EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht bia — ón bhfeirm go dtí an forc

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachann an tAontas Eorpach (AE) le sláinteachas bia a áirithiú ag gach céim den phróiseas táirgthe, ó fheirmeacha go monarchana próiseála agus miondíoltóirí go dtí an tomhaltóir deiridh.
  • Sainítear sa rialachán agus ina iarscríbhinní sraith ceanglas don Aontas Eorpach nach mór do ghnólachtaí a oibríonn le bia a chomhlíonadh lena áirithiú go mbeidh bia sábháilte do thomhaltóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an príomhphrionsabal go gcaithfidh gach duine a oibríonn sa ghnó bia a áirithiú go ndéanfar bia a láimhseáil ar bhealach sláinteach agus sábháilte, i.e. saor ó éilliú ó ghuaiseacha bia–iompartha, ag gach céim den phróiseas táirgthe. Baintear é sin amach trí:

  • dea–chleachtais sláinteachais,
  • nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail na hanailíse guaise agus pointí rialúcháin criticiúla (AGPRC).

Dea–chleachtais sláinteachais

In Iarscríbhinn I leagtar síos an dea–chleachtas sláinteachais is infheidhme le linn chéim an táirgthe phríomhúil (i.e. feirmeoireacht, sealgaireacht nó iascaireacht), agus le linn iompar, láimhseáil agus stóráil táirgí príomhúla agus iompar ainmhithe beo.

Baineann an dea–chleachtas sláinteachais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II le hoibreoirí bia i ndiaidh an táirgthe phríomhúil (seamlais, monarchana próiseála, miondíoltóirí, etc.) agus clúdaítear ann réimsí amhail:

  • glaineacht áitreabh agus trealaimh bia,
  • dálaí iompair,
  • bainistíocht dramhbhia,
  • soláthar uisce,
  • sláinteachas pearsanta agus oiliúint oibrithe bia,
  • clúdach agus pacáistiú,
  • próisis teaschóireála.

Nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail AGPRC

Ba cheart do ghnólachtaí san earnáil bhia (seachas iad siúd a bhfuil baint acu le táirgeadh príomhúil) nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail AGPRC a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta um shláinteachas bia Codex Alimentarius. Áirítear leis na prionsabal sin:

  • aon ghuaiseacha nach mór a rialú a shainaithint,
  • na pointí rialúcháin criticiúla a shainaithint agus teorainneacha criticiúla a bhunú,
  • faireachán éifeachtach a bhunú agus a chur chun feidhme,
  • bearta ceartaitheacha a bhunú nuair is gá,
  • nósanna imeachta a bhunú lena dheimhniú go bhfuil nósanna imeachta AGPRC ag obair go héifeachtach,
  • doiciméid agus taifid a bhunú chun cur i bhfeidhm éifeachtach nósanna imeachta AGPRC a léiriú.

Moltar go bhforbrófar treoir náisiúnta agus treoir AE chun an dea–chleachtas sláinteachais agus nósanna imeachta AGPRC a chur chun feidhme in earnáil bhia ar leith.

Ceanglais eile maidir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004

I gcás go gceanglaítear é le reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht AE, ní mór do ghnólachtaí san earnáil bhia a bheith faofa agus ní mór do na háitribh ar fad a bheith cláraithe leis an údarás cuí, agus cead a thabhairt don údarás sin cuairt a thabhairt orthu agus comhlíonadh na gceanglas sláinteachais a dheimhniú.

Ní mór do bhia a allmhairítear isteach in AE agus bia de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear cloí le caighdeáin AE nó a gcoibhéis, agus le ceanglais ar bith eile a d’fhéadfadh an tír allmhairiúcháin a fhorchur.

Reachtaíocht dhlúthbhainteach AE

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (féach an achoimre) rialacha breise sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch, mar shampla feoil, táirgí iascaigh agus cáiseanna.

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí um bia AE (féach an achoimre), forlíontar na ceanglais sláinteachais freisin trí oibleagáidí a leagan síos maidir le hinrianaitheacht* bhia agus trína cheangal má fhaightear go bhfuil coinsíneacht bhia ina riosca tromchúiseach don tsláinte, go gcaithfidh gnólacht bia an bia sin a aistarraingt láithreach ón margadh, agus é a chur in iúl d’úsáideoirí agus don údarás ábhartha.

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004

Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta, lena n–áirítear leis na rialacháin seo a leanas:

  • Le Rialachán (CE) Uimh. 1019/2008 soiléirítear na rialacha maidir leis an uisce a úsáidtear le haghaidh táirgí iascaigh iomláin agus le haghaidh níochán seachtrach moileasc débhlaoscacha beo, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód mara.
  • Le Rialachán (AE) Uimh. 579/2014 deonaítear eisceachtaí ó rialacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 chun gur féidir olaí leachtacha nó saill leachtach a cheaptar lena gcaitheamh ag daoine nó ar dóigh go gcaithfidh daoine iad a iompar i soithí farraige nach gcoimeádtar chun earraí bia a iompar, faoi réir coinníollacha áirithe lena n–áiritheofar cosaint na sláinte poiblí agus sábháilteacht agus folláine na n–earraí bia lena mbaineann.
  • Le Rialachán (AE) 2021/382, a bhaineann le bainistíocht ailléirginí bia, athdháileadh bia agus cultúr sábháilteachta bia, leasaítear Iarscríbhinní I agus II de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 chun comhairle áirithe ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus glacadh caighdeán nua ag Coimisiún Codex Alimentarius a chur san áireamh. Féachtar leis na hathruithe sin leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • ceanglais a chuimsiú lena dtugtar isteach dea–chleachtas sláinteachais chun substaintí is cúis le hailléirgí nó éadulaingt a chosc nó a theorannú,
    • ceanglais áirithe a leagan síos chun athdháileadh bia a chur chun cinn agus a éascú (e.g. tabhartais bhia), agus a shábháilteacht do thomhaltóirí á háirithiú,
    • ceanglais ghinearálta a chuimsiú maidir le cultúr sábháilteachta bia chun feasacht a mhéadú agus cleachtais fostaithe i bhforais bhia a fheabhsú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 01 Eanáir 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Inrianaitheacht. An cumas bia nó ainmhí a tháirgeann bia a rianú agus a leanúint trí gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1–54). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 226, 25.6.2004, lgh. 3–21).

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lgh. 1-26).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhithe (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 55-205). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 226, 25.6.2004, lgh. 22–82).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1–24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.10.2021

Top