EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht ar iarnróid

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/49/CE — sábháilteacht ar iarnróid AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi córas iarnróid níos iomaíche agus níos sábháilte a bhunú lena gcumhdófar limistéar margaidh iomlán AE seachas é a bheith i margaí náisiúnta amháin go príomha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le córas iarnróid thíortha AE agus cumhdaítear léi na ceanglais sábháilteachta maidir leis an gcóras ina iomláine, lena n-áirítear bainistíocht bhonneagair agus tráchta, agus an idirghníomhaíocht idir gnóthais iarnróid* agus bainisteoirí bonneagair*.
  • I ndáil leis sin, dírítear sa treoir ar 4 phríomhghné:
    • údarás a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shábháilteacht a bhunú i ngach tír AE.
    • aitheantas frithpháirteach deimhnithe sábháilteachta a sholáthraítear i dtíortha AE;
    • táscairí comhchoiteanna sábháilteachta (TCSanna) a bhunú lena mheas go gcloíonn an córas leis na spriocanna comhchoiteanna sábháilteachta (SCSanna) agus monatóireacht ar fheidhmíocht na sábháilteachta iarnróid a éascú.
    • an sainmhíniú ar rialacha comhchoiteanna maidir le himscrúduithe sábháilteachta.

Sábháilteacht a fhorbairt agus a bhainistiú

  • Ba ar bhonn náisiúnta go príomha a ceapadh rialacha agus caighdeáin sábháilteachta, amhail rialacha oibriúcháin, rialacha comharthaíochta, ceanglais ar bhaill foirne agus na ceanglais theicniúla is infheidhme maidir le rothstoc.
  • Ba cheart rialacha bunaithe ar chaighdeáin chomhchoiteanna, arna mbunú le sonraíochtaí teicneolaíocha don idir-inoibritheacht (STIanna) — cumas trealaimh nó grúpaí oibriú i gcomhar lena chéile a chur in ionad na rialacha náisiúnta sábháilteachta sin de réir a chéile. Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach chun cur chun feidhme rialach náisiúnta sábháilteachta a chur ar fionraí ar feadh 6 mhí ar a mhéad.
  • I ndáil leis sin, ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a áirithiú:
    • go déantar sábháilteacht iarnróid a chothabháil go ginearálta agus go bhfeabhsaítear ar bhonn leanúnach í, agus forbairt reachtaíocht AE á cur san áireamh;
    • go bhfuil rialacha sábháilteachta leagtha síos, curtha i bhfeidhm agus forfheidhmithe ar mhodh oscailte agus neamh-idirdhealaitheach;
    • ní mór do bhainisteoirí bonneagair agus do ghnóthais iarnróid freagracht a ghlacadh as oibriú sábháilte an chórais iarnróid agus as rialú na rioscaí a bhaineann leis;
    • go mbailítear faisnéis maidir le táscairí comhchoiteanna sábháilteachta trí thuarascálacha bliantúla chun baint amach na SCSanna a mheasúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt ghinearálta na sábháilteachta iarnróid.

Deimhniúchán sábháilteachta

  • Chun rochtain ar an mbonneagar iarnróid a fháil, ní mór do ghnóthas iarnróid deimhniú sábháilteachta a bheith aige. D’fhéadfadh líonra iarnróid iomlán thír AE nó cuid shainithe de amháin a bheith cumhdaithe faoin deimhniú sábháilteachta sin.
  • Maidir le seirbhísí iompair idirnáisiúnta, ba cheart gur leor é an córas bainistíochta sábháilteachta a fhaomhadh i dtír AE amháin agus bailíocht ar fud AE a thabhairt i leith an fhaofa.
  • Ar an taobh eile ba cheart comhlíonadh na ndlíthe náisiúnta bheith faoi réir deimhniúchán breise i ngach tír AE.
  • Ní mór an deimhniú sábháilteachta a athnuachan ar iarratas ón ngnóthas iarnróid ag eatraimh nach faide ná 5 bliana. Ní mór é a thabhairt cothrom le dáta go hiomlán nó i bpáirt aon uair a ndéanfar athrú suntasach ar chineál nó ar mhéid na hoibríochta.
  • Chomh maith leis na ceanglais sábháilteachta atá leagtha síos sa deimhniú, ní foláir nó go gcomhlíonfaidh gnóthais iarnróid cheadúnaithe na ceanglais náisiúnta, a bheidh comhoiriúnach le dlí AE agus a chuirfear i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach, maidir le coinníollacha sláinte, sábháilteachta agus sóisialta, lena n-áirítear rialacha a bhaineann le ham tiomána, agus cearta oibrithe agus tomhaltóirí.
  • Gné riachtanach den tsábháilteacht is ea oiliúint agus deimhniúchán na foirne, go háirithe oiliúint agus deimhniúchán na dtiománaithe traenach. Cumhdaítear faoin oiliúint rialacha oibriúcháin, an córas comharthaíochta, eolas ar bhealaí agus nósanna imeachta éigeandála.

Cothabháil feithiclí

Sular gcuirfear feithicil i seirbhís nó sula n-úsáidtear ar an líonra í, sanntar eintiteas cothabhála do gach feithicil (a d’fhéadfadh a bheith, go háirithe, ina ghnóthas iarnróid nó ina bhainisteoir bonneagair). Áirithíonn an t-eintiteas ord oibre na bhfeithiclí trí chóras cothabhála a thabhairt isteach i gcomhréir le leabhar cothabhála na feithicle agus leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme.

Údarás náisiúnta sábháilteachta

  • Ní mór do gach tír AE údarás sábháilteachta a bhunú a bheidh neamhspleách ar na gnóthais iarnróid, na bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí ar dheimhnithe agus eintitis nós imeachta. Déanfaidh sé an méid seo a leanas:
    • freagairt go pras ar iarrataí agus ar iarratais;
    • a iarrataí ar fhaisnéis a chur in iúl gan aon mhoill; agus
    • a chinntí a ghlacadh laistigh de 4 mhí i ndiaidh dó an fhaisnéis ar fad a iarradh a chur ar fáil.
  • Déanfaidh an t-údarás sábháilteachta na cigireachtaí agus imscrúduithe uile is gá chun a chúraimí a bhaint amach agus tabharfar rochtain dó ar na doiciméid ábhartha uile agus ar áitribh, ar shuiteálacha agus ar threalamh na mbainisteoirí bonneagair agus na ngnóthas iarnróid.

Imscrúduithe ar thimpistí agus ar theagmhais

  • Is annamh a tharlaíonn timpistí tromchúiseacha traenach, amhail díráiliú agus imbhuailtí a mbíonn iarmhairtí marfacha mar thoradh orthu, ach nuair a tharlaíonn siad mealltar suim an phobail agus suim na ngairmithe sábháilteachta ar fud AE leo.
  • Déantar na critéir lena rialaítear neamhspleáchas an chomhlachta neamhspleách a shainiú go docht ionas nach bhfuil nasc ar bith ag an gcomhlacht sin le gníomhairí éagsúla na hearnála. Cinneann an comhlacht sin ar cheart nó nár cheart imscrúdú ar thimpiste nó ar theagmhas dá leithéid a dhéanamh, agus dearbhaíonn sé méid na n-imscrúduithe agus an nós imeachta nach mór cloí leis.
  • Ní mór do gach tír AE a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht buan, ina bhfuil imscrúdaitheoir amháin ar a laghad atá ábalta feidhm an imscrúdaitheora i gceannas a chomhlíonadh na himscrúduithe ar thimpistí agus ar theagmhais má tharlaíonn timpiste nó teagmhas.

Aisghairm Threoir 2004/49/CE curtha ar athló

  • Aisghairfear Treoir 2004/49/CE le Treoir (AE) 2016/798 maidir le sábháilteacht iarnród (féach ar an achoimre) agus cuirfear é ina háit. Tá sé mar aidhm leis an treoir úr feabhas a chur ar shábháilteacht iarnróid ar fud AE trí athbhreithniú a dhéanamh ar ról na n-údarás náisiúnta sábháilteachta (ÚNSanna) agus freagrachtaí a ath-leithdháileadh eatarthu siúd agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh Ní mór d’Iarscríbhinn V le Treoir 2004/49/CE a bheith i bhfeidhm go dtí dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(2) de Threoir (AE) 2016/798 (struchtúr tuairiscithe le haghaidh tuairiscí um imscrúduithe ar thimpistí agus ar theagmhais).
  • Tá Treoir (AE) 2016/798 ar cheann de 3 ghníomh reachtacha faoina gcumhdaítear na gnéithe teicniúla den cheathrú pacáiste iarnróid a bhfuil sé d’aidhm leis an earnáil iarnróid a athbheochan agus caighdeán níos fearr seirbhíse agus tuilleadh roghanna a chur ar fáil do phaisinéirí. Oibrítear í in éineacht leis an rialachán maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (féach ar an achoimre) agus an treoir maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid (féach ar an achoimre).
  • I bhfianaise phaindéim COVID-19, glacadh le Rialachán (AE) 2020/698, lena thugtar isteach bearta sonracha agus sealadacha i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair. Sínítear an srianta ama a leagadh amach i dTreoir 2004/49/CE le 6 mhí leis an rialachán seo.
  • Bhí Treoir (AE) 2016/798 le teacht i bhfeidhm ón 16 Meitheamh 2020. Mar sin féin, glacadh le Treoir (AE) 2020/700 mar thoradh ar phaindéim COVID-19 chun na tréimhsí trasuite agus aisghairme a ghabhann léi a shíneadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2004 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Aibreán 2006.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gnóthais iarnróid: cuideachtaí poiblí nó príobháideacha atá páirteach i soláthar earraí agus/nó seirbhísí iompair paisinéirí d’iarnród.
Bainisteoirí bonneagair: comhlachtaí nó cuideachtaí atá freagrach, go háirithe as bonneagar nó cuid de a bhunú, a thógáil agus a chothabháil, agus as a shábháilteacht. I roinnt tíortha AE, féadfar cúrsaí sábháilteachta a tharmligean chuig gnóthais iarnróid.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar deimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lgh. 44-113). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 220, 21.6.2004, lgh. 16-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/49/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10-24)

Treoir (AE) 2020/700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/797 agus Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le síneadh a dtréimhsí trasuite (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 27-30)

Rialachán (AE) Uimh. 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 1-43)

Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 44-101)

Féach leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 102-149)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lgh. 13-59)

Féach leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 191, 18.7.2008, lgh. 1-45)

Féach leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lgh. 14-41)

Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lgh. 51-78)

Féach leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2007 maidir le húsáid a bhaint as formáid chomhchoiteann Eorpach le haghaidh deimhnithe sábháilteachta agus doiciméid iarratais i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe sábháilteachta arna seachadadh faoi Threoir 2001/14/CE (IO L 153, 14.6.2007, lgh. 9-24)

Féach leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lgh. 9-19)

Nuashonraithe 03.07.2020

Top