EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe idirnáisiúnta agus inniúlachtaí eachtracha AE

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Airteagal 4 de CFAE

Airteagal 207 de CFAE

Airteagal 216 de CFAE

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL?

Bunaítear leo cumhachtaí dlíthiúla AE maidir le comhaontuithe a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích agus a inniúlacht, cibé acu inniúlacht eisiach nó roinnte, comhaontuithe dá leithéid a dhéanamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhaontuithe idirnáisiúnta (coinbhinsiúin, conarthaí)

  • Tá comhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha neamh–AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ina gcuid lárnach de dhlí AE. Tá na comhaontuithe seo ar leithligh ón dlí príomha agus ón reachtaíocht thánaisteach agus tá siad ina gcuid de chatagóir sui generis. De réir roinnt breithiúnas de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith acu agus tá a bhfeidhm dlíthiúil níos láidre ná an reachtaíocht thánaisteach, agus ní mór di cloí leo dá réir sin.
  • Is conarthaí iad faoin dlí poiblí idirnáisiúnta agus cruthaítear leo cearta agus oibleagáidí do na páirtithe conarthacha.
  • Murab ionann agus gníomhartha aontaobhacha, ní toradh iad coinbhinsiúin agus comhaontuithe ar nós imeachta reachtach nó toil aonair institiúide.
  • In Airteagal 216 den CFAE luaitear na cásanna ina bhfuil údarás ag AE comhaontuithe den sórt sin a chur i gcrích.
  • I ndiaidh iad a idirbheartú agus a shíniú, agus ag brath ar an ábhar lena mbaineann, d’fhéadfadh sé go gcaithfí iad a dhaingniú le gníomh reachtaíochta tánaistí.
  • Ní mór comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar fud AE. Tá feidhm dhlíthiúil leo atá níos airde ná gníomhartha tánaisteacha aontaobhacha, nach mór iad a chomhlíonadh dá bhrí sin.
  • Ina theannta sin, le hAirteagal 207 den CFAE rialaítear beartas trádála AE — príomhinniúlacht eachtrach de chuid AE agus gné lárnach dá chaidreamh leis an gcuid eile den domhan.

Inniúlachtaí eachtracha AE

  • pearsantacht dhlítheanach ag AE agus mar sin is ábhar dlí idirnáisiúnta é atá ábalta comhaontuithe idirnáisiúnta a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích ar a shon féin, i.e. tá inniúlachtaí (nó cumhachtaí) aige sa réimse seo a thugtar do leis na conarthaí.
  • Más rud é nach dtagann ábhar comhaontaithe faoi inniúlacht eisiach AE, ní mór do thíortha AE an comhaontú a shíniú freisin. Tugtar “comhaontuithe measctha” orthu seo.

Inniúlacht eisiach agus inniúlacht roinnte

  • leithroinnt inniúlachtaí idir AE agus tíortha AE i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith. Nuair a dhéanann AE comhaontú idirnáisiúnta a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích, tá inniúlacht eisiachinniúlacht a roinntear le tíortha AE aige.
  • I gcás go bhfuil inniúlacht eisiach aige, is ag AE amháin atá an chumhacht an comhaontú a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích. Le hAirteagal 3 den CFAE sonraítear na réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag AE chun comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe trádála, a thabhairt i gcrích.
  • I gcás go roinntear a inniúlacht le tíortha AE, tugann AE agus tíortha AE an comhaontú i gcrích. Mar sin, is comhaontú measctha é nach mór do thíortha AE a dtoiliú a thabhairt ina leith. D’fhéadfaí a cheangal le comhaontuithe measctha chomh maith go ndéanfaí gníomh inmheánach AE a ghlacadh chun na hoibleagáidí a roinnt idir tíortha AE agus AE. In Airteagal 4 den CFAE leagtar amach na hinniúlachtaí a roinntear.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 3 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 51)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 4 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 51-52)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal II — Comhbheartas tráchtála — Airteagal 207 (sean-Airteagal 133 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 140-141)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal V — Comhaontuithe idirnáisiúnta — Airteagal 216 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

Nuashonraithe 08.04.2020

Top