EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dálaí maireachtála d’iarrthóirí tearmainn — rialacha AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/33/AE maidir le caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR SEO?

  • Cruthaítear inti rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le dálaí maireachtála (nó “dálaí glactha”) d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta* (iarrthóirí tearmainn nó daoine a bhfuil cosaint choimhdeach á lorg acu*) atá ag feitheamh le go ndéanfar scrúdú ar a n-iarratas. Leis na rialacha seo, ba cheart go gcuirfí bac ar dhaoine aistriú go tíortha éagsúla de bharr difríochtaí sna dálaí maireachtála.
  • Tá sé mar aidhm léi caighdeán maireachtála maorga a chinntiú d’iarrthóirí tearmainn in AE agus a chinntiú go ndéanfar a gcearta daonna a urramú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cé leis a mbaineann an treoir?

Baineann an treoir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus lena dteaghlach, lena n-áirítear:

  • céilí agus comhpháirtithe neamhphósta,
  • a leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois,
  • baill eile den teaghlach (e.g. máthair nó athair an iarratasóra má tá an t_iarratasóir faoi bhun 18 mbliana d’aois).

Coinníollacha glactha caighdeánacha ar fud AE

Tá sé mar aidhm leis an treoir coinníollacha glactha a chomhchuibhiú ar fud AE. Áirítear ar na coinníollacha sin:

  • rochtain ar thithíocht,
  • bia, éadaí,
  • liúntais airgeadais,
  • caighdeán maith maireachtála, agus
  • cúram leighis agus síceolaíoch.

Ráthaíochtaí eile

Seachas na bunchoinníollacha glactha, ní mór do thíortha AE a chinntiú gur féidir leis na hiarratasóirí an méid seo a leanas a rochtain:

  • fostaíocht laistigh de 9 mí,
  • oideachas do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Daoine leochaileacha

  • Ní mór measúnú aonair a dhéanamh chun riachtanais daoine leochaileacha a mheas (leanaí, daoine faoi mhíchumas nó íospartaigh mí-úsáide).
  • Baineann rialacha sonracha le leanaí, leanaí neamhthionlactha agus íospartaigh céastóireachta agus foréigin.
  • Ní mór rochtain a bheith ag iarrthóirí tearmainn leochaileacha ar chúram síceolaíoch.
  • Nuair a dhéanann leanaí neamhthionlactha iarratas ar thearmann, ba cheart ionadaí cáilithe a chur ar fáil dóibh chun cuidiú leo. Is ar leas leanaí agus aontacht an teaghlaigh is ceart breathnú ar dtús i gcónaí.

Urghabháil iarrthóirí tearmainn

Níor cheart iarratasóirí a urghabháil toisc go bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu go díreach. Níor cheart dul i mbun urghabhála ach mar rogha dheiridh amháin, agus ba cheart cinneadh a ghlacadh de réir gach aon cháis.

Glacadh liosta uileghabhálach d’fhorais urghabhála agus é mar aidhm leis an urghabháil threallach a sheachaint.

Déantar na nithe seo a leanas leis an treoir freisin:

  • déantar tréimhsí urghabhála a theorannú;
  • déantar urghabháil daoine leochaileacha, go háirithe leanaí, a theorannú;
  • soláthraítear ráthaíochtaí dlíthiúla (e.g. rochtain ar chúnamh dlí saor in aisce, faisnéis i scríbhinn nuair atá ordú urghabhála á achomharc);
  • tugtar isteach coinníollacha sonracha glactha do shaoráidí urghabhála, amhail rochtain ar spásanna faoin aer agus teagmháil le dlíodóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus baill teaghlaigh.

Le Treoir 2013/33/AE, aisghairtear Treoir 2003/9/CE le héifeacht ón 21 Iúil 2015.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 19 Iúil 2013. Bhí an treoir le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 21 Iúil 2015.

CÚLRA

Tá AE ag obair chun comhchóras Eorpach tearmainn (CET) a chruthú. Ó 2013 i leith, glacadh sraith téacsanna dlí nua chun feabhas a chur ar oibriú CET.

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas: Communication from the Commission COVID-19: Guidance on the implementation of relevant EU provisions in the area of asylum and return procedures and on resettlement

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cosaint idirnáisiúnta: stádas dídeanaithe nó stádas cosanta coimhdí.
Stádas cosanta coimhdí: féadfar é a thabhairt do náisiúnaigh nach as AE dóibh nó do dhaoine gan stát nach bhfuil i dteideal stádas dídeanaí ach a bheadh i mbaol go dtarlódh dochar tromchúiseach dóibh dá bhfillfidís ar a dtír thionscnaimh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 96-116)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2003/9/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin íosta i ndáil le glacadh le hiarrthóirí tearmainn (IO L 31, 6.2.2003, lgh. 18-25)

Nuashonraithe 25.05.2020

Top