EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár oibre oideachais agus scileanna do dhaoine óga

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2010) 477 final) — An Óige ag Gluaiseacht — cumas daoine óga a spreagadh chun fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Féachtar inti le pacáiste cuimsitheach de thionscnaimh bheartais a sheachadadh maidir le hoideachas agus fostaíocht do dhaoine óga san Aontas Eorpach (AE). Tionscnamh um an Óige ag Gluaiseacht a thugtar air agus is cuid é de straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is é is cuspóir le tionscnamh um an Óige ag Gluaiseacht roinnt gníomhaíochtaí atá ann cheana a neartú i bhfabhar daoine óga, chomh maith le cinn úra a chur i láthair. Tá siad sin le cur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE trí bhíthin tacaíocht airgeadais ó chláir ábhartha AE agus ó na Cistí Struchtúracha.
  • Ráthaíocht don Aos Óg is é ár dtionscnamh úr (ó 2013), a bhfuil sé d’aidhm leis a chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 25 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de thréimhse 4 mhí i ndiaidh dóibh éirí dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil.
  • Fócas eile de chuid an tionscnaimh um an Óige ag Gluaiseacht is ea an cumas d’Eorpaigh óga staidéar a dhéanamh agus foghlaim thar lear. Cuidíonn an clár malartaithe Erasmus+ leis sin a bhaint amach.
  • Tá sé mar aidhm le gréasán EURES um chomhairligh fostaíochta agus seirbhísí poiblí fostaíochta thíortha AE feabhas a chur ar chumas Eorpach óg poist a fháil ar fud AE. Freastalaítear i dtionscnamh Europass chomh maith ar an gcuspóir seo trí shainchomhad caighdeánaithe scileanna agus cáilíochtaí a chruthú chun cuidiú le hiarratasóirí obair a fháil áit ar bith in AE.
  • Tacaítear leis an tionscnamh um an Óige ag gluaiseacht tríd an bhFaireachlann Eorpach um Fholúntais chomh maith trí chuntas a choinneáil ar éilimh cheirde.
  • Tá sé d’aidhm leis an áis maidir le micreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta EaSi cuidiú le fiontraithe óga gnóthaí a chur ar bun agus a leathnú.
  • Cuidíonn na tionscnaimh eile ar fad, amhail an t-ardoideachas a nuachóiriú in AE, Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ar fud AE a chruthú, agus feabhas a chur ar chuir chuige trasearnála maidir le ceisteanna na hóige le cuspóirí Óige ag Gluaiseacht.

CÚLRA

D’fhonn cuspóir Eoraip 2020 a chomhlíonadh maidir le ráta fostaíochta ginearálta de dhaoine 20-64 bliain d’aois a mhéadú go 75 %, is riachtanach é ardleibhéal dífhostaíochta na hóige a laghdú. In 2014, bhí beagnach 5 mhilliún duine óg (faoi bhun 25 bliain d’aois) dífhostaithe. Is ionann é sin agus ráta dífhostaíochta 21.7 %, níos mó ná dhá oiread an ráta dífhostaíochta d’aosaigh. Anuas air sin, bhí 7.5 % d’Eorpaigh idir 15 agus 24 bliain d’aois ann nach raibh fostaithe nó nach raibh faoi bhun oideachais nó oiliúna.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Óige ag Gluaiseacht — Tionscnamh chun cumas daoine óga a spreagadh chun fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach san Aontas Eorpach (COM(2010) 477final, 15.9.2010)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2010 maidir leis an tionscnamh um “An Óige ag Gluaiseacht” — cur chuige comhtháite mar fhreagairt ar na dúshláin atá le sárú ag daoine óga (IO C 326, 3.12.2010)

Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 — “An Óige ag Gluaiseacht” — soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn (IO C 199, 7.7.2011, lgh. 1-5)

Nuashonraithe 20.10.2016

Top