EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0283

Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 86, 21.3.2014, p. 14–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/283/oj

21.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


RIALACHÁN (AE) Uimh. 283/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bonneagar idirlíonbhunaithe a bhíonn sna seirbhísí agus gréasáin teileachumarsáide níos minice anois ná riamh, agus bíonn dlúthbhaint ag líonraí leathanbhanda le seirbhísí digiteacha. Is é an t-idirlíon an t-ardán ceannasach anois níos mó ná riamh le haghaidh cumarsáide, seirbhísí, oideachais, rannpháirtíochta sa saol sóisialta agus polaitiúil, agus le haghaidh ábhar cultúrtha agus gnó. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach maidir leis an bhfás sóisialta agus eacnamaíoch, leis an iomaíochas, leis an gcuimsitheacht shóisialta agus leis an margadh inmheánach, go mbeadh rochtain ar idirlíon, forleathan, ardluais, slán agus seirbhísí digiteacha ar mhaithe le leas an phobail ar fáil go tras-Eorpach.

(2)

An 17 Meitheamh 2010, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2010 maidir le Clár Oibre Digiteach don Eoraip, arb é is aidhm dó plean a ullmhú chun a oiread leasa agus is féidir a bhaint as poitéinseal eacnamaíoch agus sóisialta na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Féachann sé le spreagadh a thabhairt do sholáthar agus éileamh bonneagar ardluais idirlín atá iomaíoch agus seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar an idirlíon, d'fhonn gluaiseacht i dtreo Fíormhargadh Digiteach Aonair, rud is riachtanach don fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

(3)

Is le Rialachán (AE) Uimh. 131/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chinntear na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta le go dtabharfar cúnamh airgeadais de chuid an Aontais do ghréasáin thras-Eorpacha in earnálacha na mbonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh. Ós rud é go bhfuil dúshláin chomhchosúla agus deiseanna comhchosúla sna hearnálacha a chuimsítear leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), tá deis shuntasach ann leas a bhaint as sineirgí, lena n-áirítear trí chistiúchán SCE a chomhcheangal le foinsí eile cistiúcháin.

(4)

Is ann cheana féin do roinnt mhaith seirbhísí digiteacha trasteorann trína ndéantar malartuithe idir riaracháin phoiblí Eorpacha a chur i ngníomh mar thaca le beartais an Aontais. Agus réitigh nua á gcur ar fáil, tá sé tábhachtach leas a bhaint as réitigh atá ann cheana agus a cuireadh i ngníomh i gcomhthéacs tionscnamh eile Eorpach, dúbláil ar an obair a sheachaint agus comhordú agus ailíniú cineálacha cur chuige agus réiteach a áirithiú thar thionscnaimh agus beartais, amhail mar shampla clár ISA arna bhunú le Cinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), clár Fiscalis arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Fís 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ar an gcuma chéanna, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh na réitigh na caighdeáin idirnáisiúnta agus/nó Eorpacha arna gcomhaontú nó na sonraíochtaí oscailte don idir-inoibritheacht, go háirithe iad siúd arna sainaithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus sonraíochtaí agus treoshuímh ábhartha eile a comhaontaíodh, amhail an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta do sheirbhísí poiblí Eorpacha (EIF).

(5)

Bainfidh forbairt na líonraí leathanbhanda ardluais tairbhe as na caighdeáin theicniúla Eorpacha. Tá gá le cláir taighde agus forbartha de chuid an Aontais mar aon le níos mó faireacháin ar nósanna imeachta maidir le caighdeánú, más rud é go bhfuil ról lárnach le himirt ag an Aontas i dtionscal na teileachumarsáide.

(6)

Trí bhíthin tionscadal píolótach mórscála idir na Ballstáit arna gcómhaoiniú ag an gClár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (9), amhail PEPPOL, STORK, epSOS, eCODEX nó SPOCS, deimhníodh seirbhísí trasteorann bunriachtanacha sa mhargadh inmheánach, ar seirbhísí iad atá bunaithe ar chomhbhloic thógála agus atáthar á gcomhdhlúthú le tionscadal eSENS. Tá an leibhéal aibíochta is gá bainte amach ag na tionscadail phíolótacha sin cheana féin, nó ní fada go mbeidh, lena n-imlonnú. Tá an breisluach follasach a leanann gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach, amhail i réimsí na hoidhreachta cultúrtha (Europeana), na cosanta leanaí (Idirlíon Níos Sábháilte), na slándála sóisialta (EESSI) léirithe cheana féin ag tionscadail leasa choitinn atá ann cheana, agus moladh tionscadail eile amhail i réimse chosaint na dtomhaltóirí (ODR).

(7)

Maidir le bonneagair na seirbhíse digití, ba cheart tús áite a bheith ag bloic thógála thar bhonneagair eile de chuid na seirbhíse digití, ós rud é nach féidir na bonneagair eile sin a sholáthar d'uireasa na mbloc tógála. Ba cheart go ndéanfadh bonneagair na seirbhíse digití, inter alia, breisluach Eorpach a chruthú agus fíor-riachtanais chomhlíonadh. Ba cheart iad a bheith aibí a ndóthain lena n-imlonnú, go teicniúil agus go hoibríochtúil, agus é sin a bheith léirithe go háirithe trí phíolótú rathúil. Ba cheart iad a bheith bunaithe ar phlean nithiúil inbhuanaitheachta d'fhonn oibriú meántéarmach go fadtéarmach na n-ardán croísheirbhíse a áirithiú lasmuigh de SCE. Dá bhrí sin, ba cheart cúnamh airgeadais a thugtar faoin Rialachán seo a chéimniú amach thar am, aon uair is féidir, agus cistiúchán ó fhoinsí eile seachas SCE a úsáid, i gcás inarb iomchuí.

(8)

Tá sé tábhachtach go gcisteofar bonneagair na seirbhíse digití atá riachtanach chun oibleagáidí dlí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus/nó bonneagair na seirbhíse digití a fhorbraíonn nó a chuireann bloic thógála ar fáil, agus a bhféadfadh mórthionchar a bheith acu ar fhorbairt seirbhísí poiblí uile-Eorpacha, ionas go dtacófar le bonneagair iolracha na seirbhíse digití agus, thar am, éiceachóras idir-inoibritheachta Eorpach a thógáil de réir a chéile. Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn oibleagáidí dlí forálacha sonracha a cheanglaíonn forbairt nó úsáid bhonneagair na seirbhíse digití, nó a cheanglaíonn torthaí nach féidir a bhaint amach ach le bonneagair Eorpacha na seirbhíse digití.

(9)

Mar bhonneagar na seirbhíse digití atá seanbhunaithe, ba cheart tús áite a thabhairt do Europeana agus don Idirlíon Níos Sábháilte do Leanaí ó thaobh cistiúcháin de. Ba cheart, go háirithe, an leanúnachas i gcistiúchán Aontais ó chláir eile de chuid an Aontais chuig SCE a áirithiú sna blianta tosaigh den chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10), d'fhonn go bhféadfar seirbhís gan bhriseadh agus rathúil a sheachadadh ar an leibhéal céanna dá bhforáiltear faoin scéim cistiúcháin atá anois ann. An 10 Bealtaine 2012, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí a bhí sé go n-áiritheofaí inmharthanacht fhadtéarmach Europeana, lena n-áirítear i dtéarmaí rialachais agus cistiúcháin (11).

(10)

Ba cheart timpeallacht ar líne a áirithiú a bheidh slán, uilechuimsitheach agus dearfach do leanaí agus do dhaoine óga. Mar bheart fíorthábhachtach chun cearta leanaí a chosaint agus a chur chun cinn sa timpeallacht ar líne, ba cheart feidhmiú an Chláir um Idirlíon Níos Sábháilte a áirithiú tar éis 2014. Tríd an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart tacaíocht airgeadais a thabhairt do chur chun feidhme na Straitéise Eorpaí le haghaidh Idirlín Níos Fearr do Leanaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, go háirithe i ndáil le hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte (IINSanna) sna Ballstáit. Is buneilimint agus réamhriachtanas iad gníomhaíochtaí de chuid IINSanna le go mbeidh rath ar an straitéis sin, lena n-áirítear nóid feasachta agus gníomhaíochtaí eile chun feasacht a mhúscailt, línte cabhracha do leanaí, tuismitheoirí agus cúramóirí maidir leis na modhanna is fearr inar féidir le leanaí an tIdirlíon a úsáid, mar aon le beolínte chun ábhar maidir le drochúsáid ghnéasach leanaí ar an Idirlíon a thuairisciú.

(11)

Tá gníomh reachtach todhchaíoch de chuid an Aontais maidir le sainaithint leictreonach agus seirbhísí iontaobhais le haghaidh idirbhearta leictreonacha sa mhargadh inmheánach chun na riachtanais mhionsonraithe agus na coinníollacha mionsonraithe i gcomhair aitheantas frithpháirteach na bpríomhéascaitheoirí, dá ngairtear anseo feasta na bloic thógála de chuid bhonneagair na seirbhíse digití, a chinneadh. Cuimseofar leis an ngníomh sin roinnt de na bloic thógála is tábhachtaí, mar shampla sainaithint leictreonach agus an síniú leictreonach mar chuid de na tionscadail leasa choitinn a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(12)

Bonneagair na seirbhíse digití arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 922/2009/CE, éascóidh siad idirghníomhú leictreonach trasteorann agus trasearnálach idir riaracháin phoiblí Eorpacha. Fágfaidh sé sin, ar a uain, go bhféadfar seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar, inter alia, i réimsí amhail sainaithint agus fíordheimhniú agus soláthar leictreonach, in idirnascadh trasteorann clár gnó, seirbhísí sláinte trasteorann leictreonacha idir-inoibritheacha, mar aon le comhar trasteorann i leith na cibearshlándála, rud a rannchuideoidh leis an Margadh Aonair Digiteach ar an dóigh sin. Déanfar idirghníomhú den sórt sin idir riaracháin a bhaint amach trí ardáin chroísheirbhíse idir-inoibritheacha a chruthú agus/nó a fheabhsú, agus iad tógtha ar na comhbhloic thógala atá ann cheana agus/nó trí bhloic thógála bhreise a sholáthar, ar bloic iad atá riachtanach chun ardáin chroísheirbhíse eile a fhorbairt, agus trí sheirbhísí cineálacha gaolmhara a nascann bonneagair náisiúnta le hardáin croísheirbhíse chun seirbhísí digiteacha trasteorann a sholáthar.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh le bheith páirteach ar dhóigh iomlán agus éifeachtach i rialachas bhonneagair na seirbhíse digití, agus a áirithiú go gcuirfear moltaí de chuid EIF san áireamh i dtionscadail leasa choitinn a bhaineann le ríomhsheirbhísí an Rialtais thar theorainneacha a sheachadadh.

(14)

Ina Rún an 6 Iúil 2011 maidir le Leathanbhanda Eorpach: infheistíocht san fhás digiteach (12), chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht go bhfuil seirbhísí leathanbhanda fíor-riachtanach maidir le hiomaíochas thionscal an Aontais agus go gcuireann na seirbhísí sin go mór leis an bhfás eacnamaíoch, leis an gcomhtháthú sóisialta agus le cruthú fostaíochta ar ardchaighdeán san Aontas. Más áil leis an Aontas a bheith ina cheann feadhna maidir le nuálaíocht, eolas agus seirbhísí, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht úrscothach a bheidh slán i bhfad na haimsire.

(15)

Bheadh margadh Eorpach agus breis is 500 milliún duine a tá cónasctha acu le leathanbhanda ardluais i dtús cadhnaíochta le haghaidh an margadh inmheánach a fhorbairt, lena gcruthófaí uathmhais chriticiúil dhomhanda d'úsáideoirí, lena nochtfaí deiseanna nua do gach réigiún agus luach breise á thabhairt do gach úsáideoir, agus an tAontas á chumasú freisin lena bheith ina gheilleagar ceannródaíoch ar an leibhéal domhanda agus eolasbhunaithe. Tá sé ríthábhachtach líonraí leathanbhanda ardluais a imlonnú go gasta chun táirgiúlacht an Aontais a fhorbairt agus chun go dtiocfadh fiontair nua agus bheaga chun cinn, ar fiontair iad a fhéadfaidh a bheith ina gceannródaithe in earnálacha éagsúla, amhail cúram sláinte, monaraíocht agus na tionscadail seirbhíse.

(16)

Leis na deiseanna nua sa bhonneagar a chomhcheangal le seirbhísí nua, nuálacha agus idir-inoibritheacha, ba cheart go gcuirfí 'fáinne óir' ag gluaiseacht trí éileamh méadaitheach ar leathanbhanda ardluais a spreagadh, éileamh ar mhaith an mhaise é freagairt a thabhairt ina leith ó thaobh tráchtála de.

(17)

Leagtar amach sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip gur cheart, faoi 2020, go mbeadh rochtain ag gach Eorpach ar luasanna idirlín os cionn 30 Mbps agus gur cheart, faoi 2020, go suibscríobhfadh 50 % nó níos mó de na teaghlaigh Eorpacha le naisc idirlín os cionn luas 100 Mbps.

(18)

I bhfianaise na forbartha gasta atá á déanamh ar sheirbhísí digiteacha agus ar fheidhmchláir a éilíonn naisc idirlín níos tapúla ná riamh agus na forbartha gasta ar theicneolaíochtaí úrscothacha chun é sin a thabhairt i gcrích, is iomchuí faoi chuimsiú meastóireachta ar an gClár Oibre Digiteach don Eoraip féachaint ar spriocanna leathanbhanda le haghaidh 2020 a athbhreithniú chun a áirithiú go mbeidh luasanna iomaíocha leathanbhanda ag an Aontas nuair a chuirfear iad i gcomparáid leis na geilleagair eile ar domhan.

(19)

Ba cheart, i gcuid de na tionscadail leathanbhanda, uaillmhianta níos mó a léiriú, a dhíreodh ar luasanna níos airde agus a bheadh, ar an gcaoi sin, mar thionscadail phíolótacha le haghaidh idirnascthachta níos tapúla agus mar shamhlacha a fhéadfaí a mhacasamhlú.

(20)

Ina rún an 12 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gClár Oibre Digiteach don Fhás, don tSoghluaiseacht agus don Fhostaíocht, am giar a ardú, d'áitigh Parlaimint na hEorpa go bhfuil sprioc réamhbhreathnaitheach athbhreithnithe an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip don bhliain 2020 chun gach teaghlach de chuid an Aontais a nascadh le naisc leathanbhanda a dhéanfaidh 100 Mbps sa soicind a sheachadadh, le 50 % de theaghlaigh suibscríofa le 1 Gbps nó níos mó.

(21)

Ba cheart an príomhról a bheith ag an earnáil phríobháideach in imlonnú agus i nuachóiriú líonraí leathanbhanda, agus creat rialála iomaíoch atá fabhrach don infheistíocht a bheith ag tacú leis sin. I gcás easpa infheistíocht phríobháideach a bheith ann, ba cheart do na Ballstáit an méid is gá a dhéanamh chun spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach. Maidir le cúnamh airgeadais poiblí a thabhairt ar son an leathanbhanda, ba cheart é a theorannú do chláir nó tionscnaimh atá dírithe ar thionscadail nach féidir leis an earnáil phríobháideach féin iad a mhaoiniú go hiomlán, rud a dhearbhaítear le measúnú ex-ante ina léirítear teipeanna nó cásanna infheistíochta fo-optamaí sa mhargadh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13)

(22)

Níl ionstraimí airgeadais do líonraí leathanbhanda chun saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíocht, chun infheistíochtaí príobháideacha a phlódú nó chun dídhreasachtaí a chruthú d'oibritheoirí príobháideacha infheistíocht a dhéanamh. Go háirithe, tá siad le hAirteagal 101, Airteagal 102, Airteagal 106 agus Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chomhlíonadh mar aon le Treorlínte an AE maidir le cur i bhfeidhm na rialacha Státchabhrach i dtaca le himlonnú ghasta líonraí leathanbhanda, más ábhartha.

(23)

Tá cistiúchán poiblí do líonraí leathanbhanda le caitheamh ar bhonneagair a chomhlíonann an dlí is infheidhme agus air sin amháin, go háirithe dlí na hiomaíochta, agus le hoibleagáidí rochtana i gcomhréir le Treoir 202/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(24)

Ós rud é go bhfuil na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi SCE teoranta, ba cheart cúnamh airgeadais a bheith dírithe ar bhunú sásraí maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais chun infheistíochtaí breise a mhealladh, chun éifeacht iolraitheora a chur chun cinn, agus ar an dóigh sin úsáid éifeachtach cistí príobháideacha agus cistí poiblí eile le haghaidh infheistíochta a éascú. Fágann an cur chuige seo gur féidir le lucht gnó agus institiúidí ranníocaíochtaí a dhéanamh atá i bhfad níos mó ná an leibhéal cistiúcháin atá incháilithe go díreach trí SCE.

(25)

I bhfianaise na n-acmhainní airgeadais teoranta faoi SCE agus d'fhonn cistiúchán iomchuí a áirithiú do bhonneagair na seirbhíse digití, níor cheart go rachadh an leithdháileadh buiséadach iomlán don leathanbhanda thar an íosmhéid is gá chun idirghabháil cost-éifeachtúil a bhunú, ar méid é ba cheart a chinneadh trí mheasúnú ex-ante a chuirfeadh san áireamh, inter alia, an cineál ionstraimí airgeadais beartaithe, an éifeacht luamhánaithe ionchasach ar an bpunann tionscadal éifeachtúil íosta agus na coinníollacha margaidh.

(26)

Ba cheart an tacaíocht a thugtar faoi SCE ar mhaithe le himlonnú an leathanbhanda a bheith ina chomhlánú ar chúnamh a thugtar faoi thionscadail agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) san áireamh, i gcásanna ina léiríonn measúnú ex-ante gurb ann do theipeanna margaidh nó do chásanna infheistíochta fo-optamaí agus inar chinn údaráis bhainistíochta amhlaidh. Cúnamh airgeadais a thugtar faoi SCE ar mhaithe le himlonnú leathanbhanda, ba cheart go gcuideodh sí le cuid iarrachtaí na mBallstát go díreach agus trí ranníocaíochtaí deonacha, imfhálaithe ó fhoinsí eile a mhealladh, Cistí SIE san áireamh, agus ar an dóigh sin ligean do na Ballstáit leas a bhaint as saineolas agus éifeachtaí scála na saoráidí a bhainistíonn an tAontas d'fhonn éifeachtúlacht caiteachais phoiblí a mhéadú.

(27)

D'fhonn an luach is fearr ar airgead a áirithiú agus ag féachaint do na hacmhainní teoranta, ba cheart go mbeadh cistiúchán SCE ar fáil do thionscadail a bhraitheann ar an teicneolaíocht is oiriúnaí don tionscadal ar leith, a chuideoidh chun samhlacha gnó nuálacha a spreagadh agus a thaispeánfaidh ardacmhainn mhacasamhlaithe. I gcás go ndéanfar tionscadail a chistiú trí ranníocaíochtaí deonacha faoi SCE, amhail Cistí SIE nó trí chistiúchán náisiúnta nó réigiúnach, ba cheart go mbeadh critéir incháilitheachta níos solúbtha agus go gcuirfeadh siad san áireamh cásanna agus coinníollacha sonracha sna réimsí atá cistiúchán den sórt sin beartaithe lena n-aghaidh.

(28)

Féadfaidh an tAontas tacú le himlonnú líonraí leathanbhanda a chuidíonn spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach i ngach sórt limistéir. Is cuspóirí tábhachtacha don Chlár Oibre Digiteach don Eoraip iad an bearna digiteach a laghdú agus an cuimsiú digiteach a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart go ndíreoidh gníomhaíochtaí uile an Aontais ar shainriachtanais réigiún bruachbhailteach, réigiún tuaithe, réigiún faoi líon beag daoine agus réigiún tearcfhorbartha go háirithe, ar réigiúin iad nach mór freastal orthu le hidirnaisc. Áirítear sa mhéid sin imlonnú líonraí leathanbhanda chun oileáin, réigiúin thalamhiata, réigiúin shléibhtiúla, réigiúin iargúlta agus imeallacha, agus Ballstáit ar oileáin iad, a nascadh le réigiúin láir an Aontais agus/nó gníomhaíochtaí atá ceaptha feabhas a chur ar iontaofacht nó feidhmiú nasc idir na réigiúin sin agus réigiúin láir an Aontais.

(29)

D'fhonn an Margadh Aonair Digiteach a chomhlánú, ba cheart comhoiriúnacht idir SCE agus gníomhaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha leathanbhanda a spreagadh.

(30)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foirmeacha an chúnaimh airgeadais a ailíniú le saintréithe na ngníomhaíochtaí i gceist. Dá bhrí sin, i réimse bhonneagair na seirbhíse digití, ba cheart tús áite ó thaobh cistiúcháin de a thabhairt d'ardáin chroísheirbhíse nach féidir a chistiú le foinsí eile i bhfoirm soláthair, nó, ar bhonn eisceachtúil, i bhfoirm deontas, ach níor cheart ach cúnamh srianta airgeadais ó SCE a thabhairt do sheirbhísí cineálacha. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag cúnamh airgeadais ó SCE cistí an Aontais a úsáid go héifeachtúil agus, dá bhrí sin, ba cheart ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le líonraí leathanbhanda, arae is airde an éifeacht luamhánaithe atá acu ná atá ag deontais.

(31)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag idirghabháil a dhéanfar faoin Rialachán seo sineirgí agus idir-inoibritheacht a bhaint amach idir na tionscadail leasa choitinn éagsúla a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn, mar aon le sineirgí agus idir-inoibritheacht le bonneagair eile, lena n-áirítear bonneagair iompair agus fuinnimh a dtacaíonn SCE leo, bonneagair ábhartha thaighde a fhaigheann tacaíocht, inter alia, ó Fhís 2020 agus bonneagair ábhartha a dtacaíonn Cistí SIE leo, agus san am céanna dúbláil ar an obair agus ualaí míchuí riaracháin a sheachaint.

(32)

Ba cheart gníomhaíochtaí cothrománacha a bheith ina gcomhlánú ar an gcúnamh airgeadais a thugtar do thionscadail leasa choitinn, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, comhordú agus bearta um spreagadh éilimh, gníomhaíochtaí ar cheart a bheith d'aidhm acu an tionchar atá ag idirghabháil an Aontais a uasmhéadú.

(33)

Agus cistí á ngealladh chun idirghabháil a dhéanamh i líonraí leathanbhanda, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar thorthaí na meastóireachtaí ar ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana.

(34)

Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Grúpa Saineolaithe a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe de chuid na mBallstát go léir agus ba cheart dul i gcomhairle leis an ngrúpa sin agus go rannchuideodh sé, inter alia, le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le pleanáil a dhéanamh, le meastóireacht a dhéanamh agus le déileáil le fadhbanna cur chun feidhme.

(35)

Ba cheart don Ghrúpa Saineolaithe comhoibriú leis na heintitis sin a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo, amhail údaráis áitiúila agus réigiúnacha, soláthraithe rochtana ar an idirlíon, riarthóirí líonraí poiblí agus monaróirí comhpháirteanna mar aon le húdaráis rialála náisiúnta agus Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15)..

(36)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, bunaítear Coiste Comhordúcháin SCE, atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) freisin. Le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, bronntar freisin na cumhachtaí ar an gCoimisiún cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin, lena n-áirítear in earnáil na teileachumarsáide, agus an earnáil sin faoi réir an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach soiléiriú i dtaca leis seo go ndéanfaidh saineolaithe in earnáil an bhonneagair teileachumarsáide ionadaíocht ar son na mBallstát, agus saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo á bplé, go háirithe dréachtchláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, ar Choiste Comhordúcháin SCE.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe na gréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide a fhorbairt ar bhealach comhordaithe, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr chineál trasteorann na mbonneagar dá dtugtar tacaíocht, agus éifeachtaí ar chríoch iomlán an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)

Chun tacú le tionscadail leasa choitinn in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh, déantar le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta a shocrú chun cúnamh airgeadais de chuid an Aontais a chur ar fáil do ghréasáin thras-Eorpacha. Bunaítear leis freisin miondealú na n-acmhainní atá le bheith ar fáil faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 i ngach ceann de na trí earnáil. Tá Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 infheidhme ón 1 Eanáir 2014. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le cur i bhfeidhm Rialachán(AE) Uimh. 1316/2013 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014.

(39)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 1336/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos treoirlínte maidir le himlonnú tráthúil agus idir-inoibritheacht tionscadal leasa choitinn i réimse na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide.

2.   Go háirithe, foráiltear leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo:

(a)

cuspóirí agus tosaíochtaí oibríochtúla tionscadal leasa choitinn,

(b)

tionscadail leasa choitinn a shainaithint;

(c)

na critéir ar dá réir a bheidh gníomhaíochtaí a chuirfidh le tionscadail leasa choitinn incháilithe do chúnamh airgeadais de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ina bhforbairt, a gcur chun feidhme, a n-imlonnú, a n-idirnascadh agus a n-idir-inoibritheacht;

(d)

tosaíochtaí le haghaidh cistiúcháin do thionscadail leasa choitinn.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimh. 1316/2013.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn "bonneagar teileachumarsáide" líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití;

(b)

ciallaíonn "bonneagair na seirbhíse digití" bonneagair lenar féidir seirbhísí líonraithe a sheachadadh go leictreonach, tríd an idirlíon de ghnáth, lena soláthraítear seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpacha leasa choitinn do shaoránaigh, gnólachtaí agus/nóúdaráis phoiblí, agus atá comhdhéanta d'ardáin chroísheirbhíse agus de sheirbhísí cineálacha;

(c)

ciallaíonn "bloic thógála" bonneagair bhunúsacha na seirbhíse digití, gur príomh-áisitheoirí iad as a mbainfear úsáid arís i mbonneagair na seirbhíse digití níos casta;

(d)

ciallaíonn "ardáin chroísheirbhíse" moil lárnacha bhonneagair na seirbhíse digití arb é is aidhm leo idirnascthacht thras-Eorpach, rochtain agus idir-inoibritheacht a áirithiú agus ar ardáin chroísheirbhíse iad atá ar oscailt do na Ballstáit agus a fhéadfaidh bheith ar oscailt d'eintitis eile freisin;

(e)

ciallaíonn "seirbhísí cineálacha" seirbhísí tairseacha a nascann bonneagar náisiúnta amháin nó níos mó le hardán croísheirbhíse nó le hardáin chroísheirbhíse.

(f)

ciallaíonn "líonraí leathanbhanda" líonraí rochtana sreangaithe agus gan sreang, bonneagar coimhdeach agus croíghréasáin atá in ann nascacht thar a bheith tapa a sheachadadh;

(g)

ciallaíonn "gníomhaíochtaí cothrománacha" staidéir agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir mar a shainítear i bpointe (6) agus i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, faoi seach.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Rannchuideoidh na tionscadail leasa choitinn leis na cuspóirí ginearálta a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a bhaint amach.

2.   Anuas ar na cuspóirí ginearálta, déanfaidh na tionscadail leasa choitinn ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:

(a)

borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus tacaíocht a thabhairt an margadh inmheánach a chur i gcrích agus a fheidhmiú ar mhaithe le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide (FBManna).

(b)

feabhas a chur ar shaol laethúil na saoránach, na ngnólachtaí agus na n-údarás poiblí ar gach leibhéal trí líonraí leathanbhanda a chur chun cinn, mar aon le hidirnascthacht agus le hidir-inoibritheacht na líonraí leathanbhanda náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus trí rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí den sórt sin agus an cuimsiú digiteach a chur chun cinn.

3.   Trí bhíthin na dtosaíochtaí oibríochtúla seo a leanas cuideofar na spriocanna dá dtagraítear i mír (1) agus i mír (2) a bhaint amach:

(a)

idir-inoibritheacht, idirnascthacht, imlonnú inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagair thras-Eorpacha na seirbhíse digití, mar aon le comhordú ar an leibhéal Eorpach;

(b)

sreabhadh éifeachtúil infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí chun imlonnú agus nuachóiriú líonraí leathanbhanda a spreagadh d'fhonn rannchuidiú leis na spriocanna maidir le leathanbhanda atá sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach.

Airteagal 4

Tionscadail leasa choitinn

1.   Le tionscadail leasa choitinn déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

féachfar le hardáin chroísheirbhíse a chruthú agus/nó a fheabhsú, a bheadh idir-inoibritheach agus, aon uair is féidir, comhoiriúnach go hidirnáisiúnta, maille le seirbhísí cineálacha le haghaidh bhonneagair na seirbhísí digití;

(b)

dóigheanna éifeachtúla a chur ar fáil le hinfheistíocht a dhéanamh sna líonraí leathanbhanda, catagóirí nua infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadal a mhealladh, agus in-mhacashamhailteacht tionscnamh agus samhlacha gnó a spreagadh.

2.   Féadfaidh tionscadail leasa choitinn a dtimthriall iomlán a chuimsiú, lena n-áirítear staidéir féidearthachta, cur chun feidhme, feidhmiú agus uasghrádú leanúnach, comhordú agus meastóireacht.

3.   Féadfar gníomhaíochtaí cothrománacha a úsáid chun tacú le tionscadail leasa choitinn.

4.   Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar thionscadail leasa choitinn, agus ar gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leo, san Iarscríbhinn.

Airteagal 5

Modhanna idirghabhála

1.   I réimse bhonneagair na seirbhíse digití, is é an tAontas go príomha a chuirfidh chun feidhme ardáin chroísheirbhíse, ach is iad na páirtithe a bheidh á nascadh leis an ardán croísheirbhíse ábhartha a chuirfidh seirbhísí cineálacha chun feidhme. Is í an earnáil phríobháideach is mó a dhéanfaidh infheistíocht i líonraí leathanbhanda, agus tabharfar tacaíocht di trí chreat rialála iomaíoch atá fabhrach don infheistíocht. Ní thabharfar tacaíocht phoiblí le haghaidh líonraí leathanbhanda ach i gcás teipeanna margaidh nó infheistíocht fho-optamach a bheith ann.

2.   Déanfar na Ballstáit agus eintitis eile atá i gceannas ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn nó a rannchuidíonn lena gcur chun feidhme a spreagadh chun na bearta is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú. Déanfar an cinneadh críochnaitheach maidir le cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a bhaineann le críoch Ballstáit tar éis cheadú an Bhallstáit sin.

3.   Gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn, ar gníomhaíochtaí iad a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, beidh siad incháilithe do chúnamh airgeadais de chuid an Aontais faoi na coinníollacha agus faoi na hionstraimí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Soláthrófar cúnamh airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir na dtosaíochtaí cistithe a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, agus infhaighteacht acmhainní, agus riachtanais sonracha tairbhithe á gcur san áireamh.

4.   Tacófar le gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthar; agus/nó

(b)

deontais.

5.   Tacófar le gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda leis an méid seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais de réir an tsainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, ar féidir ranníocaíochtaí a chur leo ó earnálacha eile de chuid SCE, ionstraimí, cláir agus línte buiséid eile i mbuiséad an Aontais, na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus aon infheisteoirí eile, lena n-áirítear infheisteoirí príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013; agus/nó

(b)

ionstraimí airgeadais agus deontais ó fhoinsí poiblí seachas SCE, bídís ina bhfoinsí poiblí de chuid an Aontais nó ina bhfoinsí náisiúnta, a chomhcheangal.

6.   Tacófar le gníomhaíochtaí cothrománacha leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthar agus/nó

(b)

deontais.

7.   Ní bheidh méid iomlán an bhuiséid a leithdháiltear ar ionstraimí airgeadais le haghaidh líonraí leathanbhanda níos mó ná an t-íosmhéid is gá chun idirghabhálacha cost-éifeachtúla a bhunú a chinnfear ar bhonn measúnuithe ex-ante mar a thagraítear dóibh in Airteagal 14(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

Beidh an méid sin ionann is 15 % den imchlúdach airgeadais d'earnáil na teileachumarsáide dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

8.   Féachfaidh an tríú cuid ar a laghad de na tionscadail leathanbhanda a fhaigheann cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo le luasanna leathanbhanda os cionn 100 Mbps a chur ar fáil.

9   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8(3), féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 3d den Airteagal seo agus cionmhaireacht na dtionscadal dá dtagraítear i mír 3e den Airteagal seo a athbhreithniú, ar thogra ón gCoimisiún,.

10.   I gcás ina gcomhlánaíonn tacaíocht ó SCE tacaíocht ó Chistí SIE agus tacaíocht phoiblí dhíreach eile, féadfar sineirgí idir gníomhaíochtaí de chuid SCE agus tacaíocht ó chistí SIE a neartú trí shásra comhordaithe cuí a úsáid.

Airteagal 6

Critéir incháilitheachta agus tosaíochtaí maidir le cistiúchán

1.   Gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití, ní mór dóibh na coinníollacha uile seo a leanas go léir a chomhlíonadh le bheith incháilithe do chistiúchán:

(a)

bheith aibí a ndóthain lena n-imlonnú, agus é sin a bheith cruthaithe le píolótú rathúil go háirithe, faoi chláir amhail cláir de chuid an Aontais a bhaineann le nuálaíocht agus taighde;

(b)

cur le beartais agus le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a thacaíonn leis an margadh inmheánach;

(c)

breisluach Eorpach a chruthú agus straitéis a leagan amach agus pleanáil le haghaidh inbhuanaitheachta fadtéarmaí, nuair is ábhartha, trí fhoinsí cistiúcháin seachas SCE; agus beidh a cáilíocht siúd le léiriú le measúnú féidearthachta agus costais is tairbhe. Déanfar an straitéis sin a nuashonrú nuair is iomchuí;

(d)

caighdeáin idirnáisiúnta agus/nó Eorpacha a chomhlíonadh, nó sonraíochtaí agus treoshuímh oscailte le haghaidh idir-inoibritheachta a chomhlíonadh, amhail an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta agus leas a bhaint as réitigh atá ann cheana.

2.   Roghnófar gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn ó thaobh bonneagar na seirbhíse digití a bheidh le cistiú faoi SCE, agus socrófar leibhéal an chistithe sin, mar chuid de chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

3.   Bloic thógála atá riachtanach maidir le bonneagair eile de chuid na seirbhíse digití mar a liostaítear i Roinn 1.1 den Iarscríbhinn a fhorbairt, a imlonnú agus a oibriú, agus ar féidir a léiriú gur dealraitheach go n-úsáidfear iad chuige sin, tabharfar barrthosaíocht dóibh ó thaobh cistiúcháin.

4.   Tabharfar an dara tosaíocht do bhonneagair eile na seirbhíse digití atá mar thaca le dlí an Aontais, le beartais an Aontais agus le cláir an Aontais, mar a liostaítear i Roinn 1.2(a) agus i Roinn 1.2(b) den Iarscríbhinn iad agus, más féidir, beidh siad bunaithe ar na bloic thógála atá ann cheana.

5   Beidh tús áite ag an tacaíocht a thabharfar do na hardáin chroísheirbhíse ar sheirbhísí cineálacha.

6.   Ar bhonn na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar critéir bhreise incháilitheachta agus tosaíochta i réimse bhonneagair na seirbhíse digití a shocrú leis an gcur síos ar na tionscadail leasa choitinn agus an buiséad atá ar fáil á chur san áireamh, agus leis na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

7.   Comhlíonfaidh ghníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda na critéir uile seo a leanas le bheith incháilithe do chistiúchán:

(a)

rannchuideoidh siad go suntasach le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach;

(b)

beidh siad aibí a ndóthain a fhad a bhaineann le forbairt tionscadail agus céimeanna ullmhúcháin, agus sásraí cur chun feidhme éifeachtacha a bheith ag tacú leo;

(c)

tabharfaidh siad aghaidh ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí;

(d)

ní bheidh saobhadh ar an margadh nó ní dhéanfar infheistíocht phríobháideach a phlódú mar gheall orthu;

(e)

bainfidh siad leas as teicneolaíocht a mheastar a bheith ar an teicneolaíocht is oiriúnaí le dul i ngleic le riachtanais an limistéir gheografaigh atá i gceist, agus tosca geografacha, sóisialta agus eacnamaíocha á gcur san áireamh bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus de réir na neodrachta teicneolaíche;

(f)

an teicneolaíocht is fearr a oirfeadh do thionscadal sonrach a imlonnú, agus an chothromaíocht is fearr idir teicneolaíochtaí úrscothacha ó thaobh acmhainn sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht líonraí agus éifeachtúlacht ó thaobh costas de á moladh acu;

(g)

ardacmhainn in-mhacasamhlaitheachta a bheith iontu agus/nó a bheith bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha.

8.   Ní bheidh na critéir dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 5 den Airteagal seo ina gceanglas i gcás tionscadal arna gcistiú ó ranníocaíochtaí imfhálaithe breise a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

9.   Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí cothrománacha ceachtar de na critéir seo a leanas le bheith incháilithe do chistiúchán.

(a)

ullmhóidh siad gníomhaíochtaí cur chun feidhme nó tacóidh siad leo ó thaobh iad a imlonnú, a rialú agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn maidir lena gcur chun feidhme;

(b)

cruthóidh siad éileamh nua ar bhonneagair na seirbhíse digití.

Airteagal 7

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an tAontas teagmhálacha a bhunú, faisnéis a phlé agus a mhalartú, agus oibriú i gcomhar le húdaráis phoiblí nó le haon eagraíochtaí eile i dtríú tíortha chun aon chuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. I dteannta cuspóirí eile, déanfar iarracht leis an gcomhar seo an idir-inoibritheacht idir líonraí i réimse an bhonneagair teileachumarsáide san Aontas agus líonraí comhchosúla i dtríú tíortha a chur chun cinn.

2.   Féadfaidh tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), a bheith rannpháirteach san earnáil de SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE.

3.   De mhaolú ar Airteagal 8(3) agus ar Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, féadfaidh Stáit aontacha agus tíortha is iarrthóirí a bhfuil tairbhe á bhaint acu as straitéis réamhaontachais páirt a ghlacadh in earnáil SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide i gcomhréir le comhaontuithe a shínítear leis an Aontas.

4.   Chun críocha rannpháirtíocht thíortha CSTE, measfar gur clár ar leithligh é earnáil SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide.

Airteagal 8

Malartú faisnéise, faireachán agus tuairisciú

1.   Ar bhonn na faisnéise a fuarthas faoin tríú fomhír d'Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, malartóidh Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis agus dea-chleachtas faoin dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás inarb iomchuí, beidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha de chuid na mBallstát rannpháirteach sa phróiseas. Foilseoidh an Coimisiún forbhreathnú bliantúil den fhaisnéis sin agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe, comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát, agus cuideoidh an Grúpa Saineolaithe leis an gCoimisiún. Go háirithe, cuideoidh an Grúpa Saineolaithe leis an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh an Rialachán sin agus é a chur chun feidhme;

(b)

pleananna náisiúnta nó straitéisí náisiúnta a chur san áireamh, más infheidhme;

(c)

bearta a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár oibre ar an leibhéal airgeadais agus teicniúil;

(d)

aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn maidir le tionscadail a chur chun feidhme.

(e)

treoshuímh straitéiseacha a shainiú sula ndréachtófar na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus aird ar leith á tabhairt do ghníomhaíochtaí a chuidíonn le tionscadail leasa choitinn a roghnú agus a aistarraingt agus do bhriseadh síos an bhuiséid a chinneadh, mar aon leis an athbhreithniú ar na cláir oibre sin.

3.   Féadfaidh an Grúpa Saineolaithe breithniú a dhéanamh freisin ar aon saincheist eile a bhaineann le forbairt na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Saineolaithe ar an eolas maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i ndáil leis na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a chur chun feidhme.

5.   Beidh an Grúpa Saineolaithe ag obair i gcomhar le heintitis atá páirteach i bpleanáil, i bhforbairt agus i mbainistiú líonraí agus seirbhísí digiteacha mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile.

Déanfaidh an Coimisiún agus na heintitis eile atá i bhfeighil ar an Rialachán seo a chur chun feidhme, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, aird ar leith a thabhairt ar bharúlacha an Ghrúpa Saineolaithe.

6.   I gcomhar leis an meastóireacht lárthéarma agus leis an meastóireacht ex-post ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 faoi mar a thagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin agus le cúnamh ón nGrúpa Saineolaithe, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   Beidh meastóireacht sa tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar chur chun feidhme agus deacrachtaí a thagann chun cinn mar aon le faisnéis faoi ghealltanais agus faoi íocaíochtaí.

8.   Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin á rá an áirítear fós faoi raon feidhme na dtionscadal leasa choitinn forbairtí agus nuálachtaí teicneolaíocha le cois forbairtí rialála nó forbairtí margaidh agus eacnamaíocha agus ar cheart, i bhfianaise forbairtí den sórt sin agus an ghá le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach, deireadh a chur, i leaba a chéile, le cistiú aon tionscadail leasa choitinn lena dtacaítear, nó foinsí eile a aimsiú lena aghaidh. I gcás tionscadal ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol, beidh anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol sna tuarascálacha seo, agus, más cuí, riachtanais maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus athléimneacht ó thubaistí á gcur san áireamh. Féadfar meastóireacht mar sin a dhéanamh tráth ar bith eile freisin de réir mar a mheastar é a bheith oiriúnach.

9.   Déanfar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas ex-post ar bhonn an méid seo a leanas, inter alia:

(a)

a mhéid atá bonneagair na seirbhíse digití ar fáil, arna mheas le líon na mBallstát atá nasctha le gach bonneagar seirbhíse digití.

(b)

céatadán na saoránach agus na ngnólachtaí atá ag úsáid bhonneagair na seirbhíse digití agus a mhéid atá na seirbhísí sin ar fáil thar theorainneacha.

(c)

méid na n-infheistíochtaí a mealladh i réimsí na líonraí leathanbhanda agus an éifeacht luamhánaithe, le haghaidh tionscadal a chistítear trí ranníocaíochtaí ó fhoinsí poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(5).

Airteagal 9

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 1336/97/CE.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 22 Feabhra 2012 (IO C 143, 22.5.2012, lch. 120) agus Tuairim an 16 Deireadh Fómhair 2013 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 211 agus IO C 356, 5.12.2013, lch. 116.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(5)  Cinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (ISA) (IO L 260, 3.10.2009, lch. 20).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 25).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 104).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(9)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  IO C 169, 15.6.2012, lch. 5.

(12)  IO C 33 E an 5.2.2013, lch 89.

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(14)  Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnascadh a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Cinneadh Uimh. 1336/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le sraith treoirlínte do ghréasáin teileachumarsáide thras-Eorpacha (IO L 183, 11.7.1997, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

TIONSCADAIL LEASA CHOITINN

ROINN 1.   BONNEAGAIR NA SEIRBHÍSE DIGITÍ

Bíonn idirghabhálacha i réimse bhonneagar na seirbhíse digití ag brath ar chur chuige dhá leibhéal: ardáin chroísheirbhíse agus seirbhísí cineálacha. Ní féidir bonneagar seirbhíse digití a bhunú in éagmais an ardáin chroísheirbhíse.

Leis na hardáin chroísheirbhíse tugtar aghaidh ar riachtanais idir-inoibritheachta agus slándála tionscadal leasa choitinn. Tá siad ceaptha chun gur féidir idirghníomhaíochtaí digiteacha a beith ann idir údaráis phoiblí agus saoránaigh, idir údaráis phoiblí agus gnólachtaí agus eagraíochtaí, nó idir údaráis phoiblí Ballstát éagsúil, trí ardáin idirghníomhaíochta chaighdeánaithe trasteorann atá so-úsáidte.

Bíonn tús áite ag bonneagair na seirbhíse digití ar bloic thógála iad ar bhonneagair eile na de chuid na seirbhíse digití, ó nach féidir na seirbhísí eile sin a sholáthar in éagmais bloc tógála. Is iad na seirbhísí cineálacha a fheidhmíonn mar nasc leis na hardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir do na seirbhísí náisiúnta breisluacha na hardáin chroísheirbhíse a úsáid. Feidhmíonn siad mar phasáiste idir seirbhísí náisiúnta agus ardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir le húdaráis phoiblí agus le heagraíochtaí, le gnólachtaí agus/nó le saoránaigh rochtain a fháil ar an ardán croísheirbhíse chun a gcuid idirbheart trasteorann a dhéanamh. Ní mór cáilíocht na seirbhísí agus na tacaíochta do gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann a áirithiú. Ní mór dóibh úsáid ardán croísheirbhíse a thacú agus a spreagadh.

Ní mór díriú ní amháin ar chruthú bhonneagair na seirbhíse digití agus seirbhísí gaolmhara ach ar an rialachas a bhaineann leis na hardáin sin a oibriú freisin.

Ní mór d'ardáin chroísheirbhíse nua a bheith bunaithe go príomha ar ardáin atá ann cheana agus ar a mbloic thógála agus/nó, más féidir é, ní mór dóibh bloic thógála nua a chur leis na cinn atá ann cheana.

1.

Is iad seo a leanas na bloic thógála a sainaithníodh le bheith ina gcuid de na cláir oibre, faoi réir Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3):

(a)

Sainaithint leictreonach, agus deimhniú: tagraíonn sé seo do sheirbhísí atá ann chun gur féidir ríomhaitheantas agus ríomhshíniú a shainaithint agus a bhailíochtú thar theorainneacha.

(b)

Ríomhsheachadadh doiciméad: tagraíonn sé seo do sheirbhísí a úsáidtear chun ríomhdhoiciméid a thraschur thar theorainneacha ar bhealach slán inrianaithe.

(c)

Uathaistriúchán: tagraíonn sé seo d'innill uathaistriúcháin agus do shainacmhainní teanga lena n-áirítear na huirlisí agus comhéadain phleanála is gá chun seirbhísí uile-Eorpacha a oibriú i dtimpeallacht ilteangach.

(d)

Tacaíocht do bhonneagair dhigiteacha chriticiúla: tagraíonn sé seo do bhealaí agus d'ardáin chumarsáide atá ceaptha feabhas a chur ar chumas an Aontais a bheith ullamh, faisnéis a roinnt, comhordú a dhéanamh agus déileáil le cibearbhagairtí.

(e)

Ríomhshonrascú: tagraíonn sé seo do sheirbhísí lenar féidir sonraisc a mhalartú go leictreonach ar bhealach slán.

2.

Bonneagair na seirbhíse digití atá seanbhunaithe a shainaithnítear go sonrach a bheith incháilithe do chistiúchán lena gcuidítear le seirbhís neamh-idirbhriste a bhaint amach, faoi réir Airteagal 6(1):

(a)

Rochtain ar acmhainní digiteacha de chuid oidhreacht na hEorpa. Tagraíonn sé seo don ardán croísheirbhíse atá bunaithe ar an tairseach Eorpach atá ann faoi láthair. Leis an ardán soláthraítear an pointe rochtana ar ábhar oidhreachta cultúrtha Europeana ar leibhéal míre, tacar de shonraíochtaí comhéadain chun idirghníomhú a dhéanamh leis an mbonneagar (cuardach sonraí, íoslódáil sonraí), tacaíocht d'oiriúnú na meiteashonraí agus d'iontógáil ábhair nua, chomh maith le faisnéis faoi choinníollacha maidir le hathúsáid an ábhair is inrochtana tríd an mbonneagar.

(b)

Bonneagar seirbhíse ar mhaithe le hidirlíon níos sábháilte. Tagraíonn sé seo don ardán ina ndéantar áiseanna ríomhaireachta, bunachair shonraí agus uirlísí bogearraí atá comhroinnte a fháil, a oibriú agus a chothabháil agus lena malartaítear na cleachtais is fearr do na hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte (IINSanna) sna Ballstáit. Cuimsítear oibríochtaí cúloifige a dhéantar chun tuairisciú ábhar drochúsáide gnéasaí a láimhseáil freisin, mar aon leis an nasc le húdaráis phóilíneachta lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Interpol, agus nuair is iomchuí, an láimhseáil a dhéanann na suímh ghréasáin ábhartha i ndáil leis an ábhar seo a bhaint. Tacóidh bunachair shonraí choiteanna agus córais bhonneagair choiteanna leis seo. Is príomhghné den bhonneagar ar mhaithe le hIdirlíon níos Sábháilte iad IINSanna agus a gcuid gníomhaíochtaí ábhartha amhail línte cabhrach, beolínte, nóid feasachta agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta eile.

3.

Bonneagair eile na seirbhíse digití a shainaithnítear le bheith incháilithe do chistiúchán faoi réir Airteagal 6(1):

(a)

Seirbhísí ríomhsholáthair idir-inoibritheacha trasteorann: Tagraíonn sé seo do shraith seirbhísí, is féidir le soláthróirí seirbhísí ríomhsholáthair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a úsáid chun ardáin ríomhsholáthair trasteorann a chur ar bun. Leis an mbonneagar seo, féadfaidh aon chuideachta san Aontas freagra a thabhairt ar nósanna imeachta um sholáthar poiblí ó aon údarás nó eintiteas conarthach in aon Bhallstát a chuimsíonn gníomhaíochtaí ríomhsholáthair réamh-dhámhachtana agus iar-dhámhachtana, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí amhail tairiscintí a chur isteach go leictreonach, sainchomhaid fhíorúla cuideachtaí, ríomhchatalóga, ríomhorduithe agus ríomhshonrascú.

(b)

Seirbhísí ríomhshláinte trasteorann idir-inoibritheacha. Tagraíonn sé seo d'ardán lena gcumasaítear an t-idirghníomhú idir saoránaigh/othair agus soláthraithe cúraim shláinte, sonraí a tharchur ó institiúid go hinstitiúid agus ó eagraíocht go heagraíocht, nó cumarsáid piara le piara idir saoránaigh/othair agus/nó gairmithe sláinte agus institiúidí sláinte. Cuimseoidh na seirbhísí seo rochtain trasteorann ar ríomhthaifid sláinte agus ar ríomhsheirbhísí ordaithe cógas comh maith le teilisheirbhísí cianda sláinte/maireachtála cuidithe etc.

(c)

Ardán Eorpach d'idirnasc na gclár gnó Eorpach. Tagraíonn sé seo d'ardán a sholáthraíonn sraith d'uirlisí lárnacha agus de sheirbhísí lárnacha lenar féidir do na cláir ghnó sna Ballstáit uile faisnéis a mhalartú faoi ghnólachtaí chláraithe, faoina gcuid brainsí, a gcumaisc agus a bhfoircinn. Soláthróidh sé freisin seirbhís chuardaigh ilnáisiúnta agus ilteangach d'úsáideoirí a úsáideann pointe rochtana lárnach ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach ríomh-Cheartais.

(d)

Rochtain ar fhaisnéis ath-inúsáidte san earnáil phoiblí: Tagraíonn sé seo don ionad ilfhreastail aonair ar na tacair sonraí ilteangacha (teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais) atá i seilbh chomhlachtaí poiblí san Aontas ar an leibhéal Eorpach, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil; uirlisí fiosrúcháin agus léirshamhlaithe de chuid na dtacar sonraí; dearbhú go bhfuil na tacair shonraí atá ar fáil gan tréithe pearsanta luaite, ceadúnaithe agus, más infheidhme, go bhfuil praghas curtha ar a bhfoilsiú, a n-athdháileadh agus a n-athúsáid, lena n-áirítear rian iniúchta foinse sonraí.

Nósanna imeachta leictreonacha maidir le gnólacht a chur agus a choinneáil ar bun i dtír Eorpach eile. Leis an tseirbhís seo féadfar na nósanna imeachta riaracháin ar fad a láimhseáil go leictreonach thar theorainneacha éagsúla trí phointí teagmhála aonair. Ceanglais de chuid Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) is ea an tseirbhís seo.

(e)

Seirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha ar líne. Tagraíonn sé seo d'ardáin a éascóidh idir-inoibritheacht agus comhar idir na Ballstáit i réimsí an leasa choitinn, go háirithe d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú, amhail ríomh-Cheartas, lena bhféadfar rochtain trasteorann a bheith ag saoránaigh, ag gnólachtaí, ag eagraíochtaí agus ag cleachtóirí dlí ar acmhainní/dhoiciméid dlí agus ar nósanna imeachta breithiúnacha, ar Réiteach Díospóidí ar Líne (ODR) lenar féidir díospóidí trasteorann idir tomhaltóirí agus ceannaithe a réiteach ar líne agus Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) a dhéanamh, rud a chuideoidh le comhlachtaí slándála sóisialta ar fud an Aontais faisnéis a mhalartú ar dhóigh níos gasta agus níos sláine.

ROINN 2.   LÍONRAÍ LEATHANBHANDA

1.   Raon feidhme na ngníomhaíochtaí

Ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheidh sna gníomhaíochtaí:

(a)

imlonnú bonneagair fhisiciúil éighníomhaigh, bonneagair fhisiciúil ghníomhaigh nó an dá rud a chomhcheangal le heilimintí bonneagair coimhdeacha, chomh maith le seirbhísí is gá chun bonneagar den sórt sin a oibriú;

(b)

áiseanna gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara, amhail sreangú foirgneamh, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, crainn, dúnphoill agus caibinéid;

(c)

sa chás inarb fhéidir, bainfear leas as sineirgí ionchasacha idir imlonnú na líonraí leathanbhanda agus líonraí fóntas eile (fuinneamh, iompar, uisce, séarachas, etc.), go háirithe na seirbhísí sin a bhaineann le dáileadh cliste leictreachais.

2.   Rannchuidiú le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach.

Rannchuideoidh na tionscadail uile a fhaigheann tacaíocht airgeadais faoin roinn seo le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach ar bhealach suntasach.

Maidir le gníomhaíochtaí a chisteoidh an tAontas go díreach:

(a)

beidh siad bunaithe ar theicneolaíocht sreangaithe nó gan sreang, lenar féidir seirbhísí leathanbhanda an-ardluais a sheachadadh, sa dóigh is go sásófar an t-éileamh ar fheidhmchláir a dteastaíonn bandaleithead ard lena n-aghaidh;

(b)

beidh siad bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó meallfaidh siad catagóirí nua tionscnóirí tionscadail nó catagóirí nua infheisteoirí; nó

(c)

beidh ardacmhainn in-mhacasamhlaitheachta iontu, sa dóigh gur féidir leo tionchar níos leithne a imirt ar an margadh de bharr a n-éifeachta léiriúcháin;

(d)

beidh siad, sa chás inarb fhéidir sin, ina gcúnamh chun an scoilt dhigiteach a laghdú; nó

(e)

comhlíonfaidh siad an dlí is infheidhme, go háirithe dlí na hiomaíochta, agus oibleagáidí rochtana i gcomhréir le Treoir 2002/19/CE.

Gníomhaíochtaí a chisteofar le ranníocaíochtaí imfhálaithe breise a sholáthrófar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, cuirfidh siad go suntasach le cumas an mhargaidh ó thaobh seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, luasanna na seirbhisí sin agus a dtoilleadh. Tionscadail a sholáthraíonn luasanna traschuir sonraí faoi bhun 30 Mbps, ba cheart go méadóidis na luasanna sin go dtí 30 Mbps ar a laghad agus sa chás inarb fhéidir sin, go dtí 100 Mbps agus níos mó le himeacht ama.

3.   Measúnú tionscadail chun struchtúir cistiúcháin bharrmhaithe a bhunú

Beidh cur chun feidhme gníomhaíochtaí bunaithe ar mheasúnú tionscadail cuimsitheach. Cuimseoidh an measúnú, inter alia, cúinsí margaidh, lena n-áirítear faisnéis faoi bhonneagar atá ann cheana agus/nó faoi bhonneagar atá pleanáilte, oibleagáidí rialála atá ar thionscnóirí tionscadail, chomh maith le straitéisí trádála agus margaíochta. Go háirithe, suífear an méid seo a leanas leis an measúnú tionscadail:

(a)

an bhfuil an clár riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí, nach féidir a réiteach le bearta rialála;

(b)

an dtagann saobhadh ar an margadh agus plódú infheistíochta príobháidí as an gclár.

Bunófar na critéir seo go príomha ar bhonn na hacmhainneachta ioncaim agus an leibhéil riosca a bhaineann leis an tionscadal agus an chineáil limistéir a chuimsítear le gníomhaíocht.

4.   Foinsí cistiúcháin

(a)

Cisteofar tionscadail leasa choitinn i réimse an leathanbhanda le hionstraimí airgeadais. Beidh an buiséad a leithdháilfear ar na hionstraimí sin leordhóthanach, ach ní bheidh sé níos mó ná an tsuim is gá chun idirghabháil lánoibríochtúil agus chun íosmhéid éifeachtach ionstraime a bhaint amach.

(b)

Faoi réir rialacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus na rialacháin ábhartha uile a bhaineann le Cistí SIE, féadfar na hionstraimí airgeadais ábhartha uile dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhcheangal le ranníocaíochtaí breise ó na foinsí seo a leanas:

(i)

earnálacha eile de chuid SCE,

(ii)

ionstraimí, cláir agus línte buiséid eile i mbuiséad an Aontais;

(iii)

na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, a chinnfidh ar a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó Chistí SIE a thabhairt. Beidh ranníocaíochtaí ó Chistí SIE imfhálaithe ar bhonn geografach chun a áirithiú go gcaithfear iad laistigh de Bhallstát nó de réigiún a thugann ranníocaíocht;

(iv)

aon infheisteoirí eile, lena n-áirítear infheisteoirí príobháideacha.

(c)

Féadfar freisin ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a chomhcheangal le deontais ó na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar mian leo a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó Chistí SIE a thabhairt, ar choinníoll:

(i)

go gcomhlíonann an ghníomhaíocht i gceist na critéir uile maidir le cistiúchán faoin Rialachán seo; agus

(ii)

go bhfuarthas an cead ábhartha maidir le Státchabhair a thabhairt.

ROINN 3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ COTHROMÁNACHA

Maidir le himlonnú na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide a chuideoidh chun baic ar an Margadh Aonair Digiteach a bhaint, beidh staidéir agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir ag gabháil leo. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí seo:

(a)

cúnamh teicniúil a thabhairt chun imlonnú agus rialachas gníomhaíochtaí cur chun feidhme a ullmhú nó chun tacú leo, agus chun dul i ngleic le fadhbanna cur chun feidhme atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn; nó

(b)

gníomhaíochtaí chun éileamh nua ar bhonneagair na seirbhíse digití a chruthú.

Déanfar an tacaíocht a thabharfaidh an tAontas faoin Rialachán seo a chomhordú le cúnamh ó na foinsí eile uile a bheidh ar fáil, agus san am céanna athdhéanamh bonneagair a sheachaint agus easáitiú infheistíochtaí príobháideacha a chosc.


(1)  Treoir 2006/123/CE an 12 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch 36).


Top