EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1302

Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

OJ L 347, 20.12.2013, p. 303–319 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1302/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

303


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1302/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ghlac an Coimisiún an 29 Iúil 2011 tuarascáil le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus le haghaidh na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. D'fhógair an Coimisiún, sa tuarascáil sin, go bhfuil sé ar intinn aige líon teoranta modhnuithe a mholadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 chun bunú agus oibriú EGTCanna a éascú, agus ina theannta sin chun soiléiriú ar fhorálacha áirithe atá ann cheana a mholadh. Ba cheart fáil réidh le bacainní in aghaidh EGTCanna nua a bhunú agus ag an am céanna oibriú EGTCanna atá ann cheana a éascú agus leanúnachas a chothabháil iontu, rud a chiallóidh go mbeifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as EGTCanna chun cur le comhleanúnachas beartas níos fearr agus le comhar níos fearr idir comhlachtaí poiblí gan ualach breise ar ranna rialacháin náisiúnta nó ar ranna rialacháin Aontais a chruthú.

(2)

Ba cheart dá chomhaltaí agus dá n-údarás náisiúnta a chinneadh EGTC a bhunú, agus ní nascann sé go huathoibríoch le haon bhuntáistí dlíthiúla nó airgeadais ar leibhéal an Aontais.

(3)

Le Conradh Liospóin, cuireadh gné chríochach leis an mBeartas Comhtháthaithe agus cuireadh 'Aontas' in ionad 'Comhphobal'. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarmaíocht nua a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.

(4)

Féadfaidh EGTCanna acmhainneacht a bheith acu chun forbairt chomhchuí an Aontais ina iomláine a chur chun cinn agus a bhaint amach mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a réigiún go háirithe agus cuidiú le spriocanna straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ('straitéis Eoraip 2020') a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh EGTCanna rannchuidiú ar bhealach dearfach le bacainní ar chomhar críochach idir réigiúin a laghdú, ar réigiúin iad a ndéanann míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha troma agus buana díobháil dóibh, lena n-áirítear staid shonrach na réigiún is forimeallaí, agus d'fhéadfaidís a bheith fíorthábhachtach i neartú an chomhair idir tríú tíortha, tíortha agus críocha thar lear ('OTCanna')agus réigiúin teorann an Aontais, lena n-áirítear trí chláir Aontais um chomhar seachtrach a úsáid.

(5)

Léiríonn taithí le EGTCanna atá bunaithe go dtí seo go bhfuil EGTCanna, mar ionstraim dlí, á n-úsáid freisin don chomhar i gcomhthéacs bheartas an Aontais seachas an Beartas Comhtháthaithe, lena n-áirítear trí chláir nó codanna de chláir a chur chun feidhme le tacaíocht airgeadais Aontais seachas an tacaíocht faoin mBeartas Comhtháthaithe. Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht EGTCanna a fheabhsú trí nádúr EGTCanna a leathnú, trí dheireadh a chur le bacainní dianseasmhacha agus trí bhunú agus oibriú EGTCanna a éascú agus ag an am céanna cumas na mBallstát teorainn a chur leis na gníomhaíochtaí a bhfuil EGTCanna in ann a dhéanamh gan tacaíocht airgeadais Aontais á chothabháil. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ón gComhairle, tá an inniúlacht dhlítheanach is leithne a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlí naisiúnta an Bhallstáit sin ag EGTCanna i ngach Ballstát, lena n-áirítear an fhéidearthacht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le EGTCanna eile, nó le heintitis dhlíthiúla eile, chun c tionscadail chomhair a chur i gcrích chun, inter alia, foráil a dhéanamh d'oibriú níos éifeachtúla straitéisí macrairéigiúnacha.

(6)

De réir sainmhínithe, oibríonn EGTCanna i níos mó ná Ballstát amháin. Dá réir sin, foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 go bhféadfar an dlí is infheidhme maidir le saincheisteanna áirithe a lua i gcoinbhinsiún EGTC agus i reachtanna EGTC. Ba cheart soiléiriú a thabhairt maidir leis na cásanna ina bhfuil ráitis den sórt sin chun tosaíocht a thabhairt, laistigh d'ordlathas an dlí is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán sin, do dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC. Ag an am céanna, ba cheart forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir leis an dlí is infheidhme a leathnú go dtí gníomhartha agus gníomhaíochtaí EGTC atá faoi réir grinnscrúdaithe dhlíthiúil a dhéanfaidh na Ballstáit i ngach cás ar leith.

(7)

Mar thoradh ar stádas éagsúil comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha i mBallstáit, is féidir go mbeadh inniúlachtaí atá réigiúnach ar thaobh amháin de theorainn bheith náisiúnta ar an taobh eile, go háirithe i mBallstáit bheaga nó i mBallstáit láraithe. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh údaráis náisiúnta in ann teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC i dteannta an Bhallstáit.

(8)

Cé go gceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 go bhféadfaidh comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí príobháideach teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC ar choinníoll go meastar gur comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí iad faoi mar a shainmhínítear é i dTreoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ba cheart go bhféadfaí EGTCanna a úsáid sa todhchaí chun seirbhísí poiblí a bhfuil fócas ar leith acu ar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta nó ar bhonneagar a bhainistiú go comhpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaithe dlí phríobháidigh nó phoiblí eile in ann teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC freisin. Dá dhroim sin, 'gnóthais phoiblí' faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus gnóthais ar cuireadh ar a n-iontaoibh oibriú seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, i réimsí amhail oideachas agus oiliúint, cúram leighis, riachtanais shóisialta i dtaca le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar an margadh saothair agus ath-lánpháirtiú ann, tithíocht shóisialta agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha, ba cheart iad a chumhdach freisin.

(9)

I Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, níl rialacha mionsonraithe ann maidir le rannpháirtíocht na n-eintiteas ó thríú tíortha in EGTC a bunaíodh i gcomhréir leis an Rialachán sin, i.e. idir comhaltaí ó dhá Bhallstát ar a laghad. I bhfianaise na rialacha lena rialaítear an comhar idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó a bheith á n-ailíniú tuilleadh, go príomha i gcomhthéacs comhair trasteorann faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), ach, freisin, i gcomhthéacs maoinithe chomhlántaigh faoin gCiste Eorpach Forbraíochta (EDF), agus comhair thrasnáisiúnta faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, sa chás ina bhfuil leithdháiltí ó ENI agus ó IPA II le haistriú d'fhonn leithdháiltí den sórt sin a chomhthiomsú le leithdháiltí ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) faoi chláir chomhair chomhpháirteacha, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le rannpháirtíocht chomhaltaí ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, in EGTCanna a bhunaítear idir dhá Bhallstát ar a laghad. Ba cheart gurbh fhéidir sin a dhéanamh i gcás ina gceadaítear amhlaidh i reachtaíocht tríú tíre nó i gcomhaontuithe idir Ballstát amháin atá rannpháirteach, ar a laghad, agus tríú tír.

(10)

Chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú agus dá bhrí sin chun éifeachtacht an chomhair chríochaigh, go háirithe, a threisiú, lena n-áirítear sraith amháin nó níos mó arb iad an comhar trasteorann, an comhar trasnáisiúnta agus an comhar idir-réigiúnach idir comhaltaí de chuid EGTC, ba cheart rannpháirtíocht tríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, a cheadú in EGTC. Ba cheart, dá dhroim sin, d'oibríochtaí faoi chláir um chomhar críochach Eorpach atá á gcómhaoiniú ag an Aontas leanúint de chuspóirí de chuid Bheartas Comhtháthaithe an Aontais a shaothrú, fiú más rud é go gcuirtear chun feidhme iad, i bpáirt nó ina n-iomláine, lasmuigh de chríoch an Aontais, agus, dá dhroim sin, go ndéantar gníomhaíochtaí EGTC a chur i gcrích, go pointe áirithe ar a laghad, lasmuigh de chríoch an Aontais freisin. Sa chomhthéacs seo, agus i gcás inarb iomchuí, is go teagmhasach amháin a bheidh rannchuidiú ghníomhaíochtaí EGTC a bhfuil comhaltaí aige freisin ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit amháin ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, le cuspóirí beartais ghníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais, amhail na cuspóirí a bhaineann le comhar um fhorbairt nó le comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil, ós rud é gur cheart go ndíreodh croílár na gclár comhair i dtrácht agus dá dhroim sin gníomhaíochtaí de chuid EGTC sin ar chuspóirí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais go príomha. Dá dhroim sin, is amhlaidh gur coimhdeach le cuspóirí comhair chríochaigh bunaithe ar bheartas comhtháthaithe idir na Ballstáit, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, agus é sin amháin, atá na cuspóirí a bhaineann le haon chomhar um fhorbairt nó le haon chomhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil idir aon Bhallstát amháin, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus tríú tír amháin nó níos mó. Dá bhrí sin, tá tríú mír Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ina bhunús dlí leordhóthanach chun an Rialachán seo a ghlacadh.

(11)

De thoradh an údaraithe do rannpháirtíocht údarás náisiúnta, réigiúnach, foréigiúnach agus áitiúil agus eagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha, fo-réigiúnacha agus áitiúla mar aon, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí nó institiúidí poiblí eile, lena n-áirítear soláthróirí seirbhísí poiblí, ó OCT in EGTC, bunaithe ar Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (6) agus á chur san áireamh go bhfuil, i gcás chlárthréimhse 2014-2020, leithdháileadh speisialta breise airgeadais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le déanamh chun comhar na réigiún is forimeallaí den Aontas le tríú tíortha agus le cuid d'OCTanna mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE agus atá i gcomharsanacht do na réigiúin is forimeallaí sin a neartú, ba cheart go mbeadh EGTCanna, mar ionstraim dlí, ar oscailt freisin do chomhaltaí ó OCTanna. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus le trédhearcacht ba cheart nósanna imeachta speisialta formheasta a bhunú d'aontachas comhaltaí ó OCT le EGTC lena n-áirítear ina leith sin, i gcás inar gá, rialacha speisialta i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le EGTC ábhartha ina bhfuil comhaltaí ó OCT.

(12)

Déantar idirdhealú i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 idir an coinbhinsiún lena leagtar síos eilimintí bunaitheacha EGTC todhchaí agus na reachtanna lena leagtar amach na heilimintí cur chun feidhme. Faoin Rialachán sin, áfach, ní foláir forálacha uile an choinbhinsiúin a bheith sna reachtanna atá ann faoi láthair. Cé go mbeidh an coinbhinsiún agus na reachtanna araon le seoladh chuig na Ballstáit, is doiciméid faoi leith iad, agus ba cheart an nós imeachta formheasta a bheith teoranta don choinbhinsiún. Sa bhreis air sin, ba cheart ina ionad sin gur sa choinbhinsiún a chumhdófaí roinnt eilimintí atá cumhdaithe sna reachtanna faoi láthair.

(13)

Léiríonn an taithí a fuarthas ó EGTCanna a bhunú gurbh annamh a urramaíodh an tréimhse trí mhí chun nós imeachta formheasta na mBallstát a fháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an tréimhse sin a fhadú go dtí sé mhí. Ar an lámh eile, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ndiaidh na tréimhse sin, ba cheart go measfaí an coinbhinsiún a bheith formheasta trí chomhaontú intuigthe, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear a gceanglais bhunreachtúla faoi seach. Ba cheart, áfach, go mbeadh ar an mBallstát ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú an coinbhinsiún a fhormheas go foirmiúil. Cé gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis an nós imeachta i ndáil le rannpháirtíocht chomhalta ionchasaigh in EGTC a fhormheas nó rialacha sonracha a chruthú faoi chuimsiú na rialacha náisiúnta lena ndéantar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur chun feidhme, ba cheart go gcoiscfí maoluithe ar an bhforáil maidir le comhaontú intuigthe tar éis na tréimhse sé mhí, ach amháin mar a fhoráiltear sa Rialachán seo.

(14)

Ba cheart na forais atá ag Ballstát le gan rannpháirtíocht comhalta ionchasach a fhormheas nó le gan an coinbhinsiún a fhormheas a leagan amach. Le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhformheas sin, níor cheart, áfach, aon dlí náisiúnta lena gceanglaítear rialacha agus nósanna imeachta seachas iad sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur san áireamh.

(15)

Toisc nach féidir feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 i dtríú tíortha, ba cheart don Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú, agus rannpháirtíocht chomhaltaí ionchasacha ó thríú tiortha, arna mbunú faoi dhlí na dtríú tíortha sin, á formheas aige, deimhin a dhéanamh de, i gcomhairle leis na Ballstáit sin ar faoina ndlíthe a bunaíodh comhaltaí ionchasacha eile d'EGTC, go bhfuil curtha i bhfeidhm ag na tríú tíortha coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 nó gur ghníomhaigh siad i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit de Chomhairle na hEorpa, cibé an Ballstáit iad de chuid an Aontais iad freisin nó nach ea, bunaithe ar an gCoinbhinsiún Imlíneach Eorpach maidir le Comhar Trasteorann idir Pobail nó Údaráis Chríochacha, arna shíniú i Maidrid an 21 Bealtaine 1980, agus ar na Prótacail bhreise a glacadh dá bhun. Ba cheart a shonrú freisin i gcás rannpháirtíocht roinnt Ballstát de chuid an Aontais agus tríú tír amháin nó níos mó, gur cheart gur leor é comhaontú den sórt sin a bheith tugtha i gcrích idir an tríú tír faoi seach agus Ballstát rannpháirteach amháin de chuid an Aontais.

(16)

Chun aontachas comhaltaí nua le EGTC atá ann cheana a spreagadh, ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta chun coinbhinsiúin i gcásanna den sórt sin a leasú. Dá dhroim sin, i gcás comhalta nua ó Bhallstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana, níor cheart fógra i dtaobh leasuithe den sórt sin a thabhairt do gach Ballstát rannpháirteach, ach ba cheart é a thabhairt don Bhallstát a bhfuil an comhalta ionchasach nua bunaithe faoina dhlíthe náisiúnta agus don Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC, agus dóibh sin amháin. Maidir le haon leasú a dhéantar ina dhiaidh sin ar an gcoinbhinsiún, ba cheart fógra ina thaobh a thabhairt do na Ballstáit go léir lena mbaineann. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag simpliú den sórt sin ar an nós imeachta leasaitheach i gcás comhalta ionchasaigh nua ó Bhallstát nach bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana, ó thríú tír, nó ó OCT, mar is gá cur ar chumas gach Ballstáit rannpháirtigh a sheiceáil an bhfuil aontachas den sórt sin i gcomhréir lena leas poiblí nó lena bheartas poiblí.

(17)

I bhfianaise na nasc idir Ballstáit agus OCTanna, ba cheart go mbeadh na Ballstáit sin bainteach leis na nósanna imeachta chun rannpháirtíocht na gcomhaltaí ionchasacha ó OCTanna a fhormheas. I gcomhréir leis an gcaidreamh sonrach rialachais idir an Ballstát agus OCT, ba cheart don Bhallstát rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh ó OCT a fhormheas nó deimhniú i scríbhinn a chur ar fáil don Bhallstát, ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EFTC le lonnú, go bhfuil na húdaráis inniúla in OCT tar éis rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh a fhormheas i gcomhréir le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcás comhalta ionchasaigh ó OCT ar mian leis a bheith páirteach in EGTC atá ann cheana.

(18)

Toisc nach bhfuil forálacha uile an choinbhinsiúin le bheith sna reachtanna a thuilleadh, ba cheart idir an coinbhinsiún agus na reachtanna a chlárú nó a fhoilsiú, nó a chlárú agus a fhoilsiú. Sa bhreis air sin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart fógra maidir leis an gcinneadh lena mbunaítear EGTC a fhoilsiú i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart go mbeadh na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo san fhógra sin.

(19)

Ba cheart cuspóir EGTC a leathnú chun éascú agus chun cur chun cinn comhair chríochaigh i gcoitinne a chuimsiú, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus bainistiú ábhar imní réigiúnach agus áitiúil i gcomhréir leis an mBeartas Comhtháthaithe agus le beartais eile de chuid an Aontais, rud a rannchuideoidh le straitéis Eoraip 2020 nó le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh EGTC in ann oibríochtaí a chur chun feidhme le tacaíocht airgeadais seachas an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil trí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh ag gach comhalta as gach Ballstát agus as gach tríú tír a bhfuil ionadaíocht aige gach inniúlacht atá ag teastáil le haghaidh fheidhmiú éifeachtach EGTC, ach amháin mura ndéanann an Ballstát nó an tríú tír rannpháirtíocht comhalta a bhunaítear faoina dhlí náisiúnta a fhormheas, fiú amháin sa chás nach bhfuil inniúlacht ag an gcomhalta sin do na cúraimí go léir a shonraítear sa choinbhinsiún.

(20)

Mar ionstraim dlí, níl sé beartaithe go rachadh EGTCanna timpeall an chreata arna sholáthar ag acquis Chomhairle na hEorpa, ar acquis é a sholáthraíonn deiseanna agus creataí éagsúla inar féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla comhoibriú thar theorainneacha lena n-áirítear na Grúpálacha Comhair Eora-Réigiúnacha (7) a bunaíodh le déanaí, nó níl sé le tacar comhrialacha sonracha a sholáthar a rialódh go haonfhoirmeach na socruithe uile den sórt sin ar fud an Aontais.

(21)

Cúraimí sonracha EGTC mar aon leis an bhféidearthacht atá ag Ballstáit teorainn a chur leis na gníomhaíochtaí is féidir le EGTCanna tabhairt fúthu gan tacaíocht airgeadais ón Aontas, ba cheart iad araon a ailíniú leis na forálacha a rialaíonn CFRE, Ciste Sóisialta na hEorpa agus na Cistí Struchtúracha i rith chlárthréimhse 2014-2020.

(22)

Cé go bhfuil sé leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 nach mbaineann cúraimí EGTC, i measc nithe eile, le 'cumhachtaí rialála', ar féidir iarmhairtí dlíthiúla éagsúla a bheith acu i mBallstáit éagsúla, ba cheart dá ainneoin sin go mbeadh tionól EGTC in ann, má fhoráiltear amhlaidh go sonrach sa Choinbhinsiún, agus, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, sainiú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha úsáide mhír bhonneagair atá faoi bhainistíocht EGTC, nó ar théarmaí agus coinníollacha ar féidir seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar faoina réir, lena n-áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.

(23)

De thoradh EGTCanna a oscailt do chomhaltaí ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear, ba cheart go ndéanfaí na socruithe le haghaidh a rannpháirtíochta a shonrú sa choinbhinsiún.

(24)

Ba cheart don choinbhinsiún, sa bhreis ar thagairt don dlí is infheidhme i gcoitinne mar a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a bheith ann, dlían Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le EGTC a liostú ann freisin. Sa bhreis air sin, ba cheart go bhféadfadh dlí náisiúnta den sórt sin a bheith ionann leis an dlí sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn comhlachtaí EGTC a gcuid cumhachtaí, go háirithe i gcás comhaltaí foirne atá ag obair faoi fhreagracht an stiúrthóra agus atá lonnaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC. Ba cheart an dlí Aontais agus náisiúnta is infheidhme is ábhartha go díreach do ghníomhaíochtaí EGTC arna gcur i gcrích faoi na cúraimí a shonraítear sa choinbhinsiún a liostú freisin, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil seirbhísí poiblí lena ngabhann leas ginearálta nó bonneagar á mbainistiú ag EGTC.

(25)

Níor cheart don Rialachán seo fadhbanna atá nasctha le soláthar trasteorann a bhíonn ag EGTCanna a chumhdach.

(26)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTCanna agus leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra, ba cheart don choinbhinsiún, ní do na reachtanna, na rialacha agus na prionsabail sin a shonrú. Ba cheart go bhféadfaí roghanna éagsúla maidir le rogha na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTCanna a leagan síos sa choinbhinsiún. Ba cheart déileáil sna reachtanna leis na socruithe sonracha maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra.

(27)

Ba cheart do Bhallstáit úsáid a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun eisceachtaí a cheadú trí chomhaontú i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme faoin Rialachán sin a chinneadh, ar mhaithe le daoine áirithe nó catagóirí áirithe daoine, agus chun foireann EGTCanna a mheas mar chatagóir daoine den sórt sin.

(28)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis na socruithe maidir le dliteanas comhaltaí, ba cheart don choinbhinsiún, ní do na reachtanna, na socruithe sin a shonrú.

(29)

I gcás ina bhfuil sé mar chuspóir eisiach ag EGTC clár comhair, nó cuid de, a dtacaíonn CFRE leis a bhainistiú, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha, níor cheart go mbeadh faisnéis maidir leis an gcríoch ina bhfuil EGTC in ann a chuid cúraimí a chur i gcrích ag teastáil. Sa chéad chás, ba cheart méid na críche a shainiú sa chlár comhair ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart é a athrú. Sa dara cás, cé go mbaineann sé go príomha le gníomhaíochtaí neamhábhartha, chuirfeadh ceanglas maidir le faisnéis den sórt sin aontachas comhaltaí nua le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha i mbaol.

(30)

Ba cheart na socruithe éagsúla a bhaineann le rialú bhainistíocht na gcistí poiblí ar lámh amháin agus rialú iniúchóireacht chuntais EGTC ar an lámh eile a shoiléiriú.

(31)

Ba cheart idirdhealú níos soiléire a dhéanamh idir EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí agus iad sin a bhfuil dliteanas neamhtheoranta ag a gcuid comhaltaí. Sa bhreis air sin, chun cur ar chumas EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh fiacha a chruthú a chur chun feidhme, ba cheart a cheadú do Bhallstáit a cheangal go dtógann EGTCanna den sórt sin árachas iomchuí nó go mbeadh EGTCanna den sórt sin faoi réirráthaíochta airgeadais iomchuí chun na rioscaí is sonrach do na gníomhaíochtaí sin a chumhdach.

(32)

Ba cheart do Bhallstáit aon fhorálacha, chomh maith le haon leasuithe orthu, arna nglacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún. Chun malartú na faisnéise agus an comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Coiste na Réigiún, ba cheart don Choimisiún forálacha den sórt sin a tharchur chuig na Ballstáit agus chuig Coiste na Réigiún. Tá ardán EGTC curtha ar bun ag Coiste na Réigiún inar féidir leis na geallsealbhóirí uile a dtaithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus cumarsáid maidir le deiseanna agus dúshláin EGTC a fheabhsú trí mhalartú taithí maidir le bunú EGTCanna ar leibhéal críochach a éascú agus trí eolas maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le comhar críochach a roinnt.

(33)

Ba cheart sprioc-am nua le haghaidh na tuarascála maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a shocrú. I gcomhréir le gluaiseacht an Choimisiúin i dtreo cheapadh beartais atá bunaithe níos mó ar fhianaise, ba cheart don tuarascáil sin aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna meastóireachta lena n-áirítear éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus an scóip le haghaidh simplithe agus inbhuanaitheachta. Ba cheart go dtuigfí go mbaineann éifeachtacht, inter alia, le nádúr na n-iarrachtaí laistigh de sheirbhísí éagsúla an Choimisiúin agus idir an Coimisiún agus comhlachtaí eile amhail an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faisnéis a scaipeadh faoi ionstraim EGTC. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus, de bhun na chéad míre d'Airteagal 307 CFAE, chuig Coiste na Réigiún. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar aghaidh faoin 1 Lúnasa 2018.

(34)

Chun liosta de tháscairí a leagan síos le haghaidh úsáide chun an mheastóireacht agus an t-ullmhúchán a dhéanamh ar an tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí

(35)

Níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar EGTCanna atá ann cheana a gcoinbhinsiún agus a gcuid reachtanna a ailíniú do leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo.

(36)

Is gá a shonrú cé an tacar rialacha faoinar cheart EGTC, ar cuireadh tús le nós imeachta formheasa ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, a fhormheas.

(37)

Chun rialacha náisiúnta atá ann cheana a oiriúnú ar mhaithe leis an Rialachán seo a chur chun feidhme sula gcaithfear cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart go dtosódh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige sé mhí i ndiaidh dháta a theacht i bhfeidhm. Agus a rialacha náisiúnta atá ann cheana á n-oiriúnú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneofar údaráis inniúla a bheidh freagrach as EGTCanna a fhormheas agus, i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin, gur cheart gurbh iad na húdaráis den sórt sin agus na comhlachtaí céanna a bheidh freagrach as fógraí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ionstraim dlí EGTC a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, i ngeall ar dhul ar iontaoibh EGTC a bheith roghnach, i gcomhréir le córas bunreachtúil gach Ballstáit.

(39)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

'1.   Féadfar Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach ('EGTC') a bhunú ar chríoch an Aontais faoi na coinníollacha agus faoi réir na socruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

2.   Beidh sé mar chuspóir ag EGTC, go háirithe, comhar críochach, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na sraitheanna comhair, eadhon an comhar trasteorann, an comhar trasnáisiúnta agus an comhar idir-réigiúnach, a éascú agus a chur chun cinn idir a chomhaltaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3(1), agus é mar aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'5.   Beidh oifig chláraithe EGTC lonnaithe i mBallstát ar faoina dhlí atá ceann amháin ar a laghad de chomhaltaí de chuid EGTC bunaithe.';

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Déanfar gníomhartha comhlachtaí de chuid EGTC a rialú leis an méid seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo;

(b)

an coinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás ina bhfuil sé údaraithe déanamh amhlaidh go sainráite faoin Rialachán seo; agus

(c)

i gcás nithe nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, nó atá á rialú i bpáirt aige amháin, dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.

I gcás inar gá an dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta príobháideach a chinneadh, measfar gur eintiteas de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe aige a bheidh in EGTC.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'1a.   Beidh gníomhaíochtaí de chuid EGTC maidir le cúraimí a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3), laistigh den Aontas á rialú ag dlí an Aontais is infheidhme agus ag an dlí náisiúnta is infheidhme faoi mar a shonraítear sa choinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8.

Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí de chuid EGTC atá á gcómhaoiniú as buiséad an Aontais na ceanglais a leagtar amach i ndlí Aontais is infheidhme agus sa dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí sin de chuid an Aontais.';

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

'1.   Féadfaidh na heintitis seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí d'EGTC:

(a)

Ballstáit nó údaráis ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

údaráis réigiúnacha;

(c)

údaráis áitiúla;

(d)

gnóthais phoiblí de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) nó comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(e)

gnóthais a cuireadh ar a n-iontaoibh oibríochtaí seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus le dlí náisiúnta is infheidhme;

(f)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, nó comhlachtaí nó gnóthais phoiblí, atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear faoi phointe (d), ó thríú tíortha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a.

(9)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1)."

(10)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004. lch. 114).';"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Beidh EGTC comhdhéanta de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 3a(2) agus (5).'

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 3a

Aontachas comhaltaí ó thríú tíortha nó ó thíortha nó ó chríocha thar lear (OCTanna)

1.   I gcomhréir le hAirteagal 4(3a), féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta de chomhaltaí lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad agus ó thríú tír amháin nó níos mó atá i gcomharsanacht ceann amháin de na Ballstáit sin ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, i gcás ina ndéanann na Ballstáit agus na tríú tíortha gníomhaíochtaí comhair chríochaigh a chur i gcrích go comhpháirteach nó ina ndéanann siad cláir a dtacaíonn an tAontas leo a chur chun feidhme go comhpháirteach.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar tríú tír nó OCT a bheith i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, sa chás ina bhfuil teorainn talún i bpáirt ag tríú tír nó ag OCT agus ag an mBallstát sin nó sa chás ina bhfuil an tríú tír nó OCT agus an Ballstát araon incháilithe faoi chlár comhpháirteach trasteorann mara nó faoi chlár comhpháirteach trasnáisiúnta mara faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó incháilithe faoi chlár eile comhair trasteorann, muirthrasnaithe nó imchuach farraige, lena n-áirítear sa chás ina bhfuil siad deighilte ó chéile ag uiscí idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin agus de thríú tír amháin nó níos mó atá i gcomharsanacht an Bhallstáit sin, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, i gcás ina measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil EGTC comhsheasmhach le raon feidhme a chomhair chríochaigh i gcomhthéacs an chomhair trasteorann nó thrasnáisiúnta nó a chaidrimh dhéthaobhaigh leis na tríú tíortha lena mbaineann.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, áireofar ar na tríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, teorainneacha muirí idir na tíortha lena mbaineann.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 4a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta freisin de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus d'OCT amháin nó níos mó, i dteannta nó d'uireasa comhaltaí ó thríú tír amháin nó níos mó.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 4a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta freisin de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus d'OCT amháin nó níos mó, i dteannta nó d'uireasa comhaltaí ó thríú tír amháin nó níos mó.

6.   Ní dhéanfar EGTC a chur ar bun nach mbeadh ann ach EGTC idir comhaltaí ó Bhallstát amháin agus ó OCT amháin nó níos mó a bhfuil nasc aige nó acu leis an mBallstát céanna sin.';

(5)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.   Tar éis fógra faoi mhír 2 a fháil ó chomhalta ionchasach, déanfaidh an Ballstát a mbeidh an fógra sin faighte aige, agus a struchtúr bunreachtúil á chur san áireamh aige, rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh in EGTC agus sa choinbhinsiún a fhormheas mura rud é go measann an Ballstát sin:

(a)

nach bhfuil rannpháirtíocht den sórt sin nó nach bhfuil an coinbhinsiún ar comhréir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

an Rialachán seo;

(ii)

dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le gníomhartha agus gníomhaíochtaí de chuid EGTC;

(iii)

dlí náisiúnta a bhaineann le cumhachtaí agus le hinniúlachtaí an chomhalta ionchasaigh;

(b)

nach bhfuil bonn cirt le rannpháirtíocht den sórt sin ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail nó le beartas poiblí an Bhallstáit sin; nó

(c)

nach bhfuil na reachtanna comhsheasmhach leis an gcoinbhinsiún.

I gcás nach ndéantar formheas, tabharfaidh an Ballstát ráiteas ar na fáthanna atá aige formheas a choinneáil siar agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé na leasuithe is gá ar an gcoinbhinsiún.

Tiocfaidh an Ballstát ar a chinneadh, maidir leis an bhformheas, laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a bhfaighfear fógra i gcomhréir le mír 2. Mura ndéanann an Ballstát a bhfuil an fógra faighte aige agóid laistigh den tréimhse sin, measfar rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh agus an coinbhinsiún a bheith formheasta. Déanfaidh an Ballstát, áfach, ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú an coinbhinsiún a fhormheas go foirmiúil ionas go bhféadfar EGTC a bhunú.

Brisfidh aon iarratas ar fhaisnéis bhreise ón mBallstát chuig comhalta ionchasach an sprioc-am dá dtagraítear sa tríú fomhír. Tosóidh an tréimhse bhriste ón lá i ndiaidh an dáta a mbeidh a chuid barúlacha seolta ag an mBallstát chuig an gcomhalta ionchasach agus mairfidh sé go dtí go dtabharfaidh an comhalta ionchasach freagairt ar na barúlacha sin.

Ní tharlóidh briseadh sa sprioc-am dá dtagraítear sa tríú fomhír, áfach, más rud é go mbeidh freagra ar na barúlacha ón mBallstát tíolactha ag an gcomhalta ionchasach laistigh de dheich lá oibre ó thús na tréimhse briste.

Agus cinneadh á dhéanamh faoi rannpháirtíocht comhalta ionchasaigh in EGTC, féadfaidh Ballstáit a gcuid rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'3a.   I gcás EGTC a bhfuil comhaltaí ionchasacha ó thríú tír amháin nó níos mó aige, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú, i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann, a dheimhniú dó féin go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a á gcomhlíonadh agus gur fhormheas gach tríú tír rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh i gcomhréir:

(a)

le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo; nó

(b)

le comhaontú arna thabhairt i gcrích idir Ballstát amháin ar a laghad a bhfuil comhalta ionchasach bunaithe faoina dhlíthe agus an tríú tír sin.';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

'5.   Aontóidh na comhaltaí ar an gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8, agus á áirithiú dóibh go bhfuil sé ag luí leis an bhformheas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

6.   Tabharfaidh EGTC fógra maidir le haon leasú ar an gcoinbhinsiún nó ar na reachtanna do na Ballstáit a bhfuil comhaltaí EGTC bunaithe faoin gcuid dlíthe. Déanfaidh na Ballstáit sin aon leasú ar an gcoinbhinsiún a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, ach amháin i gcás aontachais comhalta nua faoi phointe (a) de mhír 6a, agus sa chás sin amháin.';

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'6a.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i gcás aontachais comhaltaí nua le EGTC atá ann cheana:

(a)

i gcás aontachais comhalta nua ó Bhallstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana féin, ní dhéanfaidh ach an Ballstát a bhfuil an comhalta nua bunaithe faoina chuid dlíthe aontachas den sórt sin a fhormheas, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 agus tabharfar fógra ina leith don Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC;

(b)

i gcás aontachais comhalta nua ó Bhallstát nach bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana féin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 6;

(c)

i gcás aontachais comhalta nua ó thríú tír le EGTC atá ann cheana, beidh aontachas den sórt sin faoi réir scrúdaithe ag an mBallstát ina bhfuil oifig chláraithe EGTC lonnaithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3a.';

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 4a

Rannpháirtíocht chomhaltaí ó OCT

I gcás EGTC a bhfuil comhalta ionchasach ó OCT aige, deimhneoidh an Ballstát a bhfuil nasc aige le OCT dó féin go bhfuil coinníollacha Airteagal 3a á gcomhlíonadh agus, ag cur a chaidrimh leis an OCT san áireamh, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(3); nó

(b)

a dhearbhú i scríbhinn don Bhallstát ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú gur fhormheas údaráis inniúla in OCT rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh i gcomhréir le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán seo.';

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

'Airteagal 5

Pearsantacht dhlítheanach a fháil agus foilsiú san Iris Oifigiúil

1.   Clárófar nó foilseofar, nó clárófar agus foilseofar, an coinbhinsiún agus na reachtanna agus aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC lena mbaineann, i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit sin. Gheobhaidh EGTC pearsantacht dhlítheanach ar dháta chlárú nó fhoilsiú an choinbhinsiúin agus na reachtanna, cibé acu is túisce a tharlóidh. Tabharfaidh na comhaltaí fógra do na Ballstáit lena mbaineann agus do Choiste na Réigiún faoi chlárú nó faoi fhoilsiú an choinbhinsiúin agus na reachtanna.

2.   Áiritheoidh EGTC, laistigh de dheich lá oibre ón gcoinbhinsiún agus na reachtanna a chlárú nó a fhoilsiú, go gcuirfear iarraidh chuig Coiste na Réigiún a leanann an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh Coiste na Réigiún ansin an iarraidh sin a tharchur chuig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh ionas go bhfoilseofar fógra i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ina bhfógrófar bunú EGTC, i dteannta na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.';

(8)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   D'ainneoin mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina gcuimsíonn cúraimí EGTC amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(3) gníomhaíochtaí atá cómhaoinithe ag an Aontas, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha maidir le rialú na gcistí arna soláthar ag an Aontas.';

(9)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

'2.   Gníomhóidh EGTC laistigh de shrianta na gcúraimí a thugtar dó, eadhon an comhar críochach a éascú agus a chur chun cinn chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus bacainní ar an margadh inmheánach a shárú. Is iad a chomhaltaí a chinnfidh gach cúram mar chúram a thig faoi inniúlacht gach comhalta, mura rud é go bhformheasann an Ballstát nó an tríú tír rannpháirtíocht comhalta arna bhunú faoina dhlí náisiúnta fiú mura bhfuil an comhalta sin inniúil i dtaobh na gcúraimí uile arna sonrú sa choinbhinsiún.

3.   Féadfaidh EGTC gníomhaíochtaí sonracha comhair chríochaigh a dhéanamh idir a chomhaltaí agus an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á shaothrú aige, le tacaíocht airgeadais ón Aontas nó dá huireasa.

Go príomha, féadfaidh baint a bheith ag cúraimí EGTC le cur chun feidhme na gclár comhair, nó codanna díobh, nó le cur chun feidhme oibríochtaí a dtacaíonn an tAontas leo trí Choiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus/nó tríd an gCiste Comhtháthaithe.

Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur leis na cúraimí a fhéadfaidh EGTCanna a dhéanamh gan tacaíocht airgeadais acu ón Aontas. Gan dochar d'Airteagal 13, áfach, ní dhéanfaidh Ballstáit cúraimí a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a eisiamh.

(11)  Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347 20.12.2013, lch. 259).';"

(b)

i mír 4, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

'I gcomhréir leis an dlí Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, áfach, féadfaidh tionól EGTC, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 10(1), sainiú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha úsáide mhír de bhonneagar atá faoi bhainistíocht EGTC, nó ar théarmaí agus coinníollacha faoinar féidir seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, lena n-áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.';

(10)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Sonrófar sa choinbhinsiún:

(a)

ainm EGTC agus a oifig chláraithe;

(b)

an méid den chríoch ina bhféadfaidh EGTC a chúraimí a chur i gcrích;

(c)

cuspóir agus cúraimí EGTC;

(d)

fad EGTC agus na coinníollacha le haghaidh a dhíscaoilte;

(e)

liosta de chomhaltaí de chuid EGTC;

(f)

liosta de chomhlachtaí de chuid EGTC agus a n-inniúlachtaí faoi seach;

(g)

an dlí Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC chun críocha an coinbhinsiún a léiriú agus a fhorfheidhmiú;

(h)

an dlí Aontais is infheidhme agus dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit ina ngníomhaíonn comhlachtaí de chuid EGTC;

(i)

na socruithe do rannpháirtíocht comhaltaí ó thríú tíortha nó ó OCTanna más iomchuí lena n-áirítear sainaithint an dlí is infheidhme i gcás ina ndéanann EGTC a chuid cúraimí a chur i gcrích i dtríú tíortha nó in OCTanna;

(j)

an dlí Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme atá ábhartha go díreach do ghníomhaíochta EGTC a dhéantar faoi na cúraimí a shonraítear sa choinbhinsiún;

(k)

na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTC, chomh maith leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra;

(l)

na socruithe maidir le dliteanas EGTC agus a chuid comhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 12;

(m)

na socruithe iomchuí le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh, lena n-áirítear maidir le rialú airgeadais bainistíochta cistí poiblí; agus

(n)

na nósanna imeachta chun na reachtanna a ghlacadh agus chun an coinbhinsiún a leasú, ar nósanna iad lena ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

3.   Sa chás nach mbaineann cúraimí EGTC ach le bainistiú cláir chomhair, agus leis sin amháin, nó sa chás nach mbaineann cúraimí EGTC ach le bainistiú cuid de chlár comhair, agus leis sin amháin, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha, ní bheidh gá le faisnéis faoi phointe (b) de mhír 2.';

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

'Airteagal 9

Reachtanna

1.   Déanfaidh comhaltaí EGTC, ag gníomhú dóibh d'aontoil, reachtanna EGTC a ghlacadh ar bhonn an choinbhinsiúin agus i gcomhréir leis.

2.   Sonrófar na nithe seo a leanas, ar a laghad, i reachtanna EGTC:

(a)

forálacha oibríochta a chomhlachtaí agus inniúlachtaí na gcomhlachtaí sin, chomh maith le líon ionadaithe na gcomhaltaí sna comhlachtaí ábhartha;

(b)

a nósanna imeachta cinnteoireachta;

(c)

a theanga nó a theangacha oibre;

(d)

na socruithe maidir lena fheidhmiú;

(e)

a nósanna imeachta maidir le bainistíocht pearsanra agus earcaíocht;

(f)

na socruithe maidir le ranníocaíochtaí a chomhaltaí;

(g)

na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is infheidhme dá chomhaltaí;

(h)

iniúchóir seachtrach neamhspleách a chuntas a ainmniú; agus

(i)

na nósanna imeachta chun a reachtanna a leasú, ar nósanna iad lena ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chomhlíonadh.';

(12)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Beidh ullmhúchán a chuntas lena n-áirítear, i gcás inar gá, an tuarascáil bhliantúil a ghabhann leo agus iniúchadh agus foilsiú na gcuntas sin á rialú ag dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.";

(13)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

'Beidh EGTC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach ar fad.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Gan dochar do mhír 3, a mhéid nach leor sócmhainní EGTC lena dhliteanas a chumhdach, beidh a chomhaltaí faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach is cuma cineál na bhfiach sin, agus socrófar sciar gach comhalta i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais. Socrófar na socruithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais sna reachtanna.

Féadfaidh comhaltaí EGTC foráil a dhéanamh sna reachtanna go mbeidh siad le bheith faoi dhliteanas, tar éis dóibh scor de bheith ina gcomhaltaí EGTC, maidir le hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhaíochtaí EGTC le linn a gcomhaltais.

2a.   Má tá teorainn le dliteanas comhalta amháin ar a laghad d'EGTC ó Bhallstát mar thoradh ar an dlí náisiúnta faoina bhfuil sé bunaithe, féadfaidh na comhaltaí eile teorainn a chur lena ndliteanas sa choinbhinsiún freisin sa chás go gcumasaíonn an dlí náisiúnta lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme dóibh déanamh amhlaidh.

Áireofar an focal "teoranta' in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta.

Beidh na ceanglais maidir le foilsiú choinbhinsiún, reachtanna agus chuntais EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta ar a laghad cothrom leo sin a cheanglaítear a dhéanamh i gcás eintiteas dlíthiúil eile atá faoi dhliteanas teoranta faoi dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC sin.

I gcás EGTC a bhfuil dliteanas teoranta ag a chuid comhaltaí, féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann a cheangal ar EGTC árachas iomchuí a thógáil nó go mbeidh sé faoi réir ráthaíochta arna soláthar ag banc nó ag institiúid airgeadais eile arna bhunú nó arna bunú i mBallstát nó go mbeidh sé cúltacaithe ag saoráid a chuireann eintiteas poiblí nó Ballstát ar fáil mar ráthaíocht chun na rioscaí is sonrach do ghníomhaíochtaí EGTC a chumhdach.";

(14)

in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

'2.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le dlínse maidir le díospóidí lena bhfuil baint ag EGTC. In aon chás nach bhfuil foráil déanta ina leith i ndlí Aontais den sórt sin, is iad a bheidh sna cúirteanna inniúla le haghaidh díospóidí a réiteach cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.';

(15)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Déanfaidh Ballstáit cibé forálacha is iomchuí a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear maidir leis húdaráis inniúla atá freagrach as an nós imeachta formheasta a chinneadh i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin.

I gcás ina gceanglaítear amhlaidh faoi théarmaí dlí náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Ballstát sin liosta cuimsitheach a bhunú de na cúraimí atá ar chomhaltaí EGTC de réir bhrí Airteagal 3(1) arna bhunú faoina dhlíthe cheana féin, a fhad is a bhaineann le comhar críochach laistigh den Bhallstát sin.

Cuirfidh an Ballstát aon fhorálacha arna nglacadh faoin Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le haon leasuithe orthu. Déanfaidh an Coimisiún na forálacha sin a tharchur chuig na Ballstáit eile agus chuig Coiste na Réigiún.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'1a.   Na forálacha dá dtagraítear i mír (1), a mhéid a bhaineann siad le Ballstát a bhfuil nasc ag OCT leis, agus an caidreamh idir an Ballstát agus OCT sin á chur san áireamh, áiritheofar leo freisin cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo maidir le OCT sin, le Ballstáit eile atá i gcomharsanacht OCT sin nó le réigiúin is forimeallaí de chuid na mBallstát sin.';

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

'Airteagal 17

Tuarascáil

Faoin 1 Lúnasa 2018, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste na Réigiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina ndéanfar, bunaithe ar tháscairí, measúnú ar a éifeachtacht, a éifeachtúlacht, a ábharthacht, a bhreisluach Eorpach agus ar an scóip atá ann é a shimpliú.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17a lena leagtar síos an liosta de tháscairí dá dtagraítear sa chéad mhír.';

(17)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 17a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 21 Nollaig 2013

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh oibleagáid ar EGTCanna a bunaíodh roimh 21 Nollaig 2013 a gcoinbhinsiún agus a reachtanna a ailíniú le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.

2.   I gcás EGTCanna, ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith roimh an 22 Meitheamh 2014 agus arb é an clárú nó an foilsiú amháin ina leith faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 atá fós gan déanamh, clárófar nó foilseofar an coinbhinsiún agus na reachtanna, nó clárófar agus foilseofar iad, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 amhail mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo.

3.   Déanfar EGTCanna ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith níos mó ná sé mhí roimh 22 Meitheamh 2014 a fhormheas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 amhail mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo.

4.   Déanfar EGTCanna seachas iad siúd faoi mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith roimh an22 Meitheamh 2014 a fhormheas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.

5.   Déanfaidh Ballstáit na leasuithe is gá ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (CE) 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2014

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 22 Meitheamh 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch 53.

(2)  IO C 113, 18.4.2012, lch 22.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

(4)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.).

(5)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear leis an Aontas ("Cinneadh Cumann Thar Lear") (IO L 344 19.12.2013, lch. 1).

(7)  Prótacal Uimh. 3 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Imlíneach Eorpach maidir le Comhar Trasteorann idir Pobail nó Údaráis Chríochacha a mhéid a bhaineann le Grúpálacha Comhair Eora-Réigiúnacha (ECGanna), a osclaíodh le haghaidh a shínithe an 16 Samhain 2009.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Teimpléad na faisnéise atá le tíolacadh faoi Airteagal 5(2)

GRÚPÁIL EORPACH UM CHOMHAR CRÍOCHACH (EGTC) A BHUNÚ

Áireofar an focal ‘teoranta’ in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta (Airteagal 12(2a))

Cuireann an réiltín* réimsí éigeantacha in iúl.

Image

Image

Image


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTC

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.

Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTC

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.

I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.

Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC

Tugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.


Top