EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlús a chur le comhar trasteorann — Cinneadh Prüm

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2008/615/CGB — comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis feabhas ar chur ar an gcomhar trasteorann idir údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha Bhallstáit AE chun sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Dírítear ann go sonrach ar mhalartú uathoibríoch faisnéise, ach dírítear ann freisin ar mhórimeachtaí agus ar sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Eascraíonn an cinneadh ó chonradh iltaobhach a shínigh an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ostair in 2005. Rinneadh ionstraim dhlíthiúil de atá ina ceangal ar na Ballstáit uile. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh “cinneadh Prüm” agus a rialacha cur chun feidhme ina dhiaidh sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an gcinneadh rialacha maidir le:

  • Rochtain uathoibrithe ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha* agus sonraí náisiúnta clárúcháin áirithe;
  • soláthar sonraí i ndáil le mórimeachtaí;
  • soláthar sonraí chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc;
  • bearta eile chun dlús a chur le comhar póilíneachta trasteorann.

Bunú bunachar sonraí náisiúnta agus rochtain uathoibrithe ar shonraí

  • Ní mór do na Ballstáit comhaid náisiúnta anailíse DNA a bhunú chun cionta coiriúla a imscrúdú.
  • Sonraí tagartha, ina gcuimsítear an chuid neamhchomhdaithe den DNA* agus ní mór uimhir thagartha nach féidir daoine aonair a shainaithint léi, a chur ar fáil do na Ballstáit chun uathchuardach* a dhéanamh.
  • Déantar cuardach trí phointí teagmhála náisiúnta trí chomparáid a dhéanamh idir próifílí DNA*, ach le haghaidh cásanna aonair amháin agus ar nós imeachtaamas/gan amas*.
  • Ní mór do na Ballstáit sonraí tagartha a chur ar fáil chomh maith óna n–uathchórais náisiúnta um shainaithint mhéarlorg.
  • Déantar cuardach trí shonraí dachtalascópacha a chur i gcomparáid lena chéile agus, cosúil le cuardach DNA, ach i gcásanna aonair agus ar bhonn amas/gan amas amháin.
  • Ní mór rochtain a thabhairt do phointí náisiúnta teagmhála chomh maith ar shonraí náisiúnta clárúcháin feithiclí áirithe trí uathchuardach ar líne.

Soláthar sonraí i ndáil le mórimeachtaí

  • I gcás mórimeachtaí ar bith lena mbaineann Ballstát amháin nó níos mó, ní mór do na tíortha i gceist sonraí neamhphearsanta* a sholáthar dá chéile, mar a theastaíonn chun cionta coiriúla a chosc agus an t-ord poiblí agus an tslándáil a choimeád.
  • Ní fhéadfar sonraí pearsanta a sholáthar ach amháin má mheastar go bhfuil ábhair na sonraí ina mbagairt ar an ord poiblí agus ar an tslándáil nó má chreidtear go ndéanfaidh siad cionta coiriúla ag imeachtaí. Ní fhéadfar na sonraí a úsáid ach i ndáil leis an imeacht dá soláthraíodh iad amháin agus ní mór iad a scriosadh nuair a bheidh a gcúram déanta, ach tráth nach déanaí ná 1 bhliain i ndiaidh iad a sholáthar.

Soláthar faisnéis chun sceimhlitheoireacht a chomhrac

I gcásanna aonair agus le srianta áirithe, féadfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas a sholáthar dá chéile chun ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc:

  • sloinne agus céadainmneacha;
  • dáta breithe agus áit bhreithe;
  • cur síos ar na dálaí as a dtagann an tuairim go ndéanfar cionta coiriúla.

Bearta eile chun feabhas a chur ar chomhar póilíneachta trasteorann

  • Déanann na Ballstáit comhphatróil agus comhoibríochtaí eile chun cionta coiriúla a chosc agus chun an t–ord poiblí agus an tslándáil a choimeád ar chríoch Ballstáit faoi leith.
  • Ní mór do na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a sholáthar dá chéile i gcásanna mórchruinnithe agus mórimeachtaí, tubaistí agus timpistí tromchúiseacha inchomparáide eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 26 Lúnasa 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sonraí dachtalascópacha. Íomhánna méarlorg, íomhánna de mhéarloirg neamhfhollais (loirg a fheictear leis an tsúil lom agus nach mór anailís ghairmiúil a dhéanamh orthu), loirg dhearnana, loirg dhearnana neamhfhollais agus teimpléid den sórt sin d’íomhánna a stóráiltear agus a láimhseáiltear i mbunachar sonraí uathoibrithe.
An chuid neamhchomhdaithe den DNA. Fearainn chrómasóm nach léirítear go géiniteach, i.e. nach eol go soláthraíonn siad airíonna feidhmiúla ar bith d’orgáin.
Uathchuardach. Nós imeachta rochtana ar líne chun féachaint ar bhunachair sonraí Ballstáit amháin, roinnt Ballstáit, nó na mBallstát ar fad.
Próifíl DNA. Cód litreach nó uimhreach ar léirítear sraith tréithe aitheantais de chuid neamhchomhdaithe sampla DNA duine ar a ndearnadh anailís.
Nós imeachta amas/gan amas. Tugann páirtithe rochtain teoranta dá chéile ar na sonraí tagartha ina mbunachair shonraí náisiúnta DNA agus méarlorg. Tugann siad an cheart chomh maith chun na sonraí sin a úsáid chun uathsheiceálacha a dhéanamh ar mhéarloirg agus ar phróifílí DNA. Níl an fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis na sonraí tagartha ar fáil don pháirtí iarrtha.
Sonraí neamhphearsanta. Sonraí ina bhfuil próifílí aonair DNA a fhéadfar a úsáid chun meaitseáil nó amas a bhunú, ach nach nochtar aitheantas ábhar na sonraí iontu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lgh. 1–11).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2022/2536 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (IO L 328, 22.12.2022, lgh. 94–95).

Cinneadh (AE) 2022/2537 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (IO L 328, 22.12.2022, lgh. 96–97).

Cinneadh (AE) 2022/1014 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i ndáil leis an gcinntiúchán faoi Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, faoin dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 den Chomhaontú sin a sholáthar don Ríocht Aontaithe (IO L 170, 28.6.2022, lgh. 68–71).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/569 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA san Iodáil (IO L 109, 8.4.2022, lgh. 58–59).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/570 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil (IO L 109, 8.4.2022, lgh. 60–61).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/571 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle san Iodáil (IO L 109, 8.4.2022, lgh. 62–63).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/572 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig (IO L 109 8.4.2022, lgh. 64–65).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1188 ón gComhairle an 6 Lúnasa 2020 maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe (IO L 265, 12.8.2020, lgh. 1–2).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1188 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/968 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe (IO L 156, 13.6.2019, lgh. 8–9).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1697 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle in Éirinn (IO L 259 10.10.2019, lgh. 63–64).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/397 ón gComhairle an 8 Márta 2018 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Phortaingéil (IO L 71 14.3.2018, lgh. 38–39).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1035 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Chróit (IO L 185, 23.7.2018, lgh. 27–28).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1801 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA in Éirinn (IO L 296, 22.11.2018, lgh. 31–32).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1802 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Chróit (IO L 296, 22.11.2018, lgh. 33–34).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1839 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha in Éirinn (IO L 298, 23.11.2018, lgh. 15–16).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/617 ón gComhairle an 27 Márta 2017 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ghréig (IO L 89, 1.4.2017, lgh. 4–5).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/618 ón gComhairle an 27 Márta 2017 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Danmhairg (IO L 89 1.4.2017, lgh. 6–7).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/943 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an uathmhalartú sonraí maidir le sonraí clárúcháin feithicle i Málta, sa Chipir agus san Eastóin, agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2014/731/AE, Chinneadh 2014/743/AE agus Chinneadh 2014/744/AE (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 84–86).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/944 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an uathmhalartú sonraí maidir le sonraí dachtalascópacha sa Laitvia, agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2014/911/AE (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 87–88).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/945 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an uathmhalartú sonraí maidir le sonraí DNA sa tSlóvaic, sa Phortaingéil, sa Laitvia, sa Liotuáin, i bPoblacht na Seice, san Eastóin, san Ungáir, sa Chipir, sa Pholainn, sa tSualainn, i Málta agus sa Bheilg agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2010/689/AE, Chinneadh 2011/472/AE, Chinneadh 2011/715/AE, Chinneadh 2011/887/AE, Chinneadh 2012/58/AE, Chinneadh 2012/299/AE, Chinneadh 2012/445/AE, Chinneadh 2012/673/AE, Chinneadh 2013/3/AE, Chinneadh 2013/148/AE, Chinneadh 2013/152/AE agus Chinneadh 2014/410/AE (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 89–92).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/946 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an uathmhalartú sonraí maidir le sonraí dachtalascópacha sa tSlóvaic, sa Bhulgáir, sa Fhrainc, i bPoblacht na Seice, sa Liotuáin, san Ísiltír, san Ungáir, sa Chipir, san Eastóin, i Málta, sa Rómáin agus san Fhionlainn agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2010/682/AE, Chinneadh 2010/758/AE, Chinneadh 2011/355/AE, Chinneadh 2011/434/AE, Chinneadh 2011/888/AE, Chinneadh 2012/46/AE, Chinneadh 2012/446/AE, Chinneadh 2012/672/AE, Chinneadh 2012/710/AE, Chinneadh 2013/153/AE, Chinneadh 2013/229/AE agus Chinneadh 2013/792/AE (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 93–96).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/947 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an uathmhalartú sonraí maidir le sonraí clárúcháin feithiclí san Fhionlainn, sa tSlóivéin, sa Rómáin, sa Pholainn, sa tSualainn, sa Liotuáin, sa Bhulgáir, sa tSlóvaic agus san Ungáir agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2010/559/AE, Chinneadh 2011/387/AE, Chinneadh 2011/547/AE, Chinneadh 2012/236/AE, Chinneadh 2012/664/AE, Chinneadh 2012/713/AE, Chinneadh 2013/230/AE, Chinneadh 2013/692/AE agus Chinneadh 2014/264/AE (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 97–99).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1020 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Chróit (IO L 155 17.6.2017, lgh. 21–22).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/1866 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le huathmhalartú sonraí maidir le sonraí clárúcháin feithiclí a sheoladh i bPoblacht na Seice (IO L 266, 17.10.2017, lgh. 6–7).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1867 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Phortaingéil (IO L 266, 17.10.2017, lgh. 8–9).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1868 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ghréig (IO L 266, 17.10.2017, lgh. 10–11).

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2016/254 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tús a chur le le malartú uathoibrithe sonraí maidir le sonraí clárúcháin feithicle (VRD) sa Laitvia (IO L 47, 24.2.2016, lgh. 8–9).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2047 ón gComhairle an 18 Samhain 2016 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Danmhairg (IO L 318, 24.11.2016, lgh. 8–9).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2048 ón gComhairle an 18 Samhain 2016 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Danmhairg (IO L 318, 24.11.2016, lgh. 10–11).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2009 ón gComhairle an 10 Samhain 2015 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Pholainn (IO L 294, 11.11.2015, lgh. 70–71).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2049 ón gComhairle an 10 Samhain 2015 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa tSualainn (IO L 300, 17.11.2015, lgh. 15–16).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2050 ón gComhairle an 10 Samhain 2015 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Bheilg (IO L 300, 17.11.2015, lgh. 17–18).

Cinneadh 2010/482/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn agus an Iorua maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe de chuid Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac agus de chuid Chomhairle 2008/616/CGB maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus an Iarscríbhinn ann (IO L 238, 9.9.2010, lgh. 1–2).

Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Cinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lgh. 12–72).

Nuashonraithe 20.01.2023

Top