EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1311

Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

OJ L 347, 20.12.2013, p. 884–891 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 17/04/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1311/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

884


RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013

an 2 Nollaig 2013

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ní mór do na huasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir catagóire caiteachais agus na huasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair íocaíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo na huasteorainneacha a leagtar síos le haghaidh na n-oibleagáidí agus na n-acmhainní dílse i gCinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle (1) a urramú.

(2)

Agus an gá atá le leibhéal leordhóthanach intuarthachta chun infheistíochtaí meántéarma a ullmhú agus a chur chun feidhme á chur san áireamh, ba cheart a leagan síos gur seacht mbliana dar tús an 1 Eanáir 2014 ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI). Déanfar athscrúdú in 2016 ar a dhéanaí, tar éis na dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa. Leis sin, cuirfear ar chumas na n-institiúidí, Parlaimint na hEorpa a thoghfar in 2014 san áireamh, na tosaíochtaí a athmheasúnú. Ba cheart go gcuirfí torthaí an athscrúdaithe seo san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán seo do bhlianta CAI a bheidh fós fágtha. Is "athscrúdú/athbhreithniú" a ghairtear den socrú seo anseo feasta.

(3)

I gcomhthéacs an athscrúdaithe/athbhreithnithe mheántéarma ar CAI, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún scrúdú comhpháirteach a dhéanamh ar an ré is oiriúnaí do CAI ina dhiaidh sin, sula ndéanfaidh an Coimisiún a thograí a thíolacadh d'fhonn an chothromaíocht cheart a fháil idir ré na dtéarmaí oifige faoi seach do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus do chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh - agus an gá atá le cobhsaíocht do thimthriallacha cláraithe agus d'intuarthacht infheistíochta.

(4)

Ba cheart solúbthacht shonrach a chur chun feidhme agus solúbthacht a chur chun feidhme a mhéid is mó is féidir chun go bhféadfaidh an tAontas a oibleagáidí a chomhall i g comhlíonadh Airteagal 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(5)

Tá gá leis na hionstraimí speisialta seo a leanas chun go bhféadfaidh an tAontas freagairt d'imthosca sonraithe gan choinne, nó chun go bhféadfar caiteachas a shainaithnítear go soiléir a mhaoiniú, ar caiteachas é nach féidir a mhaoiniú laistigh de na huasteorainneacha atá ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil a leagtar síos i CAI, agus an nós imeachta buiséadach á éascú ar an gcaoi sin: an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, an Ionstraim Sholúbthachta, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, an Corrlach Teagmhasach, an tsolúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun an taighde a neartú agus an corrlach foriomlán le haghaidh oibleagáidi i ndáil leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, go háirithe i ndáil leis an dífhostaíocht i measc an ógra. Ba cheart foráil shonrach a dhéanamh mar sin don fhéidearthacht leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chur isteach sa bhuiséad ar leithreasaí iad atá de bhreis ar na huasteorainneacha a leagtar amach i CAI i gcás inar gá leas a bhaint as ionstraimí speisialta.

(6)

Más gá go slógfaí na ráthaíochtaí a tugadh faoi bhuiséad ghinearálta an Aontais do na hiasachtaí a tugadh faoin tSaoráid Comhardaithe Íocaíochta nó faoin Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (2) agus i Rialachán (AE) Uimh 407/2010 ón gComhairle (3), faoi seach, ba cheart an méid atá riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochta CAI, agus uasteorainn na n-acmhainní dílse á hurramú ag an am céanna.

(7)

Ba cheart CAI a leagan síos i bpraghsanna 2011. Ba cheart freisin na rialacha a leagan síos chun coigeartú teicniúil a dhéanamh ar CAI chun go ndéanfar na huasteorainneacha agus na corrlaigh atá ar fáil a athríomh.

(8)

Níor cheart go n-áireofaí ar CAI na míreanna buiséid a mhaoinítear trí ioncam sannta de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (an "Rialachán Airgeadais").

(9)

D'fhéadfadh sé gur ghá an Rialachán seo a athbhreithniú má thagann imthosca gan choinne chun cinn nach bhféadfar déileáil leo laistigh de na huasteorainneacha a bhunaítear mar chuid de CAI. Ní mór, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh d'athbhreithniú ar CAI i gcásanna den sórt sin.

(10)

Ba cheart rialacha a leagan síos do chásanna eile lena bhféadfaí a éileamh go ndéanfaí CAI a choigeartú nó a athbhreithniú. D'fhéadfadh sé go mbeadh coigeartuithe nó athbhreithnithe den sórt sin bainteach le cur chun feidhme an bhuiséid, le bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta, le hathbhreithniú ar na Conarthaí, le méadú, le hathaontú na Cipire nó le glacadh moillithe rialacha nua lena rialaítear réimsí áirithe beartais.

(11)

Bunaítear na himchlúdaigh náisiúnta don bheartas comhtháthaithe ar bhonn na sonraí staidrimh agus na réamhaisnéisí a úsáidtear do nuashonrú a rinneadh i mí Iúil 2012 ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin seo. Agus na neamhchinnteachtaí maidir le réamhaisnéisiú agus an tionchar ar na Ballstáit chaidhpeáilte á gcur san áireamh, chomh maith le cás an-deacair na mBallstát atá thíos leis an ngéarchéim, déanfaidh an Coimisiún, in 2016, athscrúdú ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoin sprioc "Infheistíocht le haghaidh fáis agus post" atá sa bheartas comhtháthaithe do na blianta 2017 go 2020.

(12)

Ní mór foráil a dhéanamh do rialacha ginearálta maidir le comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach.

(13)

Ni mór rialacha sonracha a bheith ann freisin chun déileáíl le tionscadail bhonneagair ar mhórscála a mbíonn saolré i bhfad níos faide acu ná an tréimhse a leagtar síos do CAI. Ní mór na méideanna uasta a bhunú do na ranníocaíochtaí ó bhuiséad ghinearálta an Aontais do na tionscadail sin, agus a áirithiú ar an gcaoi sin nach mbeidh aon tionchar acu ar thionscadail eile a mhaoinítear leis an mbuiséad sin.

(14)

Ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún togra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil nua roimh an 1 Eanáir 2018, chun go gcuirfear ar chumas na n-institiúidí é a ghlacadh in am is i dtráth sula gcuirfear tús leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil ina dhiaidh sin. Ba cheart go leanfadh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige i gcás nach nglacfar creat nua airgeadais roimh dheireadh théarma CAI a leagtar síos sa Rialachán seo.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún agus ghlac siad tuairimí (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Creat Airgeadais Ilbhliantúil

Leagtar amach an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 ("CAI") san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Athscrúdú/athbhreithniú meántéarma ar CAI

Faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí, tíolacfaidh an Coimisiún athscrúdú ar fheidhmiú CAI agus an staid eacnamaíoch ag an tráth sin á chur san áireamh ina hiomláine chomh maith leis na réamh-mheastacháin maicreacnamaíocha is déanaí. Maidir leis an athscrúdú éigeantach seo, beidh togra reachtach le haghaidh athbhreithnithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i CFAE, de réir mar is iomchuí. Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, ní laghdófar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte trí athbhreithniú den sórt sin.

Airteagal 3

Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a mbeidh an buiséad don bhliain lena mbaineann á chur chun feidhme acu, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a leagtar amach i CAI a chomhlíonadh.

Bunaítear an fho-uasteorainn do Cheannteideal 2 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún 1 CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

2.   Áiritheofar leis na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 9 go hAirteagal 15 solúbthacht CAI agus déanfar iad a leagan síos chun go bhféadfar an nós imeachta buiséid a reáchtáil ar bhealach rianúil. Féadfar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chur isteach sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha na gceannteideal ábhartha a leagtar síos i CAI i gcás inar gá leas a bhaint as na hacmhainní ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála, ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, ón Ionstraim Sholúbthachta, ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, ón gCorrlach Teagmhasach, ón tsolúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú agus ón gcorrlach foriomlán le haghaidh oibleagáidí i ndáil leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, go háirithe i ndáil leis an dífhostaíocht i measc an ógra, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 2012/2002 ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (8)

3.   I gcás nach mór go slógfaí ráthaíocht le haghaidh iasachta a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 nó le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010, beidh sí de bhreis ar na huasteorainneacha a leagtar síos i CAI.

Airteagal 4

Uasteorainn na n-acmhainní dílse a urramú

1.   I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach d'acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom, as na leithreasaí iomlána do na híocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus tar éis aon choigeartuithe agus athbhreithnithe eile, chomh maith le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 3, a chur san áireamh.

2.   I gcás inar gá, déanfar na huasteorainneacha a leagfar síos i CAI a ísliú trí athbhreithniú lena áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.

Airteagal 5

Corrlach foriomlán d'íocaíochtaí

1.   Gach bliain, ag tosú in 2015, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfaidh an Coimisiún an uasteorainn íocaíochta do na blianta 2015-2020 ar aghaidh a choigeartú suas le méid a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus uasteorainn íocaíochta CAI bhliain n-1.

2.   Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla thar na méideanna uasta seo a leanas (i bpraghsanna 2011) do na blianta 2018-2020 i gcomparáid leis an mbun-uasteorainn íocaíochta do na blianta ábhartha:

 

2018 - EUR 7 billiún

 

2019 - EUR 9 billiún

 

2020 - EUR 10 billiún

3.   Déanfar aon choigeartú suas a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta do bhliain n-1.

Airteagal 6

Coigeartuithe teicniúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún na coigeartaithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:

(a)

athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus do leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí;

(b)

ríomhfaidh sé an corrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom;

(c)

ríomhfaidh sé dearbhmhéid an Chorrlaigh Theagmhasaigh dá bhforáiltear in Airteagal 13;

(d)

ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'íocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5;

(e)

ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14;

2.   Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn díbhoilsceora shocraithe 2 % in aghaidh na bliana.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na bun- réamhaisnéisí eacnamaíocha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Gan dochar d'Airteagal 7 agus d'Airteagal 8, ní dhéanfar aon choigeartuithe teicniúla eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex-post sna blianta ina dhiaidh sin.

Airteagal 7

Coigeartú a dhéanamh ar na himchlúdaigh beartais chomhtháthaithe

1.   D'fhonn cás an-deacair na mBallstát atá thíos leis an ngéarchéim a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, in 2016, i dteannta leis an gcoigeartú teicniúil don bhliain 2017, athscrúdú ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoin sprioc "Infheistíocht le haghaidh fáis agus post" atá sa bheartas comhtháthaithe do na blianta 2017 go 2020, agus an modh leithdháilte a shainmhínítear sa ghníomh bunúsach ábhartha ar bhonn an staidrimh ba dhéanaí a bhí ar fáil ag an am sin agus ar bhonn na comparáide, do na Ballstáit chaidhpeáilte, idir OTI náisiúnta carnaithe breathnaithe do na blianta 2014 agus 2015 agus OTI náisiúnta carnaithe a measadh sa bhliain 2012. Déanfaidh sé na leithdháiltí iomlána sin a choigeartú aon uair a bheidh éagsúlacht charnach níos mó ná +/-5 % ann.

2.   Déanfar na coigeartuithe a éilítear a leathadh i gcodanna cothroma thar na blianta 2017 go 2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a mhodhnú dá réir. Déanfar na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochta a mhodhnú dá réir freisin le forchéimniú ordúil a áirithiú maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí.

3.   Sa choigeartú teicniúil a dhéanfaidh an Coimisiún do 2017, tar éis an athscrúdaithe meántéarma ar incháilitheacht na mBallstát le haghaidh an Chiste Comhtháthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 90(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i gcás ina mbeidh Ballstát incháilithe go húrnua le haghaidh an Chiste Comhtháthaithe nó ina gcaillfidh sé an incháilitheacht a bhí aige cheana, cuirfidh an Coimisiún na méideanna a bheidh ann mar thoradh air sin leis na cistí a leithdháilfear ar an mBallstát do na blianta 2017 go 2020 nó bainfidh sé na méideanna sin ó na cistí sin.

4.   Déanfar na coigeartuithe a éilítear, atá mar thoradh ar mhír 3, a leathadh i gcodanna cothroma thar na blianta 2017 go 2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a mhodhnú dá réir. Déanfar na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochta a mhodhnú freisin chun forchéimniú ordúil a áirithiú maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí.

5.   Ní rachaidh glanéifeacht iomlán na gcoigeartuithe, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, thar EUR 4 billiún, bíodh an éifeacht sin dearfach nó diúltach.

Airteagal 8

Coigeartuithe a bhaineann le bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-oibleagáidí buiséadacha a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhthéacs bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an ngníomh bunúsach ábhartha, na hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí a aistriú go dtí na blianta ina dhiaidh sin. Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí agus a bhaineann le bliain n, ní fhéadfar buiséad a athdhéanamh dóibh i ndiaidh bhliain n+3.

CAIBIDIL 2

Ionstraimí speisialta

Airteagal 9

An Cúlchiste um Chabhair Éigeandála

1.   Beartaítear leis an gCúlchiste um Chabhair Éigeandála go mbeifear in ann freagairt mhear a thabhairt ar riachtanais shonracha chabhrach na dtríú tíortha tar éis imeachtaí nach bhféadfaí a réamh-mheas nuair a bunaíodh an buiséad, le haghaidh oibríochtaí daonnúla ar an gcéad dul síos, ach le haghaidh bhainistiú géarchéime sibhialta agus chosaint shibhialta freisin, agus le haghaidh cásanna a mbeidh brú faoi leith ag baint leo a eascróidh as sreafaí imirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais i gcás ina n-éileofar sin leis na himthosca.

2.   Socraítear méid bliantúil an Chúlchiste ag EUR 280 milliún (i bpraghsanna 2011) agus féadfar é a úsáid go dtí bliain n+1 i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Déanfar an Cúlchiste a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh an chuid sin den mhéid bliaintúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.

Airteagal 10

Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

1.   Beartaítear le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh cúnamh airgeadais a thabhairt i gcás ina dtarlóidh tubaistí ollmhóra ar chríoch Bhallstáit nó tíre iarrthóra, mar a shainmhínítear sa ghníomh ábhartha bunúsach. Beidh uasteorainn EUR 500 milliún (i bpraghsanna 2011) ar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh an Chiste sin. An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid den uasmhéid bliantúil fós ar fáil d'fhonn na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach. Féadfar an chuid den mhéid bliantúil nach gcuirfear sa bhuiséad a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh an chuid sin den mhéid bliaintúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.

2.   I gcásanna eisceachtúla agus mura mbeidh na hacmhainní airgeadais a bheidh fós ar fáil faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa bhliain a tharlóidh an tubaiste, mar a shainmhínítear sa ghníomh ábhartha bunúsach é, leordhóthanach chun an méid cúnaimh a measfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeidh gá leis a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú trí na méideanna bliantúla a bheidh ar fáil don bhliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 11

An Ionstraim Sholúbthachta

1.   Beartaítear leis an Ionstraim Sholúbthachta, i gcás bliana airgeadais faoi leith, go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú, ar caiteachas é a shainaithneofar go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheidh ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Beidh uasteorainn EUR 471 milliún (i bpraghsanna 2011) ar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta.

2.   Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid bliantúil den Ionstraim Sholúbthachta a úsáid suas go bliain n+3. Déanfar an chuid den mhéid bliantúil a eascraíonn ó na blianta roimhe sin a úsáid ar dtús, de réir aoise. Rachaidh an chuid sin den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+3 in éag.

Airteagal 12

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1.   Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a sainmhínítear na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, thar uasmhéid bhliantúil EUR 150 milliún (i bpraghsanna 2011).

2.   Déanfar na leithreasaí don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

Airteagal 13

An Corrlach Teagmhasach

1.   Déanfar Corrlach Teagmhasach suas le 0.03 % d'Ollioncam Náisiúnta an Aontais a chruthú lasmuigh d'uasteorainneacha CAI, mar ionstraim a bheadh le húsáid mar an rogha deireanach chun freagairt d'imthosca gan choinne. Ní fhéadfar é a shlógadh ach i dtaca le buiséad leasaitheach nó le buiséad bliantúil.

2.   An méid a rachfar ar iontaoibh an chorrlaigh theagmhasaigh, ní rachaidh sé, in aon bhliain ar leith, thar an uasmhéid dá bhforáiltear sa choigeartú teicniúil bliantúil a dhéanfar ar CAI agus beidh sé i gcomhréir le huasteorainn na n-acmhainní dílse.

3.   Na méideanna a chuirfear ar fáil tríd an Corrlach Teagmhasach a shlógadh, déanfar iad a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de na ceannteidil CAI don bhliain reatha airgeadais nó do na blianta airgeadais amach anseo.

4.   Na méideanna a dhéanfar a fhritháireamh amhlaidh, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI. I gcás ina rachfar ar iontaoibh an Chorrlaigh Theagmhasaigh, ní bheidh mar thoradh ar an dul ar iontaoibh sin go rachfar thar uasteorainneacha iomlána na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí le haghaidh íocaíochtaí a leagtar síos i CAI don bhliain reatha airgeadais agus do na blianta airgeadais amach anseo.

Airteagal 14

An corrlach foriomlán le haghaidh oibleagáidí i ndáil leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, go háirithe i ndáil leis an dífhostaíocht i measc an ógra

1.   Beidh na corrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteoraineacha CAI do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do na blianta 2014 go 2017 mar Chorrlach Foriomlán CAI le haghaidh oibleagáidí, a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha a bhunaítear i CAI do na blianta 2016 go 2020 le haghaidh cuspóirí beartais a bhaineann leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, go háirithe an fhostaíocht i measc an ógra.

2.   Gach bliain, mar chuid den choigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 6, ríomhfaidh an Coimisiún an méid a bheidh ar fáil. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh de bhun Airteagal 314 CFAE, Corrlach Foriomlán CAI nó cuid de a shlógadh.

Airteagal 15

Solúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú

Féadfar suas le EUR 2 543 milliún (i bpraghsanna 2011) a thúsualú in 2014 agus in 2015, mar chuid den nós imeachta bliantúil buiséadach, do chuspóirí sonracha beartais a bhaineann leis an dífhostaíocht i measc an ógra, leis an taighde, le ERASMUS do phríntíseachtaí go háirithe, agus le Fiontair Bheagmhéide agus Mheánmhéide. Déanfar an méid sin a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh leithreasaí laistigh de cheannteidil agus/nó idir ceannteidil chun nach ndéanfar athrú ar na huasteorainneacha iomlána bliantúla don tréimhse 2014 go 2020 ná ar an leithdháileadh iomlán in aghaidh an cheannteidil nó in aghaidh an fho-cheannteidil le linn na tréimhse.

Airteagal 16

Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála

1.   Beidh uasmhéid EUR 6 300 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil do chláir Eorpacha loingseoireachta satailíte (EGNOS agus Galileo) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.

2.   Beidh uasmhéid EUR 2,707 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil don tionscadal d'Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITTI) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.

3.   Beidh uasmhéid EUR 3,786 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil do Copernicus (an Clár Eorpach um Fhaire na Cruinne) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.

CAIBIDIL 3

Athbhreithniú

Airteagal 17

Athbhreithniú ar CAI

1.   Gan dochar d'Airteagal 4(2), d'Airteagal 18 go hAirteagal 22 agus d'Airteagal 25, má thagann imthosca gan choinne chun cinn, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar CAI i gcomhlíonadh uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.

2.   Mar riail ghinearálta, déanfar aon togra le haghaidh athbhreithnithe ar CAI i gcomhréir le mír 1 a thíolacadh agus a ghlacadh sula gcuirfear tús leis an nós imeachta buiséadach don bhliain nó don chéad cheann de na blianta lena mbaineann.

3.   In aon togra le haghaidh athbhreithnithe ar CAI i gcomhréir le mír 1, scrúdófar an raon feidhme atá ann chun caiteachas a ath-leithdháileadh idir na cláir a chumhdaítear leis an gceannteideal lena mbaineann an t-athbhreithniú, agus tagairt faoi leith á déanamh d'aon tearcúsáid a mheastar a bhainfear as leithreasaí. Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir go mbeadh méid suntasach, i ndearbhthéarmaí agus mar chéatadán den chaiteachas nua a bheartófar, laistigh den uasteorainn atá ann cheana don cheannteideal.

4.   Cuirfear san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1, an raon feidhme atá ann chun aon ardú a dhéanfar ar an uasteorainn do cheannteideal amháin a fhritháireamh trí ísliú a dhéanamh ar an uasteorainn do cheannteideal eile.

5.   Coimeádfar gaol iomchuí idir oibleagáidí agus íocaíochtaí in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 18

Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme

Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé aon tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasaí iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leis na tograí sin roimh 1 Bealtaine bhliain n.

Airteagal 19

Athbhreithniú mar thoradh ar rialacha nua nó ar chláir nua le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Comhtháthaithe, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh, an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí

1.   I gcás ina nglacfar rialacha nua nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2014 i ndáil leis na Cistí Struchtúracha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, déanfar CAI a athbhreithniú chun go ndéanfar na leithdháiltí nár úsáideadh in 2014 a aistriú chuig na blianta ina dhiaidh sin, de bhreis ar na huasteorainneacha comhfhreagracha caiteachais.

2.   Glacfar an t-athbhreithniú a bhaineann leis an leithdháileadh don bhliain 2014 nár úsáideadh a aistriú roimh an 1 Bealtaine 2015.

Airteagal 20

Athbhreithniú ar CAI i gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar na Conarthaí

Má dhéantar athbhreithniú ar na Conarthaí idir 2014 agus 2020, ar athbhreithniú é lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 21

Athbhreithniú ar CAI i gcás ina méadófar an tAontas

Má tharlaíonn aontachas amháin nó níos mó leis an Aontas idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.

Airteagal 22

Athbhreithniú ar CAI i gcás athaontú na Cipire

I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.

Airteagal 23

Comhar idirinstitiúideach sa nós imeacht buiséadach

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (dá ngairtear "na hinstitiúidí" anseo feasta) bearta chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú.

Comhoibreoidh na hinstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta d'fhonn a seasaimh a thabhairt le chéile. Comhoibreoidh na hinstitiúidí, ag gach céim den nós imeachta, trí na teagmhálacha idirinstiúideacha iomchuí chun go ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn na hoibre agus go ndéanfar anailís ar mhéid an chóineasaithe.

Áiritheoidh na hinstitiúidí go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a sheoladh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe, agus go mbeidh glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais mar thoradh air.

Féadfar cruinnithe tríthaobhacha a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a mbeifear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a shainiú agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha maidir leis na socruithe le haghaidh na gcruinnithe.

Airteagal 24

Aontacht an bhuiséid

Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus Euratom i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d'aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.

Airteagal 25

Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Roimh an 1 Eanáir 2018, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creata nua airgeadais ilbhliantúil.

Mura ndéanfar aon rialachán ón gComhairle a ghlacadh lena gcinnfear creat nua airgeadais ilbhliantúil roimh an 31 Nollaig 2020, déanfar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a chomhfreagraíonn don bhliain dheireanach de CAI a shíneadh go dtí go nglacfar rialachán lena gcinnfear creat nua airgeadais. Má aontaíonn Ballstát nua don Aontas tar éis 2020, déanfar an creat airgeadais sínithe a athbhreithniú, más gá, chun go gcuirfear an t-aontachas san áireamh.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 2 Nollaig 2013.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. GUSTAS


(1)  Cinneadh 2007/436/CE, Euratom an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 163, 23.6.2007, lch 17).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena gcuirtear cúnamh airgeadais meántéarma ar fáil do chomhardú íocaíochta na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch1).

(3)  Rialachán ón gComhairle (AE) Uimh. 407/2010 an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)

(5)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le 'Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020' (IO C 229, 31.7.2012, lch. 32); Tuairim ó Choiste na Réigiún maidir le 'Creat Nua Airgeadais Ilbhliantúil i ndiaidh 2013' (IO C 391, 18.12.2012, lch. 31).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch 3)

(7)  Rialachán (CE) Uimh 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú(IO L 406, 30.12.2006, lch. 1).

(8)  Comhaontú Idirinstiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-28)

(EUR milliún - i bpraghsanna 2011)

LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán 2014-2020

1.

Fás Cliste agus Cuimsitheach

60 283

61 725

62 771

64 238

65 528

67 214

69 004

450 763

1a:

Iomaíochas don fhás agus do phoist

15 605

16 321

16 726

17 693

18 490

19 700

21 079

125 614

1b:

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

44 678

45 404

46 045

46 545

47 038

47 514

47 925

325 149

2.

Fás inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha

55 883

55 060

54 261

53 448

52 466

51 503

50 558

373 179

ar a bhfuil: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

41 585

40 989

40 421

39 837

39 079

38 335

37 605

277 851

3.

Slándáil agus saoránacht

2 053

2 075

2 154

2 232

2 312

2 391

2 469

15 686

4.

An Eoraip Dhomhanda

7 854

8 083

8 281

8 375

8 553

8 764

8 794

58 704

5.

Riarachán

8 218

8 385

8 589

8 807

9 007

9 206

9 417

61 629

ar a bhfuil: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

6 649

6 791

6 955

7 110

7 278

7 425

7 590

49 798

6.

Cúiteamh

27

0

0

0

0

0

0

27

IOMLÁN NA LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

134 318

135 328

136 056

137 100

137 866

139 078

140 242

959 988

mar chéatadán de OIN

1,03 %

1,02 %

1,00 %

1,00 %

0,99 %

0,98 %

0,98 %

1,00 %

 

IOMLÁN NA LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTA

128 030

131 095

131 046

126 777

129 778

130 893

130 781

908 400

mar chéatadán de OIN

0,98 %

0,98 %

0,97 %

0,92 %

0,93 %

0,93 %

0,91 %

0,95 %

An Corrlach atá ar fáil

0,25 %

0,25 %

0,26 %

0,31 %

0,30 %

0,30 %

0,32 %

0,28 %

Uasteorainn na n-acmhainní dílse mar chéatadán de OIN

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %


Top