EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Maoirseacht bhreithiúnach — aitheantas frithpháirteach

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2009/829/CGB – maoirseacht bhreithiúnach (rogha eile ar choinneáil)

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH RÉIME SEO?

Faoin gcinneadh réime seo, is féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) atá ag fanacht ar thriail i dtír AE eile filleadh abhaile go dtí go gcuirfear tús leis an triail sin.

Déantar maoirseacht orthu ina dtír baile féin trí bhearta neamhchoinneála (neamhphríosúnachta) a úsáid. Mar shampla, a iarraidh orthu síniú isteach ag stáisiún na bpóilíní gach lá.

Mar sin, déantar coinneáil fhadtéarmach bhreithiúnach thar lear a sheachaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Má aontaíonn an duine atá faoi amhras filleadh abhaile, déanann tír na trialach an cineál maoirseachta* a roghnú.

Seoltar cinneadh thír na trialach mar aon le deimhniú chuig tír baile an duine atá faoi amhras.

Bíonn 20 lá ag an tír baile chun an cinneadh sin a aithint.

Uaireanta, ní aithneoidh tíortha an cinneadh más rud é:

  • nach cion an choir faoin dlí náisiúnta;
  • go bhfuilcúiseanna neamhaitheantaisann (m.sh. níl an deimhniú a ghabhann leis iomlán).

Ní mór cinntí a aithint i gcás coireanna áirithe, lena n-áirítear:

  • sceimhlitheoireacht;
  • gáinneáil ar dhaoine;
  • bheith ina chuid d’eagraíocht choiriúil.

Má theipeann ar an duine atá faoi amhras freastal ar an triail, is féidir leis an tír baile an duine sin a “thabhairt suas”. Is ionann sin agus iallach a chur air nó uirthi filleadh ar thír na trialach trí Bharántas Gabhála Eorpach a úsáid.

Tá páirt á glacadh ag an Ríocht Aontaithe (1) sa scéim sin ó 2014 i leith.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?

Ón 1 Nollaig, 2012 ar aghaidh.

CÚLRA

Aitheantas frithpháirteach do bhearta breithiúnacha.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

*Féadfar a éileamh ar dhuine éigin faoibhearta maoirseachta :

  • fanacht in áit áirithe;
  • gan an tír a fhágáil;
  • gan tiomáint;
  • a chur in iúl do na húdaráis gur imigh siad chun cónaí i dteach eile;
  • síniú isteach ag amanna socraithe le húdarás sonrach (e.g. na póilíní);
  • gan dul chun cónaí/cuairt a thabhairt ar áiteanna áirithe;
  • gan teagmháil a dhéanamh le daoine sonracha.

GNÍOMH

Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh ar chinntí faoi bhearta maoirseachta mar rogha eile ar choinneáil shealadach

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Réime 2009/829/CGB

1.12.2009

1.12.2012

IO L 294, 11.11.2009, lgh. 20-40

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit de Chinneadh Réime 2008/909/CGB, Cinneadh Réime 2008/947/CGB agus Cinneadh Réime 2009/829/CGB maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí breithiúnacha faoi phianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse, le cinntí promhaidh agus smachtbhannaí eile agus le bearta maoirseachta mar rogha eile ar choinneáil shealadach (COM(2014) 57 final an 5 Feabhra 2014)

Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra a fháil ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann gur mian léi páirt a ghlacadh i ngníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla arna nglacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus nach cuid den acquis Schengen iad (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9)

Nuashonraithe 28.09.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top