EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fearais a dhónn breoslaí gásacha (ó 2018 i leith)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/426 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Déantar rialacha arna leagan amach i reachtaíocht roimhe seo a mhionathrú agus a nuashonrú leis (Treoir 2009/142/CE).
  • Bunaítear leis na rialacha maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus a bhfeistis a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse.
  • Cuirtear rochtain ar fáil leis ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) maidir leis na fearais agus na feistis chomh fada is a bhaineann sé lena sábháilteacht gháis.
  • Déileáiltear ann le héifeachtúlacht fuinnimh na dtáirgí sin, mura bhfuil reachtaíocht AE níos sonraí ar bith eile i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an rialachán maidir le fearais agus feistis gháis i gcás:
    • gur fearais iad “fearais” a dhónn breoslaí gásacha le haghaidh cócaireachta, téimh, uisce a théamh, cuisnithe, soilsithe nó níocháin chomh maith le dóirí brúshéidte* agus téitheoirí a fheisteofar le dóirí den sórt sin;
    • is éard is “feistis” ann gléasanna sábháilteachta, gléasanna rialaithe nó gléasanna rialála agus a bpáirteanna, atá deartha le cur isteach i bhfearas a dhónn breoslaí gásacha nó a úsáidtear chun fearas den sórt sin a dhéanamh.
  • Níl feidhm ag an rialachán seo maidir le fearais a dearadh go sonrach lena n-úsáid:
    • i bpróisis thionsclaíocha a dhéantar ar áitribh thionsclaíocha;
    • ar aerárthaí agus iarnróid; nó
    • chun críocha taighde sealadach i saotharlanna.

Coinníollacha atá le comhlíonadh agus fearais nó feistis á gcur ar an margadh

  • Ní mór d’fhearais agus d’fheistis an rialachán — a bhfuil a cheanglais riachtanacha leagtha amach in Iarscríbhinn I — a chomhlíonadh sular féidir iad a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse in AE.
  • Ní mór fearais atá cumhdaithe faoin rialachán a dhearadh agus a thógáil ionas go n-oibreoidh siad go sábháilte agus nach gcuirfidh siad daoine, ainmhithe clóis nó maoin i gcontúirt nuair a bhaintear gnáthúsáid* astu.
  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag gabháil le gach fearas:
    • treoracha teicniúla don suiteálaí, ina mbeidh na treoracha ar fad maidir leis an tsuiteáil, an coigeartú agus an seirbhísiú a theastaíonn lena chinntiú go bhfeidhmeofar na hoibríochtaí sin ar fad mar is ceart agus gur féidir an fearas a úsáid go sábháilte lena n-áirítear, mar shampla
      • sonraí maidir leis na gcineál gáis agus an mbrú soláthair a úsáidtear
      • sreabhadh an aeir úir a theastaíonn, chomh maith leis
      • na coinníollacha maidir leis na táirgí dócháin a scaipeadh;
    • treoracha maidir leis an úsáid agus an tseirbhís atá ceaptha don úsáideoir ina bhfuil an fhaisnéis uile is gá don úsáid shábháilte agus ina dtarraingeofar aird an úsáideora ar aon srianta ar úsáid;
    • rabhaidh ar a léirítear an gcineál gáis, brú soláthair an gháis agus aon srianta ar úsáid, go háirithe na srianta gan an fearas a shuiteáil ach amháin i láithreacha ina bhfuil go leor aerála.

Cineálscrúdú

  • Ní mór don mhonaróir iarratas a chur isteach ar chineálscrúdú AE chuig comhlacht amháin dá dtugtar fógra*. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san iarratas:
    • ainm agus seoladh an mhonaróra;
    • deimhniú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;
    • doiciméadúchán teicniúil, faoi mar a chuirtear síos air sa rialachán seo.
  • I gcás go gcomhlíonann an cineál na critéir arna leagan síos leis an rialachán seo, ní mór don chomhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint chuig an iarratasóir.

Dearbhú comhréireachta AE

  • Sula gcuirfear fearas nó cineál feistis ar an margadh, ní mór don mhonaróir é a chur faoi fhaireachas chéim an táirgthe ag comhlacht dá dtugtar fógra.
  • I ndiaidh measúnú comhréireachta rathúil ar an táirge, ní mór don mhonaróir dearbhú comhréireachta AE* a dhréachtú ina ndearbhaítear go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais an rialacháin seo.
  • Ní mór comhartha CE agus an fhaisnéis seo a leanas a bheith ar an bhfearas gáis nó ar a phláta sonraí:
    • ainm an mhonaróra;
    • ainm trádála cláraithe;
    • catagóir an fhearais; agus
    • brú soláthair an gháis;
    • an dá dhigit dheireanacha den bhliain inar cuireadh comhartha “CE” leis.
  • Ní mór do mhonaróirí
    • an doiciméadúchán teicniúil agus dearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar feadh 10 mbliana i ndiaidh an fearas/feisteas a chur ar an margadh;
    • fearas ar bith a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis a chur in iúl do na húdaráis náisiúnta.
  • Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú go gcomhlíonann na fearais agus na feistis a chuirfidh siad ar an margadh an rialachán seo, lena n-áirítear gur cuireadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcrích agus go bhfuil comhartha CE agus an doiciméadúchán a dhréachtaigh na monaróirí ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis. Caithfidh a n-ainm agus a sonraí teagmhála a bheith léirithe ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas.
  • Ní mór do dháileoirí
    • aird chuí a thabhairt lena chinntiú agus fearas nó feisteas á láimhseáil acu nach ndéanfar difear dá gcomhlíonadh.
    • a fhíorú go bhfuil comhartha CE ar fhearas ar bith a chuirfidh siad ar an margadh agus go bhfuil dearbhú comhréireachta leis.
  • Cuireann rialtais AE na comhlachtaí dá dtugtar fógra atá údaraithe chun tástálacha measúnaithe comhréireachta a dhéanamh in iúl don Choimisiún Eorpach.
  • Déanann an Coimisiún comhordú ar an gcomhar frithpháirteach idir na húdaráis náisiúnta.
  • Ní mór do thíortha AE na cineálacha gáis agus na brúnna soláthair comhfhreagracha a úsáidtear ar a gcríoch a chur in iúl don Choimisiún faoin 21 Deireadh Fómhair 2017. Ní mór díobh fógra a thabhairt faoi athruithe ar bith ina dhiaidh sin ar na coinníollacha roimh ré.
  • Ní mór do thíortha AE pionóis a bheith i bhfeidhm acu i gcomhair sáruithe ar bith ar an dlí faoin 21 Márta 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh sé i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2018, seachas airteagail áirithe ina ndéileáiltear den chuid is mó le comhlachtaí dá dtugtar fógra nó nósanna imeachta, chomh maith le fógra maidir leis na cineálacha gáis agus na brúnna soláthair comhfhreagracha a úsáidtear ar chríocha thíortha AE. Tá siad sin i bhfeidhm ón 21 Deireadh Fómhair 2016.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dóirí brúshéidte: tugtar an t-aer go ceann an dóire trí bhíthin séidire nó gaothrán brúshéidte.

Gnáthúsáid: ceaptar gur ionann gnáthúsáid agus:

  • nuair a dhéantar fearas a shuiteáil mar is ceart agus a sheirbhísiú ar bhonn rialta de réir threoracha an mhonaróra;
  • nuair a úsáidtear fearas le gnáthéagsúlacht i gcáilíocht an gháis agus gnáthluaineacht sa bhrú soláthair;
  • nuair a úsáidtear fearas i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil sé beartaithe nó ar bhealach is féidir a thuar go réasúnta.

Comhlacht dá dtugtar fógra: Déanann sé measúnú ar chomhréireacht faoi na coinníollacha atá leagtha síos le rialacháin AE. Seirbhís is ea é seo a thairgtear do mhonaróirí ar mhaithe le leas an phobail.

Dearbhú cineál-chomhréireachta AE: dearbhaíonn monaróir go bhfuil na fearais i gcomhréir leis an gcineál faoi mar a thuairiscítear sa dearbhú cineál-chomhréireachta AE agus go bhfuil ceanglais riachtanacha an rialacháin seo (comhartha CE) á gcomhlíonadh acu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lgh. 99-147)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (IO L 330, 16.12.2009, lgh. 10-27)

Nuashonraithe 06.03.2017

Top