EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nósanna imeachta reachtacha

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 289 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH?

Déantar athchóiriú leis ar phróiseas cinnteoireachta AE roimhe seo, ar an gcaoi seo treisíonn sé ar a chumas chun cinntí a ghlacadh agus gníomh a dhéanamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) le dhá chineál nós imeachta reachtacha:

Gnáthnós imeachta reachtach

  • Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, is comhreachtóir é Parlaimint na hEorpa leis an gComhairle. Tugadh isteach den chéad uair é faoi Chonradh Maastricht, nuair a tugadh nós imeachta na comhchinnteoireachta air, tá an nós imeachta seo anois ar an modh cinnteoireachta is coitianta a úsáidtear in AE. Athraíonn an CFAE a ainm agus leathnaíonn sé é chun réimsí beartais mar seo a leanas a chumhdach:
  • Déantar mionchur síos ar an ngnáthnós imeachta in Airteagal 294 CFAE. Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle reachtú ar comhchéim lena chéile. Glacann an dá institiúid le gníomhartha reachtaíochta ar an gcéad léamh nó ar an dara léamh. Mura dtagann an dá institiúid ar chomhaontú fós tar éis an dara léamh, déantar Coiste Idir-réitigh a thionól.
  • Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, glacann tromlach cáilithe, le cinntí agus is córas é seo a chinntíonn:
    • go ndéantar cinneadh nuair a bhíonn tromlach thíortha AE ann (55 % sa chuid is mó de na cásanna, ach 72 % i roinnt cásanna); agus
    • go ndéanann na tíortha seo ionadaíocht ar son 65 % ar a laghad de dhaonra AE.
  • Tugann an CFAE isteach “clásail “passerelle” freisin”. Cabhraíonn na clásail seo leis an ngnáthnós reachtach a úsáid i réimsí eile atá laistigh dá raon feidhme go hiondúil, faoi choinníollach áirithe.

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

Is ar bhonn eisceachtúil atá na nósanna imeachta reachtacha speisialta ón ngnáthnós imeachta, mar atá le tuiscint ón ainm féin. Baintear úsáid astu sin i réimsí áirithe beartais atá níos íogaire. Murab ionann is an cás a bhaineann le gnáthnós imeachta reachtach, ní thugtar cur síos beacht in CFAE ar nósanna imeachta reachtacha speisialta. Mar sin de sainmhínítear na rialacha dóibh sin ar bhonn gach cáis ar leithligh bunaithe ar airteagail an chonartha ina leagtar amach coinníollacha a gcur chun feidhme.

Faoi nósanna reachtacha urghnácha, is í an Chomhairle, i ngníomh, an t-aon reachtóir amháin. Leis an nós imeachta amháin a bhaineann an Pharlaimint. Dá bhrí sin, tá a ról teoranta do chomhairliúchán (amhail mar atá faoi Airteagal 89 CFAE a bhaineann le hoibríochtaí póilíní trasteorann) nó toiliú (amhail mar atá faoi Airteagal 86 CFAE a bhaineann le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí) ag brath ar an gcás.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé: Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I: Forálacha institiúideacha — Caibidil 2: Gníomhartha reachtacha an Aontais, nósanna imeachta maidir le glacadh le gníomhartha agus forálacha eile — Alt 1: Gníomhartha reachtacha an Aontais (Airteagal 289) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 172)

Nuashonraithe 11.10.2017

Top