EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha níos éifeachtaí i dtaobh imeachtaí dócmhainneachta thar theorainneacha AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfar riar éifeachtach ar imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le duine aonair nó gnólacht ag a bhfuil gníomhaíochtaí gnó nó leasanna airgeadais i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) seachas an Ballstát ina bhfuil sé nó sí lonnaithe de ghnáth.
  • Athmhúnlaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 agus cuirtear in aonad an Rialacháin sin é.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar síos sa rialachán rialacha ar fud AE chun an méid seo a leanas a bhunú:
    • cén chúirt a bhfuil dlínse aici chun cás dócmhainneachta a thionscnamh;
    • an dlí náisiúnta is infheidhme;
    • cinneadh na cúirte a aithint nuair a thagann cuideachta, trádálaí nó duine aonair chun bheith dócmhainneach.
  • Níl feidhm aige maidir leis an Danmhairg.

Na cásanna is infheidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le himeachtaí ina n–áirítear creidiúnaithe uile nó cuid shuntasach díobh de chuid féichiúnaí, agus inarb amhlaidh, chun críche tarrthála, coigeartú fiach, atheagraithe nó leachtaithe:

  • 1.

    gur chaill féichiúnaí a shócmhainní go hiomlán nó i bpáirt agus go ndearnadh speisialtóir dócmhainneachta, amhail leachtaitheoir, a cheapadh;

  • 2.

    go bhfuil sócmhainní agus gnóthaí féichiúnaí faoi réir rialú nó maoirseachta cúirte; nó

  • 3.
    gur cuireadh stop le himeacht chun caibidlíocht a cheadú idir an féichiúnaí agus a chuid creidiúnaithe — níl feidhm aige sin ach maidir leis na cásanna seo a leanas:
    • má tharlaíonn sé i gcomhthéacs imeachtaí atá dírithe ar na creidiúnaithe i gcoitinne a chosaint,
    • má theipeann ar an gcaibidlíocht, i gcás go gcuirfí ceann den dhá chineál imeachta eile thuasluaite ar bun ansin.

Clúdaítear sa rialachán imeachtaí dócmhainneachta “coisctheacha” atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ar féidir iad a sheoladh ag luathchéim feabhas a chur ar an seans an gnólacht a tharrtháil. Tá na himeachtaí sin liostaithe in Iarscríbhinn A. Clúdaítear inti chomh maith raon níos mó imeachtaí docmhainneachta pearsanta.

Dlínse

  • Bíonn na himeachtaí ar siúl i gcúirteanna Ballstáit ina bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite. Toimhdítear go gciallaíonn an méid sin:
    • láthair na hoifige cláraithe, i gcás cuideachta nó duine dlíthiúil;
    • an phríomháit ghnó, i gcás duine aonair a bhfuil gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige nó aici;
    • an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair, i gcás aon duine aonair eile.
  • Níl feidhm ag na toimhdí sin má tá an láthair athraithe laistigh de thréimhse áirithe ama roimh thús na n–imeachtaí dócmhainneachta.
  • Má tá ionad oibríochta ag an bhféichiúnaí i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite, féadfaidh an Ballstát sin imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i gcoinne an fhéichiúnaí freisin. Tá éifeacht “na n–imeachtaí tánaisteacha” sin teoranta do na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát sin, áfach.
  • Cuirtear feabhas leis an rialachán ar an seans go ndéanfar na cuideachtaí a tharrtháil trí oscailt imeachtaí tánaisteacha sintéiseacha a sheachaint, i gcás go ndéantar leasanna na gcreidiúnaithe áitiúla a rathú ar shlí eile.

An dlí is infheidhme

Go ginearálta, is é an dlí is infheidhme dlí an Bhallstáit ina dtarlaíonn na himeachtaí. Rialaítear faoin dlí sin na coinníollacha maidir le tionscnamh an chineáil sin imeachtaí, clabhsúr a chur orthu agus iad a sheoladh. Áirítear leis sin an méid seo a chinneadh:

  • na féichiúnaithe a bhféadfar cás a thionscnamh ina gcoinne;
  • na sócmhainní ar cuid den eastát dócmhainneachta iad;
  • cearta na gcreidiúnaithe tar éis chlabhsúr an cháis;
  • cé a íocfaidh costais agus speansais na n-imeachtaí.

Aithint agus forfheidhmiú

Nuair a bheidh feidhm ag breithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát amháin, ní mór é a aithint i ngach Ballstát agus an éifeacht chéanna a bheith aige.

Cláir dhócmhainneachta

Lena áirithiú ar bhealach níos fearr go bhfaighidh creidiúnaithe agus cúirteanna faisnéis ábhartha agus ionas nach dtionscnófar imeachtaí comhthreomhara, tá ceangal ar na Ballstáit faisnéis ábhartha a fhoilsiú ar chásanna dócmhainneachta trasteorann i gclár ar líne a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Déanfar na cláir sin a cheangal le chéile tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, i gcomhréir le rialacha AE ar chosaint sonraí.

Imeachtaí dócmhainneachta grúpa

Cruthaítear cur chuige ar leith leis rialachán chun déileáil le dócmhainneacht comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí. Áirítear leis sin:

  • rialacha lena gceanglaítear ar na cleachtóirí dócmhainneachta agus ar na cúirteanna éagsúla lena mbaineann dul i mbun comhair agus cumarsáide le chéile;
  • cearta teoranta chun seasaimh* i gcás cleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta eile den ghrúpa céanna;
  • córas sonrach i gcomhair comhordú imeachtaí a bhaineann leis an ngrúpa cuideachtaí céanna (“imeachtaí comhordaithe grúpa”).

Leasú ar na hIarscríbhinní

Leasaíodh an rialachán trí huaire:

  • Gabhann Rialachán (AE) 2017/353 in aonad Iarscríbhinn A (liosta de nósanna imeachta dócmhainneachta) agus Iarscríbhinn B (liosta de chleachtóirí dócmhainneachta) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 agus liostaí nua ina gcuirtear faisnéis arna soláthar ag an bPolainn san áireamh.
  • Gabhann Rialachán (AE) 2018/946 in aonad Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B i ndiaidh fógraí um athruithe a fuarthas ón mBeilg, ón mBulgáir, ón gCróit, ón Laitvia agus ón bPortaingéil.
  • Cuirtear Rialachán (AE) 2021/2260 in ionad Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B i ndiaidh fógraí faoi athruithe a fuarthas ón nGearmáin, ón Iodáil, ón gCipir, ón Liotuáin, ón Ungáir, ón Ísiltír, ón Ostair agus ón bPolainn maidir leis na hathruithe ina ndlí náisiúnta lena dtugtar isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta nó cleachtóirí dócmhainneachta. Dearbhaítear le Cinneadh leasaitheach (AE) 2022/1437 rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2017. Le Rialachán (AE) 2015/848 leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 agus na leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh in ionad an Rialacháin agus na leasuithe sin é.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ceart chun seasaimh. Ceart duine chun “seasamh” os comhair na cúirte agus a phléadáil, le dóthain ábhar cúise, go bhfuil ceangal aige nó aici le leas dlíthiúil an imeachta agus díobháil dó a léiriú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 19–72).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/848 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/1105 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2017 lena mbunaítear na foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 160, 22.6.2017, lgh. 1–26).

Nuashonraithe 14.09.2022

Top