EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0597

Rialachán (AE) Uimh. 597/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh

OJ L 173, 12.6.2014, p. 62–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 13/08/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R1241

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/597/oj

12.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

62


RIALACHÁN (AE) Uimh. 597/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle (3) tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is iomchuí na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 in oiriúint go héifeachtúil do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le sonraíochtaí teicniúla agus le coinníollacha teicniúla i dtaca le tréithe comharthaíochta agus tréithe cur chun feidhme na húsáide gléasanna fuaimiúla bactha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(3)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 lena leagtar síos rialacha maidir leis an nós imeachta agus leis an bhformáid le haghaidh tuairiscithe ag na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

I bhfianaise an cheanglais atá ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun córas dianchosanta a bhunú le haghaidh orc i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004, agus i bhfianaise easnaimh an Rialacháin sin a shainaithin an Coimisiún, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2015, ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht fhorálacha an Rialacháin sin maidir le hoirc a chosaint. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún, más iomchuí, togra reachtach uileghabhálach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn cosaint éifeachtach orc a áirithiú, lena n-áirítear trí phróiseas an réigiúnaithe.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

“1.   Déanfaidh gléasanna fuaimiúla bactha a úsáidtear i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(1) na sonraíochtaí teicniúla agus na coinníollacha úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chomhlíonadh. D’fhonn a áirithiú go leanfaidh Iarscríbhinn II le staid an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil a léiriú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 8a, lena dtabharfar na tréithe comharthaíochta agus na tréithe cur chun feidhme comhfhreagracha atá ann cothrom le dáta. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún foráil do dhóthain ama chun oiriúnuithe den sórt sin a chur chun feidhme.”.

(2)

in Airteagal 7, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus déanfaidh sé, más iomchuí, togra reachtach uileghabhálach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn cosaint éifeachtach orc a áirithiú.”.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir leis an nós imeachta agus leis an bhformáid le haghaidh an tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).”.

(4)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón 2 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 8b

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um iascach agus dhobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22)."

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 85.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 3 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


Top