EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Astaíochtaí CO2 ó fheithiclí an-troma a laghdú

Tá méadú ag teacht ar astaíochtaí iompair ar bóthar agus ní mór na hastaíochtaí sin a shrianadh chun a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE) a spriocanna um athrú aeráide a chomhlíonadh agus geilleagar ísealcharbóin a chur ar bun. Chuathas i ngleic roimhe seo i ndlíthe AE le hastaíochtaí gluaisteán agus veaineanna agus tá laghdú ag teacht anois ar na hastaíochtaí sin. Ach níl astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair á rialú go fóill in AE, cé gurb ionann iad agus timpeall 25 % d’astaíochtaí iompair ar bóthar.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 Feithiclí Tromshaothair a laghdú (COM(2014) 285 final an 21.5.2014).

ACHOIMRE

Tá méadú ag teacht ar astaíochtaí iompair ar bóthar agus ní mór na hastaíochtaí sin a shrianadh chun a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE) a spriocanna um athrú aeráide a chomhlíonadh agus geilleagar ísealcharbóin a chur ar bun. Chuathas i ngleic roimhe seo i ndlíthe AE le hastaíochtaí gluaisteán agus veaineanna agus tá laghdú ag teacht anois ar na hastaíochtaí sin. Ach níl astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair á rialú go fóill in AE, cé gurb ionann iad agus timpeall 25 % d’astaíochtaí iompair ar bóthar.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach sa teachtaireacht straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair a laghdú, ar an mbealach is cost-éifeachtúla agus is féidir. Léirítear inti forbairtí rialála a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, rud a chuireann ar chumas an tionscail infheistíocht a dhéanamh agus pleananna a dhéanamh don todhchaí dá réir sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa teachtaireacht bealaí éagsúla chun an dá chuspóir a bhaint amach:

teicneolaíocht úrscothach a úsáid chun éifeachtúlacht na n-inneall agus na bhfeithiclí ó thaobh an chomhshaoil de a mhéadú, agus bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt (ar féidir é a úsáid chun feithiclí a athluchtú nó a athbhreoslú);

dul i ngleic leis an mbearna eolais reatha maidir le hastaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair trí na hastaíochtaí sin a thomhas agus a thuairisciú go cruinn. Is féidir é sin a dhéanamh ach an uirlis ionsamhlaithe ríomhaire “VECTO” a úsáid chun astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a thomhas. Tá VECTO á fhorbairt faoi láthair. Cuirfidh an uirlis le trédhearcacht mhargaidh níos fearr agus le hinchomparáideacht níos fearr idir na feithiclí, agus úsáidfear é chun iomaíocht idir na monaróirí agus feasacht i measc tomhaltóirí a spreagadh;

scrúdú a dhéanamh ar roghanna meántéarmacha beartais, amhail teorainneacha riachtanacha astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair nua-chláraithe, bonneagar nua-aimseartha a thacaíonn le breoslaí ionadúla, praghsáil níos cliste d’úsáid bhonneagair (úsáid bhonneagair maidir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as (íocfaidh an té a chruthaíonn truailliú agus an bonneagar á úsáid aige/aici) agus leis an bprionsabal íoc mar a úsáidtear (íocann an té a úsáideann an bonneagar) a phraghsáil), cánachas feithiclí a úsáid go héifeachtach agus go comhleanúnach ag tíortha AE, agus sásraí eile bunaithe ar an mhargadh.

Léirítear sa teachtaireacht gur cheannairí domhanda iad monaróirí feithiclí tromshaothair na hEorpa, a bhfuil breis is 40 % den mhargadh domhanda acu. Bainfidh tairbhe leis d’oibreoirí iompair agus dá gcustaiméirí má laghdaítear costais ídithe bhreosla. Cuirfidh feithiclí ardteicneolaíochta le hiomaíocht na hearnála.

CÚLRA

Tháinig méadú leanúnach ar an iompar earraí feithiclí tromshaothair le fiche bliain anuas. Idir 1990 agus 2010, tháinig méadú de thimpeall 36 % ar astaíochtaí CO2 na hearnála. De réir gach dealraimh, ní thiocfaidh aon athrú ar na hastaíochtaí sin le linn na 30 bliain seo chugainn. Ní mór iad a laghdú, áfach, chun an sprioc seo a chomhlíonadh: astaíochtaí gáis cheaptha teasa ón earnáil iompair a laghdú 60 % faoi 2050, i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990.

Féach láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAstaíochtaí CO2ó Fheithiclí Tromshaothair a Laghdú chun tuilleadh faisnéise a fháil.

ACHT GAOLMHAR

Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a chur ar fáil (Iris Oifigiúil L 307, 28.10.2014, lgh. 1-20).

Nuashonrú is déanaí: 19.03.2015

Top