EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sárú ar dhlí AE

 

ACHOIMRE AR:

Airteagail 258, 259 agus 260 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAIL 258, 259 AGUS 260 DEN CFAE?

Leagtar amach iontu an ghníomhaíocht atá le déanamh má mheasann an Coimisiún Eorpach nó rialtas AE nach bhfuil a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais comhlíonta ag tír AE ar leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

D’fhéadfadh mainneachtain oibleagáidí AE a chomhlíonadh a bheith i ngeall ar:

  • cinntí nó cleachtais reachtacha nó riaracháin;
  • gníomh dearfach (bearta a ghlacadh atá contrártha le dlí AE nó gan aon cheann atá amhlaidh a aisghairm);
  • gníomh diúltach (moill ar chur chun feidhme dhlí AE nó mainneachtain maidir leis an gcur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún).

An nós imeachta um shárú

Is iad seo a leanas na himeachtaí dlí a chuirtear faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh:

  • is é an Coimisiún a thionscnaíonn iad de ghnáth, ach d’fhéadfadh tír AE iad a thionscnamh chomh maith;
  • dírítear iad ar thír an Aontais Eorpaigh, fiú más iad a rialtas, a parlaimint, a comhlachtaí cónaidhme nó fonáisiúnta atá freagrach as an gcliseadh measta.

Is é seo mar a leanas a oibríonn an nós imeachta:

  • Tugann an Coimisiún nó tír AE le fios go bhféadfadh sé nach bhfuil tír ar leith de chuid AE ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí.
  • Seolann an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an tír atá i gceist ag iarraidh breis faisnéise. Ní mór don tír sin freagra mionsonraithe a sheoladh faoi spriocdháta áirithe, 2 mhí de ghnáth.
  • Ar bhonn an fhreagra sin, féadfaidh an Coimisiún:
    • tuairim réasúnaithe a eisiúint (iarratas foirmiúil chun dlí AE a chomhlíonadh, ag iarraidh ar an tír AE atá i gceist é a chur ar an eolas faoi na bearta a glacadh chun a hoibleagáidí a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe, 2 mhí de ghnáth); nó
    • an cás a dhúnadh, inar réitíodh na saincheisteanna leis an tír AE lena mbaineann gan bheith ar an gCoimisiún an nós imeachta a leanúint.
  • Mura gcomhlíonann an tír lena mbaineann tuairim an Choimisiúin laistigh den tráthchlár a tugadh, féadfaidh an Coimisiún an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
  • Má tá tír AE eile tar éis an nós imeachta a thionscnamh, féadfaidh sí an cás a chur faoi bhráid na Cúirte fiú mura dtugann an Coimisiún tuairim réasúnaithe.
  • Is féidir leis an gCúirt ordú a thabhairt do thír AE a measann sí go bhfuil dlí AE á shárú aici chun bearta áirithe a ghlacadh.
  • Má chreideann an Coimisiún nach bhfuil an rialú dlíthiúil á chomhlíonadh ag an tír, féadfaidh sé an cás a tharchur chuig an gCúirt an dara huair, ag moladh mhéid na fíneála a mheasann sé gur chóir a íoc.
  • Má chinneann an Chúirt nach bhfuil an breithiúnas fós á urramú, is féidir léi cnapshuim agus/nó íocaíocht phionósach a ghearradh.
  • Sa chás go ndéanann an Coimisiún tír AE a tharchur chuig an gCúirt i ngeall ar mhainneachtain bearta náisiúnta a chur in iúl lena gcuirtear dlí AE chun feidhme, féadfaidh sé a iarraidh ag an am céanna ar an gCúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur. Sa chás sin, féadfaidh an Chúirt pionóis a ghearradh ag céim an bhreithiúnais tosaigh.

AN PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Alt 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagail 258, 259 agus 260 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 160-161)

Nuashonraithe 12.07.2016

Top