EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 lena mbunaítear Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) a chabhraíonn le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le Ballstáit AE prionsabal an chomhionannais inscne a chomhtháthú ina mbeartais agus an t–idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Spriocanna EIGE

Cuireann an Institiúid a saineolas teicniúil ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) agus do na Ballstáit chun cuidiú leo:

  • comhionannas inscne a chur chun cinn agus a neartú;
  • príomhshruthú inscne a chur san áireamh i ngach beartas AE agus i ngach beartas náisiúnta a bheidh mar thoradh orthu sin;
  • dul i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas;
  • feasacht shaoránaigh AE maidir le comhionannas inscne agus an gá le haghaidh a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban a mhúscailt.

Obair EIGE

  • Bunaíonn an Institiúid a cuid oibre ar shonraí oibiachtúla, inchomparáide agus iontaofa ar an leibhéal Eorpach.
  • Tá sí freagrach as faisnéis faoi chomhionannas inscne a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh.
  • Forbraítear léi:
    • modhanna chun oibiachtúlacht, inchomparáideacht agus iontaofacht sonraí a fheabhsú ar an leibhéal Eorpach trí chritéir a bhunú chun comhsheasmhacht faisnéise a fheabhsú agus saincheisteanna inscne a chur san áireamh agus sonraí á mbailiú;
    • idirphlé agus comhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhdheiseanna, le hollscoileanna agus le saineolaithe, le hionaid taighde, le comhpháirtithe sóisialta agus le comhlachtaí gaolmhara a fhéachann go gníomhach le comhionannas a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.
  • Déantar léi uirlisí modheolaíochta a fhorbairt, a anailísiú, a mheas agus a scaipeadh chun tacú le príomhshruthú inscne i mbeartais uile AE agus sna beartais náisiúnta uile.
  • Cuirtear suirbhéanna ar siúl léi ar staid an chomhionannais inscne san Eoraip.
  • Eagraítear léi cruinnithe saineolaithe chun tacú le hobair thaighde na hInstitiúide, spreagtar léi comhroinnt faisnéise i measc taighdeoirí agus cuirtear cuimsiú gné inscne chun cinn ina dtaighde léi.
  • Scaiptear léi faisnéis maidir le samplaí dearfacha de róil neamh-steiréitipiciúla do mhná agus d’fhir i ngach gné den saol, agus cuireann sí a torthaí agus a tionscnaimh i láthair atá ceaptha chun na scéalta ratha sin a phoibliú agus forbairt a dhéanamh orthu.
  • Chun feasacht shaoránaigh AE ar chomhionannas inscne a mhúscailt, eagraítear léi comhdhálacha, feachtais agus cruinnithe ar an leibhéal Eorpach, agus bunaítear léi acmhainní doiciméadúcháin atá ar fáil don phobal.

Feidhmiú

  • Déanann an Institiúid a cuid cúraimí ar mhodh atá neamhspleách agus trédhearcach.
  • Tá sí faoi stiúir Bord Bainistíochta, bíonn stiúrthóir i gceannas uirthi agus faigheann sí cuidiú ó Fhóram Saineolaithe.
  • Tá a suíocháin i Vilnias (an Liotuáin).
  • Go sonrach, oibríonn EIGE leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (féach an achoimre), leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (féach an achoimre), leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (féach an achoimre) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (féach an achoimre).

Buiséad

  • Gach bliain, cuireann an Institiúid meastachán le chéile ar a cuid ioncaim agus ar a cuid caiteachais ar fad, nach mór a bheith ar comhardú. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an meastachán seo, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta san áireamh ann, ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach faoin 31 Márta ar a dhéanaí. Cuirfear an meastachán ar aghaidh ansin chuig údarás buiséadach AE (ina bhfuil Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh), in éineacht le réamh–dhréachtbhuiséad AE. Ar bhonn an mheastacháin sin, cuireann an Coimisiún isteach i réamh–dhréachtbhuiséad ginearálta AE na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a ghearrfar ar bhuiséad ginearálta AE, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é ina dhiaidh sin.
  • I gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse atá i gceist, údaraíonn an t–údarás buiséadach na leithreasuithe don fhóirdheontas bliantúil ó bhuiséad ginearálta AE agus glacann sé an plean bunaíochta.
  • Is é an Bord Bainistíochta a ghlacann buiséad EIGE agus beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad AE. Déantar é a choigeartú dá réir sin más gá.
  • Féadfar a áireamh ar fhoinsí eile ioncaim EIGE íocaíochtaí a fhaightear as seirbhísí a soláthraíodh, aon ranníocaíochtaí airgeadais ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ó thíortha nach tíortha AE iad, agus aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 19 Eanáir 2007.

CÚLRA

  • Is ceart bunúsach é an comhionannas inscne faoi Chonradh Liospóin agus tá sé ar cheann de réimsí beartais tosaíochta AE. Mar sin féin, ní mór dul chun cinn breise a dhéanamh chun fíorchomhionannas inscne a bhaint amach sa réimse gairmiúil agus sa saol príobháideach chomh maith. Chuige sin, tá ról suntasach ag EIGE maidir leis an saineolas is gá a chur ar fáil chun tacú le beartais um chomhionannas inscne a fhorbairt ar fud AE.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (IO L 403, 30.12.2006, lgh. 9–17).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 58–73).

Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 74-89).

Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 90–105).

Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lgh. 1–14).

Nuashonraithe 14.12.2021

Top