EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh Liospóin

 

ACHOIMRE

Conradh Liospóin lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?

  • Leasaítear leis an dóigh a n-oibrítear institiúidí AE agus déantar cinntí chun iad sin a dhéanamh oiriúnach do AE ina bhfuil 28 mBallstát anois i ndiaidh méaduithe i ndiaidh a chéile.
  • Leasaítear leis beartais inmheánacha agus sheachtracha AE agus, agus trí thuilleadh cumhachtaí reachtacha a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa áirithítear daonlathas níos fearr i gcinnteoireacht AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Athruithe Institiúideacha

Parlaimint na hEorpa

  • tá sí comhdhéanta anois d’ionadaithe shaoránaigh AE, ní, mar a bhí roimhe seo, de mhuintir thíortha AE, agus ar an tslí sin bunaítear nasc daonlathach níos dlúithe idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) agus na toghthóirí;
  • tá níos mó cumhachtaí reachtacha aici trí úsáid a bhaint as an ngnáthnós imeachta reachtach. Leathnaítear é sin le Conradh Liospóin go dtí 40 réimse beartais nua, rud a mhéadaíonn an líon iomlán go 73 i gcás go nglacann an Pharlaimint agus an Chomhairle reachtaíocht ar bhonn cothrom;
  • toghann sí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh trí thromlach a bhfeisirí;
  • tá uaslíon 751 feisire inti.

An Chomhairle Eorpach

Agus í comhdhéanta de chinn stáit nó rialtais, tugtar níos mó leanúnachais agus soiléire do AE. Tá sí aitheanta go foirmiúil mar institiúid AE ina leagtar amach treoracha agus tosaíochtaí polaitiúla ginearálta AE.

Toghann sí uachtarán trí vóta tromlaigh le haghaidh sainordú 30 mí is féidir a athnuachan uair amháin, rud a chuirtear in ionad an róil rothlaí 6 mhí roimhe sin.

An Chomhairle

Cuireann sí rialacha maidir le vótáil trí thromlach i bhfeidhm agus reachtaíocht á faomhadh. Chun tromlach a fháil teastaíonn 55 % ar a laghad de thíortha AE atá ionann le 65 % ar a laghad de dhaonra AE. Chun togra a chosc, ní mór do 4 thír ar a laghad a bheith ina éadan.

Tagann sí le chéile go poiblí agus í i mbun plé agus vótála ar dhréachtreachtaíocht.

An Coimisiún Eorpach

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh:

  • déantar é a thoghadh ar bhonn thoradh thoghcháin na hEorpa;
  • tá sé freagrach as coimisinéirí a cheapadh, punanna a leithdháileadh agus féadfaidh sé a iarraidh ar choimisinéir aonair éirí as.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá an dlínse leathnaithe chuig gach réimse AE seachas an comhbheartas eachtrach agus slándála.

An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

Aithnítear an BCE go foirmiúil anois mar an Institiúid AE trína bheith liostaithe in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Comhbheartas eachtrach agus slándála

Déantar an méid seo a leanas sa chonradh:

Athruithe eile

Beartais AE

leithdháileadh nua inniúlachtaí curtha in ionad struchtúr na gcolún roimhe seo:

  • eisiach: réimsí i gcás gurb é AE amháin a ritheann reachtaíocht agus go gcuireann tíortha AE chun feidhme í (Airteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE));
  • comhroinnte: réimsí inar féidir le tíortha AE reachtaíocht a rith agus bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh mura bhfuil amhlaidh déanta ag AE (Airteagal 4 CFAE);
  • tacúil: réimsí i gcás go nglacann AE bearta chun tacú le bearta náisiúnta, iad a chomhordú nó iad a chomhlánú (Airteagal 6 CFAE);
  • lena chois sin, déantar inniúlacht AE de gach beartas maidir le rialuithe teorann, tearmann, inimirce agus comhar breithiúnach agus póilíneachta, seachas iad a bheith faoi fhreagracht idir-rialtais, faoi mar a bhí roimhe seo.

Daonlathas a neartú

Déantar an méid seo a leanas sa chonradh:

  • dearbhaítear na 3 bhunphrionsabal um chomhionannas daonlathach*, daonlathas ionadaíoch* agus daonlathas rannpháirtíoch*;
  • tugtar isteach leis an tionscnamh ó na saoránaigh atá ar cheann de mhór-nuálaíochtaí Chonradh Liospóin faoinár féidir le líon nach lú ná aon mhilliún saoránach (faoi choinníoll áirithe) a iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur isteach (Airteagal 11 CAE);
  • déantar ceangailteach ó thaobh dlí leis an Chairt um Chearta Bunúsacha agus tugtar an luach dlíthiúil céanna agus atá ag na conarthaí di (Airteagal 6 CAE);
  • tugtar cead cainte níos mó leis do pharlaimintí náisiúnta i gcinnteoireacht AE (Airteagal 12 CAE);
  • is é an gnáthnós imeachta reachtach (comhchinneadh roimhe seo) an nós imeachta réamhshocraithe anois i gcás go bhfuil Parlaimint na hEorpa ar bhonn cothrom leis an gComhairle mar chomhreachtóir (Airteagal 294 CFAE);
  • tugtar isteach leis an t-idirdhealú idir gníomhartha reachtacha agus gníomhartha neamhreachtacha ag brath ar a bpróiseas cinnteoireachta (Airteagal 297 CFAE);
  • tugtar isteach leis gníomhartha tarmligthe (Airteagal 290 CFAE) agus gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291 CFAE). Le hAirteagal 290 tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha neamhreachtacha de chur i bhfeidhm ginearálta a ghlacadh chun gníomh reachtach (ach ní ar ghnéithe bunúsacha) a comhlánú. Le hAirteagal 291 soláthraítear creat do ghníomh an Choimisiúin in iar-réimsí coisteolaíochta.

AE a fhágáil

Déantar foráil sa chonradh i leith nós imeachta foirmiúil céaduaire más mian le tír AE tarraingt as AE (Airteagal 50 CAE — féach an achoimre ar Airteagal 50 caibidlíocht leis an Ríocht Aonaithe).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Síníodh é an 13 Nollaig 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

CÚLRA

Tá Conradh Liospóin spreagtha den chuid is mó leis an gConradh lena mbunaítear Bunreacht don Eoraip. Bhí sé beartaithe leis an mbunreacht téacs aonair a chur in ionad chonarthaí bunaidh AE. Síníodh é sa Róimh an 29 Deireadh Fómhair 2004. Lena chur i bhfeidhm, b’éigean don 27 mBallstát an AE (an tráth sin) ar fad an bhunreacht a dhaingniú (daingnithe ag 17 díobh). Diúltaíodh é, áfach, le reifrinn náisiúnta sa Fhrainc agus san Ísiltír in 2005.

I gcodarsnacht leis sin, leasaítear na conarthaí sin le Conradh Liospóin, díreach mar a rinneadh le conarthaí Amstardam agus Nice. Cuimsítear ann tromlach na leasuithe institiúideacha agus beartais a bhí beartaithe leis an gconradh bunreachtúil.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhionannas daonlathach: ní mór do AE cloí le prionsabal chomhionannas a shaoránach, agus gheobhaidh siad cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí (Airteagal 9 CFAE).
Daonlathas ionadaíoch: Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht dhíreach ar son shaoránaigh AE ar leibhéal AE.
Daonlathais rannpháirtíochta: Tá an ceart ag saoránaigh AE páirt a ghlacadh i gcinntí AE agus idirghníomhú le hinstitiúidí AE, mar shampla, trí idirphlé trí bhíthin eagraíochtaí na sochaí sóisialta ina bhfuil siad ina mbaill.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh Liospóin lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, arna síniú ag Liospóin an 13 Nollaig 2007 (IO C 306, 17.12.2007, lgh. 1-271)

Nuashonraithe 15.12.2017

Top