EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid bithmhaise mar fhoinse mhalartach fuinnimh a spreagadh

Is féidir le bithmhais cuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is féidir lena húsáid do théamh, do ghiniúint leictreachais agus do bhreoslaí iompair soláthar fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) a éagsúlú, agus fás agus poist a chruthú. Lena cion a bheith éifeachtúil, ní mór í a tháirgeadh ar mhodh inbhuanaithe.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún - Plean gníomhaíochta bithmhaise (COM(2005) 628 final an 7 Nollaig 2005).

ACHOIMRE

Is féidir le bithmhais cuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is féidir lena húsáid do théamh, do ghiniúint leictreachais agus do bhreoslaí iompair soláthar fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) a éagsúlú, agus fás agus poist a chruthú. Lena cion a bheith éifeachtúil, ní mór í a tháirgeadh ar mhodh inbhuanaithe.

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach bealaí inti chun forbairt fuinneamh bithmhaise a mhéadú trí dhreasachtaí a chruthú dá húsáid agus réidh a fháil le bacainní ar a táirgeadh. Sainaithnítear bearta inti chun bithmhais i dtéamh, leictreachas agus iompar a chur chun cinn. Pléitear ceisteanna inti amhail soláthar, maoiniú agus taighde. Ba chéad bheart a bhí sa phlean gníomhaíochtaí chun tábhacht an tionscail a thabhairt chun suntais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rinneadh tuilleadh tionscnamh chun bithbhreoslaí a chur chun cinn mar thoradh ar an teachtaireacht.

critéir inbhuanaitheachta inti lena chinntiú go gcinntítear fíorchoigiltis charbóin agus go ndéantar an bhithéagsúlacht a chosaint trí bhithbhreoslaí a úsáid. Ordaítear iontu maidir le bithbhreoslaí:

  • nach mór dóibh coigiltis gás ceaptha teasa 35 % ar a laghad a bhaint amach i gcomparáid le breoslaí iontaise. Méadaítear é sin go 50 % in 2017;
  • ní féidir iad a fhás i gceantair ina raibh ardstoc carbóin roimhe seo amhail bogaigh agus foraoisí;
  • ní féidir iad a tháirgeadh ó amhábhair a baineadh ó thalamh ar mhórán bithéagsúlachta.

Fíoraítear i scéimeanna deonacha cibé acu an gcloíonn táirgeoirí leis na critéir inbhuanaitheachta nó nach gcloíonn. Má chloíonn siad leo, tá siad cáilithe i leith tacaíocht airgeadais nó is féidir a n-ionchur a chur leis na spriocanna náisiúnta inathnuaite.

Nósanna imeachta maidir le ceadanna: soláthraítear cuidiú agus comhairle i moltaí praiticiúla d’fhorbróirí tionscadail, ENRanna agus údaráis phoiblí agus iarratais á láimhseáil acu maidir le gléasraí bithmhaise a thógáil.

Tá sé d’aidhm leis an Ruthag Eitilte Ard-Bhithbhreoslaí Eorpach bithbhreoslaí a chur chun cinn mar mhalairt bhreosla inathnuaite d’aerárthaí.

CÚLRA

Díorthaítear bithmhais ó ábhar orgánach amhail crainn, plandaí agus dramhaíl talmhaíochta agus uirbeach. Tá slabhra gníomhaíochtaí i gceist lena táirgeadh ó bhunábhar a fhás go dtí tiontú deiridh fuinnimh. In 2012, ba ionann an bhithmhais agus an dramhaíl agus dhá thrian den ídiú iomlán fuinnimh inathnuaite in AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin um bithmhais inathnuaite an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus ina dhiaidh sin lena n-aisghairtear Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lgh. 16-62).

Páipéar Glas - Straitéis Eorpach i gcomhair fuinnimh inbhuanaithe, iomaíoch agus slán (COM(2006) 105 final an 8.3.2006).

Nuashonraithe 12.08.2015

Top