EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sonraí pearsanta a úsáideann na póilíní agus údaráis an cheartais choiriúil (ó 2018) a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/680 – Daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta ag póilíní agus ag údaráis an cheartais choiriúil, agus ar saorghluaiseacht sonraí den sórt sin

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Áirithítear le Treoir (AE) 2016/680, an treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí (LED), go gcosnófar sonraí pearsanta daoine aonair a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla cibé acu mar fhinnéithe, mar íospartaigh nó mar dhaoine a bhfuil amhras fúthu.
  • Bunaítear leis creat cuimsitheach chun ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, agus cineál sonrach réimse na bpóilíní agus an cheartais choiriúil á chur san áireamh.
  • Cuireann sé le muinín mhéadaithe agus éascaítear leis comhar sa chomhrac in aghaidh na coireachta san Eoraip, trí chosaint sonraí pearsanta ag údaráis forfheidhmithe dlí i mBallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus i dtíortha Schengen a chomhchuibhiú.
  • Tá an treoir ina cuid d’athchóiriú cosanta sonraí AE, mar aon leis an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí (RGCS) (féach an achoimre) i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí AE, comhlachtaí AE, oifigí AE agus gníomhaireachtaí AE (féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear leis an treoir maidir leis na sonraí arna mbailiú ag údaráis forfheidhmithe dlí:

  • go ndéanfar iad a phróiseáil go dleathach agus go cothrom;
  • go ndéanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe, sainráite agus dlisteanacha agus go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá comhoiriúnach leis na críocha sin amháin;
  • go mbeidh siad leordhóthanach, ábhartha agus nach mbeidh siad iomarcach maidir leis an gcríoch dá bhfuil siad á bpróiseáil;
  • go mbeidh siad cruinn agus nuashonraithe nuair is gá;
  • go gcoinneofar iad i bhfoirm trína sainaithnítear an duine aonair tráth nach faide ná mar is gá chun críocha na próiseála;
  • go mbeidh siad slánaithe go hiomchuí, lena n–áirítear cosaint i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, ag baint úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí.

Teorainneacha ama

Ní mór do na Ballstáit teorainneacha ama a leagan síos chun na sonraí pearsanta a scriosadh nó chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an ngá le sonraí den sórt sin a stóráil.

Na daoine aonair lena mbaineann (“ábhair shonraí”)

Ceanglaítear leis an treoir go ndéanfaidh na húdaráis forfheidhmithe dlí idirdhealú follasach idir sonraí catagóirí difriúla daoine lena n–áirítear:

  • na daoine sin a bhfuil forais thromchúiseacha ann a chreidiúint go bhfuil cion coiriúil déanta acu nó go bhfuil siad ar tí cion coiriúil a dhéanamh;
  • na daoine sin a ciontaíodh as cion coiriúil;
  • íospartaigh cionta coiriúla nó daoine a gcreidtear go réasúnach go bhféadfaidís a bheith ina n–íospartaigh de chionta coiriúla;
  • na daoine sin atá ina bpáirtithe i gcion coiriúil, lena n–áirítear finnéithe féideartha.

Faisnéis d’ábhair shonraí agus rochtain ar shonraí

Tá an ceart ag daoine aonair go gcuirfí faisnéis áirithe ar fáil dóibh – agus i gcásanna áirithe go soláthródh na húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí faisnéis áirithe dóibh, lena n–áirítear:

  • ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a chinneann an aidhm agus na mionsonraí a bhaineann le próiseáil na sonraí;
  • chun a sonraí pearsanta a phróiseáil;
  • an ceart maidir le gearán a sheoladh le húdarás maoirseachta agus sonraí teagmhála an údaráis;
  • an ceart a bheith ann rochtain a iarraidh ar a gcuid sonraí pearsanta agus na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh chomh maith leis an gceart srian a chur ar phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta.

Tá an ceart ag daoine aonair deimhniú a fháil ó údaráis inniúla faoi an bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil, agus rochtain a fháil ar shonraí agus ar fhaisnéis dá leithéid a bhaineann lena bpróiseáil.

Slándáil agus logáil

Ní mór d’údaráis náisiúnta bearta teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh d’fhonn leibhéal slándála atá oiriúnach don riosca a áirithiú le haghaidh sonraí pearsanta . I gcás ina ndéantar próiseáil sonraí a oibriú, ní mór roinnt beart a chur i bhfeidhm, lena n–áirítear:

  • rochtain ar threalamh a úsáidtear i gcomhair próiseála a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe;
  • cosc a chur ar léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe meáin sonraí*;
  • cosc a chur ar ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus ar fhéachaint, athrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte.

Ní mór d’údaráis náisiúnta logaí a choinneáil ina mbeidh faisnéis amhail dáta agus am rochtana ar shonraí pearsanta agus ainmneacha na ndaoine sin a d’fhéach ar na sonraí nó ar nochtadh na sonraí dóibh. Úsáidfear na logaí go príomha chun dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú, rud a áiritheoidh slándáil agus sláine na próiseála agus le haghaidh imeachtaí coiriúla.

Aisghairm

Tháinig an treoir in ionad Chinneadh Réime 2008/977/CGB maidir le cosaint sonraí pearsanta a dhéantar a phróiseáil faoi chuimsiú comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla le héifeacht ón 6 Bealtaine 2018.

Athbhreithniú

D’eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht dar teideal “An bealach chun tosaigh maidir le acquis den tríú colún a bhí ann roimhe seo a ailíniú le rialacha cosanta sonraí” i mí an Mheithimh 2020.

Tá an chéad tuarascáil ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú na treorach le cur i gcrích faoin 5 Bealtaine 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 5 Bealtaine 2016. Bhí ar na Ballstáit an treoir a thrasuí (í a ionchorprú ina ndlí náisiúnta) faoin 6 Bealtaine 2018.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Meáin sonraí. Dioscaí nó gléasanna eile chun sonraí a stóráil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89–131).

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/680 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98).

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.01.2022

Top