EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clárú daoine ar bord long paisinéirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/41/CE — clárú daoine a sheolann ar bord long paisinéirí a oibríonn isteach i gcalafoirt AE agus amach as calafoirt AE

Treoir (AE) 2017/2109 lena leasaítear Treoir 98/41/CE maidir le clárú daoine i longa paisinéirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach léi rialacha maidir le clárú na ndaoine ar bord long paisinéirí agus aerárthaí ardluais a oibríonn in uiscí AE.
  • Comhlánaítear léi na rialacha agus caighdeáin sábháilteachta maidir le longa paisinéirí atá leagtha síos le Treoir 2009/45/CE agus Treoir (AE) 2017/2108), chomh maith le Treoir (AE) 2017/2110 d’oibriú sábháilte long paisinéirí.
  • Féachtar léi le feabhas a chur ar an tsábháilteacht maidir le cuardach agus tarrtháil paisinéirí agus criúnna a thaistealaíonn ar muir i gcás éigeandála, chomh maith le hiarmhairt timpiste ar bith a d’fhéadfadh tarlú.
  • Féachtar léi lena áirithiú nach sáraíonn líon na ndaoine ar bord an líon daoine a bhfuil deimhniú faighte ag an long ina leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhaireamh na ndaoine ar bord

  • Ní mór gach duine ar bord long paisinéirí ar bith a imíonn ó chalafort atá lonnaithe i dtír AE a chomhaireamh sula n–imeoidh an long sin.
  • Sula n–imeoidh an long paisinéirí, ní mór an líon daoine atá ar bord a chur in iúl do mháistir na loinge agus do chláraitheoir paisinéirí na cuideachta nó do chóras cuideachta ar an gcladach ag a bhfuil an ról céanna.
  • Ní mór do máistir na loinge a áirithiú nach sáróidh líon na ndaoine atá ar bord an líon daoine atá ceadaithe ar an long paisinéirí.
  • Rinneadh na rialacha i dTreoir 98/41/CE maidir le gach duine ar bord a chomhaireamh agus a chlárú sula bhfágfar calafoirt AE a leasú i mí na Nollag 2017 chun tarchur leictreonach agus malartú faisnéise maidir le daoine ar bord a chur san áireamh.
  • Leasaítear le Treoir (AE) 2017/2109 Treoir 98/41/CE agus Treoir 2010/65/AE lena dtugtar isteach rialacha úra lena ndírítear ar chlárú paisinéirí loinge a dhigitiú.
    • Is é is cuspóir léi infhaighteacht láithreach líon beacht na bpaisinéirí agus faisnéise eile le haghaidh úsáid seirbhísí cuardaigh agus tarrthála i gcás éigeandála a áirithiú.
    • Faoi na ceanglais úra, cuirfear líon na ndaoine ar bord in iúl trí bhíthin na bhfuinneog aonair náisiúnta nó, má roghnaíonn tír AE déanamh amhlaidh, don údarás ainmnithe tríd an gCóras Aitheantais Uathoibríoch* sula n–imeoidh an long.
    • Féadfaidh tíortha AE a chinneadh cur chun feidhme an tuairiscithe leictreonaigh a chur siar go dtí an 21 Nollaig 2023.

Faisnéis maidir le daoine ar bord

  • I gcás go n–imíonn soitheach paisinéirí as calafort AE ar thuras níos faide ná 20 muirmhíle (féadfaidh tíortha AE an tairseach sin a laghdú), ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú agus a chlárú:
    • céadainm agus sloinne;
    • náisiúntacht;
    • inscne;
    • dáta breithe;
    • riachtanas nó cúnamh speisialta ar bith (i gcás go dtugann paisinéir an fhaisnéis sin); agus
    • uimhir theagmhála (má roghnaíonn tír AE déanamh amhlaidh agus nuair a thugann an paisinéir an fhaisnéis sin).
  • Ní mór an fhaisnéis a thaifeadadh laistigh de 15 nóiméad i ndiaidh imeacht na loinge.
  • I gcás go bhfágann soithí calafort atá lonnaithe lasmuigh de AE ach atá ar an mbealach go dtí calafort AE, ní mór líon na ndaoine ar bord na soithí sin a chomhaireamh agus a bhfaisnéis a chlárú, cibé an bhfuil bratach thír AE ar foluain acu nó nach bhfuil.

Díolúintí agus maolú

  • Féadfaidh tíortha AE díolúinte áirithe a thabhairt nó maolú a iarraidh maidir le comhaireamh paisinéirí agus clárú le haghaidh long ar an gcoinníoll:
    • Díolúine ó Airteagal 4.2: ní árthaí ardluais iad, oibríonn siad seirbhísí rialta de níos lú ná 1 uair idir stadanna i gcalafoirt i limistéar farraige D (faoi Threoir 2009/45/CE — Airteagal 4) agus tá gaireacht saoráidí cuardaigh agus tarrthála áirithithe sa limistéar farraige sin;
    • Díolúine ó Airteagal 5: seolann siad idir dhá chalafort nó chuig nó as an gcalafort céanna gan stadanna idir eatarthu, oibríonn siad i limistéar farraige D amháin agus tá gaireacht saoráidí cuardaigh agus tarrtháil áirithithe sa limistéar farraige sin;
    • Maolú: oibríonn siad seirbhísí rialta i limistéir a bhfuil seans níos lú ná 10 % iontu go sáróidh an tonnairde dhá mhéadar agus — nach dtaistealaíonn ach níos lú ná 30 míle ón bpointe imeachta — nó a bhfuil oibleagáid seirbhíse poiblí ann ina leith le haghaidh pobail fhorimeallacha.
  • Féadfaidh an Ghearmáin síneadh a chur leis na tréimhsí maidir le bailiú agus tuairisciú na faisnéise go dtí 1 uair i ndiaidh imeachta i gcás longa paisinéirí a oibríonn ó Oileán Heligoland agus uaidh; agus
  • Féadfaidh an Danmhairg agus an tSualainn síneadh a chur leis na tréimhsí maidir le bailiú agus tuairisciú na faisnéise go dtí 1 uair i ndiaidh imeachta i gcás longa paisinéirí a oibríonn ó Oileán Bornholm agus uaidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm ag an Treoir bhunaidh 98/41/CE ón 22 Iúil 1998 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 1999. B’éigean na rialacha maidir le “faisnéis bhreise maidir leis na daoine ar bord” (Airteagal 5) a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2000.

Tá feidhm ag na rialacha úra maidir le tuairisciú leictreonach, arna thabhairt isteach le Treoir (AE) 2017/2109, ón 21 Nollaig 2019, murar chinn tír AE leas a bhaint as an idirthréimhse.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas aitheantais uathoibríoch: córas craolacháin mara, bunaithe ar tharchur comharthaí raidió an-ardmhinicíochta. Seolann na longa tuairiscí ina bhfuil aitheantas, suíomh, agus cúrsa na loinge, chomh maith le faisnéis faoin lasta. San Eoraip, déantar malartú theachtaireachtaí an chórais aitheantais uathoibríoch tríd an gcóras SafeSeaNet.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine a sheolann ar bord long paisinéirí a oibríonn isteach i gcalafoirt an Chomhphobail agus amach as calafoirt an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lgh. 35-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/41/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2017/2109 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine a sheolann ar bord long paisinéirí a oibríonn isteach i gcalafoirt an Chomhphobail agus amach as calafoirt an Chomhphobail agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 52-60)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2017/2108 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 40-51)

Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n–aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lgh. 1-10)

Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 61-77)

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (athmhúnlú) (IO L 163, 25.6.2009, lgh. 1-140)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.05.2019

Top