EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún Barcelona maidir le cosaint na Meánmhara

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú (Coinbhinsiún Barcelona)

Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (leasaíodh Coinbhinsiún Barcelona)

Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus ó aerárthaí a chosc (Prótacal maidir le Dumpáil)

Cinneadh 77/585/CEE lena dtugtar chun críche an Coinbhinsiún maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú agus an Prótacal maidir cosaint na Meánmhara ar thruailliú trí dhumpáil ó longa agus ó aerárthaí

Prótacal maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú trí dhumpáil ó fhoinsí ar talamh (Prótacal maidir le Truailliú ó Fhoinsí ar Talamh)

Leasuithe ar an bPrótacal maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh

Cinneadh 1999/801/CE lena nglactar leis na leasuithe ar an bPrótacal maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh

Cinneadh 83/101/CEE lena dtugtar chun críche an Prótacal maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh

Prótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir (Prótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch)

Cinneadh 84/132/CEE — tabhairt chun críche an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta sa Mheánmhuir

Cinneadh 1999/800/CE lena dtugtar chun críche an Prótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir agus lena nglactar leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin (Coinbhinsiún Barcelona)

Prótacal maidir le comhar chun truailliú ó longa a chosc, agus i gcásanna éigeandála, chun truailliú na Meánmhara a chomhrac (Prótacal ar Chosc agus Éigeandáil)

Cinneadh 2004/575/CE — lena dtugtar i gcrích an Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú, maidir le comhar chun truailliú ó longa a chosc, agus i gcásanna éigeandála, chun truailliú na Meánmhara a chomhrac

Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite na Limistéar Cósta sa Mheánmhuir (Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite Limistéar Cósta)

Cinneadh 2010/631/AE — tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Bainistiú Comhtháite na Limistéar Cósta sa Mheánmhuir a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara

Prótacal maidir le Cosaint na Meánmhara i gcoinne truailliú a tharlódh mar thoradh ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na scairbhe ilchríochaí agus an ghrinnill agus a fho-ithreach (Prótacal Amach ón gCósta)

Cinneadh 2013/5/AE — aontachas AE don Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara i gcoinne truailliú a tharlódh mar thoradh ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na scairbhe ilchríochaí agus an ghrinnill agus a fho-ithreach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN, NA CINNTÍ AGUS NA PRÓTACAIL?

  • Is é is príomhaidhm leis an gcoinbhinsiún agus na prótacail muirthimpeallacht agus limistéar cósta na Meánmhara a chosaint.
  • Leis na cinntí, féadfaidh AE aontú don choinbhinsiún agus do na prótacail, mar aon le leasuithe a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinbhinsiún Barcelona

  • Tá 22 Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún Barcelona, coinbhinsiún idirnáisiúnta a bhaineann le 21 tír ar theorainn na Meánmhara (lena n áirítear ocht dtír AE — an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin agus an Spáinn) agus AE.
  • Leis an gCoinbhinsiún ceanglaítear ar na páirtithe glacadh leis na bearta go léir, astu féin nó i gcomhpháirt, chun comhshaol muirí agus limistéar cósta na Meánmhara a chosc agus a fheabhsú d’fhonn cur le forbairt inbhuanaithe.

Is iad seo a leanas is aidhmeanna leis an gcoinbhinsiún:

  • an mhuirthimpeallacht agus limistéar cósta a chosaint trí ghníomh atá dírithe ar thruailliú a chosc agus a laghdú agus, chomh fada agus is féidir, a dhíothú, cé acu ar chúis gníomhaíochtaí ar talamh nó ar muir;
  • truailliú a mheas agus a rialú;
  • bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha muirí agus cósta;
  • an comhshaol a chomhtháthú i bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta;
  • oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a chosaint;
  • dlúthpháirtíocht a neartú idir na tíortha ar theorainn na Meánmhara; agus
  • cur le feabhsú ar chaighdeán na beatha.

Geallann Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • córas comhair a thabhairt isteach agus Clár Comhtháite Monatóireachta agus Measúnaithe a chur i bhfeidhm le faisnéis agus measúnuithe chun muirthimpeallacht agus limistéar cósta na Meánmhara a chosaint agus truailliú sa Mheánmhuir a laghdú nó a dhíothú chun Dea-Stádas Comhshaoil* a bhaint amach;
  • Limistéir mhuirí faoi chosaint (ar a dtugtar MPAnna) agus Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta a bhfuil Tábhacht leo sa Mheánmhuir (ar a dtugtar SPAMInna) a bhunú;
  • Bainistiú Comhtháite Limistéar Cósta (ICZM)* a chur i bhfeidhm;
  • aghaidh a thabhairt ar fhoinsí truaillithe ar talamh;
  • aghaidh a thabhairt ar fhoinsí truaillithe amach ón gcósta;
  • pleanáil theagmhasach;
  • comhar i réimse na heolaíochta agus réimse na teicneolaíochta;
  • nósanna imeachta iomchuí a oibriú amach chun dliteanas agus cúiteamh i dtaobh damáiste a tharlódh mar thoradh ar thruailliú de bharr sáruithe fhorálacha an choinbhinsiúin a chinneadh.

Rinneadh leasú air in 1995. Is iad seo a leanas na príomhleasuithe a bhaineann leis:

seacht bprótacal ag baint leis an gcoinbhinsiún:

Prótacal Dumpála

  • Ní chumhdaítear ann ach truailliú i réigiún na Meánmhara ó longa agus ó aerárthaí.
  • Cuirtear cosc ar dhumpáil cineálacha áirithe dramhaíola agus ábhair (comhdhúile nimhiúla áirithe, mearcair, caidmiam, plaistigh, amhola, etc.).
  • Teastaíonn réamhéisiúint ceadanna náisiúnta i gcomhair cineálacha eile dramhaíola nó ábhair amhail arsanaic, luaidhe, copar, sinc, cróm, nicil, coimeádáin, dramh-mhiotal, agus cineálacha áirithe lotnaidicídí.

Prótacal ar Chosc agus Éigeandáil

  • Ionchorpraítear i gCoinbhinsiún Barcelona rialacha maidir le comhar idir na páirtithe faoi thruailliú sa Mheánmhuir ó longa a chosc agus, i gcásanna éigeandála, a chomhrac.
  • Féachtar chomh maith le forbairt agus cur i bhfeidhm na rialachán idirnáisiúnta a glacadh leo ar bhonn na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta a chur chun cinn.
  • Leagtar amach bearta oibríochtúla nach mór do pháirtithe a dhéanamh i gcás truailliú ó longa (bearta measúnaithe, díothaithe/laghdaithe, faisnéise), mar aon le bearta éigeandála nach mór a dhéanamh ar bord longa, i suiteálacha amach ón gcósta agus i gcalafoirt (go háirithe fáil ar phleananna éigeandála agus iad a chomhlíonadh).

Prótacal maidir le truailliú ó Fhoinsí ar Talamh

  • Cumhdaítear ann truailliú ó scaoileadh a thagann as aibhneacha, sruthanna éalaithe, canálacha nó cúrsaí uisce, nó truailliú a thagann as aon fhoinse nó gníomhaíocht eile (lena n–áirítear truailliú aeriompartha ó fhoinse ar talamh) laistigh de chríoch páirtí ar bith an phrótacail.
  • Liostaítear ann na substaintí ar a bhfuil toirmeasc ar a scaoileadh, agus na tosca ba chóir a chur san áireamh chun truailliú ó na substaintí sin a dhíothú.
  • Liostaítear chomh maith na substaintí a bhfuil a scaoileadh faoi réir údaraithe ó údaráis inniúla náisiúnta.
  • Sonraítear ann comhar maidir le taighde agus faisnéis, agus glacadh leis na cláir, bearta agus caighdeáin iomchuí a dhírítear ar shubstaintí spriocdhírithe a laghdú nó a dhíothú.

Prótacal maidir le Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch

  • Baineann an prótacal le:
    • limistéir faoi chosaint speisialta sa Mheánmhuir agus limistéir faoi chosaint speisialta a bhfuil tábhacht leo sa Mheánmhuir;
    • hacmhainní nádúrtha réigiún na Meánmhara a chosaint;
    • héagsúlacht linn na ngéinte a chaomhnú; agus
    • láithreáin áirithe nádúrtha a chosaint trí shraith de limistéir faoi chaomhnú speisialta a chruthú.
  • Ní mór do pháirtithe treoirlínte a fhorbairt chun limistéir faoi chosaint a bhunú agus a bhainistiú agus liostaítear líon áirithe bearta iomchuí nach mór do na páirtithe glacadh leo, amhail:
    • cosc a chur ar sceitheadh nó díluchtú dramhaíola;
    • rialú a dhéanamh ar aon speiceas neamhdhúchasach nó géinmhodhnaithe a thabhairt isteach.
  • Leagtar amach bearta náisiúnta nó áitiúla nach mór do na Páirtithe a dhéanamh chun speicis ainmhithe agus planda ar fud limistéar na Meánmhara a chosaint.

Prótacal Amach ón gCósta

  • Cumhdaítear réimse leathan gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus saothraithe, agus tugtar aghaidh ar roinnt saincheisteanna lena n–áirítear:
    • riachtanais cheadúnais;
    • suiteálacha tréigthe nó díomhaoine a bhaint;
    • úsáid agus baint substaintí díobhálacha;
    • riachtanais dliteanais agus cúitimh; agus
    • comhordú le páirtithe eile Choinbhinsiún Barcelona ar leibhéal réigiúnach.
  • Ní mór do pháirtithe, ar bhonn aonair nó trí bhíthin comhar déthaobhach nó iltaobhach, na bearta cuí go léir a dhéanamh chun truailliú i limistéar an phrótacail a chosc, a laghdú, a chomhrac agus a rialú a tharlódh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus saothraithe amach ón gcósta.
  • Geallann na páirtithe chomh maith go mbainfidh siad feidhm as na teicnící is éifeachtaí ó thaobh an chomhshaoil de agus na teicnící is oiriúnaí don gheilleagar, arb iad na teicnící is fearr atá ar fáil.

Prótacal Dramhaíola Guaisí

  • Ní mór do pháirtithe comhoibriú nuair atá cainníocht ollmhór ola agus/nó substaintí díobhálacha eile sa Mheánmhuir, cibé acu trí thimpiste nó go carnach, lena mbaineann garbhaol tromchúiseach don mhuirthimpeallacht, don chósta nó do leasanna eacnamaíocha, sláinte nó éiceolaíocha páirtí amháin nó níos mó.
  • Dírítear an comhar ar:
    • phleananna éigeandála a dhréachtú:
    • bhearta a chur chun cinn i dtaca le truailliú ola sa mhuir a chomhrac;
    • mhonatóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis agus faisnéis a mhalartú maidir le stádas na Meánmhara;
    • fhaisnéis maidir le heagrú na n–acmhainní a scaipeadh; agus
    • bhealaí nua chun an truailliú a chosc agus a chomhrac, agus cláir taighde ar an ábhar a fhorbairt.

Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite Limistéar Cósta

  • Féachtar leis le bonn comhchoiteann do ICZM a chur ar bun bunaithe ar chur chuige éiceachórais sa Mheánmhuir, a tháinig i bhfeidhm ar an 24 Márta 2011.
  • Tá sé aidhm leis an ICZM:
    • forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar na limistéir chósta trí phleanáil réasúnach gníomhaíochtaí;
    • limistéir chósta a chaomhnú;
    • úsáid inbhuanaithe na n–acmhainní nádúrtha;
    • éiceachórais agus imeallbhoird a chaomhnú;
    • tubaistí nádúrtha agus athrú aeráide a chosc agus a laghdú;
    • comhar a fheabhsú.

Tá AE ina pháirtí de na prótacail go léir thuas seachas an Prótacal Dramhaíola Guaisí.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

  • Cuireadh Coinbhinsiún Barcelona i bhfeidhm ar an 15 Aibreán 1978.
  • Cuireadh an Prótacal maidir le Dumpáil i bhfeidhm ar an 15 Aibreán 1978.
  • Cuireadh an Prótacal maidir le truailliú ó fhoinsí ar talamh i bhfeidhm ar an 6 Samhain 1983.
  • Cuireadh an Prótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch i bhfeidhm ar an 12 Nollaig 1999.
  • Cuireadh an Prótacal ar Chosc agus Éigeandáil i bhfeidhm ar an 25 Meitheamh 2004.
  • Cuireadh an Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite Limistéar Cósta i bhfeidhm ar an 24 Márta 2011.
  • Cuireadh an Prótacal Amach ón gCósta i bhfeidhm ar an 29 Márta 2013.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sainítear Dea–Stádas Comhshaoil: i dTreoir Réime um Straitéis Mhuirí AE (Treoir 2008/56/CE — féach an achoimre) mar stádas comhshaoil uiscí muirí i gcás go soláthraíonn siad aigéin agus mara atá éagsúil agus diminiciúil ón taobh éiceolaíoch de agus atá glan, sláintiúil agus táirgiúil ina ndálaí intreacha, agus go bhfuil úsáid na muirthimpeallachta ag leibhéal atá inbhuanaithe, agus mar sin an fhéidearthacht le haghaidh úsáidí agus gníomhaíochtaí ag an nglúin seo agus na glúnta amach anseo á chosaint.
Bainistiú Comhtháite Limistéar Cósta: próiseas dinimic do bhainistiú inbhuanaithe agus úsáid na limistéar cósta, lena gcuirtear san áireamh ag an am céanna leochaileacht éiceachóras agus tírdhreach cósta, éagsúlacht gníomhaíochtaí agus úsáidí, idirghníomhaíochtaí idir na gníomhaíochtaí agus na húsáidí sin, gairm mhuirí roinnt de gníomhaíochtaí agus na húsáidí sin, agus a dtionchar ar talamh agus ar muir araon.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún maidir le Cosaint na Meánmhara ar thruailliú (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 240, 19.9.1977, lgh. 3-11)

Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (leasaíodh Coinbhinsiún Barcelona)

Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus ó aerárthaí a chosc (IOL 240, 19.9.1977, lgh. 12-34)

Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lena dtugtar chun críche an Coinbhinsiún maidir le cosaint na Meánmhara ar thruailliú agus an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus ó aerárthaí a chosc (IO L 240, 19.9.1977, lgh. 1-2)

Prótacal maidir le cosaint na Meánmhara thruailliú ar ó fhoinsí ar talamh a chosc (IO L 67, 12.3.1983, lgh. 3-18)

Leasuithe ar an bPrótacal maidir le truailliú na Meánmhara ó fhoinsí ar talamh a chosc (IO L 322, 14.12.1999, lgh. 20-31)

Cinneadh 1999/801/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 lena nglactar leis na leasuithe ar an bPrótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó fhoinsí ar talamh a chosc (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lgh. 18-31)

Cinneadh 83/101/CEE ón gComhairle an 28 Feabhra 1983 lena dtugtar chun críche an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara ó fhoinsí ar talamh a chosc (IO L 67, 12.3.1983, lgh. 1-2)

Prótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir (IO L 322, 14.12.1999, lgh. 3-17)

Cinneadh 84/132/CEE ón gComhairle an 1 Márta 1984 lena dtugtar chun críche an Prótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta sa Mheánmhuir (IO L 68, 10.3.1984, lgh. 36-37)

Cinneadh 1999/800/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 lena dtugtar chun críche an Prótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus lena nglactar leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lgh. 1-2)

Prótacal maidir le comhar chun truailliú ó longa a chosc, agus i gcásanna éigeandála, chun truailliú na Meánmhara a chomhrac (IO L 261, 6.8.2004, lgh. 41-46)

Cinneadh 2004/575/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena dtugtar chun críche, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, Prótacal Choinbhinsiún Barcelona maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú, maidir le comhar chun truailliú ó longa a chosc, agus i gcásanna éigeandála, chun truailliú na Meánmhara a chomhrac (IO L 261, 6.8.2004, lch. 40)

Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite na Limistéar Cósta sa Mheánmhuir (IO L 34, 4.2.2009, lgh. 19-28)

Cinneadh 2010/631/AE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Prótacal maidir le Bainistiú Comhtháite na Limistéar Cósta sa Mheánmhuir a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (IO L 279, 23.10.2010, lgh. 1-2)

Prótacal maidir le Cosaint na Meánmhara i gcoinne truailliú a tharlódh mar thoradh ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na scairbhe ilchríochaí agus an ghrinnill agus a fho-ithreach (IO L 4, 9.1.2013, lgh. 15-33)

Cinneadh 2013/5/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh don Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara i gcoinne truailliú a tharlódh mar thoradh ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na scairbhe ilchríochaí agus an ghrinnill agus a fho-ithreach (IO L 4, 9.1.2013, lgh. 13-14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail maidir le Cosaint na Meánmhara i gcoinne truailliú a tharlódh mar thoradh ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na scairbhe ilchríochaí agus an ghrinnill agus a fho-ithreach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (IO L 187, 6.7.2013, lch. 1)

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail maidir le Bainistiú Comhtháite na Limistéar Cósta sa Mheánmhuir a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (IO L 242, 20.9.2011, lch. 1)

Nuashonraithe 30.06.2020

Top