EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar chonarthaí na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2000/278/CE lena bhfaomhtar Conradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil um Chóipcheart agus Conradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil um Thaibhithe agus Fónagraim thar ceann AE

Conradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil um Chóipcheart — Dearbhuithe comhpháirtíochta

Conradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil um Thaibhithe agus Fónagraim — Dearbhuithe comhpháirtíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS NA CONARTHAÍ?

Faomhtar leis an gcinneadh 2 chonradh a tugadh chun críche i mí na Nollag 1996 thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois). Is iad an dá chonradh lena mbaineann Conradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (WIPO) um Chóipcheart (Conradh WIPO um Chóipcheart) agus Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim (Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim).

Is é is aidhm le Conradh WIPO um Chóipcheart agus Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim, ar a dtugtar conarthaí “idirlín” WIPO, an chosaint náisiúnta um chóipcheart agus um chearta gaolmhara a oiriúnú d’aois an idirlín trí ábhar Choinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint a fhorlíonadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Conradh WIPO um Chóipcheart

Faoin gconradh seo, soláthraítear cearta eisiacha d’údair maidir le dáileadh agus ligean ar cíos agus le ceart níos leithne chun a gcuid saothar a chur in iúl don phobal sa timpeallacht dhigiteach. Cosnaítear ríomhchláir mar shaothair litríochta agus cosnaítear socrú nó roghnú sonraí nó ábhair eile i mbunachair shonraí chomh maith. Soláthraítear cosaint shonrach chomh maith do bhearta teicneolaíochta agus do ríomhfhaisnéis bainistithe ceart a úsáidtear chun saothair a shainaithint agus a bhainistiú.

Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim

Baineann an conradh seo le cearta gaolmhara agus cuirtear feabhas leis ar chosaint ealaíontóirí/taibheoirí agus táirgeoirí fónagram (i.e. taifeadáin), go háirithe sa timpeallacht dhigiteach. Baineann siad leas as cearta eisiacha maidir le hatáirgeadh, dáileadh agus ligean ar cíos a dtaibhithe agus a bhfónagram agus maidir lena gcur ar fáil don phobal. Tugtar an ceart dóibh chomh maith chun luach saothair cothrom maidir lena bhfónagraim a fhoilsítear chun críocha tráchtála a chraoladh don phobal nó a chur in iúl do phobal ar aon bhealach.

Aontachas AE

Ina chinneadh an 16 Márta 2000, d’fhaomh an Chomhairle an 2 chonradh thar ceann AE agus thug sí údarú don Choimisiún Eorpach chun ionadaíocht a dhéanamh ar son AE ag cruinnithe na dTionól dá dtagraítear sna conarthaí. De réir an chinnidh sin, ullmhóidh meitheal oibre ábhartha na Comhairle seasamh AE. Den chéad uair, ghlac AE páirt i gconarthaí WIPO sa réimse um chóipcheart agus um chearta gaolmhara.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS NA GCONARTHAÍ?

Tháinig na conarthaí sin i bhfeidhm 3 mhí i ndiaidh 30 ionstraim daingniúcháin nó aontachais ag stáit a chur faoi bhráid WIPO.

Thaisc AE agus tíortha AE na hionstraimí daighniúcháin an 14 Nollaig 2009 i ndiaidh do gach tír AE Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise, a chorprú ina ndlí náisiúnta, lena glacadh reachtaíocht AE i gcomhthéacs na gconarthaí.

CÚLRA

Tá coinbhinsiúin Pháras (maoin tionscail a chosaint, 1883) agus Bheirn (saothair litríochta agus ealaíon a chosaint, 1886) ina gcuid de chonarthaí WIPO. Le conarthaí ina dhiaidh sin síneadh an chosaint a thugtar chuig ábhair eile (e.g. taibhiú, fónagraim) trí fhorbairtí teicniúla agus réimsí úra spéise (e.g. sochaí na faisnéise) a chur san áireamh.

Is é Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon Bhealach Eile an conradh WIPO is déanaí a dhaingnigh AE (in 2018). Is é an aidhm atá leis feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar mhalartú trasteorann saothar áirithe agus ábhair chosanta eile i bhformáidí inrochtana do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile. Tá an tsaoirse ag na páirtithe sa chonradh a fhorálacha a chur chun feidhme, ag cur san áireamh a gcórais agus a gcleachtais dhlíthiúla féin, agus na hoibleagáidí arna leagtha amach i gCoinbhinsiún Bheirn á gcomhlíonadh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2000/278/CE ón gComhairle an 16 Márta 2000 maidir le faomhadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Chonradh WIPO um Chóipcheart agus Chonradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim (IO L 89, 11.4.2000, lgh. 6-7)

Conradh WIPO um Chóipcheart — Dearbhuithe comhpháirteacha (IO L 89, 11.4.2000, lgh. 8-14)

Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim — Dearbhuithe comhpháirteacha (IO L 89, 11.4.2000, lgh. 15-23)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 3-11)

Cinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle an 15 Feabhra 2018 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 1-2)

Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lgh. 10-19)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2001/29/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 25.02.2019

Top