EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pionóis choiriúla mar thoradh ar ghóchumadh airgeadra

De réir an Bhanc Ceannais Eorpach tá díobháil airgeadais dar luach EUR 500 milliún ar a laghad déanta de gheilleagar na hEorpa trí ghóchumadh ó tugadh an t-airgeadra isteach sa bhliain 2002. Tá glactha le dlí nua chun an euro agus airgeadraí a chosaint ar ghóchumadh.

ACHT

Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 ar chosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh trí dhlí coiriúil, agus ag dul in ionad Cinneadh Réime ón gComhairle 2000/383/CGB

ACHOIMRE

Sa treoir nua de chuid an Aontais Eorpaigh leagtar síos rialacha íosta maidir le sainmhíniú coire coiriúla agus pionóis maidir le góchumadh airgeadra. Tugann sí isteach rialacha comhchoiteanna chun dul i ngleic le góchumadh, imscrúdú a fheabhsú agus chun a chinntiú go mbeidh comhar níos fearr idir Ballstáit an AE d’fhonn góchumadh a chomhrac.

Cionta

Ní mór do Bhallstáit an AE bearta a thabhairt isteach chun a chinntiú go ngearrfar pionós orthu siúd a dhéanann, a fhaigheann, a ghlacann nó a shealbhaíonn aon uirlisí, earraí nó cláir ríomhaire, chomh maith le gnéithe slándála (ar nós holagraim nó comharthaí uisce) d’aon toisc go calaoiseach.

Ba chóir pionós a ghearradh ar iompar toiliúil leis, i ndáil le nótaí agus boinn nár eisíodh ach atá beartaithe le haghaidh cúrsaíochta mar airgead dlíthairgthe, agus mar an gcéanna le spreagadh, cabhrú leis agus é a chur chun cinn.

Pionóis ar dhaoine aonair (daoine nádúrtha)

Ní mór na pionóis a thabharfar isteach a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ba chóir príosúnacht a bheith san áireamh. Ní mór an téarma uasta príosúnachta (5 bliana nó 8 mbliana ag brath ar an gcás atá i gceist) a ghearradh ar na cionta góchumtha is tromchúisí ar a laghad.

Bíodh is go bhféadfaí pionóis ar nós fíneálacha a ghearradh ar dhaoine a chuireann timpeall airgead góchumtha a fuarthas le hintinn mhaith ba chóir forálacha a dhéanamh do phríosúnacht mar an pionós is déine i ndlíthe náisiúnta Ballstáit an AE.

Dliteanas aonán dlíthiúil agus pionóis dóibh

Ní mór do Bhallstáit an AE a chinntiú gur féidir dliteanas a chur ar aonáin dhlíthiúla (m.sh. cuideachtaí agus comhlachais) mar mhalairt ar dhaoine aonair (daoine nádúrtha) agus gur féidir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha athchomhairleacha a ghearradh ar dhaoine dlíthiúla. Ba chóir an réimse pionós a shainmhíniú, go n-áirítear orthu eisiamh ó theidlíocht chuig sochair nó cúnamh poiblí, dícháiliú sealadach nó dícháiliú buan ó chleachtas gníomhaíochtaí tráchtála agus iad a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach.

Nótaí agus boinn euro ghóchumtha a anailísiú agus a aimsiú

Ní mór do Bhallstáit an AE a chinntiú go bhfuil ar chumas a n-ionaid náisiúnta anailíse agus a n-ionaid náisiúnta anailíse bonn airgead a thástáil chun euronna góchumtha a aimsiú agus go mbeidh siad ar fáil in imeachtaí breithiúnacha leanúnacha chun tuilleadh góchumtha a aimsiú.

Cur i bhfeidhm

Tá rogha déanta ag Éire glacadh leis an treoir seo. Níl an Danmhairg ná an Ríocht Aontaithe (1) faoi cheangal aige áfach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/62/AE

22.5.2014

23.5.2016

IO L 151 an 21.5.2014

Nuashonraithe 10.08.2014



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top