EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faireachán ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/99/CE maidir le faireachán ar ghalair ainmhithe agus ionfhabhtaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos inti na híoscheanglais atá le comhlíonadh ag tíortha uile AE chun neartú a dhéanamh ar a gcórais reatha lena ndéantar faireachán ar ghalair agus ar ionfhabhtuithe ar féidir iad a tharchur go díreach nó go hindíreach idir ainmhithe agus daoine.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear borradh leis an treoir faoi fhaireachán thíortha AE maidir le:

  • zónóisí (galair agus ionfhabhtuithe atá in-tarchurtha go nádúrtha agus go díreach nó go hindíreach idir ainmhithe agus daoine);
  • oibreáin zónóiseacha (aon víreas, baictéir, fungais, paraisítí nó aonán bitheolaíoch eile ar dócha go mbeadh zónóis mar thoradh orthu); agus
  • frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh* lena mbaineann.

Faireachán méadaithe ar zónóisí agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh

Tá tíortha AE freagrach as córais faireacháin a bhunú agus a chothabháil. Déanfar an faireachán ar leibhéal an táirgthe phríomhúil* nó céimeanna eile den bhiashlabhra, le haghaidh beatha ainmhithe agus bia don duine.

Mar thosaíocht, baineann faireachán leis na zónóisí seo a leanas:

  • brúsallóis,
  • campalabaictéaróis,
  • eicineacocóis,
  • listéaróis,
  • salmanallóis,
  • tricineallóis,
  • eitinn mar gheall ar Mycobacterium bovis,
  • verotoxigenic Escherichia coli.

Ag brath ar an gcás eipidéimeolaíochta, baineann faireachán leo seo a leanas chomh maith:

  • zónóisí víreasacha (cailcvíreas, víreas heipitíteas A, víreas an fhliú, confadh agus víreas a tharchuireann artrapóid),
  • zónóisí baictéaracha (borralóis, botalas, leiptispioróis, clamadóis éanúil, eitinn seachas an eitinn a sonraíodh thuas, vibriosis, iairsíonóis agus oibreáin díobh),
  • zónóisí seadánacha (anisakiasis, cripteaspóiriodóis, cisticearcóis agus tocsaplasmóis).

Modh an fhaireacháin

I roinnt cásanna, ní leor sonraí a bhailítear trí ghnáthfhaireachán. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cláir faireacháin chomhordaithe do zónóis amháin nó níos mó chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí sonracha nó luachanna bonnlíne a bhunú.

Tá tíortha AE freagrach as a áirithiú go soláthrófar sonraí inchomparáide leis an bhfaireachán maidir le teagmhas na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh in oibreáin zónóiseacha agus, más gá, in oibreáin thábhachtacha eile.

Leis an bhfaireachán ar zónóisí, oibreáin zónóiseacha agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh comhlánaítear faireachán aonraígh an duine a chuirtear i gcrích i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE maidir le dul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte.

Imscrúdú a dhéanamh ar ráigeanna bia-iompartha

Ní mór d’údaráis inniúla thíortha AE imscrúdú a dhéanamh ar ráigeanna bia-iompartha, agus sonraí a bhailiú ar an bpróifíl eipidéimeolaíochta, ar na bia-ábhair is mó a bhféadfadh bheith mar chúis leo agus ar na cúiseanna féideartha.

Faisnéis a chomhroinnt

  • Tá sé riachtanach faisnéis a chomhroinnt chun sonraí uileghabhálacha agus inchomparáide ar leibhéal AE a fháil. I ngach tír AE, comhoibríonn údarás inniúil amháin nó níos mó leis na húdaráis atá freagrach as sláinte ainmhithe, beatha agus sláinteachas bia. I gcás na ráigeanna bia-iompartha go háirithe, tá malartú mear faisnéise trí líonraí rabhaidh (e.g. an Córas Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe) riachtanach chun an tionchar ar an tsláinte phoiblí agus an tionchar eacnamaíoch a bhainfeadh le ráig dá leithéid a íoslaghdú. Tá saotharlann tagartha AE agus náisiúnta ainmnithe chomh maith chun anailísí ardchaighdeáin ar shamplaí a áirithiú.
  • Ní mór do thíortha AE measúnú a dhéanamh ar threochtaí agus ar fhoinsí na zónóisí, na n-oibreán zónóiseach agus na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus tuarascáil a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach faoi dheireadh mhí na Bealtaine gach bliain. Cuireann an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, a dhéanfaidh scrúdú orthu agus a fhoilseoidh tuarascáil achoimre faoi dheireadh mhí na Samhna gach bliain.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 12 Nollaig 2003. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 12 Aibreán 2004.

AN CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh: cumas miocrorgánaigh maireachtáil nó fás i dtiúchan oibreáin antaimhiocróbaigh ar leor é miocrorgánaigh an speicis sin a chos nó a mharú de ghnáth.
Táirgeadh príomhúil: táirgeadh, pórú nó saothrú táirgí príomhúla, lena n-áirítear tógáil, próiseáil agus táirgeadh ainmhithe feirme sula maraítear iad. Cumhdaítear sealgaireacht, iascaireacht agus fómhar táirgí fiáine chomh maith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Treoir 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle (IO L 325, 12.12.2003, lgh. 31-40)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2003/99/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lgh. 1-15)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú (IO L 325, 12.12.2003, lgh. 1-15)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.01.2018

Top