EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráitis airgeadais cuideachtaí atá inchomparáide agus soiléir ar fud an Aontais

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/34/AE maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi:

  • soiléireacht agus inchomparáideacht ráiteas airgeadais, seachas na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (IFRS) a chinntiú;
  • teorainn a chur ar ualaí riaracháin agus soláthar a dhéanamh do rialacha simplí agus láidre cuntasaíochta, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);
  • trédhearcacht a mhéadú maidir le híocaíochtaí a dhéanann tionscail na mianadóireachta agus na lománaíochta le rialtais, agus trédhearcacht na gcánacha corparáideacha a íocann grúpaí móra ilnáisiúnta;
  • na rialacha a leagan amach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach i ndiaidh na leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2464, an treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le cineálacha cuideachtaí atá faoi dhliteanas teoranta san Aontas Eorpach (AE).
  • Sainmhínítear agus déantar idirdhealú sa reachtaíocht idir micreachuideachtaí, cuideachtaí beaga, cuideachtaí meánmhéide agus cuideachtaí móra, bunaithe ar an méid seo a leanas:
    • a gclár comhardaithe;
    • a nglanláimhdeachas; agus
    • meánlíon na bhfostaithe le linn bliain airgeadais.
  • Maidir le gach ceann de na catagóirí seo a leanas, leagtar amach trí theorainn, agus ní cheadaítear dhá cheann díobh sin a shárú:
    • micreaghnóthais: clár comhardaithe (€350,000), glanláimhdeachas (€700,000), fostaithe (10);
    • gnóthais bheaga: clár comhardaithe (€4 mhilliún), glanláimhdeachas (€8 milliún), fostaithe (50);
    • gnóthais mheánmhéide: clár comhardaithe (€20 milliún), glanláimhdeachas (€40 milliún), fostaithe (250).
  • Gnóthais mhóra a sháraíonn dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar seo a leanas: Clár comhardaithe (€20 milliún), glanioncam (€40 milliún) agus fostaithe (250).

Mar an gcéanna, leagtar amach sa treoir rialacha comhchosúla do ghrúpaí cuideachta (ina bhfuil máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí) de mhéideanna éagsúla.

  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag baint leis na ráitis airgeadais bhliantúla:
    • ar a laghad, an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus na nótaí leis na ráitis airgeadais*;
    • tugtar léargas fíorcheart iontu maidir le sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta;
    • foilsíonn gach cuideachta gach bliain iad sa chlár náisiúnta gnó ábhartha.
  • Leagtar amach sa treoir prionsabail ghinearálta maidir le tuairisciú airgeadais, amhail cur i bhfeidhm comhsheasmhach na mbeartas cuntasaíochta agus na mbonn tomhais ó bhliain go chéile.
  • Cumhdaítear cur i láthair na gclár comhardaithe, na gcuntas brabúis agus caillteanais agus na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais chomh maith le tuarascálacha bainistíochta, faisnéis neamhairgeadais, rialachas corparáideach agus ráitis chomhdhlúite i rialacha mionsonraithe.
  • D’fhéadfadh na hoibleagáidí a bheith éagsúil ag brath ar mhéid na cuideachta agus déantar foráil sa treoir i leith díolúintí nó simplithe i mórán réimsí do mhicreaghnóthais agus do FBManna. Is faoi gach Ballstát AE atá sé méid na ndíolúintí nó na simplithe sin a chinneadh.
  • Ní foláir go ndéanfaidh iniúchóirí reachtúla amháin nó níos mó ráitis airgeadais eintiteas leasa phoiblí agus gnóthas meánmhéide agus mór a iniúchadh.
  • Cuideachtaí móra a bhfuil baint acu le mianadóireacht mianraí, ola, gás nádúrtha nó ábhair eile nó na cinn a bhfuil baint acu le lománaíocht i bhforaoisí príomhúla* ní mór sonraí faoi íocaíochtaí os cionn €100,000 san iomlán a fhoilsiú a rinne siad le rialtais in aon bhliain airgeadais.
  • Ón 22 Meitheamh 2023 ar aghaidh, tá feidhm ag Caibidil 10a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag grúpaí ilnáisiúnta a bhfuil ioncam comhdhlúite bliantúil de níos mó ná €750 milliún acu.
    • Ceanglófar ar na máthairchuideachtaí na ngrúpaí sin a dhearbhú, i dtuarascáil shonrach a fhoilsítear ar a suíomh gréasáin, a n-ioncam, a mbrabúis, an cháin ioncaim chorparáide a íocadh agus líon na bhfostaithe in aghaidh an Bhallstáit, agus in aghaidh na tíre neamh-AE nach gcomhoibríonn leis an Aontas maidir le cúrsaí cánach nó nach gcomhlíonann na caighdeáin go léir agus a bhfuil gealltanas tugtha aici athchóiriú a dhéanamh uirthi;
    • Cuirfidh cláir ghnó rochtain phoiblí ar fáil freisin ar na tuarascálacha seo.
    • Ní mór do ghrúpaí ilnáisiúnta i dtíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad atá i mbun gnó san Aontas tuairisciú ar an gcaoi chéanna.
  • Le rialacha a tugadh isteach le leasú ar Threoir (AE) 2022/2464 maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, ceanglaítear ar ghnóthais bheaga, mheánmhéide agus mhóra (ní micrighnóthais) atá liostaithe ar mhargaí arna rialáil ag an Aontas — agus máthairchuideachtaí grúpaí móra — a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta faisnéis a bhaineann le tionchar na cuideachta ar chúrsaí inbhuanaitheachta (amhail cearta comhshaoil, cearta sóisialta, cearta an duine agus tosca rialachais), chomh maith le faisnéis atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar an dóigh a n–imríonn gnéithe inbhuanaitheachta tionchar ar a forbairt, a feidhmíocht agus a staid. Déanfar cur i bhfeidhm na rialacha sin a chéimniú amach de réir a chéile (féach thíos).

Aisghairm

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir 2013/34/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 20 Iúil 2015.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2021/2101 a thrasuí faoin 22 Meitheamh 2023, agus déanfar tuarascálacha le haghaidh blianta airgeadais ag tosú ar an 22 Meitheamh 2024 nó ina dhiaidh sin.
  • Ní mór Treoir leasaitheach (AE) 2022/2464 a thrasuí faoin 6 Iúil 2024. Cuirfear an treoir sin i bhfeidhm i dtrí chéim:
    • an bhliain airgeadais 2024 do chuideachtaí atá faoi réir na treorach tuairiscithe neamhairgeadais cheana (Treoir 2014/95/AE — féach an achoimre);
    • an bhliain airgeadais 2025 do chuideachtaí móra nach bhfuil faoi réir Threoir 2014/95/AE faoi láthair;
    • an bhliain airgeadais 2026 do FBManna liostaithe, d’institiúidí creidmheasa beaga agus neamhchasta agus do ghnóthais árachais faoi chuing*.

Tá feidhm ag na rialacha sin chomh maith maidir le cuideachtaí AE agus cuideachtaí neamh–AE ag a bhfuil urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte de bharr na crostagartha atá cuimsithe i dTreoir 2004/109/CE le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2464.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Nótaí leis na ráitis airgeadais. Faisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis i ráitis airgeadais cuideachta. Soláthraítear an fhaisnéis ar mhaithe le soiléireacht agus d’fhéadfadh, mar shampla, na modheolaíochtaí cuntasaíochta a úsáideadh chun idirbhearta a thaifeadadh agus a thuairisciú agus sonraí pleananna pinsin a bheith san áireamh iontu.
Foraoisí príomhúla. Foraoisí de speiceas dúchasach, sa chás nach bhfuil comhartha soiléir ar bith ann de ghníomhaíochtaí an duine le feiceáil agus nár cuireadh isteach go suntasach ar na próisis éiceolaíocha.
Gnóthas aráchais faoi chuing. Gnóthas árachais, atá faoi úinéireacht gnóthais airgeadais seachas gnóthas árachais nó athárachais nó grúpa gnóthas árachais nó athárachais nó atá faoi úinéireacht gnóthais neamhairgeadais, arb é is aidhm leis cumhdach árachais a sholáthar go heisiach le haghaidh rioscaí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann sé nó rioscaí ghnóthas nó ghnóthais an ghrúpa a bhfuil sé nó ina bhall de.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lgh. 19–76).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2013/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta á nochtadh ag cuideachtaí agus ag grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lgh. 1–9).

Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireacht reachtúla ar chuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lgh. 87–107).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.11.2023

Top