EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
An speictream raidió a rialú
Acmhainn atá gann is ea minicíochtaí raidió, atá riachtanach chun mórchuid de na rudaí a mbraithimid orthu a oibriú, amhail fóin phóca, craoltóireacht agus Idirlíon gan sreang nó gléasanna cianrialaithe. Chun a chinntiú go mbainfí úsáid optamach astu, tháinig an tAontas Eorpach (AE) ar chomhaontú maidir leis an gcaoi a chomhordaítear beartas sa réimse seo, mar shampla chun cur isteach ar chumarsáid thábhachtach a chosc.
ACHT
Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (An Cinneadh Speictream Raidió).
ACHOIMRE
Iarrtar leis an gcinneadh seo beartas maidir le hinfhaighteacht speictream raidió agus le coinníollacha teicniúla na húsáide éifeachtaí a chomhordú in AE. Baineann sé le leithdháileadh mhinicíochtaí raidió agus cumarsáide móibílí, lena n-áirítear GSM, cumarsáid mhóibíleach den tríú agus den cheathrú glúin (3G, 4G) le haghaidh minicíochtaí idir 9 kHz agus 3000 GHz a bhaineann leis an margadh inmheánach.
Na gníomhartha a chuirtear i bhfeidhm faoin gcinneadh, cuirtear obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san áireamh iontu, amhail an taontas idirnáisiúnta teileachumarsáide, maidir leis an speictream raidió a bhainistiú, agus comhdháil Eorpach na riarachán poist agus teileachumarsáide (CEPT), arb eagraíocht idir-rialtasach í a bhfuil 48 dtír ina mball di.
An Coiste um an Speictream Raidió
Ag cur freisin leis na prionsabail ghinearálta atá sa Chlár Beartais um an Speictream Raidió a glacadh leis in 2012, cuidíonn an Coiste um an Speictream Raidió leis an gCoimisiún beartas AE um an speictream raidió a shainmhíniú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá an Coimisiún ina chathaoireach ar an gcoiste agus tá ionadaithe ó na Ballstáit ann. Déanann an coiste scrúdú ar thograí beart teicniúil maidir le coinníollacha a chomhchuibhiú a bhaineann le hinfhaighteacht agus le húsáid speictream raidió.
Eisíonn an coiste tuairimí freisin faoi na sainorduithe a fhaigheann CEPT ón gCoimisiún, sainorduithe a bhaineann le leithdháileadh speictream raidió a chomhchuibhiú agus le hinfhaighteacht ar an bhfaisnéis maidir le húsáid speictrim. Ní mór dréacht-bhearta an Choimisiúin a chur i bhfeidhm ar fud AE, a luaithe is a bhíonn siad ceadaithe ag an gcoiste agus glactha ag an gCoimisiún. Bíonn ar na Ballstáit cloí leis na bearta sin agus cearta á ndeonú acu maidir le húsáid speictrim.
Cúlra
Déanann comhlachtaí idirnáisiúnta minicíochtaí raidió a leithdháileadh, go háirithe Comhdhálacha Domhanda na Cumarsáide Raidió den Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide agus, san Eoraip, Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), agus cuirtear d’oibleagáid ar AE faoin gcinneadh úsáid bharrmhaith an speictream raidió a chinntiú.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh Uimh. 676/2002/CE |
24.2.2002 |
- |
ACHTANNA GAOLMHARA
COMHCHUIBHIÚ BANDAÍ MINICÍOCHTA
Tá formhór na gcinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún maidir le comhchuibhiú coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht agus le húsáid éifeachtach an speictrim, le fáil ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin maidir le Cinntí Speictream Raidió.
GRÚPA UM BEARTAS SPEICTREAM RAIDIÓ
Cinneadh Uimh. 2002/622/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2002 lena mbunaítear Grúpa um Beartas Speictream Raidió (IO L 198, 27.7.2002, lgh. 49-51).
Cuirtear grúpa comhairleach, an grúpa um beartas speictream raidió, ar bun faoin gcinneadh seo, chun cuidiú leis an gCoimisiún agus chun comhairle a thabhairt dó maidir le saincheisteanna áirithe, amhail infhaighteacht agus úsáid speictream raidió, comhchuibhiú agus leithdháileadh minicíochtaí, an ceart chun úsáid a bhaint as an speictream, praghsáil, srl.
Féach an leagan comhdhlúite.
CLÁR BEARTAIS UM AN SPEICTREAM RAIDIÓ
Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L 81, 21.3.2012, lgh. 7-17).
Nuashonrú is déanaí: 18.07.2014