AE).
  • Faoi choinníollacha áirithe, bunaítear leis an treoir an ceart do náisiúnaigh neamh-AE a ligeadh isteach cheana go tír amháin AE chun staidéar a dhéanamh a bheith ligthe isteach go tír AE eile chun leanúint dá gcuid staidéar.
  • Do náisiúnaigh neamh-AE ar daltaí scoile iad, cumhdaítear leis an treoir taisteal eagraithe trí scéimeanna malartaithe amháin. Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
    • leagann an tír AE lena mbaineann sé na teorainneacha aoise amach;
    • ní mór don eagraíocht malartaithe a bheith ceadúnaithe ag an tír AE lena mbaineann sé;
    • ní mór don eagraíocht malartaithe freagracht a ghlacadh as costais cothaithe, staidéir, cúraim sláinte agus taistil abhaile arís;
    • ní mór go gcónaíonn an náisiúnach neamh-AE le teaghlach ósta;
    • féadfaidh go roghnódh tíortha AE malartuithe a theorannú le tíortha neamh-AE dóibh siúd a sholáthraíonn deiseanna malartaithe dá gcuid daltaí féin.
  • Sa treoir leagtar amach na coinníollacha seo a leanas chun náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach le glacadh le cúrsaí oiliúna neamhíoctha:
    • ní mór go leor acmhainní a bheith ag iarratasóirí chun a gcostais cothaithe, oiliúna agus taistil abhaile arís a chumhdach;
    • má éilíonn tír AE ar leith é, ní mór d’iarratasóirí bunoiliúint teanga a fháil chun an t-eolas atá ag teastáil uathu don socrúchán a thabhairt dóibh.
  • Ní chumhdaítear leis an treoir seo oiliúnaithe neamhíoctha nó saorálaithe, a mheastar faoi reachtaíocht náisiúnta iad a bheith ina n–oibrithe bunaithe ar chineál na ngníomhaíochtaí nó ar chineál an chúitimh nó an luacha saothair a fhaightear.
  • Foráiltear leis an treoir seo na coinníollacha seo a leanas i gcás go gcuireann náisiúnach neamh-AE iarratas isteach ar scéim seirbhíse deonaí:
    • leagann an tír AE lena mbaineann sé na teorainneacha aoise amach;
    • comhaontú ina ndéantar cur síos ar chúraimí, ar na coinníollacha faoina déantar maoirseacht ar an saorálaí agus é i mbun na gcúraimí sin, na huaireanta oibre, agus na hacmhainní atá ar fáil chun costais taistil, cothabhála agus cóiríochta le linn an fhanachta a chumhdach;
    • ní mór don eagraíocht atá freagrach as an scéim seirbhíse deonaí freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí an tsaorálaí agus as costais cothabhála, cúraim sláinte agus taistil abhaile arís;
    • ní mór do dtabharfaí tús eolais bunúsach don saorálaí ar theanga, stair agus ar struchtúir pholaitiúla agus shóisialta na tíre sin, má iarrann an tír ósta AE é sin go sonrach.

Bailíocht agus athnuachan ceadanna cónaithe

Athraíonn tréimhse bailíochta ceadanna cónaithe de réir na catagóire:

  • mic léinn: 1 bhliain ar a laghad, in-athnuaite má leanann an sealbhóir de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha. I gcás go maireann an cúrsa staidéir níos lú ná 1 bhliain, tá an cead bailí don chúrsa ar fad;
  • daltaí scoile: suas go 1 bhliain;
  • oiliúnaithe neamhíoctha: maireann an socrúchán go ceann bliana ar a mhéad. I gcásanna eisceachtúla, is féidir é a athnuachan, uair amháin, agus go ceann an achair ama is gá chun gairmcháilíocht a aithnítear ag tír AE a ghnóthachtáil;
  • saorálaithe: suas le 1 bhliain. I gcásanna eisceachtúla, má mhaireann an clár lena mbaineann sé níos mó ná bliain 1, eisítear cead cónaithe i gcomhréir leis an tréimhse lena mbaineann sé.

Cearta náisiúnach neamh-AE

Luaitear sa treoir gur féidir mic léinn a bheith fostaithe agus go bhféadfaí go mbeadh an ceart acu a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe. Féadtar go ndéanfadh an tír ósta AE rochtain a shrianadh, áfach, ó thaobh gníomhaíochtaí eacnamaíocha don chéad bhliain cónaithe.

Nós imeachta agus trédhearcacht

  • Tá cinneadh ar iarratas chun cead cónaithe a fháil nó a athnuachan faoi réir na rialacha seo a leanas:
    • ní mór glacadh le cinneadh ar chead cónaithe, agus ní mór go gcuirtear sin in iúl don iarratasóir, laistigh de thréimhse nach ndéanann deacair é don iarratasóir chun leanúint lena c(h)uid staidéar, ach a thugann go leor ama do na húdaráis chomh maith leis an iarratas a phróiseáil;
    • murar leordhóthanach an fhaisnéis arna soláthar chun tacú leis an iarratas, féadfar go gcuirfeadh na húdaráis atá freagrach as an iarratas a iniúchadh stop a chur lena phróiseáil ar bhonn sealadach. Ní mór go gcuirfidís in iúl don iarratasóir maidir le haon fhaisnéis bhreise a theastaíonn uathu;
    • ní mór go gcuirfí in iúl do náisiúnach neamh-AE a chuireann iarratas isteach ar chead cónaithe maidir le haon chinneadh a dhiúltaíonn dá (h)iarratas. Ní mór go ndéanfaí aon nós imeachta atá ar fáil maidir le gearán a bheith sonraithe san fhógra;
    • i gcás go ndiúltaítear d’iarratas, nó go dtarraingítear siar cead cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an treoir seo, tá an ceart ag an duine lena mbaineann agóid dhlíthiúil a thógáil roimh údaráis na tíre AE lena mbaineann.
  • Ceadaítear comhaontú sa treoir ar nós imeachta mear chun ceadanna cónaithe nó víosaí a eisiúint do mhic léinn agus do dhaltaí idir údarás thír AE atá freagrach as náisiúnaigh neamh-AE a ligean isteach agus a cheadú chun cónaithe agus ardionad oideachais nó eagraíocht a eagraíonn scéimeanna malartaithe daltaí.

Aisghairm

Ón 24 Bealtaine 2018, cuirtear an Treoir (AE) 2016/801 in ionad Treoir 2004/114/CE agus aisghairtear an Treoir sin leis.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 12 Eanáir 2005. Bhí sé de cheangal ar thíortha AE é a chorprú isteach sa dlí náisiúnta faoin 11 Eanáir 2007.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lgh. 12-18)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 21-57)

Nuashonraithe 15.09.2017

Top