EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1382

Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 354, 28.12.2013, p. 73–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0693

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1382/oj

28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

73


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1382/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(1) agus (2), Airteagal 82(1) agus Airteagal 84 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),foráiltear go gcruthófar limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina mbeidh saorghluaiseacht daoine. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do chomhphrionsabail amhail an neamh-idirdhealaitheacht, comhionannas inscne, rochtain eifeachtúil do chách ar cheartas, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách a fheidhmeoidh mar is cóir.

(2)

Le Clár Stócólm (4) d'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur tosaíocht é limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt, agus shonraigh sí gur ceann dá tosaíochtaí polaitiúla é go mbeadh an Eoraip dleathach agus cóir. Aithníodh go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm. Ba cheart na spriocanna uaillmhianacha a leagtar síos leis na Conarthaí agus le Clár Stócólm a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas (an "Clár") solúbtha agus éifeachtach a bhunú don tréimhse 2014 go 2020 trína bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme a éascú. Ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoirlínte straitéiseacha ábhartha atá sainaitheanta ag an gComhairle Eorpach.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 maidir leis an Straitéis 'Eoraip 2020' leagtar amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Ba cheart limistéar ceartais a fhorbairt a fheidhmíonn go maith agus ina ndéantar constaicí ar imeachtaí breithiúnacha agus constaicí ar rochtain ar cheartas i staideanna trasteorann a dhíchur agus ba cheart é a fhorbairt mar ghné lárnach chun tacú le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh shuaitheanta na Straitéise 'Eoraip 2020' agus chun sásraí a éascú atá ceaptha chun an fás a chur chun cinn.

(4)

Chun críocha an Rialacháin sin, ba cheart an téarma "an breithiúnacht agus an fhoireann bhreithiúnach" a léiriú le go gcuirfear san áireamh breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh de chuid na cúirte, chomh maith le cleachtóirí eile dlí a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht, amhail abhcóidí, dlíodóirí, nótairí, báillí, oifigigh phromhaidh, idirghabhálaithe agus ateangairí cúirte.

(5)

Tá an oiliúint bhreithiúnach riachtanach chun cur leis an muinín fhrithpháirteach agus cuireann sí feabhas ar an gcomhar idir na húdaráis bhreithiúnacha agus na cleachtóirí sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart an oiliúint bhreithiúnach a mheas i gcomhthéacs na teachtaireachta ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Muinín as an gceartas ar fud AE a fhorbairt. Gné nua san oiliúint bhreithiúnach Eorpach, i gcomhthéaca an rún ón gComhairle maidir le breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann bhreithiúnach a oiliúint san Aontas Eorpach, (5) i gcomhthéaca chonclúidí na Comhairle an 27 agus an 28 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hOiliúint Bhreithiúnach na hEorpa agus i gcomhthéacsa an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2012 maidir le hoiliúint bhreithiúnach.

(6)

Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Ba cheart nach staonfadh comhlachtaí agus eintiteas a bhfuil spéis ghinearálta Eorpach acu i réimse na hoiliúna don bhreithiúnacht, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB), Acadamh an Dlí Eorpaigh (ADE), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (GECB), Comhlachas na gComhairlí Stáit agus na nDlínsí Ard-Riaracháin den Aontas Eorpach (CCSDA-AE), Gréasán Uachtaráin Ard-Chúirteanna Breithiúnacha an Aontais Eorpaigh (GUABAE) agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (IERP), óna ról a imirt i gcur chun cinn na gclár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach leo do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí dá bhrí sin tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla sa Chlár um Cheartas arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart go n-éascódh an tAontas gníomhaíochtaí oiliúna maidir le dlí AE a chur chun feidhme trí bhreathnú ar thuarastail na breithiúnachta rannpháirtí agus ar thuarastal na foirne breithiúnachta arna dtabhú ag údaráis na mBallstát mar chostais incháilithe nó mar chómhaoiniú comhchineáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) Euratom Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gConmhairle (6) (an "Rialachán Airgeadais").

(8)

Ba cheart go n-áireodh rochtain ar cheartas, go háirithe, rochtain ar chúirteanna, ar mhalairt modhanna le díospóidí a shocrú agus ar shealbhóirí oifige poiblí a bhfuil oibleagáid orthu comhairle neamhchlaonta dlí a sholáthar do pháirtithe.

(9)

I mí na Nollag 2012, thacaigh an Chomhairle le Straitéis Drugaí AE (2013-20) (7), a bhfuil mar aidhm léi cur chuige cothrom a ghlacadh a bheadh bunaithe ar an laghdú comhuaineach soláthair agus éilimh, agus í á aithint gur gnéithe iad an laghdú ar éileamh drugaí agus an laghdú ar sholáthar drugaí a neartaíonn a chéile sa bheartas maidir le drugaí mídhleathacha. Cuidiú le laghdú tomhaiste ar éileamh drugaí, ar spleáchas ar dhrugaí agus ar na rioscaí sláinte agus sóisialta agus ar na dochair sláinte agus shóisialta a bhaineann le drugaí atá ar cheann de phríomhchuspóirí na Straitéise sin. Tá bunús dlí atá bunaithe ar shláinte phoiblí ag baint leis an gClár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1150/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus dá bhrí sin cumhdaítear na gnéithe sin a leanas de; tá an Clár bunaithe ar bhunús dlí difriúil agus ba cheart go mbeadh mar aidhm leis limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt tuilleadh a bheidh bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar aitheantas frithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach a chur chun cinn. Dá bhrí sin, agus é ag freagairt don ghá le simpliú agus i gcomhréir leis an mbunús dlí le gach clár, féadfar leis an gClár Sláinte i leith Fáis tacú le bearta chun gníomhaíocht na mBallstát a chomhlánú d'fhonn an cuspóir maidir le laghdú ar an dochar sláinte a bhaineann le húsáid drugaí a bhaint amach, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

(10)

Gné thábhachtach eile de Straitéis Drugaí AE (2013-2020) is ea laghdú ar sholáthar drugaí. De bhrí gur cheart go dtabharfaí leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil mar aidhm acu gáinneáil ar dhrugaí agus cineálacha eile coiriúlachta a chosc agus a chomhrac, agus go háirithe do bhearta a dhíríonn ar tháirgiú, mhonarú, eastóscadh, dhíol, iompar, allmhairiú agus onnmhairiú drugaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear drugaí a bheith ina seilbh agus á gceannach le hintinn gníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí a ghabháil de láimh, ba cheart go gcumhdófaí leis an gClár na gnéithe sin den bheartas drugaí nach gcumhdaítear leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí nó leis an gClár Sláinte i leith Fáis agus a bhfuil dlúthbhaint acu lena chuspóir ginearálta

(11)

Ar chaoi ar bith, ba cheart a áirithiú go leanfaí de na tosaíochtaí a mhaoiniú faoin gclárthréimhse 2007-2013 atá mar chuspóirí i gcónaí faoin Straitéis Nua AE um Drugaí (2013-2020), agus, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh cistí ar fáil ón gClár Sláinte i leith Fáis, ón ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí agus ón gClár i gcomhréir lena dtosaíochtaí faoi seach agus a mbunús dlí agus maoiniú dúbailte á sheachaint.

(12)

De bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an "Chairt") agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart go dtacódh an Clár le cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear cearta i ndáil le próis chuí, an ceart chun na himeachtaí a thuiscint, an ceart go n-urramófaí saol príobháideach agus teaghlaigh an duine agus an ceart chun sláine agus dínite. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gClár, go háirithe, cosaint an linbh a mhéadú laistigh de chórais cheartais agus rochtain ar cheartas do leanaí a mhéadú agus ba cheart go ndéanfadh sé cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí uile.

(13)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú chuspóir an chomhionannais idir mná agus fir agus le cuspóir an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le comhionannas inscne agus maidir le neamh-idirdhealú i ngníomhaíochtaí an Chláir.

(14)

Tá sé léirithe trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le meascán ionstraimí, lena n-áirítear gníomhartha dlíthiúla, tionscnaimh bheartais agus cistithe, chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach go hiarbhír. Is uirlis thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha.

(15)

Ina Conclúidí an 22 agus an 23 Meán Fómhair 2011 maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gClár Eorpach airgeadais a bheidh ann amach anseo agus lena dtabharfar tacaíocht don chomhar breithiúnach, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá ról chlár cistiúcháin an Aontais i gcur chun feidhme éifeachtúil acquis an Aontais agus d'athdheimhnigh sí go bhfuil gá le rochtain níos trédhearcaí, níos comhtháite agus níos cuíchóirithe ar na cláir.

(16)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiúnan 29 Meitheamh 2011 dár teideal 'Buiséad don Eoraip 2020' cuirtear béim ar an ngá atá ann le cistiú an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Go háirithe i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche atá ann anois, tá sé rí-thábhachtach cistí an Aontais a struchtúrú agus a bhainistiú agus é sin a dhéanamh go lándúthrachtach. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistiúcháin a bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus trí na rialacha agus na nósanna imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(17)

Agus é ag freagairt don ghá le simpliú agus bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar an gcistiú, agus go mbeadh rochtain níos fusa ar an gcistiú sin, ba cheart go bhforálfaí leis an gClár go bhforbrófaí agus go leanfaí leis na gníomhaíochtaí a dhéantaí cheana ar bhonn trí chlár, a bunaíodh le Cinneadh 2007/126/CGB ón gComhairle (9), Cinneadh Uimh. 1149/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus Cinneadh Uimh.1150/20007/CE. Áirítear sna meastóireachtaí meántéarma ar na cláir sin moltaí atá dírithe ar chur chun feidhme na gclár sin a fheabhsú. Is gá na meastóireachtaí meántéarma sin, mar aon le torthaí na meastóireachtaí fapo seach ex-post, a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir sin.

(18)

Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhairdár teideal 'Athbhreithniú ar Bhuiséad AE' agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 'A budget for Europe 2020' (Buiséad don Eoraip 2020), cuirtear béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo, i.e. i gcás ina dtabharfadh idirghabháil an Aontais fiúntas breise nach dtabharfadh beart a dhéanfadh na Ballstáit amháin. Ba cheart go gcuirfeadh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun cinn, trí mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Leis na gníomhaíochtaí cistiúcháin freisin, ba cheart go gcabhrófaí leis na páirtithe uile lena mbaineann eolas éifeachtach agus eolas níos fearr a chur ar dhlí agus ar bheartais an Aontais, agus ba cheart go gcuirfí bonn fónta anailíse ar fáil chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais agus chun iad a fhorbairt agus leis an méid sin go gcuirfí lena bhforfheidhmiú agus lena gcur chun feidhme cuí.Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus gabhann barainneachtaí scála léi. Fairis sin, is fearr atá an tAontasEorpach in ann ná na Ballstáitaghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(19)

Agus na gníomhaíochtaí atá le cistiú faoin Chlár á roghnú aige, ba cheart don Choimisiún na moltaí a mheasúnú i gcomhréir le critéir réamh-shainithe. Ba cheart go ndéanfaí breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí atá á moladh a mheasúnú mar cheann de na critéir sin. Is féidir a thaispeáint freisin go bhfuil breisluach Eorpach ag tionscadail náisiúnta agus ag tionscadail ar mhionscála.

(20)

Ba cheart údaráis náisiúnta, réigiúnda, agus áitiúla a áireamh ar na comhlachtaí agus na heintitis a fhaigheann rochtain ar an gClár.

(21)

Sa Rialachán seo leagtar síos imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir agus le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil beidh an t-imchlúdach sin ina phríomhmhéid tagartha don údarás buiséadach, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht búiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (11) le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le linn an nós imeachta nós buiséadach bliantúil.

(22)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár solúbtha a dhóthain chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht gníomhaíochtaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le modhnuithe ar na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cuspóir sonrach a rachadhníos mó ná 5 pointe céatadáin os cionn na céatadáin sin Chun an gá le gníomh tarmligthe den sórt sin a mheas, ba cheart na céatadáin sin a ríomh ar bhonn imchlúdach airgeadais an Chláir feadh a ré agus ní ar bhonn leithleasaí bliantúla. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(23)

Ba cheart an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Airgeadais, go háirithe maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, go háirithe i ndáil le coinníollacha incháilitheachta na Cánach Breisluacha (CBL) a íocann tairbhithe na ndeontas, níor cheart go mbeadh incháilitheacht CBL ag brath ar stádas dlíthiúil na dtairbhithe i dtaca le gníomhaíochtaí a mbeadh comhlachtaí agus eintitis phríobháideacha agus phoiblí in ann a dhéanamh faoi na dálaí dlíthiúla céanna. Agus cineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á chur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú sna glaonna ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí atá indéanta ag comhlachtaí agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, go mbeidh CBL nach bhfuil inasbhainte a ghearrtar ar chomhlachtaí agus eintitis phoiblí incháilithe, a mhéid a íoctar é le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun feidhme, amhail oiliúint nó ardú feasachta, nach féidir a mheas mar fheidhmiú údaráis phoiblí. Ba cheart, freisin, leas a bhaint as na huirlisí simplithe a thugtar isteach leis an Rialachán Airgeadais. Thairis sin, ba cheart leis na critéir a úsáidtear maidir le gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a shainaithint, go ndíreofaí ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil an tionchar coibhneasta is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú.

(24)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(25)

Ba cheart a áirithiú leis na cláir bhliantúla oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo go ndéanfaí na cistí a leithdháileadh go hiomchuí do dheontais agus chonarthaí um sholáthar poiblí. Tríd an gClár ba cheart go leithdháilfí cistí do dheontais, fad a choinneofaí leibhéil leordhóthanacha chistiúcháin don soláthar. Ba cheart go mbunófaí leis na cláir bhliantúla oibre íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais agus níor cheart go mbeadh sé níos lú ná 65%. Chun pleanáil tionscadail agus cómhaoiniú a éascú do na geallsealbhóirí, ba cheart don Choimisiún amchlár soiléir a bhunú do na glaonna ar thograí, do roghnú na dtionscadal agus do na cinntí dámhachtana.

(26)

Chun leithdháileadh éifeachtúil cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir na cláir chistithe a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthnaisc eatarthu, go háirithe idir an Clár seo agus an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaorántacht a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 an 17 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, an Clár 'Sláinte i leith Fáis', an Clár 'Erasmus a bhunaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1288/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Clár réime 'Fís 2020' a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

(27)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(28)

Chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhíniú leis. Ba cheart tacar táscairí nithiúla agus inchainníochtúla a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas agus ba cheart go mbeadh na táscairí sin bailí ar feadh thréimhse iomlán an Chláir. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, ar tuarascáil o ar cheart di bheith bunaithe, inter alia, ar na táscairí a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar cheart di faisnéis a thabhairt maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil.

(29)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, agus bainistiú fónta airgeadais á urramú, agus rochtain éifeachtach ar an gClár a éascú d'iarrthóirí ionchasacha freisin. D'fhonn tacú le rochtain éifeachtach ar an gClár, ba cheart don Choimisiún saothrú go dúthrachtach chun na doiciméid agus na nósanna imeachta maidir le hiarratais, na foirmiúlachtaí riaracháin agus na ceanglais maidir le bainistiú airgeadais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, chun ualaí riaracháin a dhíchur agus chun iarratais ar dheontais a spreagadh ó eintitis atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil dóthain ionadaíochta déanta orthu sa Chlár. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a phoibliú maidir leis an gClár, a chuspóirí, na glaonna éagsúla ar thograí agus a n-amchláir fairis sin, ar leathanach gréasáin tiomnaithe. Ba cheart doiciméid bhunúsacha agus treoirlínte a bhaineann leis na glaonna ar thograí a bheith ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

(30)

I gcomhréir le pointe (l) d'Airteagal 180(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún (16) ('Rialacha Cur i bhFeidhm'), ba cheart go leagfaí síos forálacha maidir le hinfheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, nach féidir an méid sin a thaispeáint go poiblí nó nach bhfuil an taispeáint sin iomchuí.

(31)

I gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21 de na Rialacha Cur i bhFeidhm, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faisnéis a chur ar fáil, ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, maidir le fáltais, agus maidir le cineál agus cuspóir an bhirt a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta agus slándála, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cuidiú chun limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh, ar limistéar é a bheidh bunaithe ar mhuinín agus ar aitheantas fhrithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun cinna bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, mar gheall ar a scála agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 3, de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá sé curtha in iúl ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(34)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(36)

D'fhonn leanúnachas maoiniúcháin do ghníomharthaí a áirithiú, ar gniomharthaí iad a cuireadh i gcrích roimhe seo ar bhonn Chinneadh 2007/126/CGB, Chinneadh Uimh. 1149/2007/CE agus Chinneadh Uimh 1150/2007/CE, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú agus ré an Chláir

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo clár um Cheartas ('an Clár').

2.   Cuimseofar faoin gClár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach Eorpach

1.   Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo a chuireann le forbairt bhreise limistéir Eorpaigh cheartais. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur bearta iad na bearta a roghnófar le cistiú arb é is cuspóir dóibh torthaí a mbeidh breisluach Eorpach ag baint leo.

2.   Déanfar breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar mhionscála agus gníomhaíochtaí náisiúnta, a mheasúnú de réir critéar amhail an méid a chuirfear le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach dlí an Aontais, an méid a chuirfí le feasacht leathan phoiblí maidir leis na cearta faoin dlí sin, an méid a d'fhéadfaí cur leis an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann, méid a dtionchair thrasnáisiúnta, an méid a chuirfí le forbairt agus scaipeadh na ndea-chleachtas agus an méid a d'fhéadfaí uirlisí praiticiúla agus réitigh phraiticiúla a chruthú lena dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin ar leibhéal an Aontais ina iomláine.

Airteagal 3

Cuspóir ginearálta

Beidh sé d'aidhm ghinearálta ag an gClár cur le forbairt bhreise limistéir Eorpaigh cheartais atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach go háirithe trí chomhar breithiúnach a chur chun cinn in ábhair shibhialta agus choiriúla.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

an comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla;

(b)

tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus í a chur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint teanga maidir le téarmaíocht an dlí, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach a chothú;

(c)

rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do chách, lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta a chur chun cinn agus tacú leo, agus ag an am céanna cearta na cosanta a urramú;

(d)

tacú le tionscnaimh i réimse beartais drugaí maidir le comhar breithiúnach agus gnéithe chosc na coireachta a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóir ginearálta an Chláir, sa mhéid is nach bhfuil siad folaithe ag an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime nó ag an gClár Sláinte i leith Fáis;

2.   Chun príomhchuspóirí an Chláir a shaothrú, déanfar an méid seo a leanas ach go háirithe:

(a)

feasacht an phobail agus eolas ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a fheabhsú;

(b)

d'fhonn comhar breithiúnach éifeachtúil in ábhair shibhialta agus choiriúla a áirithiú trí eolas maidir le dlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus an dlí comparáideach;

(c)

tacú le cur chun feidhme agus le cur i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhsheasmhach ionstraimí an agus beartas Aontais sna Ballstáit, agus an faireachán agus an mheastóireacht a ndéanfar orthu;

(d)

comhar trasteorann a chur chun cinn agus tuiscint agus eolas frithpháirteach na mBallstát ar an dlí sibhialta agus ar an dlí coiriúil agus ar chórais dlí agus bhreithiúnacha a chéile a fheabhsú agus muinín as a chéile a threisiú;

(e)

feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais;

(f)

feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu de bhíthin theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht thrasteorann córas agus feidhmeanna.

Airteagal 5

Príomhshruthú

Féachfar le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus féachfar le cearta an linbh a chur chun cinn, trí, inter alia, ceartas atá fabhrach do leanaí, agus gníomhaíochtaí uile an Chláir á gcur chun feidhme. Comhlíonfaidh an Clár freisin an toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 51 den Chairt agus laistigh de na teorainneacha sin.

Airteagal 6

Cineálacha gníomhaíochtaí

1.   Tabharfar maoiniú leis an gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí anailíse, amhail sonraí agus staidreamh a bhailiú; modhanna coiteanna a fhorbairt agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí; meastóireachtaí; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe de chuid na saineolaithe agus comhdhálacha.

(b)

gníomhaíochtaí oiliúna do chomhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach, amhail malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna d'oiliúnóirí, lena n-áirítear oiliúint teanga ar théarmaíocht an dlí, agus forbairt uirlisí oiliúna ar líne nó modúl oiliúna eile;

(c)

gníomhaíochtaí frithpháirteacha foghlama, comhair, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus scaipthe, amhail aithint agus malartuithe dea-chleachtas, cineálacha cur chuige agus taithí nuálacha, eagrú athbhreithnithe piaraí agus foghlama frithpháirtí; comhdhálacha, seimineáir, feachtais faisnéise a eagrú, lena n-áirítear faisnéis institiúideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais de réir mar a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis a scaipeadh faoin gClár agus a chuid torthaí, forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, lena n-áirítear forbairt bhreise an Tairsigh Eorpaigh don r-Cheartas mar uirlis chun feabhas a chur ar rochtain na saoránach ar an gceartas;

(d)

tacaíocht do na príomhghníomhaithe a rannchuidíonn a gcuid gníomhachtaí le cur chun feidhme chuspóirí an Chláir, amhail tacaíocht do Bhallstáit agus dlí agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme acu, tacaíocht do phríomhghníomhaithe Eorpacha agus líonraí ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear i réimse na hoiliúna breithiúnaí; agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach i measc sainchomhlachtaí agus saineintitis, agus i measc údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

2.   Gheobhaidh an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach deontas oibriúcháin chun caiteachas a bhaineann lena clár oibre buan a chomhmhaoiniú.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht

1.   Na comhlachtaí agus na heintitis uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas, beidh rochtain acu ar an gClár:

(a)

na Ballstáit;

(b)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá páirteach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis an Chomhaontú sin;

(c)

tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí féideartha agus tíortha atá ag aontú leis an Aontas,, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos le haghaidh rannpháirtíocht na dtíortha sin sna cláir arna mbunú sna comhaontuithe Réime faoi seach agus sna chinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla..

2.   Ní bheidh rochtain ag comhlachtaí agus eintitis atá dírithe ar bhrabús ar an gClár, ach amháin i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúis agus poiblí.

3.   Féadfaidh comhlachtaí agus eintitis atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha eile, seachas na tíortha atá rannpháirteach sa Chlár i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) de mhír 1, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir ar a gcostas féin, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chlár bliantúil oibre is ábhartha. Féadfaidh na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár páirt a ghlacadh sa Chlár i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus leis na cláir bhliantúla oibre ábhartha.

Airteagal 8

Buiséad

1.   EUR 377 604 000 a shocraítear-mar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014 go 2020.

2.   Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir costais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus chun gnóthú na gcuspóirí a mheas. Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le staidéir riachtanacha, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúdach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh sa mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, chomh maith le speansais a bhfuil baint acu le líonraí faisnéis teicneolaíochta lena ndírítear ar phróiseáil agus malartú faisnéise agus cúnamh eile teicniúil agus riaracháin a bhfuil gá leo i ndáil leis an gClár a bheith á bhainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Déanfaidh an Parlaimint agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a bheidh ar fáil a údarú laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil arna bhunú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (17).

4.   Ó imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir le gach cuspóir sonrach.

5.   Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den imchlúdach airgeadais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é, thar breis agus 5 phointe i gcás gach cuspóir shonraigh. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun gach figiúir san Iarscríbhinn a mhodhnú de bhreis agus 5 phointe céatadáin agus suas go 10 bpointe céatadáin

Airteagal 9

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

3.   Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an Chláir chun feidhme tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(1), lena n-áirítear leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais;

(b)

na critéir bhunriachtanacha incháilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh le húsáid chun na tograí a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais a roghnú;, i gcomhréir le hAirteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 94 dá Rialacha maidir le Cur i bhFeidhm;

(c)

íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais.

4.   Áiritheofar go ndéanfar tacaíocht airgeadais a leithdháileadh go cuí agus go cothrom idir na réimsí difriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh cistí ar na réimsí sin sa chlár oibre bliantúil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le leibhéal leordhóthanach cistithe a choinneáil do cheartas breithiúnach agus do cheartas coiriúil araon agus i gcomhair oiliúna breithiúnaí agus tionscnamh breithiúnach i réimse an bheartais drugaí de réir raon feidhme an Chláir.

5.   Foilseofar glaonna ar thograí ar bhonn bliantúil.

6.   D'fhonn gníomhaíochtaí oiliúna breithiúnacha a éascú, cuirfear san áireamh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tráth a mbeidh cistiú comhfhreagrach á chur ar fáil, na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí sna gníomhaíochtaí sin agus an costas a thabhaíonn údaráis na mBallstát.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear inter alia leis an gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, Clár Sláinte i leith Fáis, Clár Erasmus+, an Clár réime Fís 2020 agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais atá ag obair i réimsí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir, amhail Eurojust arna bhunú ag Cinneadh 2002/187/CGB (18) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

3.   Féadfaidh an Clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, d'fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht a bhronnadh ar ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár seo freisin, ar an gcoinníoll nach gclúdófar na míreanna costais céanna leis an dá chistiú.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile ar bith, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair araon, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin gClár.

3.   Beidh údarás ag an Oifig EorpachFrith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 888/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agusRialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (21) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, trí bhíthin comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh forálacha áirithe, sna comhaontuithe deontais, sna cinntí deontais agus sna conarthaí a thig ón gClár a chur chun feidhme, lena tabharfar de chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na cigireachtaí dá dtagraítear sna míreanna sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 14

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gClár uair in aghaidh na bliana chun súil a choinneáil ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a dhéantar faoi agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4. Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ar a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

tuarascáil bhliantúil faireacháin bunaithe ar na táscairí a leagtar amach in Airteagal 15(2) agus maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil;

(b)

tuarascáil mheastóireachta eatramhaí faoi 30 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí;

(c)

tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi 31 Nollaig 2021.

3.   Tabharfar measúnú sa tuarascáil mheastóireachta eatramhaí ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar cé chomh héifeachtúil is atá úsáid na n-acmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir d'fhonn a chinneadh ar cheart go ndéanfaí an cistiú a thugtar do réimsí a chumhdaítear faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar na deiseanna atá ann maidir le haon simpliú a dhéanamh ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear san áireamh leis torthaí na meastóireachtaí ex post maidir leis na cláir 2007-2013 roimhe sin arna mbunú ag na Cinntí dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Tabharfar measúnú sa tuarascáil mheastóireachta ex post ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d'fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh faoi chlár eile ina dhiaidh sin.

5.   Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ar a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Airteagal 15

Táscairí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 14, is bonn a bheidh sna táscairí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a mbainfear cuspóirí sonracha an Chláir amach a leagtar amach in Airteagal 4 leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 6. Déanfar iad a thomhas i gcomhréir le bunlínte réamhshainithe lena léirítear an staid roimh an gcur chun feidhme. Nuair is ábhartha, déanfar táscairí a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, aoise agus míchumais.

2.   Áiritheofar sna táscairí dá dtagraítear i imír 1, inter alia, na nithe seo a leanas:

(a)

líon agus céatadán na ndaoine i spriocghrúpa a ndeachthas i bhfeidhm orthu le gníomhaíochtaí múscailte feasachta a maoiníodh leis an gClár;

(b)

Líon agus céatadán na gcomhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach i spriocghrúpa a ndeachthas i bhfeidhm orthu trí ghníomhaíochtaí oiliúna a maoiníodh leis an gClár;

(c)

Feabhas ar fheasacht ar dhlí agus ar bheartais an Aontais sna grúpaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a bhí cistithe ag an gClár i gcomparáid leis an spriocghrúpa iomlán;

(d)

Líon na gcásanna, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sa chomhar trasteorann, lena n-áirítear trí mheán uirlisí TF agus nósanna imeachta atá bunaithe ar leibhéal an Aontais;

(e)

Measúnú na rannpháirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí ar ghlac siad páirt iontu agus maidir lena n-inbhuanaitheacht (an inbhuanaitheacht a bhfuiltear ag súil léi);

(f)

Clúdach geografach na ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár.

3.   Sa bhreis ar na táscairí a leagtar amach i mír 2 measúnófar le tuarascáil eatramhach agus ex-post an Chláir, na nithe seo a leanas, i measc eile:

(a)

an dearcadh i leith thionchar an Chláir maidir le rochtain ar cheartas bunaithe ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailítear ar leibhéal na hEorpa;

(b)

Líon agus cáilíocht na n-ionstraimí agus na n-uirlisí a forbraíodh trí ghníomhaíochtaí a fuair cistiú ón gClár;

(c)

breisluach Eorpach an Chláir, lena n-áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí an Chláir i gcomparáid le tionscnaimh chomhchosúla eile a rinneadh a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó Eorpach agus gan chistiú ón Aontas, agus torthaí, buntáistí agus/nó na míbhuntáistí (measta) a bhaineann le cistiúiú ón Aontas i gcomparáid le cistiú náisiúnta don chineál gníomhaíochta atá i dtrácht;

(d)

leibhéal an chistithe i ndáil leis na torthaí a baineadh amach (éifeachtúlacht);

(e)

aon chonstaic a d'fhéadfadh a bheith ann, idir chonstaicí riaracháin, eagrúcháin agus/nó struchtúracha, don Chlár a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (deiseanna do shimpliú).

Airteagal 16

Bearta idirthréimhseacha

Leanfar de ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh ar bhonn Chinneadh 2007/126/CGB, Chinneadh 1149/2007/CE nó Chinneadh 1150/2007/CE, nó ar bhonn a rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Chinneadh 2007/126/CGB, in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 de Chinneadh 1149/2007/CE, agus in Airteagal 10 de Chinneadh 1150/2007/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste a bhfuil foráil déanta ina leith in Airteagal 11(1) den Rialachán seo.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlan agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 103.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013.(nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  IO C 299, 22.11.2008, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  IO C 402, 29.12.2012, lch. 1.

(8)  Decision No 1150/2007/EC of the European Parliament and of the Council of 25 September 2007 establishing for the period 2007-2013 the Specific Programme 'Drug prevention and information' as part of the General Programme 'Fundamental Rights and Justice' (OJ L 257, 3.10.2007, p. 23).

(9)  Cinneadh 2007/126/CBG ón gComhairle an 12 Feabhra 2007 lena mbunaítear an Clár Sonrach 'Ceartas Coiriúil' don tréimhse 2007-2013 mar chuid den Chlár Ginearálta um Chearta Bunúsacha agus um Cheartas, agus le Cinneadh Uimh. 1150/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa (IO L 58, 24.2.2007, lch. 13).

(10)  Cinneadh Uimh 1149/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear an Clár sonrach 'Ceartas Sibhialta' don tréimhse 2007-2013 mar chuid den chlár ginearálta 'Cearta Bunúsacha' agus Ceartas (IO L 257, 3.10.2007, lch. 16).

(11)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)..

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimimbt na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (féach leathanach 62 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimimbt na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(18)  Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d'fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1)

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 888/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a dhéanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF agus lena n-aisgharitear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 136, 18.9.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna mar a leanas ar gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1):

 

Cuspóirí sonracha

sciar den imchlúdach airgeadais (i %)

(a)

an comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla

30 %

(b)

tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus í a chur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint teanga maidir le téarmaíocht an dlí, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach a chothú

35 %

(c)

rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do chách, lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta a chur chun cinn agus tacú leo, agus ag an am céanna cearta na cosanta a urramú

30 %

(d)

tacú le tionscnaimh i réimse an bheartais drugaí maidir le comhar breithiúnach agus gnéithe de chosc na coireachta a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóir ginearálta an Chláir, sa mhéid is nach gcumhdaítear iad leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime nó leis an gClár Sláinte i leith Fáis.

5 %.


Top