Coinbhinsiún i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh phoiblí i dtreis ann
ACHOIMRE AR:
Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh AE nó oifigigh thíortha AE i dtreis ann
Gníomh ón gComhairle lena ndréachtaítear an Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh AE nó oifigigh thíortha AE i dtreis ann
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN NGNÍOMH?
- Maidir leis an gcoinbhinsiún:
- tá sé mar aidhm leis a áirithiú go nglacfaidh gach tír AE na bearta riachtanacha chun éilliú a bhaineann le hoifigigh phoiblí* a choiriúlú;
- tá sé deartha chun éilliú a chomhrac a bhaineann le hoifigigh Eorpacha* nó oifigigh náisiúnta* de chuid thíortha AE agus chun comhar breithiúnach a neartú idir tíortha AE sa troid seo.
- Is é an gníomh comhaontú na Comhairle chun an coinbhinsiún a dhréachtú.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Faoin gcoinbhinsiún, ní mór do gach tír AE na bearta riachtanacha a ghlacadh chun coir a dhéanamh d’éilliú gníomhach* agus d’éilliú éighníomhach* ag oifigigh poiblí. Cumhdaítear sa choinbhinsiún rannpháirteachas i gceachtar den dá chineál éillithe sin agus ceachtar den dá chineál éillithe sin a ghríosú.
- Ní mór na smachtbhannaí a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE a cheadú go ndéanfaí cinn gnólachtaí, nó d’aon duine a bhfuil cumhacht acu cinntí a dhéanamh nó rialú a dhéanamh laistigh de ghnó, a dhearbhú mar a bheith faoi dhliteanas coiriúil i gcásanna éillithe gníomhaí ag duine faoina n–údarás a ghníomhaíonn thar ceann an ghnó.
- Ní mór do gach tír AE a dlínse thar chionta a bhunú, de réir na n–oibleagáidí a eascraíonn as an gcoinbhinsiún seo, sna cásanna seo a leanas:
- nuair is ar a críoch a dhéantar an cion, go hiomlán nó go páirteach;
- nuair is náisiúnach nó oifigeach dá cuid an ciontóir;
- nuair a dhéantar an cion in aghaidh oifigeach AE nó oifigeach náisiúnta, nó i gcoinne ball d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar duine dá náisiúnaigh é nó í freisin;
- nuair is oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh é nó í an ciontóir atá ag obair d’institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht AE a bhfuil a cheanncheathrú aige sa tír AE atá i gceist.
- Má bhaineann aon nós imeachta a bhaineann le cion de réir na n–oibleagáidí a eascraíonn as an gcoinbhinsiún le 2 thír AE ar a laghad, ní mór do na tíortha sin comhoibriú leis an imscrúdú agus leis an ionchúiseamh, agus i bhforghníomhú an phionóis a fhorchuirtear.
- Ní mór do thíortha AE an prionsabal sin a chur i bhfeidhm nach féidir aon chaingean dlí a dhéanamh faoi dhó i leith an chiona chéanna (ar a dtugtar an prionsabal ne bis in idem freisin), ach féadfar go eisceachtaí a bheith ag baint leis an bprionsabal sin.
- Féadfaidh tíortha AE socruithe dlí inmheánacha a ghlacadh a théann níos faide ná na hoibleagáidí atá leagtha amach sa choinbhinsiún.
- I gcás díospóide idir tíortha AE maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an choinbhinsiúin, agus mura bhfuil réiteach frithpháirteach ann, ní mór don Chomhairle an cás a scrúdú mar atá leagtha amach i dTeideal IV den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Mura bhfaigheann an Chomhairle réiteach laistigh de 6 mhí, féadfaidh 1 de na páirtithe sa díospóid an t–ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá dlínse ag an gcúirt seo freisin i ndíospóidí idir tír AE agus an Coimisiún Eorpach.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2005 agus d’aontaigh na tíortha AE go léir leis.
CÚLRA
Cumhdaíodh coiriúlú ar éilliú gníomhach agus ar éilliú éighníomhach le roinnt ionstraimí idirnáisiúnta agus Eorpacha le 2 scór bliain anuas.
Leibhéal idirnáisiúnta
Leibhéal Eorpach
- Is ionstraim uaillmhianach é an Coinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú de chuid Chomhairle na hEorpa (atá i bhfeidhm ó 2002 i leith) freisin lena ndírítear ar choiriúlacht chomhordaithe na gcleachtas éillitheacha. Déantar foráil leis freisin i leith bearta comhlántacha dlí coiriúil agus i leith comhar idirnáisiúnta níos fearr maidir le cionta éillithe a ionchúiseamh.
Tabhair faoi deara: Cé go bhfuil an chuid is mó de thíortha aonair an Aontais Eorpaigh ina bpáirtithe sna coinbhinsiúin dheireanacha sin (an Coinbhinsiún maidir le comhrac in aghaidh oifigigh phoiblí eachtracha a bhreabadh in idirbhearta gnó idirnáisiúnta), ní páirtí é an tAontas Eorpach é féin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Oifigeach poiblí: aon oifigeach Eorpach nó náisiúnta, lena n–áirítear aon oifigeach náisiúnta ó thír AE eile.
Oifigeach Eorpach: aon duine is oifigeach nó fostaí ar conradh eile de réir bhrí
Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, chomh maith le haon duine atá ar iasacht leis an Aontas Eorpach ag tíortha AE nó ag aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a dhéanann feidhmeanna atá comhionann leis na feidhmeanna a dhéanann oifigigh AE nó seirbhísigh eile.
Oifigeach náisiúnta: oifigeach nó oifigeach poiblí mar a shainítear é i ndlí náisiúnta thír AE ina ndéanann an duine atá i gceist an fheidhm sin chun críocha chur i bhfeidhm an dlí choiriúil sa tír AE sin.
Éilliú gníomhach: gníomhaíocht d’aon gnó aon duine a gheallann nó a thugann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáiste de chineál ar bith d’oifigeach, dó féin (nó di féin) nó do thríú páirtí, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna (nó lena feidhmeanna) nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna (nó a feidhmeanna) de shárú ar a dhualgais (nó a dualgais) oifigiúla.
Éilliú éighníomhach: gníomh d’aon toil oifigigh, a iarrann nó a fhaigheann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáistí de chineál ar bith, dó féin (nó di féin) nó do thríú páirtí, nó a ghlacann gealltanas buntáiste den sórt sin, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna (nó lena feidhmeanna) nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna (nó a feidhmeanna) de shárú ar a dhualgais (nó a dualgais) oifigiúla.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 (2) (c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO L 195, 25.6.1997, lgh. 2-11)
Gníomh ón gComhairle an 26 Bealtaine 1997 lena ndréachtaítear,, ar bhonn phointe (c) d’Airteagal K.3 (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO L 195, 25.6.1997, lgh. 1)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71)
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29-41)
Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir (AE) 2017/1371 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh (AE) 2016/63 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 maidir le haontachas na Cróite leis an gCoinbhinsiúin, arna dhréachtú ar bhonn phointe (c) d’Airteagal K.3 (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO L 14, 21.1.2016, lgh. 23-24)
Cinneadh 2008/801/EC ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (IO L 287, 29.10.2008, lgh. 1-110)
Cinneadh 2007/751/EC ón gComhairde an 8 Samhain 2007 maidir le haontachas na Bulgáire agus na Romáine leis an gCoinbhinsiúin arna dhréachtú ar bhonn phointe (c) d’Airteagal K.3 (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO L 304, 22.11.2007, lgh. 34-35)
Cinneadh 2003/642/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le cur i bhfeidhm i nGiobráltar an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO L 226, 10.9.2003, lgh. 27)
Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lgh. 54-56)
Tuarascáil Mhínitheach maidir leis an gCoinbhinsiún i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh de chuid na gComhphobal Eorpach nó oifigigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (Téacs arna fhormheas ag an gComhairle an 3 Nollaig 1998) (IO C 391, 15.12.1998, lgh. 1-12)
Gníomh ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1996 lena ndréachtaítear an Prótacal leis an gCoinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint (IO C 313, 23.10.1996, lgh. 1-10)
Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 lena ndréachtaítear an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lgh. 48-57)
Nuashonraithe 08.03.2019