EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2007/306/02

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí

OJ C 306, 17.12.2007, p. 231–271 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/231


AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH


TÁ COMHDHÁIL IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT a comóradh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2007, chun na leasuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a ghlacadh de thoil a chéile tar éis na téacsanna seo a leanas a ghlacadh:

I.

Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh

II.   Prótacail

A.   Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, más gá, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Prótacal maidir le ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach

Prótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm

Prótacal maidir leis an nGrúpa Euro

Prótacal maidir leis an mBuanchomhar Struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 28a den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Prótacal a bhaineann le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an Aontas a aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint

Prótacal maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht

Prótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

Prótacal maidir le hinniúlachtaí roinnte a fheidhmiú

Prótacal maidir le seirbhísí leasa ghinearálta

Prótacal a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile

Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

B.   Prótacail atá i gceangal le Conradh Liospóin

Prótacal Uimh. 1 ag leasú na bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Na táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 1 ag leasú na bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Prótacal Uimh. 2 ag leasú an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

III.   Iarscríbhinn a ghabhann le Conradh Liospóin:

Na táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh Liospóin

Ghlac an Chomhdháil na dearbhuithe seo a leanas atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

A.   Dearbhuithe maidir le forálacha na gConarthaí

1.

Dearbhú maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

2.

Dearbhú maidir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

3.

Dearbhú maidir le hAirteagal 7a den Chonradh ar an Aontas Eorpach

4.

Dearbhú maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

5.

Dearbhú a bhaineann le cinneadh polaitiúil na Comhairle Eorpaí maidir leis an dréacht-Chinneadh i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

6.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9b(5) agus (6), le hAirteagal 9d(6) agus (7) agus le hAirteagal 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach

7.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus maidir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

8.

Dearbhú maidir leis na bearta praiticiúla a thógfar ar theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, a mhéid a bhaineann le huachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

9.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9c(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

10.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9d den Chonradh ar an Aontas Eorpach

11.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9d(6) agus (7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

12.

Dearbhú maidir le hAirteagal 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach

13.

Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

14.

Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

15.

Dearbhú maidir le hAirteagal 13a den Chonradh ar an Aontas  Eorpach

16.

Dearbhú maidir le hAirteagal 53(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

17.

Dearbhú maidir le tosaíocht

18.

Dearbhú maidir le hinniúlachtaí a theorannú

19.

Dearbhú maidir le hAirteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

20.

Dearbhú maidir le hAirteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

21.

Dearbhú maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta

22.

Dearbhú maidir le hAirteagail 42 agus 63a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

23.

Dearbhú maidir leis an dara mír d'Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

24.

Dearbhú maidir le pearsantacht dhlítheanach an Aontais Eorpaigh

25.

Dearbhú maidir le hAirteagail 61h agus 188k den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

26.

Dearbhú maidir le neamh-rannpháirtíocht Ballstáit i mbeart atá bunaithe ar Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

27.

Dearbhú maidir leis an dara mír d'Airteagal 69d(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

28.

Dearbhú maidir le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

29.

Dearbhú maidir le hAirteagal 87(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

30.

Dearbhú maidir le hAirteagal 104 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

31.

Dearbhú maidir le hAirteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

32.

Dearbhú maidir le hAirteagal 152(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

33.

Dearbhú maidir le hAirteagal 158 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

34.

Dearbhú maidir le hAirteagal 163 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

35.

Dearbhú maidir le hAirteagal 176a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

36.

Dearbhú maidir le hAirteagal 188n den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

37.

Dearbhú maidir le hAirteagal 188r den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

38.

Dearbhú i ndáil le hAirteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le líon na nAbhcóidí Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais

39.

Dearbhú maidir le hAirteagal 249b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

40.

Dearbhú maidir le hAirteagal 280d den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

41.

Dearbhú maidir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

42.

Dearbhú maidir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

43.

Dearbhú maidir le hAirteagal 311(a)(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

B.   Dearbhuithe a bhaineann le Prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí

44.

Dearbhú maidir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

45.

Dearbhú maidir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

46.

Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

47.

Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

48.

Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge

49.

Dearbhú maidir leis an Iodáil

50.

Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Ina theannta sin, thug an Chomhdháil dá haire na dearbhuithe seo a leanas atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

51.

Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta

52.

Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh

53.

Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

54.

Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne

55.

Dearbhú ó Ríocht na Spáinne agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

56.

Dearbhú ó Éirinn maidir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

57.

Dearbhú ó Phoblacht na hIodáile maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

58.

Dearbhú ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na hUngáire agus ó Phoblacht Mhálta maidir le litriú ainm an airgeadra aonair sna Conarthaí

59.

Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 270a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

60.

Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 311a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

61.

Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

62.

Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir leis an bPrótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

63.

Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le sainiú an téarma ‘náisiúnaigh’

64.

Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

65.

Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 61h den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Съставено в Лисабон на тринадесети декември две хиляди и седма година.

Hecho en Lisboa, el trece de diciembre de dos mil siete.

V Lisabonu dne třináctého prosince dva tisíce sedm.

Udfærdiget i Lissabon den trettende december to tusind og syv.

Geschehen zu Lissabon am dreizehnten Dezember zweitausendsieben.

Kahe tuhande seitsmenda aasta detsembrikuu kolmeteistkümnendal päeval Lissabonis.

Έγινε στη Λισσαβώνα, στις δέκα τρεις Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες επτά.

Done at Lisbon on the thirteenth day of December in the year two thousand and seven.

Fait à Lisbonne, le treize décembre deux mille sept.

Arna dhéanamh i Liospóin, an tríú lá déag de Nollaig sa bhliain dhá mhíle a seacht.

Fatto a Lisbona, addì tredici dicembre duemilasette.

Lisabonā, divtūkstoš septītā gada trīspadsmitajā decembrī.

Priimta Lisabonoje du tūkstančiai septintųjų metų gruodžio tryliktą dieną.

Kelt Lisszabonban, a kétezer-hetedik év december tizenharmadik napján.

Magħmul f'Lisbona, fit-tlettax-il jum ta' Diċembru tas-sena elfejn u sebgħa.

Gedaan te Lissabon, de dertiende december tweeduizend zeven.

Sporządzono w Lizbonie dnia trzynastego grudnia roku dwa tysiące siódmego.

Feito em Lisboa, em treze de Dezembro de dois mil e sete.

Întocmit la Lisabona la treisprezece decembrie două mii șapte.

V Lisabone dňa trinásteho decembra dvetisícsedem.

V Lizboni, dne trinajstega decembra leta dva tisoč sedem.

Tehty Lissabonissa kolmantenatoista päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattaseitsemän.

Som skedde i Lissabon den trettonde december tjugohundrasju.

Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen

Pour Sa Majesté le Roi des Belges

Für Seine Majestät den König der Belgier

Image

„Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.”

«Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.»

„Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.“

За Правителството на Република България

Image

Za prezidenta České republiky

Image

For Hendes Majestæt Danmarks Dronning

Image

Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland

Image

Eesti Vabariigi Presidendi nimel

Image

Thar ceann Uachtarán na hÉireann

For the President of Ireland

Image

Για τον Πρόεδρο της Ελληνικής Δημοκρατίας

Image

Por Su Majestad el Rey de España

Image

Pour le Président de la République française

Image

Per il Presidente della Repubblica italiana

Image

Για τον Πρόεδρο της Κυπριακής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas Valsts prezidenta vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Prezidento vardu

Image

Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság Elnöke részéről

Image

Għall-President ta' Malta

Image

Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden

Image

Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich

Image

Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Presidente da República Portuguesa

Image

Pentru Președintele României

Image

Za predsednika Republike Slovenije

Image

Za prezidenta Slovenskej republiky

Image

Suomen Tasavallan Presidentin puolesta

För Republiken Finlands President

Image

För Konungariket Sveriges regering

Image

For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image


A.   DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ

1.   Dearbhú maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Daingníonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ceangailteach ó thaobh dlí, na cearta bunúsacha atá ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

Ní dhéanann an Chairt raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht nua ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe leis na Conarthaí a mhodhnú.

2.   Dearbhú maidir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint a dhéanamh ar dhóigh a chaomhnódh sainairíonna dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil agallamh ann go tráthrialta idir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine; d'fhéadfaí an t-agallamh sin a neartú nuair a aontóidh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún sin.

3.   Dearbhú maidir le hAirteagal 7a den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Cuirfidh an tAontas san áireamh staid shonrach na dtíortha beagmhéide a dhéanann caidreamh sonrach gaireachta a choimeád ar bun leis.

4.   Dearbhú maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Sannfar an suíochán breise i bParlaimint na hEorpa don Iodáil.

5.   Dearbhú a bhaineann le cinneadh polaitiúil na Comhairle Eorpaí maidir leis an dréacht-Chinneadh i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-Chinneadh athbhreithnithe i ndáil le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa don téarma parlaiminte 2009-2014, ar bhonn togra ó Pharlaimint na hEorpa.

6.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9b(5) agus (6), le hAirteagal 9d(6) agus (7) agus le hAirteagal 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Nuair atá daoine á roghnú chun feidhmeanna Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a shealbhú, ní mór aird chuí a thabhairt ar an ngá atá ann éagsúlacht gheografach agus dhéimeagrafach an Aontais agus a chuid Ballstát a urramú.

7.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus maidir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil go nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh maidir le cur chun feidhme Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an dáta a síneofar Conradh Liospóin agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an lá a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm. Tá an dréachtchinneadh leagtha amach anseo thíos:

Dréacht-Chinneadh ón gComhairle

maidir le cur chun feidhme Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba chóir forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar aistriú go réidh ón gcóras cinnteoireachta sa Chomhairle trí thromlach cáilithe, mar atá sé sainithe in Airteagal 3(3) den Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha, a leanfaidh de bheith infheidhme go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, go dtí an córas vótála dá bhforáiltear in Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a mbeidh feidhm aige ón 1 Samhain 2014, lena n-áirítear, le linn idirthréimhse go dtí an 31 Márta 2017, na sainfhorálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Phrótacal sin.

(2)

Meabhraítear gurb é cleachtas na Comhairle a seandícheall a dhéanamh chun dlisteanacht dhaonlathach na ngníomhartha arna nglacadh trí thromlach cáilithe a neartú,

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Roinn 1

Na forálacha a chuirfear i bhfeidhm idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017

Airteagal 1

Má tharlaíonn, idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, go ndéanfaidh comhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn

(a)

do thrí cheathrú ar a laghad den daonra, nó

(b)

do thrí cheathrú ar a laghad de líon na mBallstát,

is gá chun bheith ina mionlach blocála mar thoradh ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhfreasúra in aghaidh an Chomhairle gníomh a ghlacadh trí thromlach cáilithe a chur i bhfios, pléifidh an Chomhairle an cheist.

Airteagal 2

Le linn na bpléití sin, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall, laistigh de thréimhse réasúnta agus gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, teacht ar réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag na comhaltaí sin den Chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 3

Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, gach tionscnamh is gá chun gur fusa teacht ar bhonn níos leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí na Comhairle gach cúnamh dó nó di.

Roinn 2

Forálacha a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2017

Airteagal 4

Má tharlaíonn ón 1 Aibreán 2017 go ndéanfaidh comhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn:

(a)

do 55 % den daonra ar a laghad, nó

(b)

do 55 % de líon na mBallstát ar a laghad,

is gá chun bheith ina mionlach blocála mar thoradh ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm a bhfreasúra in aghaidh an Chomhairle gníomh a ghlacadh trí thromlach cáilithe a chur i bhfios, pléifidh an Chomhairle an cheist.

Airteagal 5

Le linn na bpléití sin, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall, laistigh de thréimhse réasúnta agus gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, teacht ar réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag na comhaltaí sin den Chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 6

Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, gach tionscnamh is gá chun gur fusa teacht ar bhonn níos leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí na Comhairle gach cúnamh dó nó di.

Roinn 3

Teacht i bhfeidhm an chinnidh

Airteagal 7

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

8.   Dearbhú maidir leis na bearta praiticiúla a thógfar ar theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin a mhéid a bhaineann le hUachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

I gcás ina dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2009, iarrfaidh an Chomhdháil ar údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht leathbhliantúil na Comhairle aige ag an am sin, de thaobh amháin, agus ar an duine a thoghfar ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach agus ar an duine a ainmneofar ina Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de thaobh eile, na bearta sonracha atá riachtanach a thógáil, i gcomhairle leis an Uachtaránacht atá le bheith ann don chéad leathbhliain eile, chun go mbeidh trasdul éifeachtach ann i leith gnéithe ábharacha agus eagrúcháin d'fheidhmiú Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

9.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9c(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir don Chomhairle tús a chur leis an gcinneadh a ullmhú lena mbunófar nósanna cur chun feidhme an chinnidh maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a luaithe a bheidh Conradh Liospóin sínithe agus gur chóir di a formheas polaitiúil a thabhairt taobh istigh de shé mhí. Leagtar amach thíos dréacht-Chinneadh ón gComhairle Eorpach a ghlacfar an lá a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm:

Dréacht-Chinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

Airteagal 1

1.   Sealbhóidh grúpaí réamhbhunaithe de thrí Bhallstát uachtaránacht fhoirmíochtaí na Comhairle, seachas foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, go ceann tréimhse ocht mí dhéag. Beidh na grúpaí comhdhéanta ar bhonn uainíochta comhionainne idir na Ballstáit ag féachaint dá n-éagsúlacht agus don chothromaíocht gheografach san Aontas.

2.   Beidh gach comhalta den ghrúpa ina chathaoirleach de réir uainíochta, go ceann tréimhse sé mhí, ar fhoirmíochtaí uile na Comhairle, seachas an fhoirmíocht Gnóthaí Eachtracha. Beidh comhaltaí eile an ghrúpa de chúnamh ag an gCathaoirleach i dtaca lena fhreagrachtaí uile ar bhonn comhchláir. Féadfaidh comhaltaí an ghrúpa socruithe eile a chinneadh eatarthu féin.

Airteagal 2

Beidh ionadaí de chuid an Bhallstáit a bheidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta ina chathaoirleach ar Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát.

Beidh ionadaí d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina chathaoirleach ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála.

Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 4, beidh an comhalta den ghrúpa a bheidh i gceannas ar an bhfoirmíocht ábhartha den Chomhairle i gceannas ar na comhlachtaí ullmhúcháin d'fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle, seachas an fhoirmíocht Gnóthaí Eachtracha.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhchuibheas agus leanúnachas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle a áirithiú faoi chuimsiú clár ilbhliantúil. Glacfaidh na Ballstáit a shealbhaíonn an Uachtaránacht gach beart is gá maidir le heagrú agus dea-oibriú imeachtaí na Comhairle, agus Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh acu.

Airteagal 4

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar na bearta chun an cinneadh seo a chur chun feidhme.

10.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9d den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil, nuair nach mbeidh náisiúnaigh de chuid na mBallstát uile ina gcomhaltaí den Choimisiún a thuilleadh, gur chóir don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá ann trédhearcacht iomlán a áirithiú ina chaidreamh leis na Ballstáit uile. Dá dheasca sin, ba chóir don Choimisiún fanacht i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit uile, bíodh náisiúnach dá gcuid ina chomhalta den Choimisiún nó ná bíodh, agus sa chomhthéacs sin, aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá ann faisnéis a pháirtiú leis na Ballstáit uile agus dul i gcomhairle leo.

Measann an Chomhdháil freisin gur chóir don Choimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar na réaltachtaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha sna Ballstáit uile, lena n-áirítear iadsan nach bhfuil náisiúnach dá gcuid ina chomhalta den Choimisiún, a chur san áireamh go hiomlán. Ba chóir go mbeadh ar áireamh sna bearta sin ráthaíocht go gcuirfear staid na mBallstát sin san áireamh trí shocruithe eagrúcháin iomchuí a ghlacadh.

11.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9d(6) agus (7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil, i gcomhréir le forálacha na gConarthaí, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach freagrach go comhpháirteach as dea-oibriú an phróisis chun Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Dá dheasca sin, sula nglacfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh, rachaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí i mbun an chomhairliúcháin is gá faoin gcreat a mheastar is iomchuí. Beidh an comhairliúchán sin dírithe ar chúlra na n-iarrthóirí d'oifig Uachtarán an Choimisiúin agus aird á tabhairt ar na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 9d(7). Féadfar na socruithe don chomhairliúchán sin a chinneadh in am trátha de chomhthoil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach.

12.   Dearbhú maidir le hAirteagal 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach

1.

Dearbhaíonn an Chomhdháil go ndéanfar teagmháil mar is iomchuí le Parlaimint na hEorpa le linn na hoibre ullmhúcháin a bheidh ann roimh cheapachán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanfar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha; tosóidh téarma oifige an Ardionadaí an dáta céanna sin agus mairfidh sé go dtí deireadh théarma oifige an Choimisiúin a bheidh i bhfeidhm an dáta sin.

2.

Meabhraítear don Chomhdháil chomh maith go gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a dtosóidh a théarma oifige siúd i Samhain 2009 ag an am céanna agus ar feadh na tréimhse céanna leis an gcéad Choimisiún eile, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9d agus 9e den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

13.   Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanann forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear oifig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chruthú agus Seirbhís Gníomhaíochta Eachtraí a bhunú, difear do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit, faoi mar atá na freagrachtaí faoi láthair, a mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh ná do fhreagrachtaí a n-ionadaíochta náisiúnta i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Meabhraíonn an Chomhdháil freisin nach ndéanann na forálacha lena rialaítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta na mBallstát.

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir go leanfaidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de bheith faoi cheangal ag forálacha Chairt na Náisiún Aontaithe agus, go háirithe, ag an bpríomh-fhreagracht atá ar an gComhairle Slándála agus ar a mBallstáit an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú.

14.   Dearbhú maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

I dteannta na rialacha sonracha agus na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir nach ndéanfaidh na forálacha a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, lena n-áirítear an méid a bhaineann siad le hArdionadaí an Aontais don Chomhbheartas Eachtrach is Slándála agus leis an tSeirbhís Gníomhaíochta Eachtraí, difear don bhonn dlíthiúil atá ann, do fhreagrachtaí ná do chumhachtaí gach Ballstáit i dtaca lena mbeartas eachtrach a shaothrú agus a sheoladh, lena seirbhís taidhleoireachta, lena gcaidreamh le tríú tíortha agus lena rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Ballstát a bheith ina chomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tugann an Chomhdháil dá haire freisin nach dtugann na forálacha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála cumhachtaí nua don Choimisiún chun cinntí a thionscnamh agus nach ndéanann siad ról Pharlaimint na hEorpa a mhéadú.

Meabhraíonn an Chomhdháil freisin nach ndéanann na forálacha lena rialaítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta na mBallstát.

15.   Dearbhú maidir le hAirteagal 13a den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir d'Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, don Choimisiún agus do na Ballstáit, a luaithe atá Conradh Liospóin sínithe, obair ullmhúcháin a thosú ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí.

16.   Dearbhú maidir le hAirteagal 53(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil go rannchuidíonn an chaoi chun aistriúcháin a dhéanamh de na Conarthaí sna teangacha atá luaite in Airteagal 53(2) leis an gcuspóir a ghnóthú maidir le saibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga an Aontais a urramú mar atá leagtha amach sa cheathrú fomhír d'Airteagal 2(3). Sa chomhthéacs sin, daingníonn an Chomhdháil cion an Aontais le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa agus an aire ar leith a leanfaidh sé de bheith á tabhairt do na teangacha sin agus do theangacha eile.

Molann an Chomhdháil do na Ballstáit sin ar mian leo an chaoi atá aitheanta in Airteagal 53(2) a thapú a chur i bhfios don Chomhairle, laistigh de shé mhí ó dháta Conradh Liospóin a shíniú, an teanga nó na teangacha chun a ndéanfar na Conarthaí a aistriú.

17.   Dearbhú maidir le tosaíocht

Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainmhínítear leis an gcásdlí sin.

Tá an Chomhdháil tar éis a chinneadh freisin Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle maidir leis an tosaíocht atá ag dlí CE mar a leagtar amach in 11197/07 (JUR 260) í a chur i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle

an 22 Meitheamh 2007

Tá sé mar thoradh ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil tosaíocht dhlí an Chomhphobail ar cheann de phrionsabail bhunúsacha dhlí an Chomhphobail. Dar leis an gCúirt, is prionsabal é atá de dhlúth agus d'inneach i gcineál sonrach an Chomhphobail Eorpaigh. Tráth tugtha chéad bhreithiúnas an chásdlí shocair sin (Costa/ENEL, an 15 Iúil 1964, Cás 6/64  (1) níor luadh tosaíocht sa Chonradh. Is amhlaidh atá an cás fós sa lá atá inniu ann. Ní dhéanfaidh easpa tagartha do phrionsabal na tosaíochta sa Chonradh nua aon athrú ar an bprionsabal sin a bheith ann ná ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá i bhfeidhm.’

18.   Dearbhú maidir le hinniúlachtaí a theorannú

Dearbhaíonn an Chomhairle gurb amhlaidh, i gcomhréir le córas roinnte na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit dá bhforáiltear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go bhfanann na hinniúlachtaí uile nach dtugtar don Aontas sna Conarthaí leis na Ballstáit.

Nuair a dhéanann na Conarthaí inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse áirithe a thabhairt don Aontas, feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil an tAontas tar éis a inniúlacht a fheidhmiú, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú. Féadfaidh an méid sin tarlú i gcás ina gcinnfidh institiúidí ábhartha an Aontais gníomh reachtach a aisghairm, go háirithe d'fhonn gur fearr a d'áiritheofaí urramú phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta i gcónaí. Féadfaidh an Chomhairle, ar thionscnamh ó chomhalta amháin nó níos mó ná comhalta amháin dá cuid (ionadaithe na mBallstát) agus i gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí chun gníomh reachtach a aisghairm a chur faoina bráid. Tá áthas ar an gComhdháil go bhfuil an Coimisiún ag fógairt go dtabharfaidh sé aird ar leith ar an gcineál éilimh sin.

Ar an gcuma chéanna, féadfaidh ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i gComhdháil Idir-Rialtasach, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá bhforáiltear in Airteagal 48(2) go (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh go leasófaí na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí sin a mhéadú nó a laghdú.

19.   Dearbhú maidir le hAirteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn an Chomhdháil gurb é is aidhm don Aontas ina bheartais éagsúla, faoi chuimsiú a chuid iarrachtaí ginearálta na neamhionannais idir mná agus fir a dhíchur, gach saghas foréigin bhaile a chomhrac. Is cóir do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun na gníomhartha coiriúla sin a chosc agus a phionósú agus chun tacú leis na híospartaigh agus iad a chosaint.

20.   Dearbhú maidir le hAirteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach mór aird chuí a thabhairt ar shainghnéithe sonracha an ábhair nuair atá rialacha le glacadh ar bhonn Airteagal 16b a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint a bhféadfadh impleachtaí díreacha a bheith acu ar an tslándáil náisiúnta. Meabhraíonn sí go bhfuil maoluithe sonracha i dtaca leis sin ar áireamh sa reachtaíocht atá infheidhme faoi láthair (féach go háirithe Treoir 95/46/CE).

21.   Dearbhú maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta

Aithníonn an Chomhdháil go bhféadfadh sé gur gá rialacha sonracha a bheith ann maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus le saorghluaiseacht na sonraí sin i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta atá bunaithe ar Airteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar gheall ar chineál sonrach na réimsí sin.

22.   Dearbhú maidir le hAirteagail 42 agus 63a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Measann an Chomhdháil más rud é go ndéanfadh dréachtghníomh reachtach arna bhunú ar Airteagal 63a(2) difear do ghnéithe tábhachtacha de chóras slándála sóisialta Ballstáit, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin mar atá leagtha amach sa dara mír d'Airteagal 42, go dtabharfar aird chuí ar leasanna an Bhallstáit sin.

23.   Dearbhú maidir leis an dara mír d'Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Meabhraíonn an Chomhdháil go nglacann an Chomhairle Eorpach cinntí sa chás sin trí chomhthoil, i gcomhréir le hAirteagal 9b(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

24.   Dearbhú maidir le pearsantacht dhlítheanach an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach n-údaróidh pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an Aontas Eorpach don Aontas reachtú nó gníomhú lasmuigh de na cumhachtaí atá tugtha ag na Ballstáit dó sna Conarthaí.

25.   Dearbhú maidir le hAirteagail 61h agus 188k den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Meabhraíonn an Chomhdháil go leanann sé go háirithe ó chearta agus saoirsí bunúsacha a urramú go dtabharfar aire chuí do chearta próisis chuí na ndaoine aonair agus na n-eintiteas i dtrácht a chosaint agus a urramú. Chuige sin agus chun athbhreithniú breithiúnach críochnúil a ráthú ar chinntí a chuireann duine aonair nó eintiteas faoi réir beart sriantach, ní mór na cinntí sin a fhothú ar chritéir shoiléire leithleacha. Ba chóir na critéir sin a chur in oiriúint do na saintréithe atá ag gach beart sriantach.

26.   Dearbhú maidir le neamh-rannpháirtíocht Ballstáit i mbeart atá bunaithe ar Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, nuair a roghnaíonn Ballstát gan a bheith rannpháirteach i mbeart atá bunaithe ar Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanfaidh an Chomhairle dianphlé ar na himpleachtaí agus ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr neamh-rannpháirtíocht an Bhallstáit sa bheart sin.

Ina theannta sin, féadfaidh gach Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún an staid a iniúchadh ar bhonn Airteagal 96 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ní dochar na míreanna thuas do Bhallstát a bheith in ann an cheist sin a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí.

27.   Dearbhú maidir leis an dara fomhír d'Airteagal 69d(1) den Chonradh

Measann an Chomhdháil gur cóir do na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 69d(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh aird a thabhairt ar rialacha agus ar chleachtais náisiúnta a bhaineann le himscrúduithe coiriúla a thionscnamh.

28.   Dearbhú maidir le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha Airteagal 78 i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Forléireofar an abairt ‘sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh’ i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

29.   Dearbhú maidir le hAirteagal 87(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go léireofar Airteagal 87(2)(c) i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le hinfheidhmeacht na bhforálacha sin maidir le cabhair arna deonú do limistéir áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir seandeighilt na Gearmáine as dóibh.

30.   Dearbhú maidir le hAirteagal 104 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

I dtaca le hAirteagal 104, daingníonn an Chomhdháil gurb iad an dá philéar atá le beartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais agus na mBallstát cumas fáis a ardú agus riochtaí buiséadacha cobhsaí a ráthú. Is uirlis thábhachtach é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun na spriocanna sin a ghnóthú.

Athdhaingníonn an Chomhdháil a tiomantas do na forálacha maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis mar chreat chun beartais bhuiséadacha sna Ballstáit a chomhordú.

Daingníonn an Chomhdháil gur córas atá bunaithe ar rialacha an dóigh is fearr chun a ráthú go ndéanfar na gealltanais a fhorfheidhmiú agus go gcuirfear cóir chomhionann ar na Ballstáit uile.

Laistigh den chreat sin, athdhaingníonn an Chomhdháil freisin a tiomantas do spriocanna straitéis Liospóin: cruthú fostaíochta, athchóiriú struchtúrach agus comhtháthú sóisialta.

Is é is aidhm don Aontas fás eacnamaíoch cothromaithe agus cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Dá dheasca sin, caithfidh na beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na tosaíochtaí leormhaithe a shocrú maidir le leasúcháin eacnamaíocha, nuáil, iomaíochas, agus leis an infheistíocht phríobháideach agus an tomhaltas príobháideach a neartú le linn tréimhsí lag-fháis eacnamaíoch. Is cóir é sin a léiriú i dtreoirlínte na gcinntí buiséadacha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an ioncam agus an caiteachas poiblí a athstruchtúrú agus an smacht buiséadach á urramú i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Na dúshláin bhuiséadacha agus eacnamaíocha atá le tabhairt ag na Ballstáit, cuireann siad i dtreis an tábhacht atá le beartas buiséadach cobhsaí i gcaitheamh an timthrialla eacnamaíoch.

Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir do na Ballstáit leas gníomhach a bhaint as tréimhsí téarnaimh eacnamaíoch chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú agus a riocht buiséadach a fheabhsú. Is é an cuspóir atá aige seo barrachas buiséadach a bhaint amach de réir a chéile aimsir an dea-shaoil ionas go mbeifear in ann déileáil le cora chun donais eacnamaíocha agus rannchuidiú mar sin le hinbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Tá na Ballstáit ag tnúth le haon tograí a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh mar aon le haighneachtaí breise ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a neartú agus a shoiléiriú. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cumas fáis a ngeilleagar a ardú. D'fhéadfadh comhordú feabhsaithe ar an mbeartas eacnamaíoch tacú leis an gcuspóir seo. Tá an Dearbhú seo gan dochar don díospóireacht sa todhchaí maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

31.   Dearbhú maidir le hAirteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Daingníonn an Chomhdháil go dtagann na beartais atá tuairiscithe in Airteagal 140 faoi inniúlacht na mBallstát don mhórchuid. Is bearta de chineál comhlántach na bearta atá le glacadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo chun dreasacht a chur ar fáil agus an comhordú a chur chun cinn. Fónfaidh siad chun comhar idir na Ballstáit a neartú agus ní chun córais náisiúnta a chomhchuibhiú. Ní dhéanfar difear do na ráthaíochtaí agus na cleachtais atá ann i ngach Ballstát maidir le freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta.

Tá an Dearbhú seo gan dochar d'fhorálacha na gConarthaí a thugann inniúlacht don Aontas, lena n-áirítear inniúlacht i gcúrsaí sóisialta.

32.   Dearbhú maidir le hAirteagal 152(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil nach foláir do na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 152(4)(c) cúraimí comhchoiteanna slándála a chomhlíonadh agus nach foláir é a bheith de chuspóir acu ardchaighdeáin cháilíochta agus slándála a shocrú, i gcás ina gcoiscfeadh na caighdeáin náisiúnta a théann i gcion ar an margadh inmheánach, murach sin, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhaint amach.

33.   Dearbhú maidir le hAirteagal 158 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Measann an Chomhdháil go bhféadfar Stáit oileánacha ina n-iomláine a bheith ar áireamh sa tagairt in Airteagal 158 do ‘limistéir oileánacha’, faoi réir na critéir is gá a chomhall.

34.   Dearbhú maidir le hAirteagal 163 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn an Chomhdháil go dtabharfaidh gníomhaíocht an Aontais i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche aird chuí ar threoirlínte agus roghanna bunúsacha bheartais taighde na mBallstát.

35.   Dearbhú maidir le hAirteagal 176a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Creideann an Chomhdháil nach ndéanann Airteagal 176a difear do cheart na mBallstát na bearta is gá a ghlacadh chun a soláthar fuinnimh a áirithiú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 297.

36.   Dearbhú maidir le hAirteagal 188n den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Daingníonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta sna réimsí atá folaithe i gCaibidlí 3, 4 agus 5 de Theideal IV de Chuid a Trí a mhéad a chomhlíonann na comhaontuithe sin dlí an Aontais.

37.   Dearbhú maidir le hAirteagal 188r den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Gan dochar do na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun a oibleagáid dlúthpháirtíochta a chomhlíonadh i leith Ballstáit a fhulaingíonn ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine, ní hé is aidhm d'aon fhoráil in Airteagal 188r difear a dhéanamh do cheart Ballstáit eile na meáin is iomchuí a roghnú chun a oibleagáid dlúthpháirtíochta féin i leith an Bhallstáit sin a chomhlíonadh.

38.   Dearbhú i ndáil le hAirteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le líon na nAbhcóidí Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais

Dearbhaíonn an Chomhdháil, más rud é go n-iarrann an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go méadófar ar líon na nAbhcóidí Ginearálta le trí dhuine bhreise (aon duine dhéag seachas ochtar), aontóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, leis an méadú sin.

Sa chás sin, aontaíonn an Chomhdháil go mbeidh Abhcóide Ginearálta buan ag an bPolainn, faoi mar atá faoi láthair ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an Spáinn, agus ag an Ríocht Aontaithe, agus nach mbeidh sí rannpháirteach a thuilleadh sa chóras uainíochta; fairis sin, beidh cúigear Abhcóidí Ginearálta sa chóras uainíochta atá ann faoi láthair in ionad triúir.

39.   Dearbhú maidir le hAirteagal 249b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus dréachtghníomhartha arna dtarmligean i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige.

40.   Dearbhú maidir le hAirteagal 280d den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit a chur i bhfios, nuair a dhéanann siad iarraidh comhar feabhsaithe a chur ar bun, an bhfuil sé ar intinn acu cheana ag an bpointe sin leas a bhaint as Airteagal 280h lena bhforáiltear don vótáil trí thromlach cáilithe a fhorleathnú nó dul ar iontaoibh an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

41.   Dearbhú maidir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur tagairt do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do na cuspóirí in Airteagal 3(5) den Chonradh sin i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach de bhua Chuid a Cúig den Chonradh ar an Aontas Eorpach an tagairt do chuspóirí an Aontais atá in Airteagal 308(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir nach bhféachfadh aon ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le cuspóirí eile a shaothrú chomh maith leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I dtaca leis sin, tugann an Chomhdháil dá haire nach bhféadfar, i gcomhréir le hAirteagal 15b(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhartha reachtacha a ghlacadh i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

42.   Dearbhú maidir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhféadfaidh Airteagal 308 den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar chuid dhílis de chóras institiúideach atá bunaithe ar phrionsabal na gcumhachtaí arna dtabhairt, bheith ina bhunús chun raon chumhachtaí an Aontais a fhairsingiú thar an gcreat atá cruthaithe le forálacha na gConarthaí ina n-iomláine agus go háirithe leis na forálacha sin lena sainmhínítear cúraimí agus gníomhaíochtaí an Aontais. Ní fhéadfar, ar chor ar bith, leas a bhaint as an Airteagal sin mar bhunús chun forálacha a ghlacadh arb é a n-éifeacht shubstaintiúil na Conarthaí a leasú gan cloí leis an nós imeachta a sholáthraíonn siad chuige sin.

43.   Dearbhú maidir le hAirteagal 311a(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontaíonn na hArdpháirtithe Conarthacha go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach, de bhun Airteagal 311a(6), cinneadh as a dtiocfaidh modhnú ar stádas Mayotte i leith an Aontais chun réigiún forimeallach a dhéanamh den chríoch sin de réir bhrí Airteagal 311a(1) agus Airteagal 299 nuair a chuirfidh údaráis na Fraince in iúl don Chomhairle Eorpach agus don Choimisiún go gceadaítear sin leis an éabhlóid atá ar siúl maidir le stádas inmheánach an oileáin.


(1)  “Is é an toradh atá ar (...) nach bhféadfadh forálacha dlíthiúla baile, is cuma cén tslí ina gcumfaí iad, cur go breithiúnach i gcoinne an dlí a eascraíonn ón gConradh, mar gheall ar chineál sonrach bunaidh an dlí sin, ar foinse dhlí neamhspleách é, gan a chineál mar dhlí Comhphobail a bhaint de agus gan bonn dlíthiúil an Chomhphobail féin a thabhairt faoi cheist.”


B.   DEARBHUITHE A BHAINEANN LE PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS NA CONARTHAÍ

44.   Dearbhú maidir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire gurb amhlaidh, i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát faoi Airteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nach mian léi a bheith rannpháirteach i dtogra nó i dtionscnamh, go bhféadfar an fógra a tharraingt siar tráth ar bith sula nglacfar an beart chun cur le acquis Schengen.

45.   Dearbhú maidir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, aon uair a chuirfidh an Ríocht Aontaithe nó Éire in iúl don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici gan bheith rannpháirteach i mbeart a chuireann le cuid de acquis Schengen ina bhfuil sí rannpháirteach, go ndéanfaidh an Chomhairle dianphlé ar na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr neamh-rannpháirtíocht an Bhallstáit sin sa bheart sin. Seolfar an plé sa Chomhairle i bhfianaise na sonraí a thabharfaidh an Coimisiún maidir leis an ngaol idir an togra agus acquis Schengen.

46.   Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, mura nglacfaidh an Chomhairle cinneadh tar éis di an t-ábhar a phlé go substaintiúil den chéad uair, go bhféadfaidh an Coimisiún togra arna leasú a chur faoina bráid chun go ndéanfadh an Chomhairle athscrúdú substaintiúil air laistigh den teorainn ama 4 mhí.

47.   Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go bhféadfadh na coinníollacha a bheidh le cinneadh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3, 4 nó 5 d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh a chinneadh go n-iompróidh an Ballstát lena mbaineann na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bhrí gur scoir sé a rannpháirtíocht i gcuid den acquis nó san acquis ina iomláine dá dtagraítear in aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4 de Phrótacal sin.

48.   Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge

Tugann an Chomhdháil dá haire, i ndáil leis na gníomhartha dlí atá le glacadh ag an gComhairle ag gníomhú di ina haonar nó i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa agus ina bhfuil forálacha is infheidhme maidir leis an Danmhairg chomh maith le forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg toisc go bhfuil bunús dlí acu a bhfuil feidhm ag Cuid I den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge ina leith, go ndearbhaíonn an Danmhairg nach n-úsáidfidh sí a ceart vótála chun glacadh forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg a chosc.

Fairis sin, tugann an Chomhdháil dá haire go ndearbhaíonn an Danmhairg, ar bhonn an Dearbhaithe ón gComhdháil maidir le hAirteagal 188r go mbeidh rannpháirtíocht na Danmhairge i ngníomhaíochtaí nó i ngníomhartha dlí de bhun Airteagal 188r i gcomhréir le Cuid I agus Cuid II den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge.

49.   Dearbhú maidir leis an Iodáil

Tugann an Chomhdháil dá haire a raibh ráite sa Phrótacal maidir leis an Iodáil a cuireadh i gceangal i 1957 leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar atá arna leasú tráth an Conradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh:

‘TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna áirithe ar leith a bhaineann leis an Iodáil a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

TÓGANN BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL

SUNTAS DE go bhfuil Rialtas na hIodáile ag gabháil do chlár deich mbliana d'fhorbraíocht eacnamaíoch atá ceaptha chun na míchothromaíochtaí i ngréasán eacnamaíoch na hIodáile a cheartú, go háirithe trí bhonneagar a chur ar fáil do na limistéir lagfhorbartha i nDeisceart na hIodáile agus ar oileáin na hIodáile agus trí phoist nua a chruthú d'fhonn an dífhostaíocht a dhíchur.

TUGANN SIAD CHUN CUIMHNE go bhfuil prionsabail agus cuspóirí chlár seo Rialtas na hIodáile breithnithe agus formheasta ag eagraíochtaí um chomhar idirnáisiúnta ar comhaltaí díobh na Ballstáit.

AITHNÍONN SIAD gurb é a gcomhleas é go mbainfí amach cuspóirí chlár na hIodáile.

COMHAONTAÍONN SIAD, chun cuidiú le Rialtas na hIodáile an cúram sin a thabhairt chun críche, ar a mholadh d'institiúidí an Chomhphobail leas a bhaint as na modhanna agus na nósanna imeachta go léir dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus, go háirithe, úsáid iomchuí a dhéanamh d'acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Chiste Sóisialach na hEorpa.

IS É A dTUAIRIM gur chóir d'institiúidí an Chomhphobail, ag cur an Chonartha seo chun feidhme dóibh, aird a thabhairt ar an iarracht leanúnach atá le déanamh ag geilleagar na hIodáile sna blianta le teacht agus ar a mhéad is inmhianaithe go seachnófaí strusanna contúirteacha, go háirithe i gcomhardú na n-íocaíochtaí nó i leibhéal na fostaíochta, a d'fhéadfadh bheith ina mbaol d'fheidhmiú an Chonartha seo san Iodáil.

AITHNÍONN SIAD go mbeidh sé riachtanach, má chuirtear Airteagail 109h agus 109i i bhfeidhm, cúram a ghlacadh nach rachaidh aon bhearta dá n-éileofar ar Rialtas na hIodáile chun dochair do chomhlíonadh a chláir chun forbraíocht eacnamaíoch a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála an phobail a ardú.’

50.   Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlíthiúla lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlíthiúla a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.


C.   DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT

Ina theannta sin, thug an Chomhdháil dá haire na Dearbhuithe seo a leanas atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

51.   Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta

Is mian leis an mBeilg a chur i bhfios, i gcomhréir lena dlí bunreachtúil, go ndéanann Teach Ionadaithe agus Seanad na Parlaiminte Cónaidhme mar aon le tionóil pharlaiminteacha na bPobal agus na Réigiún, i bhfianaise na n-inniúlachtaí arna bhfeidhmiú ag an Aontas, gníomhú mar chomhpháirteanna den chóras parlaiminteach náisiúnta nó mar sheomraí den Pharlaimint náisiúnta.

52.   Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic go leanfaidh an bhratach a bhfuil ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm uirthi, an roscamhrán ‘Óid don Aoibhneas’ as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven, an mana ‘Aontaithe san éagsúlacht’, an euro mar airgeadra an Aontais Eorpaigh agus lá na hEorpa an 9 Bealtaine de bheith ina siombailí dóibhsean de bhallraíocht choiteann na ndaoine san Aontas Eorpach agus den cheangal atá acu leis an Aontas Eorpach.

53.   Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

1.

Meabhraíonn Poblacht na Seice gur ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh atá forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh dírithe agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, faoi mar a athdhaingnítear i nDearbhú (Uimh. 18) maidir le hinniúlachtaí a theorannú. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir nach ndírítear forálacha na Cairte ar na Ballstáit seachas nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu agus nach ndírítear orthu iad nuair a bhíonn dlí náisiúnta á ghlacadh ná á chur chun feidhme acu gan spleáchas ar dhlí an Aontais.

2.

Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir freisin nach ndéantar raon feidhme dhlí an Aontais a leathnú leis an gCairt ná nach mbunaítear aon chumhacht nua de chuid an Aontais léi. Ní laghdaítear raon feidhme an dlí náisiúnta léi ná ní chuirtear srian léi ar aon chumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta sa réimse seo faoi láthair.

3.

Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go tréan, maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha, a mhéid a aithnítear sa Chairt iad mar a eascraíonn siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, nach mór iad a léiriú i gcomhréir leis na traidisiúin sin.

4.

Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go daingean, lena chois sin, nach bhféadfar rud ar bith atá sa Chairt a léiriú ar bhealach a chuirfeadh srian ar chearta an duine ná ar shaoirsí bunúsacha ná a dhéanfadh dochar dóibh, mar a aithnítear ina raon feidhme faoi seach iad le dlí an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le Bunreachtanna na mBallstát.

54.   Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne

Tugann an Ghearmáin, Éire, an Ungáir, an Ostair agus an tSualainn dá n-aire nach ndearnadh croí-fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leasú go substaintiúil ó tháinig sé i bhfeidhm agus gur gá iad a thabhairt suas chun dáta. Mar sin, tá siad i bhfabhar Comhdháil d'Ionadaithe Rialtais na mBallstát a chomóradh a luaithe is féidir.

55.   Dearbhú ó Ríocht na Spáinne agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Tá feidhm ag na Conarthaí maidir le Giobráltar mar chríoch Eorpach a bhfuil Ballstát freagrach as a chaidreamh eachtrach. Ní leanfaidh uaidh sin aon athrú i seasaimh faoi seach na mBallstát i dtrácht.

56.   Dearbhú ó Éirinn maidir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Daingníonn Éire a tiomantas don Aontas mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a urramaíonn cearta bunúsacha agus córais dlí éagsúla agus traidisiúin éagsúla na mBallstát agus ina gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta ar fáil do na saoránaigh.

Dá réir sin, dearbhaíonn Éire go bhfuil sé de rún daingean aici a ceart a fheidhmiú, faoi Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, chun bheith rannpháirteach i nglacadh beart de bhun Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mhéid a mheasann sí is féidir.

Beidh Éire, go háirithe, rannpháirteach a mhéid is féidir i mbearta i réimse an chomhair phóilíneachta.

Fairis sin, meabhraítear d'Éirinn gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal, go bhféadfaidh sí fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle nach mian léi a thuilleadh a bheith folaithe ag téarmaí an Phrótacail. Tá sé d'intinn ag Éirinn oibriú na socruithe sin a athbhreithniú laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.

57.   Dearbhú ó Phoblacht na hIodáile maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

Tugann an Iodáil dá haire go bhfuil Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe de shaoránaigh an Aontais a ndéanfar ionadaíocht chomhréireach chéimlaghdaitheach orthu, i gcomhréir le hAirteagal 8a (a athuimhrítear mar Airteagal 10) agus le hAirteagal 9a (a athuimhrítear mar Airteagal 14) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Tugann an Iodáil dá haire freisin gur saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúnacht Ballstáit aige, de bhun Airteagal 8 (a athuimhrítear mar Airteagal 9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de bhun Airteagal 17 (a athuimhrítear mar Airteagal 20) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, measann an Iodáil gur cheart do gach cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9a(2) (a athuimhrítear mar Airteagal 14) a urramú, gan dochar don chinneadh maidir leis an téarma parlaiminte 2009-2014.

58.   Dearbhú ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na hUngáire agus ó Phoblacht Mhálta maidir le litriú ainm an airgeadra aonair sna Conarthaí

Gan dochar do litriú aontaithe ainm airgeadra aonair an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear sna Conarthaí agus mar atá ar na nótaí bainc agus ar na monaí, dearbhaíonn an Laitvia, an Ungáir agus Málta nach bhfuil aon éifeacht ag litriú ainm an airgeadra aonair, lena n-áirítear a dhíorthaigh, mar atá arna úsáid sa leagan Laitvise, sa leagan Ungáirise agus sa leagan Máltaise de na Conarthaí, ar rialacha láithreacha na Laitvise, na hUngáirise agus na Máltaise.

59.   Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 270a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhaontóidh Ríocht na hÍsiltíre le cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 270a(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a luaithe a bheidh réiteach sásúil maidir lena glanriocht diúltach iomarcach íocaíochtaí i leith bhuiséad an Aontais curtha ar fáil don Ísiltír le coigeartú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 269 den Chonradh sin.

60.   Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le hAirteagal 311a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn Ríocht na hÍsiltíre nach dtíolacfar tionscnamh do chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 311a(6) arb é is aidhm dó stádas Aintillí na hÍsiltíre agus/nó Aruba i leith an Aontais a mhodhnú, ach amháin ar bhonn cinneadh arna ghlacadh ar cothrom leis an gCairt do Ríocht na hÍsiltíre.

61.   Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Ní dhéanann an Chairt difear ar aon dóigh do cheart na mBallstát reachtú i réimse na morálachta poiblí, an dlí teaghlaigh, chosaint dhínit an duine agus an mheasa ar iomláine choirp agus mhorálta an duine.

62.   Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir leis an bPrótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

Dearbhaíonn an Pholainn, ag féachaint do thraidisiún na gluaiseachta ‘Solidarnosc’ agus dá rannchuidiú suntasach don streachailt ar son ceart daonna agus oibre, go n-urramaíonn sí cearta sóisialta agus oibre go hiomlán, mar atá siad bunaithe le dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe na cearta a athdhearbhaítear i dTeideal IV de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

63.   Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le sainiú an téarma ‘náisiúnaigh’

I ndáil leis na Conarthaí agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus le haon cheann de na gníomhartha a chineann ó na Conarthaí sin nó a leanann de bheith i bhfeidhm de bhua na gConarthaí sin, athdhéanann an Ríocht Aontaithe an Dearbhú a rinne sí an 31 Nollaig 1982 maidir le sainiú an fhocail ‘náisiúnaigh’ ach amháin go dtuigfear an tagairt do ‘dhaoine is saoránaigh de na spleáchríocha Briotanacha’ mar thagairt do ‘dhaoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear’.

64.   Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire nach bhfuil Airteagal 9a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus forálacha eile de na Conarthaí ceaptha chun an bonn atá leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a athrú.

65.   Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le hAirteagal 61h den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Ríocht Aontaithe lántacaíocht do ghníomhaíocht láidir i dtaca le smachtbhannaí airgeadais a ghlacadh a cheapfar chun an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac. Dearbhaíonn an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar intinn aici a ceart faoi Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fheidhmiú bheith rannpháirteach i nglacadh gach togra a dhéanfar faoi Airteagal 61h den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


Top